This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02012R0236-20240109
Regulation (EU) No 236/2012 of the European Parliament and of the Council of 14 March 2012 on short selling and certain aspects of credit default swaps (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02012R0236 — GA — 09.01.2024 — 003.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 236/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 086 24.3.2012, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) Uimh. 909/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Iúil 2014 |
L 257 |
1 |
28.8.2014 |
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/27 ÓN gCOIMISIÚN an 27 Meán Fómhair 2021 |
L 6 |
9 |
11.1.2022 |
|
RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2023 |
L |
1 |
20.12.2023 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 236/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2012
maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
ionstraimí airgeadais de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 2(1) a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála san Aontas, lena n-áirítear ionstraimí den sórt sin nuair a thrádáiltear iad lasmuigh d’ionad trádála;
díorthaigh dá dtagraítear i bpointe (4) go pointe (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a bhaineann le hionstraim airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) nó le heisitheoir ionstraime airgeadais den sórt sin, lena n-áirítear díorthaigh den sórt sin nuair a thrádáiltear iad lasmuigh d’ionad trádála;
ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag Ballstát nó ag an Aontas agus díorthaigh dá dtagraítear i bpointe (4) go pointe (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE a bhaineann le hionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag Ballstát áirithe nó ag an Aontas nó a leagtar síos faoi threoir ionstraimí fiachais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE;
ciallaíonn “díol folamh” i ndáil le scair nó le hionstraim fiachais, aon díol den scair nó den ionstraim fiachais nach bhfuil faoi úinéireacht an díoltóra tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, lena n-áirítear díol den sórt ar dá réir, tráth a dhéantar an comhaontú chun díola, go bhfuil an scair nó an ionstraim fiachais faighte ar iasacht lena seachadadh tráth na socraíochta, nó go bhfuil an díoltóir tar éis comhaontú a dhéanamh chun an méid sin a dhéanamh, seachas:
díol ag ceachtar páirtí faoi chomhaontú athcheannaigh i gcás inar aontaigh páirtí amháin urrús a dhíol leis an bpáirtí eile ar phraghas sonraithe agus é mar ghealltanas ag an bpáirtí eile an t-urrús sin a dhíol ar ais ar dháta níos déanaí ar phraghas sonraithe eile;
aistriú urrús faoi chomhaontú maidir le hiasachtú urrús; nó
conradh todhchaíochtaí nó conradh díorthach eile a dhéanamh ina gcomhaontaítear urrúis a dhíol ar phraghas sonraithe ar dháta éigin sa todhchaí;
ciallaíonn “babhtáil mainneachtana creidmheasa” conradh díorthach ina n-íocann páirtí amháin táille le páirtí eile i gcomaoin íocaíochta nó sochair eile i gcás teagmhais chreidmheasa a bhaineann le heintiteas tagartha agus i gcás aon mhainneachtana eile a bhaineann leis an gconradh díorthach sin, agus a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil aige;
ciallaíonn “eisitheoir ceannasach” aon cheann díobh seo a leanas a eisíonn ionstraimí fiachais:
an tAontas;
Ballstát, lena n-áirítear roinn rialtais, gníomhaireacht nó feithicil sainchuspóra de chuid an Bhallstáit;
i gcás Ballstáit cónaidhme, comhalta den chónaidhm;
feithicil sainchuspóra i gcomhair roinnt Ballstát;
institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó agus a bhfuil de chuspóir aici cistiúchán a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair a comhaltaí is comhaltaí a bhfuil fadhbanna móra maoinithe acu nó a bhfuil fadhbanna móra maoinithe ag bagairt orthu; nó
an Banc Eorpach Infheistíochta;
ciallaíonn “babhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí” babhtáil mainneachtana creidmheasa i gcás ina ndéanfar íocaíocht nó sochar eile a íoc i gcás teagmhais chreidmheasa nó mainneachtana creidmheasa a bhaineann le heisitheoir ceannasach;
ciallaíonn “fiachas ceannasach” ionstraim fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;
ciallaíonn “fiachas ceannasach eisithe” iomlán an fhiachais cheannasaigh arna eisiúint ag eisitheoir ceannasach, is fiachas ceannasach nach bhfuil fuascailte;
ciallaíonn “scairchaipiteal eisithe” i ndáil le cuideachta, iomlán na ngnáthscaireanna agus aon scaireanna tosaíochta arna n-eisiúint ag an gcuideachta ach ní fholaítear leis urrúis fiachais in-chomhshóite;
ciallaíonn “Ballstát baile”:
i ndáil le gnólacht infheistíochta de réir bhrí phointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, nó maidir le margadh rialáilte de réir bhrí phointe (14) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, an Ballstát baile de réir bhrí phointe (20) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;
i ndáil le hinstitiúid chreidmheasa, an Ballstát baile de réir bhrí phointe (7) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus an gnó sin a shaothrú ( 1 );
i ndáil le duine dlítheanach nach dtagraítear dó i bpointe (i) nó i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe an duine sin nó, mura bhfuil oifig chláraithe aige, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig;
i ndáil le duine nádúrtha, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig an duine sin, nó, mura bhfuil ceannoifig ann, an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an duine sin;
ciallaíonn “údarás inniúil ábhartha”:
i ndáil le fiachas ceannasach Ballstáit, nó, i gcás Ballstáit chónaidhme, i ndáil le fiachas ceannasach chomhalta den chónaidhm, nó maidir le babhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann le Ballstát nó le comhalta de chónaidhm, údarás inniúil an Bhallstáit sin;
i ndáil le fiachas ceannasach an Aontais nó le babhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann leis an Aontas, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an roinn a bhfuil an fiachas á eisiúint aici;
i ndáil le fiachas ceannasach roinnt Ballstát atá ag gníomhú trí bhíthin feithicle sainchuspóra nó trí bhabhtáil mainneachtana creidmheasa a bhaineann le feithicil sainchuspóra den sórt sin, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an fheithicil sainchuspóra bunaithe;
i ndáil le fiachas ceannasach institiúide airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó agus a bhfuil de chuspóir aici cistiúchán a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair a comhaltaí a bhfuil fadhbanna móra maoinithe acu nó a bhfuil fadhbanna móra maoinithe ag bagairt orthu, údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an institiúid airgeadais idirnáisiúnta bunaithe;
i ndáil le hionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (iv), an t-údarás inniúil maidir leis an ionstraim airgeadais sin mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún ( 2 ) agus a chinntear i gcomhréir le Caibidil III den Rialachán sin;
i ndáil le hionstraim airgeadais nach bhfuil folaithe faoi phointe (i) go pointe (v), údarás inniúil an Bhallstáit inar ligeadh an ionstraim airgeadais isteach den chéad uair chun a trádála ar ionad trádála;
i ndáil le hionstraim fiachais arna heisiúint ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Banc Eorpach Infheistíochta lonnaithe;
ciallaíonn “gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh” gníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta, institiúide creidmheasa, eintitis tríú tíortha, nó gnólachta mar a thagraítear di i bpointe (l) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2004/39/CE, is gnólacht atá ina chomhalta d’ionad trádála nó de mhargadh i dtríú tír, a bhfuil sé dearbhaithe ag an gCoimisiún ina leith go bhfuil a chreat dlíthiúil agus maoirseachta coibhéiseach de bhun Airteagal 17(2) i gcás ina ndéileálann sé mar phríomhaí in ionstraim airgeadais, cé acu a dhéantar an ionstraim a thrádáil ar ionad trádála nó lasmuigh d’ionad trádála, in aon cheann de na cáileanna seo a leanas:
trí bhíthin luachana daingne dhá bhealach ar mhéid inchomparáide agus ar phraghsanna iomaíocha a thabhairt le fios go comhuaineach, agus ar a mbeidh an toradh leachtacht a sholáthar ar bhonn rialta, leanúnach ar an margadh;
mar chuid dá ghnó laethúil, trí orduithe arna dtionscnamh ag cliaint a chomhall nó mar fhreagairt ar iarrataí cliant chun trádála;
trí shuíomhanna a eascraíonn as comhall na gcúraimí faoi phointe (i) agus faoi phointe (ii) a fhálú;
ciallaíonn “ionad trádála” margadh rialáilte de réir bhrí phointe (14) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE, nó saoráid trádála iltaobhaí de réir bhrí phointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;
ciallaíonn “príomhionad” i ndáil le scair, an t-ionad le haghaidh thrádáil na scaire sin ar ionad é a bhfuil an láimhdeachas is airde aige;
ciallaíonn “príomhdhéileálaí údaraithe” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil comhaontú áirithe sínithe aige le heisitheoir ceannasach nó atá aitheanta go foirmiúil mar phríomhdhéileálaí ag eisitheoir ceannasach nó thar ceann eisitheora cheannasaigh agus ar duine é, i gcomhréir leis an gcomhaontú nó leis an aitheantas sin, a bhfuil sé geallta aige déileáil mar phríomhaí i dtaca le hoibríochtaí an bhunmhargaidh agus an mhargaidh thánaistigh ar oibríochtaí iad a bhaineann le fiachas arna eisiúint ag an eisitheoir sin;
ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” eintiteas dlítheanach a idirchuireann é féin idir na contrapháirtithe sna conarthaí a thrádáiltear i margadh airgeadais amháin nó níos mó, agus ar an dóigh sin gurb é an ceannaitheoir é do gach díoltóir agus gurb é an díoltóir é do gach ceannaitheoir agus gurb é atá freagrach as córas imréitigh áirithe a oibriú;
ciallaíonn “lá trádála” lá trádála mar a thagraítear dó in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006;
ciallaíonn “láimhdeachas” scaire láimhdeachas de réir bhrí phointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006.
Airteagal 3
Suíomhanna gearra agus fada
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur suíomh gearr a bhaineann le scairchaipiteal eisithe cuideachta nó le fiachas ceannasach eisithe é aon suíomh a thig ó cheachtar de na nithe seo a leanas:
díol folamh scaire arna heisiúint ag cuideachta nó díol folamh ionstraime fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;
idirbheart a dhéanamh lena gcruthaítear ionstraim airgeadais nó idirbheart a bhaineann le hionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (a) agus i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann an t-idirbheart sin i gcás laghdú ar phraghas nó ar luach na scaire nó laghdú ar phraghas nó ar luach na hionstraime fiachais.
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur suíomh fada a bhaineann le scairchaipiteal eisithe nó le fiachas ceannasach eisithe é aon suíomh a thig ó cheachtar de na nithe seo a leanas:
bheith i seilbh scaire arna heisiúint ag cuideachta nó bheith i seilbh ionstraime fiachais arna heisiúint ag eisitheoir ceannasach;
idirbheart a dhéanamh lena gcruthaítear nó lena mbaineann ionstraim airgeadais seachas ionstraim dá dtagraítear i bpointe (a) agus i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann an t-idirbheart sin i gcás méadú ar phraghas nó luach na scaire nó na hionstraime fiachais.
Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, áireofar aon bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí a bhaineann leis an eisitheoir ceannasach nuair a ríomhtar suíomh gearr nó suíomh fada a bhaineann le fiachas ceannasach.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar:
cásanna ina meastar go bhfuil scair nó ionstraim fiachais i seilbh duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chun críocha mhír 2;
cásanna ina bhfuil glansuíomh gearr ag duine nádúrtha nó dlítheanach chun críocha mhír 4 agus mhír 5 agus modh ríofa an tsuímh sin;
modh ríofa suíomhanna chun críocha mhír 3, mhír 4 agus mhír 5 nuair atá suíomhanna fada nó gearra ag eintitis éagsúla i ngrúpa nó ar mhaithe le gníomhaíochtaí bainistíochta ciste a bhaineann le cistí ar leithligh.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, cuirfear san áireamh le modh an ríofa, go háirithe, an mbítear ag gabháil do straitéisí infheistíochta éagsúla i ndáil le heisitheoir ar leith trí níos mó ná ciste amháin ar leithligh arna mbainistiú ag an mbainisteoir ciste céanna, an mbítear ag gabháil don straitéis infheistíochta chéanna i ndáil le heisitheoir ar leith trí níos mó ná ciste amháin, agus an bhfuil níos mó ná punann amháin laistigh den eintiteas céanna á bhainistiú ar bhonn lánroghnach trína mbítear ag gabháil don straitéis infheistíochta chéanna i ndáil le heisitheoir ar leith.
Airteagal 4
Suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar go bhfuil suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí ag duine nádúrtha nó dlítheanach i gcás nach bhfónann an bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí sin d’fhálú a dhéanamh in aghaidh na nithe seo a leanas:
riosca mainneachtana an eisitheora i gcás ina bhfuil suíomh fada i bhfiachas ceannasach an eisitheora a mbaineann an bhabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí leis ag an duine nádúrtha nó dlítheanach; nó
riosca meathlaithe i luach an fhiachais cheannasaigh i gcás ina bhfuil sócmhainní i seilbh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nó go bhfuil an duine sin faoi réir dliteanas, lena n-áirítear conarthaí airgeadais, punann sócmhainní nó oibleagáidí airgeadais a bhfuil comhghaol déanta idir a luach agus luach an fhiachais cheannasaigh, ach gan a bheith teoranta do na sócmhainní ná do na dliteanais sin.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo:
na cásanna ina meastar gurb ionann babhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí agus fálú in aghaidh riosca mainneachtana nó in aghaidh an riosca go laghdófaí luach an fhiachais cheannasaigh agus an modh chun suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí a ríomh;
an modh chun suíomhanna a ríomh i gcás ina bhfuil suíomhanna fada nó gearra ag eintitis éagsúla i ngrúpa nó le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le bainistiú cistí a bhaineann le cistí ar leithligh.
CAIBIDIL II
TRÉDHEARCACHT GLANSUÍOMHANNA GEARRA
Airteagal 5
Fógra a thabhairt d’údaráis inniúla i leith glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna
Airteagal 6
Glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna a nochtadh don phobal
Airteagal 7
Fógra a thabhairt d’údaráis inniúla i leith glansuíomhanna gearra suntasacha i bhfiachas ceannasach
Déanfaidh an Coimisiún:
a áirithiú nach socraítear na tairseacha ar leibhéal ar dá réir a cheanglófaí suíomhanna nach bhfuil ach luach íosta orthu a fhógairt;
méid iomlán an fhiachais cheannasaigh eisithe gan íoc i leith gach eisitheora cheannasaigh agus meánmhéid suíomhanna atá i seilbh rannpháirtithe sa mhargadh a bhaineann le fiachas ceannasach an eisitheora cheannasaigh sin a chur san áireamh; agus
leachtacht gach margaidh bannaí ceannasacha a chur san áireamh.
Airteagal 8
Fógra a thabhairt d’údaráis inniúla maidir le suíomhanna neamhurraithe i mbabhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí
I gcás ina ndéanann údarás inniúil srianta a fhionraí, i gcomhréir le hAirteagal 14(2), déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil suíomh neamhurraithe i mbabhtáil mainneachtana creidmheasa ceannasaí aige fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha i gcás ina sroicheann suíomh den sórt sin na tairseacha fógartha ábhartha don eisitheoir ceannasach lena mbaineann, de réir mar atá sonraithe i gcomhréir le hAirteagal 7, nó nuair a thiteann sé faoi bhun na dtairseach sin.
Airteagal 9
An modh fógartha agus nochta
Chun críocha Airteagail 5, 6, 7 agus 8, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra suntasacha ina seilbh acu taifead ar na hollsuíomhanna lena ndéantar glansuíomh gearr suntasach a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana.
Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 10
Cur i bhfeidhm ceanglas fógartha agus nochta
Tá feidhm ag na ceanglais fógartha agus nochta faoi Airteagail 5, 6, 7 agus 8 maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu nó atá bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír.
Airteagal 11
Faisnéis nach mór a sholáthar do ÚEUM
Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar do ÚEUM laistigh de 7 lá féilire ar a dhéanaí. Más rud é go bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis atá ar fáil bunaithe ar na ceanglais fógartha faoi Airteagal 5, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a sholáthar do ÚEUM laistigh de 24 uaire an chloig.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 11a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
ainmneacha uile an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh lena mbaineann an fhaisnéis;
i gcás daoine dlítheanacha, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/289;
i gcás daoine dlítheanacha, méid an duine de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL III
DÍOL FOLAMH NEAMHURRAITHE
Airteagal 12
Srianta ar dhíol folamh neamhurraithe i scaireanna
Ní fhéadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach díol folamh a dhéanamh i leith scair a ligtear isteach chun a trádála ar ionad trádála ach amháin i gcás ina gcomhalltar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
tá an scair faighte ar iasacht ag an duine nádúrtha nó dlítheanach nó tá forálacha malartacha déanta ag an duine sin a bhfuil éifeacht dhlíthiúil chomhchosúil acu;
tá comhaontú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach chun an scair a fháil ar iasacht nó tá éileamh eile aige atá go hiomlán in-fhorfheidhmithe faoi dhlí na gconarthaí nó faoi dhlí maoine le go n-aistreofar chuige úinéireacht an lín chomhfhreagraigh urrús den aicme chomhfhreagrach chun gur féidir an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite;
tá socrú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach le tríú páirtí faoina bhfuil sé dearbhaithe ag an tríú páirtí sin go bhfuil an scair aimsithe, agus go bhfuil bearta déanta aige i leith tríú páirtithe ar bearta iad is gá chun gur réasunach go mbeadh an duine nádúrtha nó dlítheanach ag súil gur féidir an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 13
Srianta ar dhíol folamh neamhurraithe i bhfiachas ceannasach
Ní fhéadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach díol folamh fiachais cheannasaigh a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhalltar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
tá an ionstraim fiachais cheannasaigh faighte ar iasacht ag an duine nádúrtha nó dlítheanach nó tá forálacha malartacha déanta ag an duine sin a bhfuil éifeacht dhlíthiúil chomhchosúil acu;
tá comhaontú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach chun an ionstraim fiachais cheannasaigh a fháil ar iasacht nó tá éileamh atá go hiomlán in-fhorfheidhmithe aige faoi dhlí na gconarthaí nó faoi dhlí maoine le go n-aistreofar chuige úinéireacht an lín chomhfhreagraigh urrús den aicme comhfhreagrach chun go bhféadfar an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite; nó
tá socrú déanta ag an duine nádúrtha nó dlítheanach le tríú páirtí faoina bhfuil sé dearbhaithe ag an tríú páirtí sin go bhfuil an ionstraim fiachais cheannasaigh aimsithe nó gur réasúnach go mbeadh an duine sin ag súil ar shlí eile gur féidir an tsocraíocht a dhéanamh tráth a bheidh sí dlite.
Beidh fionraí bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná sé mhí ó dháta a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar an fionraí a athnuachan go ceann tréimhsí nach faide ná sé mhí má leanann na forais a bhí ann chun an fionraí a dhéanamh d’fheidhm a bheith acu. Mura ndéantar an fionraí a athnuachan faoi dheireadh na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.
Laistigh de 24 uaire tar éis an fógra a fháil ón údarás inniúil ábhartha, déanfaidh ÚEUM tuairim atá bunaithe ar mhír 4 a eisiúint maidir leis an bhfionraí fógartha nó maidir le hathnuachan ar fhionraí. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM.
Déanfar na paraiméadair agus na modhanna chun go ndéanfadh Ballstáit an tairseach a ríomh a shocrú ar shlí a fhágann i gcás ina sroichfear í gurb ionann í agus meath suntasach i dtaca leis an meánleibhéal leachtachta don fhiachas ceannasach lena mbaineann.
Déanfar an tairseach a shainiú ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach don mhargadh ábhartha fiachais cheannasaigh, lena n-áirítear méid iomlán an fhiachais cheannasaigh eisithe nár íocadh i leith gach eisitheora cheannasaigh.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 14
Srianta ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí neamhurraithe
Féadfaidh údarás inniúil na srianta dá dtagraítear i mír 1 a fhionraí go sealadach i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla aige le creidiúint nach bhfuil a mhargadh fiachais cheannasaigh ag feidhmiú go cuí agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag na srianta sin ar an margadh um babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí, go háirithe tríd an gcostas iasachtaithe d’eisitheoirí ceannasacha a ardú nó trí dhifear a dhéanamh do chumas na n-eisitheoirí ceannasacha fiachas nua a eisiúint. Beidh na forais sin bunaithe ar na táscairí seo a leanas:
ráta ard úis maidir leis an bhfiachas ceannasach, nó ráta úis atá ag ardú;
leathnú maidir leis an leathadh rátaí úis ar an bhfiachas ceannasach i gcomparáid le fiachas ceannasach eisitheoirí ceannasacha eile;
leathnú maidir leis an leathadh babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí i gcomparáid lena chuar féin agus i gcomparáid le heisitheoirí ceannasacha eile;
an tráthúlacht a bhaineann le praghas an fhiachais cheannasaigh d’fhilleadh ar a chothromaíocht féin tar éis trádála móir;
na méideanna den fhiachas ceannasach is féidir a thrádáil.
Féadfaidh an t-údarás inniúil úsáid a bhaint as táscairí seachas na cinn sin atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír.
Sula ndéanfar srianta a fhionraí faoin Airteagal seo, tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla eile faoin bhfionraí atá beartaithe agus faoi na forais ar a bhfuil sé bunaithe.
Beidh fionraí bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 12 mhí ó dháta a fhoilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar an fionraí a athnuachan go ceann tréimhsí nach faide ná sé mhí más infheidhme i gcónaí na forais a bhí ann leis an bhfionraí a dhéanamh. Mura ndéantar an fionraí a athnuachan faoi dheireadh na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.
Laistigh de 24 uaire an chloig tar éis fógra a fháil ón údarás inniúil ábhartha, déanfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint maidir leis an bhfionraí beartaithe nó maidir le hathnuachan na fionraí sin, gan féachaint cé acu ar bhunaigh an t-údarás inniúil an fionraí ar na táscairí a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír nó ar tháscairí eile. I gcás ina bhfuil an fionraí atá beartaithe nó an t-athnuachan fionraí atá beartaithe bunaithe ar an dara fomhír, déanfar measúnú ar na táscairí a d’úsáid an t-údarás inniúil a áireamh sa tuairim sin. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM.
▼M1 —————
CAIBIDIL IV
DÍOLÚINTÍ
Airteagal 16
Díolúine i gcás ina bhfuil an príomhionad trádála i dtríú tír
Tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM faoi aon scaireanna den sórt sin a bhfuil sé aitheanta ina leith go bhfuil an príomhionad trádála lonnaithe i dtríú tír.
Gach dhá bhliain, foilseoidh ÚEUM liosta na scaireanna dá bhfuil an príomhionad trádála lonnaithe i dtríú tír. Beidh éifeacht leis an liosta ar feadh tréimhse dhá bhliain.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an méid seo a leanas a chinneadh:
an dáta a ndéanfar aon ríomh lena gcinnfear an príomhionad trádála le haghaidh scaire, agus an tréimhse lena mbainfidh aon ríomh den sórt sin;
an dáta faoina dtabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha fógra do ÚEUM faoi na scaireanna sin a bhfuil a bpríomhionad trádála i dtríú tír;
an dáta óna mbeidh éifeacht leis an liosta tar éis a fhoilsithe ag ÚEUM.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 17
Díolúine i leith gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus oibríochtaí an bhunmhargaidh
Féadfar a mheas go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tíre coibhéiseach i gcás ina bhfuil na nithe seo a leanas fíor i dtaca leis an tríú tír sin:
tá na margaí faoi réir údaraithe agus faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh ar bhonn leanúnach;
tá rialacha soiléire agus trédhearcacha ag na margaí maidir le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála sa chaoi is gur féidir na hurrúis sin a thrádáil ar shlí atá cóir, ordúil agus éifeachtúil agus go bhfuil siad soshannta go neamhshrianta;
tá eisitheoirí na n-urrús faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach trína n-áirithítear leibhéal ard cosanta d’infheisteoirí; agus
áirithítear trédhearcacht mhargaidh agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid margaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc.
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IDIRGHABHÁLA ÚDARÁS INNIÚIL AGUS ÚEUM
ROINN 1
Cumhachtaí údarás inniúil
Airteagal 18
Fógra agus nochtadh i ndálaí eisceachtúla
Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil a cheangal ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra acu maidir le hionstraim airgeadais shonrach nó maidir le haicme d’ionstraimí airgeadais fógra a thabhairt ina leith nó mionsonraí an tsuímh a nochtadh don phobal i gcás ina sroicheann an suíomh tairseach fógartha arna socrú ag an údarás inniúil, nó más rud é go dtiteann sé faoi bhun na tairsí sin, agus i gcás:
ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus
ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.
Airteagal 19
Fógra ó iasachtóirí i ndálaí eisceachtúla
Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil an beart dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, i gcás:
ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus
ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.
Airteagal 20
Srianta ar dhíol folamh agus ar idirbhearta comhchosúla i ndálaí eisceachtúla
Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, i gcás:
ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus
ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.
Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha na nithe seo a leanas a dhéanamh nó coinníollacha a fhorchur maidir leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
díol folamh; nó
idirbheart seachas díol folamh trína gcruthaítear ionstraim airgeadais, nó a bhaineann le hionstraim airgeadais, agus gurb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach i gcás laghdú phraghas nó luach ionstraime airgeadais eile.
Airteagal 21
Srianta ar idirbhearta babhtála mainneachtana creidmheasa ceannasaí i ndálaí eisceachtúla
Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil srian a chur ar chumas daoine nádúrtha nó dlítheanacha idirbhearta babhtála mainneachtana creidmheasa ceannasaí a dhéanamh nó féadfaidh sé teorainn a chur le luach na suíomhanna babhtála mainneachtana creidmheasa ceannasaí a cheadófar do na daoine sin a dhéanamh, i gcás:
ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus
ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige atá díréireach maidir leis na sochair a ghabhann leis ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.
Airteagal 22
Údaráis inniúla eile do dhéanamh bearta
Gan dochar d’Airteagal 26, maidir le hionstraim airgeadais féadfaidh údarás inniúil, nach é an t-údarás inniúil ábhartha i leith na hionstraime sin é, beart i ndáil le hionstraim airgeadais a fhorchur nó a athnuachan faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21, ach sin le toiliú an údaráis inniúil ábhartha, agus leis an toiliú sin amháin.
Airteagal 23
Cumhacht chun díol folamh ionstraimí airgeadais a shrianadh go sealadach i gcás titime suntasaí praghais
I gcás inar deimhin leis an údarás inniúil, faoin gcéad fhomhír, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, déanfaidh sé, i gcás scaire nó ionstraime fiachais, toirmeasc nó srian a chur ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha díol folamh a dhéanamh ar an ionad trádála sin nó, i gcás cineál eile ionstraime airgeadais, cuirfidh sé srian ar idirbhearta san ionstraim airgeadais sin ar an ionad trádála sin chun laghdú mí-ordúil ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais a sheachaint.
Más rud é go n-easaontaíonn údarás inniúil leis an ngníomhaíocht a ghlac údarás inniúil eile maidir le hionstraim airgeadais arna trádáil ar ionaid éagsúla atá á rialáil ag údaráis inniúla éagsúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Tabharfar an t-idir-réiteach chun críche roimh mheán oíche ag deireadh an lae trádála chéanna. Má mhainníonn na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfar an cinneadh roimh thús an chéad lá trádála eile.
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a mhodhnú, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 24
Tréimhse na srianta
Beidh aon bheart arna fhorchur faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná trí mhí ó dháta fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 25.
Féadfar an beart a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná trí mhí más rud é go leanann na forais a bhí ann chun an beart a dhéanamh de bheith infheidhme. Mura ndéanfar an beart a athnuachan faoi dheireadh tréimhse trí mhí den sórt sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.
Airteagal 25
Fógra a thabhairt maidir le srianta
Déanfar, ar a laghad, mionsonraí faoi na nithe seo a leanas a shonrú san fhógra:
na bearta a forchuireadh lena n-áirítear na hionstraimí agus aicmí na n-idirbheart a bhfuil feidhm ag na bearta sin ina leith agus ré na mbeart sin;
na cúiseanna a thug ar an údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil gá leis na bearta a fhorchur, lena n-áirítear an fhianaise a thacaíonn leis na cúiseanna sin.
Airteagal 26
Fógra a thabhairt do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile
ROINN 2
Cumhachtaí ÚEUM
Airteagal 27
Comhordú á dhéanamh ag ÚEUM
Airteagal 28
Cumhachtaí idirghabhála ÚEUM i ndálaí eisceachtúla
I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, ceachtar acu seo a leanas:
a cheangal ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil glansuíomhanna gearra acu maidir le hionstraim airgeadais shonrach nó le haicme shonrach d’ionstraimí airgeadais fógra a thabhairt d’údarás inniúil nó mionsonraí ar aon suíomh den sórt sin a nochtadh don phobal; nó
toirmeasc a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha díol folamh a dhéanamh nó idirbheart a dhéanamh, nó coinníollacha a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i dtaca le díol folamh a dhéanamh nó idirbheart a dhéanamh, trína gcruthaítear ionstraim airgeadais seachas ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(1), nó a bhaineann le hionstraim airgeadais den sórt sin, i gcás inarb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt do dhuine den sórt sin i gcás ina dtarlaíonn laghdú praghais nó luacha ionstraime airgeadais eile.
Féadfaidh feidhm a bheith ag beart i ndálaí áirithe nó féadfaidh sé a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEUM. Féadfar eisceachtaí a shonrú go háirithe chun feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.
Ní dhéanfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin más rud é:
go dtugann na bearta a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 aghaidh ar bhagairt ar fheidhmiú ordúil agus shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas agus go bhfuil impleachtaí trasteorann acu; agus
nach bhfuil bearta déanta ag aon údarás inniúil chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin nó má tá bearta déanta ag údarás amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla, ar bearta iad nach dtugann aghaidh ar an mbagairt ar shlí leordhóthanach.
I gcás ina ndéanann ÚEUM bearta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé san áireamh a mhéid a dhéantar na nithe seo a leanas leis an mbeart:
aghaidh a thabhairt ar shlí shuntasach ar an mbagairt ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais agus ar shláine na margaí airgeadais nó an bhagairt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas nó chuid den chóras airgeadais sin nó feabhas suntasach a chur ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an mbagairt sin;
gan riosca arbatráiste rialála a chruthú;
gan éifeacht dhochrach a bheith aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht margaí airgeadais, lena n-áirítear trí leachtacht a laghdú sna margaí sin nó trí neamhchinnteacht a chruthú do na rannpháirtithe sa mhargadh.
I gcás ina bhfuil beart faoi Airteagail 18, 19, 20 nó 21 déanta ag údarás inniúil amháin nó níos mó, féadfaidh ÚEUM aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 27 a eisiúint.
Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin fógra faoi aon chinneadh maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur nó a athnuachan. Sonrófar, ar a laghad, san fhógra:
na bearta arna bhforchur lena n-áirítear na hionstraimí agus aicmí na n-idirbheart a bhfuil feidhm ag na bearta ina leith agus ré na mbeart; agus
na cúiseanna ar dá réir a bhfuil ÚEUM den tuairim gur gá na bearta a fhorchur, lena n-áirítear an fhianaise a thacaíonn leis na cúiseanna sin.
Airteagal 29
Cumhachtaí ÚEUM i staideanna éigeandála a bhaineann le fiachas ceannasach
I gcás inar ann do staid éigeandála a bhaineann le fiachas ceannasach nó le babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí, beidh feidhm ag Airteagal 18 agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 30
Sonrú breise ar theagmhais dhochracha nó ar fhorbairtí dochracha
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar na critéir agus na tosca a bheidh le cur san áireamh ag na húdaráis inniúla agus ag ÚEUM agus é á chinneadh acu cé na cásanna ina dtagann na teagmhais dhochracha nó na forbairtí dochracha dá dtagraítear in Airteagal 18 go hAirteagal 21 agus in Airteagal 27 mar aon leis na bagairtí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 28(2) chun cinn.
Airteagal 31
Fiosrúcháin ÚEUM
Féadfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin ag údarás amháin nó níos mó de na húdarais inniúla, ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle, ag an gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin, fiosrúchán a sheoladh ar shaincheist áirithe nó ar chleachtas áirithe a bhaineann le díol folamh nó a bhaineann le babhtálacha mainneachtana creidmheasa a úsáid chun measúnú a dhéanamh cibé atá an tsaincheist nó an cleachtas sin ina bhagairt ionchasach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh san Aontas.
Laistigh de thrí mhí amhail ó dheireadh fiosrúcháin den sórt sin, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach torthaí an fhiosrúcháin agus aon mholtaí a bhaineann leis an tsaincheist nó leis an gcleachtas.
CAIBIDIL VI
RÓL ÚDARÁS INNIÚIL
Airteagal 32
Údaráis inniúla
Déanfaidh gach Ballstát údarás amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla a ainmniú chun críche an Rialacháin seo.
I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil a bheidh acu faoi seach agus ainmneoidh sé an t-údarás arb é atá le bheith freagrach as an gcomhar agus as an malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ÚEUM agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoi na hainmniúcháin sin.
Airteagal 33
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
Chun go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile is gá chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú ag na húdaráis inniúla. Feidhmeoidh siad a gcuid cumhachtaí ar aon cheann de na slite seo:
go díreach;
i gcomhar le húdaráis eile; nó
trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
Chun go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais faoin Rialachán seo, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
rochtain a fháil ar dhoiciméad ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
ceangal ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach faisnéis a thabhairt agus, más gá, duine nádúrtha nó dlítheanach a thoghairm agus a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;
cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, le fógra roimh ré nó dá uireasa;
taifid theileafóin atá ann cheana agus taifid de thrácht sonraí atá ann cheana a éileamh;
a éileamh go scoirfí d’aon chleachtais atá contrártha d’fhorálacha an Rialacháin seo;
calcadh agus/nó forlámhú sócmhainní a éileamh.
Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla i gcásanna aonair, gan dochar do phointe (a) agus do phointe (b) de mhír 2, a cheangal ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann idirbheart babhtála mainneachtana creidmheasa an méid seo a leanas a sholáthar:
míniú maidir leis an gcuspóir atá leis an idirbheart agus i dtaobh an chun críocha riosca a fhálú nó chun críocha eile atá sé; agus
faisnéis lena bhfíoraítear an riosca foluiteach i gcás inar chun críocha fálaithe an t-idirbheart.
Airteagal 34
Rúndacht ghairmiúil
Airteagal 35
Oibleagáid maidir le comhar
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena chéile i gcás inar gá nó inar fóirsteanach sin chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, an fhaisnéis atá ábhartha chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile agus déanfaidh siad sin gan aon mhoill mhíchuí.
Airteagal 36
Comhar le ÚEUM
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile is gá chun go gcomhlíonfaidh ÚEUM a dhualgais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a sholáthar do ÚEUM gan mhoill.
Airteagal 37
Comhar i gcás ina n-iarrtar cigireachtaí ar an láthair nó imscrúduithe ar an láthair
Cuirfidh an t-údarás inniúil iarrthach ÚEUM ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás imscrúdaithe nó cigireachta a bhfuil éifeachtaí trasteorann ag baint leis nó léi, féadfaidh ÚEUM an t-imscrúdú nó an chigireacht a chomhordú, agus déanfaidh sé amhlaidh má iarrtar air déanamh amhlaidh.
I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile cigireacht ar an láthair nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé:
an chigireacht ar an láthair nó an t-imscrúdú ar an láthair a dheánamh é féin;
cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht ar an láthair nó in imscrúdú ar an láthair;
cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh an chigireacht ar an láthair nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;
iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh chun an chigireacht ar an láthair nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh;
cúraimí sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.
Airteagal 38
Comhar le tríú tíortha
Cuirfidh údarás inniúil ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas i gcás ina dtograíonn sé socrú den sórt sin a dhéanamh.
Déanfaidh ÚEUM an malartú idir na húdaráis inniúla i leith na faisnéise a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta tríú tíortha agus ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Chaibidil V.
Airteagal 39
Sonraí pearsanta a aistriú agus a choimeád
Maidir le sonraí pearsanta a aistriú idir Ballstáit nó idir Ballstáit agus tríú tír, déanfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm. Maidir le sonraí pearsanta a aistríonn ÚEUM chuig Ballstáit nó chuig tríú tír, déanfaidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chomhlíonadh.
Déanfar sonraí pearsanta dá dtagraítear sa chéad mhír a choimeád go ceann tréimhse uasta 5 bliana.
Airteagal 40
Faisnéis a nochtadh do thríú tíortha
Féadfaidh údarás inniúil sonraí agus anailís sonraí a aistriú chuig údarás maoirseachta tríú tíre i gcás ina gcomhalltar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25 nó Airteagal 26 de Threoir 95/46/CE, ach ní dhéanfar aistriú den sórt sin ach ar bhonn gach cáis faoi leith. Beidh an t-údarás inniúil deimhin de gur gá an t-aistriú chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar aon aistriú den sórt sin de réir comhaontaithe nach n-aistreoidh an tríú tír na sonraí chuig údarás maoirseachta tríú tíre eile gan údarú sainráite i scríbhinn a fháil ón údarás inniúil.
Ní dhéanfaidh údarás inniúil faisnéis, ar faisnéis rúnda í de bhun Airteagal 34 agus a fhaightear ó údarás inniúil Ballstáit eile, a nochtadh d’údarás maoirseachta tríú tíre ach amháin sa chás go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag an údarás inniúil ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, go ndéantar an fhaisnéis a nochtadh chun na gcríoch ar ina leith a thug an t-údarás inniúil sin a chomhaontú, agus chun na gcríoch sin amháin.
Airteagal 41
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis agus bearta riaracháin is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo a bhunú agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na píonóis agus na bearta riaracháin sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh ÚEUM treoirlínte a ghlacadh chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú maidir leis na pionóis agus na bearta riaracháin a bheidh le bunú ag Ballstáit.
Tabharfaidh Ballstáit fógra faoi na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír don Choimisiún agus do ÚEUM faoin 1 Iúil 2012 agus tabharfaidh siad fógra dóibh gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear do na forálacha sin.
Déanfaidh ÚEUM liosta de na pionóis atá ann cheana is infheidhme i ngach Ballstát agus de na bearta riaracháin atá ann cheana is infheidhme i ngach Ballstát a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin, agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta.
Déanfaidh Ballstáit faisnéis chomhiomlán a sholáthar go bliantúil do ÚEUM maidir leis na pionóis agus na bearta riaracháin arna bhforchur. Má dhéanann údarás inniúil an fíoras gur forchuireadh pionós nó beart riaracháin a nochtadh don phobal, tabharfaidh sé fógra maidir leis an méid sin do ÚEUM an tráth céanna.
CAIBIDIL VII
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE
Airteagal 42
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 43
Spriocam chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 2(2), Airteagal 3(7), Airteagal 4(2), Airteagal 5(4), Airteagal 6(4), Airteagal 7(3), Airteagal 17(2), Airteagal 23(5) agus Airteagal 30 a ghlacadh faoin 31 Márta 2012.
Féadfaidh an Coimisiún an spriocam dá dtagraítear sa chéad mhír a fhadú sé mhí.
CAIBIDIL VIII
GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 44
Nós imeachta coiste
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 45
Athbhreithniú agus tuarascáil
I bhfianaise na bpléití leis na húdaráis inniúla agus le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2013, tuarascáil ar an méid seo a leanas do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:
a iomchuí is atá na tairseacha fógartha agus nochta faoi Airteagail 5, 6, 7 agus 8;
tionchar na gceanglas aonair maidir le nochtadh faoi Airteagal 6, go háirithe i ndáil le héifeachtúlacht agus le luaineacht margaí airgeadais;
a iomchuí is atá tuairisciú díreach láraithe a dhéanamh chuig ÚEUM;
oibriú na srianta agus na gceanglas i gCaibidil II agus i gCaibidil III;
a iomchuí is atá na srianta ar na babhtálacha mainneachtana creidmheasa ceannasaí neamhurraithe agus a iomchuí is atá aon srianta eile nó coinníollacha eile ar dhíol folamh nó ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa.
Airteagal 46
Foráil idirthréimhseach
Airteagal 47
Foireann agus acmhainní ÚEUM
Faoin 31 Nollaig 2012, déanfaidh ÚEUM measúnú ar a riachtanais foirne agus ar a riachtanais acmhainní is riachtanais a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgas faoin Rialachán seo a ghlacadh de láimh, agus déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.
Airteagal 48
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2012.
Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 2(2), Airteagal 3(7), Airteagal 4(2), Airteagal 7(3), Airteagal 9(5), Airteagal 11(3) agus (4), Airteagal 12(2), Airteagal 13(4) agus (5), Airteagal 16(3) agus (4), Airteagal 17(2), Airteagal 23(5), (7) agus (8), agus Airteagal 30, Airteagal 42, Airteagal 43 agus Airteagal 44 ón 25 Márta 2012.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta i dtaca le taifid a choimeád, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí sainithe chun críche na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1).
( 3 ) IO L 142, 30.4.2004, lch. 12.
( 4 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).
( 5 ) IO L 96, 12.4.2003, lch. 16.
( 6 ) IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.
( 7 ) IO L 336, 23.12.2003, lch. 33.
( 8 ) IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.