EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02011R0510-20140514

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO 2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/510/2014-05-14

2011R0510 — GA — 14.05.2014 — 002.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 510/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2011

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 145 31.5.2011, lch. 1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 205/2012 of 6 January 2012 (*)

  L 72

2

10.3.2012

►M2

RIALACHÁN (AE) Uimh. 253/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Feabhra 2014

  L 84

38

20.3.2014

►M3

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 404/2014 of 17 February 2014 (*)

  L 121

1

24.4.2014



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 510/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2011

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear ceanglais fheidhmíochta astaíochtaí CO2 d'fheithiclí tráchtála éadroma nua. Leis an Rialachán seo, socraítear gurb é 175 g CO2/km an mheánastaíocht CO2 d'fheithiclí tráchtála éadroma nua, ar ráta é a bhainfear amach trí fheabhsuithe ar theicneolaíocht feithicle arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus lena bhearta cur chun feidhme, agus i gcomhréir le teicneolaíochtaí nuálacha.

▼M2

2.  Ó 2020 ar aghaidh, socraítear sprioc de 147 g CO2/km sa Rialachán seo do mheánastaíochtaí na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear san Aontas arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus a bhearta cur chun feidhme, agus i gcomhréir lena theicneolaíochtaí nuálacha.

▼B

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le mótarfheithiclí chatagóir N1, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar mótarfheithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus maidir le feithiclí chatagóir N1 a bhfuil cineál-cheadú leathnaithe chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (“feithiclí tráchtála éadroma”) agus a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“feithiclí tráchtála éadroma nua”).

2.  Ní dhéanfar clárú roimhe sin, arna dhéanamh lasmuigh den Aontas tráth nach faide ná 3 mhí roimh chlárú san Aontas, a chur san áireamh.

3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí sainchuspóra mar a shainmhínítear iad i bpointe 5 de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

▼M2

4.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, Airteagal 8(4)(b) agus (c), Airteagal 9 ná Airteagal 10(1)(a) agus (c) i leith monaróra atá, in éineacht leis na gnóthais uile atá nasctha leis, freagrach as níos lú ná 1 000 feithicil tráchtála éadrom nua a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin.

▼B

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn “na meánastaíochtaí sonracha CO2”, i ndáil le monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 ó na feithiclí tráchtála éadroma uile arb é an monaróir sin a monaróir;

(b) ciallaíonn “deimhniú comhréireachta” an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2007/46/CE;

(c) ciallaíonn “feithicil chríochnaithe” feithicil a bhfuil cineál-cheadú tugtha ina leith tar éis próisis cineál-cheadaithe ilchéime a chríochnú i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE;

(d) ciallaíonn “feithicil iomlán” aon fheithicil nach gá a chríochnú chun ceanglais theicniúla ábhartha Threoir 2007/46/CE a chomhlíonadh;

(e) ciallaíonn “bonnfheithicil” aon fheithicil a úsáidtear ag an gcéim thosaigh de phróiseas cineál-cheadaithe ilchéime;

(f) ciallaíonn “monaróir” an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás formheasa as gach gné de nós imeachta cineál-cheadaithe an CE i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht na táirgeachta a áirithiú;

(g) ciallaíonn “mais” mais na feithicle, lena n-áirítear an chabhail, agus í i riocht feidhmithe mar atá sonraithe ar an deimhniú comhréireachta agus mar atá sainmhínithe i Roinn 2.6 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(h) ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” na hastaíochtaí CO2 ó fheithicil tráchtála éadrom arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus arna sonrú mar oll-astaíochtaí CO2 (comhcheangailte) ar dheimhniú comhréireachta na feithicle iomláine nó na feithicle críochnaithe;

(i) ciallaíonn “sprioc i leith astaíochtaí sonracha”, i ndáil leis an monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha táscacha CO2 arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I maidir le gach feithicil tráchtála éadrom nua arb é an monaróir sin a monaróir nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir i gcomhréir le hAirteagal 11, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh de réir an mhaolaithe sin;

(j) ciallaíonn “lorg” meánleithead an riain arna iolrú faoin rothfhad de réir mar a shonraítear sa deimhniú comhréireachta agus de réir mar a shainmhínítear i Roinn 2.1 agus i Roinn 2.3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(k) ciallaíonn “pálasta” an difríocht idir an mhais ualaithe atá ceadaithe go teicniúil de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus mais na feithicle.

2.  Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “grúpa monaróirí bainteacha” monaróir agus a ghnóthais bhainteacha. Ciallaíonn “gnóthais bhainteacha”, i ndáil le monaróir:

(a) gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, go díreach nó go neamhdhíreach:

(i) an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú; nó

(ii) an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas a cheapadh; nó

(iii) an ceart chun gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(b) gnóthais a shealbhaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, cearta nó cumhachtaí ar an monaróir arb iad na cearta nó na cumhachtaí iad atá liostaithe i bpointe (a);

(c) gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go neamhdhíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a);

(d) gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, i dteannta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c), nó ina sealbhaíonn dhá ghnóthas nó níos mó de na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c), go comhpháirteach na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a);

(e) gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) ar seilbh go comhpháirteach ag an monaróir nó ag ceann amháin nó níos mó dá ghnóthais bhainteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus ag tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 4

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha

I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2014 agus gach bliana féilire ina diaidh sin, áiritheoidh gach monaróir feithiclí tráchtála éadroma nach rachaidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir faoi Airteagal 11, i gcomhréir leis an maolú sin.

I gcás nach bhfuil astaíochtaí sonracha na feithicle críochnaithe ar fáil, úsáidfidh monaróir na bonnfheithicle astaíochtaí sonracha na bonnfheithicle chun na meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh.

Chun meánastaíochtaí sonracha CO2 gach monaróra a chinneadh, déanfar na céatadáin seo a leanas d'fheithiclí tráchtála éadroma nua gach monaróra a chláraítear sa bhliain ábhartha a chur san áireamh:

 70 % sa bhliain 2014,

 75 % sa bhliain 2015,

 80 % sa bhliain 2016,

 100 % ón mbliain 2017 ar aghaidh.

Airteagal 5

Sárchreidmheasanna

Le linn na meánastaíochtaí sonracha CO2 a ríomh, is mar a leanas a chomhairfear gach feithicil tráchtála éadrom nua ar lú ná 50 g CO2/km a hastaíochtaí sonracha CO2:

 3,5 feithicil tráchtála éadrom sa bhliain 2014,

 3,5 feithicil tráchtála éadrom sa bhliain 2015,

 2,5 feithicil tráchtála éadrom sa bhliain 2016,

 1,5 feithicil tráchtála éadrom sa bhliain 2017,

 1 fheithicil tráchtála éadrom ón mbliain 2018 ar aghaidh.

Fad a mhairfidh an scéim shárchreidmheasanna, ní rachaidh líon uasta na bhfeithiclí tráchtála éadroma, ar lú ná 50 g CO2/km a gcuid astaíochtaí sonracha CO2 agus a bheidh le cur san áireamh le linn na hiolraitheoirí atá leagtha amach sa chéad mhír, thar 25 000 feithicil tráchtála éadrom in aghaidh an mhonaróra.

Airteagal 6

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcomhair feithiclí tráchtála éadroma breosla ailtéarnaigh

Chun a chinneadh an bhfuil monaróir ag comhlíonadh a sprice i leith astaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfar astaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle tráchtála éadroime atá ceaptha le bheith in ann rith ar mheascán peitril ina bhfuil 85 % bith-eatánól (“E85”), agus a chomhlíonann reachtaíocht ábhartha an Aontais nó na caighdeáin theicniúla Eorpacha, a laghdú 5 % faoin 31 Nollaig 2015 mar aitheantas don acmhainn theicniúil níos mó agus don acmhainn laghdaithe astaíochta le linn í a bheith ag rith ar bhithbhreoslaí. Ní bheidh feidhm ag an laghdú seo ach amháin i gcás ina soláthraíonn 30 % ar a laghad de na stáisiúin peitril sa Bhallstát ina bhfuil an fheithicil tráchtála éadrom cláraithe an cineál seo breosla ailtéarnaigh a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta do bhithbhreoslaí atá leagtha amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

Airteagal 7

Linn a dhéanamh

1.  Féadfaidh monaróirí feithiclí tráchtála éadroma nua, seachas monaróirí a mbeidh maolú deonaithe dóibh faoi Airteagal 11, linn a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4 a chomhlíonadh.

2.  Féadfaidh comhaontú chun linn a dhéanamh baint a bheith aige le 1 bhliain féilire nó níos mó ar choinníoll nach faide ná 5 bliana féilire ré fhoriomlán gach comhaontaithe ar leith agus ní mór é a dhéanamh an 31 Nollaig nó roimhe sa chéad bhliain féilire a bhfuil linn astaíochtaí le déanamh ina leith. Maidir le monaróirí a dhéanann linn, soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún:

(a) na monaróirí a áireofar sa linn;

(b) an monaróir a bheidh ainmnithe mar bhainisteoir na linne agus a bheidh mar phointe teagmhála don linn agus a bheidh freagrach as aon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9 a íoc;

(c) fianaise go mbeidh bainisteoir na linne in ann na hoibleagáidí faoi phointe (b) a chomhlíonadh.

3.  I gcás ina mainneoidh bainisteoir beartaithe na linne an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9 a íoc, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do na monaróirí.

4.  Déanfaidh na monaróirí a áirítear i linn fógra comhpháirteach a thabhairt don Choimisiún maidir le haon athrú bainisteora linne nó maidir le haon athrú ar a stádas airgeadais, a mhéid a dhéanfaidh sé sin difear dá cumas an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an linn i gcomhréir le hAirteagal 9 a íoc, agus maidir le haon athruithe ar chomhaltas na linne nó maidir le díscaoileadh na linne.

5.  Féadfaidh monaróirí socruithe linne a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil a gcomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE agus go gceadófar leis na comhaontuithe sin rannpháirtíocht oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar théarmaí atá réasúnach ar bhonn tráchtála d'aon mhonaróir a iarrann a bheith ina chomhalta den linn. Gan dochar d'infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an Aontais maidir le linnte den sórt sin, áiritheoidh comhaltaí uile de chuid linne, go háirithe, nach bhféadfaidh comhroinnt sonraí ná malartú faisnéise tarlú i gcomhthéacs a socraithe linne, ach amháin i leith na faisnéise seo a leanas:

(a) na meánastaíochtaí sonracha CO2;

(b) an sprioc i leith astaíochtaí sonracha;

(c) líon iomlán na bhfeithiclí atá cláraithe.

6.  Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás inar cuid den ghrúpa céanna monaróirí bainteacha iad na monaróirí go léir a áirítear sa linn.

7.  Ach amháin i gcás ina dtugtar fógra faoi mhír 3, measfar, maidir leis na monaróirí atá i linn a ndéantar faisnéis ina leith a chomhdú leis an gCoimisiún, gur monaróir amháin iad chun críocha chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4. Déanfar an fhaisnéis fhaireacháin agus tuairiscithe i leith monaróirí aonair, agus i leith aon linnte chomh maith, a thaifeadadh agus a thuairisciú, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

Airteagal 8

Faireachán agus tuairisciú ar na meánastaíochtaí

1.  I gcás na bliana féilire dar tús an 1 Eanáir 2012 agus gach bliana féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát faisnéis faoi gach aon fheithicil tráchtála éadrom nua a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn II a thaifeadadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na monaróirí agus dá n-allmhaireoirí ainmnithe nó dá n-ionadaithe ainmnithe i ngach Ballstát. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena áirithiú go n-oibreoidh na comhlachtaí tuairiscithe ar mhodh trédhearcach.

2.  Faoin 28 Feabhra gach bliain, ag tosú sa bhliain 2013, cinnfidh gach Ballstát an fhaisnéis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn II maidir leis an mbliain féilire roimhe sin agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún í. Déanfar na sonraí a tharchur i gcomhréir leis an bhformáid atá sonraithe i gCuid C d'Iarscríbhinn II.

3.  Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát an tsraith iomlán sonraí arna mbailiú de bhun mhír 1 a tharchur freisin.

4.  Coimeádfaidh an Coimisiún clár lárnach de na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit faoin Airteagal seo agus beidh an clár sin ar fáil go poiblí. Faoin 30 Meitheamh 2013, agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ríomh go sealadach i gcomhair gach monaróra:

(a) na meánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;

(b) an sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire roimhe sin;

(c) an difríocht idir a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain sin.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach aon mhonaróir faoina ríomh sealadach i gcomhair an mhonaróra sin. Áireofar san fhógra sonraí in aghaidh gach Ballstáit maidir le líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a cláraíodh agus maidir lena n-astaíochtaí sonracha CO2.

5.  Laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar fógra dóibh faoin ríomh sealadach faoi mhír 4, féadfaidh monaróirí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon earráidí sna sonraí agus sonróidh siad an Ballstát a measann siad ina leith gur tharla an earráid ann.

6.  Déanfaidh an Coimisiún aon fhógraí a gheofar ó mhonaróirí a bhreithniú agus déanfaidh sé, faoin 31 Deireadh Fómhair, na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a dhaingniú nó a leasú.

7.  Más rud é, maidir leis na blianta féilire 2012 agus 2013 agus ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh de bhun mhír 5, go ndealraíonn sé don Choimisiún go dtéann meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra sa bhliain sin thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin don mhonaróir.

8.  I ngach Ballstát, is é an t-údarás inniúil chun na sonraí faireacháin a bhailiú agus a chur in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

9.  Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le faireachán agus tuairisciú ar na sonraí faoin Airteagal seo agus maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 14(2).

Chun an taithí a gheofar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17.

10.  Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an Airteagal seo, sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le clárú feithiclí i gcatagóirí M2 agus N2, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar feithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus maidir le feithiclí a leathnaítear cineál-cheadú chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

Airteagal 9

Préimh astaíochtaí iomarcacha

1.  Maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2014 agus maidir le gach bliain féilire ina dhiaidh sin, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí iomarcacha ar mhonaróir nó ar bhainisteoir linne, de réir mar is iomchuí, i gcás ina dtéann meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha.

2.  Maidir leis an bpréimh astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1, ríomhfar í de réir na bhfoirmlí seo a leanas:

(a) ón mbliain 2014 go dtí an bhliain 2018:

(i) i gcás astaíochtaí iomarcacha atá níos mó ná 3 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 3 g CO2/km) × EUR 95 + EUR 45) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua;

(ii) i gcás astaíochtaí iomarcacha atá níos mó ná 2 g CO2/km ach nach mó ná 3 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 2 g CO2/km) × EUR 25 + EUR 20) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua;

(iii) i gcás astaíochtaí iomarcacha atá níos mó ná 1 g CO2/km ach nach mó ná 2 g CO2/km:

((Astaíochtaí iomarcacha – 1 g CO2/km) × EUR 15 + EUR 5) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua;

(iv) i gcás astaíochtaí iomarcacha nach mó ná 1 g CO2/km:

(Astaíochtaí iomarcacha × EUR 5) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua;

(b) ón mbliain 2019 ar aghaidh:

(Astaíochtaí iomarcacha × EUR 95) × líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua.

Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

 ciallaíonn “astaíochtaí iomarcacha” an líon deimhneach gram in aghaidh an chiliméadair ar dá réir a chuaigh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra, agus laghduithe astaíochtaí CO2 de thoradh theicneolaíochtaí nuálacha formheasta i gcomhréir le hAirteagal 12 á gcur san áireamh, thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire nó sa chuid di a bhfuil feidhm ag an oibleagáid faoi Airteagal 4 maidir léi, agus an líon sin á chothromú go dtí na trí hionad dheachúla is gaire, agus

 ciallaíonn “líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua” líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua arb é an monaróir sin a monaróir agus a cláraíodh sa tréimhse sin de réir na gcritéar maidir le céimniú isteach a leagtar amach in Airteagal 4.

3.  Déanfaidh an Coimisiún socruithe mionsonraithe a ghlacadh maidir le bailiú préimheanna astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

4.  Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

Feidhmíocht na monaróirí a fhoilsiú

1.  Faoin 31 Deireadh Fómhair 2013, agus faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún liosta ina dtabharfar na mionsonraí seo a leanas i leith gach monaróra:

(a) a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcomhair na bliana féilire roimhe sin;

(b) a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;

(c) an difríocht idir a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain sin;

(d) meánastaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin;

(e) meánmhais na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin.

2.  Ón 31 Deireadh Fómhair 2015 ar aghaidh, tabharfar le fios freisin sa liosta a fhoilseofar faoi mhír 1 cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an monaróir ceanglais Airteagal 4 i leith na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 11

Maoluithe do mhonaróirí áirithe

1.  Féadfaidh monaróir iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ar monaróir é atá freagrach as líon níos lú ná 22 000 feithicil tráchtála éadrom nua arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana féilire agus ar monaróir é:

(a) nach cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é; nó

(b) ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é atá freagrach as líon is lú ná 22 000 feithicil tráchtála éadrom nua san iomlán arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana féilire; nó

(c) ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é ach a oibríonn a shaoráidí táirgeachta féin agus a ionad dearthóireachta féin.

2.  Féadfar maolú a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 a dheonú ar feadh tréimhse uasta 5 bliana féilire. Déanfar iarratas chuig an gCoimisiún agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a) ainm an mhonaróra agus ainm an duine teagmhála don mhonaróir;

(b) fianaise go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a bheith aige faoi mhír 1;

(c) mionsonraí na bhfeithiclí tráchtála éadroma a mhonaraíonn sé, lena n-áirítear mais agus astaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí tráchtála éadroma sin; agus

(d) sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun a astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh.

3.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a fháil a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 agus inar deimhin leis go bhfuil an sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá beartaithe ag an monaróir i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh, deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir. ►M2  ————— ◄

4.  Maidir le monaróir atá faoi réir maolaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún maidir le haon athrú a dhéanann difear, nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh, dá cháilitheacht chun maolú a bheith aige.

5.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, cibé acu ar bhonn fógra faoi mhír 4 nó ar shlí eile, nach bhfuil monaróir cáilithe a thuilleadh chun an maolú a bheith aige, déanfaidh sé an maolú a chúlghairm le héifeacht ón 1 Eanáir sa chéad bhliain féilire eile agus tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoin méid sin.

6.  I gcás nach ndéanann monaróir a sprioc i leith astaíochtaí sonracha a bhaint amach, forchuirfidh an Coimisiún an phréimh astaíochtaí iomarcacha ar an monaróir, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 9.

7.  Glacfaidh an Coimisiún rialacha chun forlíonadh a dhéanamh ar mhír 1 go mír 6 den Airteagal seo, ar rialacha iad, inter alia, maidir le léiriú na gcritéar cáilitheachta i ndáil le maoluithe, maidir le hinneachar na n-iarratas agus maidir le hinneachar agus measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, agus glacfar na rialacha sin trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17.

8.  Déanfar iarratais ar mhaolú, lena n-áirítear an fhaisnéis a thacaíonn leis, fógraí faoi mhír 4, cúlghairm faoi mhír 5 agus aon fhorchur préimhe astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 6 agus gníomhartha arna nglacadh de bhun mhír 7, a chur ar fáil go poiblí, ach sin faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ( 1 ).

Airteagal 12

Éicea-nuálaíocht

▼M2

1.  Cuirfear faoi chaibidil coigiltis CO2 a baineadh amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc de theicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás go gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin.

Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 monaróra.

2.  Glacfaidh an Coimisiún forálacha sonracha trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh nós imeachta chun na teicneolaíochtaí nuálacha nó na pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha dá dtagraítear i mír 1 a cheadú, faoin 31 Nollaig 2012. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo. Beidh na forálacha mionsonraithe sin i gcomhréir leis na forálacha arna mbunú faoi Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, agus beidh siad bunaithe ar na critéir seo a leanas le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha:

▼B

(a) ní mór don soláthróir nó don mhonaróir a bheith cuntasach as coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid;

(b) ní mór rannchuidiú fíoraithe maidir le laghdú CO2 a bheith ann mar thoradh ar na teicneolaíochtaí nuálacha;

(c) ní mór nach gcumhdaítear na teicneolaíochtaí nuálacha leis an timthriall caighdeánach tástála chun CO2 a thomhas nó le forálacha sainordaitheacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann lena gcomhlíontar an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, ná ní mór nach mbeidh siad sainordaitheach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais.

3.  Maidir le soláthróir nó monaróir a dhéanann iarratas go bhformheasfar beart mar theicneolaíocht nuálach, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear tuarascáil fíorúcháin arna dréachtú ag comhlacht neamhspleách deimhnithe. I gcás idirghníomhaíocht ionchasach a bheith ann idir an beart sin agus teicneolaíocht nuálach eile atá formheasta cheana féin, luafar an idirghníomhaíocht sin sa tuarascáil agus déanfar meastóireacht sa tuarascáil fíorúcháin ar a mhéid a mhodhnaíonn an idirghníomhaíocht sin an laghdú a bhaintear amach le gach beart ar leith.

4.  Déanfaidh an Coimisiún an laghdú a bhaintear amach a fhianú ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 2.

Airteagal 13

Athbhreithniú agus tuarascáil

▼M2

1.  Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna sonracha astaíochta agus na rialacha mionsonraithe atá leagtha amach ann chomh maith le gnéithe eile den Rialachán seo d’fhonn spriocanna astaíochtaí CO2 a bhunú le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma nua don tréimhse tar éis 2020. Ar mhaithe le sin, beidh an measúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus leis na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chostéifeachtach do laghdú CO2 a fhorbairt do fheithiclí tráchtála éadroma. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus beidh toradh an athbhreithnithe sin inti. Áireofar san tuarascáil sin aon tograí iomchuí le haghaidh leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo, lena n-áirítear an deis a d’fhéadfadh a bheith ann sprioc réalaíoch agus indéanta a leagan síos, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach tionchair lena ndéanfar iomaíochas leanúnach thionscal na bhfeithiclí tráchtála éadroma a mheas agus na tionscail a bhraitheann air. Agus tograí den sórt sin á bhforbairt aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de agus go mbeidh siad cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

▼B

2.  Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin mbliain 2014 chun feithiclí chatagóirí N2 agus M2, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar feithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus feithiclí ar leathnaíodh cineál-cheadú chucu leo i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a áireamh sa Rialachán seo, d'fhonn an sprioc fhadtéarma a bhaint amach ón mbliain 2020 ar aghaidh.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, faoin mbliain 2014, tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, tuarascáil a fhoilsiú maidir le hinfhaighteacht na sonraí i leith an loirg agus an phálasta, agus maidir lena n-úsáid mar pharaiméadair fhóntais chun spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a chinneadh agus, más iomchuí, cuirfidh sé togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

4.  Faoin 31 Nollaig 2011, cuirfidh an Coimisiún nós imeachta ar bun chun luachanna ionadaíocha astaíochtaí CO2, barainneachta breosla agus mhais na bhfeithiclí críochnaithe a fháil, agus á áirithiú ag an am céanna go bhfuil rochtain thráthúil ag monaróir na bonnfheithicle ar mhais agus ar astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle críochnaithe.

5.  Faoin 31 Deireadh Fómhair 2016, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 15, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, chun an figiúr M0, dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin, a choigeartú do mheánmhais feithiclí tráchtála éadroma nua sna 3 bliana féilire roimhe sin.

Beidh éifeacht leis na coigeartuithe sin den chéad uair an 1 Eanáir 2018 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.

6.  Déanfaidh an Coimisiún feithiclí tráchtála éadroma a áireamh san athbhreithniú ar na nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

▼M2 —————

▼B

Déanfaidh an Coimisiún feithiclí tráchtála éadroma a áireamh san athbhreithniú ar Threoir 2007/46/CE i gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

▼M2

Cinnfidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na paraiméadair chomhghaoil a mbeidh gá leo chun go léireofar aon athrú sa nós imeachta rialála le haghaidh na n-astaíochtaí sonracha dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún ( 2 ) a thomhas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligean a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15, agus, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, chun na foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chur in oiriúint, ag baint leasa as an modheolaíocht a glacadh de bhun na chéad míre, agus áiritheoidh sé i gcomhthráth go gceanglófar ceanglais laghdaithe, faoi na nósanna imeachta tástála idir sean is nua, ar ceanglais iad a bheidh ar chomhdhéine le haghaidh monaróirí agus le haghaidh feithiclí a mbaintear úsáid éagsúil astu.

▼B

Airteagal 14

An nós imeachta Coiste

1.  Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide, arna bhunú le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme ( 3 ), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Tá an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼M2

2a.  I gcás nach dtugann an coiste dá dtagraítear i mír 1 aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼B

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 8(9), in Airteagal 11(7), in Airteagal 13(5) agus sa cheathrú fomhír d'Airteagal 13(6) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse 5 bliana ón 3 Meitheamh 2011. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an gcumhacht tharmligthe a tharraingt suas tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

3.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 16

An tarmligean a chúlghairm

1.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 8(9), in Airteagal 11(7), in Airteagal 13(5) agus sa cheathrú fomhír d'Airteagal 13(6) a chúlghairm aon tráth.

2.  Féachfaidh an institiúid a bheidh tar éis tús a chur le nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an gcúlghairfear tarmligean cumhachta le fógra ina leith sin a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir a cúlghairme agus na cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm.

3.  Maidir leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta is déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 17

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta a thugtar an fógra.

Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí.

2.  Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.  Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna leis an agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

SPRIOCANNA I LEITH ASTAÍOCHTAÍ SONRACHA CO2

1. Maidir le hastaíochtaí sonracha táscacha CO2 i gcomhair gach feithicle tráchtála éadroime, arna dtomhas i ngraim in aghaidh an chiliméadair, déanfar iad a chinneadh i gcomhréir leis na foirmlí seo a leanas:

(a) ón mbliain 2014 go dtí an bhliain 2017:

Na hastaíochtaí sonracha táscacha CO2 = 175 + a × (M – M0)

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

1 706,0

a

=

0,093;

(b) ón mbliain 2018 ar aghaidh:

Na hastaíochtaí sonracha táscacha CO2 = 175 + a × (M – M0)

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

an luach a ghlacfar de bhun Airteagal 13(5)

a

=

0,093;

▼M2

(c) ó 2020:

image

más rud é:

M

=

mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0

=

an luach arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(5)

a

=

0,096.

▼B

2. Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir i mbliain féilire ar leith a ríomh mar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair gach feithicle tráchtála éadroime nua arna clárú sa bhliain féilire sin arb é an monaróir sin a monaróir.




IARSCRÍBHINN II

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ AR ASTAÍOCHTAÍ

A.   Sonraí a bhailiú maidir le feithiclí tráchtála éadroma nua agus faisnéis fhaireacháin CO2 a chinneadh

▼M3

1.   Detailed data

1.1.   Complete vehicles registered as N1

In the case of EC type-approved complete vehicles registered as N1, Member States shall, for each calendar year, record the following detailed data for each new light commercial vehicle the first time that it is registered in their territory:

(a) the manufacturer;

(b) the type-approval number with its extension;

(c) the type, variant, and version;

(d) make;

(e) category of vehicle type-approved;

(f) category of vehicle registered;

(g) the specific emissions of CO2;

(h) mass in running order;

(i) technically permissible maximum laden mass;

(j) footprint: the wheel base, the track width steering axle and the track width other axle;

(k) the fuel type and fuel mode;

(l) engine capacity;

(m) electric energy consumption;

(n) code of the innovative technology or group of innovative technologies and the CO2 emissions reduction due to that technology;

(o) the vehicle identification number.

The format set out in Section 2 of Part C shall be used.

1.2. Vehicles approved in a multi-stage process and registered as N1 vehicles

In the case of multi-stage vehicles registered as N1 vehicles, Member States shall, for each calendar year, record the following detailed data with regard to:

(a) the base (incomplete) vehicle: the data specified in points (a), (b), (c), (d), (e), (g), (h), (i), (n) and (o) of point 1.1, or, instead of the data specified in (h) and (i), the default added mass provided as part of the type-approval information specified in point 2.17.2 of Annex I to Directive 2007/46/EC;

(b) the base (complete) vehicle: the data specified in points (a), (b), (c), (d), (e), (g), (h), (i), (n) and (o) of point 1.1;

(c) the completed vehicle: the data specified in points (a), (f), (g), (h), (j), (k), (l), (m) and (o) specified in point 1.1.

Where any of the data referred to in points (a) and (b) of this point cannot be provided for the base vehicle, the Member State shall provide data with regard to the completed vehicle instead.

The format set out in Section 2 of Part C shall be used for completed N1 vehicles.

The vehicle identification number referred to in point (o) of point 1.1 shall not be made public.

▼B

2.  ►M1  The details referred to in point 1 shall be taken from the certificate of conformity or be consistent with the certificate of conformity issued by the manufacturer of the relevant light commercial vehicle. Where the certificate of conformity is not used, Member States shall put the necessary measures in place to ensure adequate accuracy in the monitoring procedure. ◄ I gcás ina ndéantar mais íosta agus mais uasta araon d'fheithicil tráchtála éadrom a shonrú ar an deimhniú comhréireachta, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an figiúr uasta amháin chun críche an Rialacháin seo. I gcás feithiclí débhreoslaithe (peitreal/gás), a bhfuil figiúirí i leith astaíochtaí sonracha CO2 le haghaidh an dá chineál breosla ar a ndeimhniú comhréireachta, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an figiúr arna thomhas don ghás.

▼M3

3. Member States shall, for each calendar year, determine:

(a) the sources used for the collection of the detailed data referred to in point 1;

(b) the total number of new registrations of new light commercial vehicles subject to EC type-approval;

(c) the total number of new registrations of new light commercial vehicles subject to multi-stage type-approval, where available;

(d) the total number of new registrations of new individually approved light commercial vehicles;

(e) the total number of new registrations of new light commercial vehicles approved nationally in small series.

B.   Methodology for determining CO2 monitoring information for new light commercial vehicles

Monitoring information which Member States are required to determine in accordance with points 1 and 3 of Part A of this Annex shall be determined in accordance with the methodology in this Part.

1.   Number of new light commercial vehicles registered

Member States shall determine the number of new light commercial vehicles registered within their territory in the respective monitoring year divided into vehicles subject to EC type-approval, individual approvals and national approvals of small series and, where available, the number of multi-stage vehicles.

▼M1 —————

▼M3 —————

▼M1 —————

▼B

7.   Feithiclí críochnaithe

I gcás feithiclí ilchéime, déanfar astaíochtaí sonracha CO2 fheithiclí críochnaithe a leithdháileadh chuig monaróir na bonnfheithicle.

Chun a áirithiú go mbeidh luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus na barainneachta fuinnimh agus mais na bhfeithiclí críochnaithe ionadaíoch, gan ualach iomarcach a chur ar mhonaróir na bonnfheithicle, déanfaidh an Coimisiún nós imeachta faireacháin sainiúil a chur ar aghaidh agus déanfaidh sé athbhreithniú ar an reachtaíocht ábhartha um chineál-cheadú agus déanfaidh sé na leasuithe is gá ina thaobh sin faoin 31 Nollaig 2011 ar a dhéanaí.

Nuair atá nós imeachta den sórt sin á shainiú aige, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, an tslí a ndéanfar faireachán ar an luach maise agus ar an luach CO2 a chinneadh, agus beidh sé sin bunaithe ar thábla luachanna CO2 atá comhfhreagrach le haicmí éagsúla meáchain táimhe chríochnaithigh nó ar aon luach CO2 amháin a dhíorthaítear ó mhais na bonnfheithicle móide mais bhreise réamhshocraithe arna difreálú de réir aicme N1. Sa chás deireanach sin, d'úsáidfí an mhais sin le haghaidh Chuid C den Iarscríbhinn seo.

Áiritheoidh an Coimisiún freisin go mbeidh rochtain thráthúil ag monaróir na bonnfheithicle ar mhais agus astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle críochnaithe.

▼M3

Notwithstanding that the default added mass shall be taken for Part C of this Annex, where that mass value cannot be determined, the mass in running order of the completed vehicle may be used for the provisional calculation of the specific emissions target referred to in Article 8(4).

Where the base vehicle is a complete vehicle, the mass in running order of that vehicle shall be used for the calculation of the specific emissions target. However, where that mass value cannot be determined, the mass in running order of the completed vehicle may be used for the provisional calculation of the specific emissions target.

▼M3

C.   Formats for transmission of data

For each year, Member States shall report the information specified in points 1 and 3 of Part A in the following format:



Section 1 — Aggregated monitoring data

Member State (1)

 

Year

 

Data source

 

Total number of new registrations of new light commercial vehicles subject to EC type-approval

 

Total number of new registrations of individually approved new light commercial vehicles

 

Total number of new registrations of new light commercial vehicles approved as national small series

 

Total number of new registrations of new light commercial vehicles subject to multi-stage type-approval (where available)

 

(1)   ISO 3166 alpha-2 codes with the exception of Greece and the United Kingdom for which the codes are “EL” and “UK” respectively.



Section 2 — Detailed monitoring data — one vehicle record

Reference to Section 1.1 of Part A

Detailed data per vehicle registered (1)

(a)

Manufacturer name EU standard denomination (2)

Manufacturer name OEM declaration

COMPLETE VEHICLE/BASE VEHICLE (3)

Manufacturer name OEM declaration

COMPLETED VEHICLE (3)

Manufacturer name in Member State registry (2)

(b)

Type-approval number and its extension

(c)

Type

Variant

Version

(d)

Make

(e)

Category of vehicle type-approved

(f)

Category of vehicle registered

(g)

Specific CO2 emissions

(h)

Mass in running order

BASE VEHICLE

Mass in running order

COMPLETED VEHICLE/COMPLETE VEHICLE

(i) (4)

Technically permissible maximum laden mass

(j)

Wheel base

Axle width steering axle (Axle 1)

Axle width other axle (Axle 2)

(k)

Fuel type

Fuel mode

(l)

Engine capacity (cm3)

(m)

Electric energy consumption (Wh/km)

(n)

Code of the innovative technology or group of innovative technologies

Emission reduction through innovative technology(ies)

(o)

Vehicle identification number

Point 2.17.2 of Annex I to Directive 2007/46/EC (5)

Default added mass (where applicable in the case of multi-stage vehicles)

(1)   Where, in the case of multi-stage vehicles, data cannot be provided for the base vehicle, the Member State shall as a minimum provide the data specified in this format for the completed vehicle. Where the vehicle identification number cannot be provided, all detailed data must be provided for the complete vehicle, the completed vehicle as well as for the base vehicle in accordance with points (a), (b) and (c) of point 1.2 of Part A of this Annex.

(2)   In the case of the national small series approvals (NSS) or the individual approvals (IVA), the manufacturer name shall be provided in the column “Manufacturer name in Member State registry” whilst in the column “Manufacturer name EU standard denomination” either of the following shall be indicated: “AA-NSS” or “AA-IVA” as the case may be.

(3)   In the case of multi-stage vehicles indicate the base (incomplete/complete) vehicle manufacturer. If the base vehicle manufacturer is not available indicate the manufacturer of the completed vehicle only.

(4)   In the case of multi-stage vehicles indicate the technically permissible maximum laden mass of the base vehicle.

(5)   In the case of multi-stage vehicles, the mass in running order and the technically permissible maximum laden mass of the base vehicle may be replaced by the default added mass specified in the type-approval information in accordance with point 2.17.2 of Annex I to Directive 2007/46/EC.



( 1 ) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).

( 3 ) IO L 49, 19.2.2004, lch. 1.

Top