This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02014R0909-20220622
Regulation (EU) No 909/2014 of the European Parliament and of the Council of 23 July 2014 on improving securities settlement in the European Union and on central securities depositories and amending Directives 98/26/EC and 2014/65/EU and Regulation (EU) No 236/2012 (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02014R0909 — GA — 22.06.2022 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 909/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 257 28.8.2014, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2016/1033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Meitheamh 2016 |
L 175 |
1 |
30.6.2016 |
|
RIALACHÁN (AE) 2022/858 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2022 |
L 151 |
1 |
2.6.2022 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) Uimh. 909/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Iúil 2014
maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “taisclann lárnach urrús” nó “TLU” duine dlítheanach a oibríonn an córas socraíochta urrús dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A den Iarscríbhinn agus a chuireann ar fail ar a laghad seirbhís lárnach amháin eile a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn;
ciallaíonn “TLU de chuid tríú tíre” aon eintiteas dlíthiúil arna bhunú ag tríú tír a gcuireann seirbhís den chuma chéanna ar fáil i gcomparáid leis an tseirbhís lárnach dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A den Iarscríbhinn agus a gcuireann seirbhís lárnach amháin eile a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn i gcrích;
ciallaíonn “díluailiú” lonnaíocht na n-urrús fisiceach i TLU a dhíriú ar bhealach lena bhféadfar na haistrithe ina dhiaidh sin a dhéanamh trí chuntas reatha;
ciallaíonn “foirm dhí-ábharaithe” nach bhfuil ionstraimí airgeadais ann ach i bhfoirm taifead cuntais reatha;
ciallaíonn “TLU is faighteoir” TLU a fhaigheann an iarraidh ó TLU eile, TLU iarrthach, rochtain a bheith aige ar a sheirbhísí trí nasc taisclainne lárnaí urrús.
ciallaíonn “TLU iarrthach” TLU a iarrann rochtain ar sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús eile, TLU is faighteoir trí nasc taisclainne lárnaí urrús;
ciallaíonn “socraíocht” idirbheart urrús a chur i gcrích aon uair a thugtar chun críche é d’fhonn oibleagáidí na bpáirtithe maidir leis an idirbheart sin a chomhlíonadh trí aistriú airgid thirim nó aistriú urrús nó an dá rud;
ciallaíonn “ionstraimí airgeadais” nó “urrúis” ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE iad;
ciallaíonn “ordú aistrithe” ordú aistrithe mar a shainmhínítear é sa dara fleasc de phointe (i) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE:
ciallaíonn “córas socraíochta urrús” córas faoin gcéad fhleasc, faoin dara fleasc agus faoin tríú fleasc de phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE nach bhfuil á oibriú ag contrapháirtí lárnach arb í an ghníomhaíocht atá á déanamh aige forghníomhú orduithe aistrithe;
ciallaíonn “inmheánaitheoir socraíochta” aon institiúid lena n-áirítear institiúidí amháin a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó le Treoir 2014/65/AE a fhorghníomhaíonn orduithe aistrithe thar ceann cliant nó ar a chuntas féin seachas trí chóras socraíochta urrús;
ciallaíonn “dáta socraíochta atá beartaithe” an dáta a chuirtear isteach sa chóras socraíochta urrús mar an dáta socraíochta agus a gcomhaontaíonn na páirtithe maidir le hidirbheart urrús go dtarlóidh an socrú sin;
ciallaíonn “tréimhse shocraíochta” an tréimhse idir an dáta trádála agus an dáta socraíochta atá beartaithe;
ciallaíonn “lá gnó” lá gnó mar a shainmhínítear i bpointe (n) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE é;
ciallaíonn “teip socraíochta” nach socraítear idirbheart urrús, nó nach socraítear é ach go páirteach ar an dáta socraíochta atá beartaithe i ngeall ar easpa urrús nó airgid, agus beag beann ar an mbunchúis;
ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” nó “CPL” CPL mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;
ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás a ainmníonn gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11 ach amháin a shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo;
ciallaíonn “údarás ábhartha” aon údarás dá dtagraítear in Airteagal 12;
ciallaíonn “rannpháirtí” aon rannpháirtí, mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE é, i gcóras socraíochta urrús;
ciallaíonn ‘rannpháirtíocht’ rannpháirtíocht de réir bhrí na chéad abairte de phointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE, nó úinéireacht, dhíreach nó indíreach, ar 20 % nó níos mó de chearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;
ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir dhá ghnóthas mar a ndéantar cur síos air in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;
ciallaíonn “fochuideachta” gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 2(10) agus Airteagal 22 de Threoir 2013/65/AE;
ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát a bhfuil TLU bunaithe ann;
ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina bhfuil brainse ag TLU, nó ina soláthraíonn sí seirbhísí TLU;
ciallaíonn “brainse” áit ghnó seachas an cheannoifig atá mar chuid de TLU, nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach aici agus ina soláthraítear seirbhísí TLU a bhfuil TLU údaraithe ina leith;
ciallaíonn “mainneachtain”, maidir le rannpháirtí, cás ina ndéantar imeachtaí dócmhainneachta, mar a shainmhínítear i bpointe (j) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE iad, a thionscnamh i gcoinne rannpháirtí;
ciallaíonn “soláthar in áit íocaíochta” sásra socraíochta urrús a nascann aistriú urrús le haistriú airgid thirim ionas nach ndéantar urrúis a sheachadadh ach amháin má dhéantar an t-aistriú comhfhreagrach airgid thirim, agus sin amháin, nó má dhéantar a mhalairt;
ciallaíonn “cuntas urrús” cuntas ar féidir urrúis a chur chun sochair nó chun dochair air;
ciallaíonn “nasc idir TLU” socrú idir TLUanna ina mbíonn TLU amháin mar rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús de chuid TLU eile chun aistriú urrús ó rannpháirtithe TLU chuig rannpháirtithe TLU roimhe sin a éascú, nó socrú ina bhfaigheann TLU rochtain ar TLU eile go neamhdhíreach trí idirghabhálaí. Áirítear ar naisc idir TLUanna naisc chaighdeánacha, naisc shaincheaptha, naisc neamhdhíreacha agus naisc idir-inoibritheacha;
ciallaíonn “nasc caighdeánach” nasc idir TLU áit a mbeidh TLU ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús de chuid TLU eile faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna atá infheidhme maidir le haon rannpháirtí eile sa chóras socraíochta urrús atá á oibriú ag an gcéad rannpháirtí;
ciallaíonn “nasc” saincheaptha’ nasc idir TLUanna ina mbeidh seirbhísí sonracha breise curtha ar fáil do TLU a bheidh ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús atá ag TLU eile i gcomparáid leis na gnáthsheirbhísí a chuireann TLU sin ar fáil do rannpháirtithe sa chóras socraíochta urrús;
ciallaíonn “nasc neamhdhíreach” socrú idir TLU agus tríú páirtí seachas TLU, atá ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús atá ag TLU eile. Bunófar nasc mar sin le TLU d’fhonn aistriú urrús a éascú chuig a rannpháirtithe ó rannpháirtithe TLU eile;
ciallaíonn “nasc idir-inoibritheach” nasc idir TLU ina gcomhaontaíonn na TLUanna réitigh theicniúla chomhpháirteacha a bhunú sna córais socraíochta urrús a oibríonn siad;
ciallaíonn “nósanna imeachta agus caighdeáin cumarsáide oscailte idirnáisiúnta” caighdeáin lena nglactar go hidirnáisiúnta le haghaidh nósanna imeachta cumarsáide, amhail formáidí caighdeánaithe teachtaireachta agus léiriú sonraí a chuirtear ar fáil d’aon pháirtí leasmhar ar bhealach cothrom, oscailte agus neamh-idirdhealaitheach;
ciallaíonn “urrúis inaistrithe” urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é;
ciallaíonn “scaireanna” urrúis dá dtagraítear i bpointe (44)(a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “ionstraimí an mhargaidh airgid” ionstraimí an mhargaidh airgid mar shainmhínítear i bpointe (17) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE iad;
ciallaíonn “aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta” aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn C d’Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “lamháltais astaíochta” lamháltais astaíochta mar a shainítear é i bpointe (11) de Chuid C d’Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE seachas na díorthaigh atá i lamháltais astaíochta;
ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar shainmhínítear i bpointe (21) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é;
ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” nó “STI” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE í;
ciallaíonn “ionad trádála” ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
ciallaíonn “gníomhaire socraíochta” gníomhaire socraíochta mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;
ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE
ciallaíonn “comhlacht bainistithe” comhlacht nó comhlachtaí TLU, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bhfuil sé de chumhacht aige straitéis, cuspóirí agus treoir fhoriomlán an TLU a shocrú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta. Áireofar leis seo daoine a stiúrann obair an TLU go héifeachtach.
Nuair a bheidh comhlachtaí difriúla a bhfuil feidhmeanna sonracha acu i gceist i gcomhlacht bainistíochta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo ach amháin maidir leis na comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a sanntar dóibh leis an dlí náisiúnta is infheidhme an fhreagracht faoi seach;
ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” na daoine nádúrtha a fheidhmíonn gnó feidhmiúcháin laistigh de TLU agus atá freagrach as an gcomhlacht bainistithe maidir le bainistiú laethúil an TLU sin agus cuntasach dó freisin.
TEIDEAL II
SOCRAÍOCHT URRÚS
CAIBIDIL 1
Foirm cuntais reatha
Airteagal 3
Foirm cuntais reatha
I gcás ina ndéanfar na hurrúis inaistrithe a aistriú i ndiaidh socraithe comhthaobhachta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE é, taifeadfar na hurrúis sin i bhfoirm cuntais reatha i TLU ar an dáta socraíochta nó roimhe sin, mura ndearnadh iad a thaifeadadh mar sin cheana féin.
Airteagal 4
Forfheidhmiú
CAIBIDIL II
Tréimhsí socraíochta
Airteagal 5
Dátaí socraíochta atá beartaithe
Maidir leis na húdaráis atá inniúil chun ionaid trádála a mhaoirsiú, beidh siad inniúil chun a áirithiú go gcuirfear mír 2 i bhfeidhm.
CAIBIDIL III
Smacht socraíochta
Airteagal 6
Bearta chun teipeanna socraíochta a chosc
Áireofar ar bhearta den sórt sin ar a laghad socraíochtaí idir an gnólacht infheistíochta agus a chliaint ghairmiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE lena áirithiú go gcuirfear leithdháileadh urrús i ndáil leis an idirbheart in iúl go gasta, go ndeimhneofar an leithdháileadh sin agus go ndeimhneofar glacadh nó diúltú téarmaí go tráthúil roimh an dáta socraíochta atá beartaithe.
Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis na nósanna imeachta caighdeánaithe agus leis na prótacail teachtaireachta atá le húsáid chun an dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 7
Bearta chun dul i ngleic le teipeanna socraíochta
Roimh di na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú, ionaid trádála, rachaidh TLU i gcomhairliúchán leis na hionaid trádála ábhartha agus leis na TLUanna ábhartha a gcuirfidh sí seirbhísí socraíochta ar fáil ina leith.
Áireofar ar an sásra pionóis dá dtagraítear sa chéad fomhír pionóis airgid thirim le haghaidh rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta (“rannpháirtithe a dteipfidh orthu”). Ríomhfar pionóis airgid ar bhonn laethúil i ndáil le gach lá gnó a dteipfear ar idirbheart a shocrú tar éis an dáta socraíochta a beartaíodh go deireadh tréimhse an phróisí cheannaigh isteach dá dtagraítear i mír 3 ach nach mbeidh níos faide ná an lá socraíochta iarbhír. Níor cheart na pionóis airgid thirim a chumrú mar fhoinse ioncaim do TLU.
Má bhaineann an t-idirbheart le hionstraim airgeadais a thrádálfar ar mhargadh fáis na bhfiontar beag agus meánmhéide, beidh 15 lá sa tréimhse sínithe ach amháin má chinneann margadh fáis na bhfiontar beag agus meánmhéide tréimhse níos giorra a chur i bhfeidhm.
Beidh feidhm ag na díolúintí a leanas ón gceanglas dá dtagraitear i mír 3:
ar bhonn an chineáil sócmhainne agus ar leachtacht na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann, féadfar an tréimhse sínithe a mhéadú ó cheithre lá gnó suas le seacht lá gnó ar a mhéid áit a mbeadh tionchar ag tréimhse sínithe níos giorra ar fheidhmiú ordúil réidh na margaí airgeadais lena mbaineann;
maidir le hoibríochtaí casta ina bhfuil roinnt mhaith idirbheart i gceist lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh urrús nó comhaontuithe iasachta, ní bheidh feidhm ag an bpróiseas ceannach isteach dá dtagraítear i mír 3 i gcás ina mbeidh tréimhse ama na n-oibríochtaí sin gearr go leor agus ina mbeidh an próiseas ceannach isteach neamhéifeachtach mar thoradh air sin.
Íocfar an cúiteamh airgid don rannpháirtí is faighteoir tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis dheireadh an phróisis ceannaigh isteach dá dtagraítear i mír 3 nó na tréimhse iarchurtha, i gcás inar roghnaíodh an tréimhse iarchurtha.
Ní thabharfar sonraí pearsanta de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE nuair a nochtfar fionraí go poiblí.
Beidh feidhm ag mír 2 go mír 9 maidir le gach idirbheart de chuid na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligfear isteach chun a dtrádála nó a thrádálfar ar ionad trádála nó a bheidh imréitithe ag contrapháirtí lárnach mar a leanas:
I gcás idirbheart a imréiteoidh CPL, is é CPL an t-eintiteas a fheidhmeoidh an ceannach isteach i gcomhréir le mír 3 go mír 8.
Maidir le hidirbhearta nach mbeidh imréitithe ag CPL, ach a fheidhmeofar ar ionad trádála, áireoidh an t-ionad trádála ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a chomhaltaí agus ar a rannpháirtithe na bearta dá dtagraítear i mír 3 go mír 8 a chur i bhfeidhm.
Maidir leis na hidirbhearta go léir seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den fhomhír seo, áireoidh na TLUanna ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a rannpháirtithe a bheith faoi réir na mbeart dá dtagraítear i mír 3 go mír 8.
Cuirfidh TLU an fhaisnéis riachtanach socraíochta ar fáil do chontrapháirtithe lárnacha agus d’ionaid thrádála lena chur ar a gcumas a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.
Gan dochar do phointe (a), phointe (b) agus pointe (c) den chéad fhomhír féadfaidh TLUanna faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceannach isteach dá dtagraítear sna pointí seo i leith treoracha iolracha socraíochta, maidir leis na hionstraimí airgeadais chéanna agus leis an dáta éaga céanna don tréimhse cur i bhfheidhm, a mbeidh sé mar aidhm acu an líon ceannach isteach a bheidh le déanamh a íoslaghdú agus dá bhrí sin an tionchar ar phraghsanna na n-ionstraimí ábhartha airgeadais.
Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú;
sonraí an chórais faireacháin maidir le teipeanna socraíochta agus na tuarascálacha maidir le teipeanna socraíochta dá dtagraítear i mír 1,
na próisis chun pionóis airgid a bhailiú agus a ath-leithdháileadh agus aon fháltais eile a d’fhéadfaidh teacht as pionóis den sórt sin i gcomhréir le mír 2;
sonraí oibríocht an phróisis ceannach isteach iomchuí dá dtagraítear i mír 3 go mír 8, lena n-áirítear tréimhsí ama iomchuí leis an ionstraim airgeadais a sholáthar tar éis an phróisis ceannach isteach dá dtagraítear i mír 3. Beidh na tréimhsí ama sin calabraithe agus an cineál sócmhainne agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais á gcur san áireamh.
na cúinsí ina bhféadfaí cur leis an tréimhse sínithe i gcomhréir leis an gcineál sócmhainne, le leachtacht na n-ionstraimí airgeadais, i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 agus na critéir i ndáil le leachtacht a mheasúnú faoi phointe (17) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;
cineál na n-oibríochtaí agus na tréimhsí ama sonracha a bhaineann leo dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 lena ndéantar ceannach-isteach mí-éifeachtach;
modheolaíocht chun an cúiteamh airgid dá dtagraítear i mír 7 a ríomh.
na coinníollacha faoina meastar go dteipeann ar rannpháirtí ar bhonn comhsheasmhach agus ar bhonn córasach na hionstraimí airgeadais amhail dá dtagraítear i mír 9 a sheachadadh; agus,
an fhaisnéis riachtanach socraíochta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 10.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 8
Forfheidhmiú
CAIBIDIL IV
Socraíocht inmheánaithe
Airteagal 9
Inmheánaitheoirí socraíochta
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a bheidh faighte faoin gcéad fhomhír a chur ar aghaidh chuig ÚEÚM gan mhoill agus cuirfidh siad ÚEÚM ar an eolas maidir le haon riosca a d’fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar an ngníomhaíocht socraíochta sin.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL III
TAISCLANNA LÁRNACHA URRÚS
CAIBIDIL I
TLUanna a údarú agus a mhaoirsiú
Airteagal 10
Údarás inniúil
Gan dochar don mhaoirseacht a dhéanfaidh comhaltaí CEBC dá dtagraítear in Airteagal 12(1), déanfaidh údarás inniúil a Ballstát bhaile TLU a údarú agus a mhaoirsiú.
Airteagal 11
Ainmniú an údaráis inniúil
I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé na róil a bheidh ag gach údarás ar leithligh acu agus ainmneoidh sé údarás amháin a bheidh freagrach as comhar le húdaráis inniúla i mBallstáit eile, leis na húdaráis ábhartha, le ÚEÚM, agus le ÚBE nuair a thagraítear go sonrach dóibh sa Rialachán seo.
Airteagal 12
Údaráis ábhartha
Beidh baint ag na húdaráis seo a leanas le húdarú agus le maoirsiú TLU nuair a thagraítear go sonrach dóibh sa Rialachán seo:
an t-údarás a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU sa Bhallstát ina mbeidh feidhm ag a dhlí maidir leis an gcóras socraíochta urrús sin;
na bainc cheannais san Aontais a mbeidh na hairgeadraí is ábhartha ina ndéantar socraíocht á n-eisiúint acu;
i gcás inarb ábhartha, an banc ceannais san Aontas a socrófar an ghné airgid den chóras socraíochta urrús a oibreoidh an TLU ina chuid leabhar.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 13
Malartú faisnéise
Airteagal 14
Comhar idir na húdaráis
Chun cleachtais mhaoirseachta a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas, lena n-áirítear comhar idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha sna measúnuithe difriúla is gá do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 15
Cásanna éigeandála
Gan dochar don nós imeachta fógra dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) de Threoir 98/26/CE, cuirfidh na údaráis inniúla agus údaráis ábhartha in iúl láithreach do ÚEÚM, don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus dá chéile aon chás éigeandála a bhaineann le TLU, lena n-áirítear aon fhorbairtí i margaí airgeadais, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar leachtacht mhargaidh nó ar chobhsaíocht airgeadra ina ndéantar socraíocht, sláine an bheartais airgeadais agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil TLU nó ceann dá rannpháirtithe bunaithe.
Airteagal 16
TLU a údarú
Airteagal 17
An nós imeachta maidir le húdarú a dheonú
Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit eile lena mbaineann, sula ndéanfaidh sé údarú a dheonú don TLU is iarratasóir, sna cásanna a leanas:
nuair is fochuideachta de TLU údaraithe i mBallstát eile í TLU;
nuair is fochuideachta de mháthairchuideachta taisclainne lárnaí urrús atá údaraithe i mBallstát eile í TLU;
nuair atá TLU á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn TLU dhifriúil atá údaraithe i mBallstát eile.
Cumhdófar an méid seo a leanas sa chomhairliúchán dá dtagraítear i mír 6:
oiriúnacht na scairshealbhóirí agus na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 27(6) agus an cháil atá ar na daoine agus an taithí atá ag na daoine a thugann treoir éifeachtach maidir le gnó TLU dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus (4), nuair a bheidh baint ag na scairshealbhóirí agus na daoine sin i gcoitinne le TLU agus le TLU atá údaraithe i mBallstát eile araon;
cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann an caidreamh dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 6 idir TLU atá údaraithe i mBallstát eile agus TLU is iarratasóir difear don chumas atá ag an taisclann sin ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 18
Éifeachtaí an údaraithe
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 19
Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú agus a eisfhoinsiú
Cuirfidh TLU údaraithe iarratas ar údarú faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cibé uair ar mian léi seirbhís lárnach a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí faoi Airteagal 30 nó a cuid gníomhaíochtaí a leathnú chun ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a áireamh:
breis seirbhísí lárnacha a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear leis an gcéad údarú;
seirbhísí coimhdeacha a cheadaítear faoi, ach nach liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear leis an gcéad údarú;
oibriú córais socraíochta urrús eile;
an ghné airgid ar fad nó cuid den ghné airgid dá chóras socraíochta urrús a shocrú i leabhair de chuid gníomhaireachta socraíochta eile;
nasc idir-inoibritheachta a bhunú, lena n-áirítear naisc le TLUanna tríú tíortha.
Laistigh de thrí mhí tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-údarú dó nó an diúltaíodh é.
Airteagal 20
Údarú a tharraingt siar
Gan dochar do na gníomhartha nó na bearta leasacháin faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an t-údarú a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna a leanas:
i gcás nár úsáid TLU an t-údarú ar feadh 12 mhí, i gcás ina dtréigfidh sí an t-údarú go sainráite nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar bith curtha ar fáil aici ná aon ghníomhaíocht déanta aici le linn na sé mhí roimhe sin;
i gcás ina bhfaighidh TLU an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile;
i gcás nach mbeidh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag TLU agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar;
i gcás ina ndéanfaidh TLU sárú tromchúiseach nó córasach ar an ceanglais a leagtar amach sa Rialachán nó, i gcás inarb infheidhme, i dTreoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
Airteagal 21
Clár TLU
Airteagal 22
Athbhreithniú agus meastóireacht
Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid a leanas a shonrú:
an fhaisnéis a thabharfaidh TLU don údarás inniúil chun críocha an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1;
an fhaisnéis a thabharfaidh an t-údarás inniúil do na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i mír 7;
an fhaisnéis a thabharfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 8 dá chéile.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 23
Saoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile
Más mian le haon TLU na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar laistigh de chríoch Ballstáit eile den chéad uair, nó an raon seirbhísí sin a chuireann sí ar fáil inti a athrú, ní mór di an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile:
an Ballstáit ina mbeidh sé ar intinn ag TLU feidhmiú;
clár oibríochtaí ina luafar go háirithe na seirbhísí a bheidh sé beartaithe ag TLU a sholáthar;
an t-airgeadra agus na hairgeadraí a bheidh sé beartaithe ag TLU a phróiseáil;
i gcás ina mbeidh brainse ann, struchtúr eagraíochtúil an bhrainse agus ainmneacha na ndaoine a bheidh freagrach as bainistiú an bhrainse;
aon uair a bheidh sé ábhartha, measúnú ar na bearta a mbeidh sé i gceist ag TLU a dhéanamh chun go mbeidh a cuid úsáideoirí in ann na dlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na húdaráis ábhartha agus arb as an mBallstát sin iad a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi aon teachtaireacht a gheofar faoin gcéad fhomhír.
Féadfaidh TLU tosú ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar sa Bhallstát aíochta de réir na gcoinníollacha seo a leanas:
tar éis di teachtaireacht a fháil ón údarás inniúil sa Bhallstát aíochta ina n-admhófar go bhfuair an t-údarás sin an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 4 agus, aon uair a bheidh sé ábhartha, ina ndéanfar an measúnú dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3 a fhormheas;
mura bhfaighfear aon teachtaireacht, tar éis trí mhí ó dháta tharchur na teachtaireachta dá dtagraítear i mír 4.
Airteagal 24
Comhar idir údarás an Bhallstáit bhaile agus údaráis an Bhallstáit aíochta agus athbhreithniú piaraí
Má tharlaíonn sé go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le TLU ó thaobh na margaí urrús a fheidhmiú agus na hinfheisteoirí a chosaint i níos mó ná Ballstát aíochta amháin, féadfaidh an Ballstát baile a chinneadh go n-áireofar coláistí maoirseoirí ar shocruithe comhair den chineál sin.
I gcás ina leanfaidh TLU de ghníomhú ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, d’ainneoin na bearta a ghlac údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc nach leor na bearta sin, tar éis dó an scéal a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na bearta iomchuí go léir is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta. Cuirfear ÚEÚM ar an eolas faoi na bearta sin gan mhoill.
Féadfaidh údarás inniúla an Bhallstáit aíochta agus an Bhallstáit baile an cheist a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcomhthéacs an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, iarrfaidh ÚEÚM, i gcás inarb iomchuí, tuairimí nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrús agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 25
Tríú tíortha
Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh ÚEÚM aitheantas a thabhairt do TLU i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil chun na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 9;
go bhfuil TLU sa tríú tír faoi réir údarú, maoirsiú agus maoirseachta atá éifeachtach nó, más é banc ceannais a fheidhmíonn an córas socraíochta urrús, tá an taisclann sin faoi réir maoirseachta, lena n-áirithítear go ndéanfar na ceanglais stuamachta is infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;
go bhfuil socruithe comhair bunaithe idir ÚEÚM agus na húdaráis sa tríú tír sin atá freagrach (“udaráis sa tríu tír atá freagrach”) de bhun mhír 10;
go ndéanann TLU sa tríú tír na bearta is gá, nuair is ábhartha, lena mbeidh a cuid úsáideoirí in ann dlíthe a chomhlíonadh, ar dlíthe ábhartha náisiúnta an Bhallstáit sin iad ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí de chuid TLU a sholáthar, lena n-áirítear na dlíthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 49(1), agus tá leordhóthanacht na mbeart sin dearbhaithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstáit sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí de chuid TLU a sholáthar.
Agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in mír 4, rachaidh ÚEÚM i gcomhairle leis na údaráis seo a leanas:
údaráis inniúla na mBallstát sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí TLU a sholáthar, go háirithe maidir leis an gcaoi a mbeidh sé i gceist ag an TLU sa tríú tír an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 a chomhlíonadh;
na húdaráis ábhartha;
na húdaráis atá freagrach sa tríú tír a bhfuil cúram orthu TLUanna a údarú agus a mhaoirsiú.
Soláthróidh TLU is iarratasóir an fhaisnéis uile a mheasfar a bheith riachtanach maidir lena haitheantas do ÚEÚM. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEÚM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh ÚEÚM teorainn ama síos faoina gcaithfidh TLU is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí TLU a sholáthar measúnú ar na dlíthe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 a bheith á gcomhlíonadh ag TLU sa tríú tír agus cuirfidh sí cinneadh lánréasúnaithe in iúl do ÚEÚM an bhfuil an comhlíonadh ann nó gan a bheith ann laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaightear an fhaisnéis uile is gá ó ÚEÚM.
Is ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i mír 4 a dhéanfar an cinneadh faoin aitheantas.
Laistigh de shé mhí ón lá a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEÚM in iúl i scríbhinn, le cinneadh cuí-réasúnaithe ina iomláine, don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.
Údaráis inniúla na mBallstát sin - ina ndéanfaidh TLU sa tríú tír, agus aitheantas cuí tugtha dó faoi mhír 4, seirbhísí TLU a sholáthar - i ndlúthchomhar le ÚEÚM, féadfaidh siad a iarraidh ar na húdaráis fhreagracha sa tríú tír an méid a leanas a dhéanamh:
tuarascáil a thabhairt ó am go chéile ar ghníomhaíochtaí TLU an tríú tír sna Ballstáit aíochta sin, lena n-áirítear chun staidreamh a bhailiú;
céannacht na n-eisitheoirí agus na rannpháirtithe a chur in iúl, laistigh de thréimhse iomchuí, do na córais socraíochta urrús a oibreoidh an TLU sin sa tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí sa Bhallstát aíochta sin chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh TLU an tríú tír sin sa Bhallstát aíochta.
Tarraingeoidh ÚEÚM siar an t-aitheantas don TLU sin i gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh nó sna dálaí dá dtagraítear in Airteagal 20.
Sa chinntiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún a mheas freisin an léirítear na caighdeáin CPSS-IOSCO sin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír, sa mhéid nach mbeidh na caighdeáin sin ag teacht salach ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
I gcomhréir le hAirteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, bunóidh ÚEÚM socruithe comhair le húdaráis fhreagracha na dtríú tíortha a n-aithneofar go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 9. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEÚM, na húdaráis inniúla an Bhallstáit aíochta agus na húdaráis fhreagracha, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrfaidh ÚEÚM faoi na TLUanna a údarófar i dtríú tíortha agus go háirithe rochtain ar fhaisnéis i gcásanna dá dtagraítear i mír 7;
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ÚEÚM i gcás ina measfaidh údarás freagrach go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile is infheidhme á sárú ag TLU a mbeidh maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil uirthi;
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair.
I gcás ina bhforálfar d’aistrithe sonraí pearsanta ag Ballstát i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Threoir 95/46/CE agus na haistrithe sin á ndéanamh agus i gcás ina bhforálfar d’aistrithe sonraí pearsanta ag ÚEÚM i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 agus na haistrithe sin á ndéanamh.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL II
Ceanglais maidir le TLUanna
Airteagal 26
Forálacha ginearálta
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar ar leibhéal TLUanna agus ar leibhéal an ghrúpa dá dtagraítear i mír 7:
na huirlisí faireacháin maidir le rioscaí TLUanna dá dtagraítear i mír 1;
freagrachtaí an phríomhphearsanra i leith rioscaí TLUanna dá dtagraítear i mír 1;
na coinbhleachtaí leasa féideartha dá dtagraítear i mír 3;
na modhanna iniúchta dá dtagraítear i mír 6 ar leibhéal TLU agus ar leibhéal an ghrúpa; agus
na cúinsí ina mbeadh sé iomchuí torthaí iniúchta a roinnt leis an gcoiste úsáideoirí i gcomhréir le mír 6, agus na coinbhleachtaí leasa féideartha idir comhaltaí an choiste úsáideoirí agus TLU á gcur san áireamh.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 27
An bhainistíocht shinsearach, an comhlacht bainistíochta agus na scairshealbhóirí
Maidir le TLU:
soláthróidh sí don údarás inniúil faisnéis maidir le húinéireacht TLU, agus go háirithe, maidir le céannacht agus scála leasanna aon pháirtithe a bheidh in ann rialú a fheidhmiú ar oibriú TLU agus poibleoidh sí an fhaisnéis sin;
cuirfidh sí in iúl dá húdarás inniúil aon chinneadh chun cearta úinéireachta a aistriú as a n-eascróidh athrú ar chéannacht na ndaoine a fheidhmeoidh rialú ar oibriú an TLU agus iarrfaidh sí formheas a fháil uaidh maidir leis an gcinneadh sin. Tar éis di formheas a fháil óna húdarás inniúil, foilseoidh an TLU aistriú na gcearta úinéireachta sin.
Cuirfidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach an TLU agus a húdarás inniúil ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, faoina chinneadh a cearta úinéireachta a fháil nó a dhiúscairt agus ar cinneadh é as a n-eascróidh athrú ar chéannacht na ndaoine a fheidhmeoidh rialú ar oibriú an TLU dá réir.
Airteagal 28
Coiste Úsáideoirí
Airteagal 29
Taifid a choinneáil
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 30
Eisfhoinsiú
I gcás ina ndéanfaidh TLU seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí, leanfaidh sí de bheith freagrach go hiomlán as a hoibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:
ní tharmligfear a freagrachtaí mar thoradh ar an eisfhoinsiú;
ní dhéanfar athrú ar chaidreamh ná ar oibleagáidí an TLU i leith a rannpháirtithe nó i leith a heisitheoirí;
ní athróidh na coinníollacha chun an TLU a údarú;
ní chuirfear cosc de dheasca an eisfhoinsithe ar fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láthair a bheith ar fáil ar fhaisnéis ábhartha a bheidh ag teastáil chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;
ní fhágfar TLU gan na córais agus na rialtáin is gá chun na rioscaí a mbeidh aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de dheasca eisfhoinsiú;
coinneoidh an TLU an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthrófar, ar leordhóthanacht an tsoláthraí seirbhísí ó thaobh eagrúcháin agus caipitil, agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na seirbhísí eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú ar bhonn leanúnach;
beidh rochtain dhíreach ag an TLU ar fhaisnéis ábhartha na seirbhísí eisfhoinsithe;
beidh an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil agus leis na húdaráis ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;
áiritheoidh an TLU go gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhísí na caighdeáin a leagtar síos leis an dlí ábhartha um chosaint sonraí a mbeadh feidhm aici dá mbeadh na soláthraithe seirbhísí bunaithe san Aontas. Beidh TLU freagrach as a áirithiú go leagfar amach na caighdeáin sin i gconradh idir na páirtithe agus go gcoinneofar na caighdeáin sin.
Airteagal 31
Seirbhís arna gcur ar fáil ag páirtithe eile seachas TLUanna
Cuirfidh ÚEÚM an fhaisnéis sin sa chlár TLU dá dtagraítear in Airteagal 21.
Airteagal 32
Forálacha ginearálta
Airteagal 33
Ceanglais i ndáil le rannpháirtíocht
I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an rannpháirtí iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh an rochtain.
Déanfaidh an t-údarás inniúil sin iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don rannpháirtí iarrthach.
Rachaidh an t-údarás inniúil sin i gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an rannpháirtí iarrthaigh maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé ar an ngearán. I gcás nach n-aontóidh údarás an rannpháirtí iarrthaigh leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann den dá údarás inniúil an cheist a chur faoi bhráid ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU chun rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach, eiseoidh údarás inniúil an TLU a dhiúltaigh rochtain a thabhairt ordú lena gceanglófar ar an TLU sin rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 34
Trédhearcacht
Airteagal 35
Nósanna imeachta cumarsáide le rannpháirtithe agus le bonneagair eile mhargaidh
Maidir le nósanna imeachta cumarsáide TLUanna le rannpháirtithe na gcóras socraíochta urrús a oibríonn siad agus leis na bonneagair mhargaidh a mbíonn idirphlé acu leo, úsáidfidh na TLUanna nósanna imeachta agus caighdeáin cumarsáide idirnáisiúnta oscailte i leith sonraí teachtaireachtaí agus tagartha chun taifeadadh, íocaíocht agus socrú éifeachtúil a éascú.
Airteagal 36
Forálacha ginearálta
Beidh rialacha agus nósanna imeachta iomchuí ag TLU le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, lena n-áirítear rialtáin agus cleachtais chuntasaíochta stóinsithe, d’fhonn cabhrú chun sláine eisiúintí urrús a áirithiú, agus na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta urrús a choimeád slán agus a shocrú a laghdú agus a bhainistiú.
Airteagal 37
Sláine na heisiúna
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 38
Urrúis na rannpháirtithe’ agus a gcliant’ a chosaint
Maidir le TLU agus a rannpháirtithe, áfach, cuirfidh siad leithscaradh cliaint aonair ar fáil do shaoránaigh agus chónaitheoirí Ballstáit agus do dhaoine atá bunaithe i mBallstát ina cheanglaítear sin faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit faoin mbunaítear na hurrúis, de réir mar a mbeidh sé 17 Meán Fómhair 2014. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh fada agus nach leasaítear an dlí náisiúnta ná nach n-aisghairtear é agus fad atá cuspóirí na hoibleagáide bailí fós.
Airteagal 39
Críochnaitheacht socraíochta
Airteagal 40
Socraíocht airgid
Airteagal 41
Rialacha agus nósanna imeachta maidir le mainneachtain rannpháirtí
Airteagal 42
Ceanglais ghinearálta
Glacfaidh TLU creat bainistithe riosca fónta chun rioscaí dlíthiúla, gnó, oibriúcháin agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile a bhainistiú go cuimsitheach, lena n-áirítear bearta chun calaois agus faillí a mhaolú.
Airteagal 43
Rioscaí dlíthiúla
Airteagal 44
Riosca ginearálta gnó
Beidh córais agus uirlisí bainistithe agus rialaithe TF stóinsithe ag TLU chun rioscaí ginearálta gnó a shainaithint agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear caillteanais ó dhrochfheidhmiú straitéisí gnó, ó shreafa diúltacha airgid agus ó speansais mhóra oibriúcháin.
Airteagal 45
Rioscaí oibriúcháin
Cuirfidh sí an t-údarás inniúil agus na húdaráis ábhartha ar an eolas freisin gan mhoill faoi aon imeacht oibríochtúil a eascróidh as rioscaí den chineál sin.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 46
Beartas infheistíochta
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 47
Ceanglais chaipitil
Beidh caipiteal, chomh maith le tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús comhréireach leis na rioscaí a thig as gníomhaíochta TLU. Beidh sé leordhóthanach i gcónaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
a áirithiú go mbeidh TLU cosanta go leormhaith ar rioscaí oibriúcháin, dlíthiúla, coimeádta, infheistíochta agus gnó, ionas gur féidir leis TLU leanúint de sheirbhísí a sholáthar mar ghnóthas leantach;
a áirithiú go ndéanfar foirceannadh ordúil nó athstruchtúrú ar ghníomhaíochtaí TLU thar thréimhse iomchuí de shé mhí ar a laghad faoi réir raon cásanna struis.
Coimeádfaidh TLU plean maidir leis an méid seo a leanas:
caipiteal breise a chruinniú i gcás ina ndruidfidh a caipiteal cothromais gar do na ceanglais a leagtar síos i mír 1 nó má thiteann sé faoi bhun an méid sin;
foirceannadh ordúil nó athstruchtúrú a hoibríochtaí agus a seirbhísí a áirithiú i gcás nach bhfuil TLU in ann caipiteal nua a chruinniú.
Déanfaidh an comhlacht bainistithe nó coiste iomchuí eile den chomhlacht bainistíochta an plean a fhormheas agus a nuashonrú go rialta. Cuirfear gach nuashonrú ar an bplean ar fáil don údarás inniúil. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chur de cheangal ar TLU bearta breise a ghlacadh nó foráil de chineál eile a dhéanamh i gcás ina measann an t-údarás inniúil nach bhfuil an plean a bheidh ag an TLU leordhóthanach.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 48
Naisc idir TLUanna
Tacóidh socrú conarthach iomchuí le nasc, ar socrú é ina leagfar amach cearta agus oibleagáidí faoi seach TLUanna a bheidh nasctha agus, i gcás inar gá, rannpháirtithe TLUanna chomh maith. Déanfar foráil i socrú conarthach lena mbainfidh impleachtaí trasdlínse maidir le rogha shoiléir dlí lena rialófar gach gné d’oibríochtaí an naisc.
Bunófar i gcórais socraíochta urrús idir-inoibritheacha agus i TLUanna a úsáideann comhbhonneagar socraíochta pointí comhionanna maidir leis an méid seo a leanas:
an tráth a dtiocfaidh orduithe aistrithe isteach sa chóras;
do-athraitheacht orduithe aistrithe;
Úsáidfidh na córais socraíochta urrús agus TLUanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír na rialacha coibhéiseacha maidir leis an tráth a dtiocfaidh críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL III
Rochtain ar TLUanna
Airteagal 49
Saoirse chun eisiúint a dhéanamh i TLU a bheidh údaraithe san Aontas
Gan dochar do cheart an eisitheora dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh feidhm i gcónaí ag dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstáit faoina mbunaítear na hurrúis.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear liosta i dtoll a chéile dá bpríomhfhorálacha ábhartha dlí, dá dtagraítear sa dara fomhír. Cuirfidh údaráis inniúla an liosta sin ar aghaidh chuig ÚEÚM faoin 18 Nollaig 2014. Foilseoidh ÚEÚM an liosta sin faoin 18 Eanáir 2015.
Féadfaidh TLU táille tráchtála réasúnta a ghearradh as a seirbhísí a thairiscint d’eisitheoirí ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.
I gcás diúltaithe, beidh sé de cheart ag an eisitheoir iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh a seirbhísí a chur ar fáil.
Déanfaidh údarás inniúil an TLU sin iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú a thug TLU agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don eisitheoir.
Rachaidh údarás inniúil freagrach TLU i gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé ar an ngearán. I gcás nach n-aontóidh údarás inniúil áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh leis an measúnú sin, féadfaidh aon cheann den dá údarás inniúil an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir éagórach, eiseoidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach ordú lena gceanglófar ar an TLU sin a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir iarrthach.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 50
Rochtain chaighdeánach ar nasc
Beidh sé de cheart ag TLU a bheith ina rannpháirtí de TLU eile agus nasc caighdeánach a bhunú leis an TLU sin i gcomhréir le hAirteagal 33 agus faoi réir réamhfhógra an naisc idir TLUanna dá bhforáiltear faoi Airteagal 19(5).
Airteagal 51
Rochtain ar nasc saincheaptha
Airteagal 52
Nós imeachtaí do naisc taisclainne lárnaí urrús
I gcás ina ndiúltóidh TLU rochtain, cuirfidh sí na cúiseanna iomlána lena diúltú ar fáil don TLU iarrthach.
I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an TLU is iarrthóir gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh rochtain.
Déanfaidh údarás inniúil an TLU is faighteoir iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don TLU iarrthach.
Rachaidh údarás inniúil TLU is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil TLU iarrthaí agus le húdarás ábhartha TLU iarrthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán. I gcás nach n-aontaíonn aon cheann d’údaráis TLU iarrthaí leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann de na húdaráis an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a bronnadh air faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach, eiseoidh údarás inniúil TLU is faighteoir ordú lena gceanglófar ar an TLU sin rochtain a dheonú don TLU iarrthach.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 53
Rochtain idir TLU agus bonneagar eile mhargaidh
Soláthróidh TLU rochtain ar a córais socraíochta urrús ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach do chontrapháirtí lárnach nó d’ionad trádála agus féadfaidh sí táille tráchtála réasúnta a ghearradh as an rochtain sin ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.
Cuirfidh páirtí a dhiúltaíonn rochtain cúiseanna iomlána ar fáil i scríbhinn don pháirtí iarrthach maidir leis an diúltú sin bunaithe ar measúnú cuimsitheach riosca. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an bpáirtí iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil an pháirtí a dhiúltaigh an rochtain.
Déanfaidh údarás inniúil an pháirtí is faighteoir agus an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don pháirtí iarrthach.
Rachaidh údarás inniúil an pháirtí is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil an pháirtí iarrthaigh agus leis an údarás ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán. I gcás nach n-aontaíonn aon cheann d’údaráis an pháirtí iarrthaigh leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann díobh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a bronnadh air faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás ina measfar go bhfuil diúltú ó pháirtí rochtain a dheonú éagórach, eiseoidh an t-údarás inniúil freagrach ordú lena gceanglófar ar an bpáirtí sin rochtain ar a sheirbhísí a dheonú laistigh de thrí mhí.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL IV
FORÁIL DO SHEIRBHÍSÍ COIMHDEACHA DE CHINEÁL BAINCÉIREACHTA A CHUR AR FÁIL DO RANNPHÁIRTITHE TLUanna
Airteagal 54
Údarú agus ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
Maidir le TLU a mbeidh intinn aici an ghné airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh i gcomhréir le hAirteagal 40(2) nó más mian léi aon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le mír 1, beidh sí údaraithe chun ceann de na nithe a leanas a dhéanamh:
seirbhísí den chineál sin a sholáthar í féin faoi na coinníollacha a shonraítear san Airteagal seo; nó
ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí creidmheasa údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE a ainmniú chun na críche sin.
I gcás ina lorgóidh TLU seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil ón taobh istigh den eintiteas dlíthiúil céanna leis an eintiteas dlíthiúil a oibreoidh an córas socraíochta urrús, ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
go n-údaraítear TLU mar institiúid chreidmheasa dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE;
go gcomhlíonfaidh TLU na ceanglais stuamachta mar a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) iad agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;
gur chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a chur ar fáil, agus chuige sin amháin, a úsáidfear an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;
go mbeidh TLU faoi réir muirir chaipitil lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a chur ar fáil, inter alia, do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile na seirbhísí taisclainne lárnaí urrúis;
go dtuairisceoidh TLU go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus go bliantúil mar chuid dá nochtadh poiblí mar a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú a rioscaí leachtachta ionlae i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 59(4) den Rialachán seo;
go mbeidh plean leordhóthanach athshlánaithe tíolacaithe ag TLU chuig an údarás inniúil chun a áirithiú go leanfar lena n-oibríochtaí criticiúla lena n-áirítear i gcás ina mbeidh criostalú ar leachtacht nó riosca creidmheasa mar thoradh ar na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil;
I gcás ina leagtar forálacha codarsnacha síos sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an TLU dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fomhír den pointe seo na ceanglais níos déine maidir le maoirseacht stuamachta. Soiléireofar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 47 agus Airteagal 59 den Rialachán seo na cásanna ina bhfuil forálacha codarsnachta.
I gcás ina lorgóidh TLU institiúid chreidmheasa a ainmniú chun aon seirbhísí coimhdeacha atá de chineál baincéireachta a chur ar fáil ón taobh istigh d’eintiteas dlíthiúil ar leith a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den ghrúpa gnóthas a bheidh faoi rialú an mháthairghnóthais chéanna ar deireadh, ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:
go n-údaraítear an t-eintiteas dlíthiúil ar leith mar institiúid chreidmheasa dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE;
go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas dlíthiúil ar leith na ceanglais stuamachta mar a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;
nach ndéanann an t-eintiteas dlíthiúil ar leith féin aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn;
gur chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a chur ar fáil, agus chuige sin amháin, a úsáidtear an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (a) agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;
go mbeidh an t-eintiteas dlíthiúil ar leith faoi réir muirir chaipitil bhreise lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a chur ar fáil, inter alia, do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó úsáideoirí eile na seirbhísí taisclainne lárnaí urrúis;
go dtuairisceoidh an t-eintiteas dlíthiúil ar leith go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus go bliantúil mar chuid dá nochtadh poiblí mar a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú a rioscaí ionlae i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 59(4) den Rialachán seo; agus
go mbeidh plean leordhóthanach athshlánaithe tíolacaithe ag an eintiteas dlíthiúil ar leith chuig an údarás inniúil chun a áirithiú go leanfar lena n-oibríochtaí criticiúla lena n-áirítear i gcásanna ina mbeidh criostalú ar leachtacht nó riosca creidmheasa mar thoradh ar na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil ón taobh istigh d’eintiteas dlíthiúil ar leith.
Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach a shainítear sa chéad fhomhír, d’fhonn féachaint an bhfuiltear á hurramú, agus tuairisceoidh sé a thorthaí do ÚEÚM. Má chinneann an t-údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach, cuirfidh sé de cheangal ar TLU lena mbaineann údarú a lorg i gcomhréir le mír 4. Tíolacfaidh TLU lena mbaineann a hiarratas ar údarú laistigh de shé mhí.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 55
Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú i dtaca le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
Ón tráth a measfar go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis go léir san iarratas chuig na húdaráis seo a leanas:
na húdaráis ábhartha;
An t-údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina bhfuil TLU i ndiaidh naisc idir-inoibritheacha a bhunú le TLU eile ach amháin i gcás ina mbeidh naisc idir-inoibritheacha bunaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(5);
na húdaráis inniúla sa Bhallstát aíochta ina mbeidh tábhacht shubstaintiúil ag roinnt le gníomhaíochtaí TLU chun na margaí urrús a fheidhmiú agus chun infheisteoirí de réir bhrí Airteagal 24(4) a chosaint;
na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtithe TLU atá bunaithe sna trí Bhallstát a mbeidh na luachanna socraíochta is mó acu i gcóras socraíochta urrús TLU ar bhonn comhiomlán thar thréimhse bliana;
ÚEÚM; agus
ÚBE.
I gcás ina n-eiseoidh údarás amháin dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4, ar a laghad, tuairim dhiúltach réasúnaithe, tabharfaidh an t-údarás inniúil ar mian leis an t-údarú a dheonú, laistigh de 30 lá, cinneadh réasúnaithe lena dtabharfar aghaidh ar an tuairim dhiúltach do na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4.
I gcás ina n-eiseoidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4, tuairim dhiúltach 30 lá tar éis an cinneadh sin a chur i láthair agus, fós, gur mian leis an údarás inniúil an t-údarú a dheonú, féadfaidh aon cheann de na húdaráis a d’eisigh tuairim dhiúltach an t-ábhar a tarchur chuig ÚEÚM, chun cúnamh a fháil faoi phointe (c) d’Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010.
I gcás nach ndéanfar socrú faoin tsaincheist 30 lá tar éis í a tharchur chuig ÚEÚM, glacfaidh an t-údarás inniúil ar mian leis an t-údarú a dheonú, an cinneadh deiridh agus cuirfidh sé míniú mionsonraithe ar fáil i scríbhinn maidir lena chinneadh do na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4.
I gcás inar mian leis an údarás inniúil diúltú don údarú, ní dhéanfar an cheist a tharchur chuig ÚEÚM.
Sa tuairim dhiúltach sin luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó i gcodanna eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 56
Leathnú ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta
Airteagal 57
Údarú a tharraingt siar
Gan dochar do ghníomhaíochtaí leasúcháin nó do bhearta faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát baile an TLU na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 54 a tharraingt siar in aon cheann de na dálaí seo leanas:
i gcás nach n-úsáidfidh TLU an t-údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigfidh sí an t-údarú go sainráite nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar bith curtha ar fáil ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe nó aon ghníomhaíocht déanta aici i rith na sé mhí roimhe sin;
i gcás ina bhfaighidh TLU an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile;
i gcás nach mbeidh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag TLU nó ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar;
i gcás ina mbeidh TLU nó an institiúid chreidmheasa ainmnithe tar éis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach.
Airteagal 58
Clár de TLUanna
Cuirfidh ÚEÚM an fhaisnéis seo a leanas ar an gclár nach mór dó a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin tiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 21(3):
ainm gach taisclainne lárnaí urrús a bhí faoi réir cinnidh faoi Airteagal 54, Airteagal 56 agus Airteagal 57;
ainm gach institiúide creidmheasa ainmnithe;
an liosta de sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a bhfuil institiúid chreidmheasa ainmnithe nó TLU a údaraítear faoi Airteagal 54 údaraithe chun iad a chur ar fáil do rannpháirtithe TLU.
Airteagal 59
Ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó TLUanna a bheidh údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil
Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:
bunóidh sí creat stóinsithe chun na rioscaí creidmheasa comhfhreagracha a bhainistiú;
sainaithneoidh sí foinsí an riosca creidmheasa sin go minic agus go rialta, tomhaisfidh sí neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha agus déanfaidh sí faireachán orthu agus úsáidfidh sí uirlisí iomchuí um bainistiú riosca chun na rioscaí sin a rialú;
cumhdóidh sí neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha go hiomlán ar iasachtaithe aonair ag baint úsáide as comhthaobhacht agus as acmhainní airgeadais coibhéiseacha eile;
má úsáidtear comhthaobhacht chun a riosca creidmheasa comhfhreagrach a bhainistiú, glacfaidh sí le comhthaobhacht atá an-leachtacht lena mbaineann an riosca is lú creidmheasa agus margaidh; féadfaidh sí cineálacha eile comhthaobhachta a úsáid i ndálaí sonracha má chuirtear caolchorrlach iomchuí i bhfeidhm;
bunóidh sí agus cuirfidh sí i bhfeidhm caolchorrlaigh choimeádacha iomchuí agus teorannacha comhchruinnithe ar luachanna comhthaobhachta atá bunaithe chun na neamhchosaintí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (c) a chumhdach, agus na cuspóirí go bhféadfar comhthaobhacht a leachtú go pras á gcur san áireamh gan éifeachtaí díobhálacha suntasacha a imirt ar phraghasanna;
leagfaidh sí síos teorainneacha ar a cuid neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha;
déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí an bealach chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhchosaintí creidmheasa iarmharaigh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus glacfaidh sí rialacha agus nósanna imeachta chun na pleananna sin a chur chun feidhme;
ní sholáthróidh sí creidmheas ach amháin do rannpháirtithe a mbeidh cuntais airgid acu léi;
déanfaidh sí foráil le haghaidh nósanna imeachta éifeachtacha aisíocaíochta maidir le creidmheas ionlae agus molfaidh sí gan creidmheas thar oíche a úsáid trí rátaí smachtbhannaí a fheidhmiú a bheidh mar bhac éifeachtach.
Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:
beidh creat stóinsithe agus uirlisí aici chun a cuid rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear rioscaí leachtachta ionlae, maidir le gach airgeadra den chóras socraíochta urrús a ngníomhóidh sí mar ghníomhaire socraíochta ina leith;
tomhaisfidh sí agus déanfaidh sí faireachán ar bhonn leanúnach agus tráthúil, agus ar bhonn laethúil ar a laghad, ar a riachtanais leachtachta agus leibhéal na sócmhainní leachtacha a bheidh á sealbhú aici; agus é sin á dhéanamh aici, cinnfidh sí luach na sócmhainní leachtacha atá ar fáil di agus caolchorrlaigh iomchuí na sócmhainní sin á gcur san áireamh aici;
beidh acmhainní leachtacha leordhóthanacha aici i ngach airgeadra ábhartha le haghaidh seirbhísí socraíochta a sholáthar go tráthúil faoi raon leathan cásanna struis lena n-áirítear an riosca leachtachta a ghinfidh mainneachtain aon rannpháirtí ar a laghad, ach gan a bheith teoranta dó, lena n-áirítear a máthairghnóthas agus fochuideachtaí, a mbeidh na neamhchosaintí is mó aici ina leith;
maolóidh sí na rioscaí leachtachta comhfhreagracha le hacmhainní leachtacha cáiliúcháin i ngach airgeadra amhail airgead ag an mbanc lárnach eisiúna agus ag institiúidí airgeadais inchairde eile, línte creidmheasa tiomanta eile nó socruithe comhchosúla agus comhthaobhacht an-leachtacht nó infheistíochtaí a bheidh ar fáil gan stró agus in-chomhshóite in airgead le socruithe cistiúcháin ardiontaofa agus réamhshocruithe, fiú amháin faoi dhálaí margaidh a bheidh foircneach ach sochreidte agus déanfaidh sí sainaithint, tomhas agus faireachán ar a riosca leachtachta a eascróidh as na hinstitiúidí éagsúla airgeadais a úsáidfear chun a rioscaí leachtachta a bhainistiú;
gach uair a úsáidfear socruithe cistiúcháin réamhshocruithe, ní roghnóidh sí ach institiúidí airgeadais inchairde mar sholáthróirí leachtachta; bunóidh sí agus cuirfidh sí i bhfeidhm teorainneacha comhchruinnithe iomchuí i gcás gach ceann de na soláthraithe leachtachta comhfhreagracha lena n-áirítear a máthairghnóthas agus fochuideachtaí;
cinnfidh sí an leor na hacmhainní comhfhreagracha trí thástáil struis chuimsitheach a dhéanamh go rialta agus déanfaidh sí tástáil ar an méid sin;
déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí an bealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh leachtachta neamhurraithe gan choinne a d’fhéadfadh a bheith ann, agus glacfaidh sí rialacha agus nósanna imeachta chun pleananna den sórt sin a chur chun feidhme;
i gcás ina mbeidh rogha phraiticiúil aici agus í sin ar fáil di, gan dochar do rialacha incháilitheachta an bhainc cheannais, beidh rochtain aici ar chuntais an bhainc cheannais agus ar sheirbhísí eile de chuid an bhainc cheannais chun a bainistiú ar na rioscaí leachtachta a bharrfheabhsú agus cuirfidh institiúidí creidmheasa an Aontais na hiarmhéideanna comhfhreagracha airgid i dtaisce i gcuntais thiomnaithe le bainc cheannais eisiúna an Aontais;
beidh socruithe réamhshocruithe agus ardiontaofa aici chun a áirithiú go bhféadfaidh sí an chomhthaobhacht a sholáthair cliant mainneachtana di a leachtú go tráthúil;
tuairisceoidh sí go rialta do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 60(1) faoin mbealach ina ndéanann sí a rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus ina ndéanann sí faireachán orthu, rioscaí leachtachta ionlae san áireamh, agus déanfaidh sí an méid sin a nochtadh don phobal.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.
Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 60
Maoirseacht ar institiúidí creidmheasa ainmnithe agus ar TLUanna a údarófar chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar
Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheas ainmnithe agus as taisclainne dá dtagraítear san fhomhír sin maidir lena bhfuil na ceanglais stuamachta dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.
Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú rialta, agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana, ar an bhfuil Airteagal 59 á chomhlíonadh ag an institiúid creidmheasa ainmnithe nó ag TLU atá údaraithe le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus cuirfidh údarás inniúil TLU na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) ar an eolas ansin i ndáil leis na torthaí, lena n-áirítear aon ghníomhartha leasúcháin nó pionóis, a ghabhfaidh leis an maoirseacht a dhéanfaidh sé faoin mír sin.
Déanfaidh údarás inniúil TLU, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1, athbhreithniú agus meastóireacht, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar an méid a leanas:
sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 54(2), an dtugann na socruithe riachtanacha ar fad idir na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe agus TLU deis dóibh a gcuid oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh;
sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54(2), an dtugtar leis na socruithe a bhaineann leis an údarú seirbhísí coimhdeacha den chineál baincéireachta a sholáthar deis don TLU a cuid oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
Cuirfidh údarás inniúil TLU na torthaí in iúl, go rialta agus ar bhonn bliantúil ar a laghad, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4), lena n-áirítear aon ghníomhartha leasúcháin nó pionóis a bhaineann lena athbhreithniú agus lena mheastóireacht faoin mír seo.
I gcás ina n-ainmneoidh TLU institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 54, i bhfianaise chosaint na rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, áiritheoidh TLU go mbeidh rochtain aici ón institiúid chreidmheasa a ainmneoidh sí ar gach faisnéis is gá chun críche an Rialacháin seo agus tabharfaidh sí tuairisc ar aon sáruithe ina leith chuig údarás inniúil na taisclainne lárnaí agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1.
TEIDEAL V
SMACHTBHANNAÍ
Airteagal 61
Smachtbhannaí agus bearta eile riaracháin
Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos chun smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil sáruithe dá dtagraítear sa fomhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta cheana faoin 18 Meán Fómhair 2016. Sa chás ina gcinneann siad amhlaidh, cuirfidh Ballstáit na codanna ábhartha ina ndlí coiriúil in iúl, go mionsonraithe, don Choimisiún agus do ÚEÚM.
Faoin 18 Meán Fómhair 2016, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEÚM faoi na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEÚM faoi aon mhoill mhíchuí a dhéanfar orthu dá éis sin.
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le mír 1, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos do sháruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 63, cuirfidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus gan ainmneacha maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh ar fáil d’ÚEÚM ar bhonn bliantúil. Foilseoidh ÚEÚM sonraí maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh i dtuarascáil bhliantúil.
Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí i gcomhréir lena gcreataí náisiúnta:
go díreach;
i gcomhar le húdaráis eile;
faoina bhfreagracht féin, trí tharmligean a dhéanamh chuig eintitis a mbeidh cúraimí tarmligthe chucu de réir an Rialacháin seo; nó
trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla
Airteagal 62
Cinntí a fhoilsiú
I gcás ina mbeidh an cinneadh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur faoi réir achomhairc os comhair na n-údarás ábhartha breithiúnacha nó na n-údarás ábhartha eile, foilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis ar a láithreán gréasáin oifigiúil, gan mhoill mhíchuí, maidir le stádas an achomhairc agus an toradh a bheidh air. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh a rinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart.
I gcás ina meastar go bhfuil sé neamhréireach ag an údarás inniúil céannacht na ndaoine dlíthiúla nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhoilsiú tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh maidir le comhréireacht i dtaca le sonraí mar sin a fhoilsiú, nó i gcás ina gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe leanúnaigh i mbaol leis an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe a leanas:
cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur go dtí go gcuirfear deireadh leis na cúiseanna atá ann maidir le neamhfhoilsiú;
foilseoidh siad an cinneadh gan smachtbhanna nó beart eile a fhorchur ar bhonn gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-áiritheofar le foilsiú gan ainm mar sin go dtabharfaí cosaint éifeachtúil do shonraí pearsanta;
ní fhoilseoidh siad an cinneadh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur ar chor ar bith i gcás ina measfar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid a leanas a áirithiú:
nach gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.
I gcás cinneadh smachtbhannaí nó beart eile a fhoilsiú ar bhonn gan ainm, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar ceal ar feadh tréimhse réasúnta i gcás ina bhforáiltear go gcuirfí deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú gan ainm le linn na tréimhse sin.
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEÚM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin uile a fhorchuirtear ach nach foilsítear i gcomhréir le pointe (c) den tríú fomhír, lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leis sin agus an toradh a bheidh air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas deiridh i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a fhorchuirtear agus cuirfidh siad faoi bhráid ÚEÚM é. Coimeádfaidh ÚEÚM bunachar sonraí lárnach de na smachtbhannaí a chuirtear in iúl dó go díreach le faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla. Is údaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil.
Airteagal 63
Smachtbhannaí i leith sáruithe
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na forálacha a leanas den Rialachán:
soláthar seirbhísí a leagtar amach i Roinn A, i Roinn B agus i Roinn C den Iarscríbhinn, de shárú ar Airteagal 16, ar Airteagal 25 agus ar Airteagal 54;
na húdaruithe a cheanglaítear faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 54 a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhdhleathach eile amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 20(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 57(1);
mainneachtain TLUanna an caipiteal riachtanach a shealbhú agus, ar an mbealach sin Airteagal 47(1) a shárú;
mainneachtain TLUanna na ceanglais eagraíochtúla a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 26 go hAirteagal 30 a shárú;
mainneachtain TLUanna na rialacha a chomhlíonadh maidir le gnó a dhéanamh agus, ar an mbealach sin Airteagal 32 go hAirteagal 35 a shárú;
mainneachtain TLUanna na ceanglais le haghaidh seirbhísí TLU a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 37 go hAirteagal 41 a shárú;
mainneachtain TLUanna na ceanglais stuamachta a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 43 go hAirteagal 47 a shárú;
mainneachtain TLUanna na ceanglais maidir le naisc idir TLUanna, agus, ar an mbealach sin Airteagal 48 a shárú;
diúltú éagórach ó TLUanna cineálacha difriúla rochtana a dheonú, agus, ar an mbealach sin Airteagal 49 go hAirteagal 53 a shárú;
mainneachtain institiúidí creidmheasa ainmnithe na ceanglais shonracha stuamachta a bhaineann le rioscaí creidmheasa a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 59(3) a shárú;
mainneachtain institiúidí creidmheasa ainmnithe ceanglais shonracha stuamachta a bhaineann le rioscaí leachtachta a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 59(4) a shárú.
Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil, ar a laghad i gcás sáraithe dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta eile seo a leanas ar a fhorchur:
ráiteas poiblí ina sonrófar an duine a bheidh freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe i gcomhréir le hAirteagal 62;
ordú á cheangal ar an duine a bheidh freagrach as an sárú scor den iompar sin agus gan déanamh amhlaidh arís;
na húdaruithe a dheonófar faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 54 a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 20 nó le hAirteagal 57;
cosc sealadach, nó i gcás sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, cosc buan i gcoinne aon chomhalta de chomhlacht bainistithe na hinstitiúide, nó aon duine nádúrtha eile a leagfar freagracht air, faoi fheidhmeanna bainistithe san institiúid a fheidhmiú;
na smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar a laghad suas le dhá oiread an bhrabúis a gnóthaíodh de thoradh an tsáraithe, i gcás inar féidir na méideanna sin a chinneadh;
maidir le duine nádúrtha, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin suas le ar a laghad EUR 5 milliún, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfheagrach san airgeadra náisiúnta ar an dáta a nglacfar an Rialachán seo;
maidir le duine dlíthiúil, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin suas le ar a laghad EUR 20 milliún nó suas le 10 % de láimhdeachas iomlán bliantúil an duine dhlíthiúil i gcomhréir leis na cuntais deiridh atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistithe, i gcás inarb ionann an duine dlíthiúil agus máthairghnóthas nó fochuideachta den mháthairghnóthas, a chaithfidh cuntais chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is ionann an láimhdeachas ábhartha bliantúil iomlán agus an láimhdeachas bliantúil iomlán nó cineál comhfhreagrach ioncaim i gcomhréir leis na Treoracha ábhartha Cuntasaíochta i gcomhréir leis na cuntais chomhdhlúite deireanacha a bhí ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistithe an mháthairghnóthais dheiridh;
Airteagal 64
Na smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach
Áiritheoidh Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na himthosca ábhartha go léir, nuair a chinnfidh siad cineál agus aicme na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart eile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí:
tromchúis agus ré an tsáraithe;
leibhéal freagrachta an duine a bheidh freagrach as an sárú;
neart airgeadais an duine a bheidh freagrach as an sárú, a léireofar, mar shampla, le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh sin a bheidh freagrach nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha a bheidh freagrach;
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine a bheidh freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine a bheidh freagrach, nó tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe a díorthaíodh ón sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
leibhéal comhair an duine a bheidh freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le haisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;
sáruithe a rinne an duine atá freagrach as an sárú roimhe seo.
Airteagal 65
Sáruithe a thuairisciú
Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1:
nósanna imeachta sonracha maidir le tuarascálacha a fháil agus a imscrúdú i ndáil le haon sárú a dhéanfar nó a bhféadfar a dhéanamh agus an méid a dhéantar ina dhiaidh sin, lena n-áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú do thuarascála mar sin;
cosaint chuí ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de dhéileáil neamhchothrom, ar a laghad, do na fostaithe sin a thuairiscíonn sáruithe a dhéantar nó a bhféadfar a dhéanamh laistigh den institiúid;
cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairisceoidh sáruithe a dhéantar agus a bhféadfar a dhéanamh agus leis an duine nádúrtha a bheidh in ainm a bheith freagrach as an sárú, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE;
céannacht an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha atá in ainm a bheith freagrach as an sárú a chosaint ag gach céim de na nósanna imeachta mura gceanglaítear nochtadh mar sin leis an dlí náisiúnta i gcomhthéacs tuilleadh imscrúdaithe nó nósanna riaracháin nó breithiúnacha ina dhiaidh sin.
Féadfar cainéal den sórt sin a chur ar fáil trí shocruithe a chuirfidh comhpháirtithe sóisialta ar fáil. Beidh feidhm ag an gcosaint chéanna dá dtagraítear i bpointe (b), (c) agus (d) de mhír 2.
Airteagal 66
Ceart achomhairc
Deimhneoidh Ballstáit go mbeidh cinntí agus bearta a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo cuíréasúnaithe agus faoi réir cirt achomhairc os comhair binse. Beidh feidhm ag ceart achomhairc os comhair binse i gcás nach nglacfar aon chinneadh, laistigh de shé mhí tar éis é a chur isteach, i ndáil le hiarratas le haghaidh údaraithe ina mbeidh an fhaisnéis ar fad a éileofar faoi fhorálacha a bheidh i bhfeidhm.
TEIDEAL VI
CUMHACHTAÍ A THARMLIGEAN, CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA, LEASAITHEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 67
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 68
Nós imeachta coiste
Airteagal 69
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 70
Leasuithe ar Threoir 98/26/CE
Leasaítear Treoir 98/26/CE mar seo a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc de phointe (a) d’Airteagal 2:
a ainmneofar, gan dochar do choinníollacha níos déine eile a mbeidh feidhm ghinearálta leo a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, mar chóras agus a cuireadh in iúl don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ag an mBallstát a mbeidh a dhlí infheidhme, tar éis don Bhallstát sin a bheith sásta i dtaobh leordhóthanacht rialacha an chórais.”;
in Airteagal 11, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
Airteagal 71
Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE
Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:
in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (o)
TLUanna ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 )
in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ nó ‘TLU’ TLU mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.”;
i Roinn B d’Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):
“(1) cumhdach agus riar ionstraimí airgeadais do chuntas cliant, lena n-áirítear caomhnóireacht agus seirbhísí gaolmhara amhail bainistíocht airgid/bainistíocht comhthaobhachta agus lena n-eisítear cuntais urrús ar an leibhéal is airde a chothabháil (‘seirbhís cothabhála lárnach’) dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialacháin (AE) Uimh. 909/2014.”.
Airteagal 72
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012
Scriostar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.
Airteagal 73
Cur chun Feidhme Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014
TLUanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo, ní bheidh údarú uathu faoi Threoir 2014/65/AE* leis na seirbhísí a liostaítear go sainráite I Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar fáil.
I gcás ina gcuireann TLU a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo seirbhís infheistíochta amháin nó níos mó ná sin ar fáil nó má dhéanann sé gníomhaíocht infheistíocht amháin nó níos mó ná sin chomh maith leis na seirbhísí a liostaítear go sainráite i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Treoir 2014/65/AE cé is moite d’Airteagal 5 go hAirteagal 8, Airteagal 9(1), (2), (4) agus (6) agus Airteagal 10 go hAirteagal 13 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
Airteagal 74
Tuarascálacha
Cuirfidh ÚEÚM, i gcomhar leis an Údarás Eorpach Baincéireachta agus leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha, tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin ina soláthrófar measúnuithe ar threochtaí, ar rioscaí agus leochaileachtaí féideartha agus, i gcás inar gá, moltaí maidir le gníomhaíocht choisctheach nó cheartaitheach sna margaí le haghaidh seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áireofar ar a laghad measúnú ar an méid a leanas ar na tuarascálacha sin:
éifeachtúlacht socraíochta le haghaidh oibríochtaí intíre agus trasteorann i gcás gach Ballstáit, a bhunófar ar líon agus ar mhéid na dteipeanna socraíochta, ar líon na bpíonós dá dtagraítear in Airteagal 7(2), líon agus méid na n-idirbheart ceannach isteach dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus (4) agus ar aon chritéir ábhartha eile;
oiriúnacht na bpionós le haghaidh teipeanna socraíochta, go háirithe an gá atá le níos mó solúbthachta maidir leis na pionóis le haghaidh teipeanna socraíochta i ndáil le hionstraimí neamhleachtacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(4);
tomhas ar shocraíocht nach dtarlóidh sna córais socraíochta urrús a oibreoidh TLUanna, a bhunófar ar líon agus ar mhéid na n-idirbheart bunaithe ar an bhfaisnéis arna fáil faoi Airteagal 9 agus ar aon chritéir ábhartha eile;
soláthar trasteorann seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a bhunófar ar líon agus ar chineálacha na nasc idir TLUanna, líon na rannpháirtithe eachtracha sna córais socraíochta urrús a oibreoidh TLUanna, líon agus méid na n-idirbheart a bhfuil na rannpháirtithe sin páirteach iontu, líon na n-eisitheoirí eachtracha a thaifeadann a gcuid urrús i TLU i gcomhréir le hAirteagal 49, agus ar aon chritéir ábhartha eile;
an bealach ina láimhseáiltear na hiarrataí ar rochtain in Airteagal 49, Airteagal 52 agus Airteagal 53 chun go sainaithneofar na fáthanna a ndiúltaítear iarrataí ar rochtain ó thaisclainne lárnacha urrús, contrapháirtithe lárnacha agus ionaid thrádála, aon treochtaí maidir le diúltú den chineál sin agus na bealaí ina bhféadfar na rioscaí a shainaithnítear a mhaolú sa todhchaí ionas go bhféadfar rochtain a thabhairt, agus aon bhaic ábhartha eile ar iomaíocht sna seirbhísí airgid iarthrádála;
an bealach ina láimhseáiltear na hiarrataí a chuirtear isteach i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(3) go (7) agus Airteagal 25(4) go (10);
i gcás inarb infheidhme, na torthaí ón bpróiseas athbhreithnithe piaraí do mhaoirseacht thrasteorann in Airteagal 24(6) agus ar cheart minicíocht athbhreithnithe mar sin a laghdú san am atá le teacht, lena n-áirítear a chur in iúl an léirítear le torthaí mar sin an bhfuil gá le coláistí níos foirmiúla maoirseoirí;
cur i bhfeidhm rialacha dliteanais shibhialta na mBallstát maidir le caillteanas atá inchurtha i leith taisclainne lárnacha urrúis;
na nósanna imeachta agus na coinníollacha faoina n-údaraítear TLUanna institiúidí creidmheasa a ainmniú nó seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar iad féin i gcomhréir le hAirteagal 54 agus le hAirteagal 55, lena n-áirítear measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag foráil den chineál sin ar chobhsaíocht airgeadais agus ar iomaíochas le haghaidh socraíochta agus seirbhísí coimhdeacha de chineálacha baincéireachta san Aontas;
feidhmiú na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 38 maidir le hurrúis na rannpháirtithe agus le hurrúis a gcliant a chosaint, go háirithe na cinn in Airteagal 38(5);
feidhmiú na smachtbhannaí agus go háirithe an gá atá ann na smachtbhannaí riaracháin le haghaidh sáraithe ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhchuibhiú tuilleadh.
Airteagal 75
Athbhreithniú
Faoin 18 Meán Fómhair 2019, athbhreithneoidh an Coimisiún an Rialachán agus ullmhóidh sé tuarascáil ghinearálta faoi. Measúnófar sa tuarascáil seo go háirithe na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (k) d’Airteagal 74(1), an bhfuil baic ábhartha eile ann ar iomaíocht i gcás na seirbhísí atá faoi réir an Rialacháin seo nach dtugtar aghaidh orthu ar bhealach leordhóthanach agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le bearta breise chun teorainn a chur ar an tionchar a bheidh ag teip TLUanna ar na cáiníocóirí. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
Airteagal 76
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina mbeidh rochtain ag ionad trádála ar TLU dá dtagraítear in Airteagal 30(5), beidh feidhm ag Airteagal 5(2) sé mhí ar a laghad sula ndéanfaidh TLU a gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig an eintiteas ábhartha poiblí, agus i gcás ar bith ón 1 Eanáir 2016.
Maidir le STI a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 33(3) de Threoir 2014/65/AE, beidh sé faoi réir an dara fomhír d’Airteagal 7(3) den Rialachán seo go dtí:
an cinneadh deireanach maidir lena iarratas ar chlárúchán faoi Airteagal 33 de Threoir 2014/65/AE; nó
i gcás nár chuir STI isteach ar chlárúchán faoi Airteagal 33 de Threoir 2014/65/AE, go dtí an ►M1 13 Meitheamh 2018 ◄ .
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
LIOSTA SEIRBHÍSÍ
ROINN A
Seirbhísí lárnacha de chuid taisclann lárnach urrús
1. Taifeadadh tosaigh a dhéanamh ar urrúis i gcóras cuntais reatha (‘seirbhís nótaire’);
2. Cuntais urrús a sholáthar agus a chothabháil ar an leibhéal is uachtaraí (‘seirbhís lárnach cothabhála’);
3. Córas socraíochta urrús a oibriú (‘seirbhís socraíochta’).
ROINN B
Seirbhísí coimhdeacha nach seirbhísí baincéireachta iad de chuid TLUanna nach mbaineann rioscaí creidmheasa nó leachtachta leo
Seirbhísí a chuireann TLUanna ar fáil lena gcuirtear feabhas ar shábháilteacht, éifeachtúlacht agus thrédhearcacht na margaí urrús, ar a bhféadfaí iad seo leanas a áireamh ach nach bhfuil teoranta dóibh:
Seirbhísí a bhaineann leis an tseirbhís socraíochta, amhail:
Sásra chun urrúis a thabhairt ar iasacht a eagrú, mar ghníomhaire i measc rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús;
Seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar, mar ghníomhaire i gcomhair rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús;
Meaitseáil socraíochta, ródú treoracha, dearbhú trádála, fíorú trádála.
Seirbhísí a bhaineann le seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí, amhail:
Seirbhísí a bhaineann le cláir scairshealbhóirí;
Tacú le próiseáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí corparáideacha, lena n-áirítear cáin, cruinnithe ginearálta agus seirbhísí faisnéise;
Seirbhísí eisiúna nua, lena n-áirítear cóid ISIN agus cóid dá samhail a bhainistiú agus a leithdháileadh;
Ródú agus próiseáil treoracha, bailiú agus próiseáil táillí agus tuairisciú lena mbaineann.
Naisc le TLUanna a bhunú, cuntais urrús i ndáil leis an tseirbhís socraíochta a chur ar fáil, a chothabháil nó a fheidhmiú, bainistiú comhthaobhachta, agus seirbhísí coimhdeacha eile.
Aon seirbhísí eile, amhail:
Seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar mar ghníomhaire;
Tuairisciú rialála a sholáthar;
Faisnéis, sonraí agus staidreamh a sholáthar do bhiúrónna margaidh/daonáirimh nó d’eintitis rialtasacha nó idir-rialtasacha eile;
Seirbhísí TF a sholáthar.
ROINN C
Seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta
Seirbhísí de chineál baincéireachta a bhaineann go díreach leis na seirbhísí lárnacha nó leis na seirbhísí coimhdeacha a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B, amhail:
Cuntais airgid a sholáthar do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús agus do shealbhóirí chuntas urrús, laistigh de réir bhrí mhír 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE agus taiscí a ghlacadh uathu;
Creidmheas airgid a sholáthar le haghaidh aisíocaíochta nach mbeidh níos déanaí ná an lá gnó dar gcionn, airgead a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí corparáideacha a réamh-chistiú agus urrúis a thabhairt ar iasacht chuig sealbhóirí chuntas urrús, de réir bhrí phointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;
Seirbhísí íocaíochta a bhaineann le hidirbhearta airgid agus malairtí eachtracha a phróiseáil laistigh de réir bhrí phointe 4 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;
Ráthaíochtaí agus gealltanais a bhaineann le hurrúis a iasachtú agus a fháil ar iasacht, de réir bhrí phointe 6 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;
Gníomhaíochtaí cistíochta a bhaineann le malairtí eachtracha agus urrúis inaistrithe a bhaineann le comharduithe fada na rannpháirtithe a bhainistiú de réir bhrí phointí 7(b) agus (e) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE.
( 1 ) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).
( 3 ) Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).
( 4 ) Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2006 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar dhaone atá faoi lé na polaitíochta agus na critéir theicniúla maidir le nósanna imeachta simplithe díchill chuí do chustaiméirí agus díolúine ar fhorais gníomhaíochta airgeadais nach ndéantar ach ar bhonn ócáideach nó ar bhonn an-teoranta (IO L 214, 4.8.2006, lch. 29).
( 5 ) Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).
( *1 ) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le TLUanna agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014. lch. 1).”;