Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02020R0461-20200331

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit, agus do thíortha a bhfuil a n‐aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/461/2020-03-31

    02020R0461 — GA — 31.03.2020 — 000.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    ▼C1

    RIALACHÁN (AE) 2020/461 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Márta 2020

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit, agus do thíortha a bhfuil a n‐aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí

    ▼B

    (IO L 099 31.3.2020, lch. 9)


    Arna cheartú le:

    ►C1

    Ceartúchán, IO L 236, 22.7.2020, lch.  13 (2020/461)




    ▼B

    ▼C1

    RIALACHÁN (AE) 2020/461 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Márta 2020

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit, agus do thíortha a bhfuil a n‐aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí

    ▼B



    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 mar a leanas:

    (1) 

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    “Airteagal 2

    1.  Arna iarraidh sin do Bhallstát nó do thír atá i mbun caibidlíocht aontachais leis an Aontas, dá ngairtear “Stát incháilithe” anseo feasta, féadfaidh cúnamh as an gCiste a shlógadh i gcás ina mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ar dhálaí maireachtála, ar shláinte an duine, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar i gceann amháin nó níos mó de réigiúin an Stáit incháilithe sin ag:

    (a) 

    mórthubaiste nádúrtha nó ag tubaiste nádúrtha réigiúnach a tharla ar chríoch an Stáit incháilithe chéanna nó ar chríoch an Stáit incháilithe chomharsanachta; nó

    (b) 

    mór-éigeandáil sláinte poiblí a tharla archríoch an Stáit incháilithe chéanna.

    Measfar damáiste díreach arna dhéanamh ag tubaiste nádúrtha a bheith ina chuid den damáiste a rinne an tubaiste nádúrtha sin.

    2.  Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “mórthubaiste nádúrtha” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i Stát incháilithe, a meastar a chostas a bheith os cionn EUR 3 000 000 000 de réir phraghsanna 2011, nó os cionn 0,6 % dá OIN.

    2a.  Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “mór-éigeandáil sláinte poiblí” aon ghuais thromchúiseach ar baol don bheatha nó baol eile don tsláinte de thionscnamh bitheolaíoch i Stát incháilithe í, ar guais í a dhéanann dochar tromchúiseach do shláinte an duine agus ar gá gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh ina leith chun cosc a chur ar aon scaipeadh breise a fhágfaidh ualach airgeadais phoiblí ar an Stát atá incháilithe do bhearta práinnfhreagartha a meastar a gcostas a bheith os cionn EUR 1 500 000 000 de réir phraghsanna 2011, nó breis agus 0,3 % dá OIN.

    3.  Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “tubaiste nádúrtha réigiúnach” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i réigiún atá ar leibhéal NUTS 2 de chuid Stát incháilithe, os cionn 1,5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, nuair is réigiún forimeallach é an réigiún lena mbaineann, inar tharla tubaiste nádúrtha, de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ciallaíonn “tubaiste nádúrtha réigiúnach” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach os cionn 1 % d’OTI an réigiúin sin.

    I gcás ina mbaineann an tubaiste nádúrtha le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm maidir le meán-olltáirgeacht intíre na réigiún sin, ualaithe de réir sciar an damáiste iomláin i ngach réigiún.

    4.  Féadfar cúnamh as an gCiste a shlógadh freisin i gcás aon tubaiste nádúrtha i Stát incháilithe más mórthubaiste nádúrtha í i Stát incháilithe comharsanachta freisin.

    5.  Chun críoch an Airteagail seo, úsáidfear staitisticí comhchuibhithe arna soláthar ag Eurostat.”.

    (2) 

    In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    “1.  Is i bhfoirm ranníocaíocht as an gCiste a bheidh an cúnamh. Aon ranníocaíocht amháin a dheonófar ar Stát incháilithe in aghaidh gach tubaiste nó éigeandáil incháilithe.

    2.  Is é is aidhm don Chiste comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí na Stát lena mbaineann agus cuid dá gcaiteachas poiblí a chumhdach chun cuidiú leis an Stát incháilithe, de réir chineál na tubaiste nó na héigeandála incháilithe, na hoibríochtaí éigeandála agus aisghabhála fíor-riachtanacha seo a leanas a dhéanamh:

    (a) 

    an bonneagar agus na gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais a thabhairt ar ais chun feidhme;

    (b) 

    cóiríocht shealadach a sholáthar agus seirbhísí tarrthála a chistiú chun freastal ar riachtanais an phobail lena mbaineann;

    (c) 

    bonneagar coisctheach agus bearta cosanta na hoidhreachta cultúrtha a dhaingniú;

    (d) 

    limistéir ar bhuail tubaiste iad a ghlanadh, lena n-áirítear criosanna nádúrtha, i gcomhréir, i gcás inarb iomchuí, le cineálacha cur chuige a bheidh bunaithe ar éiceachórais, chomh maith leis na criosanna nádúrtha atá buailte a athchóiriú láithreach chun éifeachtaí láithreacha chreimeadh na hithreach a sheachaint;

    (e) 

    bearta arb é is aidhm dóibh cúnamh a sholáthar go tapa, lena n-áirítear cúnamh leighis, don phobal atá buailte ag mór-éigeandáil sláinte poiblí agus chun an pobal a chosaint ar bhaol a n-ionfhabhtaithe, lena n-áirítear scaipeadh galar a chosc, a rialú nó faireachán a dhéanamh air, rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí a chomhrac nó an tionchar a bheidh acu ar an tsláinte phoiblí a mhaolú.

    Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, is éard a chiallaíonn “tabhairt ar ais chun feidhme” an bonneagar agus na gléasraí a athbhunú sa riocht ina raibh siad roimh an tubaiste nádúrtha. I gcás nach féidir an riocht a bhí ann roimh an tubaiste nádúrtha a athbhunú ar bhonn dlíthiúil nó nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis sin, nó i gcás ina gcinnfidh an Stát is tairbhí an bonneagar nó an gléasra atá i gceist a athlonnú nó feabhas a chur ar fheidhmiúlacht an bhonneagair nó an ghléasra sin chun gur fearr is féidir tubaistí nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí a sheasamh leis nó léi, ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht a dhéanamh leis an gcostas athchóirithe ach suas go dtí an gcostas measta a bhaineann leis an mbonneagar nó leis an ngléasra a athbhunú sa riocht ina raibh sé roimhe sin.

    Na costais sa bhreis ar leibhéal na gcostas dá dtagraítear sa dara fomhír, is é an Stát is tairbhí a mhaoineoidh iad as a chistí féin nó, i gcás inar féidir, as cistí eile de chuid an Aontais.

    Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ciallaíonn “cóiríocht shealadach” cóiríocht a bheidh ann go dtí gur féidir leis an bpobal lena mbaineann filleadh ar a n-áitreabh bunaidh tar éis a dheisithe nó a atógála.”.

    (3) 

    In Airteagal 4a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.  Ní bheidh luach na réamhíocaíochta os cionn 25 % de mhéid na ranníocaíochta lena bhfuiltear ag súil, agus i gcás ar bith ní bheidh sí os cionn EUR 100 000 000 . A luaithe a chinnfear méid cinntitheach na ranníocaíochta, cuirfidh an Coimisiún méid na réamhíocaíochta san áireamh sula n-íocfar iarmhéid na ranníocaíochta. Aon réamhíocaíocht a rinneadh go míchuí, aisghabhfaidh an Coimisiún é.”.

    (4) 

    In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.  Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dul in éag don tréimhse 18 mí dá dtagraítear i mír 1, tíolacfaidh an Stát is tairbhí tuarascáil maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta as an gCiste mar aon le ráiteas lena dtabharfar údar leis an gcaiteachas, ina léireofar aon fhoinse mhaoiniúcháin eile le haghaidh na n-oibríochtaí lena mbaineann, lena n-áirítear socraíochtaí árachais agus cúiteamh ó thríú páirtithe.

    De réir chineál na tubaiste nó na héigeandála incháilithe, leagfar amachna sonraí seo a leanas sa tuarascáil cur chun feidhme:

    (a) 

    na bearta coisctheacha, a rinne an Stát is tairbhí nó atá beartaithe aige chun damáiste amach anseo a shrianadh agus chun nach dtarlóidh, a mhéid is féidir, tubaistí nádúrtha ná éigeandálaí sláinte poiblí den chineál sin arís, lena n-áirítear úsáid a bhaint as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa chun na críche sin;

    (b) 

    an staid atá ann maidir le cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le riosca tubaiste a chosc agus a bhainistiú;

    (c) 

    an taithí a fuarthas ón tubaiste nó ón éigeandáil agus na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun cosaint agus athléimneacht an chomhshaoil a áirithiú i ndáil leis an athrú aeráide, le tubaistí nádúrtha agus le héigeandálaí sláinte poiblí; agus

    (d) 

    aon fhaisnéis ábhartha eile faoi bhearta coisctheacha agus maolaithe a rinneadh agus a bhaineann le cineál na tubaiste nádúrtha nó le cineál na héigeandála sláinte poiblí.

    Beidh tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách ag gabháil leis an tuarascáil cur chun feidhme, tuairim a tharraingeofar suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus a léireoidh an léargas fírinneach cothrom é an ráiteas lena dtugtar údar don chaiteachas, agus an rud dlíthiúil rialta í an ranníocaíocht as an gCiste, i gcomhréir le hAirteagail 59(5) agus 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

    Ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an gcúnamh as an gCiste.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Top