EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02018R1672-20181112

Consolidated text: Rialachán (AE) 2018/1672 Ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1672/2018-11-12

02018R1672 — GA — 12.11.2018 — 000.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2018/1672 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2018

maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

(IO L 284 12.11.2018, lch. 6)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 435, 23.12.2020, lch.  79 (2018/1672)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2018/1672 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2018

maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005



Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo déantar foráil maidir le córas rialuithe i ndáil le hairgead tirim a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as chun comhlánú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

ciallaíonn “airgead tirim”:

(i) 

airgeadra;

(ii) 

ionstraimí soshannta iompróra;

(iii) 

tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha;

(iv) 

cártaí réamhíoctha;

(b) 

ciallaíonn “teacht isteach san Aontas nó dul amach as” teacht ó chríoch atá lasmuigh den chríoch a chumhdaítear le hAirteagal 355 CFAE isteach sa chríoch a chumhdaítear leis an Airteagal sin, nó dul amach as an gcríoch a chumhdaítear leis an Airteagal sin;

(c) 

ciallaíonn “airgeadra” nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe, nó a bhí i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe agus is féidir a mhalartú fós trí institiúidí airgeadais nó bainc cheannais le haghaidh nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe;

(d) 

ciallaíonn “ionstraimí soshannta iompróra” ionstraimí seachas airgeadra agus a thugann teideal dá sealbhóirí suim airgeadais a éileamh ar na ionstraimí a thíolacadh, gan a bheith de dhualgas ar an sealbhóir a aitheantas ná a haitheantas ná teideal chun na suime sin a chruthú. Is iad na hionstraimí sin:

(i) 

seiceanna taistil; agus

(ii) 

seiceanna, nótaí gealltanais nó orduithe airgid atá i bhfoirm iompróra, atá sínithe ach le hainm an íocaí fágtha ar lár, atá formhuinithe gan srian, atá déanta amach d’íocaí samhailteach, nó i bhfoirm eile a fhágann go n-aistrítear an teideal nuair a sheachadtar an t-airgead;

(e) 

ciallaíonn “tráchtearra a úsáidtear mar stór luacha fíorleachtach” earra, mar a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil cóimheas ard luacha le toirt luaite leis agus is féidir a thiontú go héasca ina airgeadra trí mhargaí trádála inrochtana gan ach costais bheaga idirbhirt a thabhú;

(f) 

ciallaíonn “cárta réamhíoctha” cárta neamh-ainmniúil, mar a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I, a stórálann luach airgeadais nó cistí, nó a thugann rochtain orthu, agus is féidir a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta, chun earraí nó seirbhísí a fháil nó chun airgeadra a fhuascailt agus nuair is cárta é nach bhfuil nasctha le cuntas bainc;

(g) 

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis chustaim na mBallstát agus aon údaráis eile a bhfuil cumhacht tugtha dóibh ag na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm;

(h) 

ciallaíonn “iompróir” aon duine nádúrtha a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as agus a bhfuil airgead tirim ar iompar ar a sheilbh aige, ina bhagáiste nó ina chóir iompair;

(i) 

ciallaíonn “airgead tirim neamhthionlactha” airgead tirim ar cuid de choinsíneacht gan iompróir é;

(j) 

ciallaíonn “gníomhaíocht choiriúil” aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/849;

(k) 

ciallaíonn “Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA)” an t-eintiteas arna bhunú i mBallstát chun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/849 a chur chun feidhme.

2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun aird a thabhairt ar threochtaí nua maidir le sciúradh airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir (AE) 2015/849, nó maoiniú sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(5) den Treoir sin, nó chun dea-chleachtais nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc a thabhairt san áireamh, nó chun cosc a chur ar choirpigh úsáid a bhaint as tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha, agus as cártaí réamhíoctha chun teacht timpeall ar na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 3

Oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú

1.  
Iompróirí a bhfuil airgead tirim dar luach EUR 10 000 nó níos mó ar iompar acu, déanfaidh siad an t-airgead tirim sin a dhearbhú d’údaráis inniúla an Bhallstáit trína bhfuil siad ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus cuirfidh siad an t-airgead tirim ar fáil dóibh lena rialú. Ní mheasfar go mbeidh an oibleagáid airgead tirim a dhearbhú comhlíonta má sholáthraítear faisnéis mhícheart nó neamhiomlán nó mura gcuirtear an t-airgead tirim ar fáil lena rialú.
2.  

Sa dearbhú dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar sonraí maidir leo seo a leanas:

(a) 

an t-iompróir, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais;

(b) 

úinéir an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais, i gcás gur duine nádúrtha an t-úinéir, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais Cánach Breisluacha (CBL) i gcás gur duine dlítheanach an t-úinéir;

(c) 

i gcás ina mbeidh fáil air, faighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais, i gcás gur duine nádúrtha an faighteoir atá beartaithe, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL, i gcás i gcás gur duine dlítheanach an faighteoir atá beartaithe;

(d) 

cineál agus méid nó luach an airgid thirim;

(e) 

foinse eacnamaíoch an airgid thirim;

(f) 

an úsáid atá beartaithe a bhaint as an airgead tirim;

(g) 

an bealach iompair; agus

(h) 

an chóir iompair.

3.  
Soláthrófar na sonraí a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo i scríbhinn nó go leictreonach agus úsáid á baint as an bhfoirm dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1). Seachadfar cóip fhormhuinithe den dearbhú nochta chuig an dearbhóir arna iarraidh sin.

Airteagal 4

Oibleagáid maidir le nochtadh i gcás airgead tirim neamhthionlactha

1.  
I gcás ina bhfuil airgead tirim neamhthionlactha dar luach EUR 10 000 nó níos mó ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit trína bhfuil an t-airgead tirim ag teacht isteach nó ag dul amach a chur de cheangal ar sheoltóir nó ar fhaighteoir an airgid thirim, nó a ionadaí, de réir mar a bheidh, dearbhú nochta a dhéanamh laistigh de sprioc-am socraithe 30 lá. Féadfaidh na húdaráis inniúla an t-airgead tirim a choimeád faoi choinneáil go dtí go ndéanfaidh an seoltóir, an faighteoir nó a ionadaí, de réir mar a bheidh, an dearbhú nochta. Ní mheasfar go mbeidh an oibleagáid airgead neamhthionlactha a dhearbhú comhlíonta nuair nach ndéantar an dearbhú sula dtéann an sprioc-am in éag, má sholáthraítear faisnéis mhícheart nó neamhiomlán nó mura gcuirtear an t-airgead tirim ar fáil lena rialú.
2.  

Sa dearbhú nochta soláthrófar sonraí maidir leis an méid a leanas:

(a) 

an dearbhóir, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais;

(b) 

úinéir an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais i gcás gur duine nádúrtha an t-úinéir, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL i gcás gur duine dlítheanach an t-úinéir;

(c) 

seoltóir an airgid thirim, lena n-áirítear an t-ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais i gcás gur duine nádúrtha an t-úinéir, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL i gcás gur duine dlítheanach an t-úinéir;

(d) 

faighteoir nó faighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear an t-ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais i gcás gur duine nádúrtha an faighteoir nó an faighteoir beartaithe, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL i gcás gur duine dlítheanach an faighteoir nó an faighteoir beartaithe;

(e) 

cineál agus méid nó luach an airgid thirim;

(f) 

foinse eacnamaíoch an airgid thirim; agus

(g) 

an úsáid atá beartaithe a bhaint as an airgead tirim.

3.  
Soláthrófar na sonraí atá liostaithe i mír 2 den Airteagal seo i scríbhinn nó go leictreonach agus úsáid á baint as an bhfoirm nochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1). Seachadfar cóip fhormhuinithe den dearbhú nochta chuig an dearbhóir arna iarraidh sin.

Airteagal 5

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.  
Chun a fhíorú go bhfuil an oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú a leagtar síos in Airteagal 3 á comhlíonadh, beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla rialuithe a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha, a mbagáiste agus a gcóir iompair, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta.
2.  
Chun an oibleagáid maidir le airgead tirim neamhthionlactha a nochtadh a leagtar síos in Airteagal 4 a chur chun feidhme, beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla rialuithe a dhéanamh ar aon choinsíneachtaí, gabhdáin nó cóir iompair a bhféadfadh airgead tirim neamhthionlactha a bheith iontu, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta.
3.  
Mura bhfuil an oibleagáid airgead tionlactha a dhearbhú faoi Airteagal 3 nó an oibleagáid maidir le hairgead neamhthionlactha a nochtadh faoi Airteagal 4 á comhlíonadh, déanfaidh na húdaráis inniúla dearbhú ex officio a chumadh i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach ina mbeidh a mhéid is féidir na sonraí a liostaítear in Airteagal 3(2) nó Airteagal 4(2), de réir mar a bheidh.
4.  
Beidh na rialuithe bunaithe go príomha ar anailís riosca, chun na rioscaí a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus na frithbhearta riachtanacha a bhunú, agus déanfar iad laistigh de chreat comhchoiteann bainistithe riosca i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 16(1), ar creat é ina gcuirfear san áireamh freisin na measúnaithe riosca arna mbunú ag an gCoimisiún agus na AFAnna faoi Threoir (AE) 2015/849.
5.  
Chun críocha Airteagal 6, déanfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin Airteagal seo a fheidhmiú freisin.

Airteagal 6

Suimeanna atá faoi bhun na tairsí agus a bhfuil amhras ina dtaobh go bhfuil siad bainteach le gníomhaíocht choiriúil

1.  
I gcás ina mbraitheann na húdaráis inniúla iompróir agus suim airgid thirim aige atá faoi bhun na tairsí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus go bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead le gníomhaíocht choiriúil, déanfaidh siad an fhaisnéis sin agus na mionsonraí a liostaítear in Airteagal 3(2) a thaifeadadh.
2.  
I gcás ina bhfaigheann na húdaráis inniúla go bhfuil airgead tirim neamhthionlactha atá faoi bhun na tairsí agus dá dtagraítear in Airteagal 4 ag teacht isteach san Aontas nó ag imeacht as, agus go bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil, déanfaidh siad an fhaisnéis sin agus na mionsonraí a liostaítear in Airteagal 4(2) a thaifeadadh.

Airteagal 7

Coimeád faoi choinneáil sealadach airgid thirim ag údaráis inniúla

1.  

Féadfaidh na húdaráis inniúla airgead tirim a choimeád faoi choinneáil ar bhonn sealadach trí chinneadh riaracháin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta sna cásanna seo a leanas:

(a) 

níl an oibleagáid airgead tionlactha a dhearbhú faoi Airteagal 3 nó an oibleagáíd airgead neamhthionlactha a nochtú faoi Airteagal 4 á comhlíonadh; nó

(b) 

tá tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim, gan beann ar an méid, le gníomhaíocht choiriúil.

2.  

Beidh an cinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 1 faoi réir leigheas éifeachtach i gcomhréir le nósanna imeachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. Maidir leis an ráiteas ar chúiseanna leis an gcinneadh riaracháin, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra ina leith:

(a) 

don duine ar a gceanglaítear an dearbhú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3 nó an dearbhú nochta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4; nó

(b) 

don duine ar a gceanglaítear an fhaisnéis a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 6(1) nó (2).

3.  
Ní rachaidh tréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh thar a bhfuil de dhíth ar na húdaráis inniúla, faoin dlí náisiúnta, chun a chinneadh an éilíonn imthosca an cháis go gcoimeádfaí faoi choinneáil an t-airgead tuilleadh. Is 30 lá ar a mhéad a bheidh i dtréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh. Tar éis dóibh measúnú críochnúil a dhéanamh ar a riachtanaí agus a chomhréirí a bheadh tuilleadh coimeádta faoi choinneáil shealadaigh, féadfaidh siad a chinneadh tréimhse an choimeádta faoi choinneáil shealadaigh a fhadú suas le huastréimhse 90 lá.

I gcás nach ndéantar cinneadh laistigh den tréimhse sin maidir leis an airgead tirim a choimeád faoi choinneáil tuilleadh nó má chinntear nach n-éilíonn imthosca an cháis go gcomeádfaí faoi choinneáil é ar feadh tréimhse níos faide, scaoilfear an t-airgead láithreach chuig an duine:

(a) 

a ndearnadh an t-airgead a choimeád faoi choinneáil go sealadach uaidh nó uaithi sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3 nó Airteagal 4; nó

(b) 

a ndearnadh an t-airgead a choimeád faoi choinneáil go sealadach uaidh nó uaithi sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó (2).

Airteagal 8

Feachtas faisnéise

Maidir le daoine a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as nó daoine a sheolann airgead tirim neamhthionlactha ón Aontas nó a fhaigheann airgead tirim neamhthionlactha san Aontas, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil siad ar an eolas faoina gcuid ceart agus oibleagáidí faoin Rialachán seo agus forbróidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún, ábhair iomchuí a dhíreofar ar na daoine sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear maoiniú leordhóthanach ar fáil d’fheachtais faisnéise den sórt sin.

Airteagal 9

Faisnéis a sholáthar don AFA

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis arna fáil faoi Airteagal 3 nó Airteagal 4, Airteagal 5(3) nó Airteagal 6 a thaifeadadh agus a tharchur chuig AFA an Bhallstáit a fuarthas an fhaisnéis ann, de réir na rialacha teicniúla dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 16(1).
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an AFA sa Bhallstát i dtrácht an fhaisnéis sin a mhalartú leis na AFAnna ábhartha sna Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 53(1) de Threoir (AE) 2015/849.
3.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur a luaithe is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis an dáta a fuarthas an fhaisnéis sin.

Airteagal 10

Faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla agus leis an gCoimisiún

1.  

Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a tharchur, trí mheán leictreonach, d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir:

(a) 

dearbhuithe ex officio arna gcumadh faoi Airteagal 5(3);

(b) 

faisnéis a fuarthas faoi Airteagal 6;

(c) 

dearbhuithe arna bhfáil faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, i gcás ina bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil;

(d) 

faisnéis anaithnid faoi rioscaí agus torthaí na hanailíse riosca.

2.  
I gcás inarb ann do thásca go mbaineann an t-airgead tirim le gníomhaíocht choiriúil a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur freisin chuig an gCoimisiún, chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh — ó na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun an Rialachán (AE) 2017/1939 agus i gcás ina bhfuil sí inniúil chun gníomhú faoi Airteagal 22 den Rialachán sin, agus chuig Europol i gcás ina bhfuil sé inniúil chun gníomhú faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794.
3.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a tharchur i gcomhréir leis na rialacha teicniúla dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 16(1) agus an fhoirm dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 16(1) á húsáid aige.
4.  
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1 agus de mhír 2 a tharchur a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 lá oibre tar éis an dáta a fuarthas an fhaisnéis sin.
5.  
Déanfar an fhaisnéis agus na torthaí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, a tharchur gach 6 mhí.

Airteagal 11

Faisnéis a mhalartú le tríú tíortha

1.  

Chun críche an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún laistigh den chreat um chúnamh riaracháin frithpháirteach, an fhaisnéis seo a leanas a tharchur chuig tríú tír, faoi réir údarú i scríbhinn ón údarás inniúil a fuair an fhaisnéis i dtosach, ar choinníoll go bhfuil an tarchur sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha agus dlí ábhartha an Aontais maidir le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha:

(a) 

dearbhuithe ex officio arna gcumadh faoi Airteagal 5(3);

(b) 

faisnéis arna fáil faoi Airteagal 6;

(c) 

dearbhuithe arna bhfáil faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, i gcás ina bhfuil tásca ann go bhfuil baint ag an airgead tirim le sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta.

2.  
Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon tarchur faisnéise de bhun mhír 1.

Airteagal 12

Sicréideacht agus rúndacht ghairmiúil agus slándáil sonraí

1.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla slándáil na sonraí a fhaigheann siad i gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6.
2.  
Beidh an fhaisnéis ar fad a fhaigheann na húdaráis inniúla cumhdaithe le dualgas na sicréideachta gairmiúla.

Airteagal 13

Sonraí pearsanta a chosaint agus tréimhsí coinneála

1.  
Gníomhóidh na húdaráis inniúla mar rialaitheoirí ar na sonraí pearsanta arna bhfáil acu trí Airteagal 3 agus Airteagal 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6 a oibriú.
2.  
Is chun gníomhaíochtaí coiriúla a chosc agus a chomhrac, agus chuige sin amháin, a dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo.
3.  
Ní bheidh rochtain ar an bhfaisnéis arna fáil trí Airteagal 3 agus Airteagal 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6 a oibriú ach ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil agus déanfar an fhaisnéis a chosaint go cuí ar rochtain nó tarchur neamhúdaraithe. Mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11, ní dhéanfar an fhaisnéis a nochtadh ná a tharchur gan údarú sainráite an údaráis inniúil a fuair na sonraí i dtosach. Ní bheidh an t-údarú sin riachtanach, áfach, i gcás ina gceanglaítear ar na húdaráis inniúla na sonraí sin a nochtadh nó a tharchur de bhun dhlí náisiúnta an Bhallstáit i dtrácht, go háirithe i dtaca le himeachtaí dlí.
4.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an AFA sonraí pearsanta a fhaightear trí Airteagail 3, 4, Airteagal 5(3) agus Airteagal 6 a oibriú a stóráil go ceann tréimhse 5 bliana ón dáta a fuarthas na sonraí. Léirscriosfar na sonraí pearsanta sin ar dhul in éag don tréimhse sin.
5.  

Féadfar an tréimhse choinneála a fhadú uair amháin le tréimhse eile nach faide ná 3 bliana breise, más rud é:

(a) 

tar éis dó measúnú críochnúil a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcoinneáil bhreise sin, agus ar a chomhréire atá sí, agus go measann sé go bhfuil bonn cirt leis chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, go gcinneann an AFA gur gá an choinneáil bhreise; nó

(b) 

tar éis dóibh measúnú críochnúil a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcoinneáil bhreise sin, agus ar a chomhréire atá sí, agus go measann siad go bhfuil bonn cirt leis chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh i ndáil le rialuithe éifeachtacha a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid airgead tirim tionlactha nó an oibleagáid airgead tirim neamhthionlactha a dhearbhú faoi mar a leagtar síos faoin Rialachán seo, go gcinneann na húdaráis inniúla go bhfuil gá leis an gcoinneáil bhreise.

Airteagal 14

Pionóis

1. Tabharfaidh gach Ballstát pionóis isteach a mbeidh feidhm acu i gcás nach gcomhlíontar an oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 3 nó an oibleagáid airgead tirim tionlactha a nochtadh, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 4. Beidh pionóis den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón an 2 Nollaig 2018.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Gníomhartha cur chun feidhme

1.  

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta seo a leanas chun a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla rialuithe i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach:

(a) 

na teimpléid don fhoirm dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus don fhoirm nochta dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

(b) 

critéir don chreat comhchoiteann bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 5(4) agus, go háirithe, na critéir riosca, caighdeáin, agus réimsí rialaithe tosaíochta, bunaithe ar an bhfaisnéis arna malartú de bhun phointe (d) d’Airteagal 10(1), agus beartais agus dea-chleachtas de chuid an Aontais agus idirnáisiúnta;

(c) 

na rialacha teicniúla maidir le faisnéis a mhalartú go héifeachtach faoi Airteagal 9(1) agus (3) agus Airteagal 10 den Rialachán seo trí CFS, arna bhunú le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 515/97;

(d) 

an teimpléad don fhoirm chun faisnéis a tharchur dá dtagraítear in Airteagal 10(3); agus

(e) 

na rialacha agus an fhormáid atá le húsáid ag Ballstáit chun faisnéis staidrimh anaithnidithe maidir le dearbhuithe, rialuithe agus sáruithe de bhun Airteagal 18 a sholáthar don Choimisiún.

2.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 17

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh Coiste um Rialuithe ar Airgead Tirim cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18

Faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a tharchur

1.  

Faoin 4 Nollaig 2021, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a tharchur chuig an gCoimisiún:

(a) 

liosta na n-údarás inniúil;

(b) 

na mionsonraí maidir leis na pionóis a thugtar isteach de bhun Airteagal 14;

(c) 

faisnéis staidrimh anaithnidithe maidir le dearbhuithe, rialuithe agus sáruithe, agus úsáid á baint as an bhformáid dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 16(1).

2.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athruithe ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 1, 1 mhí amháin ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm na n-athruithe sin.

Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 ar fáil don Choimisiún gach 6 mhí ar a laghad.

3.  
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(a) agus aon athruithe a dhéantar ar an bhfaisnéis ina dhiaidh sin de bhun mhír 2 ar fáil do na Ballstáit eile ar fad.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (c) de mhír 1 agus aon athruithe a dhéanfar ar an bhfaisnéis sin ina dhiaidh sin de bhun mhír 2 a fhoilsiú gach bliain ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé úsáideoirí ar an eolas, ar bhealach soiléir, faoi na rialuithe i ndáil le hairgead tirim a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as.

Airteagal 19

Meastóireacht

1.  
►C1  Faoin 3 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana as sin amach, ◄ déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise arna fáil go rialta ó na Ballstáit, tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír go háirithe, déanfar meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a) 

ar cheart sócmhainní eile a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo;

(b) 

an bhfuil an nós imeachta um nochtadh i gcás airgead tirim neamhthionlactha éifeachtúil;

(c) 

ar cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach le haghaidh airgead tirim neamhthionlactha;

(d) 

an bhfuil an sreabhadh faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 10 agus an bhfuil úsáid CFC, go háirithe, éifeachtúil, nó an ann do bhacainní ar mhalartú tráthúil agus díreach faisnéise comhoiriúnaí agus inchomparáide idir na húdaráis inniúla agus le hAFAnna; agus

(e) 

an bhfuil pionóis arna dtabhairt isteach ag na Ballstáit éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus cibé an bhfuil na pionóis sin ina ndíspreagadh coibhéiseach ar fud an Aontais i dtaobh sárú a dhéanamh ar an Rialachán seo.

2.  

Áireofar an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina bhfuil sé ar fáil:

(a) 

faisnéis thiomsaithe arna fáil ó na Ballstáit maidir le hairgead tirim a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais; agus

(b) 

faisnéis faoi mhalartú faisnéise le tríú tíortha.

Airteagal 20

Rialachán (CE) Uimh. 1889/2009 a aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1889/98 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 3 Meitheamh 2021. Beidh feidhm ag Airteagal l6 ón 2 Nollaig 2018, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha agus cártaí réamhíoctha a mheastar a bheith coibhéiseach le hairgead tirim i gcomhréir le pointe (a) (iii) agus (iv) d’Airteagal 2(1)

1. Tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha:

(a) 

monaí le cion óir 90 % ar a laghad; agus

(b) 

buillean amhail barraí, cnapanna nó meallta le cion óir 99,5 % ar a laghad.

2. Cártaí réamhíoctha: P.M.




IARSCRÍBHINN II



TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4(1)

Airteagal 5

Airteagal 5(2)

Airteagal 6

Airteagal 4(2)

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 5(1)

Airteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 10

Airteagal 7

Airteagal 11

Airteagal 8

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 9

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 10

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 11

Airteagal 21

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Top