Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02014R0600-20240109

    Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/2024-01-09

    02014R0600 — GA — 09.01.2024 — 006.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 600/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Bealtaine 2014

    maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    (IO L 173 12.6.2014, lch. 84)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2016/1033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 23 Meitheamh 2016

      L 175

    1

    30.6.2016

    ►M2

    RIALACHÁN (AE) 2019/2033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 27 Samhain 2019

      L 314

    1

    5.12.2019

    ►M3

    RIALACHÁN (AE) 2019/2175 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE  an 18 Nollaig 2019

      L 334

    1

    27.12.2019

     M4

    RIALACHÁN (AE) 2021/23 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 16 Nollaig 2020

      L 22

    1

    22.1.2021

    ►M5

    RIALACHÁN (AE) 2022/858 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 30 Bealtaine 2022

      L 151

    1

    2.6.2022

    ►M6

    RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2023

      L 

    1

    20.12.2023


    Arna cheartú le:

    ►C1

    Ceartúchán, IO L 270, 15.10.2015, lch.  4 (600/2014)

    ►C2

    Ceartúchán, IO L 278, 27.10.2017, lch.  1 (600/2014)

    ►C3

    Ceartúchán, IO L 103, 23.4.2018, lch.  14 (600/2014)

    ►C4

    Ceartúchán, IO L 020, 24.1.2020, lch.  26 (2019/2033)

    ►C5

    Ceartúchán, IO L 405, 2.12.2020, lch.  79 (2019/2033)

    ►C6

    Ceartúchán, IO L 131, 5.5.2022, lch.  21 (2019/2175)




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 600/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Bealtaine 2014

    maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



    TEIDEAL I

    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.  

    Bunaítear ceanglais aonfhoirmeacha leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    sonraí trádála a nochtadh don phobal;

    (b) 

    idirbhearta a thuairisciú do na húdaráis inniúla;

    (c) 

    díorthaigh a thrádáil ar ionaid eagraithe;

    (d) 

    rochtain neamh-idirdhealaitheach ar imréiteach agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thrádáil i dtagarmharcanna;

    (e) 

    cumhachtaí na n-údarás inniúil, ÚEUM agus ÚBE i leith idirghabhála táirgí agus cumhachtaí ÚEUM maidir le rialuithe ar bhainistiú suímh agus le teorannú suímh;

    (f) 

    seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí infheistíochta, le brainse nó gan bhrainse, a bheith á soláthar ag gnólachtaí tríú tír tar éis don Choimisiún cinneadh coibhéise is infheidhme a ghlacadh;

    ▼M3

    (g) 

    soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus a mhaoirsiú.

    ▼B

    2.  
    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta, atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE agus le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nuair atá seirbhís infheistíochta á soláthar acu agus/nó nuair atá gníomhaíochtaí infheistíochta á ndéanamh acu agus le hoibreoirí margaidh lena n-áirítear aon ionaid trádála ina n-oibríonn siad.
    3.  
    Tá feidhm ag Teideal V den Rialachán seo freisin maidir leis na contrapháirtithe airgeadais uile mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus leis na contrapháirtithe neamhairgeadais uile a thagann faoi Airteagal 10(1)(b) den Rialachán sin.
    4.  
    Tá feidhm ag Teideal VI den Rialachán seo maidir le CCPanna agus le daoine a bhfuil cearta dílseánaigh acu i leith tagarmharcanna.

    ▼M2

    4a.  
    Chomh maith leis sin, tá feidhm ag Caibidil 1 de Theideal VII den Rialachán seo maidir le gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta laistigh den Aontas.

    ▼B

    5.  
    Tá feidhm ag Teideal VIII den Rialachán seo maidir le gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí infheistíochta, le brainse nó gan bhrainse, laistigh den Aontas tar éis don Choimisiún cinneadh coibhéise is infheidhme a ghlacadh.

    ▼M1

    5a.  
    Ní bheidh feidhm ag Teideal II agus Teideal III den Rialachán seo maidir le hidirbhearta maoinithe urrús mar a shainítear iad i bpointe (11) d'Airteagal 3(11) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

    ▼B

    6.  
    Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8, 10, 18 agus 21 maidir le margaí rialáilte, le hoibreoirí margaidh ná le gnólachtaí infheistíochta i ndáil le hidirbheart sa chás inar comhalta den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) é an contrapháirtí agus i gcás ina ndéantar an t-idirbheart sin le linn do bheartas airgeadaíochta, malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais a bheith á chomhall ag an gcomhalta sin de chuid CEBC, ar beartas é a bhfuil sé cumhachtaithe go dlíthiúil lena shaothrú agus más rud é go bhfuil fógra roimh ré tugtha ag an gcomhalta sin dona chontrapháirtí á rá go bhfuil an t-idirbheart díolmhaithe.
    7.  
    Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le hidirbhearta a dhéanann aon chomhalta de chuid CEBC i bhfeidhmiú a gcuid oibríochtaí infheistíochta dóibh.
    8.  
    Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais na hoibríochtaí beartais airgeadaíochta agus na cineálacha idirbheart a mbeidh feidhm ag mír 6 agus ag mír 7 maidir leo.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    9.  
    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun raon feidhme mhír 6 a leathnú chuig bainc cheannais eile.

    Chuige sin, faoin 1 Meitheamh 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéantar measúnú ar dhéileáil na n-idirbheart ag bainc cheannais tríú tíortha lena n-áirítear chun críocha na míre seo an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh ar áireamh sa tuarascáil, anailís ar a gcúraimí reachtúla agus ar a méideanna trádála laistigh den Aontas. Déanfar sa tuarascáil:

    (a) 

    na forálacha is infheidhme sna tríú tíortha ábhartha a shainaithint a mhéid a bhaineann le hidirbhearta bainc ceannais a nochtadh ar bhonn rialála, lena n-áirítear idirbhearta a dhéanann comhaltaí de chuid CEBC sna tríú tíortha sin, agus

    (b) 

    measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na ceanglais sin maidir le nochtadh ar bhonn rialála laistigh den Aontas ar idirbhearta bainc ceannais tríú tír.

    Más é conclúid na tuarascála go bhfuil gá leis an díolúine dá bhforáiltear i mír 6 i ndáil le hidirbhearta sa chás inar banc ceannais tríú tír atá ag gabháil d’oibríochtaí beartais airgeadaíochta, malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais é an contrapháirtí, forálfaidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ag an díolúine sin maidir leis an mbanc ceannais tríú tír sin.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    1.  

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) 

    ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (2) 

    ciallaíonn ‘seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta’ seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE;

    (3) 

    ciallaíonn ‘seirbhísí coimhdeacha’ seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(3) de Threoir 2014/65/AE;

    (4) 

    ciallaíonn ‘orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant’ forghníomhú thar cheann cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(5) de Threoir 2014/65/AE;

    (5) 

    ciallaíonn ‘deileáil ar a chuntas féin’ bheith ag deileáil ar a chuntas féin mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(6) de Threoir 2014/65/AE;

    (6) 

    ciallaíonn ‘cruthaitheoir margaidh’ cruthaitheoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(7) de Threoir 2014/65/AE;

    (7) 

    ciallaíonn ‘cliant’ cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(9) de Threoir 2014/65/AE;

    (8) 

    ciallaíonn ‘cliant gairmiúil’ cliant gairmiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(10) de Threoir 2014/65/AE;

    (9) 

    ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE;

    (10) 

    ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(18) de Threoir 2014/65/AE;

    (11) 

    ciallaíonn ‘córas iltaobhach’ córas iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(19) de Threoir 2014/65/AE;

    (12) 

    ciallaíonn ‘inmheánaitheoir córasach’ inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(20) de Threoir 2014/65/AE;

    (13) 

    ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(21) de Threoir 2014/65/AE;

    (14) 

    ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach’ nó ‘MTF’ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(22) de Threoir 2014/65/AE;

    (15) 

    ciallaíonn ‘saoráid trádála eagraithe’ nó ‘OTF’ saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(23) de Threoir 2014/65/AE;

    (16) 

    ciallaíonn ‘ionad trádála’ ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(24) de Threoir 2014/65/AE;

    (17) 

    ciallaíonn ‘margadh leachtach’:

    (a) 

    chun críocha Airteagal 9, Airteagal 11, agus Airteagal 18, margadh i gcomhair ionstraime airgeadais nó aicme d’ionstraimí airgeadais, nuair is ann ar bhonn leanúnach do cheannaitheoirí agus díoltóirí atá faoi réir agus toilteanach, agus i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas, agus na struchtúir mhargaidh shonracha den ionstraim airgeadais ar leith nó den aicme d’ionstraimí airgeadais ar leith á gcur san áireamh:

    (i) 

    meánmhinicíocht agus meánmhéid na n-idirbheart trasna réimse dálaí ar an margadh, ag féachaint do chineál agus do shaolré na dtáirgí laistigh den aicme d’ionstraimí airgeadais;

    (ii) 

    líon agus cineál na rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear an coibhneas idir na rannpháirtithe sa mhargadh agus na hionstraimí airgeadais a thrádáiltear maidir le táirge ar leith;

    (iii) 

    meánmhéid na raonta difríochta, nuair is ann dóibh;

    (b) 

    chun críocha Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 14, margadh i gcomhair ionstraime airgeadais a thrádáiltear ar bhonn laethúil i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh de réir na gcritéar seo a leanas:

    (i) 

    an tsaor-chomhlúthacht;

    (ii) 

    meánlíon laethúil na n-idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin;

    (iii) 

    an meánláimhdeachas laethúil do na hionstraimí airgeadais sin;

    ▼M3

    (18) 

    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil mar a shainmhínítear i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus, i gcás údarú a fháil agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, ESMA cé is moite de na sásraí tuairiscithe formheasta (ARManna) agus na socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) siúd a bhfuil maolú acu i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

    ▼B

    (19) 

    ciallaíonn ‘insititiúid creidhmeasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

    (20) 

    ciallaíonn ‘brainse’ brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(30) de Threoir 2014/65/AE;

    ▼C3

    (21) 

    ciallaíonn ‘dlúthbhaint’ dlúthbhaint mar a shainmhínítear 4(1)(35) de Threoir 2014/65/AE;

    (22) 

    ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(36) de Threoir 2014/65/AE;

    ▼M3

    (22a) 

    ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’ bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (37) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    ▼C3

    (23) 

    ciallaíonn ‘taisce struchtúraithe’ taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(43) de Threoir 2014/65/AE;

    (24) 

    ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(44) de Threoir 2014/65/AE;

    ▼B

    (25) 

    ciallaíonn ‘admhálacha taisclainne’ admhálacha taisclainne mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(45) de Threoir 2014/65/AE;

    (26) 

    ciallaíonn ‘ciste arna thrádáil ar an malartán’ nó ‘ETF’ ciste arna thrádáil ar an malartán mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(46) de Threoir 2014/65/AE;

    (27) 

    ciallaíonn ‘deimhnithe’ na hurrúis sin atá soshannta ar an margadh caipitil agus, i gcás aisíocaíochta ar infheistíocht ón eisiúnóir, atá rangaithe os cionn scaireanna ach faoi bhun ionstraimí bannaí neamhurraithe agus ionstraimí eile dá samhail;

    (28) 

    ciallaíonn ‘táirgí airgeadais struchtúraithe’ na hurrúis sin a chruthaítear chun urrusú agus aistriú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa a bhaineann le comhthiomsú sócmhainní airgeadais a thugann teideal do shealbhóir an urrúis íocaíochtaí rialta a fháil a bhraitheann ar an sreabhadh airgid ó na bunsócmhainní;

    (29) 

    ciallaíonn ‘díorthaigh’ na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i bpointe (44)(c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn C (4) go (10) a ghabhann léi;

    (30) 

    ciallaíonn ‘díorthaigh tráchtearraí’ na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i bpointe (44)(c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ar ionstraimí iad a bhaineann le tráchtearra nó le bunionstraim dá dtagraítear i Roinn C(10) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó i bpointí (5), (6), (7) agus (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi

    (31) 

    ciallaíonn ‘CCP’ CCP de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

    (32) 

    ciallaíonn ‘díorthach arna thrádáil ar mhalartán’ díorthach a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, agus nach dtagann faoin sainmhíniú ar dhíorthach thar an gcuntar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

    (33) 

    ciallaíonn ‘léiriú leasa inghníomhaithe’ teachtaireacht ó chomhalta nó ó rannpháirtí amháin chuig comhalta nó rannpháirtí eile laistigh de chóras trádála maidir le leas trádála atá ar fáil ina bhfuil an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go bhféadfar comhaontú ar thrádáil;

    ▼M3

    (34) 

    ciallaíonn ‘socrú formheasta maidir le foilsiú’ nó ‘APA’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís foilsithe tuarascálacha trádála a sholáthar thar ceann gnólachtaí infheistíochta de bhun Airteagal 20 agus Airteagal 21;

    (35) 

    ciallaíonn ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTP’ duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís bailithe tuarascálacha trádála a sholáthar le haghaidh ionstraimí airgeadais a liostaítear in Airteagail 6, 7, 10, 12 agus 13, 20 agus 21 ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna agus ó APAnna agus iad a chomhdhlúthú i sruth sonraí beo leictreonach leanúnach lena soláthraítear sonraí faoi phraghas agus faoi mhéid in aghaidh na hionstraime airgeadais;

    (36) 

    ciallaíonn ‘sásra tuairiscithe formheasta’ nó ‘ARM’ duine a údaraítear faoin Rialachán seo chun an tseirbhís tuairiscithe sonraí idirbheart a sholáthar d’údaráis inniúla nó do ÚEUM thar ceann gnólachtaí infheistíochta;

    ▼M3

    (36a) 

    ciallaíonn ‘soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí’ na daoine dá dtagraítear i bpointe (34), i bpointe (35) agus i bpointe (36) agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 27a(2);

    ▼B

    (37) 

    ciallaíonn ‘Ballstát baile’ Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(55) de Threoir 2014/65/AE;

    (38) 

    ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát óstach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(56) de Threoir 2014/65/AE;

    (39) 

    ciallaíonn ‘tagarmharc’ aon ráta, innéacs nó figiúr, arna chur ar fáil don phobal nó arna fhoilsiú agus a dhéantar a chinneadh go tréimhsiúil nó go tráthrialta trí fhoirmle a chur i bhfeidhm maidir le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó nó maidir le luach praghais amháin nó níos mó, nó atá bunaithe ar an luach sin, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta nó aon luachanna eile, nó suirbhéanna agus a ndéantar an méid atá iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó luach ionstraime airgeadais a chinneadh ina fhianaise.

    (40) 

    ciallaíonn ‘socrú idir-inoibritheachta’ socrú idir-inoibritheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

    (41) 

    ciallaíonn ‘institiúid airgeadais tríú tír’ eintiteas a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtríú tír, ar eintiteas é atá údaraithe nó ceadúnaithe faoi dhlí an tríú tír sin tabhairt faoi cheann ar bith de na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a liostaítear i dTreoir 2013/36/AE, i dTreoir 2014/65/AE, i dTreoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) nó i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 );

    (42) 

    ciallaíonn ‘gnólacht tríú tír’ gnólacht tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(57) de Threoir 2014/65/AE;

    (43) 

    ciallaíonn ‘táirge mórdhíola fuinnimh’ táirgí mórdhíola fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

    (44) 

    ciallaíonn ‘díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta’ conarthaí díorthacha a bhaineann le táirgí a liostaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) agus in Iarscríbhinn I, Cuid I go Cuid XX agus Cuid XXIV/1 a ghabhann leis;

    (45) 

    ciallaíonn ‘ilroinnt leachtachta’ staid nuair a tharlaíonn ceann de na cásanna seo a leanas:

    (a) 

    níl na rannpháirtithe in ionad trádála in ann idirbhearta a chur i gcrích le rannpháirtí amháin nó le níos mó ná rannpháirtí amháin san ionad trádála sin i ngeall ar nach ann do shocruithe imréitigh a bhfuil rochtain ag na rannpháirtithe uile orthu; nó

    (b) 

    chuirfí iallach ar chomhalta imréitigh nó a chuid cliant a suímh a choimeád in ionstraim airgeadais i níos mó ná CCP amháin a chuirfeadh teorainn ar an acmhainneacht neamhchosaintí airgeadais a ghlanluacháil.

    (46) 

    ciallaíonn ‘fiachas ceannasach’ fiachas ceannasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(61) de Threoir 2014/65/AE;

    (47) 

    ciallaíonn ‘comhbhrú punainne’ seirbhís laghdaithe riosca ina ndéanann dhá chontrapháirtí nó níos mó cuid de na díorthaigh nó na díorthaigh uile arna dtíolacadh ag na contrapháirtithe sin lena gcuimisiú sa chomhbhrú punainne a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach agus ina ndéantar díorthach eile a chur in ionad na ndíorthach a foirceannadh a bhfuil a luach barúlach comhcheangailte níos lú ná luach barúlach comhcheangailte na ndíorthach a foirceannadh;

    ▼M1

    (48) 

    ciallaíonn ‘malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha’ idirbheart i gconradh díorthach nó ionstraim airgeadais eile atá ag brath ar fhorghníomhú comhuaineach méid choibhéisigh de shócmhainn fhisiceach bhunúsach;

    (49) 

    ciallaíonn ‘ordú pacáiste’ ordú a dhéantar a phraghsáil mar aonad aonair:

    (a) 

    chun críche malartaithe le haghaidh sócmhainní fisiceacha a fhorghníomhú; nó

    (b) 

    in dhá cheann nó níos mó d'ionstraimí airgeadais chun idirbheart pacáiste a fhorghníomhú.;

    (50) 

    ciallaíonn ‘idirbheart pacáiste’:

    (a) 

    malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha; nó

    (b) 

    idirbheart lena mbaineann forghníomhú dhá cheann nó níos mó d'idirbhearta comhchoda in ionstraimí airgeadais agus lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas go léir:

    (i) 

    déantar an t-idirbheart a fhorghníomhú idir dhá cheann nó níos mó de chontrapháirtithe;

    (ii) 

    tá riosca suntasach eacnamaíoch nó airgeadais ag gabháil le gach comhchuid den idirbheart maidir leis na comhchodanna eile go léir;

    (iii) 

    tá forghníomhú gach comhchoda comhuaineach agus ag brath ar fhorghníomhú na gcomhchodanna eile go léir.

    ▼B

    2.  
    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun gnéithe teicniúla áirithe de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 a shonrú tuilleadh, d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí an mhargaidh.

    ▼M3

    3.  
    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena sonrófar critéir chun na ARManna agus na APAnna sin a shainaithint atá faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de réir mar a shainmhnítear é i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE) de mhaolú ar an Rialachán seo i ngeall ar a n-ábharthacht teoranta maidir leis an margadh inmheánach.

    Agus an gníomh tarmligthe á ghlacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    (a) 

    a mhéid a sholáthraítear na seirbhísí do ghnólachtaí infheistíochta nach bhfuil údaraithe ach i mBallstát amháin

    (b) 

    líon na dtuarascálacha tráchtála nó na n-idirbheart

    (c) 

    cé acu atá ARM nó APA ina chuid de ghrúpa de rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn trasna teorannacha nó nach bhfuil.

    I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar eintiteas maidir le haon seirbhís atá á soláthar aige ina cáil mar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faoin Rialachán seo, ní dhéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar ARM nó mar APA a eisiamh ó mhaoirseacht ÚEUM faoi aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na míre seo.

    ▼B

    TEIDEAL II

    TRÉDHEARCACHT LE hAGHAIDH IONAD TRÁDÁLA

    CAIBIDIL 1

    Trédhearcacht le haghaidh ionstraimí cothromais

    Airteagal 3

    Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail

    1.  
    Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a ndéantar fógraíocht orthu trína gcórais maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear ar ionad trádála. Beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le léirithe leasanna inghníomhaithe chomh maith. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.
    2.  
    Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú do chineálacha éagsúla córas trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe, córais faoi thionchar luachana, córais hibrideacha agus córais trádála do cheantáil thréimhsiúil.
    3.  
    Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, rochtain a sholáthar ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu a luachana i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in EFTanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 14.

    Airteagal 4

    Tarscaoiltí le haghaidh ionstraimí cothromais

    1.  

    An oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a phoibliú, beidh údaráis inniúla in ann í a tharscaoileadh maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a) 

    córais a mheaitseálann orduithe atá bunaithe ar mhodheolaíocht trádála trína ndéantar praghas na hionstraime airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a dhíorthú ón ionad trádála inar ligeadh isteach chun trádála an ionstraim airgeadais sin den chéad uair nó ón margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta de, i gcás ina ndéantar an praghas tagartha a fhoilsiú go forleathan agus a ndéanann na rannpháirtithe margaidh é a mheas mar phraghas tagartha iontaofa. Beidh úsáid leanúnach an tarscaoilte sin faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 5.

    (b) 

    córais ina gcuirtear na hidirbhearta réamhshocraithe ar bhonn foirmiúil, ar idirbhearta iad:

    (i) 

    a dhéantar laistigh de raon ualaithe na méideanna reatha a léirítear sa leabhar orduithe nó luachana ó chruthaitheoirí margaidh an ionaid trádála a bhfuil an córas sin á oibriú aige, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach inAirteagal 5;

    (ii) 

    atá i scair neamhleachtach, in admháil taisclainne, in ETF, i ndeimhniú nó in ionstraim airgeadais eile dá samhail nach dtagann faoi réir bhrí an mhargaidh leachtaigh agus a dhéileáiltear laistigh de chéatadán de phraghas tagartha oiriúnach, is é sin céatadán agus praghas tagartha a leagann oibreoir an chórais amach roimh ré; nó

    (iii) 

    atá faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha margaidh na hionstraime airgeadais sin;

    (c) 

    orduithe atá ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh;

    (d) 

    orduithe a shealbhaítear i saoráid bainistithe orduithe an ionaid trádála go dtí go nochtfar iad.

    2.  

    Bunófar an praghas tagartha dá dtagraítear i mír 1(a) trí cheann de na nithe seo a leanas a ghnóthú:

    (a) 

    an lárphointe i bpraghsanna tairgthe agus tairisceana reatha an ionaid trádála ina ndearnadh an ionstraim airgeadais sin a ligean isteach chun a trádála den chéad uair nó an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta; nó

    (b) 

    nuair nach mbíonn an praghas dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil, praghas oscailte nó dúnta an tseisiúin trádála ábhartha.

    Ní fhéadfar tagairt a dhéanamh in orduithe do na praghsanna dá dtagraítear i bpointe (b) ach amháin lasmuigh de chéim trádála leanúnach an tseisiúin trádála ábhartha.

    3.  

    I gcás ina ndéanann ionaid trádála córais a oibriú trína ndéantar idirbhearta caibidlithe a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhréir le mír 1(b)(i):

    (a) 

    déanfar na hidirbhearta sin i gcomhréir le rialacha an ionaid trádála;

    (b) 

    déanfaidh an t-ionad trádála a áirithiú gurb ann do shocruithe, do chórais agus do nósanna imeachta chun drochúsáid mhargaidh, nó iarracht ar dhrochúsáid mhargaidh, i ndáil le hidirbhearta réamhshocraithe den sórt sin a chosc agus a bhrath i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

    (c) 

    déanfaidh an t-ionad trádála córais a bhunú, a chothabháil agus a chur chun feidhme chun aon iarracht ar úsáid an tarscaoilte chun teacht timpeall ar cheanglais eile an Rialacháin seo nó Threoir 2014/65/AE a bhrath agus chun iarrachtaí den sórt sin a thuairisciú don údarás inniúil.

    Más rud é go ndeonaíonn údarás inniúil tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1(b)(i) nó (iii), déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar úsáid an tarscaoilte sin ag an ionad trádála chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha le haghaidh úsáid an tarscaoilte á n-urramú.

    4.  
    Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údaráis inniúla fógra a thabhairt do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach tarscaoilte aonair agus míniú a sholáthar maidir lena fheidhmiú, lena n-áirítear mionsonraí an ionaid trádála ina bhfuil an praghas tagartha bunaithe dá dtagraítear dó i mír 1(a). Tabharfar fógra faoin intinn tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná ceithre mhí roimh an dáta a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an tarscaoileadh. Laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim neamhcheangailteach chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid atá gach aon tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 6. I gcás ina ndeonóidh an t-údarás inniúil sin tarscaoileadh agus go n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an méid sin, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.
    5.  
    Féadfaidh údarás inniúil, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air ag údarás inniúil eile, tarscaoileadh arna dheonú faoi mhír 1 a tharraingt siar, mar a shonraítear faoi mhír 6, má fheictear dó go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid ar shlí a imíonn óna chuspóir bunaidh nó má chreideann sé go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid chun teacht timpeall ar na ceanglais a bhunaítear san Airteagal seo.

    Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir leis an tarraingt siar sin agus tabharfaidh siad cúiseanna iomlána lena gcinneadh.

    6.  

    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

    (a) 

    raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana nó na luachana ó chruthaitheoirí ainmnithe margaidh, agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3(1), agus an calabrú is gá á chur i gcuntas maidir leis na cineálacha éagsúla córas trádála de réir dá tagraítear in Airteagal 3(2);

    (b) 

    an margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta ionstraime airgeadais de i gcomhréir le mír 1(a);

    (c) 

    saintréithe sonracha idirbhirt réamhshocraithe maidir leis na bealaí éagsúla ar féidir leis an gcomhalta nó an rannpháirtí in ionad trádála idirbheart den sórt sin a fhorghníomhú;

    (d) 

    na hidirbhearta réamhshocraithe nach ranchuidíonn le foirmiú praghsanna a bhaineann leis as an tarscaoileadh dá bhforáiltear i mír 1(b)(iii);

    (e) 

    méid na n-orduithe atá ar scála mór agus cineál agus íosmhéid na n-orduithe a bheidh ar seilbh i saoráid bainistithe orduithe de chuid ionad trádála go dtí go nochtfar iad agus a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    7.  
    Maidir le tarscaoiltí arna ndeonú ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 29(2) agus le hAirteagal 44(2) de Threoir 2004/39/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 18, le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 roimh an ►M1  3 Eanáir 2018 ◄ , déanfaidh ÚEUM athbhreithniú orthu faoin ►M1  3 Eanáir 2020 ◄ . Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a bheidh gach ceann de na tarscaoiltí sin fós ag teacht leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo agus in aon ghníomh tarmligthe agus caighdeán teicniúil rialála atá bunaithe ar an Rialachán seo.

    Airteagal 5

    An Sásra Caidhpeála Méide

    1.  

    Chun a áirithiú nach ndéanfaidh úsáid na dtarscaoiltí dá bhforáiltear in Airteagal 4(1)(a) agus in Airteagal 4(1)(b)(i) dochar míchuí d’fhoirmiú praghsanna, déantar trádáil faoi na tarscaoiltí sin a shrianadh mar a leanas:

    (a) 

    beidh céatadán na trádála in ionstraim airgeadais a dhéanfar ar ionad trádála faoi na tarscaoiltí sin teoranta do 4 % den mhéid iomlán trádála san ionstraim airgeadais sin ar gach ionad trádála ar fud an Aontais i rith na tréimhse 12 mhí roimhe sin.

    (b) 

    beidh trádáil fhoriomlán an Aontais in ionstraim airgeadais a dhéanfar faoi na tarscaoiltí sin teoranta do 8 % den mhéid iomlán trádála san ionstraim airgeadais sin ar gach ionad trádála ar fud an Aontais i rith na tréimhse 12 mhí roimhe sin.

    Ní bheidh feidhm ag an sásra caidhpeála méide sin maidir le hidirbhearta réamhshocraithe a bheidh i scair, in admháil tasclainne, in ETF, i ndeimhniú nó in ionstraim airgeadais eile dá samhail nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(17)(b) agus lena ndéileálfar laistigh de chéatadán de phraghas tagartha oiriúnach dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(ii), nó maidir le hidirbhearta réamhshocraithe a bheidh faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha margaidh na hionstraime airgeadais sin, dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(iii).

    2.  
    Nuair a bheidh an céatadán trádála in ionstraim airgeadais a dhéanfar ar ionad trádála faoi na tarscaoiltí tar éis dul thar an teorainn dá dtagraítear i mír 1(a), déanfaidh an t-údarás inniúil a d’údaraigh úsáid na dtarscaoiltí sin san ionad sin, laistigh de dha lá oibre, a n-úsáid ar an ionad sin san ionstraim airgeadais sin, bunaithe ar na sonraí a bheidh foilsithe ag ÚEUM agus dá dtagraítear i mír 4, a fhionraí ar feadh tréimhse sé mhí.
    3.  
    Nuair a bheidh an céatadán trádála in ionstraim airgeadais a dhéanfar ar gach ionad trádála ar fud an Aontais faoi na tarscaoiltí sin tar éis dul thar an teorainn dá dtagraítear i mír 1(b), déanfaidh gach údarás inniúil, laistigh de dhá lá oibre, úsáid na dtarscaoiltí sin ar fud an Aontais a fhionraí ar feadh tréimhse sé mhí.
    4.  
    Laistigh de chúig lá oibre ó dheireadh gach míosa féilire, foilseoidh ÚEUM méid iomlán trádála an Aontais in aghaidh na hionstraime airgeadais a rinneadh sna 12 mhí roimhe sin, an céatadán trádála in ionstraim airgeadais a rinneadh ar fud an Aontais faoi na tarscaoiltí sin agus ar gach ionad trádála sna 12 mhí roimhe sin, agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na céatadáin sin a dhíorthú.
    5.  
    I gcás ina sainaithneofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 gur ann d’aon ionad trádála ina mbeidh trádáil in aon ionstraim airgeadais a dhéanfar faoi na tarscaoiltí imithe thar 3,75 % den trádáil iomlán san Aontas san ionstraim airgeadais sin, bunaithe ar an 12 mhí trádála roimhe sin, foilseoidh ÚEUM tuarascáil bhreise laistigh de chúig lá oibre ón 15ú lá den mhí féilire ina bhfoilseofar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4. Beidh sa tuarascáil sin an fhaisnéis a shonraítear i mír 4 i leith na n-ionstraimí airgeadais sin ina mbeidh 3,75 % sáraithe.
    6.  
    I gcás ina sainaithneofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 go mbeidh trádáil fhoriomlán an Aontais in aon ionstraim airgeadais a dhéanfar faoi na tarscaoiltí imithe thar 7,75 % de thrádáil iomlán an Aontais in ionstraim airgeadais, bunaithe ar an 12 mhí trádála roimhe sin, foilseoidh ÚEUM tuarascáil bhreise laistigh de chúig lá oibre ón 15ú lá den mhí féilire ina bhfoilseofar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4. Beidh sa tuarascáil sin an fhaisnéis a shonraítear i mír 4 i leith na n-ionstraimí airgeadais sin ina mbeidh 7,75 % sáraithe.
    7.  

    Chun a áirithiú go mbeidh bonn iontaofa ann chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil a dhéantar faoi na tarscaoiltí sin agus chun a chinneadh an mbeifear tar éis na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 a shárú, beidh oibleagáid ar oibreoirí ionad trádála córais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun:

    (a) 

    a chumasú go ndéanfar gach trádáil a bheidh tarlaithe ar a ionad trádála faoi na tarscaoiltí sin a shainaithint; agus

    (b) 

    a áirithiú nach rachaidh sé thar an gcéatadán ceadaithe den trádáil a cheadaítear faoi na tarscaoiltí sin dá dtagraítear i mír 1(a) in imthosca ar bith.

    8.  
    Tosóidh an tréimhse chun na sonraí trádála ag ÚEUM a fhoilsiú, agus dá mbeidh faireachán le déanamh ar thrádáil in ionstraim airgeadais faoi na tarscaoiltí sin, an ►M1  3 Eanáir 2017 ◄ . Gan dochar d’Airteagal 4(5), cumhachtófar d’údaráis inniúla úsáid na dtarscaoiltí sin a fhionraí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ina dhiaidh sin ar bhonn míosúil.
    9.  
    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an modh a shonrú, lena n-áirítear idirbhearta a chlárú faoi bhratach trína ndéanfaidh sé na sonraí idirbhirt a thiomsú, a ríomh agus a fhoilsiú, mar atá leagtha amach i mír 4, chun tomhas cruinn a chur ar fáil ar mhéid iomlán na trádála in aghaidh na hionstraime airgeadais agus ar na céatadáin trádála a úsáidfidh na tarscaoiltí sin ar fud an Aontais agus in aghaidh an ionaid trádála.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 6

    Ceanglais trédhearcachta iarthrádála maidir le hionad trádála i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

    1.  
    Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghas, méid agus tráth na n-idirbheart a fhorghníomhófar i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar an ionad trádála sin. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.
    2.  
    Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, tabharfaidh siad rochtain éifeachtach, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáidfidh siad chun an fhaisnéis faoi mhír 1 den Airteagal seo a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a mbeidh oibleagáid orthu mionsonraí a n-idirbheart i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in ETFAnna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 20.

    Airteagal 7

    Foilsiú iarchurtha a údarú

    1.  
    Beidh údaráis inniúla in ann oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu a údarú chun foráil a dhéanamh d’fhoilsiú iarchurtha mionsonraí idirbheart i bhfianaise a gcineáil agus a méide.

    Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla foilsiú iarchurtha a údarú i ndáil le hidirbhearta atá ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh don scair, don admháil taisclainne, don ETF, don deimhniú nó don ionstraim airgeadais eile dá samhail, nó don aicme sin de scair, d’admháil taisclainne, de ETF, de dheimhniú nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail.

    Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, gheobhaidh siad formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le socruithe arna mbeartú le haghaidh foilsiú trádála iarchurtha, agus nochtfaidh siad go soiléir na socruithe sin do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin maidir le foilsiú trádála iarchurtha agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

    I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil foilsiú iarchurtha a údarú agus ina n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an iarchur sin nó ina n-easaontóidh sé le cur i bhfeidhm iarbhír an údaraithe a deonaíodh, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    2.  

    Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin rialála teicniúla a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 64 de Threoir 2014/65/AE:

    (a) 

    mionsonraí na n-idirbheart a dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, a chur ar fáil don phobal i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 6(1), lena n-áirítear sainaitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoi Airteagal 6(1) agus faoi Airteagal 20, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd arna gcinneadh le tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin arna gcinneadh le tosca eile;

    (b) 

    mheasfaí an teorainn ama a bheith ar comhréir leis an oibleagáid foilsiú chomh gar agus is féidir don fhíor-am, lena n-áirítear nuair a fhorghníomhófar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála.

    (c) 

    na coinníollacha chun a údarú do ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, foráil a dhéanamh d’fhoilsiú sonraí na n-idirbheart i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann a chur siar, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 20(1);

    (d) 

    na critéir atá le feidhmiú nuair a bheidh idirbhearta á gcinneadh a bhfuil foilsiú iarchurtha ceadaithe ina leith i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i ngeall ar mhéid an idirbhirt nó ar chineál, lena n-áirítear próifíl leachtachta na scaire, na hadmhála taisclainne, an ETF, an deimhnithe nó na hionstraime airgeadais eile dá samhail atá i gceist.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    CAIBIDIL 2

    Trédhearcacht le haghaidh ionstraimí neamhcothromais

    Airteagal 8

    Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthach

    1.  
    ►M1  Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a ndéanfar fógraíocht orthu trína gcórais maidir le bannaí, le táirgí airgeadais struchtúraithe, le lamháltais astaíochtaí, le díorthaigh a thrádáiltear ar ionad trádála agus orduithe pacáiste. ◄ Beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le léirithe leasanna inghníomhaithe chomh maith. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála. Níl feidhm ag an oibleagáid foilsithe sin maidir leis na hidirbhearta díorthaigh sin de chontrapháirtithe neamhairgeadais agus ar idirbhearta iad is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta a laghdóidh rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin an chontrapháirtí neamhairgeadais nó an ghrúpa sin.
    2.  
    Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú do chineálacha éagsúla córas trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe, córais faoi thionchar luachana, córais hibrideacha, córais trádála do cheantáil thréimhsiúil agus córais ghuth-thrádála.
    3.  
    Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, tabharfaidh siad rochtain iarbhír, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáidfidh siad chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu a luachana i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a fhoilsiú de bhun Airteagal 18.
    4.  
    I gcás ina ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(b), poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu praghsanna táscacha tairgthe agus tairisceana réamhthrádála ar a laghad, ar praghsanna iad atá gar do phraghas na leasanna trádála a ndéantar fógraíocht ina leith trína gcórais i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal trí mheán leictreonach iomchuí ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála. Leis na socruithe sin, áiritheofar go ndéanfar faisnéis a sholáthar ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

    Airteagal 9

    Tarscaoiltí d’ionstraimí neamhchothromais

    1.  

    Maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a phoibliú, beidh údaráis inniúla in ann í a tharscaoileadh maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a) 

    orduithe atá ar scála mór i gcomparáid le gnáthmhéid an mhargaidh agus orduithe atá ar seilbh i saoráid bainistithe orduithe an ionaid trádála go dtí go nochtfar iad;

    (b) 

    léirithe leasanna inghníomhaithe i gcórais iarrtha luachana agus i gcórais ghuth-thrádála ar mó iad ná an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais, lena nochtfaí soláthróirí leachtachta do riosca míchuí agus lena gcuirtear san áireamh más infheisteoirí miondíola nó infheisteoirí mórdhíola iad rannpháirtithe ábhartha an mhargaidh;

    (c) 

    díorthaigh nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide trádála a shonraítear in Airteagal 28 agus ionstraimí airgeadais eile nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith;

    ▼M1

    (d) 

    orduithe chun críche malartaithe le haghaidh sócmhainní fisiceacha a fhorghníomhú;

    (e) 

    orduithe pacáiste lena gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (i) 

    is ionstraim airgeadais é ar a laghad ceann amháin dá gcomhchodanna nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith, ach amháin i gcás ina bhfuil margadh leachtach ann don ordú pacáiste ina iomláine;

    (ii) 

    tá ar a laghad ceann amháin dá gcomhchodanna ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh, ach amháin i gcás ina bhfuil margadh leachtach ann don ordú pacáiste ina iomláine;

    (iii) 

    déantar a gcomhchodanna go léir a fhorghníomhú ar chóras iarrtha luachanna nó ar chóras guth-thrádála agus is mó iad ná an méid atá sonrach don ionstraim.

    ▼B

    2.  
    Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach iarratais aonair ar tharscaoileadh agus míniú a sholáthar maidir lena bhfeidhmiú. Tabharfar fógra faoin intinn tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná ceithre mhí sula mbeartófar go mbeidh éifeacht leis an tarscaoileadh. Laistigh de dhá mhí tar éis dóibh an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil atá i dtrácht ina ndéanfar measúnú féachaint an bhfuil an tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a bunaíodh i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála a glacadh de bhun mhír 5. I gcás ina ndeonóidh an t-údarás inniúil sin tarscaoileadh agus go n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an ní a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad go praiticiúil.

    ▼M1

    2a.  
    Beidh údaráis inniúla in ann an oibleagáid a tharscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) le haghaidh gach comhchoda aonair den ordú pacáiste.

    ▼B

    3.  
    Féadfaidh na húdaráis inniúla, dá ndeoin féin nó ar iarraidh ó údaráis inniúla eile, tarscaoileadh a bheidh deonaithe faoi mhír 1 a tharraingt siar má fheictear dóibh go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid ar shlí a imeoidh óna chuspóir bunaidh nó má mheasann siad go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid chun teacht timpeall ar na ceanglais a bhunaítear san Airteagal seo.

    Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir leis an tarraingt siar sin gan mhoill agus sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus tabharfaidh siad cúiseanna iomlána lena gcinneadh.

    4.  
    I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach shonraithe, féadfaidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéanfar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádáil, na hoibleagáidí a shonraítear in Airteagal 8 a fhionraí ar bhonn sealadach. Saineofar an tairseach shonraithe sin ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar fógra fionraí sealadaí mar sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha.

    Beidh an fhionraí shealadach bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná trí mhí ó dháta a foilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar fionraí den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná trí mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe. Mura ndéanfar an fhionraí a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé as feidhm láithreach.

    Sula ndéanfar fionraí shealadach na n-oibleagáidí faoin mír sin dá dtagraítear in Airteagal 8 a fhionraí nó a athnuachan, cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige in iúl do ÚEUM agus míneoidh sé na cúiseanna leis. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta maidir le cibé acu an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír.

    5.  

    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

    (a) 

    na paraiméadair agus na modhanna chun tairseach na leachtachta dá dtagraítear i mír 4 a ríomh i ndáil leis an ionstraim airgeadais. Na paraiméadair agus na modhanna chun go ndéanfaidh na Ballstáit an tairseach a ríomh, socrófar iad ionas gurb ionann an tráth a sroichfear an tairseach, go mbeidh laghdú mór tagtha ar an leachtacht sna hionaid uile laistigh den Aontas i dtaca leis an ionstraim airgeadais lena mbaineann bunaithe ar na critéir a úsáidtear faoi Airteagal 2(1)(17);

    (b) 

    raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana nó na luachana agus leibhéal an leasa trádála ag na praghsanna sin, nó praghsanna táscacha tairgthe agus tairisceana réamhthrádála a bheidh gar do phraghas na leasanna trádála, nach mór a phoibliú do gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus (4), agus an calabrú is gá a chur i gcuntas maidir leis na cineálacha difriúla córas trádála dá dtagraítear in Airteagal 8(2);

    (c) 

    méid na n-orduithe a bheidh mór i scála agus cineál agus íosmhéid na n-orduithe a bheidh i saoráid bainistithe orduithe go dtí go nochfar iad agus a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

    (d) 

    an mhéid atá sonrach don ionstraim airgeadais dá dtagraítear i mír 1(b) agus an sainmhíniú ar chórais iarrtha luachana agus ar chórais ghuth-thrádála a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1;

    Agus an mhéid atá sonrach don ionstraim airgeadais á cinneadh, ar méid í a nochtfadh soláthróirí leachtachta do riosca míchuí agus a chuirfidh i gcuntas an infheisteoirí miondíola nó an infheisteoirí mórdhíola iad rannpháirtithe ábhartha an mhargaidh, i gcomhréir le mír 1(b), cuirfidh ÚEUM na tosca seo a leanas i gcuntas:

    (i) 

    cibé an bhféadfadh soláthróirí leachtachta a rioscaí a fhálú, ag na méideanna sin;

    (ii) 

    i gcás ina mbeidh infheistóirí miondíola go páirteach i margadh san ionstraim airgeadais, nó in aicme ionstraimí airgeadais, meánluach na n-idirbheart, a ghabh na hinfheisteoirí sin orthu féin;

    (e) 

    na hionstraimí airgeadais nó na haicmí ionstraimí airgeadais nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith ina bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh faoi mhír 1.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    ▼M1

    6.  
    D'fhonn a áirithiú go gcuirfear pointe (i) agus pointe (ii) de mhír (1)(e) i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun modheolaíocht a bhunú chun na horduithe pacáiste sin a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith. Nuair a bheidh an mhodheolaíocht sin á forbairt chun a chinneadh cibé acu an ann nó nach ann do mhargadh leachtach i leith ordú pacáiste ina iomláine, déanfaidh ESMA a mheasúnú cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar pacáistí a chaighdeánú agus a thrádáil go minic.

    Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Feabhra 2017.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    ▼B

    Airteagal 10

    Ceanglais trédhearcachta iarthrádála le haghaidh ionad trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthach

    1.  
    Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghas, toirt agus tráth na n-idirbheart a fhorghníomhaítear maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.
    2.  
    Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu rochtain a thabhairt, ar théarmaí réasúnta tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis faoi mhír 1 a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu mionsonraí a n-idirbheart i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a fhoilsiú de bhun Airteagal 21.

    Airteagal 11

    Foilsiú iarchurtha a údarú

    1.  
    Beidh údaráis inniúla in ann oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu a údarú lena bhforálfar go ndéanfar foilsiú mionsonraí idirbheart a chur siar i bhfianaise chineál nó mhéid an idirbhirt.

    Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla foilsiú iarchurtha a údarú i gcás idirbheart ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

    (a) 

    a bheidh ar mhórscála i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh don bhanna, don táirge airgeadais struchtúraithe, don lamháltas astaíochtaí nó don díorthach sin a thrádálfar ar ionad trádála, nó don aicme sin banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála; nó

    (b) 

    a bheidh gaolmhar le banna, le táirge airgeadais struchtúraithe, le lamháltas astaíochtaí nó díorthach a thrádálfar in ionad trádála nó le haicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádálfar in ionad trádála nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith;

    (c) 

    a bheidh os cionn méid a bhaineann go sonrach leis an mbanna sin, leis an táirge airgeadais struchtúraithe sin, leis an lamháltas astaíochtaí nó díorthach a thrádálfar in ionad trádála nó leis an aicme sin banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádálfar in ionad trádála, a nochtfadh soláthróirí leachtachta do riosca míchuí agus a chuirfidh i gcuntas an infheisteoirí miondíola nó an infheisteoirí mórdhíola iad.

    Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu, gheobhaidh siad formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le socruithe arna mbeartú le haghaidh foilsiú trádála iarchurtha, agus nochtfaidh siad go soiléir na socruithe sin do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh an ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin maidir le foilsiú trádála a chur siar agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a mbainfear feidhm astu go praiticiúil.

    2.  
    I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5)(a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéantar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádáil, na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Saineofar an tairseach sin bunaithe ar chritéir oibiachtúla a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar an fhionraí shealadach sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha.

    Beidh an fhionraí shealadach bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná trí mhí ó dháta a foilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar fionraí den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná trí mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe. I gcás nach ndéanfar an fhionraí a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé as feidhm láithreach.

    Sula ndéanfar fionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír.

    3.  

    Féadfaidh na húdaráis inniúla, an méid seo a leanas a dhéanamh, i gcomhar le foilsiú iarchurtha a údarú:

    (a) 

    a iarraidh go bhfoilseofar sonraí teoranta idirbhirt nó sonraí roinnt idirbheart i bhfoirm chomhiomlán, nó teaglaim díobh le linn na tréimhse ama don iarchur;

    (b) 

    a cheadú go bhfágfar foilsiú toirt idirbhirt aonair ar lár le linn tréimhse ama sínithe d’iarchur;

    (c) 

    maidir le hionstraimí neamhchothromais nach fiachas ceannasach iad, a cheadú go ndéanfar roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán le linn tréimhse ama sínithe d’iarchur;

    (d) 

    maidir le hionstraimí fiachais cheannasaigh, a cheadú go ndéanfar roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse éiginnte.

    I ndáil le hionstraimí fiachais cheannasaigh, féadfar pointe (b) agus pointe (d) a úsáid go leithleach nó go comhleanúnach, is é sin, a luaithe a rachaidh an tréimhse sínte maidir leis an méid a fhágáil ar lár, d’fhéadfaí na méideanna sin a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán.

    I ndáil leis na hionstraimí airgeadais eile go léir, nuair a rachaidh an tréimhse ama don iarchur as feidhm, déanfar mionsonraí an idirbhirt a bheidh fós ann agus mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo a fhoilsiú ar bhonn aonair.

    4.  

    Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin rialála teicniúla a fhorbairt ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 64 de Threoir 2014/65/AE chun an méid seo a leanas a shonrú:

    (a) 

    sonraí na n-idirbheart a bheidh le sonrú ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu, cuirfear ar fáil don phobal iad i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10(1), lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoi Airteagal 10(1) agus faoi Airteagal 21(1), a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear trí bhíthin tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear trí bhíthin tosca eile;

    (b) 

    dhéanfaí an teorainn ama a mheas a bheith ar comhréir leis an oibleagáid foilsiú a dhéanamh chomh gar agus is féidir don fhíor-am, lena n-áirítear nuair a dhéanfar trádálacha a fhorghníomhú lasmuigh de na gnáthuaireanta trádála;

    (c) 

    na coinníollacha chun a údarú do ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, foráil a dhéanamh d’fhoilsiú sonraí na n-idirbheart i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann a chur siar, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 21(4);

    (d) 

    na critéir a bheidh le cur i bhfeidhm agus méid nó cineál an idirbhirt á chinneadh a bhfuil sé ceadaithe faoi mhír 3 foilsiú a chur siar agus sonraí áirithe i ndáil le hidirbheart a fhoilsiú nó sonraí roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán, nó foilsiú méid idirbhirt a fhágáil ar lár i gcás achair shínithe ama iarchuir a cheadú i ndáil le hionstraimí airgeadais ar leith.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    CAIBIDIL 3

    Oibleagáid chun sonraí trádála a thairiscint ar bhonn tráchtála ar leithligh agus réasúnta

    Airteagal 12

    Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar leithligh

    1.  
    Cuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 3, le hAirtagal 4 agus le hAirteagal 6 go hAirteagal 11 ar fáil don phobal trí shonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a thairiscint ar leithligh.
    2.  
    Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na sonraí réamhthrádála agus iarthrádála arna gcur ar fáil a shonrú, lena n-áirítear leibhéal dí-chomhiomlánaithe na sonraí atá le cur ar fáil don phobal, dá dtagraítear i mír 1.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 13

    Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar bhonn réasúnta tráchtála

    1.  
    Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu, an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 3, le hAirtagal 4 agus le hAirteagal 6 go hAirteagal 11 a chur ar fáil don phobal ar bhonn réasúnta tráchtála agus rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis a áirithiú. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis foilsiú.
    2.  
    Glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50, lena soiléirítear céard is bonn réasúnta tráchtála ann chun faisnéis a phoibliú dá dtagraítear i mír 1.

    TEIDEAL III

    ▼M2

    TRÉDHEARCACHT LE hAGHAIDH INMHEÁNAITHEOIRÍ CÓRASACHA AGUS GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA A THRÁDÁLANN THAR AN gCUNTAR AGUS CÓRAS MÉIDEANNA TICEANNA D'INMHEÁNAITHEOIRÍ CÓRASACHA

    ▼B

    Airteagal 14

    An oibleagáid atá ar inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne a phoibliú i dtaca le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail

    1.  
    Poibleoidh gnólachtaí infheistíochta luachana daingne i leith na scaireanna sin, na n-admhálacha taisclainne sin, ETFanna sin, na ndeimhnithe sin agus na n-ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear in ionad trádála agus inar inmheánaitheoirí córasacha iad lena n-aghaidh agus a mbeidh margadh leachtach ann lena n-aghaidh.

    I gcás nach mbeidh margadh leachtach ann i leith na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear sa chead fhomhír, nochtfaidh inmheánaitheoirí córasacha luachana dá gcliaint arna iarraidh sin dóibh.

    2.  
    Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagal 15, ag Airteagal 16 agus ag Airteagal 17 maidir le hinmheánaitheoirí córasacha nuair a dhéileálfaidh siad i méideanna suas go dtí méid caighdeánach an mhargaidh. Ní bheidh inmheánaitheoirí córasacha faoi réir an Airteagail seo ná faoi réir Airteagal 15, Airteagal 16 ná Airteagal 17 agus nuair a dhéileálfaidh siad i méideanna os cionn mhéid caighdeánach an mhargaidh.
    3.  
    Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha an méid nó na méideanna a chinneadh ag a luafaidh siad. Beidh íosmhéid na luachana comhionann ar a laghad le 10 % de mhéid caighdeánach an mhargaidh de scair, d’admháil taisclainne, de ETF, de dheimhniú nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail a thrádálfar in ionad trádála. I gcás scaire, admhála taisclainne, ETF, deimhnithe áirithe nó ionstraime airgeadais eile dá samhail a thrádálfar in ionad trádála áireofar ar gach luachan praghas daingean tairgthe agus tairisceana nó praghsanna daingne tairgthe agus tairisceana i gcás méid nó méideanna a d’fhéadfadh a bheith suas le méid caighdeánach an mhargaidh le haghaidh aicme na scaireanna, na n-admhálacha taisclainne, na ETFanna, na ndeimhnithe nó na n-ionstraimí airgeadais eile dá samhail lena mbaineann an ionstraim airgeadais. Léireoidh an praghas nó na praghsanna dálaí an mhargaidh san am i gceist don scair sin, don admháil taisclainne sin, do ETF, don deimhniú sin nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail.
    4.  
    Déanfar scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a ghrúpáil in aicmí ar bhonn mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh le haghaidh na hionstraime airgeadais sin. Beidh méid caighdeánach an mhargaidh le haghaidh gach aicme scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail ionadaíoch do mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh le haghaidh na hionstraime airgeadais atá ar áireamh i ngach aicme.
    5.  
    Is éard a bheidh i margadh gach scaire, admhála taisclainne, ETF, deimhnithe agus ionstraime airgeadais eile dá samhail na horduithe ar fad a fhorghníomhaítear san Aontas maidir leis an ionstraim airgeadais sin cé is moite díobh siúd a bheidh mór i gcomparáid le gnáthmhéid an mhargaidh.
    6.  
    Údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta mar a shainmhínítear in Airteagal 26 le haghaidh gach scaire, admhála taisclainne, ETF, deimhnithe agus ionstraime airgeadais eile dá samhail, cinnfidh sé an aicme lena mbaineann an ionstraim airgeadais sin, gach bliain ar a laghad, ar bhonn mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh maidir leis an ionstraim airgeadais sin. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú do gach rannpháirtí sa mhargadh agus a chur in iúl do ÚEUM a fhoilseoidh an fhaisnéis ar a láithreán gréasáin.
    7.  
    D’fhonn a áirithiú go ndéanfar luacháil éifeachtúil ar scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail agus chun an seans is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a ghnóthú dá gcliaint, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar tuilleadh na socruithe chun luachan dhaingean a fhoilsiú dá dtagraítear i mír 1, an cinneadh cibé acu an léiríonn praghsanna dálaí an mhargaidh dá dtagraítear i mír 3, agus i gcás mhéid chaighdeánach an mhargaidh dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 15

    Orduithe cliant a fhorghníomhú

    1.  
    Déanfaidh inmheánaitheoirí córasacha a gcuid luachana a phoibliú ar bhonn rialta agus leanúnach agus le linn gnáthuaireanta trádála. Féadfaidh siad a luachana a nuashonrú tráth ar bith. Beidh cead acu, faoi dhálaí eisceachtúla sa mhargadh, a luachana a tharraingt siar.

    Ceanglóidh an Ballstát ar ghnólachtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar inmheánaitheoir córasach fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil. Déanfar fógra den sórt sin a tharchur chuig ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM liosta de na hinmheánaitheoirí córasacha uile san Aontas a bhunú.

    Déanfar na luachana a phoibliú sa tslí is gur féidir le rannpháirtithe eile sa mhargadh teacht orthu go héasca ar bhonn réasúnta tráchtála.

    2.  
    Agus Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE á chomhlíonadh acu, forghníomhóidh inmheánaitheoirí córasacha na horduithe a gheobhaidh siad óna gcuid cliant i ndáil le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar inmheánaitheoirí córasacha iad ina leith ag na praghsanna a luaitear an tráth a bhfaighfear an t-ordú.

    Féadfaidh siad, áfach, na horduithe sin a fhorghníomhú ar phraghas níos fearr i gcásanna a mbeidh údar leo ar choinníoll go dtagann an praghas laistigh de réimse poiblí a bheidh cóngarach do dhálaí an mhargaidh.

    3.  
    Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha orduithe a gheobhaidh siad óna gcliaint ghairmiúla a fhorghníomhú ar phraghsanna a bheidh éagsúil lena gcinn luaite gan iallach a bheith orthu na ceanglais atá bunaithe i mír 2 a chomhlíonadh, i leith idirbheart i gcás inar cuid d’idirbheart amháin forghníomhú i roinnt urrús nó i leith orduithe a bheidh faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh.
    4.  
    Inmheánaitheoir córasach nach luafaidh ach luachan amháin nó a mbeidh a luachan is airde níos ísle ná méid caighdeánach an mhargaidh, i gcás ina bhfaighidh sé ordú ó chliant ar mhéid níos mó ná méid a luachana, ach níos ísle ná méid caighdeánach an mhargaidh, féadfaidh sé a chinneadh an chuid sin den ordú a sháróidh méid a luachana a fhorghníomhú, ar choinníoll go bhforghníomhófar é ag an bpraghas a luafar, ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3. I gcás ina mbeidh luachana i méideanna difriúla á lua ag an inmheánaitheoir córasach agus ina bhfaighidh sé ordú idir na méideanna sin agus go gcinnfidh sé an t-ordú a fhorghníomhú, forghníomhóidh sé an t-ordú ag ceann de na praghsanna arna lua, i gcomhréir le forálacha Airteagal 28 de Threoir 2014/65/AE, ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi choinníollacha mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.
    5.  
    Cumhachtófar don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena soiléireofar céard is bonn réasúnta tráchtála ann chun luachana a phoibliú dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 16

    Oibleagáidí údarás inniúil

    Déanfaidh údaráis inniúla an méid seo a leanas a sheiceáil:

    (a) 

    go dtabharfaidh gnólachtaí infheistíochta praghsanna tairgthe agus tairisceana arna bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 14 suas chun dáta go rialta agus go gcoinneoidh siad praghsanna ar bun a léireoidh dálaí an mhargaidh san am;

    (b) 

    go gcomhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochta na coinníollacha maidir le praghsanna a fheabhsú a leagtar síos Airteagal 15(2).

    Airteagal 17

    Rochtain ar luachana

    1.  
    Beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha na cliaint dá dtabharfaidh siad rochtain ar a luachana a chinneadh, ar bhonn a mbeartais tráchtála agus ar shlí oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin beidh caighdeáin shoiléire ann chun rochtain ar a luachana a rialú. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha diúltú dul i gcaidreamh gnó le cliaint nó scor de chaidreamh gnó leo ar bhonn breithnithe tráchtála amhail stádas creidmheasa an chliaint, an riosca contrapháirtí agus socrú deireanach an idirbhirt.
    2.  
    D’fhonn an riosca neamhchosanta ar roinnt idirbheart ón gcliant céanna a theorannú, beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha teorainn a chur le líon na n-idirbheart ón gcliant céanna a ghabhann siad ar láimh a dhéanamh de réir na gcoinníollacha foilsithe ar shlí neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh siad, ar shlí neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2014/65/AE, líon iomlán na n-idirbheart ó chliaint éagsúla a theorannú ag an am céanna ar choinníoll nach gceadaítear é sin ach amháin i gcásanna ina sáróidh líon agus/nó méid na n-orduithe arna n-iarraidh ag cliaint an gnáthlíon nó an gnáthmhéid go mór.
    3.  

    D’fhonn luacháil éifeachtúil scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a áirithiú agus an seans is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a ghnóthú dá gcliaint, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar:

    (a) 

    na critéir lena sonrófar cathain a fhoilseofar luachan ar bhonn rialta agus leanúnach agus a bhfuil rochtain éasca uirthi dá dtagraítear in Airteagal 15(1) chomh maith leis na bealaí ina bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta a n-oibleagáid a chomhlíonadh chun a luachana a phoibliú, lena n-áireofar na féidearthachtaí seo a leanas:

    (i) 

    trí shaoráidí margaidh rialáilte ar bith a bheidh tar éis an ionstraim airgeadais i dtrácht a ligean isteach chun a trádála;

    (ii) 

    trí APA;

    (iii) 

    trí shocruithe dílsithe;

    (b) 

    na critéir lena sonrófar na hidirbhearta sin i gcás inar cuid d’idirbheart amháin forghníomhú i roinnt urrús nó na horduithe sin a bheidh faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 15(3);

    (c) 

    na critéir lena sonrófar na dálaí ar féidir a mheas gur dála eisceachtúla margaidh iad ar féidir luachana a tharraingt siar dá mbarr chomh maith leis na coinníollacha chun luachana a thabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

    (d) 

    na critéir lena sonrófar cathain is mó go mór líon agus/nó méid na n-orduithe a bheidh á iarraidh ag cliaint ná an gnáthlíon/gnáthmhéid dá dtagraítear i mír 2;

    (e) 

    na critéir lena sonrófar cathain a thiocfaidh praghsanna laistigh de réimse poiblí atá cóngarach do dhálaí an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

    ▼M2

    Airteagal 17a

    Méideanna ticeanna

    Luachana ó inmheánaitheoirí córasacha, feabhsuithe praghais ar na luachana sin agus praghsanna forghníomhúcháin, comhlíonfaidh siad na méideanna ticeanna a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir 2014/65/AE.

    Le cur i bhfeidhm na méideanna ticeanna, ní chuirfear cosc ar inmheánaitheoirí córasacha orduithe ar mórscála a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.

    ▼B

    Airteagal 18

    An oibleagáid atá ar inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh a phoibliú

    1.  

    Poibleoidh gnólachtaí infheistíochta luachana daingne i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthach a thrádálfar in ionad trádála agus ar inmheánaitheoirí córasacha iad ina leith agus a mbeidh margadh leachtach ann ina leith tráth a gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    spreagfaidh cliaint de chuid an inmheánaitheora chórasaigh iad chun luachan a sholáthar;

    (b) 

    comhaontóidh siad luachan a sholáthar.

    2.  
    I ndáil le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith, nochtfaidh inmheánaitheoirí córasacha luachana dá gcliaint arna iarraidh sin dóibh, má aontaíonn siad luachan a chur ar fáil. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh i gcás ina gcomhlíonfar na himthosca a shonraítear in Airteagal 9(1).
    3.  
    Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha a luachana a nuashonrú tráth ar bith. Féadfaidh siad a luachana a tharraingt siar faoi dhálaí eisceachtúla margaidh.
    4.  
    Ceanglóidh an Ballstát ar ghnólachtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar inmheánaitheoir córasach fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil. Déanfar faisnéis den sórt sin a tharchur chuig ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM liosta de na hionstraimí reachtúla uile san Aontas a bhunú.
    5.  
    Cuirfidh na hinmheánaitheoirí córasacha na luachana daingne a fhoilseofar i gcomhréir le mír 1 ar fáil dá gcliaint eile. Dá ainneoin sin, beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha na cliaint dá dtabharfaidh siad rochtain ar a luachana a chinneadh, ar bhonn a mbeartais tráchtála agus ar shlí oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin beidh caighdeáin shoiléire bunaithe ag inmheánaitheoirí córasacha chun rochtain ar a luachana a rialú. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha diúltú dul i gcaidreamh gnó le cliaint nó scor de chaidreamh gnó leo ar bhonn breithnithe tráchtála amhail stádas creidmheasa an chliaint, an riosca contrapháirtí agus socrú deireanach an idirbhirt.
    6.  
    Gabhfaidh inmheánaitheoirí córasacha ar láimh idirbhearta a dhéanamh faoi na coinníollacha foilsithe le cliant ar bith eile a gcuirfear an luachan ar fáil dó i gcomhréir le mír 5 i gcás ina mbeidh an mhéid luaite ar an méid atá sainiúil don ionstraim airgeadais nó faoin méid sin a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 9(5)(d).

    Ní bheidh sé d’oibleagáid ar inmheánaitheoirí córasacha luachan dhaingean a fhoilsiú de bhun mhír 1 i gcás ionstraimí airgeadais a thitfidh faoi bhun na tairsí leachtachta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 9(4).

    7.  
    Beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha srianta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bhunú ar líon na n-idirbheart a ghabhfaidh siad ar láimh a dhéanamh le cliant de bhun luachana ar bith a thabharfar.
    8.  
    Maidir leis na luachana arna bhfoilsiú de bhun mhír 1 agus mhír 5 agus iad siúd ar an méid dá dtagraítear i mír 6 nó faoi, déanfar iad a phoibliú ar shlí a mbeidh rochtain éasca ag rannpháirtithe eile sa mhargadh orthu ar bhonn réasúnta tráchtála.
    9.  
    Beidh an praghas nó na praghsanna a luaitear de chineál trína n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh an t-inmheánaitheoir córasach a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE, i gcás inarb infheidhme, agus léireoidh siad dálaí an mhargaidh san am maidir le praghsanna ar a dtabharfar idirbhearta i gcrích le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais dá samhail ar ionad trádála.

    Féadfaidh siad orduithe a fhorghníomhú ar phraghas níos fearr, áfach, i gcásanna a mbeidh údar leo, ar choinníoll go dtiocfaidh an praghas laistigh de réimse poiblí a bheidh cóngarach do dhálaí an mhargaidh.

    10.  
    Ní bheidh inmheánaitheoirí córasacha faoi réir fhorálacha an Airteagail seo nuair a dhéileálfaidh siad i méideanna a bheidh níos mó ná an méid a bheidh sonrach don ionstraim airgeadais arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9(5)(d).

    ▼M1

    11.  
    I ndáil le hordú pacáiste agus gan dochar do mhír 2, ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí san Airteagal seo ach amháin maidir leis an ordú pacáiste ina iomláine, seachas maidir le haon chomhchuid den ordú pacáiste ar leithligh.

    ▼B

    Airteagal 19

    Faireachán á dhéanamh ag ÚEUM

    1.  
    Déanfaidh údaráis inniúla agus ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm Airteagal 18 maidir leis na méideanna ar a gcuirfear luachana ar fáil do chliaint an ghnólachta infheistíochta agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh i gcomparáid le gníomhaíocht trádála eile an ghnólachta, agus a mhéid a léireoidh na luachana dálaí an mhargaidh san am i ndáil le hidirbhearta san ionstraim airgeadais chéanna nó in ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar ionad trádála. Faoin ►M1  3 Eanáir 2020 ◄ , déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18. I gcás gníomhaíochta suntasaí luachana agus trádála a bheidh díreach os cionn na tairsí dá dtagraítear in Airteagal 18(6) nó lasmuigh de dhálaí an mhargaidh san am, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin roimh an dáta sin.
    2.  
    Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 ag sonrú na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 18(6) ag a ndéanfaidh gnólacht idirbhearta le cliant ar bith eile a gcuirfear an luachan ar fáil dó. Cinnfear an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(5)(d).
    3.  
    Glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50, lena soiléireofar céard is bonn réasúnta tráchtála ann chun luachana a phoibliú dá dtagraítear in Airteagal 18(8).

    Airteagal 20

    Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

    1.  
    Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar ionad trádála, déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh chun críche iad a phoibliú. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú trí APA.
    2.  
    Beidh an fhaisnéis a phoibleofar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus leis na teorainneacha ama a bhfoilseofar í laistigh díobh de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 6, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a). I gcás ina ndéanfar foráil leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 7 do phoibliú iarchurtha le haghaidh catagóirí áirithe idirbhirt i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in ETFanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar ionad trádála, féadfar leas a bhaint as an bhféidearthacht sin sna hidirbhearta sin nuair a ghabhfar ar láimh iad lasmuigh d’ionaid trádála.
    3.  

    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

    (a) 

    aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoin Airteagal seo, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear le tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear le tosca eile;

    (b) 

    cur i bhfeidhm na hoibleagáide faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidfear na hionstraimí airgeadais sin i gcomhair comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinnfear malartú ionstraimí airgeadais le tosca seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime airgeadais.

    (c) 

    an páirtí in idirbheart nach mór dó an t-idirbheart a phoibliú i gcomhréir le mír 1 más gnólachtaí infheistíochta an dá pháirtí san idirbheart.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 21

    Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh

    1.  
    Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh a thrádálfar in ionad trádála, déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh chun críche iad a phoibliú. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú trí APA.
    2.  
    Poibleofar gach idirbheart aonair uair amháin trí APA amháin.
    3.  
    Beidh an fhaisnéis a phoibleofar i gcomhréir le mír 1 agus leis na teorainneacha ama a bhfoilseofar í laistigh díobh de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 10, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(4)(a) agus (b).
    4.  
    Beidh údaráis inniúla ábalta údarú a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta chun foráil a dhéanamh maidir le foilsiú iarchurtha, nó féadfaidh siad a iarraidh go bhfoilseofar sonraí áirithe maidir le hidirbheart nó sonraí maidir le roinnt idirbheart i bhfoirm chomhiomlán, nó teaglaim díobh, le linn na tréimhse ama don iarchur, nó féadfaidh siad a fhormheas go ndéanfar foilsiú an mhéid d’idirbhearta aonair a fhágáil ar lár le linn na tréimhse ama sínithe d’iarchur, nó i gcás ionstraimí airgeadais neamhchothromais nach fiachas ceannasach iad, féadfaidh siad a fhormheas go ndéanfar roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse éiginnte, agus féadfaidh siad na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a fhionraí ar bhonn sealadach ar bhonn na gcoinníollacha céanna mar a leagtar síos in Airteagal 11.

    I gcás ina bhforálfar, leis na bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 11, d’fhoilsiú iarchurtha agus d’fhoilsiú sonraí áirithe nó sonraí i bhfoirm chomhiomlán, nó teaglaim díobh, nó d’fhoilsiú na méide i gcomhair catagóirí áirithe idirbheart i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála, beidh feidhm ag an bhféidearthacht sin freisin maidir leis na hidirbhearta sin nuair a ghabhfar iad de láimh taobh amuigh d’ionaid trádála.

    5.  

    Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 64 de Threoir 2014/65/AE chun an méid seo a leanas a shonrú:

    (a) 

    aitheantóirí na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú i gcomhréir leis an Airteagal seo, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear le toscaa bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear le tosca eile;

    (b) 

    cur i bhfeidhm na hoibleagáide faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidfear na hionstraimí airgeadais sin i gcomhair comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinnfear malartú ionstraimí airgeadais le tosca seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime airgeadais;

    (c) 

    an páirtí in idirbheart nach mór dó an t-idirbheart a phoibliú i gcomhréir le mír 1 más gnólachtaí infheistíochta an dá pháirtí san idirbheart.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    ▼M3

    Airteagal 22

    Faisnéis a sholáthar chun críocha trédhearcachta agus ríomhanna eile

    1.  

    Chun ríomhanna a dhéanamh chun na ceanglais don trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála agus do na córais oibleagáide trádála a chinneadh, dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 11, in Airteagal 14 go hAirteagal 21 agus in Airteagal 32, atá infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais agus chun a chinneadh an inmheánaitheoir córasach é gnólacht infheistíochta, féadfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla a cheangal orthu siúd a leanas go dtabharfaidh siad faisnéis dóibh:

    (a) 

    ionaid trádála;

    (b) 

    APAnna; agus

    (c) 

    CTPanna.

    2.  
    Déanfaidh ionaid trádála, CTPanna agus APAnna na sonraí riachtanacha a stóráil ar feadh tréimhse leordhóthanach.
    3.  
    Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar ábhar agus minicíocht na n-iarrataí sonraí agus na formáidí agus na frámaí ama ina bhfreagróidh APAnna agus CTPanna d’iarrataí ar shonraí dá dtagraítear i mír 1 agus an cineál sonraí nach mór a stóráil agus an íostréimhse ama a ndéanfaidh ionaid trádála, APAnna agus CTPanna sonraí a stóráil chun go mbeidh siad ábalta freagairt d’iarrataí ar shonraí i gcomhréir le mír 2.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an rialachán seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    ▼B

    Airteagal 23

    Oibleagáid trádála do ghnólachtaí infheistíochta

    1.  

    Maidir leis an trádáil a ghabhfaidh sí de láimh i scaireanna a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádálfar ar ionad trádála, áiritheoidh gnólacht infheistíochta go ndéanfar sin ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar inmheánaitheoir córasach, nó ar ionad trádála tríú tír arna mheasúnú mar choibhéis i gcomhréir le hAirteagal 25(4)(a) de Threoir 2014/65/AE, mar is iomchuí, mura n-áireofar ar a saintréithe:

    (a) 

    go mbeidh siad neamhchórasach, ad hoc, neamhrialta agus annamh; nó

    (b) 

    go ndéanfar iad idir contrapháirtithe incháilithe agus/nó gairmiúla, agus nach gcuirfidh siad leis an bpróiseas praghas-aimsithe.

    2.  
    Maidir le gnólacht infheistíochta a fheidhmeoidh mar chóras meaitseála inmheánach a fhorghníomhóidh orduithe cliant i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i ETFanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar bhonn iltaobhach, ní mór di a áirithiú go mbeidh sí údaraithe mar MTF faoi Threoir 2014/65/AE agus go gcomhlíonfaidh sí na forálacha uile a bhaineann leis na húdaruithe sin.
    3.  

    Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun saintréithe sonracha na n-idirbheart sin a shonrú i scaireanna nach gcuirfidh leis an bpróiseas praghas-aimsithe dá dtagraítear i mír 1, agus cásanna a chur san áireamh amhail:

    (a) 

    trádáil leachtachta nach féidir aghaidh a thabhairt uirthi; nó

    (b) 

    i gcás ina gcinnfear malartú na n-ionstraimí airgeadais sin le tosca seachas luacháil reatha na hionstraime airgeadais ar an margadh.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    ▼M6

    Airteagal 23a

    Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

    Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(6), Airteagal 15(1), an dara fomhír, Airteagail 18(4) agus 27(1), Airteagal 34, Airteagail 40(5) agus 42(5), 44(2), 45(6) agus Airteagal 48 den Rialachán seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ). Is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

    Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

    (a) 

    déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

    (b) 

    beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

    (i) 

    ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann an fhaisnéis;

    (ii) 

    i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

    (iii) 

    an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

    (iv) 

    léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

    ▼B

    TEIDEAL IV

    TUAIRISCIÚ IDIRBHEART

    Airteagal 24

    Oibleagáid chun sláine na margaí a chosaint

    Gan dochar do leithdháileadh freagrachtaí chun forálacha Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014, a fhorfheidhmiú, déanfaidh údaráis inniúla arna gcomhordú ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faireachán ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn.

    Airteagal 25

    Oibleagáid chun taifid a choimeád

    1.  
    Coimeádfaidh gnólachtaí infheistíochta faoi réir an údaráis inniúil, ar feadh cúig bliana, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú agus le gach idirbheart in ionstraimí airgeadais a bheidh curtha i gcrích acu, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son cliaint. I gcás idirbheart a chuirfear i gcrích ar son cliant, beidh sna taifid an fhaisnéis agus na mionsonraí uile a bhaineann le céannacht an chliaint, agus an fhaisnéis is gá faoi Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ). Féadfaidh ÚEUM rochtain ar an bhfaisnéis sin a iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
    2.  
    Coimeádfaidh oibreoir ionaid trádála faoina réir ag an údarás inniúil, ar feadh cúig bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú in ionstraimí airgeadais a fhógrófar trína gcórais. Beidh sna taifid, na sonraí ábhartha is ionann agus saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear na saintréithe sin a nascfaidh ordú leis an idirbheart/na hidirbhearta forghníomhaithe a eascraíonn ón ordú sin agus a dhéanfar sonraí an ordaithe ina leith a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus (3). Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordaithe i ndáil le rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar fhaisnéis faoin mír seo.
    3.  
    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí na sonraí ordaithe ábhartha is gá a chothabháil faoi mhír 2 den Airteagal seo agus nach dtagraítear dóibh in Airteagal 26.

    Áireofar ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin cód aitheantais an chomhalta nó an rannpháirtí a rinne an t-ordú a tharchur, cód aitheantais an ordaithe, an dáta agus an t-am a rinneadh an t-ordú a tharchur, saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear cineál an ordaithe, an srianphraghas más infheidhme, an tréimhse bailíochta, aon treoracha sonracha maidir le hordú, mionsonraí i ndáil le haon mhodhnú, aon chealú, nó forghníomhú páirteach nó iomlán an ordaithe, na gníomhaireachta nó na bunacmhainne.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 26

    Oibleagáid chun idirbhearta a thuairisciú

    1.  
    Déanfaidh gnólachtaí airgeadais a fhorghníomhóidh idirbhearta in ionstraimí airgeadais mionsonraí iomlána agus cruinne na n-idirbheart sin a thuairisciú don údarás inniúil chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre dár gcionn.

    Bunóidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 85 de Threoir 2014/65/AE na socruithe iomchuí d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta na n-ionstraimí sin an fhaisnéis sin freisin.

    ▼M3

    Déanfaidh na húdaráis inniúla aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil gan mhoill mhíchuí do ÚEUM.

    ▼B

    2.  

    Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a) 

    ionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála nó a thrádálfar ar ionad trádála nó ar ina leith a bheidh iarraidh ar ligean isteach chun trádála déanta;

    (b) 

    ionstraimí airgeadais inarb é an bun ionstraim airgeadais a thrádálfar ar ionad trádála; agus

    (c) 

    ionstraimí airgeadais inarb é an bun innéacs nó bascaed atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádálfar ar ionad trádála.

    Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) beag beann ar cibé acu a dhéanfar na hidirbhearta sin ar an ionad trádála nó nach ndéanfar.

    3.  
    Beidh ar áireamh sna tuarascálacha, go háirithe, mionsonraí ainmneacha agus líon na n-ionstraimí airgeadais a ceannaíodh nó a díoladh, an chainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, praghsanna na n-idirbheart, ainmniú chun na cliaint a shainaithint a d’fhorghníomhaigh an gnólacht infheistíochta an t-idirbheart sin ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an tarscaoileadh is infheidhme faoina ndearnadh an trádáil a shainaithint, agus modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, agus ainmniú chun díol folamh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 a shainaithint i leith aon scaireanna agus i leith aon fhiachais cheannasaigh a thagann faoi raon feidhme Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 17 den Rialachán sin. I gcás idirbheart nach gcuirfear i gcrích ar ionad trádála, beidh ar áireamh sna tuairiscí freisin ainmniú lena sainaithnítear na cineálacha idirbheart i gcomhréir leis na bearta a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 20(3)(a) agus Airteagal 21(5)(a). I gcás díorthach tráchtearraí, cuirfear in iúl sna tuarascálacha an laghdóidh an t-idirbheart riosca ar shlí intomhaiste go hoibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE.
    4.  
    Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta a tharchuireann orduithe san áireamh i dtarchur an ordaithe sin na mionsonraí uile a shonraítear i mír 1 agus i mír 3. Seachas na sonraí luaite a áireamh agus orduithe á dtarchur, féadfaidh gnólacht infheistíochta an t-ordú tarchurtha a thuairisciú, má fhorghníomhaítear é, mar idirbheart i gcomhréir leis na ceanglais faoi mhír 1. Sa chás sin, luafar sa tuairisciú idirbheart ón ngnólacht infheistíochta go mbainfidh sé le hordú tarchurtha.
    5.  
    Tuairisceoidh oibreoir ionaid trádála mionsonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádálfar ar a ardán a fhorghníomhóidh gnólacht trí bhíthin a chóras ar gnólacht é nach mbeidh faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3.
    6.  
    Le linn tuairisciú ar an ainmniú chun na custaiméirí a shainaithint mar a éilítear faoi mhír 3 agus mhír 4, úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta eintiteas dlíthiúil arna bhunú chun cliaint a shainaithint is daoine dlítheanacha.

    Forbróidh ÚEUM faoin 3 Eanáir 2016 treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh cur i bhfeidhm aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh laistigh den Aontas caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.

    7.  
    Is é an gnólacht infheistíochta, ARM ag feidhmiú ar a shon féin, nó an t-ionad trádála ar cuireadh an t-idirbheart i gcrích trí bhíthin a chórais a thabharfaidh na tuairiscí don údarás inniúil, i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9.

    Beidh freagracht ar ghnólachtaí infheistíochta as iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na dtuarascálacha a chuirfear faoi bhráid an údaráis inniúil.

    De mhaolú ar an bhfreagracht sin, i gcás ina dtuairisceoidh gnólacht infheistíochta mionsonraí na n-idirbheart sin trí ARM a bheidh ag gníomhú ar a shon nó thar ceann ionaid trádála, ní bheidh an gnólacht infheistíochta freagrach as teipeanna in iomláine, i gcruinneas nó i gcur isteach tráthúil na dtuarascálacha is inchurtha i leith an ARM nó an ionaid trádála. Sna cásanna sin agus faoi réir Airteagal 66(4) de Threoir 2014/65/AE beidh an ARM nó an t-ionad trádála freagrach as na teipeanna sin.

    Ní mór do ghnólachtaí infheistíochta bearta réasúnacha a dhéanamh, áfach, chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na dtuarascálacha idirbhirt a fhíorú a cuireadh isteach ar a son.

    Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála, agus tuairiscí á dtabhairt aige ar son an ghnólachta infheistíochta, go mbeadh sásraí fónta slándála i bhfeidhm aige chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus le fíordheimhniú aistriú faisnéise, an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a chothabháil i gcónaí. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála acmhainní leordhóthanacha a chothabháil agus saoráidí cúltaca a bheith aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí.

    Córais tuairiscithe nó córais chomhoiriúnaithe trádála, lena n-áirítear stórtha trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a fhaomhadh mar ARM chun tuarascálacha idirbheart a tharchur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, mír 3 agus mír 9.

    I gcás inar tuairiscíodh idirbhearta do stór trádála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheidh formheasta mar ARM agus ina mbeidh sna tuarascálacha sin na mionsonraí a cheanglaítear a sholáthar faoi mhír 1, mhír 3 agus mhír 9 agus ina ndéanfaidh an stór trádála iad a tharchur chuig an údarás inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 1, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta a leagtar síos i mír 1.

    I gcás ina mbeidh earráidí nó easnaimh sna tuarascálacha idirbheart, ceartóidh an ARM, an gnólacht infheistíochta nó an t-ionad trádála an fhaisnéis agus cuirfidh sé tuarascáil cheartaithe faoi bhráid an údaráis inniúil.

    8.  
    I gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Threoir 2014/65/AE nuair a dhéanfar tuairiscí dá bhforáiltear faoin Airteagal sin a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, cuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla Bhallstát Baile an ghnólachta infheistíochta, mura gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit Bhaile nach mian leo an fhaisnéis sin a fháil.
    9.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a) 

    caighdeáin agus formáidí sonraí chun an fhaisnéis a thuairisciú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun idirbhearta airgeadais a thuairisciú agus foirm agus ábhar na dtuairiscí sin;

    (b) 

    na critéir chun margadh ábhartha a shainiú i gcomhréir le mír 1;

    (c) 

    tagairtí na n-ionstraimí airgeadais a cheannófar nó a dhíolfar, cainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, praghsanna na n-idirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na cliaint a shainaithint a mbeidh an gnólacht infheistíochta tar éis an t-idirbheart sin a fhorghníomhú ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bheidh freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an tarsaoileadh is infheidme faoina mbeidh an trádáil déanta a shainaithint, an modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi inar forghníomhaíodh an t-idirbheart, na réimsí sonraí a bheidh riachtanach chun na tuairiscí idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3; agus

    (d) 

    an t-ainmniú chun díolta folamha ar scaireanna agus fiachas ceannasach dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint;

    (e) 

    catagóirí ábhartha na n-ionstraimí airgeadais a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le mír 2;

    (f) 

    na coinníollacha ar a ndéanfaidh na Ballstáit aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh a fhorbairt, a shannadh agus a chothabháil, i gcomhréir le mír 6, agus na coinníollacha faoina n-úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh sin chun foráil a dhéanamh, de bhun mhír 3, mhír 4 agus mhír 5, maidir leis an ainmniú chun na cliaint a shainaithint sna tuarascálacha idirbheart a cheanglaítear orthu a bhunú de bhun mhír 1;

    (g) 

    oibleagáidí chun tuairisciú idirbheart a chur i bhfeidhm ar bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta;

    (h) 

    cad is idirbheart agus forghníomhú idirbhirt ann chun críche an Airteagail seo;

    (i) 

    nuair a mheasfar go mbeidh ordú tarchurtha ag gnólacht infheistíochta chun críocha mhír 4.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    10.  
    Faoin ►M1  3 Eanáir 2020 ◄ , déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú an Airteagal seo, lena n-áirítear a idirghníomhú leis na hoibleagáidí tuairiscithe gaolmhara faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus i dtaobh an gcumasófar le hinneachar agus le formáid na dtuairiscí idirbheart a gheofar agus a mhalartófar idir na húdaráis inniúla ar shlí chuimsitheach faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun aon athruithe a mholadh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a tharchur chuig córas aonair amháin arna cheapadh ag ÚEUM seachas chuig údaráis inniúla. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ÚEUM ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    ▼M3

    Airteagal 27

    Oibleagáid chun sonraí tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar

    1.  
    Maidir le hionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte nó a thrádálfar ar MTFanna nó ar OTFanna, déanfaidh ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta a chur ar fáil do ÚEUM chun críche idirbheart a thuairisciú faoi Airteagal 26.

    Maidir leis na hionstraimí airgeadais eile a chumhdaítear le hAirteagal 26(2) a thrádálfar ar a chóras déanfaidh gach inmheánaitheoir córasach sonraí tagartha sainaitheantais a chur ar fáil do ÚEUM a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais sin.

    Ullmhófar sonraí tagartha aitheantais lena gcur faoi bhráid ÚEUM i bhformáid leictreonach agus chaighdeánaithe sula dtosóidh an trádáil san ionstraim airgeadais dá dtagraíonn na sonraí sin. Tabharfar sonraí tagartha na hionstraime airgeadais cothrom le dáta uair ar bith a thiocfaidh athrú ar na sonraí i leith ionstraim airgeadais. Foilseoidh ÚEUM na sonraí tagartha sin láithreach ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh ÚEUM rochtain gan mhoill mhíchuí do na húdaráis inniúla ar na sonraí tagartha sin.

    2.  

    Chun a chumasú d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh, de bhun Airteagal 26, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla na socruithe is gá a bhunú chun an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a) 

    go bhfaigheann ÚEUM go héifeachtach na sonraí tagartha ionstraime airgeadais de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

    (b) 

    gurb iomchuí caighdeán na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo chun idirbheart faoi Airteagal 26 a thuairisciú;

    (c) 

    go dtarchuirfear na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo go héifeachtúil agus gan mhoill míchuí chuig na húdaráis inniúla ábhartha.

    (d) 

    go mbeidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla chun saincheisteanna maidir le seachadadh sonraí agus cáilíocht sonraí a réiteach.

    3.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a) 

    caighdeáin sonraí agus formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú a ghabhann leo a sholáthar do ÚEUM agus iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, agus foirm agus inneachar sonraí den sórt sin;

    (b) 

    bearta teicniúla is gá i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag ÚEUM agus na húdaráis inniúla de bhun mhír 2.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.  

    Féadfaidh ÚEUM na hoibleagáidí tuairiscithe a shonraítear i mír 1 a chur ar fionraí i gcás ionstraimí airgeadais áirithe nó i gcás na n-ionstraimí airgeadais go léir ach na tosca uile seo a leanas a bheith ann:

    (a) 

    tá an fhionraí riachtanach chun sláine agus cáilíocht na sonraí tagartha a chaomhnú faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe mar a shonraítear i mír 1, rud a d’fhéadfadh a bheith i mbaol de dheasca aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (i) 

    neamhiomláine thromchúiseach, míchruinneas nó truailliú na sonraí arna gcur isteach, nó

    (ii) 

    i gcás nach mbeidh rochtain thráthúil ar na córais lena ndéanann ÚEUM, údaráis inniúla náisiúnta, bonneagair mhargaidh, córais imréitigh agus socraíochta, agus rannpháirtithe tábhachtacha margaidh na sonraí tagartha lena mbaineann a chur isteach, a bhailiú, a phróiseáil nó a stóráil, nó i gcás ina mbeidh cur isteach nó damáiste déanta ar fheidhmiú na gcóras sin;

    (b) 

    nach rachaidh na ceanglais rialála atá infheidhme i ngleic leis an mbaol;

    (c) 

    nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an bhfionraí ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;

    (d) 

    nach gcruthóidh an fhionraí arbatráiste rialála.

    Agus an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh a mhéid a áirithíonn an beart cruinneas agus iomláine na sonraí arna dtuairisciú chun na gcríoch atá sonraithe i mír 2.

    Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shonrú ghlacadh agus na himthosca ina scoirfidh an fhionraí dá dtagraítear san fhomhír sin d’fheidhm a bheith aige.

    ▼M3

    TEIDEAL IVa

    SEIRBHÍSÍ TUAIRISCITHE SONRAÍ

    CAIBIDIL 1

    Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú

    Airteagal 27a

    Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn údarás inniúil náisiúnta údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.

    Airteagal 27b

    Ceanglas maidir le húdarú

    1.  
    Beidh feidhmiú APA, CTP nó ARM mar ghairm bheatha nó gnó rialta faoi réir údarú roimh ré ó ÚEUM i gcomhréir leis an Teideal seo.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, beidh APA nó ARM sainaitheanta i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) faoi réir ag réamhúdarú agus mhaoirseacht an údaráis inniúil náisiúnta ábhartha i gcomhréir leis an Teideal seo.

    2.  
    Féadfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála seirbhísí APA, CTP nó ARM a sholáthar freisin ach fíorú a fháil ón ÚEUM nó ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha roimh ré go bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh sin ag comhlíonadh an Teidil seo. Cuirfear soláthar na seirbhísí sin san áireamh san údarú a ghabhann leo.
    3.  
    Bunóidh ÚEUM liosta de na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí go léir san Aontas. Beidh an clár ar fáil go poiblí agus beidh faisnéis ann maidir leis na seirbhísí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe ina leith agus tabharfar cothrom le dáta é go rialta.

    I gcás ina bhfuil údarú tarraingthe siar ag ÚEUM nó ag údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 27e, foilseofar an tarraingt siar sin sa chlár go ceann tréimhse cúig bliana.

    4.  
    Cuirfidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a gcuid seirbhísí ar fáil faoi mhaoirseacht ÚEUM nó an údaráis inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha. Déanfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú rialta ar chomhlíontacht na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo. Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, faireachán chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhlíontacht i gcónaí leis na coinníollacha don chéad údarú arna mbunú faoin Teideal seo.

    Airteagal 27c

    Soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú

    1.  

    Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú chun críoch an Teidil seo i gcás:

    (a) 

    inar duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí; agus

    (b) 

    ina gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí na ceanglais a leagtar síos sa Teideal seo.

    2.  
    Sonrófar san údarú dá dtagraítear i mír 1 an tseirbhís tuairiscithe sonraí a bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí údaraithe lena cur ar fáil. I gcás ina bhféachann soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena ghnó a shíneadh chuig seirbhísí tuairiscithe sonraí breise, cuirfidh sé iarratas ar shíneadh an údaraithe sin faoi bhráid ÚEUM, nó an údaráis inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha.
    3.  
    Déanfaidh soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí na coinníollacha a chomhlíonadh i gcónaí maidir leis an údarú dá dtagraítear sa Teideal seo. Tabharfaidh soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí údaraithe fógra do ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, nó don údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha le haghaidh údaraithe.
    4.  
    Beidh éifeacht leis an údarú dá dtagraítear i mír 1 agus beidh sé bailí i gcríocha an Aontais ina n-iomláine, agus ceadóidh sé don soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí na seirbhísí a bhfuil údarú faighte aige ina leith a chur ar fáil ar fud an Aontais.

    Airteagal 27d

    Nós imeachta chun iarratais ar údarú a dheonú agus a dhiúltú

    1.  
    An soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí atá ina iarratasóir, cuirfidh sé iarratasisteach ina mbeidh an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go mbeidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, in ann a dhearbhú go bhfuil na socruithe go léir atá riachtanach déanta ag an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, tráth an údaraithe tosaigh, chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi fhorálacha an Teidil seo, lena n-áirítear clár oibríochtaí ina leagtar amach, inter alia, na cineálacha seirbhísí atá beartaithe agus an struchtúr eagraíochtúil.
    2.  
    Laistigh de 20 lá oibre tar éis dó an t-iarratas ar údarú a fháil, féachfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, an bhfuil an t-iarratas iomlán.

    Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, leagfaidh ÚEUM ,nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, spriocdháta síos faoina mbeidh ar an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faisnéis bhreise a sholáthar.

    Tar éis do ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí.

    3.  
    Déanfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, faoi cheann sé mhí ón uair a fhaightear iarratas iomlán, meastóireacht ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí leis an Teideal seo. Déanfaidh sé cinneadh lán-réasúnaithe údarú a dheonú nó a dhiúltú a ghlacadh, agus an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí is iarratasóir a chur ar an eolas dá réir sin laistigh de chúig lá oibre.
    4.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena gcinnfear:

    (a) 

    an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil dó faoi mhír 1, lena n-áirítear an clár oibríochtaí;

    (b) 

    an fhaisnéis a áirítear sna fógraí faoi Airteagal 27f(2).

    Déantar de chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    5.  
    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta i leith fógra a thabhairt nó an fhaisnéis a thabhairt dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 27f(2).

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 27e

    Údarú a tharraingt siar

    1.  

    Féadfaidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, údarú soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí a tharraingt siar i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí mar seo a leanas:

    (a) 

    gan an t-údarú a úsáid laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an t-údarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;

    (b) 

    an t-údarú a fháil trí ráitis bhréige nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

    (c) 

    gan na coinníollacha faoinar cláraíodh é a bheith á gcomhlíonadh a thuilleadh;

    (d) 

    an Rialacháin seo a shárú go tromchúiseach agus go córasach.

    2.  
    Gan aon mhoill mhíchuí, déanfaidh ÚEUM, i gcás inarb ábhartha, an t-údarás inniúil náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí bunaithe a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe chun sonraí a tharraingt siar.

    Airteagal 27f

    Ceanglais maidir le comhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí

    1.  
    Beidh dea-cháil leordhóthanach ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcónaí, beidh eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach i gcónaí aige, agus caithfidh sé, i gcónaí, a dhóthain ama i mbun fheidhmiú a dhualgais.

    Beidh a dhóthain eolais, scileanna agus taithí leordhóthanach ag an gcomhlacht bainistíochta chun gníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí a thuiscint. Gníomhóidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta go macánta, go hiontaofa agus go neamhspleách ó thaobh smaointe de chun cinntí lucht bainistíochta sinsearaí a cheistiú go héifeachtach más gá, agus chun maoirseacht agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta.

    I gcás ina n-iarrann oibreoir margaidh údarú chun APA, CTP nó ARM a fheidhmiú de bhun Airteagal 27d agus gur comhaltaí de bhord bainistíochta an mhargaidh rialáilte comhaltaí bhord bainistíochta an APA, an CTP nó an ARM sin, measfar na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír a bheith á chomhlíonadh ag na daoine sin.

    2.  
    Cuirfidh soláthraí seirbhíse tuairiscithe sonraí ÚEUM, nó an t-údarás inniúil i gcás inarb ábhartha, ar an eolas faoi ainmneacha gach comhalta dá bhord bainistíochta agus faoi aon athrú a thiocfaidh ar chomhaltas an bhoird, mar aon leis an bhfaisnéis go léir is gá chun a mheas an bhfuil an t-eintiteas i gcomhréir le mír 1.
    3.  
    Déanfaidh bord bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí cur chun feidhme na socruithe rialachais a shainmhíniú agus a mhaoirsiú lena n-áirithítear go ndéanfar eagraíocht a bhainistiú go héifeachtach stuama lena n-áirítear cúraimí a leithscaradh san eagraíocht, agus coinbhleachtaí leasa a chosc, agus é sin ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh agus leas a chuid cliant chun cinn.
    4.  
    Diúltóidh ÚEUM, nó an t-údarás inniúil náisiúnta i gcás inarb ábhartha, údarú mura deimhin leis go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí le fírinne, nó má bhíonn foras soiléir inléirithe lena chreidiúint go gcuirfeadh na hathruithe arna moladh ar chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, go gcuirfeadh na hathruithe sin bainistíocht fhónta stuama an ghnó agus aird leormhaith ar leas na gcliant agus sláine an mhargaidh i mbaol.
    5.  
    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoin 1 Eanáir 2021 le haghaidh measúnú ar oiriúnacht na gcomhaltaí den chomhlacht bainistíochta a bhfuil tuairisc uirthi i mír 1, agus ag cur san áireamh na ról agus na bhfeidhmeanna éagsúla a dhéanann siad agus an gá atá le coinbhleachtaí leasa idir comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus úsáideoirí APA, CTP nó ARM a sheachaint.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    CAIBIDIL 2

    Coinníollacha maidir le APAnna, CTPanna agus ARManna

    Airteagal 27g

    Ceanglais eagraíochtúla maidir le APAnna

    1.  
    Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha ag APA chun an fhaisnéis a éilítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 a phoibliú chomh comhthráthach agus is féidir go teicniúil leis an bhfíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh APA in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí ina n-áiritheofar go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáid lena n-éascaítear comhdhlúthú na faisnéise le sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile.
    2.  

    Beidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis a phoibleoidh APA i gcomhréir le mír 1:

    (a) 

    aitheantóir na hionstraime airgeadais;

    (b) 

    an praghas lenar tugadh an t-idirbheart i gcrích;

    (c) 

    méid an idirbhirt;

    (d) 

    am an idirbhirt;

    (e) 

    an t-am a tuairiscíodh an t-idirbheart;

    (f) 

    anótáil praghais an idirbhirt;

    (g) 

    an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t-idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

    (h) 

    más infheidhme, comhartha go raibh an t-idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.

    3.  
    Déanfaidh APA socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chuid cliant a chosc. Maidir le APA go háirithe ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach a dhéanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil, agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú ó chéile.
    4.  
    Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag APA chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise roimh a foilsithe a chosc. Déanfaidh an APA acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.
    5.  
    Beidh córais i bhfeidhm ag APA lenar féidir tuarascálacha trádála a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire a shainaithint, agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.
    6.  
    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun formáidí coiteanna, caighdeáin sonraí agus socruithe teicniúla maidir le comhdhlúthú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    7.  
    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanmah ar cad is bonn réasúnta tráchtála ann chun faisnéis a phoibliú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
    8.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a) 

    na modhanna ina bhféadfaidh APA an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh;

    (b) 

    inneachar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoin Airteagal seo;

    (c) 

    na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 3, mír 4 agus mír 5.

    Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 27h

    Ceanglais eagraíochtúla maidir le CTPanna

    1.  
    Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag CTP chun an fhaisnéis a poiblíodh a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 20, chun an fhaisnéis sin a chomhdhlúthú i sruth sonraí leictreonach leanúnach, agus chun an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal chomh comhthráthach agus is féidir go teicniúil leis an bhfíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála.

    Beidh na mionsonraí seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhaisnéis sin:

    (a) 

    aitheantóir na hionstraime airgeadais;

    (b) 

    an praghas lenar tugadh an t-idirbheart i gcrích;

    (c) 

    méid an idirbhirt;

    (d) 

    am an idirbhirt;

    (e) 

    an t-am a tuairiscíodh an t-idirbheart;

    (f) 

    anótáil praghais an idirbhirt;

    (g) 

    an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t-idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

    (h) 

    i gcás inarb infheidhme, algartam ríomhairí laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt;

    (i) 

    más infheidhme, comhartha go raibh an t-idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha;

    (j) 

    má tarscaoileadh an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a phoibliú i gcomhréir le pointe (a) nó pointe (b) d’Airteagal 4(1), bratach a bheith ann lena dtaispeántar cé acu de na tarscaoiltí sin a raibh an t-idirbheart faoi réir acu.

    Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh CTP in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí a áiritheoidh go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh.

    2.  

    Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm ag CTP chun an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don phobal a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 21, chun an fhaisnéis a chomhdhlúthú i sruth sonraí leictreonach leanúnach, agus chun faisnéis a chur ar fáil don phobal chomh comhthráthach agus is féidir go teicniúil leis an bhfíor-am, ar bhonn réasúnta tráchtála, lena n-áirítear, ar a laghad, na mionsonraí seo a leanas:

    (a) 

    aitheantóir nó gnéithe aitheanta na hionstraime airgeadais;

    (b) 

    an praghas lenar tugadh an t-idirbheart i gcrích;

    (c) 

    méid an idirbhirt;

    (d) 

    am an idirbhirt;

    (e) 

    an t-am a tuairiscíodh an t-idirbheart;

    (f) 

    anótáil praghais an idirbhirt;

    (g) 

    an cód atá leis an ionad trádála ina ndearnadh an t-idirbheart, nó má rinneadh é trí inmheánaitheoir córasach, cód an inmheánaitheora chórasaigh nó an cód ‘thar an gcuntar’;

    (h) 

    más infheidhme, comhartha go raibh an t-idirbheart faoi réir coinníollacha sonracha.

    Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis don CTP í a fhoilsiú. Beidh CTP in ann an fhaisnéis sin a scaipeadh go héifeachtúil agus go comhsheasmhach ar shlí a áiritheoidh go mbeidh rochtain thapa ar an bhfaisnéis, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, agus i bhformáidí a bhfuil glacadh go forleathan leo agus atá idir-inoibritheach agus sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh.

    3.  
    Áiritheoidh CTP go ndéanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a chomhdhlúthú ó na margaí rialáilte go léir, ó shaoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna), saoráidí trádála eagraithe (OTFanna) agus réamh-chomhaontuithe praghsála (APAnna) agus do na hionstraimí airgeadais a shonraítear le caighdeáin theicniúla rialála faoi phointe (c) de mhír 8.
    4.  
    Déanfaidh CTP socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa a chosc. Go háirithe, maidir le hoibreoir margaidh, nó APA, a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.
    5.  
    Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag CTP chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil na modhanna aistrithe faisnéise agus chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a laghdú chomh mór agus is féidir. Déanfaidh CTP acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i rith an ama.
    6.  
    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun caighdeáin agus formáidí sonraí a chinneadh maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú i gcomhréir le hAirteagail 6, 10, 20 agus 21, lena n-áirítear aitheantóir na hionstraime airgeadais, praghas, cainníocht, am, anótáil praghais, aitheantóir ionaid agus táscairí do choinníollacha ar leith a raibh na hidirbhearta faoina réir agus socruithe teicniúla lena gcuirtear scaipeadh faisnéise atá éifeachtúil comhsheasmhach chun cinn ar shlí a áiritheoidh go mbeidh sí sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear seirbhísí breise a shainaithint a d’fhéadfadh CTP a fheidhmiú agus a chuirfeadh le héifeachtúlacht an mhargaidh.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    7.  
    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shoiléiriú a dhéanamh ar cad is bonn réasúnta tráchtála ann chun rochtain a thabhairt ar shruthanna sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.
    8.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a) 

    na modhanna ina bhféadfaidh CTP an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chomhlíonadh;

    (b) 

    ábhar na faisnéise a fhoilsítear faoi mhír 1 agus mír 2;

    (c) 

    na hionstraimí airgeadais, nach mór a sonraí a sholáthar don sruth sonraí agus, i gcás ionstraimí neamhchothromais, na hionaid trádála agus APAnna is gá a chur san áireamh;

    (d) 

    modhanna eile chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a fhoilseoidh CTPanna éagsúla comhsheasmhach, agus gur féidir mapáil chuimsitheach agus crostagairtí a dhéanamh i gcoinne sonraí comhchosúla ó fhoinsí eile, agus gur féidir iad a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais;

    (e) 

    na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 4 agus mír 5.

    Déantar de chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 27i

    Ceanglais eagraíochtúla maidir le ARManna

    1.  
    Beidh beartais agus socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag sásra tuairiscithe formheasta (ARM) chun an fhaisnéis a thuairisciú a cheanglaítear faoi Airteagal 26 chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre tar éis an lae a rinneadh an t-idirbheart.
    2.  
    Déanfaidh ARM socruithe riaracháin éifeachtacha a fheidhmiú agus a choimeád arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa idir é agus a chliaint a chosc. Go háirithe, maidir le ARM ar oibreoir margaidh nó gnólacht infheistíochta é freisin, déanfaidh sé gach faisnéis a bhaileofar a láimhseáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh sé socruithe iomchuí a fheidhmiú agus a choimeád chun feidhmeanna éagsúla gnó a idirdhealú.
    3.  
    Beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag ARM chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus fíordheimhniú na modhanna aistrithe faisnéise, chun an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise a chosc agus rúndacht na sonraí a choimeád i gcónaí. Déanfaidh ARM acmhainní leordhóthanacha a choimeád agus beidh saoráidí cúltaca aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a choimeád i gcónaí.
    4.  
    Beidh córais i bhfeidhm ag ARM lenar féidir tuarascálacha idirbheart a sheiceáil go héifeachtach maidir le hiomláine, easnaimh agus earráidí soiléire arna ndéanamh ag an ngnólacht infheistíochta a shainaithint, agus i gcás ina mbeidh earráid nó easnamh den sórt sin ann, sonraí faoin earráid nó easnamh a chur in iúl don ghnólacht infheistíochta agus atarchur tuarascálacha easnamhacha a iarraidh.

    Beidh córais i bhfeidhm ag ARM chun gur féidir le ARM earráidí nó easnaimh arna ndéanamh ag ARM féin a bhrath agus gur féidir le ARM tuarascálacha idirbheart a cheartú agus a tharchur, nó tuarascálacha idirbheart atá cruinn agus iomlán a atarchur, de réir mar a bheidh, chuig an údarás inniúil.

    5.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

    (a) 

    na modhanna ina bhféadfaidh ARM an oibleagáid maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh; agus

    (b) 

    na ceanglais eagraíochtúla nithiúla a leagtar síos i mír 2, mír 3 agus mír 4.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    ▼B

    TEIDEAL V

    DÍORTHAIGH

    Airteagal 28

    Oibleagáid chun trádáil ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna

    1.  

    Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais arna sainmhíniú in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 agus contrapháirtithe neamhairgeadais a chomhlíonfaidh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) de sin idirbhearta nach idirbhearta laistigh de ghrúpa iad a thabhairt i gcrích arna sainmhíniú in Airteagal 3 ná idirbhearta a chlúdófar le forálacha idirthréimhseacha in Airteagal 89 den Rialachán sin le cibé contrapháirtithe eile airgeadais arna sainmhíniú in Airteagal 89(6) nó le cibé contrapháirtithe eile neamhairgeadais a chomhlíonfaidh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 i ndíorthaigh a bhainfidh le haicme díorthach a bheidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32 agus a liostaítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 34 orthu seo amháin:

    (a) 

    margaí rialáilte;

    (b) 

    MTFanna;

    (c) 

    OTFanna; nó

    (d) 

    ionaid trádála tríú tír, ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 agus ar choinníoll go bhforálfaidh an tríú tír córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt d’ionaid trádála a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE chun díorthaigh a ligean isteach chun a dtrádála nó a thrádáil a bheidh dearbhaithe faoi réir oibleagáide trádála sa tríú tír sin ar bhonn neamheisiach.

    2.  
    Beidh feidhm ag an oibleagáid trádála freisin maidir le contrapháirtithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanann idirbhearta díorthach a bhaineann le haicme díorthach a bheidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála le hinstitiúidí airgeadais tríú tír nó le heintitis eile tríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas. Beidh feidhm ag an oibleagáid trádála freisin maidir le heintitis tríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar eintitis iad a dhéanann idirbhearta díorthach a bhaineann le haicme díorthach a bheidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála, ar choinníoll go mbeidh iarmhairt dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag an gconradh laistigh den Aontas nó i gcás ina mbeidh an oibleagáid sin riachtanach nó inarb iomchuí í, ionas nach ndéanfar foráil ar bith den Rialachán seo a imghabháil.

    Déanfaidh ÚEUM faireachán rialta ar an ngníomhaíocht i ndíorthaigh nach mbeidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála arna tuairisciú i mír 1 chun cásanna sonracha a shainaithint ina bhféadfaidh aicme conarthaí a bheith ina riosca sistéamach agus chun arbatráiste rialála a chosc idir idirbhearta díorthach a bheidh faoi réir na hoibleagáide trádála agus idirbhearta díorthach nach mbeidh faoi réir na hoibleagáide trádála.

    3.  
    Beidh díorthaigh arna ndearbhú faoi réir na hoibleagáide trádála de bhun mhír 1 incháilithe lena ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó chun trádáil ar ionad trádála ar bith dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn neamheisiach agus neamh-idirdhealaitheach.
    4.  
    Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2), cinntí a ghlacadh lena gcinnfear go n-áiritheoidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go mbeidh ionad trádála a bheidh údaraithe sa tríú tír sin ag comhlíonadh na gceanglas atá ceangailteach de réir an dlí, i gcás ina mbeidh na ceanglais sin comhionann leis na ceanglais ar na hionaid trádála dá dtagraítear i mír 1(a), (b) nó (c) den Airteagal seo, a thig ón Rialachán seo, ó Threoir 2014/65/AE, agus ó Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, agus atá faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe sa tríú tír sin.

    Is chun incháilitheacht a chinneadh mar ionad trádála do dhíorthaigh faoi réir na hoibleagáide trádála a bheidh na cinntí sin, agus chuige sin amháin.

    Meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    tá na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;

    (b) 

    beidh rialacha soiléire agus trédhearcacha ag ionaid trádála maidir le hionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála sa chaoi is gur féidir na hionstraimí airgeadais sin a thrádáil ar shlí atá cóir, ordúil agus éifeachtúil, agus go mbeidh siad soshannta go saoráideach;

    (c) 

    beidh eisitheoirí ionstraimí airgeadais faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach a áirithíonn leibhéal ard cosanta d’infheisteoirí;

    (d) 

    áiritheoidh sé trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí rialacha lena dtugtar aghaidh ar dhrochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh.

    Féadfaidh cinneadh ón gCoimisiún faoin mír seo a bheith teoranta do chatagóir nó do chatagóirí ionad trádála. Sa chás sin, ní chuirfear ionad trádála tríú tír san áireamh i mír 1(d) ach amháin má thagann sé faoi réim chatagóir a chlúdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

    5.  
    Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar mhodh comhleanúnach, déanfaidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na conarthaí dá dtagraítear i mír 2 a mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha acu laistigh den Aontas agus na cásanna inar gá nó inarb iomchuí an oibleagáid trádála chun cosc a chur le himghabháil aon fhoráil den Rialachán sin.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, beidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír sin comhionann leis na cinn sin arna nglacadh faoi Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    Airteagal 29

    Oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte agus am glactha leis an imréiteach

    1.  
    Áiritheoidh oibreoir margaidh rialáilte go n-imréiteoidh CCP gach idirbheart maidir le díorthaigh a thugtar i gcrích ar an margadh rialáilte sin.
    2.  
    Maidir le CCPanna, ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta a ghníomhóidh mar chomhaltaí imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 2(14) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh córais éifeachtacha, nósanna imeachta agus socruithe i bhfeidhm acu i ndáil le díorthaigh imréitithe lena n-áirithiú go gcuirfear idirbhearta i ndíorthaigh imréitithe isteach agus go nglacfar iad le himréiteach chomh tapa is féidir ó thaobh cúrsaí teicniúla de nuair a bheidh córais uathoibríocha á n-úsáid.

    Sa mhír seo, ciallaíonn ‘díorthaigh imréitithe’:

    (a) 

    gach díorthach a bheidh le himréiteach de bhun na hoibleagáide imréitigh faoi mhír 1 den Airteagal seo nó de bhun na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

    (b) 

    gach díorthach a bheidh le himréiteach a chomhaontóidh na páirtithe ábhartha ar shlí eile.

    3.  
    Forbróidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na híoscheanglais a shonrú do chórais, do nósanna imeachta agus do shocruithe, lena n-áirítear frámaí ama a ghlacadh, faoin Airteagal seo, ag féachaint don ghá le bainistíocht chuí na rioscaí oibríochtúla nó eile a áirithiú.

    Beidh údarás leanúnach ag ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála bhreise a fhorbairt chun na cinn sin atá i bhfeidhm a uasdátú má mheasann sé go bhfuil gá leis an méid sin agus caighdeáin tionscail ag fabhrú.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 30

    Socruithe Indíreacha Imréitigh

    1.  
    Tá socruithe indíreacha imréitigh maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán incheadaithe ar choinníoll nach méadóidh na socruithe sin riosca an chontrapháirtí agus go n-áiritheofar go mbainfidh sócmhainní agus suímh an chontrapháirtí an leas céanna as an gcosaint leis an éifeacht chomhionann lena dtagraítear di in Airteagal 39 agus in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
    2.  
    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú gur bunaíodh na cineálacha socruithe indíreacha seirbhíse imréitigh lena gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áiritheofar comhsheasmhacht le forálacha a bhunaítear do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Chaibidil II de Rialachán (AE) 149/2013 ( 12 ).

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 31

    Comhbhrú Punainne

    1.  
    Nuair a chuirfear comhbhrú punainne ar fáil, ní bheidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh faoi réir na hoibleagáide forghníomhaithe is fearr in Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE, na n-oibleagáidí trédhearcachta in Airteagal 8, in Airteagal 10, in Airteagal 18 agus in Airteagal 21 den Rialachán seo agus na hoibleagáide in Airteagal 1(6) de Threoir 2014/65/AE. Ní bheidh foirceannadh nó athsholáthar na ndíorthach comhábhar sa chomhbhrú punainne faoi réir Airteagal 28 den Rialachán seo.
    2.  
    Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, a chuirfidh comhbhrú punainne ar fáil líon na n-idirbheart atá faoi réir chomhbhrú punainne a phoibliú trí APA agus an t-am ar tugadh i gcrích iad laistigh de na teorainneacha ama a shainítear in Airteagal 10.
    3.  
    Coimeádfaidh gnólachtaí infheistíochta a chuirfidh comhbhrú punainne ar fáil taifid iomlána agus chruinne ar gach comhbhrú punainne a eagróidh siad nó a mbeidh siad rannpháirteach ann. Cuirfear na taifid sin ar fáil go pras don údarás inniúil nó don ÚEUM arna iarraidh sin dóibh.
    4.  

    Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50, bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

    (a) 

    na gnéithe de chomhbhrú punainne,

    (b) 

    an fhaisnéis a bheidh le foilsiú de bhun mhír 2,

    i gcibé slí chun úsáid a mhéid is féidir a bhaint as aon choimeád taifead, tuairisciú nó ceanglais foilseacháin láithreacha.

    Airteagal 32

    Nós imeachta na hoibleagáide trádála

    1.  

    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:

    (a) 

    cibé acu den aicme díorthach a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó faoi fho-thacar ábhartha di, a thrádálfar ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán seo;

    (b) 

    an dáta nó na dátaí óna mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo i gcás ina mbeidh foráil déanta don chéimniú isteach sin agus do na catagóirí contrapháirtithe sin i gcaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí tar éis don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    Sula gcuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh, seolfaidh sé comhairliúchán poiblí agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    2.  

    Ionas go mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála:

    (a) 

    ní mór an aicme díorthach de bhun mhír 1(a) nó fo-thacar iomchuí di a ligean isteach chun a trádála nó a thrádáil ar ionad trádála amháin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 28(1), agus

    (b) 

    ní mór dóthain leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtí a bheith ann san aicme díorthach nó ní mór fo-thacar ábhartha di a bheith ann chun go bhféadfar a mheas go bhfuil aicme díorthach mar sin leachtach a dóthain chun trádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) agus orthu sin amháin.

    3.  

    Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 1 á bhforbairt aige, measfaidh ÚEUM go bhfuil an aicme díorthach nó fo-thacar ábhartha di leachtach a ndóthain de bhun na gcritéar seo a leanas:

    (a) 

    meánmhinicíocht agus meánmhéid na dtrádálacha trasna réimse dálaí ar an margadh, ag féachaint do chineál agus do shaolré na dtáirgí laistigh d’aicme na ndíorthach;

    (b) 

    líon agus cineál na rannpháirtithe gníomhacha margaidh lena n-áirítear cóimheas na rannpháirtithe margaidh maidir le táirgí/conarthaí trádáilte i margadh ar leith táirgí.

    (c) 

    meánmhéid na raonta difríochta.

    Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á n-ullmhú aige, cuirfidh ÚEUM an tionchar ionchasach san áireamh a d’fhéadfadh a bheith ag an oibleagáid trádála sin ar leachtacht aicme díorthach nó fo-thacair ábhartha de sin agus gníomhaíochtaí trádála úsáideoirí deiridh nach eintitis airgeadais iad.

    Cinnfidh ÚEUM cibé acu an mbeidh an aicme díorthach nó fo-thacar de sin go leordhóthanach ina leacht ach amháin in idirbhearta faoi mhéid áirithe.

    4.  
    Sainaithneoidh ÚEUM agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún, ar a thionscnamh féin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2 agus i ndiaidh comhairliúchán poiblí a sheoladh, na haicmí díorthach nó na conarthaí díorthach aonair ba cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1), ach nach mbeidh údarú faighte ag CCP ar bith fós ina leith faoi Airteagal 14 nó Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 nó nach ligfear isteach chun a dtrádála nó nach dtrádáiltear ar ionad trádála dá dtagraítear in Airteagal 28(1).

    Tar éis fógra ó ÚEUM dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún glaoch ar fhorbairt tograí a fhoilsiú maidir leis na díorthaigh sin a thrádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1).

    5.  
    Cuirfidh ÚEUM faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le mír 1, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nua chun caighdeáin theicniúla reatha rialála a leasú, a chur ar fionraí, nó a aisghairm aon uair a thiocfaidh athrú ábhartha ar na critéir a leagtar amach i mír 2. Sula ndéanfaidh sé amhlaidh, féadfaidh ÚEUM dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla i dtríú tíortha.

    Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála reatha dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    6.  
    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir dá dtagraítear i mír 2(b) a shonrú.

    Cuirfidh ÚEUM dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 33

    Sásra chun rialacha dúblacha nó contrártha a sheachaint

    1.  
    Cuideoidh ÚEUM leis an gCoimisiún le linn faireachán a dhéanamh agus tuarascálacha a ullmhú, uair in aghaidh na bliana ar a laghad, le cur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm idirnáisiúnta na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 28 agus in Airteagal 29, go háirithe maidir le ceanglais a d’fhéadfadh a bheith dúblach nó contrártha ar rannpháirtithe sa mhargadh, agus moltaí a thabhairt maidir le gníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh.
    2.  

    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina ndearbhófar an méid seo a leanas i dtaca le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír ábhartha:

    (a) 

    go mbeidh siad comhionann leis na ceanglais a thig ó Airteagal 28 agus ó Airteagal 29;

    (b) 

    go n-áiritheoidh siad rúndacht ghairmiúil atá comhionann leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar amach sa Rialachán seo;

    (c) 

    go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus a fhorfheidhmiú ar mhodh cothromasach agus neamhshaofa ionas go ndéanfar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú sa tríú tír sin.

    Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51.

    3.  
    Aon ghníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis dá dtagraítear i mír 2, an éifeacht a bheidh aige, i dtaca le contrapháirtithe a dhéanfaidh idirbheart faoi réir an Rialacháin seo, go measfar go mbeidh an oibleagáid atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 comhlíonta i gcás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe bunaithe sa tríú tír sin agus go mbeidh socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír ábhartha á gcomhlíonadh ag na contrapháirtithe.
    4.  
    Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le ÚEUM, faireachán ar na ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 a bheith á gcur chun feidhme go héifeachtach ag tríú tíortha ar glacadh gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis ina leith, agus tuairisceoidh an Coimisiún go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

    Laistigh de 30 lá féilire tar éis don Choimisiún an tuarascáil a thíolacadh agus i gcás ina nochfar sa tuarascáil go bhfuil locht nó neamhréireacht maidir leis na ceanglais choibhéiseacha a chur i bhfeidhm ag údaráis tríú tír, féadfaidh an Coimisiún an t-aitheantas a tharraingt siar a bheidh ag creat dlíthiúil an tríú tír atá i dtrácht mar chreat coibhéiseach. I gcás ina ndéanfar gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis a tharraingt siar, beidh idirbhearta na gcontrapháirtithe faoi réir na gceanglas uile arís go huathoibríoch atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 den Rialachán seo.

    Airteagal 34

    Clár díorthach faoi réir na hoibleagáide trádála

    Coimeádfaidh ÚEUM clár ina sonrófar, ar bhealach uileghabhálach agus aonchiallach, na díorthaigh atá faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1), na hionaid ina ligfear isteach chun a dtrádála nó ar a dtrádáiltear iad, agus na dátaí óna mbeidh éifeacht leis an oibleagáid agus foilseoidh sé ar a shuíomh gréasáin é.

    TEIDEAL VI

    ROCHTAIN NEAMH-IDIRDHEALAITHEACH IMRÉITIGH I gCÁS IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

    Airteagal 35

    Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCP

    1.  

    Gan dochar d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012, glacfaidh CCP le hionstraimí airgeadais a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála ina bhforghníomhófar an t-idirbheart. Áiritheoidh sin ach go háirithe go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar chonarthaí arna dtrádáil ar an ionad trádála sin sna téarmaí seo a leanas:

    (a) 

    ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CCP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus

    (b) 

    traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear na ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh. Níl feidhm ag an gceanglas sa mhír sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 cheana féin.

    Ní bheidh CCP faoi cheangal ag an Airteagal seo má tá dlúthbhaint aige le hionad trádála ar tugadh fógra dó faoi Airteagal 36(5).

    2.  
    Cuirfear iarratas chun rochtain a fháil ar CCP trí ionad trádála faoi bhráid an CCP, a údaráis inniúil ábhartha agus údarás inniúil an ionaid trádála go foirmiúil. Sonrófar san iarratas sin na cineálacha ionstraimí airgeadais a n-iarrtar rochtain ina leith.
    3.  
    Tabharfaidh an CCP freagra i scríbhinn don ionad trádála laistigh de thrí mhí i gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, agus laistigh de shé mhí i gcás díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, ag údarú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Ní fhéadfaidh an CCP iarratas ar rochtain a dhiúltú ach amháin faoi na coinníollacha atá sonraithe i mír 6(a). Má dhiúltaíonn CCP rochtain a thabhairt tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh sin. I gcás ina mbeidh an t-ionad trádála bunaithe i mBallstát difriúil leis an CCP, tabharfaidh an CCP an fógra agus an réasúnaíocht sin d’údarás inniúil an ionaid trádála. Ceadóidh an CCP rochtain laistigh de thrí mhí tar éis dó freagra deimhneach ar thabhairt ar an iarratas ar rochtain.
    4.  

    Déanfaidh údarás inniúil an CCP nó údarás inniúil an ionaid trádála rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP sna cásanna seo a leanas amháin:

    (a) 

    i gcás nach n-éileofaí socrú idir-inoibritheachta le rochtain mar sin, i ndáil le díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad de bhun Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; nó

    (b) 

    i gcás nach mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta, nó sa chás ina mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéamach.

    Ní chuirfear cosc le haon ní i bpointe (a) den chéad fhomhír ar rochtain a dheonú i gcás ina n-éileofar idir-inoibritheacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus inar thoiligh an t-ionad trádála agus na CCPanna uile atá rannpháirteach sa socrú idir-inoibritheachta a bheartaítear leis an socrú agus ina mbeadh na rioscaí a mbeadh an CCP reatha neamhchosanta dóibh a eascraíonn ó shuímh idir-CCP comhthaobhaithe ag tríú páirtí.

    I gcás inarb é an gá atá le socrú idir-inoibritheachta is cúis le hiarratas a dhiúltú nó is cúis i bpáirt leis sin, tabharfaidh an t-ionad trádála comhairle don CCP agus cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi na CCPanna eile a bhfuil rochtain acu ar an ionad trádála agus foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin ionas go bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta rogha a dhéanamh a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagal 37 de Threoir 2014/65/AE i ndáil leis na contrapháirithe lárnacha sin chun socruithe eile maidir le rochtain a éascú.

    Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis sin don údarás inniúil eile, don CCP agus don ionad trádála lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil an cinneadh bunaithe uirthi.

    5.  
    I gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, contraphairtí lárnach a bunaíodh as an nua agus a údaraíodh mar CCP mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun imréiteach a dhéanamh faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó gur tugadh aitheantas dó faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a údaraíodh faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana féin ar feadh tréimhse is lú ná trí bliana an 2 Iúil 2014, féadfaidh sé roimh an ►M1  3 Eanáir 2018 ◄ , iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil chun leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo don CCP i ndáil le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, ar feadh idirthréimhse go dtí an ►M1  3 Iúil 2020 ◄ .

    I gcás ina ndéanfar idirthréimhse den sórt sin a fhormheas, ní fhéadfaidh an CCP leas a bhaint as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimhsigh sin. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do chomhaltaí choláiste na n-údarás inniúil don CCP agus do ÚEUM nuair a dhéanfar idirthréimhse a fhormheas. Foilseoidh ÚEUM liosta de gach fógra a gheobhaidh sé.

    I gcás ina mbeidh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le hionad trádála amháin nó níos mó, ní bhainfidh na hionaid trádála sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimshigh sin.

    Maidir le CCP a údarófar le linn na tréimhse trí bliana roimh theacht i bhfeidhm, ach a dhéantar de bharr cumaisc agus fála lena mbaineann CCP amháin ar laghad a bheidh údaraithe roimh an tréimhse sin, ní cheadófar dó iarratas a dhéanamh ar shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo.

    6.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

    (a) 

    na coinníollacha sonracha faoina bhféadfaidh CCP iarraidh ar rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear líon réamh-mheasta na n-idirbheart, líon agus cineál na n-úsáideoirí, socruithe chun riosca agus castacht oibríochtúil a bhainistiú nó tosca eile faoi deara rioscaí suntasacha míchuí a chruthú;

    (b) 

    na coinníollacha faoina gceadóidh CCP rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí imréitigh, ceanglais chomhthaobhachta agus ceanglais oibriúcháin maidir le héarlaisiú;

    (c) 

    na coinníollacha faoina mbeidh deonú rochtana ina bhagairt ar feidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó faoina mbeadh tionchar dochrach aige ar an riosca sistéamach;

    (d) 

    an nós imeachta chun fógra a dhéanamh faoi mhír 5;

    (e) 

    na coinníollach le haghaidh láimhseála neamh-idirdhealaithí ó thaobh an chaoi a láimhseáiltear conarthaí arna dtrádáil ar a ardán a fhad a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le tras-éarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha a d’imréitigh an CCP céanna.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 36

    Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar ionad trádála

    1.  
    Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012, soláthróidh ionad trádála fothaí trádála ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le táillí a bhaineann le rochtain, ar é a iarraidh, do CCP ar bith atá údaraithe nó aitheanta le Rialachán (AE) Uimh 648/2012 ar mian leis idirbhearta in ionstraimí airgeadais a rinneadh ar an ionad trádála sin a imréiteach. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 cheana féin.

    Ní bheidh ionad trádála faoi cheangal ag an Airteagal seo má tá dlúthbhaint aige le CCP a mbeidh fógra tugtha dó go bhfuil sé ag baint leasa as socruithe idirthréimhseacha faoi Airteagal 35(5).

    2.  
    Déanfar iarratas chun rochtain a fháil ar ionad trádála ag CCP a chur go foirmiúil faoi bhráid an ionaid trádála, a údarás inniúil ábhartha agus údarás inniúil an chontrapháití lárnaigh.
    3.  
    Tabharfaidh an t-ionad trádála freagra i scríbhinn don CCP laistigh de thrí mhí i gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, agus laistigh de shé mhí i gcás díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, ag údarú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Ní fhéadfaidh an t-ionad trádála rochtain a dhiúltú ach amháin faoi na coinníollacha atá sonraithe faoi mhír 6(a). Sa chás ina ndiúltófar rochtain tabharfaidh an t-ionad trádála cúiseanna iomlána leis an gcinneadh sin ina fhreagra agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. I gcás ina mbeidh an CCP bunaithe i mBallstát difriúil leis an CCP, tabharfaidh an t-ionad trádála an fógra agus an réasúnaíocht sin d’údarás inniúil an CCP. Ceadóidh an t-ionad trádála rochtain laistigh de thrí mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarratas ar rochtain.
    4.  

    Déanfaidh údarás inniúil an ionaid trádála nó údarás inniúil an CCP rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP sna cásanna seo a leanas amháin:

    (a) 

    nach n-éileofaí socrú idir-inoibritheachta le rochtain mar sin, i ndáil le díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad de bhun Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; nó

    (b) 

    nach mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta agus ina mbeidh sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm ag an ionad trádála chun ilroinnt mar sin a chosc, nó sa chás nach mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéamach.

    Ní chuirfear cosc le haon ní i bpointe (a) den chéad fhomhír ar rochtain a dheonú i gcás ina n-éilítear idir-inoibritheacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus inar thoiligh an t-ionad trádála agus na CCPanna uile atá rannpháirteach sa socrú idir-inoibritheachta a bheartaítear leis an socrú agus ina mbeidh na rioscaí a mbeidh an CCP reatha neamhchosanta dóibh a eascraíonn ó shuímh idir-CCP comhthaobhaithe ag tríú páirtí.

    I gcás inarb é an gá atá le socrú idir-inoibritheachta is cúis le hiarratas a dhiúltú nó is cúis i bpáirt leis sin, tabharfaidh an t-ionad trádála comhairle don CCP agus cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi na CPPanna eile a bhfuil rochtain acu ar an ionad trádála agus foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin ionas go bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta rogha a dhéanamh a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagal 37 de Threoir 2014/65/AE i ndáil leis na CCPanna sin chun socruithe eile maidir le rochtain a éascú.

    Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis an gcinneadh sin don údarás inniúil eile, don ionad trádála agus don CCP lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil a chinneadh bunaithe uirthi.

    5.  
    I gcás díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, maidir le hionad trádála a thiteann faoi bhun na tairsí ábhartha sa bhliain féilire roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh sé, roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, fógra a thabhairt do ÚEUM agus dá udaráis inniúla nach mian leis a bheith faoi cheangal ag an Airteagal seo i gcás díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a bheidh curtha san áireamh sa tairseach sin, ar feadh tréimhse tríocha mí ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le hionad trádála a fhanann faoi bhun na tairsí ábhartha gach bliain den tréimhse trí bliana sin, nó níos faide, féadfaidh sé, ag deireadh na tréimhse sin, fógra a thabhairt do ÚEUM agus dá udaráis inniúla nár mhian leis leanúint a bheith faoi cheangal ag an Airteagal seo go ceann tríocha mí breise. I gcás ina dtabharfar fógra, ní fhéadfaidh an t-ionad trádála leas a bhaint as na cearta rochtana faoi Airteagal 35 ná faoin Airteagal seo i gcás díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a bheidh curtha san áireamh sa tairseach sin, ar feadh tréimhse na rogha sin chun fanacht amuigh. Foilseoidh ÚEUM liosta de gach fógra a gheobhaidh sé.

    Is é méid barúlach bliantúil arna thrádáil de EUR 1 000 000 milliún an tairseach ábhartha don rogha sin chun fanacht amuigh. Beidh an méid barúlach aon-áirithe agus áireofar ann gach idirbheart i ndíorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a thabharfar i gcrích faoi rialacha an ionaid trádála.

    I gcás inar cuid de ghrúpa an t-ionad trádála lena bhfuil dlúthbhaint aige, ríomhfar an tairseach trí mhéid barúlach bliantúil arna thrádáil na n-ionad trádála uile sa ghrúpa atá bunaithe san Aontas a chomhaireamh.

    I gcás ina mbeidh dlúthbhaint ag ionad trádála a bheidh tar éis fógra a thabhairt faoin mír seo le CCP amháin nó níos mó, ní bhainfidh na CCPanna sin leas as cearta rochtana faoi Airteagal 35 ná faoin Airteagal seo i gcás díorthach arna dtrádáil ar mhalartán laistigh den tairseach ábhartha sin, ar feadh tréimhse an rogha chun fanacht amuigh.

    6.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú:

    (a) 

    na coinníollacha sonracha faoina bhféadfadh ionad trádála iarraidh ar rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear na coinníollacha atá bunaithe ar líon réamh-mheasta na n-idirbheart, líon na n-úsáideoirí, socruithe chun riosca agus castacht oibríochtúil a bhainistiú nó tosca eile atá faoi deara rioscaí suntasacha míchuí;

    (b) 

    na coinníollacha faoina dtabharfar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, agus an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí a bhaineann le rochtain;

    (c) 

    na coinníollacha ina bhféadfaidh rochtain a dheonú a bheith mar bhagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó ina mbeadh tionchar dochrach aige ar an riosca sistémach;

    (d) 

    an nós imeachta chun fógra a dhéanamh faoi mhír 5, lena n-áirítear sonraíochtaí breise chun an méid barúlach a ríomh agus an modh lena bhféadfaidh ÚEUM ríomh líon na n-idirbheart a fhíorú agus an rogha chun fanacht amuigh a fhormheas.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 37

    Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thagarmharcanna agus an oibleagáid tagarmharcanna a cheadúnú

    1.  

    Sa chás ina ndéanfar luach ionstraim airgeadais ar bith a ríomh trí thagairt do thagarmharc, áiritheoidh duine a mbeidh cearta dílsithe aige ar an tagarmharc go mbeidh, chun críocha trádála agus imréitigh, rochtain neamh-idirdhealaitheach ag CCPanna agus ag ionaid trádála ar na nithe seo a leanas:

    (a) 

    fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil an tagarmhairc sin chun críocha imréitigh agus trádála; agus

    (b) 

    ceadúnais.

    Deonófar ceadúnas lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach laistigh de thrí mhí tar éis na hiarrata ó CCP nó ó ionad trádála.

    Ceadófar rochtain ar phraghas réasúnacha tráchtála lena gcuirfear i gcuntas an praghas ar a ndeonaítear rochtain ar an tagarmharc nó ar a bhfuil na cearta maoine intleachtúla ceadúnaithe ar théamaí coibhéiseacha le CCP eile, ionaid eile trádála nó aon duine eile lena mbaineann chun críocha imréitigh agus trádála. Ní fhéadfar praghsanna éagsúla a ghearradh ar CCPanna éagsúla, ar ionaid trádála éagsúla nó ar dhaoine éagsúla eile lena mbaineann ach amháin ina mbeidh údar cuí go hoibiachtúil leis sin ag féachaint do chúinsí réasúnta tráchtála amháin méid, raon feidhme nó an réimse úsáide atá éilithe.

    2.  

    I gcás ina bhforbrófar tagarmharc nua tar éis an ►M1   3 Eanáir 2018  ◄ , tosóidh an oibleagáid é a cheadúnú tráth nach déanaí ná 30 mí tar éis d’ionstraim airgeadais a thagraíonn don tagarmharc sin teacht isteach nó dul i mbun trádála. I gcás ina mbeidh tagarmharc atá ann cheana ag duine a bhfuil cearta dílsithe aige ar thagarmharc nua, bunóidh an duine sin go gcomhlíonfaidh an tagarmharc nua, murab ionann is aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana, na critéir charnacha a leanas:

    (a) 

    nach cóip ná leasú é an tagarmharc nua ar aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana agus go mbeidh éagsúlacht bhríoch ag an modheolaíocht, lena n-áirítear na sonraí a bhaineann léi, ón modheolaíocht a bhaineann le haon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana; agus

    (b) 

    nach ionadaí an tagarmharc nua ar aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana.

    Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta agus, go háirithe, d’Airteagal 101 agus d’Airteagal 102 CFAE.

    3.  

    Ní bheidh cead ag CCP, ionad trádála ná eintiteas lena mbaineann ar bith comhaontú a dhéanamh le haon soláthraí tagarmhairc a mbeadh d’éifeacht aige:

    (a) 

    cosc a chur ar CCP nó ar ionad trádála ar bith rochtain a fháil ar an bhfaisnéis nó ar na cearta sin dá dtagraítear i mír 1; nó

    (b) 

    cosc a chur ar CCP nó ar ionad trádála ar bith rochtain a fháil ar cheadúnas den sórt sin dá dtagraítear i mír 1.

    4.  

    Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú:

    (a) 

    an fhaisnéis tríd an gceadúnú a chuirfear ar fáil faoi mhír 1(a), lena húsáid ag an CCP nó ag an ionad trádála amháin;

    (b) 

    coinníollacha eile faoina ndeonófar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise a sholáthraítear;

    (c) 

    na caighdeáin lena dtreoraítear conas a fhéadfar a chruthú gur tagarmharc nua atá ann i gcomhréir le mír 2(a) agus (b).

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 38

    Rochtain le haghaidh CCPanna agus ionad trádála tríú tíortha

    1.  
    Féadfaidh ionad trádála a bheidh bunaithe i dtríú tír rochtain ar CCP a bheidh bunaithe san Aontas a iarraidh ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 28(4) a bhaineann leis an tríú tír sin. Féadfaidh CCP a bheidh bunaithe i dtríú tír rochtain ar ionad trádála a bheidh bunaithe san Aontas a iarraidh faoi réir an CCP sin a bheith aitheanta faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012. Ní cheadófar do CCPanna agus d’ionaid trádála a bheidh bunaithe i dtríú tíortha úsáid a bhaint as na cearta rochtana in Airteagal 35 go hAirteagal 36 ach amháin ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 go meastar go bhfórálann an creat dlíthiúil agus maoirseachta do chóras coibhéiseach éifeachtach chun CCPanna agus ionaid trádála atá údaraithe faoi chórais éifeachtacha rochtain a bheith acu ar CCPanna agus ar ionaid trádála atá bunaithe sa tríú tír sin.
    2.  

    Ní fhéadfaidh CCPanna agus ionaid trádála arna mbunú i dtríú tíortha ceadúnas agus cearta rochtana a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 37 ach amháin ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal go meastar go bhforálann an creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach faoina gceadaítear do CCPanna agus ionaid trádála atá údaraithe i ndlínsí eachtracha rochtain a bheith acu ar bhonn cothrom réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a) 

    fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil tagarmharc chun críocha imréitigh agus trádála; agus

    (b) 

    ceadúnais,

    ó dhaoine a mbeidh cearta dílsithe acu ar thagarmharcanna a bheidh bunaithe sa tríú tír sin.

    3.  
    Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51, cinntí a ghlacadh á gcinneadh go n-áiritheoidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh ionad trádála agus CCP atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus atá faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin.

    Measfar go mbeidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    go mbeidh na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;

    (b) 

    go bhforálfaidh sé do chóras coibhéiseach éifeachtach trína cheadú do CCPanna agus ionaid trádála a bheidh údaraithe faoi chórais eachtracha rochtain a bheith acu ar CCPanna agus ar ionaid trádála a bheidh bunaithe sa tríú tír sin;

    (c) 

    go bhforálfaidh creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin do chóras éifeachtach coibhéiseach faoina gceadófar do CCPanna agus d’ionaid trádala a bheidh údaraithe i ndlínse eachtrach rochtain a bheith acu ar bhonn cothrom réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis na nithe seo a leanas:

    (i) 

    fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil tagarmharc chun críocha imréitigh agus trádála; agus

    (ii) 

    ceadúnais,

    ó dhaoine a mbeidh cearta dílsithe acu ar thagarmharcanna a bheidh bunaithe sa tríú tír sin.

    ▼M3

    TEIDEAL VIa

    CUMHACHTAÍ AGUS INNIÚLACHTAÍ ÚEUM

    CAIBIDIL 1

    Inniúlachtaí agus nósanna imeachta

    Airteagal 38a

    Cumhachtaí ÚEUM a fheidhmiú

    Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó d’aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d’aon duine eile arna údarú ag ÚEUM le hAirteagal 38b go hAirteagal 38e, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.

    Airteagal 38b

    Iarraidh ar fhaisnéis

    1.  

    Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo:

    (a) 

    APA, CTP, ARM i gcás inarb é ÚEUM a dhéanann maoirseacht orrthu, agus gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála chun seirbhísí tuairiscithe sonraí APA, CTP nó ARM a oibriú, agus na daoine a rialaíonn iad nó atá á rialú acu;

    (b) 

    bainisteoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

    (c) 

    iniúchóirí agus comhairleoirí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a);

    2.  

    Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

    (a) 

    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

    (b) 

    cuspóir na hiarrata a lua;

    (c) 

    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

    (d) 

    teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

    (e) 

    ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n-iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

    (f) 

    a shonrú cén méid a bheidh san fhíneáil atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 38h, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

    3.  

    Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

    (a) 

    tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

    (b) 

    cuspóir na hiarrata a lua;

    (c) 

    an fhaisnéis atá ag teastáil a shonrú;

    (d) 

    teorainn ama a shocrú nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh di;

    (e) 

    a shonrú cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

    (f) 

    a shonrú cén tsuim a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 38h, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

    (g) 

    a thabhairt le fios cén ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.  
    Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis a iarradh. Dlíodóirí a bhfuil an t-údarú cuí acu chun gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
    5.  
    Déanfaidh ÚEUM, gan mhoill mhíchuí, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil Bhallstát na ndaoine dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 38c

    Imscrúduithe ginearálta

    1.  

    Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1). Chuige sin, tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a) 

    scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, sonraí, nósanna imeachta agus ábhar eile is ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán a bhfuil siad stóráilte air;

    (b) 

    cóipeanna deimhnithe a dhéanamh nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

    (c) 

    aon duine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó a ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;

    (d) 

    agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoiligh go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

    (e) 

    taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.

    2.  
    Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina mbeidh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe sonraithe. San údarú sin freisin, sonrófar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile atá leagtha síos nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 38h i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) mícheart nó míthreorach.
    3.  
    Ceanglaítear ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) géilleadh d’imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
    4.  
    I bhfad sula ndéanfar imscrúdú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh ó ÚEUM, cuideoidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil leis na daoine údaraithe sin a ndualgais a dhéanamh. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
    5.  
    Más gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás iarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
    6.  

    I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le hiarratas ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

    (a) 

    an cinneadh a ghlac ÚEUM dá dtagraítear i mír 3 gur cinneadh barántúil é;

    (b) 

    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aon deonach ná iomarcach.

    Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 38d

    Cigireachtaí ar an láthair

    1.  
    Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí uile ar an láthair is gá a dhéanamh ar aon áitreabh gnó ar le daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) é.
    2.  
    Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó de chuid na ndaoine atá faoi réir cinneadh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 38b(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
    3.  
    In am leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ÚEUM, tar éis dó an t-údarás inniúil a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis an gcigireacht a dhéanamh go cuí éifeachtúil. Déanfar cigireachtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo ar choinníoll gur dhearbhaigh an t-údarás inniúil ábhartha nach bhfuil sé in aghaidh na gcigireachtaí sin.
    4.  
    Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
    5.  
    Géillfidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1) do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a bheidh sí le tosú, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 38i, na leigheasanna dlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
    6.  
    Ar iarraidh ó ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ÚEUM. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.
    7.  
    Chomh maith leis sin, féadfaidh ÚEUM a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 38b(1) a dhéanamh thar a cheann.
    8.  
    I gcás inar chinn na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile, a bheidh údaraithe ag ÚEUM, go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin chun a chur ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
    9.  
    Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go bhfuil ceanglas sa dlí náisiúnta is infheidhme gur gá údarú a fháil ó údarás breithiúnach, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
    10.  

    I gcás ina bhfaighidh údarás breithiúnach náisiúnta iarratas ar údarú maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó an cúnamh dá bhforáiltear i mír 7, fíoróidh an t-údarás sin an méid seo a leanas:

    (a) 

    gur cinneadh barantúil atá sa chinneadh a ghlac ÚEUM dá dtagraítear i mír  5 barántúil;

    (b) 

    go bhfuil aon bhearta atá le déanamh comhréireach agus nach bhfuil siad aondeonach ná iomarcach.

    Chun críocha phointe (b), féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis an bhforas atá ag ÚEUM amhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a tabhairt dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 38e

    Malartú faisnéise

    Tabharfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla dá chéile, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis atá de dhíth chun a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo.

    Airteagal 38f

    Rúndacht ghairmiúil

    Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE maidir le ÚEUM agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do ÚEUM nó d’aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM.

    Airteagal 38 g

    Bearta maoirseachta ÚEUM

    1.  

    I gcás ina dtuigtear do ÚEUM go ndearna duine a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 38b(1) ceann de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a) 

    cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

    (b) 

    cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i;

    (c) 

    fógraí poiblí a eisiúint.

    2.  

    Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

    (a) 

    fad agus minicíocht an tsáraithe;

    (b) 

    an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inluaite leis an sárú ar shlí eile;

    (c) 

    an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

    (d) 

    leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

    (e) 

    acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

    (f) 

    an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí;

    (g) 

    méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, chomh fada agus is féidir iad a dhéanamh amach;

    (h) 

    an leibhéal comhoibre atá ann idir an duine atá freagrach as an sárú agus ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

    (i) 

    sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

    (j) 

    bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

    3.  
    Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon ghníomh den sórt sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin roimh cheann 10 lá oibre ón dáta a tógadh é.

    Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

    (a) 

    ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

    (b) 

    i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

    (c) 

    ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    CAIBIDIL 2

    Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

    Airteagal 38h

    Fíneálacha

    1.  
    Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 38k(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna aon duine ceann de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa, d’aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

    2.  
    EUR 200 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta.
    3.  
    Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 38g(2) san áireamh.

    Airteagal 38i

    Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.  

    Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur chun iallach a chur:

    (a) 

    ar dhuine deireadh a chur le sárú i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (a) d’Airteagal 38g(1);

    (b) 

    ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 38b(1):

    (i) 

    faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh le cinneadh de bhun Airteagal 38b;

    (ii) 

    géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna dhéanamh de thoradh cinneadh de bhun Airteagal 38c a chomhlánú agus a cheartú;

    (iii) 

    géilleadh do chigireacht ar an láthair arna hordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 38d.

    2.  
    Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil de réir gach lae moille.
    3.  
    D’ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Ríomhfar é ón dáta atá sonraithe sa chinneadh lenar forchuireadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
    4.  
    Gearrfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis an fhógra faoin gcinneadh ó ÚEUM. Tar éis dheireadh na tréimhse, athbhreithneoidh ÚEUM an beart.

    Airteagal 38j

    Nochtadh, cineál, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.  
    Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a gearradh de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh an nochtadh sin don phobal na margaí airgeadais i mbaol nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Ní bheidh sa nochtadh sin aon sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ).
    2.  
    Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de chineál riaracháin a bheidh sna fíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i.
    3.  
    I gcás ina gcinnfidh ÚEUM gan aon fhíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha a fhorchur, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus leagfaidh sé amach na cúiseanna dá chinneadh.
    4.  
    Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearrfar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i in-fhorfheidhmithe.

    Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát sa chríoch ina ndéanfar é.

    5.  
    Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 38k

    Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

    1.  
    I gcás ina n-aimseoidh ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní ghlacfaidh an t-oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i bpróiseas maoirseachta ná formheasta an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí lena mbaineann agus feidhmeoidh sé a chuid feidhmeanna neamhspleách ar ÚEUM.
    2.  
    Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, agus aon bharúlacha a thíolacfaidh na daoine a bheidh faoi fhiosrú a chur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chuid cinntí nó a cuid cinntí san áireamh ann, faoi bhráid ÚEUM.
    3.  
    Chun a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d.
    4.  
    Agus a chúraimí á ndéanamh aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
    5.  
    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú nó a himscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé nó sí an comhad ina bhfuil a chuid cinntí nó a cuid cinntí a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí nó a cuid cinntí.
    6.  
    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir an imscrúdaithee a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar faoin Airteagal seo.
    7.  
    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh nó a cinneadh a chur faoi bhráid ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
    8.  
    Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh na cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, ar iarratas ó na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe, tar éis na daoine sin a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 38l, cinnfidh ÚEUM an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal IVa déanta ag na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 38g.
    9.  
    Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití ÚEUM ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ÚEUM.
    10.  
    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
    11.  
    Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n-aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cion coiriúil. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

    Airteagal 38l

    Daoine lena mbaineann a éisteacht

    1.  
    Sula ndéanfaidh sé aon chinneadh de bhun Airteagal 38g, Airteagal 38h agus Airteagal 38i, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina chinntí. Is ar na cinntí sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má bhíonn gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.

    2.  
    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha ÚEUM san áireamh sa cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad.

    Airteagal 38m

    Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

    Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

    Airteagal 38n

    Táillí maidir le húdarú agus maoirseacht

    1.  
    Gearrfaidh ÚEUM táillí ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le húdarú agus maoirseacht soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí agus aisíoc aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 38o.
    2.  
    Cumhdófar leis an táille aonair a ghearrfar ar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ar leith, cumhdófar leis sin na costais riaracháin go léir arna dtabhú ag ÚEUM dá ghníomhaíochtaí údaraithe agus maoirseachta maidir leis an soláthraí sin. Beidh sé comhréireach le láimhdeachas an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí.
    3.  
    Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 leis an Rialachán seo a fhorlíonadh faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 chun cineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a n-íocfar iad a shonrú.

    Airteagal 38o

    ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

    1.  
    I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
    2.  

    Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo a leanas:

    (a) 

    raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

    (b) 

    an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

    (c) 

    tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

    3.  
    I gcomhréir leis an gníomh tarmligthe arna glacadh de bhun Airteagal 38n(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.
    4.  
    Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
    5.  
    Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.

    ▼B

    TEIDEAL VII

    BEARTA MAOIRSEACHTA MAIDIR LE hIDIRGHABHÁIL TÁIRGE AGUS SUÍOMHANNA

    CAIBIDIL 1

    Faireachán táirge agus idirghabháil

    Airteagal 39

    Faireacháin margaidh

    1.  
    I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM faireachán ar a margadh d’ionstraimí airgeadais a dhéantar a chur ar an margadh, a scaipeadh agus a dhíol san Aontas.
    2.  
    I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, déanfaidh ÚBE faireachán ar an margadh, do thaiscí struchtúraithe a chuirtear ar an margadh, a dháiltear, nó a dhíoltar san Aontas.
    3.  
    Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar an margadh d’ionstraimí airgeadais agus do thaiscí struchtúraithe a chuirtear ar an margadh, a dháiltear nó a dhíoltar ina mBallstát nó ón mBallstát sin.

    Airteagal 40

    Cumhachtaí idirghabhála sealadacha ÚEUM

    1.  

    I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh ÚEUM toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:

    (a) 

    margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe sonraithe ag baint leo; nó

    (b) 

    cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

    Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEUM.

    2.  

    Ní ghlacfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin mura gcomhlíonar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a) 

    go dtabharfaidh an ghníomhaíocht a bheidh beartaithe aghaidh ar ábhar imní nó bagairt suntasach do chosaint infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

    (b) 

    na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol;

    (c) 

    nach mbeidh údarás inniúil nó údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nach leor na gníomhaíochtaí a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go leordhóthanach.

    I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEUM an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn réamhchúraim a fhorchur sula ndéanfar ionstraim airgeadais a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

    3.  

    Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEUM an méid seo a leanas faoin ngníomhaíocht:

    (a) 

    nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;

    (b) 

    nach gcruthóidh sí riosca arbatráiste rialála; agus

    (c) 

    go ndéanfar an beart tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí poiblí atá inniúil maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, sa chás go mbainfidh an beart le díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta.

    I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 42, féadfaidh ÚEUM aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 43 a eisiúint.

    4.  
    Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.
    5.  
    Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin fógra faoi aon chinneadh chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.

    ▼M3

    6.  
    Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus uair gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc nó an sriain.

    ▼B

    7.  
    Beidh forlámhas ag gníomhaíocht a ghlacfaidh ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile a rinne údarás inniúil roimhe sin.
    8.  
    Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur san áireamh ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó a bheidh baol i gceist maidir le feidhmiú rianúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó le cobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó le cobhsaíocht cuid den chóras sin.

    Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

    (a) 

    an méid castachta a bhaineann le hionstraim airgeadais agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dóibh;

    (b) 

    méid nó luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais a eisiúint;

    (c) 

    a nuála is atá ionstraim airgeadais, gníomhaíocht nó cleachtas;

    (d) 

    an ghiaráil a sholáthraíonn ionstraim airgeadais nó cleachtas.

    Airteagal 41

    Cumhachtaí sealadacha idirghabhála ÚBE

    1.  

    I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh ÚBE toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:

    (a) 

    margú, dáileadh nó díol taiscí struchtúraithe áirithe nó taiscí struchtúraithe a bhfuil gnéithe sonraithe ag baint leo; nó

    (b) 

    cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

    Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚBE.

    2.  

    Ní ghlacfaidh ÚBE cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

    (a) 

    go dtabharfaidh an ghníomhaíocht a bheidh beartaithe aghaidh ar an ábhar imní nó ar an mbaol faoi leith do chosaint infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

    (b) 

    na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais a bheidh infheidhme maidir leis an taisce struchtúraithe nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol; agus

    (c) 

    nach mbeidh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nach leor na gníomhaíochtaí a bheidh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go sásúil.

    I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚBE an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

    3.  

    Le linn don ÚBE gníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas a áirithiú maidir leis an ngníomhaíocht:

    (a) 

    nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, a bheidh díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht; agus

    (b) 

    nach í an ghníomhaíocht faoi deara riosca arbatráiste rialála.

    I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 42, féadfaidh ÚBE aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 43 a eisiúint.

    4.  
    Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚBE fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.
    5.  
    Foilseoidh ÚBE fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.

    ▼M3

    6.  
    Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna bhforchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí, agus uair gach sé mhí ar a laghad. Tar éis dhá athnuachan i ndiaidh a chéile ar a laghad agus iad bunaithe ar anailís chuí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tomhaltóir, féadfaidh ÚBE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc nó an sriain.

    ▼B

    7.  
    Beidh forlámhas ag gníomhaíocht arna ghlacadh ag ÚBE faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile arna déanamh ag údarás inniúil roimhe sin.
    8.  
    Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚBE a shonrú agus cinneadh a dhéanamh aige i dtaobh cathain a bheidh ábhar mór imní nó baol i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí agus cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de.

    Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

    (a) 

    an méid castachta a bhaineann le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dóibh;

    (b) 

    méid nó luach barúlach a bhaineann le taiscí struchtúraithe a eisiúint;

    (c) 

    a nuála is atá taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas,

    (d) 

    an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag taisce struchtúraithe nó cleachtas.

    Airteagal 42

    Idirghabháil táirge a dhéanamh ag údaráis inniúla

    1.  

    Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar na nithe seo a leanas sa Bhallstát sin nó uaidh:

    (a) 

    margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó taiscí struchtúraithe nó ionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe ag baint leo; nó

    (b) 

    cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

    2.  

    Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha:

    (a) 

    ceann amháin díobh seo a leanas:

    (i) 

    gur ábhar imní ó thaobh cosanta infheisteoirí atá i dtaisce struchtúraithe nó i ngníomhaíocht nó i gcleachtas nó go gcuirfidhsiad feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine i mbaol laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad; nó

    (ii) 

    go mbeidh éifeacht dhochrach ag díorthach ar an sásra socraithe praghsanna sa bhunmhargadh;

    (b) 

    nach dtabharfaidh na ceanglais reatha rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais, leis an taisce struchtúraithe nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus nárbh fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist trí mhaoirseacht fheabhsaithe nó trí na ceanglais reatha a fhorfheidhmiú;

    (c) 

    go mbeidh an ghníomhaíocht comhréireach agus na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhéadfaidh ionstraimí airgeadais, taisce struchtúraithe nó gníomhaíocht nó cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;

    (d) 

    go mbeidh an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh;

    (e) 

    nach mbeidh tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile; agus

    (f) 

    go mbeidh sé tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, i gcás ina gcuirfidh ionstraim airgeadais nó gníomhaíocht nó cleachtas feidhmiú ordúil agus sláine an mhargaidh talmhaíochta fhisicigh faoi bhagairt thromchúiseach.

    I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

    Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil.

    3.  

    Ní fhorchuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian faoin Airteagal seo ach amháin i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis curtha aige chuig gach údarás inniúil eile agus chuig ÚEUM, tráth nach lú ná mí amháin roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart, faoi na mionsonraí seo a leanas:

    (a) 

    an ionstraim airgeadais nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas lena mbaineann an beart atá beartaithe;

    (b) 

    an cineál toirmisc nó sriain go baileach atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

    (c) 

    an fhianaise a mbeidh sé tar éis a chinneadh a bhunú uirthi agus ar deimhin leis go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2 comhlíonta.

    4.  
    I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach faoin Airteagal sin d’fhonn nach dtiocfaidh dochar as na hionstraimí airgeadais, na taiscí struchtúraithe, na cleachtais nó na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhú ar bhonn sealadach taobh istigh d’fhógra i scríbhinn nach lú ná 24 huaire an chloig, roimh an am a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart i ndáil leis na húdaráis inniúla eile go léir agus le ÚEUM, nó, le taiscí struchtúraithe, ÚBE ar choinníoll go mbeidh na critéir ar fad atá san Airteagal sin á gcomhlíonadh agus, ina theannta sin, go mbunófar go soiléir nach mbeadh tréimhse fógra mí amháin sásúil chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní nó ar an mbaol ar leith. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí.
    5.  
    Foilseoidh an t-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin fógra maidir le haon chinneadh chun aon toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain, an dáta tar éis dháta foilsithe an fhógra óna mbeidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar deimhin leis go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2 comhlíonta. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ná ag an srian maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar tar éis an fógra a bheith foilsithe.
    6.  
    Déanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a aisghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 2.
    7.  
    Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní nó bagairt i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad dá dtagraítear i mír 2(a).

    Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

    (a) 

    an méid castachta a bhainfidh le hionstraim airgeadais nó le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú dó, a dáileadh air nó a dhíol dó;

    (b) 

    a nuála is a bheidh ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas;

    (c) 

    an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe nó cleachtas;

    (d) 

    i ndáil le feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí, le méid nó le luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a eisiúint.

    Airteagal 43

    Comhordú á dhéanamh ag ÚEUM agus ag ÚBE

    1.  
    Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEUM, nó ag ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 42. Áiritheoidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, go háirithe go mbeidh údar le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh údarás inniúil agus go mbeidh sí comhréireach agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla chur chuige comhsheasmhach i gcás inarb iomchuí.
    2.  
    Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 42 maidir le haon ghníomhaíocht is gá a fhorchur faoin Airteagal sin, glacfaidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, tuairim i dtaobh an bhfuil údar leis an toirmeasc nó an srian agus an bhfuil sé comhréireach. I gcás ina measfaidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM, nó ar láithreán gréasáin ÚBE do thaiscí struchtúraithe.
    3.  
    I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíocht atá contrártha do thuairim arna glacadh ag ÚEUM nó ag ÚBE faoi mhír 2 nó i gcás ina ndiúltóidh sé gníomhaíocht a dhéanamh atá contrártha don tuairim sin foilseoidh sé an méid sin láithreach ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé míniú cuimsitheach ar na cúiseanna atá aige leis.

    CAIBIDIL 2

    Seasaimh

    Airteagal 44

    Bearta maidir le bainistíocht náisiúnta suímh agus teorainneacha suímh a chomhordú ag ÚEUM

    1.  
    Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEUM maidir le bearta a dhéanann údaráis inniúla de bhun Airteagal 69(2)(o) agus (p) de Threoir 2014/65/AE. Áiritheoidh ÚEUM, go háirithe, go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach maidir leis na tráthanna a fheidhmeofar na cumhachtaí sin, cineál agus raon feidhme na mbeart a fhorchuirfear, ré na mbeart agus an méid a leanfaidh uathu.
    2.  
    Tar éis dó fógra a fháil faoi bheart ar bith faoi Airteagal 79(5) de Threoir 2014/65/AE, déanfaidh ÚEUM an beart agus na cúiseanna atá leis a thaifeadadh. Maidir le bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 69(2)(o) nó (p) de Threoir 2014/65/AE, coimeádfaidh sé bunachar sonraí ina mbeidh achoimrí ar na bearta atá i bhfeidhm lena n-áirítear mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, aon teorainneacha ar mhéid na suíomh is féidir le daoine a shealbhú gach tráth, aon díolúintí ina leith arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE, agus na cúiseanna atá leis, agus foilseoidh sé ar a láithreán gréasáin é.

    Airteagal 45

    Cumhachtaí bainistíochta suímh ÚEUM

    1.  

    I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha araon i mír 2, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

    (a) 

    gach faisnéis ábhartha a iarraidh ar aon duine maidir le méid agus le cuspóir an tsuímh nó na neamhchosanta a dhéanfar trí dhíorthach;

    (b) 

    tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhréir le pointe (a), a cheangal ar aon duine den sórt sin méid an tsuímh nó na neamhchosanta a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 10(b);

    (c) 

    mar rogha dheiridh, teorainn a chur le cumas an duine díorthach tráchtearra a dhéanamh.

    2.  

    Ní dhéanfaidh an ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin sa chás ina gcomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    go dtabharfaidh na bearta a liostaítear i mír 1 aghaidh ar bhaol dochair d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

    (b) 

    nach mbeidh údarás inniúil nó údaráis inniúla tar éis bearta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin a dhéanamh nó nach leor na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin;

    Déanfaidh ÚEUM measúnú ar an méid a chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo i gcomhréir leis na critéir agus leis na tosca dá bhforáiltear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear mír 10(a) den Airteagal seo.

    3.  

    Le linn do ÚEUM bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh áiritheoidh sé ar a mhéid:

    (a) 

    a thabharfaidh an beart aghaidh shuntasach ar an mbaol d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear maidir leis na socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó feabhas suntasach a dhéanamh ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an mbaol sin, mar a dhéanfar é a thomhas i gcomhréir leis na critéir agus na tosca dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 10(a) den Airteagal seo;

    (b) 

    nach gcruthófar leis an mbeart an baol d’arbatráiste rialála mar a dhéanfar é a thomhas i gcomhréir le mír 10(c) den Airteagal seo;

    (c) 

    nach mbeidh aon cheann de na héifeachtaí dochracha seo a leanas ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais a bheidh díréireach le sochair an bhirt: leachtacht a laghdú sna margaí sin, srianta a chur ar na coinníollacha chun rioscaí a laghdú a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála contrapháirtí neamhairgeadais, nó neamhchinnteacht a chruthú do na rannpháirtithe sa mhargadh.

    Rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ), sula ndéanfaidh siad aon bhearta a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh;

    Rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis na comhlachtaí poiblí atá inniúil maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, sula ndéanfaidh sé aon bheart a bhaineann leis na díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta.

    4.  
    Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a ghabháil ar láimh nó a athnuachan, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige. I gcás iarratais faoi phointe (a) nó faoi phointe (b) de mhír 1 áireofar san fhógra céannacht an duine nó na ndaoine chuig ar seoladh é agus na mionsonraí agus na cúiseanna atá leis. I gcás birt faoi mhír 1(c) áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, na bearta cainníochtúla ábhartha amhail uasmhéid an tsuímh a fhéadfaidh an duine i dtrácht a dhéanamh, agus na cúiseanna atá leis sin.
    5.  
    Tabharfar fógra 24 huaire an chloig ar a laghad roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart sin nó go ndéanfar é a athnuachan. Féadfaidh ÚEUM, i gcásanna eisceachtúla, fógra níos giorra ná 24 huaire an chloig roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart sin a thabhairt i gcás nach féidir fógra 24 huaire an chloig a thabhairt.
    6.  
    Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin fógra faoi aon chinneadh maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1(c) a fhorchur nó a athnuachan. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, na bearta cainníochtúla ábhartha amhail uasmhéid an tsuímh a fhéadfaidh an duine i dtrácht a dhéanamh, agus na cúiseanna atá leis sin.
    7.  
    Gabhfaidh éifeacht le beart dá dtagraítear i mír 1(c) nuair a fhoilseofar an fógra nó tráth, is tráth i ndiaidh a fhoilsithe, a bheidh sonraithe san fhógra agus ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hidirbheart a dhéanfar tar éis don bheart éifeacht a ghabháil.
    8.  
    Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar a bhearta dá dtagraítear i mír 1(c) ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéanfar beart a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag láithreach. Beidh feidhm ag mír 2 go mír 8 freisin maidir leis na bearta a athnuachan.
    9.  
    Beidh forlámhas ag beart arna ghlacadh ag ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon bheart eile a rinne údarás inniúil roimhe sin faoi Airteagal 62(2)(o) nó (n) de Threoir 2014/65/AE.
    10.  

    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun critéir agus tosca a shonrú chun an méid seo a leanas a chinneadh:

    (a) 

    bagairt a bheith ann d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear i ndáil leis na socruithe maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha nó le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de, dá dtagraítear i mír 2(a) agus á chur i gcuntas a mhéid a úsáidfear na suímh chun suímh i dtráchtearraí fisiceacha nó i gconarthaí tráchtearraí a fhálú agus a mhéid a leagtar síos na praghsanna sna bunmhargaí faoi threoir phraghsanna díorthach tráchtearraí;

    (b) 

    suíomh nó neamhchosaint a laghdú go hiomchuí a dhéanfar trí dhíorthach dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal sin;

    (c) 

    na cásanna ina bhféadfadh riosca arbatráiste rialála dá dtagraítear i mír 3(b) den Airteagal sin teacht chun cinn.

    Cuirfear i gcuntas sna critéir agus sna tosca sin na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(3) de Threoir 2014/65/AE agus déanfar idirdhealú leo idir na staideanna ina ngníomhaíonn ÚEUM toisc gur mhainnigh údarás inniúil gníomhú agus na staideanna ina dtugann ÚEUM aghaidh ar an riosca breise nach bhfuil an t-údarás inniúil in ann aghaidh a thabhairt air go leordhóthanach de bhun Airteagal 69(2)(j) nó (o) de Threoir 2014/65/AE.

    TEIDEAL VIII

    SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ AG GNÓLACHTAÍ TRÍÚ TÍR TAR ÉIS CINNEADH COIBHÉISE A BHEITH ANN LE BRAINSE NÓ GAN BHRAINSE

    Airteagal 46

    Forálacha ginearálta

    1.  
    Féadfaidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh le seirbhísí coimhdeacha nó gan aon seirbhísí coimhdeacha do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn i d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE atá bunaithe ar fud an Aontais gan aon bhrainse a bhunú ach amháin ina mbeidh sé cláraithe i gclár gnólachtaí tríú tír a choinníonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 47.
    2.  

    Ní dhéanfaidh ÚEUM gnólacht tríú tír a bhfuil iarratas déanta aige ar sholáthar seirbhísí infheistíochta nó ar fheidhmiú gníomhaíochtaí infheistíochta ar fud an Aontais i gcomhréir le mír 1 a chlárú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(1);

    (b) 

    go mbeidh an gnólacht údaraithe sa dlínse ina bhfuil a phríomhoifig bunaithe na seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta sin atá le soláthar a sholáthar san Aontas agus go mbeidh sé faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach trína n-áiritheofar go gcomhlíonfar ina n-iomláine na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin;

    (c) 

    go mbeidh socruithe comhair bunaithe de bhun mhír 47(2;

    ▼M2

    (d) 

    tá na socruithe agus na nósanna imeachta is gá bunaithe ag an ngnólacht chun an fhaisnéis a leagtar amach i mír 6a a thuairisciú.

    ▼B

    3.  
    I gcás ina mbeidh gnólacht tríú tír cláraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise a fhorchur ar ghnólacht an tríú tír maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó le Treoir 2014/65/AE agus ní dhéileálfaidh siad níos fabhraí le gnólachtaí tríú tír ná gnólachtaí an Aontais.
    4.  
    Cuirfidh an gnólacht tríú tír dá dtagraítear i mír 1 a iarratas faoi bhráid ÚEUM tar éis don Choimisiún an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 47 a ghlacadh lena gcinntear go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír ina bhfuil an gnólacht tríú tír údaraithe coibhéiseach leis na ceanglais a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 47(1).

    Déanfaidh an gnólacht iarrthach tríú tír gach faisnéis is gá chun é a chlárú a sholáthar do ÚEUM. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos faoina mbeidh ar an ngnólacht iarrthach tríú tír faisnéis bhreise a sholáthar.

    Is ar bhonn na gcoinníollacha atá leagtha amach i mír 2 a dhéanfar cinneadh faoin gclárú.

    Laistigh de 180 lá oibre tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don ghnólacht iarrthach tríú tír ar deonaíodh nó nár deonaíodh an clárú agus míniú lán-réasúnaithe á thabhairt ina thaobh.

    ▼M2

    Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnólachtaí tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, nó gníomhaíochtaí infheistíochta in éineacht le seirbhísí coimhdeachta a fheidhmiú dóibh, ina gcríocha i gcomhréir leis na córais náisiúnta i gcás nár glacadh aon chinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(1), i gcás inar glacadh cinneadh den sórt sin ach nach bhfuil feidhm aige a thuilleadh, nó nach bhfuil na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí lena mbaineann cumhdaithe.

    ▼B

    5.  
    Cuirfidh gnólachtaí tríú tíortha a sholáthraíonn seirbhísí i gcomhréir leis an Airteagal seo in iúl do chliaint atá bunaithe san Aontas, sula soláthrófar aon seirbhísí infheistíochta, nach bhfuil cead acu seirbhísí a sholáthar do chliaint eile seachas contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach bhfuil siad faoi réir maoirseachta san Aontas. Cuirfidh siad in iúl ainm agus seoladh an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht sa tríú tír.

    Cuirfear an fhaisnéis sa chéad fhomhír ar fáil i scríbhinn agus ar bhealach feiceálach.

    ▼M2

    Contrapháirtí incháilithe nó cliant gairmiúil de réir bhrí Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, i gcás ina dtionscnóidh sé, ar a thionscnamh eisiach féin, seirbhís nó gníomhaíocht infheistíochta a bheidh á soláthar ag gnólacht tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht sin a bheith á soláthar ag an ngnólacht tríú tír don duine sin, lena n-áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin. Gan dochar do chaidreamh inghrúpa, i gcás ina ndéanfaidh gnólacht tríú tír, lena n-áirítear trí eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó le haon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach féin an chliaint. Le tionscnamh ó na cliaint sin, ní bheidh an gnólacht tríú tír i dteideal catagóirí nua táirgí infheistíochtaí nó seirbhísí infheistíochta a mhargú don duine aonair sin.

    ▼B

    6.  
    Na gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo, sula soláthróidh siad aon seirbhís nó aon ghníomhaíocht a fheidhmiú i ndáil le cliant bunaithe san Aontas, tairgfidh siad aon díospóidí a bhaineann leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid dlínse chúirte nó binse eadrána i mBallstát.

    ▼M2

    6a.  
    Gnólachtaí tríú tír a chuireann seirbhísí ar fáil nó a dhéanann gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh siad ÚEUM ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoin méid seo a leanas:
    (a) 

    scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí arna gcur ar fáil agus arna ndéanamh ag na gnólachtaí san Aontas, lena n-áirítear a ndáileadh geografach ó Bhallstát go Ballstát;

    (b) 

    i gcás gnólachtaí a dhéanann an ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, a neamhchosaint mhíosúil, idir neamhchosaint íosta, neamhchosaint mheánach agus neamhchosaint uasta, ar chontrapháirtithe AE;

    (c) 

    i gcás gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais arna dtionscnamh ó chontrapháirtithe AE a frithghealladh nó a cuireadh ar bhonn ceangaltais dhaingin sa 12 mhí roimhe sin;

    (d) 

    láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní i gcomhréir leis na seirbhísí agus leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

    (e) 

    cibé acu an ndearnadh socruithe i dtaobh cosaint infheisteoirí, agus tuairisc mhionsonraithe air sin;

    (f) 

    an beartas bainistithe riosca agus socruithe arna gcur i bhfeidhm ag an ngnólacht maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar agus a dhéanamh;

    (g) 

    na socruithe rialachais, lena n-áirítear na príomhfheidhmeannaigh maidir le gníomhaíochtaí an ghnólachta san Aontas;

    (h) 

    aon fhaisnéis eile is gá chun go mbeidh ÚEUM nó na húdaráis inniúla in ann a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis a gheofar i gcomhréir leis an mír seo in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina soláthraíonn gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo.

    I gcás inar gá chun gur féidir le ÚEUM nó leis na húdaráis inniúla a chúraimí nó a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM, lena n-áirítear ar iarraidh ó údarás inniúil sna Ballstáit ina soláthraíonn gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, a iarraidh ar ghnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, tuilleadh faisnéise maidir lena gcuid oibríochtaí a chur ar fáil.

    6b.  
    I gcás ina soláthróidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, na sonraí a bhaineann le gach ordú agus gach idirbheart in ionstraimí airgeadais a rinne an gnólacht sin san Aontas, bíodh sé ar a chuntas féin nó ar son cliaint, déanfaidh sé iad a choimeád ar fáil do ÚEUM ar feadh tréimhse cúig bliana.

    Ar iarraidh ón údarás inniúil i mBallstát, i gcás ina soláthróidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh ÚEUM rochtain ar na sonraí ábhartha a choimeádtar ar fáil dó i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus cuirfidh sé na sonraí sin ar fáil don údarás inniúil iarrthach.

    6c.  
    I gcás nach gcomhoibreoidh gnólacht tríú tír in imscrúdú nó i gcigireacht ar an láthair arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 47(2), nó i gcás nach gcomhlíonfaidh sé iarraidh ó ÚEUM i gcomhréir le míreanna 6a nó 6b den Airteagal seo in am trátha agus ar bhealach cuí, féadfaidh ÚEUM clárú an ghnólachta sin a tharraingt siar nó gníomhaíochtaí an ghnólachta a thoirmeasc nó a shrianadh ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 49.

    ▼C4

    7.  
    Déanfaidh ÚEUM, i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis nach mór don ghnólacht tríú tír is iarratasóir a sholáthar san iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 agus an fhaisnéis nach mór a thuairisciú i gcomhréir le mír 6a a shonrú.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2020.

    ▼M2

    8.  
    Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid a shonrú ina bhfuil an t iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 le cur isteach agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6a le tuairisciú.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2020.

    ▼B

    Airteagal 47

    Cinneadh coibhéise

    ▼M2

    1.  

    Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) i ndáil le tríú tír á rá go n‐áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin gach ceann de na nithe seo a leanas:

    (a) 

    go gcomhlíonann gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí agus ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), i dTreoir 2013/36/AE, i dTreoir 2014/65/AE agus i dTreoir 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ) agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi na gníomhartha reachtacha sin;

    (b) 

    go bhfuil gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí; agus

    (c) 

    go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír.

    I gcás inar dócha, tar éis an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, ní fhéadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag na ceanglais maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear san fhomhír sin ach amháin tar éis measúnú mionsonraithe gráinneach a dhéanamh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an gcóineasú maoirseachta idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas agus cuirfidh sé an méid sin san áireamh.

    1a.  

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis na himthosca faoinar dócha, tar éis cinneadh coibhéise dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas.

    I gcás inar dócha go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha sonracha oibríochtúla a chur i gceangal le cinntí coibhéise lena áirithiú go bhfuil ag ÚEUM agus ag údaráis náisiúnta inniúla na huirlisí is gá chun arbatráiste rialála a chosc agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2) i leith seirbhísí a sholáthraítear agus gníomhaíochtaí a dhéantar san Aontas, deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann na gnólachtaí sin an méid seo a leanas:

    (a) 

    na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21;

    (b) 

    na ceanglais tuairiscithe ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26, i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a fháil go díreach agus ar bhonn leanúnach a bhuí le meabhrán tuisceana le húdarás inniúil tríú tír;

    (c) 

    na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis an oibleagáid trádála dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 28, i gcás inarb infheidhme.

    Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an aithnítear an tríú tír mar dhlínse neamh‐chomhoibríoch chun críoch cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar thríú tír a bhfuil ardriosca ag baint léi de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849.

    "1b.  

    Féadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat an tríú tír maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a) 

    tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir údarú agus faoi réir maoirseachta agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach;

    (b) 

    tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir ceanglais chaipitil leordhóthanacha agus, go háirithe, tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí nó a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (3) nó (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE faoi réir ceanglais chaipitil is inchomparáide leis na ceanglais sin a chuirfidís i bhfeidhm dá mbeidís bunaithe san Aontas;

    (c) 

    tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir ceanglais iomchuí is infheidhme maidir le scairshealbhóirí agus comhaltaí dá gcomhlacht bainistíochta;

    (d) 

    tá gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta faoi réir ceanglais maidir le hiompar gnó agus eagrúchán;

    (e) 

    áirithítear trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid margaidh i bhfoirm déileáil cos istigh agus cúbláil margaidh a chosc.

    Chun críocha mhír 1a den Airteagal seo, nuair a dhéantar measúnú ar choibhéis rialacha tríú tír maidir leis an oibleagáid trádála a leagtar amach in Airteagail 23 agus 28, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú freisin an bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír do chritéir chun ionaid trádála a ainmniú atá incháilithe maidir leis an oibleagáid trádála a chomhlíonadh, ar critéir iad a bhfuil an éifeacht chéanna acu agus atá ag na critéir sin a leagtar amach faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 2014/65/AE.

    ▼B

    2.  

    Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach, a bheag nó a mhór, i gcomhréir le mír. Sonróidh socruithe den sórt sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

    ▼M2

    (a) 

    an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrann ÚEUM faoi na gnólachtaí nach de chuid AE iad atá údaraithe i dtríú tíortha agus, i gcás inarb ábhartha, na socruithe a bhaineann le comhroinnt na faisnéise sin ag ÚEUM tar éis sin le húdaráis inniúla na mBallstát;

    ▼B

    (b) 

    an sásra chun fógra a thabhairt go pras do ÚEUM i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil gnólacht tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag ÚEUM sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 48 ag sárú choinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé d’oibleagáid air a chomhlíonadh;

    ▼M2

    (c) 

    na nósanna imeachta maidir le comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta, lena n‐áirítear imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a fhéadfaidh ÚEUM a dhéanamh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina soláthraíonn an gnólacht tríú tíre seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 46, i gcás inar gá sin a dhéanamh chun cúraimí ÚEUM nó an údaráis inniúil a bhaint amach i gcomhréir leis an Rialachán seo, tar éis údarás inniúil an tríú tír a chur ar an eolas ina leith;

    ▼M2

    (d) 

    na nósanna imeachta lena mbaineann iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 46(6a) agus (6b) a fhéadfaidh ÚEUM a chur faoi bhráid gnólacht tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2).

    ▼C2

    3.  
    Maidir le gnólacht tríú tír arna bhunú i dtír ina mbeidh a chreat dlíthiúil agus maoirseachta aitheanta a bheith coibhéiseach, go héifeachtach, i gcomhréir le mír 1, agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir 2014/65/AE, beidh sé in ann na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin údarúchán a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE i mBallstáit eile an Aontais gan brainsí nua a bhunú. Chuige sin, comhlíonfaidh sé na ceanglais faisnéise in Airteagal 34 de Threoir 2014/65/AE chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí trasteorann a sholáthar.

    ▼B

    Leanfaidh an brainse de bheith faoi réir mhaoirsiú an Bhallstáit i gcás ina mbunófar an brainse i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir 2014/65/AE. Mar sin féin, agus gan dochar do na hoibleagáidí chun comhoibriú a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an brainse bunaithe agus údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh comhaontuithe comhréireacha comhair a bhunú chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal cuí cosanta infheisteoirí á sheachadadh ag brainse an ghnólachta tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta laistigh den Aontas.

    4.  
    Ní fhéadfaidh tríú tír na cearta faoi Airteagal 46(1) a úsáid a thuilleadh i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) ag tarraingt siar a chinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo i ndáil leis an tríú tír sin.

    ▼M2

    5.  

    Déanfaidh ÚEUM faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta, ar na cleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha a mbeidh cinntí coibhéise glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun mhír 1 chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha ar glacadh na cinntí ar a mbonn fós á gcomhlíonadh. Cuirfidh ÚEUM, ar bhonn bliantúil, tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin maidir le torthaí an fhaireacháin sin. I gcás ina measfaidh ÚEUM gurb iomchuí sin, féadfaidh ÚEUM dul i gcomhairle le ÚBE i dtaca leis an tuarascáil.

    Leis an tuarascáil freisin, léireofar na treochtaí a thugtar faoi deara ar bhonn na sonraí a bhailítear faoi Airteagal 46(6a), go háirithe i dtaobh gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí nó a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

    6.  

    Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 5, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn bliantúil ar a laghad. Sa tuarascáil, beidh liosta de na cinntí coibhéise a rinne nó a tharraing an Coimisiún siar le linn na bliana tuairiscithe, mar aon le haon bhearta a rinne ÚEUM de bhun Airteagal 49, agus tabharfar an réasúnú atá leis na cinntí agus leis na bearta sin.

    Beidh sa tuarascáil ón gCoimisiún faisnéis faoin bhfaireachán ar na forbairtí maidir le rialáil agus maoirseacht, faoi na cleachtais forfheidhmiúcháin agus forbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha ar glacadh cinntí coibhéise ina leith. Sa tuarascáil, féachfar chomh maith ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar sholáthar trasteorann seirbhísí infheistíochta ag gnólachtaí tríú tír go ginearálta agus, go háirithe, maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE. In am trátha, beidh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le measúnuithe coibhéise atá idir lámha ag an gCoimisiún i dtaca le tríú tír.

    ▼B

    Airteagal 48

    Clár

    Coimeádfaidh ÚEUM clár de na gnólachtaí tríú tír a bhfuil cead acu seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 46. Beidh an clár inrochtana don phobal ar shuíomh gréasáin ÚEUM agus beidh faisnéis ann faoi na seirbhísí nó faoi na gníomhaíochtaí a mbeidh cead ag na gnólachtaí tríú tír iad a sholáthar nó a fheidhmiú agus tagairt don údaráis inniúil atá freagrach as iad a mhaoirsiú sa tríú tír.

    ▼M2

    Airteagal 49

    Bearta atá le déanamh ag ÚEUM

    1.  
    Féadfaidh ÚEUM, ar bhonn sealadach, toirmeasc nó srian a chur ar ghnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh le seirbhísí coimhdeacha nó gan aon seirbhísí coimhdeacha i gcomhréir le hAirteagal 46(1) i gcás inar mhainnigh an gnólacht tríú tír aon toirmeasc nó srian a chomhlíonadh arna fhorchur ag ÚEUM nó ÚBE i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 41 nó ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 42 nó inar mhainnigh sé iarraidh ó ÚEUM a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) agus (6b) in am trátha agus ar bhealach cuí, nó i gcás nach gcomhoibreoidh gnólacht tríú tír in imscrúdú nó i gcigireacht ar an láthair arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 47(2).
    2.  

    Gan dochar do mhír 1, déanfaidh ÚEUM clárú gnólachta tríú tír sa chlár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 48 a tharraingt siar i gcás inar chuir ÚEUM an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nach ndearna an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí is gá chun infheisteoirí nó feidhmiú cuí na margaí san Aontas a chosaint, nó i gcás inar mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an gnólacht tríú tír lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír, nó na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1), agus go bhfuil feidhm ag ceann de na nithe seo a leanas:

    (a) 

    tá ag ÚEUM cúiseanna a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis bhliantúil a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin, chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír, le linn dó seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas, ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí nó d'fheidhmiú ordúil na margaí;

    (b) 

    tá ag ÚEUM cúiseanna a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis bhliantúil a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin, chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír, le linn dó seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas, tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar na forálacha is infheidhme maidir leis sa tríú tír agus ar ghlac an Coimisiún an Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) ina leith.

    3.  

    Cuirfidh ÚEUM in iúl d'údarás inniúil an tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige beart a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 in am trátha.

    Sula ndéanfaidh ÚEUM cinneadh faoin ngníomhaíocht iomchuí is ceart a dhéanamh faoin Airteagal seo, cuirfidh sé san áireamh cineál agus tromchúis an riosca d'infheisteoirí agus feidhmiú cuí na margaí san Aontas, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

    (a) 

    fad agus minicíocht an riosca a bhí ann;

    (b) 

    ar nocht an riosca laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta gnólachtaí tríú tír;

    (c) 

    an raibh an riosca ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais de dheasca an riosca nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an riosca ar shlí eile;

    (d) 

    ar tháinig an riosca chun cinn d'aon ghnó nó le faillí.

    Cuirfidh ÚEUM an Coimisiún agus an gnólacht tríú tír lena mbaineann ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a glacadh i gcomhréir le mír 1 nó 2 agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.

    Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú an bhfuil na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) ann fós i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.

    ▼B

    TEIDEAL IX

    GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDIL 1

    Gníomhartha tarmligthe

    Airteagal 50

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.  
    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    ▼M3

    2.  
    Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), agus (3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27(4), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(7), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (12) agus (14) go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 2 Iúil 2014.

    ▼C5

    3.  
    ►M3  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27(4), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(7), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (12) agus (14) a chúlghairm aon tráth. ◄ I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    ▼B

    4.  
    A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

    ▼M2

    5.  
    ►M3  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 27(4), Airteagal 27g(7), Airteagal 27h(7), Airteagal 31(4), Airteagal 38k(10), Airteagal 38n(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10), (12) agus (14) i bhfeidhm ach amháin mura ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne faoi cheann trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach ndéanfaidís agóid ina choinne ◄ Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    ▼B

    CAIBIDIL 2

    Gníomhartha cur chun feidhme

    Airteagal 51

    An nós imeachta Coiste

    1.  
    Beidh an Coiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún ( 17 ) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
    2.  
    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    TEIDEAL X

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 52

    Tuarascálacha agus athbhreithniú

    1.  
    Faoin ►M1  3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar atá ag na hoibleagáidí trédhearcachta a bunaíodh de bhun Airteagal 3 go hAirteagal 13, go háirithe maidir le tionchar an tsásra caidhpeála méide a thuairiscítear in Airteagal 5, lena n-áirítear maidir leis an gcostas trádála do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla agus maidir le trádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, agus a éifeachtúlacht chun a áirithiú nach ndéanfaidh an úsáid a bhaintear as na tarscaoiltí ábhartha dochar do chruthú praghsanna agus conas a d’fhéadfadh aon sásra iomchuí chun pionóis a fhorchur i gcás sáruithe ar an gcaidhpheáil mhéide oibriú, agus maidir le cur i bhfeidhm na dtarscaoilte agus cé chomh hoiriúnach is atá siad fós d’oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a bunaíodh de bhun Airteagal 4(2) agus (3) agus Airteagal 9(2) go (5).
    2.  

    Cuirfear san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 tionchar úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) ar mhargaí cothromais Eorpacha, agus ar an sásra caidhpeála méide faoi Airteagal 5, ag tagairt go háirithe do na nithe seo a leanas:

    (a) 

    leibhéal agus treocht trádáil leabhar orduithe neamhthrédhearcach laistigh den Aontas ó tugadh isteach an Rialachán seo;

    (b) 

    tionchar ar na raonta difríochta trédhearcacha réamhthrádála arna lua;

    (c) 

    tionchar ar leibhéal leachtachta ar leabhair orduithe thrédhearcacha;

    (d) 

    tionchar ar iomaíocht agus ar infheisteoirí laistigh den Aontas;

    (e) 

    an tionchar ar thrádáil scaireanna ag cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe;

    (f) 

    forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus idirphlé le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

    3.  
    Má thagann an tuarascáil ar an tuairim go bhfuil úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) díobhálach don socrú praghsanna, nó do thrádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí, lena n-áirítear leasuithe ar an Rialachán seo, maidir le húsáid na dtarscaoiltí sin. Cuirfear san áireamh i dtograí den chineál sin measúnú tionchair na leasuithe molta agus cuspóirí an Rialacháin seo agus éifeachtaí ar shuaitheadh margaidh agus ar iomaíocht, agus na tionchair a d’fhéadfaidís a imirt ar infheisteoirí san Aontas.
    4.  
    Faoin ►M1  3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú Airteagal 26, lena n-áirítear an leor ábhar agus formáid na dtuarascálacha idirbhirt a fuarthas agus a malartaíodh idir na húdaráis inniúla le gur féidir faireachán a dhéanamh, ar shlí chuimsitheach, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(1). Féadfaidh an Coimisiún aon tograí ábhartha a dhéanamh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a thuairisciú do chóras arna ainmniú ag ÚEUM seachas d’údaráis inniúla, trínar féidir le húdaráis inniúla ábhartha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile a thuairiscítear de bhun an Airteagail seo chun críocha an Rialacháin seo agus Threoir 2014/65/AE agus chun déileáil cos istigh agus cúbláil mhargaidh a bhrath i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.
    5.  
    Faoin ►M1  3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le réitigh iomchuí chun neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú chomh maith le huirlisí do rialtóirí chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí luachana i ndáil le hionaid trádála. Déanfaidh an tuarascáil sin ar a laghad measúnú ar an bhféidearthacht chun an córas Eorpach tairgthe agus tairisceana is fearr a fhorbairt do luachana comhdhlúite chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.
    6.  
    Faoin ►M1  3 Márta 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir le trádáil i ndíorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 28.
    7.  
    Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an bhforbairt i bpraghsanna i ndáil le sonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna, ó APAnna agus ó CTPanna.
    8.  
    Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar athbhreithniú ar na forálacha idir-inoibritheachta in Airteagal 36 den Rialachán seo agus in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
    9.  
    Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú Airteagal 35, Airteagal 36 den Rialachán seo agus Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

    Faoin ►M1  3 Iúil 2022 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37.

    10.  
    Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tionchar Airteagal 35 agus Airteagal 36 den Rialachán seo ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 35(5) agus ar ionaid trádála a bhfuil dlúthbhaint acu leis na CCPanna sin agus i dtaobh an sínfear an socrú idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 35(5), agus measúnú á dhéanamh ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann do thomhaltóirí chun iomaíocht agus an réimse rogha a bheidh ar fáil do rannpháirtithe an mhargaidh a fheabhsú i gcoinne éifeacht dhíréireach fhéideartha na bhforálacha sin ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe agus na sriantachtaí ar rannpháirtithe an mhargaidh áitiúil chun rochtain a fháil ar CCPanna domhanda agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh.

    Faoi réir chonclúidí na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an idirthréimhse a shíneadh ar feadh 30 mí ar a mhéad i gcomhréir le hAirteagal 35(5).

    11.  
    Faoin ►M1  3 Iúil 2020 ◄ , déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtaobh an bhfuil an tairseach a leagtar síos in Airteagal 36(5) fós iomchuí agus i dtaobh an mbeidh an sásra maidir leis rogha chun fanacht amuigh i leith díorthach arna dtrádáil ar mhalartán fós ar fáil.
    12.  
    Faoin 3 Iúil 2016, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar mheasúnú riosca arna chur i gcrích ag ÚEUM i gcomhairle le BERS, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an ngá chun díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a eisiamh go sealadach ó raon feidhme Airteagal 35 agus Airteagal 36. Cuirfear i gcuntas sa tuarascáil sin na rioscaí, más ann dóibh, a éiríonn ó fhorálacha rochtana oscailte maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán don chobhsaíocht d’fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais ar fud an Aontais.

    Faoi réir chonclúidí na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a eisiamh go sealadach ó raon feidhme Airteagal 35 agus Airteagal 36 ar feadh suas go tríocha mí tar éis an ►M1  3 Eanáir 2018 ◄ .

    ▼M2

    13.  
    Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgais a ghlacadh de láimh i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/2033 agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

    ▼C6

    14.  
    Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite arna bunú i gcomhréir le Teideal IVa. Tíolacfar an tuarascáil a bhaineann le hAirteagal 27h(1) faoin 3 Meán Fómhair 2019. Tíolacfar an tuarascáil a bhaineann le hAirteagal 27h(2) faoin 3 Meán Fómhair 2021.

    Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar measúnú ar fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite i bhfianaise na gcritéar seo a leanas:

    (a) 

    faisnéis iarthrádála i bhformáid chomhdhlúite a bheith ar fáil agus tráthúil ina ngabhfar gach idirbheart is cuma cé acu a dhéanfar ar ionaid trádála iad nó nach ndéanfar;

    (b) 

    faisnéis iarthrádála iomlán agus pháirteach i bhformáid chomhdhlúite a bheith ar fáil agus tráthúil atá ar ardcháilíocht, i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh agus atá ar fáil ar bhonn réasúnta tráchtála.

    I gcás go gcinneann an Coimisiún gur mhainnigh CTPanna faisnéis a thabhairt ar shlí a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach sa dara fomhír, cuirfidh an Coimisiún iarraidh i gceangal lena thuarascáil chuig ÚEUM chun nós imeachta idirbheartaíochta a sheoladh le go gceapfar eintiteas tráchtála a fheidhmeoidh teilitéip chomhdhlúite trí phróiseas soláthair phoiblí arna eagrú ag ÚEUM. Seolfaidh ÚEUM an nós imeachta tar éis an iarraidh ón gCoimisiún a fháil maidir leis na coinníollacha a bheidh sonraithe san iarraidh ón gCoimisiún agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ).

    15.  

    I gcás gur tionscnaíodh an nós imeachta a leagtar amach i mír 14 den Airteagal seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí bhearta a shonrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a) 

    foráil a dhéanamh maidir le tréimhse an chonartha atá ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus maidir leis an bpróiseas agus na coinníollacha chun an conradh a athnuachan agus an soláthar poiblí nua a sheoladh;

    (b) 

    foráil a dhéanamh maidir leis an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite agus go bhfeidhmeoidh sé amhlaidh ar bhonn eisiach agus nach n-údarófar aon eintiteas eile mar CTP i gcomhréir le hAirteagal 27b;

    (c) 

    a chumhachtú do ÚEUM a áirithiú go mbeidh coinníollacha na tairisceana á gcomhlíonadh ag an eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a ceapadh trí sholáthar poiblí.

    (d) 

    a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis iarthrádála a thugann an t-eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite ar ardcháilíocht, i bhformáidí atá sorochtana agus inúsáidte do rannpháirtithe sa mhargadh agus i bhformáid chomhdhlúite lena ngabhtar an margadh iomlán;

    (e) 

    a áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iarthrádála ar bhonn réasúnta tráchtála, ar bhonn comhdhlúite agus neamh-chomhdhlúite, agus go ndéanfaidh sí riar ar riachtanais úsáideoirí na faisnéise sin ar fud an Aontais;

    (f) 

    a áirithiú go gcuirfidh an hionaid trádála agus APAnna a sonraí trádála ar fáil don eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí phróiseas soláthair phoiblí arna eagrú ag ÚEUM ar chostas réasúnta;

    (g) 

    socruithe a shonrú a bheidh infheidhme i gcás go mainneoidh an t-eintiteas tráchtála a fheidhmíonn teilitéip chomhdhlúite a cheapfar trí sholáthar poiblí coinníollacha na tairisceana a chomhlíonadh;

    (h) 

    socruithe a shonrú ar dá réir a leanfaidh CTPanna arna n-údarú faoi Airteagal 27b de bheith ag feidhmiú teilitéip chomhdhlúite i gcás nach n-úsáidfear an cumhachtú lena bhforáiltear i bpointe (b) den mhír seo, nó i gcás nach gceapfar aon eintiteas trí sholáthar poiblí, go dtí go gcuirfear soláthar poiblí nua i gcrích agus go gceapfar eintiteas tráchtála chun teilitéip chomhdhlúite a fheidhmiú.

    ▼B

    Airteagal 53

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

    (1) 

    in Airteagal 5(2), cuirtear isteach an fhomhír seo leanas:

    “Le linn dó na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt faoin mír seo, ní dhéanfaidh ÚEUM dochar don fhoráil idirthréimhseach a bhaineann le conarthaí díorthacha C6 mar a leagtar síos in Airteagal 95 de Threoir 2014/65/AE ( 19 ).

    (2) 

    Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    (a) 

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

    “1.  

    Aon CPP a bheidh údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála. Áireofar leis sin, go háirithe, go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar conas a thrádálfar conarthaí ar an ionad trádála sin a láimhseálfar sna téarmaí seo a leanas:

    (a) 

    ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CPP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht agus/nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus

    (b) 

    traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CPP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41.

    Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh.”;

    (b) 

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas

    “6.  
    Déanfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 maidir le cóireáil neamh-idirdhealaitheach faoi conas a dhéileálfar le conarthaí a thrádálfar ar ionad trádála ó thaobh ceanglas cothaobhachta agus glanluacháil ar chonarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna a shonrú tuilleadh leis na caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 35(6)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ( *1 ).”;
    (3) 

    In Airteagal 81(3), cuirtear an fhomhír seo leanas leis:

    “Tarchuirfidh stór trádála na sonraí sin chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (*1) ”.

    Airteagal 54

    Forálacha idirthréimhseacha

    ▼M2

    1.  
    Féadfaidh gnólachtaí tríú tír leanúint de sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a sholáthar sna Ballstáit, i gcomhréir leis na córais náisiúnta, go dtí trí bliana tar éis cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún i ndáil leis an tríú tír ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 47. Seirbhísí agus gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear le cinneadh den sórt sin, féadfar leanúint de bheith á soláthar i gcomhréir le córas náisiúnta.

    ▼B

    2.  
    ►M5  Má chinneann an Coimisiún nach gá díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán a eisiamh ó raon feidhme Airteagail 35 agus 36 i gcomhréir le hAirteagal 52(12), féadfaidh CCP nó ionad trádála, roimh an 22 Meitheamh 2022, iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil ar chead leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil, agus na rioscaí d’fheidhmiú ordúil CCP ábhartha nó an ionaid trádála a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceart rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán á gcur san áireamh, a chinneadh nach bhfuil feidhm ag Airteagal 35 nó Airteagal 36 maidir le CCP ábhartha nó leis an ionad trádála, faoi seach, maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán, ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Iúil 2023. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil idirthréimhse den sórt sin a fhormheas, ní bhainfidh CCP ná an t-ionad trádála leas as na cearta rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán ar feadh thréimhse na hidirthréimhse. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA agus, i gcás CCP, do choláiste na n-údarás inniúil do CCP den sórt sin, ón uair a fhormheasann sé idirthréimhse. ◄

    I gcás ina mbeadh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le hionad trádála amháin nó níos mó, ní bhainfidh na hionaid trádála sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 35 nó Airteagal 36 maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán le haghaidh ré na hidirthréimhse sin.

    I gcás ina mbeadh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le CCP amháin nó níos mó, ní bhainfidh na CCPanna sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 35 ná faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán ar feadh ré na hidirthréimhse sin.

    ▼M3

    Airteagal 54a

    Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

    1.  
    Déanfar na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí a tharchur chuig ÚEUM an 1 Eanáir 2022, ach amháin inniúlachtaí agus dualgais a bhaineann le APAnna agus ARManna atá faoi réir ag maolú dá dtagraítear in Airteagal 2(3). Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin a aistríodh ar an dáta céanna.
    2.  
    Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na seirbhísí tuairiscithe sonraí, lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

    Maidir le hiarratas ar údarú a fhaigheann údaráis inniúla, áfach, faoin 1 Deireadh Fómhair 2021 ní aistreofar é chuig ÚEUM, agus is é an t-údarás inniúil ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh clárú a dhéanamh nó a dhiúltú.

    3.  
    Áiritheoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus ar aon chuma faoin 1 Eanáir 2022. Ina theannta sin, tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí.
    4.  
    Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi chuimsiú an Rialacháin seo.
    5.  
    Má dheonaíonn údarás inniúil mar atá sainmhínithe i bpointe 26 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE údarú soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí, leanfaidh an t-údarú sin de bheith bailí tar éis aistriú na n-inniúlachtaí chuig ÚEUM.

    Airteagal 54b

    Caidreamh le hiniúchóirí

    1.  

    Aon duine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ), ag gníomhú dó ina sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí agus an cúram a thuairiscítear in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) nó Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE á fheidhmiú aige nó aon chúram eile a leagtar síos sa dlí, beidh dualgas air aon fhíoras nó cinneadh a thuairisciú go pras chuig ÚEUM a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin ar tháinig an duine sin air agus é i mbun an chúraim sin agus ar féidir go ndéanfaidh sé:

    (a) 

    sárú ábhartha ar na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear an t-údarú nó lena rialaítear na gníomhaíochtaí go sonrach a dhéanann an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí sin;

    (b) 

    difear d’fheidhmiú leanúnach an tsoláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí;

    (c) 

    údar a thabhairt chun deimhniú na gcuntas a dhiúltú nó cúiseanna imní a chur in iúl.

    Beidh dualgas ar an duine sin freisin aon fhíorais nó cinntí a thuairisciú ar tháinig an duine orthu le linn dó a bheith i mbun ceann de na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ngnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis an soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí ina bhfuil sé nó sí ag déanamh an chúraim sin.

    2.  
    Ní sárú an nochtadh faisnéise de mheon macánta do na húdaráis inniúla, ag daoine a údaraíodh de réir bhrí Threoir 2006/43/CE, d’aon fhíoras nó cinneadh dá dtagraítear i mír 1, ar shrianta dlíthiúla nó conarthacha ar nochtadh faisnéise agus ní ghabhfaidh dliteanais de chineál ar bith leis na daoine sin.

    ▼B

    Airteagal 55

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    ▼M1

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 3 Eanáir 2018 ar aghaidh.

    ▼B

    ►C1  D'ainneoin an dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 1(8) agus (9), Airteagal 2(2), Airteagal 4(6), Airteagal 5(6) agus (9), ◄ Airteagal 7(2), Airteagal 9(5), Airteagal 11(4), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(7), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 20(3), Airteagal 21(5), Airteagal 22(4), Airteagal 23(3), Airteagal 25(3), Airteagal 26(9), Airteagal 27(3), Airteagal 28(4), Airteagal 28(5), Airteagal 29(3), Airteagal 30(2), Airteagal 31(4), Airteagal 32(1), (5) agus (6), Airteagal 33(2), Airteagal 35(6), Airteagal 36(6), Airteagal 37(4), Airteagal 38(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10), Airteagal 46(7), Airteagal 47(1) agus (4), Airteagal 52(10) agus (12), agus Airteagal 54(1) go díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    ▼M1

    D'ainneoin an dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 37(1), (2) agus (3) ón 3 Eanáir 2020.

    ▼B

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



    ( 1 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    ( 2 ) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

    ( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    ( 4 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárchais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

    ( 5 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

    ( 6 ) Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).

    ( 7 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

    ( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

    ( 9 ) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

    ( 10 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

    ( 11 ) Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid, lena n-áirítear maoiniú sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

    ( 12 ) Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ar shocruithe imréitigh indírigh, an oibleagáid imréitigh, an clár poiblí, rochtain ar ionad trádála, contrapháirtithe neamhairgeadais, agus teicnící maolaithe riosca le haghaidh conarthaí díorthach OTC nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach (IO L 52, 23.2.2013, lch. 11).

    ( 13 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    ( 14 ) Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1).

    ( 15 ) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO 314, 5.12.2019, lch1.).

    ( 16 ) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 314 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus Treoir 2014/65/AE (IO 64).

    ( 17 ) Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).

    ( 18 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    ( 19 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/AE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;

    ( *1 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

    ( 20 ) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

    ( 21 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    Top