Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02019R1022-20190814

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1022/2019-08-14

    02019R1022 — GA — 14.08.2019 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2019/1022 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Meitheamh 2019

    lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

    (IO L 172 26.6.2019, lch. 1)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2019/1241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

      L 198

    105

    25.7.2019




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2019/1022 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Meitheamh 2019

    lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014



    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.  Leis an Rialachán seo bunaítear plean ilbhliantúil (“an plean”) chun stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe.

    2.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na stoic seo a leanas:

    (a) an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i bhfolimistéir 1, 5, 6 agus 7 CGIM (an Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir);

    (b) an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i bhfolimistéir 1, 5, 6 agus 9-10-11 CGIM;

    (c) an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) i bhfolimistéir 9-10-11 CGIM;

    (d) an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) i bhfolimistéir 1-5-6-7 agus 9-10-11 CGIM;

    (e) gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i bhfolimistéir 5, 6, 9 agus 11 CGIM;

    (f) an lannach riabhach (Mullus barbatus) i bhfolimistéir 1, 5, 6, 7, 9, 10 agus 11 CGIM.

    3.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis na stoic foghabhála a ghabhtar sa Mheánmhuir Thiar nuair atá iascaireacht á déanamh ar na stoic a liostaítear i mír 2. Beidh feidhm ag an Rialachán freisin maidir le stoic eile ghrinnill a ghabhtar sa Mheánmhuir Thiar nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil ina leith.

    4.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiascaigh thráchtála lena ngabhtar na stoic ghrinnill dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, i gcás ina ndéanfar sin in uiscí an Aontais nó i gcás ina ndéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais sin lasmuigh d'uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar.

    5.  Leis an Rialachán seo freisin, sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar maidir le gach stoc éisc de speicis a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme ina leith faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus a ghabhtar in iascaigh ghrinnill.

    6.  Foráiltear, leis an Rialachán seo, do bhearta teicniúla, mar a leagtar amach in Airteagal 13, atá infheidhme sa Mheánmhuir Thiar i dtaca le haon stoc.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle ( 1 ) agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006:

    (1) ciallaíonn “an Mheánmhuir Thiar” na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM (FLGanna) seo a leanas: folimistéar 1 (Muir Alboran Thuaidh), folimistéar 2 (Oileán Alboran), folimistéar 5 (na hOileáin Bhailéaracha), folimistéar 6 (Tuaisceart na Spáinne), folimistéar 7 (Murascaill an Leoin), folimistéar 8 (Oileán na Corsaice), folimistéar 9 (an Mhuir Liogúrach agus Muir Thoirian Thuaidh), folimistéar 10 (Muir Thoirian Theas), agus folimistéar 11 (Oileán na Sairdíne), mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

    (2) ciallaíonn “na stoic lena mbaineann” na stoic a liostaítear in Airteagal 1(2);

    (3) ciallaíonn “an stoc is leochailí” an stoc dá bhfuil, tráth a socraítear an uasiarracht incheadaithe iascaireachta, an bhásmhaireacht iascaireachta ón mbliain roimhe sin is faide ó luach phointe FMSY a cinneadh de réir na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil;

    (4) ciallaíonn “raon FMSY” raon luachanna a chuirtear ar fáil leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe comhairle eolaíoch ón CETEI, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna sainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ina bhfuil uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) fhadtéarmach ann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mheándálaí comhshaoil reatha gan difear suntasach á dhéanamh don phróiseas atáirgthe do na stoic éisc lena mbaineann. Ceaptar an raon sin chun laghdú nach mó ná 5 % i dtáirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid le MSY. Cuirtear uasteorainn leis an raon ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc éisc faoin bpointe tagartha teorann (BLIM);

    (5) ciallaíonn “luach phointe FMSY” luach an ráta básmhaireachta iascaireachta measta bunaithe ar phatrún iascaireachta áirithe agus ar mheándálaí comhshaoil reatha, a thugann an uastáirgeacht fhadtéarmach;

    (6) ciallaíonn “MSY FLOWER” an luach is ísle laistigh de raon FMSY;

    (7) ciallaíonn “MSY FUPPER” an luach is airde laistigh de raon FMSY;

    (8) ciallaíonn “an raon is ísle de FMSY” raon ina bhfuil luachanna ó MSY FLOWER go luach phointe FMSY;

    (9) ciallaíonn “an raon is airde de FMSY” raon ina bhfuil luachanna ó luach phointe FMSY go MSY FUPPER;

    (10) ciallaíonn “BLIM” an pointe tagartha teorann, arna shloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite agus dá soláthraítear sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CETEI, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainneacht atáirgthe na stoc éisc;

    (11) ciallaíonn “BPA” an pointe tagartha réamhchúraim, arna shloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite agus dá soláthraítear sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CETEI, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, a áirithíonn gur lú ná 5 % an dóchúlacht go mbeidh an bhithmhais stoic sceite faoi bhun BLIM;

    (12) ciallaíonn “grúpa iarrachta iascaireachta” aonad bainistithe cabhlaigh Ballstáit a socraítear uasiarracht iascaireachta incheadaithe ina leith;

    (13) ciallaíonn “stocghrúpa” grúpa stoc a ghabhtar le chéile mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

    (14) ciallaíonn “lá iascaireachta” aon tréimhse leanúnach 24 uair an chloig, nó cuid di, ina mbíonn soitheach sa Mheánmhuir Thiar agus nach mbíonn sé sa chalafort.

    Airteagal 3

    Cuspóirí

    1.  Bunófar an plean ar chóras iarrachta iascaireachta a mbeidh d'aidhm leis rannchuidiú le cuspóirí CBI a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe trí chur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, mar aon lena áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a choinneáil os cionn leibhéil lenar féidir MSY a bhaint amach.

    2.  Beidh an plean ina chuidiú le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhunaítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir íosmhéideanna tagartha caomhnaithe faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.

    3.  Leis an bplean, cuirfear chun feidhme cur chuige bunaithe ar éiceachóras i dtaca le bainistiú iascaigh chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú a oiread is féidir. Beidh sé i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoin mbliain 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

    4.  Go háirithe, beidh sé d'aidhm ag an bplean:

    (a) a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE;

    (b) rannchuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE i gcomhréir leis an ról atá ag na hiascaigh ina gcomhlíonadh; agus

    (c) rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2009/147/CE agus in Airteagail 6 agus 12 de Threoir 92/43/CEE a bhaint amach, go háirithe le tionchar diúltach gníomhaíochtaí iascaireachta ar ghnáthóga leochaileacha agus ar speicis faoi chosaint a íoslaghdú.

    5.  Déanfar bearta faoin bplean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.



    CAIBIDIL II

    SPRIOCANNA, POINTÍ TAGARTHA CAOMHNAITHE AGUS COIMIRCÍ

    Airteagal 4

    Spriocanna

    1.  Déanfar an spriocbhásmhaireacht iascaireachta a bhaint amach i gcomhréir leis na raonta FMSY a shainítear in Airteagal 2 de réir a chéile ar bhonn forásach faoin mbliain 2020, i gcás inar féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí, do na stoic éisc lena mbaineann, agus déanfar é a choinneáil ina dhiaidh sin laistigh de raonta FMSY.

    2.  Déanfar raonta FMSY bunaithe ar an bplean seo a iarraidh, go háirithe ar CETEI, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

    3.  I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocraíonn an Chomhairle an uasiarracht incheadaithe iascaireachta, bunóidh sí na hiarrachtaí iascaireachta sin i dtaca le gach grúpa iarrachta laistigh de raon FMSY atá ar fáil an tráth sin don stoc is leochailí.

    4.  D'ainneoin mhíreanna 1 agus 3, is féidir an uasiarracht incheadaithe iascaireachta a shocrú ar leibhéil is ísle ná raonta FMSY.

    5.  D'ainneoin mhíreanna 1 agus 3, is féidir an uasiarracht incheadaithe iascaireachta a shocrú os cionn raon FMSY atá ar fáil an tráth sin don stoc is leochailí, ar choinníoll go mbeidh na stoic uile lena mbaineann os cionn BPA:

    (a) más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i gcás iascach ilspeiceas a bhaint amach;

    (b) más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, gur gá sin chun díobháil thromchúiseach a dhéanfadh dinimic stoic laistigh d'aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint; nó

    (c) chun éagsúlachtaí san uasiarracht incheadaithe iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go líon nach mó ná 20 %.

    6.  I gcás nach féidir na raonta FMSY a chinneadh do stoc a liostaítear in Airteagal 1(2) siocair nach ann d'fhaisnéis eolaíoch leordhóthanach, déanfar an stoc sin a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 12 go dtí go mbeidh raonta FMSY ar fáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

    Airteagal 5

    Pointí tagartha caomhnaithe

    Chun críocha Airteagal 6, déanfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas a iarraidh, go háirithe ar CETEI, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar bhonn an phlean:

    (a) pointí tagartha réamhchúraim (BPA), arna sloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite; agus

    (b) pointí tagartha teorann (BLIM), arna sloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite.

    Airteagal 6

    Coimircí

    1.  I gcás ina léireofar le comhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite ceachtar de na stoic éisc lena mbaineann faoi bhun BPA, glacfar gach beart ceartaitheach iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil na stoc éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3), socrófar an uasiarracht incheadaithe iascaireachta ar leibhéil a bheidh ag teacht le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú laistigh de raon FMSY don stoc is leochailí, agus an laghdú i mbithmhais á gcur san áireamh.

    2.  I gcás ina léireofar le comhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite ceachtar de na stoic éisc lena mbaineann faoi bhun BLIM, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3), féadfar a áireamh ar bhearta ceartaitheacha den sórt sin, spriociascach an stoic éisc lena mbaineann a chur ar fionraí agus an uasiarracht incheadaithe iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

    3.  Féadfar a áireamh i mbearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

    (a) bearta de bhun Airteagail 7, 8 agus 11 go 14 den Rialachán seo; agus

    (b) bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    4.  Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide i gcás inar lú an bhithmhais stoic sceite ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 5.



    CAIBIDIL III

    IARRACHT IASCAIREACHTA

    Airteagal 7

    An córas iarrachta iascaireachta

    1.  Beidh feidhm ag córas iarrachta iascaireachta maidir le gach soitheach a dhéanann iascaireacht le tráil sna limistéir, sna stocghrúpaí agus sna catagóirí maidir le fad na dtrál a shainítear in Iarscríbhinn I.

    2.  Gach bliain, ar bhonn comhairle eolaíoch agus de bhun Airteagal 4, socróidh an Chomhairle uasiarracht incheadaithe iascaireachta do gach grúpa iarrachta iascaireachta de réir an Bhallstáit.

    3.  De mhaolú ar Airteagal 3(1) agus d'ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, le linn na chéad 5 bliana de chur chun feidhme an phlean:

    (a) don chéad bhliain de chur chun feidhme an phlean, cé is moite d'fholimistéir gheografacha (FLGanna) a ndearnadh an iarracht iascaireachta ina leith a laghdú cheana faoi níos mó ná 20 % le linn na tréimhse bonnlíne, déanfar laghdú 10 % ar an uasiarracht iascaireachta le hais na bunlíne;

    (b) don dara bliain go dtí an cúigiú bliain de chur chun feidhme an phlean, laghdófar an uasiarracht incheadaithe iascaireachta faoi 30 % ar a mhéid le linn na tréimhse sin. Féadfar an laghdú ar an iarracht iascaireachta a fhorlíonadh le haon bhearta ábhartha teicniúla nó caomhnaithe eile arna nglacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, chun FMSY a bhaint amach faoin 1 Eanáir 2025.

    4.  Ríomhfaidh gach Ballstát an bhunlíne dá dtagraítear i mír 3 do gach grúpa iarrachta iascaireachta nó FLG mar an mheániarracht iascaireachta arna sloinneadh i dtéarmaí líon na laethanta iascaireachta idir an 1 Eanáir 2015 agus an 31 Nollaig 2017 agus ní chuirfear san áireamh ach soithí a bhí gníomhach le linn na tréimhse sin.

    5.  I gcás ina dtabharfar le fios leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil go bhfuil méideanna móra de stoc ar leith á ngabháil le trealaimh iascaireachta nach tráil iad, is féidir an uasiarracht iascaireachta incheadaithe don trealamh ar leith sin a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche sin.

    Airteagal 8

    Iascaigh áineasa

    1.  I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil tionchar mór ag iascaireacht áineasa ar bhásmhaireacht iascaireachta stoic a liostaítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an Chomhairle teorainneacha neamh-idirdhealaithe a shocrú d'iascairí áineasa.

    2.  Agus na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 á socrú aici, déanfaidh an Chomhairle tagairt do chritéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch. D'fhéadfaí tionchar na hiascaireachta áineasa ar an gcomhshaol, tábhacht shochaíoch na gníomhaíochta sin agus rannchuidiú na gníomhaíochta leis an ngeilleagar i limistéir chósta a áireamh, go háirithe, ar na critéir a d'fhéadfaí a úsáid.

    3.  I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit na bearta comhréireacha is gá chun faireachán a dhéanamh ar shonraí agus chun sonraí a bhailiú ar mhaithe le meastachán iontaofa a dhéanamh ar leibhéil ghabhála áineasa iarbhír.

    Airteagal 9

    Oibleagáidí na mBallstát

    1.  Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 26 go 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

    2.  Socróidh gach Ballstát modh chun an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar shoithí aonair nó ar ghrúpa soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    3.  Féadfaidh Ballstáit a leithdháiltí iarrachta iascaireachta a leasú trí laethanta iascaireachta a aistriú trasna grúpaí iarrachta iascaireachta ón limistéar geografach céanna, ar choinníoll go bhfeidhmeoidh sé fachtóir coinbhéartachta lena dtacaíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil. Cuirfear na laethanta iascaireachta malartaithe agus an fachtóir coinbhéartachta ar fáil don Choimisiún agus do Bhallstáit eile láithreach, agus tráth nach déanaí ná 10 lá oibre.

    4.  I gcás ina gceadóidh Ballstát do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu iascaireacht a dhéanamh le tráil, déanfaidh sé deimhin de go mbeidh iascaireacht den sórt sin teoranta do 15 uair an chloig in aghaidh an lae iascaireachta, 5 lá iascaireachta in aghaidh na seachtaine nó a chomhionann.

    Féadfaidh na Ballstáit maolú suas le 18 uair an chloig in aghaidh an lae iascaireachta a dheonú chun an t-am idirthurais idir an calafort agus an talamh iascaireachta a chur san áireamh. Cuirfear an maoluithe sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann gan mhoill.

    5.  D'ainneoin mhír 3, i gcás ina ndéanann soitheach iascaireacht ar dhá ghrúpa éagsúla stoic le linn aon lá amháin iascaireachta, déantar leathlá iascaireachta a bhaint as an uasiarracht incheadaithe iascaireachta arna leithdháileadh ar an soitheach sin le haghaidh gach stocghrúpa.

    6.  I gcás na limistéar dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, eiseoidh gach Ballstát údaruithe iascaireachta chuig na soithí sin a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus a bhfuil iascaireacht á déanamh acu ar na stoic lena mbaineann.

    7.  Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an phlean, áiritheoidh na Ballstáit nach méadófar an acmhainneacht iomlán, arna sloinneadh in OT (olltonnáiste) agus kW (cileavatanna), a chomhfhreagraíonn do na húdaruithe iascaireachta a eisítear i gcomhréir le mír 6.

    8.  Bunóidh agus coimeádfaidh gach Ballstát liosta soithí a mbeidh na húdaruithe iascaireachta eisithe ina leith i gcomhréir le mír 6 agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile é. Déanfaidh na Ballstáit a liostaí a tharchur, den chéad uair, laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain.

    9.  Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar a gcóras iarrachta iascaireachta agus áiritheoidh siad nach sáraíonn an uasiarracht iascaireachta incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 na teorainneacha bunaithe.

    10.  I gcomhréir le prionsabail an dea-rialachais a bhunaítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh Ballstáit córais rannpháirtíocha bhainistithe a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil chun cuspóirí an phlean a bhaint amach.

    Airteagal 10

    Sonraí ábhartha a chur in iúl

    1.  Déanfaidh na Ballstáit taifead ar na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagail 146c, 146d agus 146e de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún ( 3 ).

    2.  Déanfar na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta a chomhiomlánú uair in aghaidh na míosa agus beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II mar chuid de na sonraí sin. Is é an Sainiú ar Scéimre XML bunaithe ar CEFACT P1000-12 na Náisiún Aontaithe an fhormáid ina mbeidh na sonraí comhiomlánaithe.

    3.  Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún roimh an 15ú lá de gach mí.



    CAIBIDIL IV

    BEARTA TEICNIÚLA CAOMHNAITHE

    Airteagal 11

    Limistéir choiscthe

    1.  Sa Mheánmhuir Thiar, sa bhreis ar an méid a fhoráiltear in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, cuirfear cosc ar úsáid a bhaint as tráil laistigh de 6 mhuirmhíle amach ón gcósta cé is moite de limistéir níos doimhne ná an iseabat 100 méadar le linn 3 mhí gach bliain agus, i gcás inarb iomchuí, go comhleanúnach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil. Is é gach Ballstát ar leith a chinnfidh na 3 mhí ina mbeidh an cosc bliantúil sin i bhfeidhm agus feidhmeofar é le linn na tréimhse is ábhartha arna gcinneadh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil. Cuirfear an tréimhse sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann gan mhoill.

    2.  De mhaolú ar mhír 1 agus ar an gcoinníoll go mbeidh bonn cirt leis de réir srianta geografacha ar leith, amhail méid theoranta na scairbhe ilchríochaí nó achair fhada go meánna iascaireachta, féadfaidh na Ballstáit limistéir choiscthe eile a bhunú, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, ar choinníoll go ndéanfar laghdú 20 % ar a laghad a bhaint amach ar ghabhálacha colmóirí óga i ngach fo-cheantar geografach. Déanfar an maolú sin a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann gan mhoill.

    3.  Faoin 17 Iúil 2021 agus ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, bunóidh na Ballstáit lena mbaineann limistéir choiscthe eile má tá fianaise ann gurb ann do líon mór iasc óg, faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe agus láithreacha sceite stoc grinnill, go háirithe i dtaca leis na stoic éisc lena mbaineann.

    4.  Is é CETEI go háirithe, nó comhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, a dhéanfaidh measúnú ar na limistéir choiscthe arna mbunú de bhun mhír 3. Más rud é go léireofaí, sa mheasúnú sin, nach bhfuil na limistéir choiscthe sin i gcomhréir lena gcuspóirí, athbhreithneoidh na Ballstáit na limistéir sin i bhfianaise na moltaí sin.

    5.  I gcás ina ndéanfaidh na limistéir choiscthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo difear do shoithí iascaireachta roinnt Ballstát, tugtar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na limistéir choiscthe lena mbaineann a chur ar bun.

    Airteagal 12

    Stoic foghabhála agus stoic ghrinnill nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil ina leith a bhainistiú

    1.  Déanfar na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Rialachán seo a bhainistiú ar bhonn chur chuige an réamhchúraim maidir le bainistiú iascach mar a shainmhínítear é i bpointe 8 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    2.  Maidir le bearta bainistithe do na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(3), go háirithe bearta sonracha caomhnaithe amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 13, bunófar iad agus an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil á cur san áireamh.

    Airteagal 13

    Bearta caomhnaithe sonracha

    ▼M1

    1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ):

    ▼B

    (a) sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha a rialaíonn a úsáid, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

    (b) sonraíochtaí modhnuithe nó feistí breise a chuirtear le trealaimh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

    (c) teorannú nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó i dtréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint, nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

    (d) íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú d'aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí; agus

    (e) maidir le hiascaigh áineasa.

    ▼M1

    2.  Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.

    ▼B



    CAIBIDIL V

    AN OIBLEAGÁID GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

    Airteagal 14

    Forálacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

    Maidir le gach stoc éisc de speicis sa Mheánmhuir Thiar a bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme ina leith faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus maidir le gabhálacha de thaisme speiceas peiligeach sna hiascaigh a shaothraíonn na stoic a liostaítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ina leith, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 lena bhforlíonófar an Rialachán seo trí shonraí na hoibleagáide sin dá bhforáiltear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a mhionsonrú.



    CAIBIDIL VI

    RÉIGIÚNÚ

    Airteagal 15

    Comhar Réigiúnach

    1.  Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagail 11 go 14 den Rialachán seo.

    2.  Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistithe acu moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

    (a) den chéad uair tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis 16 Iúil 2019 agus ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis gach meastóireacht ar an bplean a chuirfear isteach i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán seo;

    (b) faoin 1 Iúil den bhliain roimh an mbliain a bheidh na bearta le cur i bhfeidhm; agus/nó

    (c) am ar bith a mheasfaidh siad gur gá déanamh amhlaidh, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid stoc ar bith a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis.

    3.  Beidh an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagail 11 go 14 den Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.



    CAIBIDIL VII

    LEASUITHE AGUS OBAIR LEANTACH

    Airteagal 16

    Leasuithe ar an bplean

    1.  I gcás ina dtabharfaidh comhairle eolaíoch le fios go bhfuil athrú ar dháileadh geografach na stoc éisc lena mbaineann, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 lena leasófar an Rialachán seo trí na limistéir a shonraítear in Airteagal 1(2) agus Iarscríbhinn I a choigeartú chun an t-athrú sin a léiriú.

    2.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn comhairle eolaíche, gur gá liosta na stoc éisc lena mbaineann a leasú, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun an liosta sin a leasú.

    Airteagal 17

    Faireachán agus meastóireacht ar an bplean

    1.  Chun críocha na tuarascála bliantúla dá bhforáiltear in Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, áireofar ar na táscairí inchainníochtaithe meastacháin bhliantúla ar rátaí reatha básmhaireachta san iascaireacht thar FMSY (F/FMSY), bithmhais stoic sceite (BMSS) agus táscairí socheacnamaíocha maidir leis na stoic éisc lena mbaineann, agus, i gcás inar féidir, maidir le stoic foghabhála. Ar bhonn na comhairle eolaíche, féadfar na táscairí sin a fhorlíonadh le táscairí eile.

    2.  Faoin 17 Iúil 2024, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an phlean agus maidir le tionchar an phlean ar na stoic lena mbaineann agus maidir leis na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.



    CAIBIDIL VIII

    FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

    Airteagal 18

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 11 go 14 agus in Airteagal 16 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 16 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.  Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 11 go 14 agus in Airteagal 16, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.  A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

    6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.



    CAIBIDIL IX

    CISTE EORPACH MUIRÍ AGUS IASCAIGH

    Airteagal 19

    Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

    Measfar bearta scoir shealadaigh arna nglacadh chun cuspóirí an phlean a bhaint amach mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointí (a) agus (c) d'Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

    Airteagal 20

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe i ndáil leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

    Leasaítear Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar seo a leanas:

    (1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.  Is féidir tacaíocht a thabhairt faoin Airteagal seo go dtí an 31 Nollaig 2017, seachas i gcás ina nglacfaí na bearta le haghaidh scor buan chun go mbainfí amach cuspóirí an phlean ilbhliantúil chun stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe, arna mbunú le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).

    (2) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “4a.  Beidh an caiteachas a bhaineann le bearta le haghaidh scor buan arna nglacadh chun cuspóirí Rialachán (AE) 2019/1022 a bhaint amach, beidh sé incháilithe do thacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) amhail ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin.”.



    CAIBIDIL X

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 21

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch á cur san áireamh, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus Airteagal 6(1) ón 1 Eanáir 2025.

    Beidh feidhm ag Airteagal 7 ón 1 Eanáir 2020.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    An córas iarrachta iascaireachta

    (dá dtagraítear in Aireagal 7)

    Sainmhínítear grúpaí iarrachta iascaireachta mar seo a leanas:

    A) Tráil lena ndéantar iascaireacht ar an milléad dearg, an colmóir, an rós-séacla domhainmhara agus gliomach na hIorua ar an scairbh ilchríochach agus ar an bhfána uachtarach



    An cineál trealaimh

    Ceantar geografach

    Stocghrúpaí

    Fad foriomlán na soithí

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

    Tráil

    (TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP, TSP)

    Folimistéir 1-2-5-6-7 CGIM

    Lannach riabhach i bhfolimistéir gheografacha (FLGanna) 1, 5, 6 agus 7; colmóir in FLGanna 1-5-6-7; rós-séacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; agus gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6.

    < 12 m

    EFF1/MED1_TR1

    ≥ 12 m agus < 18 m

    EFF1/MED1_TR1

    ≥ 18 m agus < 24 m

    EFF1/MED1_TR3

    ≥ 24 m

    EFF1/MED1_TR4

    Folimistéir 8-9-10-11 CGIM

    Lannach riabhach in FLG 9, FLG 10 agus FLG 11; colmóir in FLGanna 9-10-11; rós-séacla domhainmhara in FLGanna 9-10-11; agus gliomach na hIorua in FLGanna 9 agus 10.

    < 12 m

    EFF1/MED2_TR1

    ≥ 12 m agus < 18 m

    EFF1/MED2_TR2

    ≥ 18 m agus < 24 m

    EFF1/MED2_TR3

    ≥ 24 m

    EFF1/MED1_TR4

    B) Tráil lena ndéantar iascaireacht ar an séacla gorm agus dearg agus ar an séacla mór dearg in uiscí domhainmhara



    An cineál trealaimh

    Ceantar geografach

    Stocghrúpaí

    Fad foriomlán na soithí

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

    Tráil

    (TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP, TSP)

    Folimistéir 1-2-5-6-7 CGIM

    Séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 5, 6 agus 7.

    < 12 m

    EFF2/MED1_TR1

    ≥ 12 m agus < 18 m

    EFF2/MED1_TR2

    ≥ 18 m agus < 24 m

    EFF2/MED1_TR3

    ≥ 24 m

    EFF2/MED1_TR4

    Folimistéir 8-9-10-11 CGIM

    Séacla mór dearg in FLGanna 9, 10 agus 11

    < 12 m

    EFF2/MED2_TR1

    ≥ 12 m agus < 18 m

    EFF2/MED2_TR2

    ≥ 18 m agus < 24 m

    EFF2/MED2_TR3

    ≥ 24 m

    EFF2/MED1_TR4




    IARSCRÍBHINN II

    Liosta faisnéise maidir le sonraí iarrachta iascaireachta

    (dá dtagraítear in Airteagal 10)



    Faisnéis

    Sainmhíniú agus tuairimí

    (1)  Ballstát

    Cód Alfa-3 ISO an Bhallstáit brataí tuairiscithe

    (2)  Grúpa iarrachta iascaireachta

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I

    (3)  Tréimhse iarrachta iascaireachta

    Dáta tosaigh agus dáta críochnaithe na míosa tuairiscithe

    (4)  Deimhniú iarrachta iascaireachta

    Líon iomlán na laethanta iascaireachta




    Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    Tá sé beartaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle na cumhachtuithe chun bearta teicniúla a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 13 den Rialachán seo a aisghairm nuair a bheidh rialachán nua maidir le bearta teicniúla á nglacadh acu lena n-áirítear cumhachtú lena gcumhdaítear na bearta céanna.



    ( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

    ( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (an Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).

    ( 3 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

    ( 4 ) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahire agus agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105..).

    ( *1 ) Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).”;

    Top