This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02013R1311-20200417
Council Regulation (EU, Euratom) No 1311/2013 of 2 December 2013 laying down the multiannual financial framework for the years 2014-2020
Consolidated text: Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020
Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020
02013R1311 — GA — 17.04.2020 — 003.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347 20.12.2013, lch. 884) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COUNCIL REGULATION (EU, Euratom) 2015/623 of 21 April 2015 (*) |
L 103 |
1 |
22.4.2015 |
|
COUNCIL REGULATION (EU, Euratom) 2017/1123 of 20 June 2017 (*) |
L 163 |
1 |
24.6.2017 |
|
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/538 ÓN GCOMHAIRLE an 17 Aibreán 2020 |
L 119I |
1 |
17.4.2020 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013
an 2 Nollaig 2013
lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020
CAIBIDIL 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Creat Airgeadais Ilbhliantúil
Leagtar amach an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020 ("CAI") san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Athscrúdú/athbhreithniú meántéarma ar CAI
Faoi dheireadh 2016 ar a dhéanaí, tíolacfaidh an Coimisiún athscrúdú ar fheidhmiú CAI agus an staid eacnamaíoch ag an tráth sin á chur san áireamh ina hiomláine chomh maith leis na réamh-mheastacháin maicreacnamaíocha is déanaí. Maidir leis an athscrúdú éigeantach seo, beidh togra reachtach le haghaidh athbhreithnithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i CFAE, de réir mar is iomchuí. Gan dochar d'Airteagal 7 den Rialachán seo, ní laghdófar na himchlúdaigh náisiúnta réamh-leithdháilte trí athbhreithniú den sórt sin.
Airteagal 3
Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh
Bunaítear an fho-uasteorainn do Cheannteideal 2 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn í gan dochar don tsolúbthacht idir dhá cholún an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Déanfar an uasteorainn choigeartaithe a chuirfear i bhfeidhm ar cholún 1 CBT tar éis na n-aistrithe idir an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus íocaíochtaí díreacha a leagan síos sa ghníomh ábhartha dlíthiúil agus déanfar CAI a choigeartú dá réir sin faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo.
Airteagal 4
Uasteorainn na n-acmhainní dílse a urramú
Airteagal 5
Corrlach foriomlán d'íocaíochtaí
The annual adjustments shall not exceed the following maximum amounts (in 2011 prices) for the years 2018-2020 as compared to the original payment ceiling of the relevant years:
Airteagal 6
Coigeartuithe teicniúla
Déanfaidh an Coimisiún na coigeartaithe teicniúla seo a leanas ar CAI gach bliain, ag gníomhú dó sula gcuirfear an nós imeachta buiséadach do bhliain n+1 i bhfeidhm:
athluacháil, ag praghsanna bhliain n+1, ar na huasteorainneacha agus ar na figiúirí foriomlána do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus do leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí;
ríomhfaidh sé an corrlach a bheidh ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagadh síos i gcomhréir le Cinneadh 2007/436/CE, Euratom;
ríomhfaidh sé dearbhmhéid an Chorrlaigh Theagmhasaigh dá bhforáiltear in Airteagal 13;
ríomhfaidh sé an corrlach foriomlán d'íocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5;
ríomhfaidh sé an corrlach foriomlán d'oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14;
calculation of the amounts to be made available to the Flexibility Instrument under the second subparagraph of Article 11(1).
Airteagal 7
Coigeartú a dhéanamh ar na himchlúdaigh beartais chomhtháthaithe
Airteagal 8
Coigeartuithe a bhaineann le bearta lena nasctar éifeachtacht cistí le rialachas eacnamaíoch fónta
I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraí na n-oibleagáidí buiséadacha a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe nó leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh i gcomhthéacs bearta lena nasctar éifeachtacht cistí le rialachas eacnamaíoch fónta, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an ngníomh bunúsach ábhartha, na hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí a aistriú go dtí na blianta ina dhiaidh sin. Maidir le hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí agus a bhaineann le bliain n, ní fhéadfar buiséad a athdhéanamh dóibh i ndiaidh bhliain n+3.
CAIBIDIL 2
Ionstraimí speisialta
Airteagal 9
An Cúlchiste um Chabhair Éigeandála
Airteagal 10
Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh
Article 11
Flexibility Instrument
Each year, starting in 2017, the annual amount available for the Flexibility Instrument shall be increased by:
an amount equivalent to the portion of the annual amount for the European Union Solidarity Fund which has lapsed in the previous year in accordance with Article 10(1);
an amount equivalent to the portion of the annual amount for the European Globalisation Adjustment Fund which has lapsed in the previous year.
Amounts made available to the Flexibility Instrument in accordance with the second subparagraph shall be used in accordance with the conditions set out in this Article.
Airteagal 12
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú
Airteagal 13
An Corrlach Teagmhasach
Article 14
Corrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí
Airteagal 15
Solúbthacht shonrach chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc an ógra agus chun taighde a neartú
Féadfar suas le EUR 2 543 milliún (i bpraghsanna 2011) a thúsualú in 2014 agus in 2015, mar chuid den nós imeachta bliantúil buiséadach, do chuspóirí sonracha beartais a bhaineann leis an dífhostaíocht i measc an ógra, leis an taighde, le ERASMUS do phríntíseachtaí go háirithe, agus le Fiontair Bheagmhéide agus Mheánmhéide. Déanfar an méid sin a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh leithreasaí laistigh de cheannteidil agus/nó idir ceannteidil chun nach ndéanfar athrú ar na huasteorainneacha iomlána bliantúla don tréimhse 2014 go 2020 ná ar an leithdháileadh iomlán in aghaidh an cheannteidil nó in aghaidh an fho-cheannteidil le linn na tréimhse.
Airteagal 16
Ranníocaíocht le maoiniú tionscadal ar mhórscála
CAIBIDIL 3
Athbhreithniú
Airteagal 17
Athbhreithniú ar CAI
Airteagal 18
Athbhreithniú a bhaineann le cur chun feidhme
Nuair a bheidh fógra maidir le torthaí na gcoigeartuithe teicniúla ar CAI á thabhairt ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tíolacfaidh sé aon tograí chun athbhreithniú a dhéanamh ar na leithreasaí iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a mheasfaidh sé a bheith riachtanach, i bhfianaise an chur chun feidhme, lena áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta ar na huasteorainneacha íocaíochta bliantúla agus, go háirithe, go ndéanfar forchéimniú ar bhealach ordúil i ndáil leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh maidir leis na tograí sin roimh 1 Bealtaine bhliain n.
Airteagal 19
Athbhreithniú mar thoradh ar rialacha nua nó ar chláir nua le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Comhtháthaithe, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh, an Chiste Tearmainn agus Imirce agus an Chiste Slándála Inmheánaí
Airteagal 20
Athbhreithniú ar CAI i gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar na Conarthaí
Má dhéantar athbhreithniú ar na Conarthaí idir 2014 agus 2020, ar athbhreithniú é lena ngabhfaidh impleachtaí buiséadacha, déanfar CAI a athbhreithniú dá réir.
Airteagal 21
Athbhreithniú ar CAI i gcás ina méadófar an tAontas
Má tharlaíonn aontachas amháin nó níos mó leis an Aontas idir 2014 agus 2020, déanfar CAI a athbhreithniú chun na ceanglais chaiteachais a bheidh mar thoradh air sin a chur san áireamh.
Airteagal 22
Athbhreithniú ar CAI i gcás athaontú na Cipire
I gcás ina ndéanfar an Chipir a athaontú idir 2014 agus 2020, déanfar CAI a athbhreithniú chun go gcuirfear san áireamh an réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire agus na riachtanais bhreise airgeadais a bheidh mar thoradh ar an athaontú.
Airteagal 23
Comhar idirinstitiúideach sa nós imeacht buiséadach
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (dá ngairtear "na hinstitiúidí" anseo feasta) bearta chun an nós imeachta buiséadach bliantúil a éascú.
Comhoibreoidh na hinstitiúidí de mheon macánta le linn an nós imeachta d'fhonn a seasaimh a thabhairt le chéile. Comhoibreoidh na hinstitiúidí, ag gach céim den nós imeachta, trí na teagmhálacha idirinstiúideacha iomchuí chun go ndéanfar faireachán ar dhul chun cinn na hoibre agus go ndéanfar anailís ar mhéid an chóineasaithe.
Áiritheoidh na hinstitiúidí go ndéanfar a bhféilirí oibre faoi seach a chomhordú a mhéid is féidir, chun go bhféadfar imeachtaí a sheoladh ar bhealach comhleanúnach agus cóineasaithe, agus go mbeidh glacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais mar thoradh air.
Féadfar cruinnithe tríthaobhacha a thionól ag gach céim den nós imeachta agus ag leibhéil éagsúla ionadaíochta, ag brath ar chineál an phlé a mbeifear ag súil leis. Déanfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin, a rannpháirtithe i ngach cruinniú a ainmniú, a sainordú le haghaidh na gcaibidlíochtaí a shainiú agus na hinstitiúidí eile a chur ar an eolas in am trátha maidir leis na socruithe le haghaidh na gcruinnithe.
Airteagal 24
Aontacht an bhuiséid
Áireofar caiteachas agus ioncam uile an Aontais agus Euratom i mbuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear caiteachas a bheidh mar thoradh ar aon chinneadh ábhartha a dhéanfaidh an Chomhairle d'aontoil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, faoi chuimsiú Airteagal 332 CFAE.
Airteagal 25
Aistriú i dtreo an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
Roimh an 1 Eanáir 2018, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh creata nua airgeadais ilbhliantúil.
Mura ndéanfar aon rialachán ón gComhairle a ghlacadh lena gcinnfear creat nua airgeadais ilbhliantúil roimh an 31 Nollaig 2020, déanfar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a chomhfreagraíonn don bhliain dheireanach de CAI a shíneadh go dtí go nglacfar rialachán lena gcinnfear creat nua airgeadais. Má aontaíonn Ballstát nua don Aontas tar éis 2020, déanfar an creat airgeadais sínithe a athbhreithniú, más gá, chun go gcuirfear an t-aontachas san áireamh.
Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
ANNEX
MULTIANNUAL FINANCIAL FRAMEWORK (EU-28)
(EUR million - 2011 prices) |
||||||||
COMMITMENT APPROPRIATIONS |
2014 |
2015 |
2016 |
2017 |
2018 |
2019 |
2020 |
Total 2014-2020 |
1. Smart and Inclusive Growth |
49 713 |
72 047 |
62 771 |
64 277 |
65 528 |
67 214 |
69 004 |
450 554 |
1a: Competitiveness for growth and jobs |
15 605 |
16 321 |
16 726 |
17 693 |
18 490 |
19 700 |
21 079 |
125 614 |
1b: Economic, social and territorial cohesion |
34 108 |
55 726 |
46 045 |
46 584 |
47 038 |
47 514 |
47 925 |
324 940 |
2. Sustainable Growth: Natural Resources |
46 981 |
59 765 |
58 204 |
53 448 |
52 466 |
51 503 |
50 558 |
372 925 |
of which: Market related expenditure and direct payments |
41 254 |
40 938 |
40 418 |
39 834 |
39 076 |
38 332 |
37 602 |
277 454 |
3. Security and citizenship |
1 637 |
2 269 |
2 306 |
2 289 |
2 312 |
2 391 |
2 469 |
15 673 |
4. Global Europe |
7 854 |
8 083 |
8 281 |
8 375 |
8 553 |
8 764 |
8 794 |
58 704 |
5. Administration |
8 218 |
8 385 |
8 589 |
8 807 |
9 007 |
9 206 |
9 417 |
61 629 |
of which: Administrative expenditure of the institutions |
6 649 |
6 791 |
6 955 |
7 110 |
7 278 |
7 425 |
7 590 |
49 798 |
6. Compensations |
27 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
27 |
TOTAL COMMITMENT APPROPRIATIONS |
114 430 |
150 549 |
140 151 |
137 196 |
137 866 |
139 078 |
140 242 |
959 512 |
as a percentage of GNI |
0,88 % |
1,13 % |
1,03 % |
1,00 % |
0,99 % |
0,98 % |
0,98 % |
1,00 % |
|
||||||||
TOTAL PAYMENT APPROPRIATIONS |
128 030 |
131 095 |
131 046 |
126 777 |
129 778 |
130 893 |
130 781 |
908 400 |
as a percentage of GNI |
0,98 % |
0,98 % |
0,97 % |
0,92 % |
0,93 % |
0,93 % |
0,91 % |
0,95 % |
Margin available |
0,25 % |
0,25 % |
0,26 % |
0,31 % |
0,30 % |
0,30 % |
0,32 % |
0,28 % |
Own Resources Ceiling as a percentage of GNI |
1,23 % |
1,23 % |
1,23 % |
1,23 % |
1,23 % |
1,23 % |
1,23 % |
1,23 % |
►M3 ( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch 3).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 855).
( 3 ) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 2 Nollaig 2013 maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1). ◄
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna áirithe maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).