Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02017R2107-20240408

Consolidated text: Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2107/2024-04-08

02017R2107 — GA — 08.04.2024 — 003.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2017/2107 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2017

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle

(IO L 315 30.11.2017, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

RIALACHÁN (AE) 2019/1154 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 20 Meitheamh 2019

  L 188

1

12.7.2019

►M2

RIALACHÁN (AE) 2023/2053 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Meán Fómhair 2023

  L 238

1

27.9.2023

►M3

RIALACHÁN (AE) 2024/897 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Márta 2024

  L 897

1

19.3.2024




▼B

RIALACHÁN (AE) 2017/2107 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2017

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe i dtaca le speicis éisc mhór-imirceacha arna mbainistiú ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

soithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa agus a oibríonn i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus, i gcás trasloingsithe, lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT má thrasloingsíonn siad speicis a ghabhtar sa limistéar sin;

(b) 

soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt na mBallstát agus a mbíonn speicis ICCAT á n-iompar acu nó táirgí iascaigh de thionscnamh na speiceas sin nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana i gcalafoirt;

(c) 

soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír atá ag gabháil d'iascaigh áineasa a oibríonn in uiscí an Aontais.

Airteagal 3

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais

Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na forálacha seo a leagtar síos i Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 1 ) agus i Rialachán (AE) 2016/1627.

Beidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa bhreis orthu siúd dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “speicis ICCAT” speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I;

(2) 

ciallaíonn “tuinnín trópaiceach” tuinnín mórshúileach, tuinnín buí agus boiníotó aigéanach;

▼M3

(2a) 

ciallaíonn “mairlín” speicis den fhine Istiophoridae atá á mbainistiú ag ICCAT;

▼B

(3) 

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach atá feistithe chun saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara nó atá feistithe le gaiste tuinnín ghoirm;

(4) 

ciallaíonn “soitheach gabhála” soitheach a úsáidtear chun acmhainní bitheolaíocha mara a ghabháil;

(5) 

ciallaíonn“soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air agus atá cláraithe san Aontas;

(6) 

ciallaíonn “údarú iascaireachta” údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;

(7) 

ciallaíonn “údarú iascaireachta speisialta” údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí sonracha iascaireachta a dhéanamh le trealamh ar leith le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;

(8) 

ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach eile;

(9) 

ciallaíonn “iascach áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha mara chun críoch áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(10) 

ciallaíonn “sonraí Thasc I” sonraí atá sainmhínithe ag ICCAT mar shonraí Thasc I sa “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní”;

(11) 

ciallaíonn “sonraí Thasc II” sonraí atá sainmhínithe ag ICAAT mar shonraí Thasc II sa “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní”;

(12) 

ciallaíonn “CPC” páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha nó eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta;

(13) 

ciallaíonn “limistéar Choinbhinsiún ICCAT” uiscí uile an Aigéin Atlantaigh agus na farraigí máguaird;

(14) 

ciallaíonn “comhaontú comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe” comhaontú idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe 37 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(15) 

ciallaíonn “fad soithigh” an fad arna thomhas i líne dhíreach idir an pointe is mó chun tosaigh ar an gceann go dtí an pointe is mó chun deiridh ar an deireadh;

(16) 

ciallaíonn “soitheach spiléir peiligeach mórscála” soitheach spiléir peiligeach ar mó ná 24 mhéadar a fhad iomlán;

(17) 

ciallaíonn “soitheach iascaireachta mórscála” soitheach iascaireachta ar mó ná 20 méadar a fhad iomlán;

(18) 

ciallaíonn “soitheach gabhála mórscála” soitheach gabhála ar mó ná 20 méadar a fhad iomlán;

(19) 

ciallaíonn “taifead ICCAT ar shoithí iascaireachta mórscála” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICCAT de shoithí iascaireachta mórscála atá údaraithe díriú ar speicis ICCAT i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

▼M3

(20) 

ciallaíonn “soitheach tacaíochta” soitheach seachas árthach atá ar bord nach bhfuil trealamh iascaireachta oibríochtúil feistithe air agus a éascaíonn gníomhaíochtaí iascaireachta, a chuidíonn leo nó a ullmhaíonn iad, lena n-áirítear trí sholáthairtí a sholáthar do shoitheach gabhála agus feiste comhthiomsaithe éisc a imscaradh, a sheirbhísiú agus a aisghabháil;

▼B

(21) 

ciallaíonn “soitheach iompair” soitheach tacaíochta atá i mbun trasloingsithe agus atá ag fáil speicis ICCAT ó shoitheach spiléir peiligeach mórscála;

(22) 

ciallaíonn “taifead ICCAT ar shoithí iompair” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICCAT de shoithí atá údaraithe trasloingsiú a fháil ar muir ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(23) 

ciallaíonn “taifead ICCAT maidir le soithí atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach” an liosta a choinníonn Rúnaíocht ICATT de shoithí iascaigh mórscála atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

▼M3

(23a) 

ciallaíonn “ní snámhach” nó “FOB” aon ní nádúrtha nó saorga atá ar snámh (i.e. ar an dromchla nó ar an bhfodhromchla) nach bhfuil ar a chumas gluaiseacht as féin; is feistí comhbhailithe éisc (FADanna) iad FOBanna atá de dhéantús an duine agus a chuirtear amach d’aon ghnó agus/nó a rianaítear d’aon ghnó; is loga iad FOBanna a chailltear de thaisme ó fhoinsí antraipeacha agus nádúrtha;

▼M3

(24) 

ciallaíonn “feiste comhthiomsaithe éisc” nó “FAD” ní, struchtúr nó feiste buan, leathbhuan nó sealadach d’aon ábhar, bíodh sé de dhéantús an duine nó nádúrtha, a chuirtear amach nó a rianaítear, agus a úsáidtear chun éisc a chomhthiomsú lena ngabháil ina dhiaidh sin; is féidir le FADanna a bheith ar ancaire (aFADanna) nó ar fuaidreamh (dFADanna);

▼M3

(24a) 

ciallaíonn “cur FAD” trealamh iascaireachta a shocrú timpeall scoil tuinnín atá bainteach le FAD;

▼B

(25) 

ciallaíonn “iascaireacht NNN” gníomhaíochtaí iascaireachta a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(26) 

ciallaíonn “liosta NNN ICCAT” liosta de shoithí a mheasann ICCAT go raibh siad i mbun iascaireacht NNN;

(27) 

ciallaíonn “spiléir” trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) a bhfuil a bhfad agus a spásáil ag brath ar an speiceas a bhfuiltear ag díriú air;

▼M3

(27a) 

ciallaíonn “spiléir éadomhain” spiléir ina bhfuil tromlach na nduán ag doimhneacht níos lú ná 100 méadar nuair a chuirtear amach iad;

▼B

(28) 

ciallaíonn “peaslíonta saighne” líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(29) 

ciallaíonn “duán” píosa de shreang cruach agus é lúbtha faobhraithe;

▼M3

(30) 

ciallaíonn “duán ciorclach” duán a bhfuil pointe aige atá casta siar go hingearach i gcoinne na lorga chun cruth ciorclach nó ubhchruthach a dhéanamh; níor cheart frithchúiteamh níos mó ná 10 gcéim a bheith ag duáin chiorclacha;

(31) 

ciallaíonn “baoi oibríochtúil” aon bhaoi gléasta, a gníomhachtaíodh, a casadh air nó a cuireadh amach roimhe ar muir, a tharchuireann suíomh agus aon fhaisnéis eile atá ar fáil amhail meastacháin sondála fuaime.

▼B

TEIDEAL II

BEARTA BAINISTÍOCHTA, CAOMHNAITHE AGUS RIALAITHE MAIDIR LE SPEICIS ÁIRITHE

CAIBIDIL I

Tuinníní trópaiceacha

Airteagal 5

Srianta ar líon na soithí gabhála mórscála de chuid an Aontais

a dhíríonn ar thuinníní mórshúileacha Maidir le líon agus acmhainn iomlán in olltonnáiste (GT) soithí gabhála mórscála de chuid an Aontais a dhíríonn ar an tuinnín mórshúileach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT:

(a) 

measfar gurb é a bheidh ann meánlíon agus meánacmhainn, in GT, na soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí ag díriú ar an tuinnín mórshúileach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT le linn na tréimhse 1991 go 1992; agus

(b) 

ar bhonn an tsriain a bhí ar líon na soithí gabhála a bhí ag díriú ar an tuinnín mórshúileach in 2005 mar a cuireadh in iúl do ICCAT ar an 30 Meitheamh 2005.

▼M3

Airteagal 5a

Teorainn acmhainneachta maidir le tuinnín trópaiceach

1.  
Bunóidh na Ballstáit, faoin 31 Eanáir gach bliain, pleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta achmhainneachta le haghaidh tuinnín trópaiceach.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbainisteofar acmhainneacht fhoriomlán a gcabhlach spiléireachta agus peas-saighne i gcomhréir leis na pleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 1, go háirithe chun teorainn a chur ar ghabhálacha tuinnín trópaiceach, i gcomhréir leis na teorainneacha gabhála arna mbunú faoi dhlí an Aontais.
3.  
Ní mhéadóidh na Ballstáit líon a soithí tacaíochta ón líon soithí a taifeadadh i mí Meithimh 2023.
4.  
Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún na dátaí ar a mbainfear úsáid as a dteorainn ghabhála iomlán maidir le speicis tuinnín trópaiceach. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.
5.  
Maidir le soithí peas-saighne agus soithí spiléireachta móra de chuid an Aontais (20 méadar ar fad ar an iomlán nó níos faide), tuairisceoidh na Ballstáit gabhálacha tuinnín trópaiceach don Choimisiún ar bhonn míosúil, agus tuairisceoidh siad don Choimisiún gach seachtain nuair a ghabhfar 80 % dá gcuid teorainneacha gabhála.
6.  
Gach 3 mhí, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún faisnéis maidir le cainníocht na dtuinníní trópaiceacha de réir speiceas a ghabh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu laistigh de 15 lá féilire ó dheireadh na tréimhse inar gabhadh iad, eadhon faoin 15 Aibreán, faoin 15 Iúil agus faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 15 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin, mura rud é go gcuirtear an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún go míosúil. Seolfar an fhaisnéis sin, cibé acu a sheolfar gach 3 mhí nó ar bhonn míosúil í, agus úsáid á baint as formáid na tuarascála comhiomlánaithe ar shonraí gabhála. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 30 Aibreán, faoin 30 Iúil agus faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 30 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin.

▼B

Airteagal 6

Údaruithe sonracha do shoithí gabhála mórscála a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha agus do shoithí tacaíochta

1.  
Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha arna leagan síos i Rialachán maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 2 ), do shoithí gabhála mórscála a mbíonn a mbratach ar foluain orthu tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
2.  
Eiseoidh na Ballstáit údaruithe do shoithí tacaíochta a mbíonn a mbratach ar foluain orthu agus a úsáidtear chun tacaíocht de chineál ar bith a thabhairt do shoithí dá dtagraítear i mír 1.

▼M3

Airteagal 6a

Toirmeasc ar aischur tuinníní trópaiceacha arna ngabháil ag soithí peas-saighne de chuid an Aontais

1.  
Soithí peas-saighne de chuid an Aontais atá údaraithe tuinnín trópaiceach a iascach, déanfaidh siad gach tuinnín trópaiceach a ghabhtar a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú chuig calafort.
2.  
Tuinnín trópaiceach a ghabhfaidh soitheach peas-saighne de chuid an Aontais, ní dhéanfar é a aischur le linn an chuir nuair a dhúnfar an eangach go hiomlán agus nuair a aisghabhfar breis agus leath na heangaí. Má bhíonn fadhb theicniúil leis an nós imeachta um eangach a dhúnadh nó a aisghabháil a fhágann nach féidir an toirmeasc sin a chur i bhfeidhm, déanfaidh na máistrí, nó na baill den chriú ar a son, gach iarracht na tuinníní a scaoileadh saor san uisce a luaithe is féidir.
3.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfar tuinníní trópaiceacha a aischur sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina gcinnfidh an máistir go bhfuil na tuinníní trópaiceacha a gabhadh i bhfostú nó brúite sa pheas-saighean, go ndearnadh damáiste dóibh mar gheall ar fhoghail, nó go bhfuair siad bás agus gur lobh siad san eangach i ngeall ar chliseadh trealaimh a chuir cosc leis na gnáthghníomhaíochtaí maidir leis an eangach a aisghabháil, maidir leis an iascaireacht agus maidir leis na héisc a scaoileadh saor beo;

(b) 

i gcás ina gcinnfidh máistir an tsoithigh gur gabhadh na tuinníní trópaiceacha le linn an chuir deiridh agus nach bhfuil dóthain acmhainneachta stórála ann chun na tuinníní trópaiceacha a gabhadh sa chur sin a stóráil; ní fhéadfar na héisc sin a aischur ach amháin ar choinníoll:

(i) 

go bhféachfaidh an máistir nó na baill den chriú leis na tuinníní a scaoileadh saor beo a luaithe is féidir; agus

(ii) 

nach ndéanfar aon oibríocht iascaireachta eile tar éis an t-aschur a bheith déanta, go dtí go ndéanfar na tuinníní ar bord an tsoithigh a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.

4.  
Tuairisceoidh máistrí na soithí iascaireachta gach ábhar muirí aischurtha a tugadh faoi deara do Bhallstáit bhrataí na soithí. Seolfaidh na Ballstáit na tuarascálacha maidir leis an ábhar muirí aischurtha chuig an gCoimisiún mar chuid de shonraí Thascanna I agus II.

▼B

Airteagal 7

Taifead ICCAT ar shoithí údaraithe tuinníní trópaiceacha

1.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill agus laistigh de 30 lá tar éis na himeachta sin ar a dhéanaí, faoi imeacht ar bith a fhágann gur gá cur le taifead ICCAT ar údaraithe tuinníní trópaiceacha, scriosanna a dhéanamh ann nó leasuithe a dhéanamh air. Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus ar a laghad laistigh de 45 lá tar éis na himeachta sin, an fhaisnéis sin a sheoladh chuig Rúnaíocht ICCAT.

▼M3

2.  
Ní cheadófar do shoithí iascaireachta mórscála nach bhfuil i dtaifead ICCAT de shoithí údaraithe tuinníní trópaiceacha, lena n-áirítear soithigh tacaíochta, tuinníní trópaiceacha i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír, ná aon chineál tacaíochta a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear FADanna nó baoithe a chur amach agus a aisghabháil. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.
3.  
Soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil údaraithe le tuinníní trópaiceacha a iascach de bhun Airteagal 6, féadfar a cheadú dóibh foghabháil tuinníní trópaiceacha a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i gcomhréir le huasteorainn foghabhála ar bord le haghaidh na soithí sin. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil, maidir leis an uasteorainn foghabhála a cheadaítear do na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus tabharfaidh siad faisnéis maidir leis an gcaoi a n-áirithíonn siad go gcomhlíontar an teorainn sin.

Airteagal 8

Liosta de na soithí a bhíonn ag iascach tuinníní trópaiceacha aon bhliain ar leith

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain liosta de na soithí údaraithe, a mbíonn a mbratach ar foluain orthu, a rinne tuinníní trópaiceacha a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT nó a thug aon chineál tacaíochta don ghníomhaíocht iascaireachta (soithí tacaíochta) sa bhliain féilire roimhe sin. I gcás soithí peas-saighne, áireofar ar an liosta sin freisin na soithí tacaíochta a thacaigh leis an ngníomhaíocht iascaireachta, gan beann ar a mbratach. Faoin 31 Iúil gach bliain, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht ICCAT faoi na liostaí a fuarthas ó na Ballstáit.

Airteagal 8a

Tearcúsáid nó barrachas tuinnín mórshúileach

1.  
Aon chuid de chuóta bliantúil nó de theorainn ghabhála Ballstáit nach n-úsáidfear nó farasbarr an chuóta nó na teorann sin maidir le thuinnín mórshúileach, féadfar iad a chur leis an gcuóta nó leis an teorainn ghabhála ábhartha nó bainfear iad as an gcuóta nó an teorainn, de réir mar is iomchuí, le linn na bliana coigeartaithe nó roimh an mbliain choigeartaithe i gcomhréir leis na moltaí ICCAT atá i bhfeidhm do thuinnín mórshúileach.
2.  
An tearcúsáid uasta de thuinnín mórshúileach is féidir le Ballstát a thabhairt anonn in aon bhliain ar leith, ní sháróidh sé an méid a cheadóidh ICCAT sa bhliain áirithe sin.

▼B

Airteagal 9

Pleananna bainistíochta i ndáil le feistí um chomhbhailiú éisc

1.  
Maidir le soithí peaslín saighne agus báid baoite ag iascach tuinníní trópaiceacha, i gcomhar le feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), cuirfidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig gach bliain, pleananna bainistíochta faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh úsáid FADanna ag soithí a mbíonn a mbratach ar foluain orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.
2.  

Beidh an méid seo d'aidhm ag pleananna bainistíochta dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

feabhas a chur ar an eolas ar thréithe FAD, tréithe baoi, iascaireacht le FAD, lena n-áirítear iarracht iascaireachta, agus ar an tionchar gaolmhar a imrítear ar spriocspeicis agus speicis nach spriocspeicis iad;

(b) 

bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar imscaradh agus aisghabháil FADanna agus rabhchán agus ar an bhféidearthacht go gcaillfí iad;

(c) 

tionchar FADanna agus iascaireacht FAD ar an éiceachóras a laghdú agus a theorannú, agus sin a dhéanamh, nuair is iomchuí, trí bhearta a dhéanamh i leith gnéithe éagsúla den ráta báis san iascaireacht (e.g. an líon FADanna a imscartar, lena n-áirítear an líon cur FAD de réir líon soithí peas-saighne, acmhainn iascaireachta, líon soithí tacaíochta).

3.  
Sna pleananna bainistíochta dá dtagraítear i mír 1 beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

▼M3

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh is mó ná 300 FAD in aghaidh an tsoithigh ag a mbeidh baoithe oibríochtúla atá gníomhach in úsáid ag an am céanna.
5.  
Déanfar líon FADanna a bhfuil baoithe oibríochtúla acu a fhíorú trí bhillí teileachumarsáide a fhíorú. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit na fíoruithe sin.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit soithí peas-saighne, a mbíonn a mbratach ar foluain orthu, a údarú le FOBanna a chur ar choinníoll go bhfuil breathnóir nó córas faireacháin leictreonach atá ag feidhmiú ar bord an tsoithigh iascaireachta atá in ann cineál an chuir agus comhdhéanamh na speiceas a fhíorú, agus lena soláthraítear faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh.

▼B

Airteagal 10

Ceanglais ar FADanna

1.  

Comhlíonfaidh FADanna na ceanglais seo a leanas:

(a) 

ní bheidh struchtúr dromchlach an FAD clúdaithe le hábhar ar bith nó déanfar é a chlúdach le hábhar is lú baol go rachadh speicis nach spriocspeicis i bhfostú ann agus leis an ábhar sin amháin; agus

(b) 

beidh na comhpháirteanna fodhromchlacha déanta d'ábhar nach rachaidh speicis nach spriocspeicis i bhfostú ann agus d'ábhar den chineál sin amháin.

▼M3

2.  

Agus FADanna á n-úsáid nó á ndearadh acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

a áirithiú nach rachaidh na FADanna uile a chuirtear amach i bhfostú, i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn X;

(b) 

déanfaidh siad iarracht a áirithiú go ndéanfar gach FAD as ábhair in-bhithdhíghrádaithe, mar shampla neamhphlaistigh, cé is moite d’ábhair a úsáidfear chun baoithe rianaithe FAD a dhéanamh.

3.  
Gach bliain, ina bpleananna bainistíochta FADanna, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na bearta a rinneadh chun mír 2 a chomhlíonadh.

▼B

Airteagal 11

Faisnéis faoi FADanna arna cur isteach ag soithí

1.  

Gach uair a dhéanfar FAD a imscaradh, déanfaidh soithí peaslíon saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta de chuid an Aontais an fhaisnéis agus na sonraí seo a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a) 

suíomh FAD;

(b) 

dáta imscartha FAD;

(c) 

an cineál FAD (FAD ar ancaire, FAD saorga le sruth);

(d) 

aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD nó an t-aitheantas rabhcháin, an cineál baoi, e.g., baoi simplí, nó baoi a ghabhann le sondálaí fuaime), nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a aithint;

(e) 

tréithe dearaidh FAD (toisí agus ábhar na páirte a bhíonn ar snámh agus an strúchtúr a bhíonn ar crochadh faoi uisce, agus gné fostúcháin an strúchtúir a bhíonn ar crochadh faoi uisce).

2.  

Gach uair a théann soithí peas saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta de chuid an Aontais chuig FAD, má dhéantar cur ina dhiaidh sin nó mura ndéantar, déanfaidh siad an fhaisnéis a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a) 

cineál cuairte (tarraingt, aisghabháil, obair ar threalamh leictreonach);

(b) 

suíomh an FAD;

(c) 

dáta cuairte;

(d) 

an cineál FAD (FAD ar ancaire, FAD nadúrtha le sruth, FAD saorga le sruth);

▼M3

(e) 

tuairisc loga nó aitheantóir FAD (i.e. marcáil FAD agus aitheantas baoithe nó faisnéis ar bith lenar féidir an t-úinéir a shainaithint);

▼B

(f) 

má dhéantar cur tar éis dul chuig an FAD, torthaí an chuir i dtéarmaí gabhála agus foghabhála, is cuma cé acu ar coinníodh iad nó an ndearnadh iad a aischur, beo nó marbh, nó, mura ndéantar cur tar éis dul chuig an FAD, an chúis atá leis an gcinneadh sin (mura bhfuil a dhóthain iasc ann nó má tá na héisc róbheag, mar shampla);

▼M3

(g) 

aitheantas baoithe.

▼B

3.  

Gach uair a dhéanfar FAD a chailleadh, déanfaidh soithí peas saighne agus soithí gabhála baoite de chuid an Aontais agus soithí tacaíochta uile an Aontais, an fhaisnéis a leanas a bhailiú agus a thuairisciú:

(a) 

an suíomh deireanach a cláraíodh;

(b) 

an dáta ar cláraíodh an suíomh deireanach;

▼M3

(c) 

aitheantóir FAD (i.e., marcáil FAD agus aitheantas baoithe).

4.  
Coimeádfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais liosta de FADanna a cuireadh amach ina mbeidh ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus tabharfaidh siad an liosta cothrom le dáta ar bhonn míosúil i gcomhréir le ceanglais sonraí Thasc II.

▼B

Airteagal 12

Faisnéis faoi FADanna arna cur isteach ag na Ballstáit

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain, 15 lá roimh an sprioc-am arna shocrú ag ICCAT don bhliain sin, i dtreo is go bhféadfar í a chur ar fáil do Rúnaíocht ICCAT:

(a) 

an líon FADanna a imscartar iarbhír, ar bhonn ráithiúil, de réir chineál FAD, agus é tugtha le fios arbh ann nó as do rabhchán/do bhaoi nó do shondálaí fuaime a ghabhann leis an FAD;

▼M3

(b) 

líon agus cineál na rabhchán/na mbaoithe (e.g. raidió, sonóir amháin, sonóir le sondálaí fuaime) a imscartar ar bhonn míosúil i gcomhréir le ceanglais sonraí Thasc II;

(c) 

meánlíon na rabhchán/mbaoithe a ghníomhachtaítear agus a dhíghníomhachtaítear ar bhonn míosúil a lean gach soitheach;

(d) 

meánlíon FADanna a chailltear ar bhonn míosúil ag a bhfuil baoithe gníomhacha;

▼B

(e) 

i ndáil le gach soitheach tacaíochta, an líon laethanta a caitheadh ar muir, in aghaidh gach limistéir greille 1o, in aghaidh na míosa agus de réir Ballstát brataí;

▼M3

(f) 

gabhálacha agus iarracht na soithí peas-saighne agus na mbád baoite, agus líon na gcur (i gcás peas-saighní) de réir modh iascaireachta (scoileanna a bhaineann le FOBanna agus iascaigh scoile saoire) i gcomhréir le ceanglais sonraí Thasc II;

(g) 

nuair a dhéantar gníomhaíochtaí soithí peas-saighne i gcomhar le báid bhaoite, tuairiscí maidir le gabhálacha agus iarracht soithí peas-saighne a bhaineann le báid bhaoite i gcomhréir le ceanglais sonraí Thascanna I agus II.

▼B

Airteagal 13

Logleabhair

Áiritheoidh na Ballstáit:

(a) 

go ndéanfar logleabhair iascaigh pháipéir agus leictreonacha, mar aon le logleabhair FAD, nuair is ann dá leithéid, a bhailiú gan mhoill agus a chur ar fáil d'eolaithe an Aontais;

(b) 

go gcuirfear an fhaisnéis arna bailiú ó logleabhair iascaigh nó logleabhair FAD, nuair is ann dá leithéid, san áireamh i sonraí Thasc II a tharchuirfear chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 50.

▼M3

Airteagal 14

Cumhdach breathnóra agus toirmeasc ar FAD a chur amach i ndáil le hógánaigh a chosaint

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain FADanna ar fuaidreamh do thréimhse 15 lá roimh thús na dtréimhsí coiscthe arna mbunú faoi dhlí an Aontais.
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus atá údaraithe tuinníní trópaiceacha a iascach cumhdach breathnóra íosta a bhunú, mar a leanas:

(a) 

maidir lena soithí spiléireachta atá 20 méadar ar fad nó níos faide, áiritheoidh siad cumhdach breathnóra 10 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta faoi 2022, trí bhreathnóir daonna a bheith ar bord i gcomhréir le hIarscríbhinn IV nó trí chóras faireacháin leictreonach formheasta;

(b) 

maidir lena soithí peas-saighne, cumhdach breathnóra 100 % ar an iarracht iascaireachta, trí bhreathnóir a bheith ar bord i gcomhréir le hIarscríbhinn IV nó trí chóras faireacháin leictreonach formheasta.

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhailigh na breathnóirí nó an córas faireacháin leictreonach formheasta ón mbliain roimhe sin a thuairisciú do Rúnaíocht ICCAT agus do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh faoin 30 Aibreán agus na ceanglais rúndachta dá dtagraítear in Airteagal 72 á gcur san áireamh.

▼B

Airteagal 15

Tuinníní trópaiceacha a iascach in uiscí áirithe de chuid na Portaingéile

Beidh toirmeasc ar aon chainníocht de thuinníní trópaiceacha arna ngabháil le peaslíonta saighne in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Portaingéile i bhfolimistéar ICES X atá suite ar an taobh ó thuaidh de líne domhanleithead 36°30′ ó thuaidh nó i limistéir CECAF ar an taobh ó thuaidh de líne domhanleithead 31° ó thuaidh agus lastoir den líne domhanfhad 17°30′ thiar, beidh toirmeasc ar aon chainníochtaí de na tuinníní trópaiceacha sin a choinneáil ar bord, agus ar dhíriú ar speicis den chineál sin sna limistéir sin leis an trealamh sin. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

▼M3

Airteagal 16

Iascaireacht NNN a shainaithint

Má chuireann Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT an Coimisiún ar an eolas faoi shárú a d'fhéadfadh a bheith déanta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar Airteagal 7(2) nó Airteagal 14 (1) nó (2), cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl don Bhallstát brataí lena mbaineann gan mhoill. Déanfaidh an Ballstát sin an cás a imscrúdú láithreach agus, má bhíonn an soitheach ag iascaireacht i gcomhar le nithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhbhailiúcháin éisc, lena n-áirítear FADanna, le linn na tréimhse coiscthe, iarrfaidh sé ar an soitheach scor den iascaireacht agus, más gá, an limistéar a fhágáil gan mhoill. Tuairisceoidh an Ballstát brataí lena mbaineann don Choimisiún gan mhoill faoi thorthaí a chuid imscrúduithe agus na bearta a rinneadh mar thoradh orthu. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an Stát cósta agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT.

CAIBIDIL II

Tuinnín colgach

Roinn 1

Tuinnín colgach an atlantaigh thuaidh agus an atlantaigh theas

▼B

Airteagal 17

Srianta ar an líon soithí

Measfar gurb é a bheidh sa mheánlíon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí ag iascach tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh mar spriocspeiceas le linn na tréimhse 1993 go 1995, gurb é a bheidh ann an t-uaslíon soithí gabhála de chuid an Aontais a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

▼M3

Airteagal 17a

Údaruithe sonracha le haghaidh soithí gabhála mórscála a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas

1.  
Déanfaidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), do shoithí gabhála mórscála a bhfuil a mbratach ar foluain orthu le tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
2.  
Soithí iascaireachta mórscála nach bhfuil i dtaifead ICCAT de shoithí údaraithe a dhíríonn ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, ní cheadófar dóibh tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas ó limistéar Choinbhinsiún ICCAT a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcásanna den sórt sin.
3.  
Soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil údaraithe tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a iascach de bhun mhír 1, féadfar a cheadú dóibh foghabháil thuinnín colgaca an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i gcomhréir le huasteorainn foghabhála ar bord le haghaidh na soithí sin. Mar chuid den tuarascáil bhliantúil, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis an uasteorainn foghabhála a cheadaíonn siad do shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu.

Airteagal 17b

Tearcúsáid agus barrachas thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas

1.  
Aon chuid de chuóta bliantúil nó de theorainn ghabhála Ballstáit nach n-úsáidfear nó farasbarr an chuóta nó na gabhála sin do thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh nó an Atlantaigh Theas, féadfar iad a chur leis an gcuóta nó leis an teorainn ghabhála ábhartha nó bainfear iad as an gcuóta nó an teorainn, de réir mar is iomchuí, le linn na bliana coigeartaithe nó roimh an mbliain choigeartaithe i gcomhréir le moltaí ICCAT atá i bhfeidhm do thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas.
2.  
Tearcúsáid uasta thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas is féidir le Ballstát a thabhairt anonn in aon bhliain ar leith, ní sháróidh sí an méid a cheadóidh ICCAT sa bhliain áirithe sin.

Airteagal 17c

Taifead ar ghabhálacha thuinnín colgach an Atlantaigh Theas

Ballstáit bhrataí na soithí a dhéanann tuinnín colgach an Atlantaigh Theas a iascach, tuairisceoidh siad gabháil chruinn agus bhailíochtaithe thuinnín colgaca an Atlantaigh Theas do Rúnaíocht ICCAT mar chuid de shonraí Thascanna I agus II dá dtagraítear in Airteagal 50.

Roinn 2

Tuinnín colgach na meánmhara

Airteagal 17d

Iascaigh áineasa le haghaidh thuinníní colgacha na Meánmhara

1.  
Gan dochar d’aon toirmeasc ar iascaigh áineasa faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais, ní dhéanfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ag gabháil d’iascaigh áineasa níos mó ná trí eiseamal de thuinnín colgach na Meánmhara a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír in aghaidh an tsoithigh in aghaidh an lae.
2.  
Beidh toirmeasc ar thuinnín colgach na Meánmhara a ghabhtar in iascaigh áineasa a mhargú.
3.  
Tabharfaidh na Ballstáit liosta de na soithí iascaireachta uile atá ag gabháil d’iascach áineasa, atá údaraithe tuinnín colgach na Meánmhara a iascach, don Choimisiún agus do Rúnaíocht ICCAT, 15 lá ar a laghad sula ndéanfar na gníomhaíochtaí. Soithí nach bhfuil ar an liosta sin, ní údarófar dóibh tuinnín colgach na Meánmhara a iascach.

▼B

CAIBIDIL III

Colgáin

Roinn 1

Colgáin san Atlantach

Airteagal 18

Pleananna bainistíochta le haghaidh cholgán an Atlantaigh Thuaidh

Na Ballstáit ar cionroinneadh cuóta orthu agus a ndéanann soithí dá gcuid iascaireacht ar cholgáin an Atlantaigh Thuaidh, cuirfidh siad a bplean bainistíochta faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

▼M3

Airteagal 18a

Údaruithe sonracha le haghaidh soithí gabhála mórscála a dhíríonn ar cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas

1.  
Déanfaidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2403, do shoithí gabhála mórscála a bhfuil a mbratach ar foluain orthu le colgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a iascach i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
2.  
Soithí iascaireachta mórscála nach bhfuil i dtaifead ICCAT de shoithí údaraithe a dhíríonn ar cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, ní cheadófar dóibh colgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas ó limistéar Choinbhinsiún ICCAT a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.
3.  
Soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil údaraithe colgáin an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a iascach de bhun mhír 1, féadfar a cheadú dóibh foghabháil cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír i gcomhréir le huasteorainn foghabhála ar bord le haghaidh na soithí sin. Mar chuid den tuarascáil bhliantúil, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis an uasteorainn foghabhála a cheadaíonn siad do shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu.

Airteagal 18b

Tearcúsáid cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas

1.  
Aon chuid de chuóta bliantúil nó de theorainn ghabhála Ballstáit nach n-úsáidfear do cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, féadfar í a chur leis an gcuóta nó leis an teorainn ghabhála ábhartha le linn na bliana coigeartaithe nó roimh an mbliain choigeartaithe i gcomhréir leis na moltaí ICCAT atá i bhfeidhm do cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas.
2.  
Tearcúsáid uasta cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas is féidir le Ballstát a thabhairt anonn in aon bhliain ar leith, ní sháróidh sí an méid a cheadóidh ICCAT sa bhliain áirithe sin.

▼B

Airteagal 19

Íosmhéid le haghaidh colgán an Atlantaigh Thuaidh

1.  
Beidh toirmeasc ar dhíriú ar cholgáin, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a thaispeáint nó a chur ar díol, a dhíol nó a mhargú má tá níos lú ná 25 kg de bheomheáchan iontu, nó, de rogha air sin, má tá siad faoi bhun 125 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.
2.  
De mhaolú ar mhír 1, d'fhéadfaí gabhálacha de thaisme de cholgáin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thraschur, a thabhairt i dtír, a iompar, a stórail a dhíol, a thaispeáint nó a chur ar díol más rud é gur níos lú ná 15 % an líon colgán a ghabhtar de thaisme agus nach bhfuil níos mó ná 25 kg beomheáchan iontu nó má tá siad faoi bhun 125 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.
3.  
Déanfar an lamháltas 15 % dá dtagraítear i mír 2 a ríomh ar bhonn an lín colgán mar chuid de líon iomlán gabhála colgán an tsoithigh in aghaidh gach tabhairt i dtír.

Roinn 2

Colgáin sa Mheánmhuir

▼M3

CAIBIDIL IV

Mairlín, colgán na ndealg, mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach

Airteagal 27

Mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach a ghabhtar beo a scaoileadh saor

1.  
A mhéid is féidir, scaoilfidh soithí spiléir peiligeacha de chuid an Aontais agus soithí peas-saighne de chuid an Aontais saor go pras mairlín gorm (Makaira nigricans) agus mairlín geal (Tetrapturus albidus) agus mairlín cruinnghainneach (Tetrapturus georgei) go léir atá ina mbeatha tráth a thugtar ar bord iad, agus aird chuí á tabhairt ar shábháilteacht bhaill den chriú, ar bhealach is lú díobháil agus ar bhealach le go dtiocfaidh a oiread iasc agus is féidir slán.
2.  
Spreagfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na n-íoschaighdeán maidir leis na nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 19-05 ó ICCAT trí threoirlínte a sholáthar dá gcabhlach. Ar mhaithe le scaoileadh sábháilte mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha beo arna ngabháil, beidh na nithe seo a leanas ar fáil go héasca ar deic na soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus beidh rochtain éasca ag baill den chriú orthu: gaireas ardaithe, gearrthóir boltaí, uirlis bainte duáin nó uirlis scaoilte duáin, agus gearrthóir líne.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint leormhaith ar mháistrí agus ar bhaill de chriú a soithí iascaireachta, go mbeidh siad ar an eolas faoi na teicnící cearta maolaithe, aitheantais, láimhseála agus scaoilte agus go n-úsáidfidh siad na teicnící sin, agus áiritheoidh na Ballstáit freisin go gcoinneofar ar bord an trealamh uile is gá chun mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha a scaoileadh i gcomhréir leis na treoirlínte faoi híoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo dá dtagraítear i mír 2.
4.  
Féachfaidh na Ballstáit le básmhaireacht mairlíní gorma, marilíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha i ndiaidh an scaoilte saor a íoslaghdú in iascaigh ICCAT.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit soithí spiléir peiligeacha agus a soithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a údarú mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha atá marbh a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír, laistigh dá dteorainn ghabhála.

Airteagal 28

Mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach a thabhairt i dtír de bhreis ar na deiseanna iascaireachta

Nuair atá a chuóta ídithe ag Ballstát, áiritheoidh an Ballstát sin nach ndíolfar agus nach gcuirfear ar an margadh mairlíní gorma, mairlíní geala agus mairlíní cruinnghainneacha arna dtabhairt i dtír, ar mairlíní iad a bhí marbh tráth a tugadh isteach go taobh an tsoithigh iad. Ní bhainfear tabhairt i dtír dá leithéid de theorainneacha gabhála an Bhallstáit mar a leagtar amach iad ar bhonn theorainn an Aontais maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar síos i mír 2 de Mholadh ICCAT 19-05 iad, ar choinníoll go mínítear toirmeasc mar sin go soiléir sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo.

Airteagal 29

Iascach áineasa mairlín ghoirm, mairlín ghil agus mairlín chruinnghainnigh

1.  
Ballstáit bhrataí na soithí atá ag gabháil d'iascach áineasa mairlín ghoirm, mairlín ghil agus mairlín chruinnghainnigh, áiritheoidh siad go leanfaidh cumhdach breathnóra eolaíoch de 5 % de na gabhálacha de mhairlín gorm, de mhairlín geal agus de mhairlín cruinnghainneach a thugtar i dtír a bhreathnú.
2.  
In iascaigh áineasa mairlín ghoirm, beidh feidhm ag íosmhéid caomhnaithe de 251 cm i bhfad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.
3.  
In iascaigh áineasa mairlín ghil agus mairlín chruinnghainnigh, beidh feidhm ag íosmhéid caomhnaithe de 168 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill.
4.  
Maidir le mairlín gorm, mairlín geal nó mairlín cruinnghainneach a ghabhtar in iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar a ndíol nó a gcur ar díol ina gconablacha iomlána nó ina gcodanna de chonablach.
5.  
Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, in iascaigh áineasa, go scaoilfear aon iasc saor ar bhealach is lú is díobháil.

Airteagal 29a

Sonraí a bhailiú maidir le colgán na ndealg

Baileoidh na Ballstáit sonraí maidir le gabhálacha cholgán na ndealg, lena n-áirítear ábhar muirí aischurtha atá beo agus marbh, agus tuairisceoidh siad na sonraí sin gach bliain mar chuid de thíolacadh sonraí Thascanna I agus II chun tacú leis an bpróiseas measúnaithe ar stoc.

Airteagal 29b

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le mairlín, mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach

1.  
Cuirfidh na Ballstáit cláir maidir le bailiú sonraí chun feidhme lena n-áiritheofar tuairisciú ar shonraí cruinne i dtaca le gabháil mairlín, iarracht, méid agus ábhar muirí aischurtha do ICCAT i gcomhréir le ceanglais ICCAT maidir le sonraí Thascanna I agus II a thíolacadh.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin a mbileoga seiceála maidir le mairlíní a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 18-05 ICCAT lena n-áirítear faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí atá déanta acu ar bhonn intíre chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha agus chun mairlíní a chaomhnú agus a bhainistiú.
3.  
Mura dtuairisceofar sonraí Thasc I, lena n-áirítear ábhar muirí aischurtha marbh, maidir le mairlín gorm, mairlín geal agus mairlín cruinnghainneach i gcomhréir le Rún 01-06 ICCAT agus Moladh 11-15 ICCAT, toirmeascfar na speicis sin a choinneáil.

▼B

CAIBIDIL V

Siorcanna

Airteagal 30

Forálacha ginearálta

1.  
In iascaigh nach bhfuil ag díriú ar shiorcanna, na siorcanna beo a ghabhtar de thaisme agus nach n-úsáidtear le haghaidh bia nó cothaithe, scaoilfear saor iad.
2.  
I gcás inar féidir, déanfaidh na Ballstáit taighde ar speicis de shiorcanna a ghabhtar i limistéar Chonbhinsiún ICCAT chun roghnaíocht trealaimh iascaireachta a fheabhsú, chun limistéir a d'fhéadfadh bheith ina n-iasclanna a shainaithint agus chun iamh ama agus limistéir agus bearta eile a mheas, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh taighde dá shórt faisnéis ar fáil faoi pharaiméadair ríthábhachtacha bhitheolaíochta agus éiceolaíochta, faoi bheatha agus gnéithe iompair ainmhithe, chomh maith le limistéir a shainaithint a d'fhéadfadh bheith ina meánna le haghaidh cúplála, pór a bhreith agus iasclann.

Airteagal 31

Craosairí (Lamna nasus)

1.  
Maidir le craosairí a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablaigh iomlána.
2.  
Maidir le craosairí a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thugtar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 32

Sionnaigh mhara mhórshúileacha (Alopias superciliosus)

1.  
Maidir le sionnaigh mhara mhórshúileacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.
2.  
Maidir le sionnaigh mhara mhórshúileacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

▼M3

Airteagal 33

Siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh (Isurus oxyrinchus)

1.  
Ní dhéanfar díobháil do shiorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh a ghabhtar i soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus scaoilfear saor san fharraige iad go pras a mhéid is indéanta, agus aird chuí á tabhairt ar shábháilteacht bhaill den chriú.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu na híoschaighdeáin i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 33a

Siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas (Isurus oxyrinchus)

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidhsoithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu na híoschaighdeáin i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um láimhseáil agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.
2.  
Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go míosúil gach tabhairt i dtír incheadaithe de shiorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas a dhéanann soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu. Cuirfear na tuarascálacha sin chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dheireadh na míosa féilire ina ndearnadh na gabhálacha. Ina theannta sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach bliain maidir le hábhair mhuir aischurtha marbha, scaoileadh beo agus líon iomlán gabhálacha na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu.
3.  
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, Ballstáit bhrataí soithí a ghabh siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas (tabhairt i dtír agus ábhar muirí aischurtha marbh), cuirfidh siad in iúl don Choimisiún an mhodheolaíocht staidrimh a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar ábhar muirí aischurtha marbh agus ar scaoileadh beo. Soláthróidh na Ballstáit a bhfuil iascaigh cheirde agus mhionscála acu faisnéis freisin faoina gcláir maidir le bailiú sonraí.
4.  
Mar chuid dá gcúraimí bliantúla sonraí maidir le Tascanna 1 agus II a thíolacadh, soláthróidh na Ballstáit na sonraí ábhartha uile maidir le siorcanna mácó biorshrónach an Atlantaigh Theas don Choimisiún, lena n-áirítear meastacháin ar ábhar muirí aischurtha marbh agus ar scaoileadh beo trí úsáid a bhaint as na modhanna arna bhformheas ag Buanchoiste ICCATum Thaighde agus um Staidreamh.
5.  
Soithí iascaireachta a choinníonn siorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Theas, ní dhéanfaidh siad siorcanna mácónna biorshrónacha an Atlantaigh Theas a thrasloingsiú go hiomlán nó go páirteach, ar siorcanna iad a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT.

▼B

Airteagal 34

Siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus)

1.  
Maidir le siorcanna bána aigéanacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.
2.  
Maidir le siorcanna bána aigéanacha a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 35

Siorcanna ceann casúir

1.  
Maidir le siorcanna ceann casúir de phór Sphyrnidae (ach amháin Sphyrna tiburo) a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.
2.  
Maidir le siorcanna ceann casúir a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú tráth a thabharfar isteach le taobh an tsoithigh iad.

Airteagal 36

Síodsiorcanna (Carcharhinus falciformis)

1.  
Maidir le síodsiorcanna a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, beidh toirmeasc ar a gcoinneáil ar bord, a dtrasloingsiú nó a dtabhairt i dtír, bíodh siad ina gcodanna de chonablach nó ina gconablacha iomlána.
2.  
Maidir le síodsiorcanna a ghabhtar i gcomhar le hiascaigh ICCAT, scaoilfidh soithí gabhála de chuid an Aontais leo gan mhoill agus gan ghortú, ar a dhéanaí sula gcuirtear an ghabháil isteach i mbolg an tsoithigh, agus aird chuí á tabhairt ar shlándáil bhaill an chriú.
3.  
Na soithí peas-saighne de chuid an Aontais atá ag gabháil d'iascaigh ICCAT, déanfaidh siad bearta breise chun ráta marthanais na síodsiorcanna a ghabhtar de thaisme a mhéadú. Tuairisceoidh na Ballstáit an dul chun cinn ina leith sin don Choimisiún, mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71.

▼M3

Airteagal 36a

Sonraí a bhailiú maidir le siorcanna

1.  
Cuirfidh na Ballstáit cláir maidir le bailiú sonraí chun feidhme lena n-áiritheofar tuairisciú cruinn ar shonraí i dtaca le gabháil siorcanna, iarracht, méid agus ábhar muirí aischurtha do ICCAT i gcomhréir leis na ceanglais maidir le sonraí Thascanna I agus II a sholáthar.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin a mbileoga seiceála cur chun feidhme maidir le siorcanna, rud a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 18-06 ICCAT, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí atá déanta acu ar bhonn intíre chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha agus chun siorcanna a chaomhnú agus a bhainistiú.

▼B

Airteagal 37

Sampláil speiceas siorcanna arna déanamh ag breathnóirí eolaíochta agus daoine aonair údaraithe eile

1.  

De mhaolú ar an toirmeasc ar chraosairí, sionnaigh mhara mhórshúileacha, siorcanna bána aigéanacha, siorcanna ceann casúir (de phór Sphyrnidae, ach amháin Sphyrna tiburo) agus síodsiorcanna a choinneáil ar bord, mar a leagtar amach in Airteagail 31, 32, 34, 35 agus 36, beidh de chead ag breathnóirí eolaíochta, nó ag daoine aonair a mbeidh údarú faighte acu ó CPC, samplaí bitheolaíocha a bhailiú le linn oibríochtaí iascaireachta tráchtála ar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach mbailítear samplaí bitheolaíocha ach ó ainmhithe atá marbh tráth a thugtar ar bord iad;

(b) 

go nglactar na samplaí mar chuid de chreat tionscadail taighde a cuireadh in iúl do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh agus a forbraíodh agus na tosaíochtaí taighde a mhol an Coiste sin á gcur san áireamh. Ba cheart doiciméad mionsonraithe a bheith san áireamh leis an tionscadal taighde ina dtugtar tuairisc ar chuspóir an tionscadail, na modheolaíochtaí atá le húsáid, líon agus cineál na samplaí atá le bailiú agus am agus limistéar na samplála;

(c) 

coinnítear na samplaí bitheolaíocha ar bord go dtí go dtugtar i dtír iad ag an gcalafort nó go dtí go dtrasloingsítear iad; agus

(d) 

ní mór údarú an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain air nó, i gcás soithí cairtfhostaithe, údarú ó CPC cairtfhostaithe agus údarú an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain air, dul in éineacht le gach sampla arna bhailiú i gcomhréir leis an Airteagal seo go dtí an calafort deiridh a dtugtar éisc i dtír ann. Ní chuirfear na samplaí sin nó codanna eile d'eiseamail na siorcanna a samplaíodh ar an margadh ná ní dhíolfar iad.

2.  
Féadfaidh veirteabraí, fíochán, conair atáirgthe, goilí, samplaí craicinn, comhla corna, gialla, éisc iomlána nó cnámharlaigh a chur san áireamh sna samplaí bitheolaíocha dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh staidéar tacsanomaíoch agus fardail fána.
3.  
Ní féidir tús a chur le feachtas samplála go dtí go n-eisíonn an Ballstát lena mbaineann an t-údarú.

CAIBIDIL VI

Éanlaith mhara

Airteagal 38

Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mharasa limistéar idir 20° ó Dheas agus 25° ó Dheas

1.  
Gach soitheach a théann ag iascaireacht idir 20° agus 25° ó dheas, déanfaidh siad línte scanraithe éan agus cuaillí scanraithe éan, a chomhlíonann na ceanglais agus na treorlínte forlíontacha arna leagan amach in Iarscríbhinn V, a iompar agus a úsáid.
2.  
Cuirfear línte scanraithe éan ag feidhmiú i gcónaí sula dtéann na spiléir amach san uisce.
3.  
I gcás inarb indéanta, úsáidfear an dara cuaille scanraithe éan agus an dara líne scanraithe éan tráth a bhíonn cuid mhór éan ann nó cuid mhór gníomhaíocht éan ann.
4.  
Beidh línte breise scanraithe éan ar bord gach soithigh agus iad réidh le húsáid ag am ar bith.
5.  

Soithí spiléir atá ag díriú ar cholgáin trí úsáid a bhaint as trealamh spiléir aonfhiliméid, tá siad díolmhaithe ó cheanglais mhíreanna 1, 2 agus 3, faoi réir na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

cuirtear amach spiléir san oíche, agus déantar an oíche a shainmhíniú mar an tréimhse idir coineascar muirí agus camhaoir mhuirí dá dtagraítear san almanag loingseoireachta le haghaidh an limistéir iascaireachta i gceist; agus

(b) 

úsáidtear íosmheáchan 60 g ar sclóin agus é suite laistigh de 3 mhéadar ón duán chun na rátaí suncála is fearr a bhaint amach.

Ballstáit brataí na soithí atá faoi réir an mhaolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad na torthaí eolaíocha a fuarthas mar gheall ar an gclúdach breathnóra ar na soithí sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 39

Bearta maolaithe le haghaidh éanlaith mhara sa limistéar ar an taobh ó dheas de 25° ó dheas

Úsáidfidh soithí spiléir dhá cheann ar a laghad de na bearta maolaithe seo a leanas i gcomhréir leis na ceanglais agus leis na treorlínte forlíontacha a leagtar síos in Iarscríbhinn V:

(a) 

líonta a chur san oíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá;

(b) 

línte scanraithe éan;

(c) 

meáchan a chur ar na línte.

Airteagal 40

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le héanlaith mhara

1.  
Déanfaidh soithí spiléir faisnéis a bhailiú agus a chur ar fáil dá mBallstát brataí maidir le hidirbhearta le héanlaith mhara, lena n-áirítear gabhálacha a tharlaíonn de thaisme. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le cur chun feidhme na mbeart atá leagtha síos in Airteagal 38 agus in Airteagal 39 agus maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh plean gníomhaíochta an Aontais a chur chun feidhme chun gabhálacha d'éanlaith mhara a tharlaíonn de thaisme i dtrealamh iascaireachta a laghdú.

CAIBIDIL VII

Turtair mhara

Airteagal 41

Forálacha ginearálta maidir le turtair mhara

1.  
Déanfaidh soithí peas-saighne gan turtair mhara a chiorclú agus déanfaidh siad turtair mhara a chiorclaítear nó atá i bhfostú a scaoileadh saor, lena n-áirítear turtair atá i bhfostú ar FADanna. Déanfaidh siad idirbhearta idir peaslíonta saighne nó FADanna agus turtair mhara a thuairisciú dá mBallstát brataí.
2.  
Déanfaidh soithí spiléir peiligeacha trealamh láimhseála sábháilte, trealamh fuascailte agus trealamh scaoilte saor a iompar agus a úsáid le gur féidir turtair mhara a scaoileadh saor ar bhealach le go dtiocfadh a oiread agus is féidir slán.

▼M3

2a.  

Ceanglóidh na Ballstáit ar na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a bhíonn ag iascaireacht le spiléir éadomhain an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

gan ach duáin mhóra chiorclacha a úsáid;

(b) 

gan ach baoite éisc eite a úsáid; nó

(c) 

bearta eile a úsáid a bhfuil athbhreithniú déanta orthu agus a mheas ICCAT a bheith éifeachtach agus a d’fhormheas ICCAT chun ráta idirghníomhaíochta na dturtar mara in iascaigh spiléir éadomhain a laghdú.

▼B

3.  
Úsáidfidh iascairí ar shoithí spiléir pheiligeacha an trealamh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, ionas go dtiocfadh a oiread agus is féidir de na turtair mhara slán.

▼M3

4.  

Déanfaidh na Ballstáit é seo a leanas:

(a) 

a áirithiú go laghdófar na hidirghníomhaíochtaí le turtair mhara agus go gcuirfear deireadh leo a mhéid is féidir, i gcás inar doiciméadaíodh teagmháil le turtair mhara agus ina dtugtar tuairisc do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh ina leith, trí úsáid a bhaint as ceann amháin ar a laghad de na bearta maolaithe foghabhálacha seo a leanas nó trí leanúint dá n-úsáid:

(i) 

cineálacha trealaimh mhalartacha nó nua agus mionathruithe trealaimh;

(ii) 

srianta iascaireachta amlimistéir agus tréimhsí coiscthe i gcásanna ina bhfuil riosca níos mó ann d’dirghníomhaíochtaí le turtair mhara;

(iii) 

marcáil éifeachtach trealamh eangaí statach lenar féidir le turtair mhara iad a bhrath, mar shampla, dathanna eangaí, frithchaiteoirí éighníomhacha éadroma, trastomhas sreangáin thiubha, coirc nó ábhair eile laistigh den líon a úsáid;

(iv) 

modhnuithe ar iompraíocht iascaireachta agus ar straitéis iascaireachta (e.g. laghdú ar an am maothaithe, etc.);

(b) 

a cheangal ar shoithí peas-saighne a bhfuil a mbratach ar foluain orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

ciorclú turtar mara a sheachaint a mhéid is féidir;

(ii) 

turtair mhara chiorclaithe nó atá i bhfostú a scaoileadh saor, lena n-áirítear turtair mhara atá i bhfostú ar FADanna, i gcás inarb indéanta; agus

(iii) 

a áirithiú go dtógtar FADanna a imscartar i gcomhréir le hIarscríbhinn X chun deireadh a chur go héifeachtach le rioscaí dul i bhfostú na dturtar mara;

(c) 

gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go scaoilfear saor go sábháilte turtair mhara ar bhealach a uasmhéadóidh an dóchúlacht go dtiocfaidh siad slán tríd an méid seo a leanas a cheangal:

(i) 

déanfaidh soithí peas-saighne agus soithí spiléireachta, agus cineálacha eile soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a úsáideann trealamh a d’fhéadfadh turtair mhara a chur i bhfostú, uirlisí bainte duáin, gearrthóirí dorú agus cliabhán ardaithe nó eangacha cochaill a iompar ar bord, de réir mar is iomchuí do gach cineál trealaimh agus atá i gcomhréir leis na “Cleachtais is Fearr maidir le turtair mhara a láimhseáil agus a scaoileadh saor” de Threoirlínte FAO chun básmhaireacht na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta (2009) (“treoirlínte FAO”);

(ii) 

úsáideann úinéirí, oibreoirí agus baill de chriú na soithí dá dtagraítear i bpointe (i), chomh maith le haon bhreathnóirí ar bord, an trealamh dá dtagraítear sa phointe sin i gcomhréir leis na cleachtais um láimhseáil shabháilte agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh turtair mhara in Iarscríbhinn VI, agus i gcomhréir le treoirlínte FAO;

(iii) 

go spreagfar úinéirí, oibreoirí agus baill de chriú na soithí dá dtagraítear i bpointe (i) dul faoi oiliúint ar úsáid an trealaimh dá dtagraítear sa phointe sin;

(d) 

a cheangal ar a n-iascairí ar shoithí atá ag díriú ar speicis a chumhdaítear le Coinbhinsiún ICCAT aon turtar mara arna ghabháil agus atá i dtámhshuan nó neamhghníomhach a thabhairt ar bord, más indéanta, a luaithe is féidir agus a théarnamh a chothú, lena n-áirítear é a athbheochan, i gcomhréir le Roinn C d’Iarscríbhinn VI sula gcuirfear ar ais san uisce é;

(e) 

a áirithiú go bhfuil iascairí ar an eolas faoi theicnící cuí maolaithe agus láimhseála, mar a chuirtear síos orthu in Iarscríbhinn VI, agus go n-úsáideann siad na teicnící sin.

5.  
Féachfaidh na Ballstáit le cumhdach breathnóra eolaíoch na soithí iascaireachta spiléireachta a ghabhann d’iascaigh ICCAT ina ndearnadh teagmháil le turtair mhara a dhoiciméadú agus a thuairisciú do Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus Staidreamh, thar an íosleibhéal 5 %, go 10 % faoin 1 Eanáir 2024. Féadfar an méadú sin a bhaint amach le breathnóirí daonna nó le córais um fhaireachán leictreonach (EMS), nó leis an dá rud.

D‘ainneoin na chéad fhomhíre, maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fhad ina n-iomláine, i gcás ina bhféadfadh imní urghnách a bheith ann maidir le sábháilteacht a fhágann nach féidir breathnóir a chur amach ar bord, féadfaidh Ballstát cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid lena mbaileofar sonraí atá coibhéiseach leis na sonraí sin a shonraítear sa Rialachán seo ar bhealach a áiritheoidh clúdach comparáideach. Aon bhealaí cur chuige malartacha a chuirfear chun feidhme de bhun na fomhíre seo, beidh siad faoi réir fhormheas ICCAT ag an gcruinniú bliantúil roimh a gcur chun feidhme.

6.  

Sa Mheánmhuir:

(a) 

ní bheidh feidhm ag mír 2a;

(b) 

beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5 ón 1 Eanáir 2026.

▼B

Airteagal 42

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le turtair mhara

1.  

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis maidir le hidirbhearta a soitheach le turtair mhara in iascaigh ICCAT de réir an chineáil trealaimh a bhailiú agus a tharchur chuig an gCoimisiún, faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain. San fhaisnéis sin beidh an méid seo a leanas:

(a) 

rátaí gabhála, gnéithe trealaimh, amanna agus suíomhanna, spriocspeicis agus stádas aischuir (i.e. caite thar bord agus iad marbh nó scaoilte saor ina mbeatha);

(b) 

miondealú maidir le hidirbhearta le speicis turtair mhara; agus

(c) 

an dóigh ar gabhadh ar dhuán nó san eangach é (lena n-áirítear le FADanna), cineál baoite, méid agus cineál an duáin, agus méid an ainmhí.

2.  
Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún mar chuid den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71 maidir le cur chun feidhme Airteagal 41 agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha eile a dhéantar, i dtaca le hiascaigh ICCAT, chun Treorlínte maidir le ráta báis na dturtar mara a laghdú in oibríochtaí iascaireachta, a d'fhoilsigh an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (EBT) in 2010 a chur chun feidhme.

CAIBIDIL VIII

Deiseanna iascaireachta maidir le tuinníní gorma agus colgáin

▼M2 —————

▼B

TEIDEAL III

BEARTA RIALÁLA COITEANNA

CAIBIDIL I

Údaruithe

Airteagal 44

Taifead ICCAT ar shoithí iascaigh mórscála

1.  
Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 4 ), do shoithí iascaigh mórscála a bhfuil a mbratach ar foluain orthu, le díriú ar speicis ICCAT, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí iascaireachta mórscála arna n-údarú de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan mhoill ionas go gcuirfear san áireamh é ar an taifead atá ag ICCAT de na soithí iascaireachta mórscála.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill agus laistigh de thréimhse 30 lá ar a laghad, faoi imeacht ar bith ar gá breis a chur ina thaobh le taifead ICCAT maidir le soithí iascaireachta mórscála nó ar gá ábhar a scriosadh den taifead sin nó é a mhodhnú dá bharr. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT, laistigh de 45 lá ar a dhéanaí tar éis dháta an imeachta.
4.  
Soithí iascaireachta mórscála nach bhfuil cláraithe ar thaifead ICCAT de na soithí iascaireachta mórscála, ní bheidh cead acu díriú ar speicis ICCAT i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, iad a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013 sna cásanna sin.

▼M3

Airteagal 44a

Córas um fhaireachán soithí

I gcás ina mbeidh feistí rianaithe suiteáilte in soithí iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feistí rianaithe na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu ag feidhmiú go buan agus go leanúnach agus go mbaileofar agus go dtarchuirfear an fhaisnéis chuig údaráis inniúla an Bhallstáit uair amháin gach uair an chloig ar a laghad i gcás soithí peas-saighne agus ar a laghad uair amháin gach 2 uair an chloig i gcás gach soithigh eile atá dírithe ar speicis ICCAT.

I gcás cliseadh teicniúil nó neamhoibriú an fheiste rianaithe atá feistithe ar bord soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, déanfar an feiste a dheisiú nó feiste eile a chur ina ionad a luaithe is féidir nó i gcás ar bith laistigh de 1 mhí amháin ó tharla an teagmhas, ach amháin mura bhfuil an soitheach á oibriú i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a thuilleadh. Ní chuirfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais tús le turas iascaireachta gan an feiste rianaithe a bheith deisithe nó feiste eile a bheith curtha ina ionad.

▼B

CAIBIDIL II

Cairtfhostú

Airteagal 45

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le socruithe um chairtfhostú, nach mbaineann le cairtfhostú lom, idir soithí gabhála de chuid an Aontais agus soithí gabhála de chuid CPCanna, i gcás nach ndéanann na soithí gabhála de chuid an Aontais lena mbaineann a mbratach a athrú.

Airteagal 46

Forálacha ginearálta

1.  

Ní bheidh de chead ag soithí gabhála de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach i socrú um chairtfhostú arna chur i gcrích i gcomhar le CPCanna ach mar shoithí cairtfhostaithe, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh údarú iascaireachta ag na soithí cairtfhostaithe arna eisiúint ag CPC cairtfhostaithe agus ní bheidh siad ar liosta NNN ICCAT;

(b) 

ní bheidh na soithí údaraithe iascaireacht a dhéanamh faoi níos mó ná aon socrú amháin maidir le cairtfhostú ag an am céanna;

(c) 

déanfar gabhálacha na soithí cairtfhostaithe a dhíluchtú go heisiach i gcalafoirt na CPCanna cairtfhostaithe, mura ndéantar fóráil ar bith eile ina leith sa socrú maidir le cairtfhostú; agus

(d) 

bunófar an chuideachta chairtfhostaithe go dleathach sa CPC cairtfhostaithe.

2.  
Aon trasloingsiú a dhéanfar ar muir, údaróidh an CPC cairtfhostaithe roimh ré agus go hiomchuí é agus déanfar an trasloingsiú sin faoi réir na bhforálacha arna leagan síos i gCaibidil IV den Teideal seo.

Airteagal 47

Fógra a thabhairt

1.  
Tráth a dhéanfar an socrú um chairtfhostú, tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún faoina thoiliú uaidh maidir leis an socrú um chairtfhostú.
2.  
Más amhlaidh, laistigh de 15 lá féilire ó cuireadh an fógra dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún, nár iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise, féadfaidh an soitheach tús a chur leis na gníomhaíochtaí iascaireachta lena mbaineann.
3.  
Cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi fhoirceannadh gach cairtfhostaithe.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a sheoladh ar aghaidh gan mhoill chuig Rúnaíocht ICCAT.

CAIBIDIL III

Gabhálacha a rialú

Airteagal 48

Cuótaí agus ceanglais maidir le híosmhéid a chomhlíonadh

1.  
Faoin 20 Lúnasa gach bliain seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún faisnéis maidir le gabhálacha speicis ICCAT atá faoi réir cuótaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin agus maidir le comhlíonadh na gceanglas maidir le híosmhéid.
2.  
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 49

Gabhálacha a shampláil

1.  
Déanfar gabhálacha a shampláil chun críocha faisnéis a fheabhsú maidir le bitheolaíocht na speiceas ábhartha ICCAT agus chun meastúchán a dhéanamh i dtaca leis na paraiméadair is gá chun meastóireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún ( 6 ) agus leis an “Lámhleabhar oibríochtúil don staidreamh agus do shampláil tuinníní an Atlantaigh agus éisc is comhchosúil le tuinníní” a d'fhoilsigh ICCAT in 1990.
2.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ceanglais mhionsonraithe a bhaineann le gabhálacha a shampláil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).

Airteagal 50

Fógra a thabhairt maidir le gabháil agus iarracht iascaireachta

1.  

Mura ndéanann an Coimisiún a mhalairt a bhunú chun spriocdhátaí bliantúla arna leagan síos ag ICCAT a chomhall, seolfaidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí seo a leanas (sonraí Thasc I) chuig an gCoimisiún:

(a) 

faisnéis faoi thréithe a gcabhlaigh don bhliain roimhe sin;

(b) 

meastacháin ar shonraí na gabhála bliantúla ainmniúla (lena n-áirítear de réir foghabhála agus sonraí faoi ábhar aischurtha) a bhaineann le speicis ICCAT don bhliain roimhe sin.

2.  

Mura ndéanann an Coimisiún a mhalairt a bhunú chun spriocdhátaí bliantúla arna leagan síos ag ICCAT a chomhall, seolfaidh na Ballstáit, faoin 30 Meitheamh gach bliain, na sonraí seo a leanas (sonraí Thasc II) maidir le speicis ICCAT chuig an gCoimisiún:

(a) 

sonraí maidir le gabháil agus leis an iarracht iascaireachta don bhliain roimhe, ina dtugtar miondealú mionsonrach spásúil-ama; áireofar sna sonraí sin meastacháin ar ábhar aischurtha agus ábhar scaoilte agus stádas na n-iasc á léiriú orthu (marbh nó ina mbeatha);

(b) 

léireofar aon sonraí atá acu faoi ghabhálacha in iascaigh áinleasa don bhliain roimhe.

3.  
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe do shonraí Thasc I agus do shonraí Thasc II dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo faoi seach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).

CAIBIDIL IV

Trasloingsiú

Airteagal 51

Raon feidhme

1.  

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na hoibríochtaí trasloingsithe seo a leanas:

(a) 

oibríochtaí trasloingsithe a dhéantar laistigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT i dtaca le speicis ICCAT agus le speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin; agus

(b) 

oibríochtaí trasloingsithe a dhéantar lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT i dtaca le speicis ICCAT agus le speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin, agus a gabhadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2.  
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le trasloingsithe ar muir lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT d'éisc a gabhadh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, más amhlaidh go bhfuil trasloingsiú dá shórt faoi réir clár le haghaidh trasloingsithe a bhunaigh ERBI tuinnín eile.
3.  
Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le soithí harpúin atá ag gabháil de thrasloingsiú colgán úr ar muir.

Airteagal 52

Trasloingsiú i gcalafort

1.  
Déanfar gach oibríocht trasloingsithe i gcalafoirt ainmnithe, ach amháin i gcás soithí spiléir peiligeacha mórscála de bhun Airteagal 53 go hAirteagal 60.
2.  
Comhlíonfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais na hoibleagáidí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII tráth a bhíonn siad ag déanamh trasloingsithe i gcalafort.
3.  
Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'Airteagal 17 go hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagail 4, 6, 7, agus 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

Airteagal 53

Trasloingsiú ar muir

Trasloingsiú ar muir a dhéanann soithí spiléir peiligeacha mórscála, déanfar é i gcomhréir le hAirteagal 54 go hAirteagal 60.

Airteagal 54

Taifead ICCAT ar shoithí iompair

1.  
Eiseoidh na Ballstáit údaruithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 7 ), do shoithí iompair trasloingsithe a thógáil ar muir ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí iompair atá údaraithe de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT gan mhoill le go gcuirfear san áireamh é i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit brataí an Coimisiún ar an eolas go pras faoi aon ábhar breise a chuirtear lena liostaí de na soithí iompair nó aon ábhar a scriostar díobh nó a mhodhnaítear orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.

▼M3

4.  

Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:

— 
ainm an tsoithigh, uimhir chláir,
— 
uimhir taifid ICCAT (más ann),
— 
Uimhir IMO,
— 
an t-ainm a bhí ann roimhe (más ann),
— 
an bhratach roimhe seo (más ann),
— 
mionsonraí a scriosta ó chláir eile (más ann),
— 
comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió,
— 
cineál soithí, fad, olltonnáiste cláraithe (OTC) agus acmhainneacht iompair,
— 
ainmneacha agus seoltaí na n-úinéirí agus na n-oibreoirí,
— 
an cineál transloingsithe a údaraítear (i.e., i gcalafort, ar muir),
— 
tréimhse ama údaraithe le haghaidh trasloingsiú.

▼B

5.  
Ní fhéadfaidh ach soithí iompair atá cláraithe ar thaifead ICCAT ar na soithí iompair trasloingsiú ar muir dá dtagraítear in Airteagal 53 a fháil.

Airteagal 55

Údarú do shoithí spiléir peiligeacha mórscála trasloingsiú a dhéanamh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT

1.  
Déanfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint, i gcomhréir le forálacha de chuid Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhlaigh iascaireachta sheachtracha a bhainistiú go hinbhuanaithe ( 8 ), do shoithí spiléir peiligeacha mórscála a mbíonn a mbratach ar foluain orthu trasloingsiú ar muir.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit na liostaí de na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe de bhun mhír 1 faoi bhráid an Choimisiúin, tráth a n-údaraithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit brataí an Coimisiún ar an eolas go pras faoi aon bhreisiúchán a chuirtear lena liostaí de shoithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir nó aon ábhar a scriostar díobh nó a mhodhnaítear orthu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.
4.  

Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ní mór dó teacht leis an bhformáid agus leis an leagan amach a bhunaigh Rúnaíocht ICCAT agus áireofar ann an fhaisnéis seo a leanas:

— 
ainm an tsoithigh, uimhir chláir;
— 
uimhir taifid ICCAT;
— 
tréimhse ama údaraithe le haghaidh trasloingsiú ar muir;
— 
bratach (bratacha), ainm (ainmneacha) agus uimhir chláir (uimhreacha cláir) na soithí iompair údaraithe lena n-úsáid do shoitheach (shoithí) spiléir peiligeach (peiligeacha) mórscála.

Airteagal 56

Réamhúdarú le haghaidh trasloingsiú ar muir

1.  
Na trasloingsithe a dhéanann soithí spiléir peiligeacha mórscála in uiscí faoi dhlínse CPC, tá siad faoi réir réamhúdaraithe an CPC chéanna. Ní mór an leagan bunaidh nó cóip den údarú sin a choinneáil ar an soitheach agus é a chur ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar a iarraidh sin dó.
2.  
Ní bheidh cead ag soithí spiléir peiligeacha mórscála trasloingsiú ar muir mura mbeidh réamhúdarú faighte acu óna mBallstát brataí. Ní mór an leagan bunaidh nó cóip de dhoiciméid an údaraithe sin a choinneáil ar an soitheach agus é a chur ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar a iarraidh sin dó.
3.  

Chun na réamhúdaruithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a fháil, ní mór do mháistir nó d'úinéir an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d'údaráis a Bhallstáit bhrataí agus don CPC cósta, ar a laghad 24 uair an chloig roimh an trasloingsiú atá beartaithe:

(a) 

ainm an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála agus an uimhir atá air i dtaifid ICCAT ar na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir;

(b) 

ainm an tsoithigh iompair agus an uimhir atá air i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair;

(c) 

an táirge atá le trasloingsiú, de réir speicis, más eol sin, agus, más féidir, de réir stoic;

(d) 

cainníochtaí speiceas ICCAT atá le trasloingsiú, más féidir, de réir stoic;

(e) 

cainníochtaí speiceas eile a ghabhtar i gcomhar le speicis ICCAT atá le trasloingsiú speiceas ar speiceas, más eol sin;

(f) 

dáta agus suíomh an trasloingsithe;

(g) 

suíomh geografach na ngabhálacha de réir speicis agus, más iomchuí, de réir stoic, i gcomhréir le limistéir staidrimh ICCAT.

Airteagal 57

Dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú

1.  
Déanfaidh máistir nó úinéir an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus a chur chuig a Bhallstát brataí agus chuig an CPC cósta faoi cheann 15 lá ar a dhéanaí.
2.  
Déanfaidh máistir an tsoithigh iompair glactha, faoi cheann 24 uair an chloig ó rinneadh an trasloingsiú, an dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus a chur chuig Rúnaíocht ICCAT, chuig CPC brataí an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála agus chuig a Bhallstát brataí, mar aon leis an uimhir atá air i dtaifead ICCAT na soithí iompair.
3.  
Déanfaidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha, ar a laghad 48 uair an chloig sula dtugann sé éisc i dtír, an méid seo a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe éisc a thabhairt i dtír, an dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, mar aon leis an uimhir atá air sin i dtaifead ICCAT ar na soithí iompair.
4.  
Na speicis ICCAT uile agus aon speicis eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin agus a thugtar i dtír nó a allmhairítear i limistéar nó i gcríoch CPC, speicis gan a bheith próiseáilte nó a ndearnadh iad a phróiseál ar bord, agus a thrasloingsítear ar muir, ní mór dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a bheith in éineacht leo go dtí go ndéanfar an chéad díol.

Airteagal 58

Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir

1.  
Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT ar bord gach soitheach iompair i mbun trasloingsiú i gcomhréir le clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII.
2.  
Gan dochar d'Airteagal 73 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tabharfar de chúram do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a fhíorú go ndéantar an Chaibidil seo a chomhlíonadh, agus go háirithe a fhíorú an bhfuil na cainníochtaí a trasloingsíodh i gcomhréir leis an ngabháil a tuairiscíodh i ndearbhú ICCAT ar thrasloingsiú agus leis na gabhálacha a taifeadadh i ndialann loinge an tsoithigh.
3.  
Beidh toirmeasc ar shoithigh tús a chur le trasloingsiú nó leanúint de bheith ag trasloingsiú i limistéar Choinbhinsiún ICCAT gan breathnóir réigiúnach ICCAT a bheith ar bord, ach amháin i gcás force majeure arna chur in iúl go hiomchuí do Rúnaíocht ICCAT.

▼M3

Article 58a

Sláinte agus sábháilteacht na mbreathnóirí i gclár breathnóra réigiúnacha ICCAT le haghaidh trasloingsiú ar muir

1.  

I gcás soithí ar a mbeidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar bord, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach soitheach a bhfuil a mbratach ar foluain orthu sin feistithe leis an trealamh sábháilteachta iomchuí le haghaidh fad iomlán gach turais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a) 

rafta tarrthála ina mbeidh toilleadh leordhóthanach le haghaidh gach duine ar bord agus ag a mbeidh deimhniú cigireachta a bheidh bailí ar feadh na tréimhse a bheidh an breathnóir ar bord an tsoithigh;

(b) 

dóthain seaicéad tarrthála nó forchultacha sábháilteachta do gach duine ar bord, a chomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha; agus

(c) 

rabhchán raidió lena léirítear suíomh éigeandála (EPRIB) a bheidh cláraithe i gceart agus trasfhreagróir cuardaigh agus tarrthála (SART) nach rachaidh in éag go dtí go dtiocfaidh deireadh le tréimhse an bhreathnóra ar bord an tsoithigh.

2.  
Gach soitheach de chuid an Aontais ar a mbeidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar bord, déanfaidh siad plean gníomhaíochta éigeandála (“EAP”) a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bheidh le leanúint i gcás ina bhfaighidh breathnóir bás, i gcás ina mbeidh sé nó sí ar iarraidh nó i gcás ina dtoimhdeofar é nó í a bheith tite thar bord, i gcás ina mbeidh tinneas air nó uirthí nó gortú tromchúiseach déanta air nó uirthi a chuireann a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht nó a leas i mbaol, nó i gcás ina ndéanfar ionsaí, bagairt nó ciapadh air nó uirthi nó i gcás ina ndéanfar imeagla a chur air nó uirthi. Ní mór na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 19-10 ICCAT a áireamh, inter alia, in EAPanna den sórt sin.
3.  
Gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ar a mbeidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT ar bord, cuirfidh siad EAPanna faoi bhráid an Choimisiúin chun iad a tharchur chuig ICCAT ar mhaithe lena bpostáil ar shuíomh gréasáin ICCAT. Soláthrófar EAP nua nó leasaithe don Choimisiún lena chur chuig ICCAT lena phostáil ar shuíomh gréasáin ICCAT nuair a bheidh sé ar fáil.
4.  
Ní bheidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais incháilithe le breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith ar bord aige ach san aon chás go bhfuil EAP curtha isteach aige. Thairis sin, má shainaithníonn an Coimisiún neamhréireanna leis na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Moladh 19–10 ICCAT ar bhonn na faisnéise in EAP, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear moill ar bhreathnóir a chur ar bord soithigh de chuid an Bhallstáit brataí lena mbaineann go dtí go dtabharfar aghaidh ar an neamhréir go leordhóthanach.

▼B

Airteagal 59

Oibleagáidí maidir le tuairisciú

1.  

Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála a bhfuil trasloingsiú déanta acu agus Ballstáit na soithí iompair a bhfuil trasloingsithe faighte acu le linn na bliana roimhe sin, cuirfidh siad an méid seo a leanas chuig an gCoimisiúin faoin 15 Lúnasa gach bliain:

(a) 

cainníochtaí ghabhálacha speicis ICCAT, de réir speicis agus, más féidir, de réir stoic, a trasloingsíodh le linn na bliana roimhe;

(b) 

cainníochtaí speiceas eile a gabhadh i gcomhar le speicis ICCAT, más eol sin, a trasloingsíodh le linn na bliana roimhe;

(c) 

liosta de na soithí spiléir peiligeacha mórscála a bhfuil trasloingsiú déanta acu le linn na bliana roimhe;

(d) 

tuarascáil chuimsitheach ina ndéantar measúnú ar inneachar agus ar chonclúidí thuarascálacha bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT ar sannadh soithí iompair dóibh, soithí a bhfuil trasloingsiú faighte acu ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála.

2.  
Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar ar aghaidh de bhun mhír 1 chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Meán Fómhair gach bliain.

Airteagal 60

Comhsheasmhacht sonraí tuairiscithe

Ballstát brataí an tsoithigh spiléir pheiligigh mhórscála atá ag gabháil do thrasloingsithe ar muir, déanfaidh sé an fhaisnéis arna fáil a athbhreithniú de bhun an Rialacháin seo chun an méid seo a leanas a mheas: an chomhsheasmhacht idir gabhálacha agus trasloingsithe tuairiscithe gach soithigh, agus an méid a thuairiscítear go dtugann gach soitheach i dtír, lena n-áirítear an méid a dhéantar i gcomhar leis an Stát ina dtugtar éisc i dtír más gá. Déanfar an fíorú sin ar dhóigh a áiritheoidh go mbeidh an oiread is lú den chur isteach nó den mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar díghrádú ar chaighdeán an éisc.

CAIBIDIL V

Cláir Breathnóirí Eolaíochta

Airteagal 61

Cláir breathnóirí eolaíochta intíre a bhunú

1.  

Bunóidh na Ballstáit cláir breathnóirí eolaíochta intíre chun an méid seo a leanas a áirithiú:

▼M3

(a) 

cumhdach breathnóra 5 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, peas-saighne, agus na hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite, gaistí, eangacha geolbhaigh agus trálaeir, agus sin dírithe ar speicis ICCAT;

▼B

(b) 

maidir le soithí cairtfhostaithe, de mhaolú ar phointe (a), clúdach breathnóra de 10 % ar a laghad ar an iarracht iascaireachta a bheith i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha, pheaslíonta saighne agus bháid baoite;

(c) 

maidir le hoibriú an chabhlaigh, go mbeidh clúdach ama agus spásúil ionadaíoch ann chun a áirithiú go ndéanfar sonraí leordhóthanacha iomchuí a bhailiú, agus tréithe na gcabhlach agus na n-iascach á gcur san áireamh;

(d) 

go mbaileofar sonraí faoi gach gné den oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear an ghabháil, de réir mar a shonraítear in Airteagal 63(1).

▼M3

2.  

Déanfar céatadán an chumhdaigh breathnóra dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a ríomh mar seo a leanas:

(a) 

maidir le hiascach peas-saighne, de réir líon na gcur nó líon na dturas;

(b) 

maidir le hiascach spiléir peiligeach, de réir laethanta iascaireachta, líon na gcur, nó líon na dturas;

(c) 

maidir le hiascach ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite agus le gaistí, de réir laethanta iascaireachta;

(d) 

maidir le hiascach ina ndéantar iascaireacht le heangacha geolbhaigh, de réir uaireanta iascaireachta nó laethanta iascaireachta; agus

(e) 

maidir le hiascaigh a dhéantar le trálaeir, de réir gabhálacha iascaireachta nó laethanta iascaireachta.

▼B

3.  
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fad san iomlán, i gcás ina bhfuil imní sábháilteachta neamhghnách ann a fhágann nach féidir breathnóir a imscaradh ar bord, féadfaidh Ballstát cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid. Le cur chuige malartach den sórt sin áiritheofar clúdach a bheidh ar aon dul leis an gcur chuige a sonraíodh i bpointe (a) de mhír 1 mar aon le bailiú comhchosúil sonraí. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann mionsonraí an chur chuige mhalartaigh faoi bhráid an Choimisiúin.
4.  
Cuirfidh an Coimisiún mionsonraí an chur chuige mhalartaigh dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh le meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh aon chuir chuige mhalartacha faoi réir fhormheas Choimisiún ICCAT ag cruinniú bliantúil ICCAT sula gcuirfear chun feidhme iad.

Airteagal 62

Cáilíochtaí breathnóirí eolaíochta

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiliúint is gá curtha ar bhreathnóirí, go mbeidh na cáilíochtaí cuí acu agus go ndéanfar iad a fhormheas sula n-imscarfar iad. Beidh na cáilíochta seo a leanas ag breathnóirí:

(a) 

eolas agus taithí leordhóthanach le bheith in ann speicis a shainaithint agus faisnéis a bhailiú maidir le cumraíochtaí éagsúla de threalamh iascaireachta;

(b) 

eolas sásúil faoi bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT;

(c) 

bheith in ann breathnú agus taifead cruinn a dhéanamh ar shonraí atá le bailiú faoin gclár;

(d) 

bheith in ann samplaí bitheolaíocha a bhailiú;

(e) 

gan a bheith ina bhall de chriú an tsoithigh iascaireachta ar a mbeifear ag breathnú; agus

(f) 

gan a bheith ina fhostaí de chuideachta soithigh iascaireachta a bhfuil baint aige nó aici leis an iascach a bhfuiltear ag breathnú air.

▼M3

Airteagal 63

Cúraimí breathnóirí eolaíocha

1.  

Cuirfidh gach Ballstát de cheangal ar bhreathnóirí na cúraimí seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh:

(a) 

faisnéis faoi ghníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh a breathnaíodh a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

bailiú sonraí, lena n-áirítear spriocghabháil iomlán, foghabháil agus ábhar muirí aischurtha (lena n-áirítear siorcanna, turtair mhara, mamaigh farraige agus éanlaith mhara) a chainníochtú, comhdhéanamh na méideanna a mheas agus a thomhas a oiread is indéanta, stádas diúscartha (i.e. ábhar coinnithe ar bord, aischurtha agus é marbh, nó scaoilte saor ina bheatha) agus bailiú samplaí bitheolaíocha le haghaidh staidéir saolréime (e.g. gónaid, otailití, dealga, lanna);

(ii) 

faisnéis maidir le na clibeanna uile a aimsíodh;

(iii) 

faisnéis maidir le hoibríocht iascaireachta, lena n-áirítear suíomh na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid, faisnéis faoi iarracht iascaireachta (e.g. líon na dtacar, líon na nduán), dáta gach oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, amanna tosaithe agus stoptha na gníomhaíochta iascaireachta, úsáid rudaí um chomhbhailiú éisc, lena n-áirítear FADanna, agus riocht ginearálta na n-ainmhithe a scaoiltear saor a bhaineann le rátaí marthanais (i.e. marbh nó beo, gortaithe);

(b) 

breathnú agus taifead a dhéanamh ar úsáid na mbeart maolaithe chun gabhálacha de thaisme a laghdú agus faisnéis ábhartha eile;

(c) 

breathnú ar dhálaí comhshaoil agus iad a thuairisciú, a mhéid is féidir (e.g. staid na farraige, aeráid agus paraiméadair hidreolaíocha,);

(d) 

breathnú ar FADanna agus iad a thuairisciú, i gcomhréir le clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a glacadh faoin gclár ilbhliantúil um chaomhnú agus um bainistiú tuinnín trópaiceach; agus

(e) 

aon chúraimí eolaíocha eile a dhéanamh mar a mhol Buanchoiste ICAAT um Thaighde agus um Staidreamh agus mar a chomhaontaigh an Coimisiún.

2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh breathnóirí an méid seo a leanas:

(a) 

ní chuirfidh siad isteach ar threalamh leictreonach an tsoithigh;

(b) 

beidh siad eolach ar nósanna imeachta práinne atá i bhfeidhm ar bord an tsoithigh, lena n-áirítear suíomh na raftaí tarrthála, na múchtóirí dóiteáin agus na bhfearas garchabhrach;

(c) 

déanfaidh siad cumarsáid, de réir mar is gá, leis an máistir faoi shaincheisteanna agus cúraimí ábhartha an bhreathnóra;

(d) 

ní chuirfidh siad bac ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ná ar ghnáthoibríochtaí an tsoithigh ná ní chuirfidh siad isteach orthu sin;

(e) 

glacfaidh siad páirt i seisiúin faisnéisithe in éineacht leis na hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre atá freagrach as clár na mbreathnóirí a chur chun feidhme.

3.  

Máistir an tsoithigh ar chuige a shannfar an breathnóir, déanfaidh sé nó sí an méid seo a leanas:

(a) 

rochtain iomchuí a cheadú ar an soitheach agus ar oibríochtaí an tsoithigh;

(b) 

a cheadú don bhreathnóir na gcúraimí breathnóra a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

rochtain iomchuí a sholáthar ar threalamh an tsoithigh, ar an doiciméadacht (lena n-áirítear logleabhair leictreonacha agus pháipéir), agus ar an ngabháil;

(ii) 

cumarsáid a dhéanamh tráth ar bith le hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre;

(iii) 

a áirithiú go mbeidh rochtain ag an mbreathnóir ar an leictreonaic agus ar threalamh eile a bhaineann leis an iascaireacht, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

— 
trealamh loingseoireachta satailíte,
— 
modhanna leictreonacha cumarsáide;
(iv) 

a áirithiú nach ndéanfaidh aon duine ar bord an tsoithigh a breathnaíodh crioscaíl le trealamh ná le doiciméadacht an bhreathnóra ná nach scriosfaidh sé nó sí trealamh ná doiciméadacht an bhreathnóra, nach gcuirfidh sé nó sí bac nó treampán ar an mbreathnóir nó nach ngníomhóidh sé nó sí ar bhealach eile a d’fhéadfadh cosc gan ghá a chur ar an mbreathnóir chúraimí breathnóra a dhéanamh;

(c) 

cóiríocht a sholáthar, lena n-áirítear calú, bia agus áiseanna leordhóthanacha sláintíochta agus leighis, do na breathnóirí, a bheidh ar chomhchaighdeán le cóiríocht na n-oifigeach;

(d) 

spás leordhóthanach a sholáthar ar an droichead nó sa teach píolóta don bhreathnóir chun cúraimí breathnóra a dhéanamh, chomh maith le spás ar an deic a bheidh leordhóthanach chun cúraimí breathnóra a dhéanamh.

4.  

Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:

(a) 

ceanglóidh sé, i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mbeidh breathnóir eolaíoch ar bord soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu agus speicis ICCAT á n-iascach acu;

(b) 

déanfaidh sé maoirseacht ar shábháilteacht a chuid breathnóirí;

(c) 

spreagfaidh sé a institiúid eolaíoch nó a údarás intíre, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, le comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eolaíocha nó le húdaráis intíre i mBallstáit nó in CPCanna eile chun tuarascálacha breathnóirí agus sonraí ó bhreathnóirí a mhalartú eatarthu;

(d) 

soláthróidh sé faisnéis shonrach maidir le cur chun feidhme Mholadh ICCAT 16-14 ina thuarascáil bhliantúil lena húsáid ag an gCoimisiún agus ag an mBuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh, lena n-áireofar:

(i) 

na mionsonraí maidir le struchtúr agus dearadh a gclár breathnóirí eolaíocha, lena n-áirítear, inter alia:

— 
an spriocleibhéal den chumhdach breathnóra de réir chineál an iascaigh agus chineál an trealaimh agus, chomh maith leis sin, an chaoi a ndéantar é a thomhas,
— 
na sonraí is gá a bhailiú,
— 
na prótacail atá curtha i bhfeidhm maidir le sonraí a bhailiú agus a láimhseáil,
— 
faisnéis maidir leis an gcaoi a roghnófar soithí le haghaidh cumhdaigh chun spriocleibhéal na mBallstát maidir le cumhdach breathnóra a bhaint amach,
— 
ceanglais maidir le hoiliúint breathnóirí, agus
— 
na ceanglais maidir le cáilíochtaí breathnóirí;
(ii) 

an líon soithí ar a ndéanfar faireachán, an leibhéal cumhdaigh a bhainfear amach de réir chineál an iascaigh agus de réir chineál an trealaimh, agus sonraí maidir leis an gcaoi a ndearnadh na leibhéil chumhdaigh sin a ríomh;

(e) 

tar éis an fhaisnéis a thíolacadh den chéad uair a cheanglaítear faoi mhír (d)(i), athruithe ar struchtúr agus ar dhearadh a chlár breathnóirí a thuairisciú ina thuarascálacha bliantúla i gcás ina dtarlóidh na hathruithe sin, agus sa chás sin amháin; agus leanúint de bheith ag tuairisciú na faisnéise is gá de bhun phointe (d)(ii) don Choimisiún gach bliain;

(f) 

gach bliain, agus úsáid á baint as na formáidí leictreonacha ainmnithe arna bhforbairt ag an mBuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh, tuairisceoidh sé don choiste sinfaisnéis arna bailiú trí chláir breathnóirí intíre lena húsáid ag an gCoimisiún, go háirithe le haghaidh an mheasúnaithe a dhéanfar ar an stoc agus chun críocha eolaíocha eile, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le ceanglais eile i leith tuairisciú sonraí agus atá comhsheasmhach le ceanglais rúndachta intíre;

(g) 

áiritheoidh sé go gcuirfidh a chuid breathnóirí prótacail láidre maidir le bailiú sonraí chun feidhme, le linn dóibh a gcúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i gcrích, lena n-áirítear, de réir mar is gá agus is iomchuí, grianghrafadóireacht a úsáid.

▼B

Airteagal 64

Faisnéis arna bailiú a sheoladh

Seolfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a bailíodh faoina gclár breathnóra eolaíochta intíre chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

CAIBIDIL VI

Soithí iascaireachta tríú tír a rialú i gcalafoirt na mBallstát

Airteagal 65

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le calafoirt ainmnithe agus pointí teagmhála

1.  

Na Ballstáit ar mian leo rochtain ar a gcuid calafort a thabhairt do shoithí tríú tír a bhfuil speicis ICCAT ar bord acu nó táirgí iascaigh de thionscnamh speiceas nár tugadh i dtír cheana ná nár trasloingsíodh cheana i gcalafort, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a) 

a gcuid calafort ar féidir le soithí tríú tír cead a iarraidh chun dul isteach iontu a ainmniú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(b) 

pointe teagmhála a ainmniú chun críocha réamhfhógra a fháil de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(c) 

pointe teagmhála a ainmniú chun críocha tuarascálacha cigireachta de chuid na gcalafort a tharchur de bhun Airteagal 66 den Rialachán seo.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar liosta na gcalafort ainmnithe agus na bpointí teagmhála a tharchur chuig an gCoimisiún 30 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm.

Airteagal 66

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le cigireachtaí calafoirt

1.  
Déanfaidh an Ballstát is cigire cóip de thuarascáil cigireachta an chalafoirt dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 a tharchur chuig an gCoimisiún 10 lá ar a dhéanaí tar éis an dáta ar tugadh an chigireacht i gcrích. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a dhéanaí tar éis an dáta ar tugadh an chigireacht i gcrích.
2.  
Más rud é nach féidir an tuarascáil a tharchur laistigh den tréimhse 10 lá dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Ballstát is cigire fógra don Choimisiún laistigh den thréimhse sin faoi na cúiseanna leis an moill agus faoin uair a chuirfear an tuarascáil faoina bhráid.
3.  
Más rud é go dtugann an fhaisnéis a bailíodh le linn na cigireachta cúis le creidiúint go ndearna soitheach tríú tír sárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT, beidh feidhm ag Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

▼M3

4.  
Déanfaidh gach Ballstát iniúchadh gach bliain ar 5 % ar a laghad d’oibríochtaí teacht i dtír agus trasloingsithe a dhéanfaidh soithí iascaireachta tríú tír ina chalafoirt ainmnithe.
5.  
Déanfaidh na Ballstáit bhrataí tuarascálacha ar sháruithe ó chigirí Stát an chalafoirt a mheas agus gníomhóidh siad dá réir mar a ghníomhóidís i gcás tuarascálacha óna gcigirí féin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2403.

▼B

CAIBIDIL VII

Forfheidhmiú

▼M3

Airteagal 66a

Soithí a amharc

1.  
Baileoidh na Ballstáit a oiread faisnéise is féidir, trí oibríochtaí cigireachta agus faireachais a dhéanfaidh a n-údaráis inniúla i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, i gcás ina n-amharcfar soitheach iascaireachta de chuid an Aontais, soitheach iascaireachta tríú tír nó soitheach nach bhfuil náisiúntacht aici mbun iascaireachta nó i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht (e.g. trasloingsiú), agus measfar iad a bheith ag gabháil d’iascaireacht NNN.
2.  
Baileoidh na Ballstáit faisnéis maidir le hamharc ar shoithí i gcomhréir leis an mbileog faisnéise aimsithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 19-09 ICCAT.
3.  

I gcás ina n-amharcfar soitheach de bhun mhír 1, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann (“an Ballstát amhairc”) fógra gan moill mhíchuí d’údaráis iomchuí Bhallstát brataí an tsoithigh a amharcadh, CPC brataí an tsoithigh a amharcadh nó pháirtí comhoibritheach neamhchonarthach brataí an tsoithigh a amharcadh agus soláthróidh sé aon íomhá thaifeadta den soitheach dóibh, agus:

(a) 

i gcás ina mbeidh bratach Ballstáit ar foluain ar an soitheach a amharcadh, déanfaidh an Ballstát brataí, gan moill mhíchuí, gníomhaíocht iomchuí i ndáil leis an soitheach lena mbaineann; an Ballstát amhairc agus Ballstát brataí an tsoithigh a amharcadh, soláthróidh siad araon faisnéis maidir leis an amharc don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), lena n-áirítear sonraí i dtaca le haon ghníomhaíocht leantach a dhéanfar;

(b) 

i gcás ina mbeidh bratach CPC eile, bratach pháirtí comhoibritheach neamhchonarthach brataí eile nó bratach neamhchinntithe ar foluain ar an soitheach a amharcadh nó i gcás nach mbeidh náisiúntacht aici soláthróidh an Ballstát amhairc gach faisnéis iomchuí a bhaineann leis an amharc don Choimisiún agus do EFCA, gan moill mhíchuí; tabharfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis amhairc do Rúnaíocht ICCAT.

▼B

Airteagal 67

Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag na Ballstáit

1.  
Le cois na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 48(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh na Ballstáit aon fhaisnéis dhoiciméadaithe a d'fhéadfadh a léiriú nár chomhlíon CPCanna bearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a chur faoi bhráid an Choimisiúin 140 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a scrúdú agus, más iomchuí, í a sheoladh ar aghaidh chuid Rúnaíocht ICCAT 120 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit an liosta de na soithí gabhála a bhfuil fad iomlán 12 mhéadar iontu nó níos mó, soithí próiseála éisc, tugaí agus soithí tarraingthe, soithí atá ag gabháil don trasloingsiú, agus soithí tacaíochta ar cuireadh líomhaintí ina leith go raibh siad i mbun iascaireacht NNN i limistéar Choinbhinsiún ICCAT le linn na bliana sin agus na bliana roimhe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an bhfianaise tacaíochta a bhaineann leis an toimhde go raibh iascaireacht NNN ar bun acu. Seolfar an liosta sin 140 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus, más amhlaidh go luaitear an fhaisnéis go soiléir ann, seolfaidh sé ar aghaidh í chuig Rúnaíocht ICCAT 120 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT chun críche dréachtliosta NNN de chuid ICCAT a bhunú.

Airteagal 68

Dréachtliosta NNN ICCAT

Déanfaidh na Ballstáit monatóireacht ghéar ar na soithí a áirítear i ndréachtliosta NNN de chuid ICCAT arna scaipeadh ag Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT, chun gníomhaíochtaí agus athruithe féideartha ainmneacha, brataí nó úinéara cláraithe na soithí sin a chinneadh.

Airteagal 69

Neamhchomhlíontachtaí líomhnaithe arna dtuairisciú ag Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT

1.  
Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ó Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT lena léirítear amhras maidir le neamhchomhlíontacht ag Ballstát, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a thraschur chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.
2.  
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann torthaí aon imscrúduithe arna dhéanamh ar fáil don Choimisiún, ar a laghad 45 lá roimh chruinniú bliantúil ICCAT, maidir le líomhaintí na neamhchomhlíontachta agus aon ghníomhaíochtaí a glacadh chun dul i ngleic le saincheisteanna maidir le comhlíontacht. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin ICCAT 30 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.

▼M3

Airteagal 69a

Soithí NNN

Áiritheoidh na Ballstáit nach n-údarófar do shoithí atá san áireamh ar liosta NNN ICCAT tabhairt i dtír, trasloingsiú, athbhreoslú, athsholáthar ná gabháil d’idirbhearta tráchtála eile.

▼B

Airteagal 70

Sáruithe líomhnaithe arna dtuairisciú ag CPC

1.  
Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun críche tuarascálacha cigireachta calafort a fháil ó CPCanna.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar an bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 1 a tharchur 30 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 14 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm.
3.  
Más rud é go bhfaigheann an pointe teagmhála, arna ainmniú ag Ballstát, tuarascáil cigireachta calafoirt ó CPC ina dtugtar fianaise go ndearna soitheach iascaireachta a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain air sárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT, déanfaidh an Ballstát sin an sárú a imscrúdú go pras agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún, laistigh de 160 lá tar éis dó an tuarascáil cigireachta calafoirt sin a fháil, faoi stádas an imscrúdaithe agus faoi aon ghníomhaíocht fhorghníomhaithe a d'fhéadfadh a bheith glactha.
4.  
I gcás nach féidir leis an mBallstát brataí an spriocdháta dá dtagraítear i mír 3 a chomhall, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cúiseanna leis an moill agus faoin uair a chuirfear an tuarascáil maidir le stádas an imscrúdaithe faoina bhráid.
5.  
Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT laistigh de 180 lá ón am a fuair sé an tuarascáil cigireachta calafoirt agus, sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 71, áiritheoidh sé an fhaisnéis maidir le stádas na n-imscrúdaithe agus aon ghníomhaíochtaí forghníomhaithe arna ndéanamh ag an mBallstát brataí.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71

Tuarascáil bhliantúil

1.  
Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin ►M3  an 1 Lúnasa ◄ gach bliain le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, agus inti beidh faisnéis maidir le hiascaigh, taighde, staidreamh, bainistíocht, gníomhaíochtaí cigireachta agus gníomhaíochtaí maidir le hiascaireacht NNN a chosc agus aon fhaisnéis bhreise de réir mar is iomchuí.
2.  
Áiritheofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis maidir leis na céimeanna a glacadh chun foghabhálacha a mhaolú agus ábhar aischurtha a laghdú, agus maidir le haon taighde ábhartha sa réimse sin.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus de bhun mhír 2 a thiomsú agus a sheoladh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT gan mhoill.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe maidir le formáid na tuarascála bliantúla dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).

Airteagal 72

Rúndacht

Na sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear laistigh de chreat an Rialacháin seo, caithfear leo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht de bhun Airteagal 112 agus Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 73

An nós imeachta i gcomhair leasuithe

1.  

I gcás inar gá d'fhonn leasuithe ar mholtaí ICCAT atá ann cheana a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ar leasuithe iad a bheidh ceangailteach ar an Aontas, a mhéid nach dtéann leasuithe ar dhlí an Aontais thar mholtaí ICCAT, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 74 chun an méid seo a leanas a leasú:

▼M3

(a) 

Iarscríbhinní I go X;

(aa) 

na teorainneacha acmhainneachta maidir le tuinníní trópaiceacha faoi Airteagal 5a a bhaineann le pleananna bliantúla iascaireachta agus bainistíochta acmhainneachta a thuairisciú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin, chomh maith leis an líon soithí tacaíochta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin;

(b) 

na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 7(1), Airteagal 8, Airteagal 9(1), Airteagal 14(1), Airteagal 18, Airteagal 20(2), (3), agus (4), Airteagal 22(2), Airteagal 23(1) agus (2), Airteagal 26(1) agus (3), Airteagal 40(1), Airteagal 42(1), Airteagal 44(3), Airteagal 47(2), Airteagal 48(1) agus (2), Airteagal 50(1) agus (2), Airteagal 56(3), Airteagal 57(1), (2) agus (3), Airteagal 59(1) agus (2), Airteagal 64, Airteagal 65(2), Airteagal 66(1) agus (2), Airteagal 67(1) agus (2), Airteagal 69(2), Airteagal 70(2), (3) agus (5), agus Airteagal 71(1);

(ba) 

tabhairt anonn bhliantúil an tuinnín mhórshúiligh faoi Airteagal 8a;

(bb) 

na ceanglais le haghaidh FADanna faoi Airteagal 10(1) agus (2);

(bc) 

na tagairtí do mholtaí ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 10(2), Airteagal 28, Airteagal 27(3), Airteagal 29b(2) agus (3), Airteagal 36a(2), Airteagal 58a(2) agus (4), Airteagal 63(4), pointe (d), agus Airteagal 66a(2);

(c) 

an cumhdach breathnóra íosta faoi Airteagal 14(2);

(ca) 

na srianta ar an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht ar thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh faoi Airteagal 17;

(cb) 

tabhairt anonn bhliantúil thuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas faoi Airteagal 17b;

(cc) 

pleananna bainistíochta um cholgán an Atlantaigh Thuaidh faoi Airteagal 18;

(cd) 

tabhairt anonn bhliantúil cholgán an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas faoi Airteagal 18b;

▼B

(d) 

na híosmhéideanna a leagtar síos ina Airteagal 19(1) agus (2), Airteagal 24(2), agus Airteagal 29(2) agus (3);

(e) 

na lamháltais a leagtar síos in Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 21 agus Airteagal 24(3);

(f) 

na sonraíochtaí teicniúla maidir le duáin agus spiléir a leagtar síos in Airteagal 25 agus i bpointe (b) d'Airteagal 38(5);

(g) 

an clúdach breathnóirí eolaíochta a leagtar síos in Airteagal 29(1), agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 61(1);

(h) 

an cineál faisnéise agus sonraí a leagtar síos in Airteagail 11(1), (2) agus (3), Airteagal 12, Airteagal 20(2), Airteagal 26(1) agus Airteagal 42(1), Airteagal 50(1) agus (2) agus Airteagal 54(4), Airteagal 55(4), Airteagal 56(3) agus Airteagal 59(1);

(i) 

an líon uasta baoithe uirlise a leagtar síos in Airteagal 9(4);

▼M3

(j) 

na ceanglais chun go dtiocfaidh a oiread turtar mara agus is féidir slán faoi Airteagal 41;

(k) 

tomhas chéatadán an ríomha faoi Airteagal 61(2).

▼B

2.  
Leasuithe ar bith a ghlactar i gcomhréir le mír 1, beidh siad teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe ar mholadh ICCAT lena mbaineann i ndlí an Aontais.

Airteagal 74

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 73 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 3 Nollaig 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 73 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 73 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 75

Nós Imeachta Coiste

1.  
Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 76

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001

I Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, scriostar Airteagail 4, 5, 6, 6a, 7, 8a, 8b, 8c, 9, 9a agus 10 go 19.

Airteagal 77

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 mar a leanas:

(a) 

in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(g)

soitheach iascaireachta mórscála : soitheach iascaireachta a bhfuil fad 20 méadar ann san iomlán nó níos mó;

(h)

soitheach spiléir peiligeach mórscála : soitheach spiléir peiligeach a bhfuil fad 24 mhéadar ann san iomlán nó níos mó.”;

(b) 

in Airteagal 4(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c) más rud é gur soitheach iascaireachta mórscála a rinne an iascaireacht, ní ghlacfar leis sin ach i gcás ina bhfuil an soitheach sin cláraithe ar thaifead ICCAT na soithí.”;

(c) 

in Airteagal 5(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c) más rud é gur soitheach iascaireachta mórscála a rinne an iascaireacht, ní bhailíochtófar sin ach i gcás ina bhfuil an soitheach sin cláraithe ar thaifead ICCAT na soithí.”;

(d) 

i gCaibidil 2, cuirtear an Roinn seo a leanas leis:

“Roinn 4

Ceanglais do na Ballstáit maidir le táirgí trasloingsithe i limistéar Choinbhinsiún ICCAT

Airteagal 7a

Doiciméid agus tuairisciú staidrimh

1.  
Nuair a dhéantar doiciméid staidrimh a bhailíochtú, áiritheoidh Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála go mbeidh trasloingsithe i gcomhréir le méid na gabhála arna thuairisciú ag gach soitheach den sórt sin.
2.  
Ballstát brataí na soithí spiléir peiligeacha mórscála, déanfaidh sé doiciméid staidrimh a bhailíochtú maidir leis na héisc a trasloingsíodh, tar éis dó a dheimhniú go ndearnadh an trasloingsiú i gcomhréir le hAirteagail 51 go 58 de Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ). Bunófar an deimhniú ar an bhfaisnéis a gheofar trí chlár breathnóirí réigiúnacha ICCAT maidir le trasloingsiú ar muir.
3.  
Na speicis arna gcumhdú ag na cláir doiciméad staidrimh agus arna ngabháil ag soithí spiléir peiligeacha mórscála i limistéar Choinbhinsiún ICCAT, éileoidh na Ballstáit go mbeidh doiciméid staidrimh bailíochtaithe i ndáil leis na soithí ar liosta ICCAT de na soithí spiléir peiligeacha mórscála atá údaraithe trasloingsiú a dhéanamh ar muir, mar aon le cóip den dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, beidh na doiciméid sin ag gabháil leis na speicis sin, nuair a allmhairítear isteach iad ina limistéar nó ina gcríoch.

Airteagal 78

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007

I Rialachán (CE) Uimh. 520/2007, déantar Airteagal 4(1), Teideal II agus Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a scriosadh.

Airteagal 79

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

▼M3




IARSCRÍBHINN I

SPEICIS ICCAT



Fine

An t-ainm Laidine

An t-ainm Gaeilge

Scombridae

Acanthocybium solandri

an Wahoo

Allothunnus fallai

an Tuinnín caol

Auxis rochei

an Tuinnín piléir

Auxis thazard

an Tuinnín frigéid

Euthynnus alletteratus

an Tuinnín beag

Gasterochisma melampus

Rí-iasc féileacáin

Katsuwonus pelamis

Boiníotó aigéanach

Orcynopsis unicolor

an Boiníotó aondathach

Sarda sarda

an Boiníotó Atlantach

Scomberomorus brasiliensis

an Ronnach buí Brasaíleach

Scomberomorus cavalla

an Rí-ronnach

Scomberomorus maculatus

an Ronnach buí Atlantach

Scomberomorus regalis

an Ronnach rí-úil

Scomberomorus tritor

Ronnach buí na hAfraice Thiar

Thunnus alalunga

an Tuinnín colgach

Thunnus albacares

an Tuinnín buí

Thunnus atlanticus

an Tuinnín dubheite

Thunnus maccoyii

an Tuinnín gorm deisceartach

Thunnus obesus

an Tuinnín mórshúileach

Thunnus thynnus

an Tuinnín gorm

Istiophoridae

Istiophorus albicans

Colgán na ndealg Atlantach

Makaira indica

an Mairlín dubh

Makaira nigricans

An Mairlín gorm Atlantach

Tetrapturus albidus

an Mairlín geal Atlantach

Tetrapturus belone

Mairlín meánmhuirí

Tetrapturus georgii

Mairlín cruinnghainneach

Tetrapturus pfluegeri

Mairlín gobfhada

Xiphiidae

Xiphias gladius

an Colgán

Alopiidae

Alopias superciliosus

an Siorc súisteála mórshúileach

Alopias vulpinus

an Siorc súisteála

Carcharhinidae

Carcharhinus falciformis

an Síodsiorc

Carcharhinus galapagensis

Siorc Oileáin Galapagos

Carcharhinus longimanus

an Siorc bán aigéanach

Prionace glauca

an Siorc gorm

Lamnidae

Carcharodon carcharias

an Siorc bán mór

Isurus oxyrinchus

an Mácó biorshrónach

Isurus paucus

Siorc mácó fadeiteach

Lamna nasus

an Craosaire

Sphyrnidae

Sphyrna lewini

an Ceann casúir scolbach

Sphyrna mokarran

an Siorc ceann casúir

Sphyrna zygaena

an Ceann casúir coiteann

Rhincodontidae

Rhincodon typus

an Míolsiorc

Pseudocarchariidae

Pseudocarcharias kamoharai

an Siorc crogallach

Cetorhinidae

Cetorhinus maximus

an Liamhán gréine

Dasyatidae

Pteroplatytrygon violacea

Roc peiligeach an gha nimhe

Mobulidae

Manta alfredi

N/A (1)

Manta birostris

Roc na caille

Mobula hypostoma

an Diabhalroc Atlantach

Mobula japonica

N/A (1)

Mobula mobular

Roc an diabhail

Mobula tarapacana

an Diabhalroc Sileach

Mobula thurstoni

an Roc mínearrach

(1)   

Níl gnáthainm ar fáil.

▼B




IARSCRÍBHINN II

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE PLEANANNA BAINISTÍOCHTA I NDÁIL LE FEISTÍ UM CHOMHBHAILIÚ ÉISC (FAD) A ULLMHÚ

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith mar chuid den phlean bainistíochta FAD maidir le cabhlaigh pheaslíonta saighne CPC agus cabhlaigh bád baoite CPC:

(1) 

Tuairisc

(a) 

Cineálacha FAD: AFAD = ar ancaire; DFAD = a imíonn le sruth

(b) 

Cineálacha rabhcháin/baoi

(c) 

An líon uasta FAD a dhéanfar a imscaradh in aghaidh an pheaslín saighne agus in aghaidh an chineáil FAD

(d) 

An fad íosta idir AFADanna

(e) 

Beartas um fhoghabhálacha a laghdú agus a úsáid

(f) 

Idirghníomhaíocht le cineálacha eile trealaimh a chur san áireamh

(g) 

Ráiteas nó beartas maidir le “húinéireacht FAD”

(2) 

Socruithe institiúideacha

(a) 

Freagrachtaí institiúideacha maidir leis an bplean bainistíochta FAD

(b) 

Próisis iarratais maidir le formheas a iarraidh ar imscaradh FAD

(c) 

Oibleagáidí úinéirí agus máistrí soithí i dtaca le FAD a imscaradh agus a úsáid

(d) 

Beartas maidir le hathsholáthar FAD

(e) 

Oibleagáidí breise tuairiscithe thar an Rialachán seo

(f) 

Beartas maidir le réiteach coinbhleachtaí i dtaca le FADanna

(g) 

Mionsonraí maidir le limistéir nó tréimhsí atá iata, mar shampla uiscí teorann, lánaí loingseoireachta, gaireacht d'iascaigh ar mhionscála, etc.

(3) 

Sonraíochtaí agus ceanglais maidir le tógáil FAD

(a) 

Tréithe dearaidh FAD (tuairisc)

(b) 

Ceanglais soilsiúcháin

(c) 

Frithchaiteoirí radair

(d) 

Fad infheicthe

(e) 

Marcanna agus aitheantóir FAD

(f) 

Marcanna agus aitheantóir baoithe raidió (ceanglas i dtaca le sraithuimhreacha)

(g) 

Marcanna agus aitheantóir baoithe sondálaí fuaime (ceanglas i dtaca le sraithuimhreacha)

(h) 

Trasghlacadóirí satailíte

(i) 

Taighde a dhéantar ar FADanna in-bhithdhíghrádaithe

(j) 

Cailliúint nó tréigean FADanna a chosc

(k) 

Aisghabháil FADanna a bhainistiú.

(4). 

Tréimhse infheidhme an phlean bainistíochta FAD

(5). 

Modhanna chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean bainistíochta FAD




IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE FADANNA IMSCARTHA AR BHONN RÁITHIÚIL



Aitheantóir FAD

Cineálacha FAD agus trealaimh leictreonaigh

Tréithe dearaidh FAD

Breathnóireacht

Marcáil FAD

Rabhchán atá gaolmhar Aitheantas

Cineál FAD

Cineál an rabhcháin atá gaolmhar agus/nó gléasanna leictreonacha

Páirt den FAD a bhíonn ar snámh

Struchtúr den FAD a bhíonn ar crochadh faoi uisce

Toisí

Ábhair

Toisí

Ábhair

 (1)

 (1)

 (2)

 (3)

 (4)

 (5)

 (4)

 (6)

 (7)

(1)   

Má tá an mharcáil FAD agus na sonraí aitheantais ón rabhchán atá gaolmhar leis in easnamh nó doléite, luaigh é sin agus soláthair an fhaisnéis ar fad atá ar fáil, faisnéis a bheadh ina cabhair chun úinéir an FAD a aithint.

(2)   

FAD ar ancaire, FAD nadúrtha a imíonn le sruth nó FAD saorga a imíonn le sruth.

(3)   

Mar shampla, GPS, sondálaí, etc. Mura bhfuil gléas leictreonach bainteach leis an FAD, déan nóta de go bhfuil an trealamh in easnamh.

(4)   

Mar shampla, leithead, fad, airde, doimhneacht, mogallmhéideanna, etc.

(5)   

Luaigh cén t-ábhar atá sa struchtúr agus sa chumhdach agus an bhfuil an t-ábhar in-bhithdhíghrádaithe.

(6)   

Mar shampla, líonta, rópaí, duilleoga pailme, etc. agus luaigh freisin gnéithe fostúcháin agus/nó in-bhithdhíghrádaithe an ábhair.

(7)   

Déanfar na sonraíochtaí soilsiúcháin, na frithchaiteoirí radair agus na faid infheicthe a thuairisciú sa roinn seo.




IARSCRÍBHINN IV

NA CEANGLAIS MAIDIR LE CLÁR BREATHNÓIRÍ I DTACA LE SOITHÍ ATÁ AG IASCAIREACHT LE HAGHAIDH TUINNÍNÍ TRÓPAICEACHA SNA LIMISTÉIR GHEOGRAFACHA LE LINN AN IAIMH AMA AGUS LIMISTÉIR

1. Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag na breathnóirí ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chur i gcrích:

— 
taithí leordhóthanach le go mbeidh siad in ann speicis agus trealamh iascaireachta a shainaithint;
— 
eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a mheasúnaítear trí bhíthin deimhniú arna sholáthar ag an mBallstát ar bhonn threoirlínte traenála ICCAT;
— 
cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;
— 
eolas sásúil ar theanga stát brataí an tsoithigh ar a bhfuil sé i mbun breathnóireachta.

2. Ní bheidh na breathnóirí ina mbaill de chriú an tsoithigh iascaireachta a bhfuil breathnóireacht á déanamh air agus:

(a) 

beidh siad ina náisiúnaigh de cheann amháin de na tíortha CPC;

(b) 

beidh siad in ann na dualgais a leagtar amach i bpointe 3 a dhéanamh;

(c) 

ní bheidh aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha acu in iascach an tuinnín ghoirm.

Dualgais bhreathnóra

3. Seo a leanas, go háirithe, na dualgais a bheidh le déanamh ag an mbreathnóir:

(a) 

déanfaidh sé faireachán ar a mhéid a chomhlíonann na soithí iascaireachta na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT.

Go háirithe, déanfaidh na breathnóirí an méid seo a leanas:

(i) 

taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar;

(ii) 

breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;

(iii) 

soithí a aimsiú a d'fhéadfadh a bheith i mbun iascaireachta de shárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT agus taifead a choinneáil ar na soithí sin;

(iv) 

suíomh an tsoithigh agus é i mbun gníomhaíocht gabhála a fhíorú;

(v) 

obair eolaíochta amhail sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, ar éileamh ó ICCAT, ar bhonn na dtreoracha ó Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh;

(b) 

agus aird chuí á tabhairt acu ar a sábháilteacht féin, déanfaidh siad tuairisciú gan mhoill ar aon ghníomhaíocht iascaireachta atá bainteach le FADanna a dhéanann soitheach sa limistéar agus le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11;

(c) 

cuirfidh siad tuarascálacha ginearálta i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an bpointe 3 seo agus deis a thabhairt don mháistir aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin.

4. Déileálfaidh na breathnóirí leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus trasloingsithe na soithí iascaireachta mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh siad leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena gceapachán mar bhreathnóirí.

5. Comhlíonfaidh na breathnóirí ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit bhrataí a bhfuil dlínse aige ar an soitheach a bhfuil an breathnóir sannta dó.

6. Urramóidh na breathnóirí an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm maidir le pearsanra uile an tsoithigh, mar aon leis na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais an bhreathnóra faoin gclár seo.

Oibleagáidí na mBallstát brataí

7. I measc na bhfreagrachtaí maidir le breathnóirí na mBallstát brataí de na soithí iascaireachta agus a máistrí, áireofar, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a) 

beidh cead rochtana ag na breathnóirí ar phearsanra an tsoithigh agus ar an bhfearas agus an trealamh;

(b) 

tabharfar cead rochtana freisin do bhreathnóirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgas mar a leagtar amach i bpointe 3 a éascú:

(i) 

trealamh loingseoireachta satailíte;

(ii) 

scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;

(iii) 

modhanna leictreonacha cumarsáide;

(c) 

cuirfear cóiríocht ar fáil do na breathnóirí, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh;

(d) 

cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil do na breathnóirí le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh; agus

(e) 

áiritheoidh an Ballstát brataí nach gcuirfidh máistrí, criúnna, ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar na breathnóirí agus iad i mbun a ndualgas, agus nach gcuirfear isteach orthu ná nach n-imreofar tionchar orthu, agus nach dtabharfar breab dóibh ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dóibh.




IARSCRÍBHINN V

ÍOSCHAIGHDEÁIN THEICNIÚLA MAIDIR LE BEARTA MAOLAITHE



Beart maolaithe

Tuairisc

Sonraíochtaí

Doruithe a chur le linn na hoíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá

Gan doruithe a chur idir camhaoir agus coineascar muirí. Gan ach a laghad is gá de shoilsiú deice a bheith ann

Déantar coineascar muirí agus camhaoir mhuirí a shainmhíniú faoi mar a leagtar amach iad i dtáblaí an Almanaig Loingseoireachta maidir leis an domhanleithead, am áitiúil agus dáta ábhartha. Níor cheart don soilsiú íosta deice na híoschaighdeáin sábháilteachta agus loingseoireachta a shárú.

Línte scanraithe éan

Déanfar línte scanraithe éan a imscaradh nuair atá trealamh spiléir in úsáid chun an ruaig a chur ar éin ó theacht i ngiorracht don snúda

I gcás soithí atá níos faide ná nó cothrom le 35 m:

— is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a imscaradh. Moltar do na soithí an dara cuaille agus an dara líne scanraithe éan a úsáid, más indéanta, tráth a bhíonn cuid mhór éan ann nó cuid mhór gníomhaíochta éan ann; is ceart an dá líne scanraithe éan a imscaradh an tráth céanna, ceann ar gach taobh den dorú atá á chur;

— caithfidh fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná nó cothrom le 100 m;

— is ceart úsáid a bhaint as sraoilleáin fhada atá sách fada le go sínfeadh siad chomh fada le barr na farraige agus í ina calm;

— ní mór gan na sraoilleáin fhada a bheith níos faide ná 5 m óna chéile.

I gcás soithí atá níos giorra na 35 m:

— is ceart ar a laghad líne amháin scanraithe éan a imscaradh;

— caithfidh fairsinge aeir na línte scanraithe éan a bheith níos faide ná nó cothrom le 75 m;

— is gá sraoilleáin atá fada agus/nó gearr (ach níos faide ná 1 m ar fad) a úsáid agus iad a bheith ceangailte den líne mar seo a leanas:

— 

— Gearr: gan de bhearna níos faide ná 2 m a bheith eatarthu.

— Fada: gan de bhearna níos faide ná 5 m a bheith eatarthu den chéad 55 m de líne scanraithe éan.

Gheofar treoirlínte breise maidir le dearadh agus imscaradh línte scanraithe éan sna Treoirlínte Forlíontacha maidir le Dearadh agus Imscaradh línte scanraithe éan anseo thíos.

 

Meáchain líne a chur ar an snúda sula gcuirfear san uisce é

Níos mó ná 45 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 1 m ón duán; nó

Níos mó ná 60 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 3,5 m ón duán; nó

Níos mó ná 98 g ina iomláine ceangailte taobh istigh de 4 m ón duán.




TREOIRLÍNTE FORLÍONTACHA MAIDIR LE DEARADH AGUS IMSCARADH LÍNTE SCANRAITHE ÉAN

Brollach

Tá teacht ar íoschaighdeáin theicniúla maidir le himscaradh línte scanraithe éan sa Tábla thuas. Tá na treoirlínte forlíontacha seo ceaptha chun cuidiú le rialacháin maidir le línte scanraithe éan i gcás soithí spiléir a ullmhú agus a chur chun feidhme. D'ainneoin go bhfuil na treoirlínte seo sách soiléir, moltar éifeachtúlacht na línte scanraithe éan a fheabhsú trí thástáil a dhéanamh laistigh de cheanglais an Tábla thuas. Cuirtear san áireamh sna treoirlínte athróga comhshaoil agus oibríochtúla, ina measc dálaí aimsire mar aon leis an luas lena gcuirtear amach na línte iascaireachta agus méid na loinge, ar fachtóirí iad uile a mbíonn tionchar acu ar fheidhmíocht agus ar dhearadh na línte scanraithe le baoití a chosaint ar éin. D'fhonn na hathróga sin a chur san áireamh féadfaidh athrú teacht ar dhearadh na línte scanraithe éan agus ar an úsáid a bhaintear astu ar choinníoll nach ndéanfar dochar d'fheidhmíocht na líne. Tá sé beartaithe feabhas leanúnach a chur ar dhearadh na línte scanraithe éan agus, dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte seo amach anseo.

Dearadh na línte scanraithe éan

1. Gléas tarraingthe iomchuí ar an gcuid sin den líne scanraithe éan atá san uisce, féadfaidh gléas den chineál sin fairsinge aeir na líne a fheabhsú.

2. Ba cheart go mbeadh an chuid sin den líne atá os cionn an uisce sách éadrom chun nach bhféadfadh na héin a gluaiseachtaí a thuar nó nach rachadh siad i dtaithí uirthi agus ba cheart go mbeadh an líne sách trom chun nach gcuirfeadh an ghaoth dá treo í.

3. Is fearr an líne a cheangal den soitheach le sclóin láidir bhairille chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin.

4. Ba cheart go mbeadh na sraoilleáin déanta as ábhar atá feiceálach agus a bhogann go beoga ar bhealach nach féidir a thuar (mar shampla, líne fhíneálta láidir atá cumhdaithe le feadánra polúireatáin dearg) atá ar crochadh ó sclóin láidir trí bhealach (chun nach rachadh an líne i bhfostú inti féin) agus iad ceangailte den líne scanraithe éan.

5. Ba cheart dhá dhual nó níos mó a bheith i ngach sraoilleán.

6. Ba cheart go mbeifí in ann an sraoilleán a bhaint trí bhíthin fáiscín sa chaoi gur éifeachtúla stuáil na líne.

Línte scanraithe éan a imscaradh

1. Ba cheart an líne a bheith ar crochadh ó chuaille atá feistithe den soitheach. Ba cheart an cuaille scanraithe éan a shocrú chomh hard agus is féidir sa chaoi go ndéanfadh an líne baoití a bhfuil fad maith idir iad agus cúl an tsoithigh a chosaint agus nach rachadh sí i bhfostú sa trealamh iascaireachta. Dá airde an cuaille is fearr an chosaint baoití. Mar shampla, thabharfadh cuaille atá tuairim agus 7 méadar os cionn na huiscelíne thart ar 100 méadar de chosaint baoití.

2. Mura bhfuil ach líne amháin scanraithe éan in úsáid ag soithí, is ceart í a chur taobh na gaoithe de bhaoití báite. Má chuirtear amach duáin bhaoiteáilte taobh amuigh den mharbhshruth, is ceart pointe ceangail na líne scanraithe éan den soitheach a bheith suite roinnt méadar taobh amuigh de thaobh an tsoithigh ar a ndéantar na baoití a imscaradh. Má tá dhá líne scanraithe éan in úsáid ag soithí, ní mór na duáin bhaoiteáilte a imscaradh taobh istigh den limistéar idir an dá líne scanraithe éan.

3. Moltar go ndéanfar iliomad línte scanraithe éan a imscaradh chun cosaint bhreise ar éin a thabhairt do bhaoití.

4. Ar an ábhar go bhféadfaidh briseadh línte a bheith ann nó go bhféadfaidh na línte dul i bhfostú ina chéile, ba cheart línte breise scanraithe éan a bheith ar bord le cur in áit na gceann a ndéantar damáiste dóibh agus le cinntiú gur féidir leanúint d'oibríochtaí iascaireachta gan bhriseadh. Is féidir scaoilteán a bheith mar chuid den líne scanraithe éan chun fadhbanna sábháilteachta agus oibríochtúla a laghdú sa chás go dtéann snámhán spiléir in achrann nó i bhfostú i bhfairsinge uisce na líne scanraithe éan.

5. Nuair a bhíonn meaisín caite amach baoití (BCM) in úsáid ag iascairí, ní mór dóibh a áirithiú go ndéantar comhordú ar na línte scanraithe éan agus an meaisín trína áirithiú go mbíonn teilgean BCM go díreach faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan. Agus BCM (nó BCManna iomadúla) in úsáid a chaitheann amach baoití ar clébhord agus ar deasbhord, ba cheart dhá líne scanraithe éan a úsáid.

6. Nuair a bhíonn an snúda á chaitheamh amach de lámh, ní mór do na hiascairí a áirithiú go gcaitear amach na duáin bhaoiteáilte agus na codanna corntha den snúda faoin limistéar atá cosanta ag na línte scanraithe éan agus go seachnaítear an tsuaiteacht liáin a mhoilleodh an ráta suncála.

7. Moltar d'iascairí crainn tochrais láimhe, leictreacha nó hiodrálacha a shuiteáil chun imscaradh agus aisghabháil na línte scanraithe éan a éascú.

▼M3




IARSCRÍBHINN VI

Cleactais um láimhseáil shabháilte agus um scaoileadh sábháilte le haghaidh turtair mhara

A.   Láimhseáil shabháilte agus scaoileadh sábháilte peas-saighne

1. Aon uair a amharctar turtar mara san eangach, déanfar gach iarracht réasúnach an turtar mara a tharrtháil sula rachaidh sé i bhfostú san eangach.

2. Ní úsáidfear dorú atá ceangailte de chorp turtair mhara, ná a bhfuil corp turtair mhara imithe i bhfostú ann, chun an turtar a tharraingt as an uisce.

3. Má bhíonn turtar mara i bhfostú le linn rollála lín, stopfar an rolláil lín a luaithe a thiocfaidh an turtar as an uisce; déanfar an eangach a bhaint den turtar gan é a ghortú sula n-atosófar ar an rolláil lín.

4. Más rud é, d’ainneoin na mbeart a rinneadh, go ndéantar turtar mara a thabhairt de thaisme ar bord an tsoithigh agus é beo agus gníomhach, nó marbh, scaoilfear saor an turtar mara chomh tapa agus is féidir.

5. Má thugtar turtar mara ar bord an tsoithigh agus má tá sé i dtámhshuan nó neamhghníomhach, déanfar iarracht ar athbheochan i gcomhréir le Roinn C.

B.   Láimhseáil shabháilte agus scaoileadh sábháilte an tsoithigh spiléir

1. Nuair is indéanta, agus má tá an t-oibreoir nó baill den chriú ar bord oilte go cuí, tabharfar turtair mhara i dtámhshuan ar bord láithreach.

2. Tar éis turtar mara a amharc, cuirfear moill ar luas an tsoithigh agus an ríl eangaí agus déanfar treo an tsoithigh a choigeartú chun bogadh i dtreo an turtair mhara, agus an teannas ar an líne a laghdú a oiread is féidir.

3. Ní úsáidfear dorú atá ceangailte de chorp turtair mhara, ná a bhfuil corp turtair mhara imithe i bhfostú ann, chun an turtar a tharraingt as an uisce.

4. Má tá turtar mara rómhór nó má tá duán ann sa chaoi nach féidir bordáil go sábháilte gan damáiste breise a dhéanamh don turtar mara nó é a ghortú tuilleadh, úsáidfear bearrthóirí eangaí chun an líne a ghearradh agus an oiread líne agus is féidir a bhaint sula scaoilfear an turtar mara.

5. Má bhreathnaítear go bhfuil duán sa turtar mara nó go bhfuil sé á chur i bhfostú ag trealamh spiléireachta le linn oibríochtaí tarlaithe, scoirfidh oibreoir an tsoithigh d’oibríochtaí tarlaithe láithreach go dtí go mbainfear an turtar mara den trealamh spiléireachta nó go dtí go dtabharfar ar bord an tsoithigh é.

6. Má bheidh duán seachtrach sa turtar mara nó duán atá go hiomlán infheicthe, bainfear an duán den turtair mhara chomh tapa agus chomh cúramach agus is féidir. Mura féidir duán a bhaint de thurtar mara (e.g. ionghafa nó ar díon béil), gearrfar an líne chomh gar agus is féidir don duán.

7. Déanfar turtair mhara bheo a chur ar ais san fharraige tar éis iad a láimhseáil mar seo a leanas:

(a) 

inneall an tsoithigh a chur sa ghiar neodrach ionas go mbeidh an lián dícheangailte agus go stopfar an soitheach, agus an turtar mara a scaoileadh saor ón bhfearas atá imscartha; agus

(b) 

a thabhairt faoi deara go bhfuil an turtar mara i bhfad go leor ón soitheach sula rachfar i mbun an liáin agus sula leanfaidh sé ar aghaidh.

8. Má thugtar an turtar mara ar bord an tsoithigh atá i dtámhshuan nó neamhghníomhach, déanfar iarracht ar athbheochan i gcomhréir le Roinn C.

C.   Turtar mara ar bord a athbheochan

1. Agus turtar mara á láimhseáil, déanfar iarracht an t-ainmhí a choinneáil ag an mblaosc, gan teagmhaigh le réigiún an chinn agus an mhuiníl, agus na lapaí.

2. Déanfar iarracht aon earraí coimhthíocha a bhaint agus/nó a fhuascail den turtar mara, mar shampla aon earraí plaisteacha, líontán, nó duáin leabaithe, etc.

3. Cuirfear an turtar mara ar a bhlaosc íochtar (plastrón) ionas go mbeidh an turtar mara ag seasamh mar is ceart, leithlisithe go sábháilte agus doghluaiste ar dhromchla stuáilte, mar shampla bonn gluaisteán gan imeall, cúisín bád, nó corna rópa. Is é príomhchuspóir an dromchla stuáilte an turtar mara a ardú ón deic chun cabhrú le srian a chur air. A ceathrúna deiridh a ardú ar a laghad 6 orlach (15 cm) ar feadh tréimhse 4 uair an chloig go 24 uair an chloig. Braitheann a airde sin ar mhéid an turtair; tá arduithe níos mó ag teastáil le haghaidh turtair mhara níos mó. Go tréimhsiúil, déan an turtar farraige a luascadh go réidh ó chlé go deas agus ó dheas go clé trí ghreim a choinneáil ar imeall seachtrach na blaoisce (carapás) agus taobh amháin a ardú thart ar 3 orlach (8 cm), ansin déan an rud céanna ar an taobh eile. Déan teagmháil go réidh leis an tsúil agus bain pinse as an eireaball (tástáil frithluaile) go tréimhsiúil chun a fháil amach an bhfuil freagairt ann.

4. Déanfar turtair mhara atá á n-athbheochan a chur faoi scáth agus a choinneáil tais ach ní dhéanfar iad a chur i gcoimeádán uisce ar chúinse ar bith. Is é tuáille uisciúil, a chuirtear thar an ceann, a charapás, agus a lapaí an modh is éifeachtaí chun turtar mara a choinneáil tais.

5. Turtair mhara a athbheoitear agus a thagann chun bheith gníomhach, ní scaoilfear saor iad thar phosta an bháid ach amháin nuair nach bhfuil trealamh iascaireachta in úsáid (i.e. nach bhfuil sé á chur ná á tharraingt go gníomhach), nuair atá giaranna an innill sa ghiar neodrach, agus i limistéir nach dócha go ndéanfaidh soithí iad a athghabháil ná a ghortú.

6. Turtair mhara nach bhfreagraíonn don tástáil frithluaile nó nach ngluaiseann laistigh de 4 uair an chloig (suas le 24 uair an chloig, más féidir), cuirfear ar ais san uisce iad ar an mbealach céanna leis an turtair mhara atá ag gluaiseacht go gníomhach.

▼B




IARSCRÍBHINN VII

TRASLOINGSIÚ I GCALAFORT

1.

Nuair a dhéantar trasloingsiú i gcalafort ar shoithí ón Aontas nó i gcalafoirt an Aontais ar thuinnín nó ar speicis atá cosúil le tuinnín agus ar aon speiceas eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin laistigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT, leanfar na nósanna imeachta seo a leanas:

Oibleagáidí i dtaobh fógra a thabhairt

2.   Soitheach iascaireachta

2.1

Ní mór do chaptaen an tsoithigh iascaireachta fógra a thabhairt d'údaráis Stát an chalafoirt, ar a laghad 48 n-uaire roimh oibríochtaí trasloingsithe, faoi ainm an tsoithigh iompair agus dáta/am an trasloingsithe.

2.2

Tráth an trasloingsithe, cuirfidh captaen an tsoithigh iascaireachta in iúl dá Bhallstát brataí na nithe seo a leanas:

— 
na cainníochtaí tuinnín agus speiceas atá cosúil le tuinnín, más féidir, de réir stoic, atá le trasloingsiú;
— 
na cainníochtaí de speicis eile arna ngabhail in éineacht le tuinnín nó speicis atá cosúil le tuinnín de réir speicis, más eol sin, atá le trasloingsiú;
— 
dáta agus áit an trasloingsithe;
— 
ainm, uimhir chláraithe agus bratach an tsoithigh iompair ghlactha; agus
— 
suíomh geografach na ngabhálacha de réir speicis agus, más iomchuí, de réir stoic, i gcomhréir le limistéir staidrimh ICCAT.

2.3

Déanfaidh captaen an tsoithigh iascaireachta ábhartha dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú a chomhlánú agus cuirfidh sé é, mar aon leis an uimhir atá luaite leis an soitheach i dtaifead ICCAT ar shoithí iascaireachta, más iomchuí, chuig a Bhallstát brataí, tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an trasloingsithe.

3.   Soitheach glactha

3.1

Cuirfidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha in iúl d'údaráis Stát an chalafoirt, tráth nach déanaí ná 24 huaire roimh thús an trasloingsithe agus ag a dheireadh, na cainníochtaí de ghabhálacha tuinnín agus de speicis atá cosúil le tuinnín a trasloingsíodh ar a shoitheach siúd, agus comhlánóidh sé dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú agus cuirfidh sé é chuig na húdaráis inniúla laistigh de 24 huaire.

3.2

Comhlánóidh máistir an tsoithigh iompair ghlactha dearbhú ICCAT ar thrasloingsiú, ar a laghad 48 n-uaire roimh theacht i dtír dó, agus cuirfidh sé é chuig údaráis inniúla an Stáit tabhartha i dtír.

Comhar idir an calafort agus an Stát tabhartha i dtír

4.

Déanfaidh Stát an chalafoirt agus an Stát tabhartha i dtír dá dtagraítear sna pointí thuas athbhreithniú ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun fhorálacha na hIarscríbhinne seo, agus i gcomhar le CPC brataí an tsoithigh iascaireachta de réir mar is gá, chun comhsheasmhacht idir gabhálacha tuairiscithe, trasloingsiú agus tabhairt i dtír gach soithigh a mheas. Déanfar an fíorú sin sa dóigh go mbeidh an oiread is lú de chur isteach nó de mhíchaoithiúlacht ann don soitheach agus go seachnófar aon díghrádú ar an iasc.

Tuairisciú

5.

Déanfaidh gach Ballstát brataí den soitheach iascaireachta na mionsonraí maidir leis na trasloingsithe a dhéanann a chuid soithí a áireamh ina thuarascáil bhliantúil a chuirfear faoi bhráid ICCAT.




IARSCRÍBHINN VIII

CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT MAIDIR LE TRASLOINGSIÚ AR MUIR

1. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na soithí iompair a áirítear i dtaifead ICCAT ar shoithí atá údaraithe trasloingsithe a thógáil i limistéar Choinbhinsiún ICCAT agus a thrasloingsíonn ar muir, breathnóir réigiúnach ICCAT a thabhairt leo tráth gach oibríochta trasloingsithe i limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

2. Déanfaidh ICCAT breathnóirí a cheapadh agus cuirfear iad ar bord na soithí iompair atá údaraithe trasloingsithe a thógáil i limistéar Choinbhinsiún ICCAT ó shoithí spiléir peiligeacha mórscála (LSPLVanna) a mbíonn bratach CPCanna ina gcuirtear clár breathnóirí réigiúnach ICCAT chun feidhme ar foluain orthu.

Breathnóirí a ainmniú

3. Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag na breathnóirí ainmnithe ionas go mbeidh siad in ann a ndualgais a chur i gcrích:

— 
cumas léirithe maidir le speicis ICCAT agus trealamh iascaireachta a shainaithint agus tabharfar tús áite do na daoine a bhfuil taithí acu mar bhreathnóirí ar shoithí spiléir peiligeacha;
— 
eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT;
— 
cumas breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;
— 
eolas sásúil ar theanga bhratach an tsoithigh ar a bhfuil sé i mbun breathnóireachta.

Oibleagáidí an bhreathnóra

4. Ní mór do bhreathnóirí:

(a) 

an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT a bheith déanta acu;

(b) 

gan a bheith ina náisiúnaigh ná ina saoránaigh de Stát brataí an tsoithigh iompair ghlactha;

(c) 

a bheith in ann na dualgais a leagtar amach i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh;

(d) 

a bheith ar an liosta de bhreathnóirí arna choimeád ag ICCAT;

(e) 

gan a bheith ina mball de chriú ar an LSPLV ná ar an soitheach iompair ná ina bhfostaí den chuideachta ar léi an LSPLV nó an soitheach iompair.

5. Déanfaidh an breathnóir faireachán féachaint an gcloíonn an LSPLV agus an soitheach iompair leis na bearta caomhnaithe agus bainistithe atá glactha ag ICCAT. Seo a leanas go háirithe na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag na breathnóirí:

5.1 

I gcás LSPLV a bhfuil sé beartaithe trasloingsiú a dhéanamh uaidh chuig soitheach iompair, agus na hábhair imní a léirítear i bpointe 9 á gcur san áireamh, rachaidh an breathnóir ar bord sula ndéanfar an trasloingsiú, chun:

(a) 

seiceáil a dhéanamh ar bhailíocht údarú nó ceadúnas an tsoithigh tuinnín agus speicis atá cosúil le tuinnín a ghabháil agus aon speiceas eile a ghabhtar in éineacht leis na speicis sin i limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(b) 

cigireacht a dhéanamh ar údaruithe an tsoithigh iascaireachta roimhe seo trasloingsiú ar muir a dhéanamh, údarú arna eisiúint ag an CPC brataí agus, más iomchuí, an Stát cósta;

(c) 

seiceáil agus taifead a dhéanamh ar chainníocht iomlán na gabhála ar bord de réir speicis agus, más féidir, de réir stoic, agus ar na cainníochtaí atá le trasloingsiú chuig an soitheach iompair;

(d) 

seiceáil a dhéanamh go bhfuil an córas um fhaireachán soithí (VMS) ag feidhmiú agus an logleabhar a iniúchadh agus iontrálacha a fhíorú, más féidir;

(e) 

fíorú an é gur aistríodh ó shoithí eile aon chuid den ghabháil ar bord, agus seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid a bhaineann le haistrithe den chineál sin;

(f) 

i gcás ina léirítear go ndearnadh sárú a bhaineann leis an soitheach iascaireachta, déanfaidh an breathnóir an sárú (na sáruithe) a thuairisciú do mháistir an tsoithigh iompair (agus aird chuí á tabhairt ar chúrsaí sábháilteachta) agus do chomhlacht cur chun feidhme an chláir breathnóirí, agus déanfaidh an comhlacht an tuairisc a chur ar aghaidh chuig údaráis CPC brataí an tsoithigh iascaireachta; agus

(g) 

taifead a dhéanamh ar thorthaí na ndualgas sin ar an soitheach iascaireachta i dtuarascáil an bhreathnóra.

5.2 

Breathnóidh sé ar ghníomhaíochtaí an tsoithigh iompair agus déanfaidh sé:

(a) 

taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí trasloingsithe a dhéantar;

(b) 

suíomh an tsoithigh agus é i mbun trasloingsithe a fhíorú;

(c) 

breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí den tuinnín agus de na speicis atá cosúil le tuinnín a dhéantar a thrasloingsiú de réir speicis, más eol, agus, más féidir, de réir stoic;

(d) 

breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí de speicis eile a ghabhtar in éineacht le tuinnín nó speicis atá cosúil le tuinnín de réir speicis, más eol sin;

(e) 

fíorú agus taifeadadh ar ainm agus uimhir ICCAT an LSPLV lena mbaineann;

(f) 

na sonraí atá sa dearbhú ar thrasloingsiú a fhíorú, lena n-áirítear trí chomparáid a dhéanamh le logleabhar an LSPLV, i gcás inar féidir;

(g) 

na sonraí sa dearbhú ar thrasloingsiú a dheimhniú;

(h) 

an dearbhú ar thrasloingsiú a chomhshíniú; agus

(i) 

breathnóireacht agus meastachán ar na cainníochtaí den táirge de réir speicis tráth a dhíluchtaithe sa chalafort ina gcuirtear an breathnóir i dtír chun fíorú an bhfuil siad ag teacht leis na cainníochtaí a fuarthas le linn trasloingsiú ar muir.

5.3 

Ina theannta sin, déanfaidh an breathnóir:

(a) 

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí trasloingsithe an tsoithigh iompair;

(b) 

tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le dualgais an bhreathnóra agus deis a thabhairt don chaptaen aon fhaisnéis iomchuí a chur sna tuarascálacha sin;

(c) 

na tuarascálacha ginearálta dá dtagraítear i bpointe (b) a chur faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT laistigh de 20 lá tar éis dheireadh na tréimhse breathnóireachta;

(d) 

aon fheidhm eile arna sainiú ag ICCAT a fheidhmiú.

6. Déileálfaidh na breathnóirí leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta na LSPLVanna agus úinéirí na LSPLVanna mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh sé leis an gceanglas seo i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir.

7. Comhlíonfaidh na breathnóirí ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an Bhallstáit bhrataí agus, más ábhartha, an Stáit chósta, a bhfuil dlínse aige ar an soitheach a bhfuil an breathnóir sannta dó.

8. Urramóidh na breathnóirí an grádlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm maidir le pearsanra uile an tsoithigh, mar aon lena gcuid oibleagáidí mar a leagtar amach i bpointe 9, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais an bhreathnóra faoin gclár seo.

Freagrachtaí Stáit bhrataí na soithí iompair

9. Ar na coinníollacha a bhaineann le cur chun feidhme an chláir breathnóirí réigiúnacha i dtaca le Stáit bhrataí na soithí iompair agus a gcaptaein, beidh an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

Beidh cead rochtana ag breathnóirí ar phearsanra an tsoithigh, ar dhoiciméid ábhartha agus ar an bhfearas agus an trealamh;

(b) 

Tabharfar cead rochtana do bhreathnóirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgas mar a leagtar amach i bpointe 5 a éascú:

(i) 

trealamh loingseoireachta satailíte;

(ii) 

scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid;

(iii) 

modhanna leictreonacha cumarsáide; agus

(iv) 

scála a úsáidtear chun táirge trasloingsithe a mheá.

(c) 

Cuirfear cóiríocht ar fáil don bhreathnóir, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh.

(d) 

Cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil do bhreathnóirí le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

(e) 

Beidh sé de chead ag an mbreathnóir cinneadh a dhéanamh maidir leis an ionad agus an modh is buntáistí chun breathnú ar na hoibríochtaí trasloingsithe agus meastachán a dhéanamh ar na speicis/stoic agus na cainníochtaí a thrasloingsítear. I ndáil leis sin, déanfaidh máistir an tsoithigh iompair, ag féachaint go hiomchuí do chúiseanna imní sábháilteachta agus praiticiúla, freastal ar riachtanais bhreathnóirí, lena n-áirítear, arna iarraidh sin dó, táirge a chur amach go sealadach ar dheic an tsoithigh iompair chun go ndéanfaidh breathnóirí cigireacht air agus am leordhóthanach a thabhairt do na breathnóirí a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Déanfar an bhreathnóireacht i gcaoi a gcuirfear isteach a laghad is féidir ar oibríochtaí an tsoithigh agus a seachnófar cáilíocht na dtáirgí arna dtrasloingsiú a chur i mbaol.

(f) 

I bhfianaise fhorálacha phointe 10, áiritheoidh máistir an tsoithigh iompair go dtugtar an cúnamh go léir is gá don bhreathnóir d'fhonn iompar sábháilte idir an soitheach iompair agus na soithí iascaireachta a áirithiú má bhíonn an aimsir nó toscaí eile in araíocht dó. agus

(g) 

Áiritheoidh na Stáit bhrataí nach gcuirfidh captaein, criúnna, ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar na breathnóirí agus iad i mbun a ndualgas, agus nach gcuirfear isteach orthu ná nach n-imreofar tionchar orthu, agus nach dtabharfar breab dóibh ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dóibh.

Freagrachtaí na LSPLVanna le linn trasloingsithe

10. Beidh sé de chead ag breathnóirí dul ar bord an tsoithigh iascaireachta, má bhíonn an aimsir nó toscaí eile in araíocht dó, agus beidh cead rochtana acu ar phearsanra an tsoithigh, ar dhoiciméid ábhartha uile, agus ar limistéir an tsoithigh ar gá rochtain a bheith acu orthu má tá siad lena ndualgais a leagtar amach i bpointe 5 a chomhlíonadh. Áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta go dtabharfar an cúnamh go léir is gá don bhreathnóir d'fhonn iompar sábháilte a áirithiú dó idir an soitheach iompair agus na soithí iascaireachta. Mura féidir leis an mbreathnóir dul ar bord an LSPLV roimh thús na n-oibríochtaí trasloingsithe de bharr tosca a bheadh ina riosca do-ghlactha dá shábháilteacht, féadfar na hoibríochtaí sin a dhéanamh mar sin féin.

Táillí breathnóra

11. Déanfaidh CPCanna brataí na LSPLVanna ar mian leo gabháil d'oibríochtaí trasloingsithe maoiniú ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme an chláir. Déanfar an táille a ríomh ar bhonn chostais iomlána an chláir. Íocfar an táille sin isteach i gcuntas speisialta de chuid Rúnaíocht ICCAT agus déanfaidh Rúnaíocht ICCAT an cuntas a bhainistiú chun an clár a chur chun feidhme.

12. Ní fhéadfaidh LSPLV páirt a ghlacadh sa chlár trasloingsithe ar muir mura n-íocfar na táillí mar a cheanglaítear faoi phointe 11.

▼M3




IARSCRÍBHINN IX

Íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta um láimhseáil shábháilte agus um scaoileadh beo le haghaidh siorcanna mako biorshrónacha an atlantaigh thuaidh agus an atlantaigh theas

Leis an Iarscríbhinn seo, leagtar amach íoschaighdeáin maidir le cleachtais um láimhseáil shábháilte do shiorcanna mácó biorshrónacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas agus áirítear leis moltaí sonracha maidir le hiascaigh spiléireachta agus pheas-saighne araon.

Tá na híoschaighdeáin sin oiriúnach do shiorcanna mácó biorshrónacha beo nuair a scaoiltear saor iad, bídís faoi bheartais neamhchoinneála, nó nuair a scaoiltear go deonach iad. Ní thagann na híoschaighdeáin sin in ionad aon rialacha sábháilteachta níos déine a d’fhéadfadh a bheith bunaithe faoin dlí náisiúnta.

1. 

Tús áite don tsábháilteacht: Déanfar na híoschaighdeáin sin a mheas i bhfianaise na sábháilteachta agus na praiticiúlachta do bhaill den chriú. Tabharfar tús áite i gcónaí do shábháilteacht bhaill den chriú. Ar a laghad, caithfidh baill an chriú lámhainní oiriúnacha agus ní bheidh cead acu a bheith ag obair gar do bhéal siorcanna.

2. 

Oiliúint: Tá ábhair oiliúna ar fáil do na Ballstáit sna trí theanga oifigiúla de chuid ICCAT.

3. 

Modh scaoilte: A mhéid is féidir, na siorcanna uile atá á scaoileadh saor, fanfaidh siad san uisce i gcónaí ach amháin más gá siorcanna a ardú chun speicis a shainaithint. Áirítear leis sin an líne a ghearradh chun an siorc a scaoileadh saor agus é fós san uisce, trí úsáid a bhaint as gearrthóir boltaí nó as feistí bainte duáin chun an duán a bhaint más féidir, nó an líne a ghearradh chomh gar don duán agus is féidir (agus mar sin a lú de líne shraoilleach agus is féidir a fhágáil).

4. 

Bí ullamh: Ullmhófar uirlisí roimh ré (e.g., canbhás nó slisní eangaí, sínteáin ar mhaithe le hiompar nó ardú, eangach mór mogaill nó greille chun haistí nó coimeadáin in iascaigh pheas-saighne agus i ngearrthóirí a bhfuil hanla fada acu a chlúdach agus uirlisí bainte duáin in iascaigh spiléireachta, a liostaítear faoi Roinn E).

A.   Moltaí ginearálta do gach iascach

1. Má tá sé sábháilte ó thaobh oibríochta de déanamh amhlaidh, an soitheach a stopadh nó a luas a laghdú go suntasach.

2. Nuair a bhíonn an siorc i bhfostú (in eangach, líne iascaireachta, etc.), gearr an eangach/an líne go cúramach saor ón ainmhí, má tá sé sábháilte amhlaidh a dhéanamh, agus scaoil saor chun na farraige é a luaithe is féidir, gan é a bheith i bhfostú in aon rud.

3. Más féidir, agus an siorc á choimeád san uisce, déan iarracht fad an tsiorc a thomhas.

4. Chun greamanna a chosc, cuir rud ar nós iasc nó bata mór/cuaille adhmaid, sa ghiall.

5. Más rud é, ar chúis ar bith, go gcaithfear siorc a thabhairt ar an deic, déan é a chur ar ais san uisce chomh tapa agus is féidir chun an deis mharthanais a mhéadú agus chun rioscaí do bhaill den chriú a laghdú.

B.   Cleachtais láimhseála sábháilte shonracha maidir le hiascaigh spiléireachta

1. Tabhair an siorc chomh gar don soitheach agus is féidir gan an iomarca teannais a chur ar líne thitimeáin chun go seachnófar an fhéidearthacht go bhféadfadh duán scaoilte nó línte titimeáin bhriste duáin, meáchain agus codanna eile a scaoileadh i dtreo na soithí agus bhaill den chriú ar ardluas.

2. Daingnigh an taobh thall den phríomhlíne spiléir chuig an mbád ionas nach dtarraingeoidh aon fhearas atá fágtha san uisce ar an líne agus ar an siorc.

3. Má bhíonn duán san ainmhí, agus an duán le feiceáil sa chorp nó sa bhéal, bain úsáid as feiste bainte duáin nó gearrthóir líne a bhfuil hanla fada air chun an frídín duáin a bhaint, agus bain an duán ina dhiaidh sin.

4. Mura féidir an duán a bhaint nó mura féidir an duán a fheiceáil, gearr líne an riain (nó an snúda, an treoraí) chomh gar agus is féidir don duán (más féidir, a lú de líne agus/nó ábhar treoraí agus is féidir a fhágáil agus gan aon mheáchain a cheangal leis an siorc).

C.   Cleachtais láimhseála sábháilte shonracha maidir le hiascaigh pheas-saighne

1. I gcás ina bhfuil siad sa pheas-saighne: Déan an eangach a shíneadh amach chomh fada chun tosaigh agus is féidir chun aon siorcanna a fheiceáil go luath chun freagairt go tapa. Ná hardaigh siorcanna san eangach i dtreo na hulóige meicniúla. Laghdaigh luas an tsoithigh chun teannas na heangaí a mhaolú agus chun go mbeifear in ann an siorc atá i bhfostú a bhaint den eangach. Más gá, bain úsáid as clipéar chun an eangach a ghearradh.

2. I gcás ina bhfuil siad i dtéada beaga nó ar deic: Bain úsáid as eangach lasta saintógtha mór-mhogall nó slisne canbháis nó feiste den chineál céanna. Má cheadaítear amhlaidh le leagan amach an tsoithigh, d’fhéadfaí na siorcanna a scaoileadh freisin trí na téada beaga a fholmhú go díreach ar choimeádán agus trí rampa scaoilte atá á choinneáil suas ar uillinn a nascann le bearna ar ráille na deice bairr, gan gá do bhaill den chriú é a ardú nó a láimhseáil.

D.   Moltaí sonracha agus cleachtais um láimhseáil shábháilte do gach iascach

1. A mhéid is féidir, ná hardaigh siorcanna as an uisce ag baint úsáid as an líne thitimeáin, go háirithe má tá duán iontu ach amháin más gá siorcanna a ardú chun speicis a shainaithint.

2. Ná hardaigh siorcanna trí shreanga nó cáblaí tanaí a úsáid, nó leis an eireaball amháin.

3. Ná buail siorc ar dhromchla ar bith, mar shampla chun an t-ainmhí a bhaint den líne.

4. Ná déan iarracht aon duán a bhogadh atá ionghafa go domhain agus nach bhfuil le feiceáil.

5. Ná déan iarracht duán a bhaint trí tharraingt go géar ar an líne thitimeáin.

6. Ná gearr an t-eireaball nó aon chuid eile den chorp.

7. Ná gearr nó ná cuir poill sa siorc.

8. Ná déan an siorc a gheafáil nó a chiceáil, nó lámha a chur isteach sna scoilteanna geolbhaigh.

9. Ná nocht an siorc don ghrian ar feadh tréimhsí fada.

10. Ná cuir do mhéara ná do lámha san eangach agus siorc á thabhairt ar an mbád (d’fhéadfadh gortú tromchúiseach a bheith mar thoradh air).

E.   Uirlisí úsáideacha le haghaidh láimhseáil shábháilte agus scaoileadh sábháilte:

(a) 

lámhainní (tá craiceann siorcanna garbh; áirithíonn lámhainní go ndéanfar siorcanna a láimhseáil go sábháilte agus go gcosnófar lámha bhaill den chriú ó ghreamanna);

(b) 

tuáille nó éadach (is féidir tuáille nó éadach fliuctha i sáile a chur ar shúile an tsiorca chun an siorc a shuaimhniú);

(c) 

feistí bainte duáin (e.g. gearrthóir líne eireabaill muice, gearrthóirí boltaí nó greamairí gearrtha);

(d) 

úim nó sínteán siorcanna (más gá);

(e) 

rópa eireaball (chun siorc a bhfuil duán ann a dhaingniú más gá é a bhaint den uisce);

(f) 

píobán sáile (má táthar ag súil go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ná 5 nóiméad ag teastáil chun siorc a scaoileadh, cuir píobán isteach ina bhéal ionas go sreabhfaidh an sáile isteach ann go measartha; déan cinnte go bhfuil an caidéil deice ar siúl ar feadh roinnt nóiméad sula gcuirfear é i mbéal siorca);

(g) 

feiste nó modh tomhais (e.g. déan cuaille, treoraí agus snámhán a mharcáil, nó téip tomhais);

(h) 

bileog sonraí chun gach gabháil a thaifeadadh;

(i) 

trealamh clibeála (más infheidhme).




IARSCRÍBHINN X

Treoirlínte maidir le tionchar éiceolaíoch FADanna in iascaigh ICCAT a laghdú

1. Ní chlúdófar struchtúr dromchla FAD, nó má chlúdaítear é, ní clúdófar é ach amháin le hábhar lena mbainfí an riosca is lú go ndéanfaí speicis foghabhála a chur i bhfostú ann a chlúdaítear é.

2. Beidh comhpháirteanna fodhromchla an FAD comhdhéanta go heisiach d’ábhar nach rachaidh i bhfostú (e.g. gan téada nó canbhás).

3. Agus FADanna á ndearadh, tabharfar tosaíocht d’úsáid ábhar in-bhithmhillte.



( 1 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( 2 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( 3 ) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

( 4 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( 5 ) Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).

( 6 ) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2016 lena nglactar clár ilbhliantúil de chuid an Aontais maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus san earnáil dhobharshaothraithe don tréimhse 2017-2019 (IO L 207, 1.8.2016, lch. 113).

( 7 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( 8 ) Uimhir nós imeachta 2015/0289 (COD), nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil.

( *1 ) Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).”.

Top