Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02020D1464-20220530

    Consolidated text: Cinneadh (CBES) 2020/1464 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1464/2022-05-30

    02020D1464 — GA — 30.05.2022 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    CINNEADH (CBES) 2020/1464 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Deireadh Fómhair 2020

    maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

    (IO L 335 13.10.2020, lch. 3)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    CINNEADH (CBES) 2022/848 ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2022

      L 148

    50

    31.5.2022




    ▼B

    CINNEADH (CBES) 2020/1464 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Deireadh Fómhair 2020

    maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn



    Airteagal 1

    1.  

    Chun an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn, agus i gcomhréir le Straitéis Slándála na hEorpa agus leis an Straitéis Dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais, saothróidh an tAontas na cuspóirí seo a leanas:

    (a) 

    rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a dhéanann tríú tíortha a chur chun cinn i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES agus i CTA (an Conradh Trádála Arm), agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht agus sineirgí a lorg le tionscadail chúnaimh an Aontais i réimse na rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide; agus

    (b) 

    tacú le hiarrachtaí tríú tíortha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trádáil i ngnáth-airm a dhéanamh níos freagraí agus níos trédhearcaí, agus an baol go ndéanfaí airm a atreorú chuig úsáideoirí neamhúdaraithe a mhaolú.

    2.  

    Saothróidh an tAontas na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 trí na gníomhaíochtaí tionscadail seo a leanas:

    (a) 

    na critéir agus na prionsabail a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES agus i CTA a chur chun cinn a thuilleadh, i measc tríú tíortha, ar bhonn an méid a baineadh amach trí Chomhsheasamh 2008/230/CBES, agus Cinntí 2009/1012/CBES, 2012/711/CBES, (CBES) 2015/2309, agus (CBES) 2018/101 a chur chun feidhme;

    (b) 

    cuidiú le tríú tíortha bearta iomchuí reachtacha agus riaracháin a dhréachtú, a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, arb é is aidhm dóibh córas éifeachtach do rialuithe ar onnmhairiú gnáth-arm a bhunú;

    (c) 

    cúnamh a thabhairt do thíortha is tairbhithe san oiliúint ar oifigigh cheadúnúcháin agus forfheidhmiúcháin chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú leordhóthanach na rialuithe ar onnmhairiú arm a áirithiú;

    (d) 

    cúnamh a thabhairt do thíortha is tairbhithe agus for-rochtain á déanamh acu ar a dtionscal náisiúnta arm chun comhlíonadh na rialachán maidir le rialú ar onnmhairiú a áirithiú;

    (e) 

    trédhearcacht agus freagracht i dtrádáil idirnáisiúnta arm a chur chun cinn, lena n‐áirítear trí thacú le bearta náisiúnta agus réigiúnacha lena gcuirtear trédhearcacht agus grinnscrúdú iomchuí chun cinn i dtaca le gnáth-airm a onnmhairiú;

    (f) 

    na tíortha is tairbhithe sin nach bhfuil aon chéimeanna tugtha acu i dtreo aontachas le CTA a spreagadh chun clárú le CTA, agus sínitheoirí CTA a spreagadh chun an conradh sin a dhaingniú; agus

    (g) 

    tuilleadh machnaimh ar riosca agus ar mhaolú an atreoraithe arm, ó thaobh allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin araon, a chur chun cinn.

    Tá tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    1.  
    Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) a bheidh freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
    2.  
    Is í Oifig Cónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú ar Onnmhairiú (“Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle – BAFA”) a dhéanfaidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Tá bonn cirt le roghnú BAFA i ngeall ar an taithí chruthaithe, na cáilíochtaí agus an saineolas riachtanach atá aige thar réimse iomlán ghníomhaíochtaí an Aontais um rialú ar onnmhairiú arm.
    3.  
    Cuirfidh BAFA a chuid cúraimí i gcrích faoi fhreagracht an Ardionadaithe. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le BAFA.

    Airteagal 3

    1.  
    EUR 1 377 542,73 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun gníomhaíochtaí an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur chun feidhme.
    2.  
    Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha airgeadais a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.
    3.  
    Maoirseoidh an Coimisiún bainistiú cuí an mhéid tagartha airgeadais a leagtar amach i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú maoiniúcháin i gcrích le BAFA. Forálfar sa chomhaontú maoiniúcháin go bhfuil BAFA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, a bheidh iomchuí dá mhéid, a áirithiú.
    4.  
    Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin i gcrích.

    Airteagal 4

    Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n‐ullmhú ag BAFA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Tuairisceoidh an Coimisiún ar ghnéithe airgeadais chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

    ▼M1

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 30 Samhain 2023.

    ▼B




    IARSCRIBHINN

    TIONSCADAL CHUN RIALUITHE ÉIFEACHTACHA AR ONNMHAIRIÚ ARM A CHUR CHUN CINN

    1.   Cuspóirí

    Is é is cuspóir don Chinneadh seo an chuntasacht agus an fhreagracht a chur chun cinn maidir le trádáil dhlíthiúil arm i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES, rud a chuirfidh leis an tsíocháin, leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht i dtíortha atá i gcomharsanacht an Aontais. Is iad cuspóirí an Chinnidh seo rialuithe feabhsaithe ar aistrithe arm ag tríú tíortha a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí tríú tíortha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trádáil idirnáisiúnta i ngnáth-airm a dhéanamh níos freagraí agus níos trédhearcaí, agus an baol go ndéanfaí airm a atreorú chuig úsáideoirí neamhúdaraithe a mhaolú. Ba cheart na cuspóirí sin a bhaint amach trí chur chun cinn na bprionsabal agus na gcritéar a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, agus in CTA. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na torthaí sin éifeachtacht na gcóras náisiúnta onnmhairiúcháin arm i dtíortha spriocdhírithe a mhéadú: tuairisceoidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme ar athruithe dlíthiúla agus institiúideacha agus ar athruithe ábhartha eile agus ar a n‐ailíniú le Comhsheasamh 2008/944/CBES agus, i gcás inarb iomchuí, le CTA. Ba cheart na torthaí sin a shaothrú agus comhlántacht agus sineirgí á lorg le tionscadail leanúnacha cúnaimh an Aontais chun tacú le cur chun feidhme CTA agus i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin ar earraí dé-úsáide. Ní bheidh forluí idir raon feidhme na dtairbhithe faoin gCinneadh reatha agus na tairbhithe a chumhdaítear faoi Chinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle chun tacú le CTA.

    D’fhonn na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach, ba cheart don Aontas leanúint de chaighdeáin Chomhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun cinn, lena gcuirtear leis an méid a baineadh amach trí chur chun feidhme Chinntí 2018/101/CBES, 2015/2309/CBES, 2012/711/CBES agus 2009/1012/CBES ón gComhairle, agus Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/230/CBES ón gComhairle. Chun na críche sin, ba cheart cúnamh a thabhairt do thriú tíortha is tairbhithe chun bearta ábhartha reachtacha, riaracháin agus institiúideacha a dhréachtú, a nuashonrú agus a chur chun feidhme, mar is iomchuí, lena dtacaítear le córas éifeachtach rialuithe aistrithe gnáth-arm.

    Ba cheart tacú freisin le hoiliúint oifigeach ceadúnúcháin agus forfheidhmithe atá freagrach as rialuithe aistrithe arm a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, agus do bhearta náisiúnta agus réigiúnacha lena gcuirtear trédhearcacht agus grinnscrúdú iomchuí ar onnmhairiú gnáth-arm chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart teagmhálacha leis an earnáil phríobháideach (lena n‐áirítear tionsclaíocht, institiúidí taighde agus lucht acadúil) a chur chun cinn d’fhonn comhlíonadh reachtaíocht agus rialacháin maidir le rialú aistrithe arm a áirithiú, ag díriú go háirithe ar chláir inmheánacha um chomhlíonadh (ICPanna).

    2.   An ghníomhaireacht cur chun feidhme a roghnú

    Cuirtear cur chun feidhme an Chinnidh seo faoi chúram BAFA. I gcás inarb iomchuí, beidh BAFA i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí rialaithe onnmhairí na mBallstát, le heagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta, le meithleacha machnaimh, le hinstitiúidí taighde agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha.

    Tá taithí ceannaireachta ag BAFA i soláthar cúnaimh rialaithe onnmhairí agus gníomhaíochtaí for-rochtana. Tá taithí den sórt sin faighte aige i réimsí ábhartha uile rialaithe straitéisigh onnmhairí, lena dtugtar aghaidh ar earraí dé-úsáide a bhaineann le CBRN agus ar earraí míleata. Trí na cláir agus na gníomhaíochtaí sin, tá eolas cuimsitheach faighte ag BAFA ar chórais rialaithe onnmhairí maidir le formhór na dtíortha a áirítear sa Chinneadh seo.

    Maidir le cúnamh agus for-rochtain i ndáil le rialú onnmhairí arm, thug BAFA chun críche go rathúil cur chun feidhme Chinntí 2009/1012/CBES, 2012/711/CBES, (CBES) 2015/2309 agus (CBES) 2018/101. Tá BAFA i gceannas freisin ar chur chun feidhme teicniúil chlár tacaíochta cur chun feidhme CTA arna bhunú le Cinntí 2013/768/CBES agus (CBES) 2017/915.

    Is é an éifeacht fhoriomlán atá ann go bhfuil BAFA in áit ar leith chun láidreachtaí agus laigí na gcóras rialaithe onnmhairiúcháin sna tíortha sin a bheidh ina dtairbhithe do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a shainaithint. Is fearr is féidir leis sineirgí a éascú idir an cúnamh éagsúil maidir le rialú ar onnmhairiú arm agus na cláir fhor-rochtana agus chun dúbailt a sheachaint. Tá sé sin thar a bheith ábhartha do thíortha is tairbhithe a fuair tacaíocht faoi chláir comhair de chuid an Aontais a bhí ann roimhe seo chun an acmhainneacht áitiúil a neartú maidir leis an gcóras náisiúnta rialaithe ar thrádáil arm a chur i bhfeidhm agus a nuashonrú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus leis na forbairtí le déanaí.

    3.   Comhordú le tionscadail chúnaimh eile de chuid an Aontais i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin

    Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó ghníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais a bhí ann roimhe seo i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin lena gcumhdaítear earraí dé-úsáide agus gnáth-airm araon, ba cheart sineirge agus comhlántacht a lorg. Chuige sin, ní dhéanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Roinn 5 ach amháin i dtíortha nach ndírítear orthu cheana féin trí ghníomhaíochtaí faoi thionscadal cúnaimh for-rochtana CTA. I gcás inarb iomchuí, féadfar sineirge a lorg i gcomhar le gníomhaíochtaí eile arna maoiniú trí bhuiséad CBES nó le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide arna maoiniú trí ionstraimí airgeadais an Aontais seachas buiséad CBES. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir iomlán leis na teorainneacha dlíthiúla agus airgeadais a leagtar síos le haghaidh úsáid ionstraimí ábhartha airgeadais de chuid an Aontais.

    Chuige sin, déanfar malartuithe rialta faisnéise idir gníomhaireachtaí cur chun feidhme ghníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais i réimse an rialaithe onnmhairiúcháin, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Ba cheart an sásra comhordaithe sin a chur ar bhonn foirmiúil agus déanfar rannpháirtíocht saineolaithe ó Bhallstáit eile an Aontais a spreagadh, nuair is ábhartha.

    4.   Comhordú le tionscadail chúnaimh deontóirí eile i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin

    I gcás inarb iomchuí, ba cheart sineirge agus comhlántacht le tionscadail chúnaimh deontóirí eile i réimse na for-rochtana maidir le rialú onnmhairiúcháin a lorg freisin. Mar a luaitear i roinn 3, ba cheart an comhordú le deontóirí eile a dhéanamh go háirithe do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bhforanna 5.2.1 go 5.2.3 agus 5.2.6.

    5.   Cur síos ar ghníomhaíochtaí tionscadail

    5.1.   Cuspóirí tionscadail

    Is é an príomhchuspóir cúnamh teicniúil a thabhairt do roinnt tíortha is tairbhithe a bhfuil sé léirithe acu go bhfuil siad toilteanach a gcaighdeáin agus a gcleachtais maidir le rialú ar onnmhairiú arm a fhorbairt. Chuige sin, cuirfear san áireamh sna gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh stádas na dtíortha is tairbhithe, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    — 
    ballraíocht a d’fhéadfadh a bheith ann, nó iarratas ar bhallraíocht, córais idirnáisiúnta rialaithe onnmhairí a bhaineann le haistriú gnáth-arm agus aistriú earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide;
    — 
    na hiarrthóireachtaí ar bhallraíocht san Aontas agus cibé acu an iarrthóirí oifigiúla nó iarrthóirí ionchasacha iad na tíortha is tairbhithe;
    — 
    an acmhainneacht a bhaineann le trádáil i ngnáth-threalamh agus i ngnáth-theicneolaíochtaí míleata, mar tháirgeoir, mar allmhaireoir nó mar mhol trádála;
    — 
    leibhéal aibíochta an chórais náisiúnta rialaithe onnmhairí atá ann cheana, agus aird ar leith á tabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh mar thoradh ar thacaíocht a fuarthas faoi chláir chomhair um rialú onnmhairí arm a bhí ann roimhe seo agus atá á maoiniú ag an Aontas;
    — 
    an seasamh atá acu maidir le CTA.

    I gcás nach bhfuil sna tíortha is tairbhithe a ndírítear orthu ach sínitheoirí le CTA, ba cheart go bhféachfaí leis na gníomhaíochtaí — i gcás inarb indéanta — a fháil amach ar bhealach níos fearr cad iad na bacainní ar dhaingniú CTA, go háirithe i gcás ina bhfuil na bacainní sin de chineál dlítheanach nó rialála agus go bhfuil baint acu le bearnaí nó le riachtanais ó thaobh acmhainneachtaí cur chun feidhme de. I gcás nach mbeidh aon chéim glactha i dtreo an CTA ag na tíortha a ndírítear orthu (ní dhéanann siad síniú, daingniú ná aontachas), ba cheart aontachas le CTA a chur chun cinn sna gníomhaíochtaí, le tacaíocht ó thíortha eile is tairbhithe a bhfuil CTA daingnithe acu, b’fhéidir.

    5.2.   Cur síos ar an tionscadal

    5.2.1.   Ceardlanna réigiúnacha

    Beidh suas le hocht gceardlann réigiúnacha dhá lá i gceist leis an tionscadal, lena gcuirfear oiliúint theoiriciúil agus phraiticiúil ar fáil chomh maith le deis idirphlé a dhéanamh chun cur chuige réigiúnach a chomhdhlúthú i réimsí ábhartha na rialuithe ar onnmhairí gnáth-arm.

    Áireofar ar na rannpháirtithe sna ceardlanna (suas go dtí 35) oifigigh rialtais de chuid na dtíortha is tairbhithe a chumhdófar. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó na parlaimintí náisiúnta, ón tionsclaíocht agus ón tsochaí shibhialta, i measc ionadaithe eile, i gcás inarb iomchuí.

    Is saineolaithe ó riaracháin náisiúnta na mBallstát (lena n‐áirítear iaroifigigh), ionadaithe ó thíortha a d’ailínigh iad féin le Comhsheasamh 2008/944/CBES, agus ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta, a thabharfaidh an oiliúint.

    Féadfaidh na ceardlanna a bheith ar siúl i dtír is tairbhí nó in áit eile atá le cinneadh ag an Ardionadaí, i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um Onnmhairiú Gnáth-Arm (COARM).

    Is mar a leanas a eagrófar na ceardlanna réigiúnacha:

    (a) 

    suas le dhá cheardlann do na tíortha in Oirdheisceart na hEorpa;

    (b) 

    suas le dhá cheardlann do thíortha Oirthear na hEorpa agus do thíortha Cugasacha de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa;

    (c) 

    suas le dhá cheardlann do thíortha Meánmhara na hAfraice Thuaidh de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa; agus

    (d) 

    suas le dhá cheardlann don Áise Láir.

    D’fhonn comhar trasréigiúnach a chothú, tabharfar cuireadh do thíortha comhpháirtíochta ó réigiúin eile freastal ar cheann amháin ar a laghad de na ceardlanna do gach réigiún.

    D’fhéadfadh sé nach mbainfí amach an miondealú réigiúnach sin ar dhá cheardlann in aghaidh an réigiúin mura mbíonn na cúinsí fabhracha (mar shampla, má bhíonn líon na rannpháirtithe ró-íseal agus gan súil a bheith leis sin, mura bhfuil aon tairiscint dháiríre ann ó aon tír is tairbhí sa réigiún iad a óstáil, nó má bhíonn dúbailt ann le gníomhaíochtaí eile de chuid soláthraithe for-rochtana eile). Sa chás nach gcuirtear ceardlann amháin nó níos mó chun feidhme, d’fhéadfaí líon na gceardlann don réigiún/do na réigiúin eile thuasluaite a mhéadú dá réir, laistigh den uasteorainn fhoriomlán arb í dhá cheardlann déag.

    5.2.2.   Cuairteanna staidéir

    Is éard a bheidh sa tionscadal suas le seacht gcuairt staidéir dhá nó trí lá ó oifigigh rialtais ar údaráis ábhartha Bhallstáit an Aontais nó tíortha eile is tairbhithe.

    Ba cheart go gcumhdófaí idir dhá thír agus ceithre thír is tairbhithe le cuairteanna staidéir. Ní gá gur as an réigiún céanna a thiocfadh tíortha is tairbhithe na gcuairteanna staidéir.

    5.2.3.   Cúnamh aonair agus cianchúnamh do thíortha is tairbhithe

    Déanfar an tionscadal i bhfoirm ceardlann nach mairfidh níos faide ná 10 lá san iomlán i gcás tíortha aonair is tairbhithe a iarrann ceann, agus ina mbeidh oifigigh Stáit ó na tíortha is tairbhithe, lena n‐áirítear oifigigh rialtais, ceadúnaithe agus forfheidhmithe, rannpháirteach. Más féidir, beidh na himeachtaí sin ar siúl sna tíortha is tairbhithe faoi seach. Leithdháilfear an 10 lá foriomlána atá ar fáil le formáid de thréimhsí dhá lá an ceann ar a laghad, ag brath ar riachtanais bheachta shaineolaithe na dtíortha is tairbhithe agus na mBallstát, agus ar an bhfáil a bheidh orthu.

    Tionólfar na ceardlanna cúnaimh aonair sin go príomha arna iarraidh sin do na tíortha is tairbhithe. Leis na ceardlanna sin, tá sé i gceist aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach a bhaineann le rialú ar onnmhairiú arm arna tarraingt anuas ag tír is tairbhí, mar shampla, ar imeall ceardlainne réigiúnaí nó le linn teagmhálacha rialta le saineolaithe an Aontais agus le BAFA. Beidh na ceardlanna sin ar fáil chun saincheisteanna agus iarrataí ó na tíortha is tairbhithe a bhaineann le rialú ar onnmhairiú arm a chumhdach, lena n‐áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, bearta náisiúnta fothaithe acmhainneachta spriocdhírithe, for-rochtain don tionscal agus/nó don lucht acadúil, agus straitéisí náisiúnta oiliúna i réimse an rialaithe ar onnmhairiú arm.

    Ina theannta sin, leithdháilfear suas le 20 lá ar thacaíocht aonair a sholáthraítear trí chianchúnamh (e.g. athbhreithnithe dlí; comhairliúchán maidir le cásanna sonracha, lena n‐áirítear tacaíocht chun rátáil theicniúil a dhéanamh ar earra ar leith; etc.).

    Cuirfidh saineolaithe ó riaracháin náisiúnta na mBallstát (lena n‐áirítear iaroifigigh), ionadaithe na dtíortha atá tar éis iad féin a ailíniú le Comhsheasamh 2008/944/CBES, agus ionadaithe na hearnála príobháidí a gcuid saineolais ar fáil.

    5.2.4.   Fothú acmhainneachta institiúidí agus imeachtaí ardaithe feasachta ardleibhéil

    Beidh an tionscadal i bhfoirm suas le trí cheardlann a mhairfidh suas le ceithre lá an ceann agus é d’aidhm ag gach ceann acu tacaíocht a chur ar fáil do thíortha is tairbhithe a bhfuil córais rialaithe ar onnmhairiú arm ardleibhéil acu chun a bhfothú náisiúnta féin a fhorbairt. Áireofar sna bearta a dhéanfar cur chuige “oiliúint don oiliúnóir” a chur i bhfeidhm, ina ndíreofar, i measc nithe eile, ar chur chuige teagascach, ar aistriú eolais agus ar chuimhne institiúideach sa tír is tairbhí. Leis an bhfothú acmhainneachta institiúidí, ba cheart saincheisteanna a chumhdach amhail comhlíonadh inmheánach, bainistiú riosca, agus an trasnú idir laghdú bagairtí hibrideacha agus rialuithe ar onnmhairiú arm.

    ▼M1

    5.2.5.   Comhdhálacha le haghaidh tíortha comhpháirtíochta a bhfuil ardchórais rialaithe onnmhairiúcháin acu

    Is i bhfoirm dhá chomhdháil a reáchtálfar sa Bhruiséil a bheidh an tionscadal agus mairfidh gach comhdháil suas le 2 lá. Cuirfear fóram ar fáil ag gach comhdháil do phlé ardleibhéil idir saineolaithe an Aontais agus ionadaithe sinsearacha (i réimsí a bhaineann le beartas, ceadúnú agus forfheidhmiú) na dtíortha is tairbhithe a bhfuil ardchórais rialaithe onnmhairiúcháin acu.

    Tabharfar deis, ag gach comhdháil, do na tíortha rannpháirteacha is tairbhithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a) 

    faisnéis a fháil faoi na forbairtí is nuaí a bhaineann leis an trádáil arm (e.g. bealaí soláthair reatha, tionchar na nuatheicneolaíochtaí, saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas slándála amhail bagairtí hibrideacha); agus

    (b) 

    plé a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú maidir leis an gcaoi ar féidir athruithe agus feabhsuithe a rinneadh le déanaí ar rialuithe trádála arm a chur chun feidhme mar chuid dá gcóras náisiúnta rialaithe onnmhairiúcháin féin.

    5.2.6.   Imeachtaí measúnaithe

    Chun meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí faoin gCinneadh seo, eagrófar trí imeacht measúnaithe (dhá imeacht meántéarma agus aon imeacht amháin críochnaitheach) sa Bhruiséil, go hidéalach i gcomhthráth le cruinniú rialta de chuid COARM.

    Beidh an dá imeacht measúnaithe meántéarma i bhfoirm ceardlainne ina mbeidh na Ballstáit rannpháirteach. D’fhéadfadh na ceardlanna maireachtáil suas le haon lá amháin.

    Imeacht sa Bhruiséil, ina mbeidh tíortha is tairbhithe agus Ballstáit an Aontais rannpháirteach, a bheidh san imeacht measúnaithe deiridh. Tabharfar cuireadh do suas le beirt ionadaithe (oifigigh iomchuí rialtais) ó gach tír is tairbhí chuig an imeacht measúnaithe deiridh.

    ▼B

    6.   Tairbhithe

    6.1.   Tíortha a thairbhíonn de ghníomhaíochtaí faoin gcinneadh seo ón gComhairle

    Ní bheidh forluí idir raon feidhme na dtairbhithe faoin gcinneadh reatha agus na tairbhithe a chumhdaítear faoin gCinneadh (CBES) 2017/915ón gComhairle chun tacú le ATT.

    (a) 

    Tíortha is iarrthóirí nó tíortha is iarrthóirí ionchasacha (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Chosaiv ( 1 ));

    (b) 

    Tíortha Oirthear na hEorpa agus tíortha Cugasacha de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin);

    (c) 

    Tíortha na hAfraice Thuaidh, na Meánmhara agus an Deiscirt de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa (an Ailgéir, an Éigipt, Maracó, an Túinéis, an Iordáin agus an Liobáin);

    (d) 

    Tíortha na hÁise Láir (an Chasacstáin, an Táidsíceastáin, an Úisbéiceastáin, an Chirgeastáin, an Tuircméanastáin).

    6.2.   Leasú ar raon feidhme na dtíortha is tairbhithe

    Féadfaidh COARM, tar éis dul i gcomhairle leis an sásra comhordúcháin a luaitear i Roinn 3, a chinneadh tíortha a chur le liosta na dtairbhithe, ar choinníoll nach tairbhithe iad faoi Chinneadh (CBES) 2017/915 chun tacú le CTA. I gcásanna eisceachtúla, nuair a mheastar go bhfuil fiúntas leis, féadfaidh leis an sásra comhordaithe a chomhaontú dul i dteagmháil leis na tairbhithe a chumhdaítear le Cinneadh (CBES) 2017/915 chun tacú le CTA. Ba cheart modhnuithe a chur in iúl ar bhealach foirmiúil idir an BAFA agus an Aontais trí Chathaoirleach COARM.

    7.   Torthaí an tionscadail agus táscairí cur chun feidhme

    I dteannta an imeachta measúnaithe deiridh dá dtagraítear i bhforoinn 5.2.6, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheasúnú ar thorthaí an tionscadail:

    7.1.   Measúnú aonair ar thíortha is tairbhithe

    Tar éis dheireadh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, cuirfidh BAFA tuarascáil ar dhul chun cinn ar fáil don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún maidir le gach ceann de na tíortha is tairbhithe dá dtagraítear i bhforoinn 6.1. Leis an tuarascáil, déanfar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa tír is tairbhí le linn thréimhse an Chinnidh a achoimriú, agus déanfar measúnú agus cur síos ar acmhainneacht na tíre is tairbhí i réimse na rialuithe aistrithe arm bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil do BAFA. Is é an bonn measúnaithe a bheidh ann an chaoi a gcuireann an tír is tairbhí ionstraimí rialaithe i bhfeidhm mar atá leagtha síos i gComhsheasamh 2008/944/CBES, a mhéid is nach bhfuil feidhm acu seo maidir le Ballstáit amháin.

    7.2.   Measúnú tionchair agus táscairí cur chun feidhme

    Ba cheart tionchar na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an gCinneadh sin ar na tíortha is tairbhithe a mheasúnú tar éis na gníomhaíochtaí a bheith déanta. Is é an tArdionadaí, i gcomhar le COARM agus, mar is iomchuí, le Toscaireachtaí an Aontais sna tíortha is tairbhithe, agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, a dhéanfaidh an measúnú tionchair.

    Chun na críche sin, úsáidfear na táscairí seo a leanas:

    — 
    an bhfuil rialacháin ábhartha náisiúnta maidir le rialuithe ar aistriú arm i bhfeidhm agus an gcomhlíonann siad forálacha Chomhsheasamh 2008/944/CBES (inter alia, cur i bhfeidhm na gcritéar measúnaithe, cur chun feidhme liosta comhchoiteann míleata an Aontais, tuairisciú),
    — 
    i gcás ina mbeidh sí ar fáil, faisnéis maidir le cásanna forfheidhmithe,
    — 
    an bhfuil na tíortha is tairbhithe in ann onnmhairiú arm agus/nó allmhairiú a thuairisciú (e.g. Clár na Náisiún Aontaithe, tuairisciú bliantúil ATT, Socrú Wassenaar, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, tuarascálacha chuig parlaimintí náisiúnta), agus
    — 
    an bhfuil ailíniú déanta ag an tír is tairbhí le Comhsheasamh 2008/944/CBES, nó an bhfuil sé ar intinn aici ailíniú go hoifigiúil leis.

    Ba cheart go dtagródh na tuarascálacha measúnaithe aonair dá dtagraítear i bhforoinn 7.1 do na táscairí cur chun feidhme sin mar is iomchuí.

    8.   Úsáid thairseach gréasáin P2P an Aontais a chur chun cinn ( 2 )

    Is mar acmhainn atá faoi úinéireacht an Aontais a forbraíodh tairseach gréasáin P2P AE dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/711/CBES. Is mar chomhardán do chláir fhor-rochtana uile an Aontais (dé-úsáid, airm) a fheidhmíonn sé. Is chun feasacht a ardú maidir le tairseach gréasáin for-rochtana an Aontais agus a húsáid a chur chun cinn atá na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bhforanna 5.2.1 go 5.2.6. Ba cheart rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí for-rochtana a chur ar an eolas maidir leis an gcuid phríobháideach den tairseach gréasáin lena dtugtar rochtain bhuan ar acmhainní, ar dhoiciméid agus ar theagmhálacha. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart úsáid na tairsí gréasáin a chur chun cinn d’oifigigh eile nach bhfuil in ann páirt dhíreach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cúnaimh agus for-rochtana. Ina theannta sin, ba cheart gníomhaíochtaí a chur chun cinn trí Nuachtlitir P2P an Aontais.

    9.   Infheictheacht an Aontais

    Déanfaidh BAFA gach beart is iomchuí chun a phoibliú go bhfuil an ghníomhaíocht á maoiniú ag an Aontas. Cuirfear na bearta sin chun feidhme i gcomhréir leis an lámhleabhar um ghníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Dá bhrí sin, áiritheoidh BAFA infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus l béim á leagan ar ról an Aontais agus feasacht ar na cúiseanna atá leis an gCinneadh á mhéadú, chomh maith le tacaíocht an Aontais don Chinneadh agus torthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais ar taispeáint go feiceálach ar an ábhar a tháirgeann an tionscadal i gcomhréir le treoirlínte ábhartha an Aontais, lena n‐áirítear an lógó “clár rialaithe onnmhairiúcháin P2P an Aontais”. Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais a bheith rannpháirteach in imeachtaí i dtríú tíortha chun feabhas a chur ar an obair leantach pholaitiúil agus ar an infheictheacht.

    Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór idir raon feidhme agus chineál na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, úsáidfear réimse uirlisí fógraíochta, lena n‐áirítear na meáin thraidisiúnta, suíomh gréasáin, na meáin shóisialta, agus ábhair faisnéise agus fógraíochta (lena n‐áirítear grafaicí faisnéise, bileoga, nuachtlitreacha, preaseisiúintí agus nithe eile de réir mar is iomchuí). Déanfar foilseacháin agus imeachtaí poiblí, arna soláthar faoin tionscadal, a bhrandáil dá réir sin.

    ▼M1

    10.   Fad

    Tiocfaidh deireadh leis an tionscadal an 30 Samhain 2023.

    ▼B

    11.   Tuairisciú

    Ullmhóidh an t‐eintiteas cur chun feidhme tuarascálacha ráithiúla rialta ina mbeidh cur síos achomair ar dhul chun cinn an tionscadail, chomh maith le tuarascálacha misin tar éis gach gníomhaíocht a chur i gcrích. Cuirfear na tuarascálacha faoi bhráid an Ardionadaí tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis na gníomhaíochtaí ábhartha a chur i gcrích.

    12.   Costas iomlán measta an tionscadail agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais

    Is é EUR 1 538 292,73 costas measta iomlán an tionscadail le cómhaoiniú ó Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Is é EUR 1 377 542,73 costas measta iomlán an tionscadail atá maoinithe ag an Aontas.



    ( 1 ) Ní dochar an t‐ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    ( 2 ) https://ec.europa.eu/jrc/en/research-topic/chemical-biological-radiological-and-nuclear-hazards/eu-p2p-outreach-programmes-export-control agus https://circabc.europa.eu/

    Top