Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R1060-20240109

    Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1060/2024-01-09

    D’fhéadfadh sé nach bhfuil na leasuithe seo a leanas sa téacs comhdhlúite seo:

    Gníomh leasaitheach Cineál an leasaithe An fhoroinn lena mbaineann Teacht i bhfeidhm
    32022R2554 Arna leasú le iarscríbhinn I roinn A mír 4 mír neamhuimhrithe 1 17/01/2025
    32022R2554 Arna leasú le iarscríbhinn III pointe 12 17/01/2025

    02009R1060 — GA — 09.01.2024 — 007.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 1060/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Meán Fómhair 2009

    maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    (IO L 302 17.11.2009, lch. 1)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 513/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 11 Bealtaine 2011

      L 145

    30

    31.5.2011

     M2

    DIRECTIVE 2011/61/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL  of 8 June 2011  (*)

      L 174

    1

    1.7.2011

    ►M3

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 462/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 21 Bealtaine 2013

      L 146

    1

    31.5.2013

    ►M4

    DIRECTIVE 2014/51/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL  of 16 April 2014  (*)

      L 153

    1

    22.5.2014

    ►M5

    RIALACHÁN (AE) 2017/2402 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 12 Nollaig 2017

      L 347

    35

    28.12.2017

    ►M6

    RIALACHÁN (AE) 2023/2869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2023

      L 

    1

    20.12.2023


    Arna cheartú le:

    ►C1

    Ceartúchán, IO L 350, 29.12.2009, lch.  1 (1060/2009)



    (*)

    Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




    ▼B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 1060/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Meán Fómhair 2009

    maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



    TEIDEAL I

    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    ▼M3

    Airteagal 1

    Ábhar

    Tugtar isteach leis an Rialachán seo cur chuige rialúcháin coiteann chun feabhas a chur ar shláine, ar thrédhearcacht, ar fhreagracht, ar dhea-rialachas agus ar neamhspleáchas gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena gcuirfear le cáilíocht na rátálacha creidmheasa a eisítear san Aontas agus le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus infheisteoirí á bhaint amach. Leagtar síos leis coinníollacha maidir le heisiúint rátálacha creidmheasa agus rialacha maidir le heagrú agus iompar gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, a scairshealbhóirí agus a gcomhaltaí san áireamh, chun neamhspleáchas na ngníomhaireachtaí sin a chur chun cinn, chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus chun feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí.

    ▼M5

    Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí d’eisitheoirí, agus do thríú páirtithe gaolmhara atá bunaithe san Aontas i leith ionstraimí urrúsúcháin.

    ▼B

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1.  
    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le rátálacha creidmheasa a eisíonn gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus atá cláraithe sa ►M3  Aontas ◄ a nochtar go poiblí nó a dháiltear trí bhíthin shuibscríbhinne.
    2.  

    Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

    (a) 

    rátálacha creidmheasa a thugtar ar de bhun ordú aonair agus a sholáthraítear go heisiach don duine a rinne iad a ordú agus nach bhfuil sé ar intinn iad a nochtadh go poiblí nó iad a scaipeadh trí shuibscríobh;

    (b) 

    scóir chreidmheasa, córais scórála creidmheasa nó measúnachtaí comhchosúla a bhaineann leis na hoibleagáidí a thagann chun cinn as caidreamh le tomhaltóirí, caidreamh tráchtála nó caidreamh tionsclaíochta;

    (c) 

    rátálacha creidmheasa a thugann gníomhaireachtaí creidmheasa i gcomhréir le pointe 1.3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE; nó

    (d) 

    rátálacha creidmheasa arna dtabhairt ar aird ag na bainc cheannais:

    (i) 

    agus nach bhfuil íoctha ag an eintiteas rátáilte;

    (ii) 

    agus nach bhfuil nochta don phobal;

    (iii) 

    agus atá eisithe i gcomhréir leis na prionsabail, na caighdeáin agus na nósanna imeachta a áirithíonn sláine dhóthanach agus neamhspleáchas dóthanach na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa faoi mar a fhoráiltear sa Rialachán seo; agus

    (iv) 

    agus nach mbaineann le hionstraimí airgeadais a eisíonn bainc cheannais aonair na mBallstát.

    ▼M4 —————

    ▼B

    4.  

    D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach phointe (d) de mhír 2 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air ag Ballstát, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus i gcomhréir leis pointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo, cinneadh a ghlacadh a deir go dtagann banc ceannais faoi raon feidhme an Airteagail seo agus dá bhrí sin go bhfuil sé díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Foilseoidh an Coimisiún liosta de na bainc cheannais a thagann faoi raon feidhme phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    1.  

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) 

    ciallaíonn “rátáil chreidmheasa” tuairim maidir le hacmhainn creidmheasa eintitis, fiachas nó oibleagáid airgeadais, urrúis fiachais, scaireanna tosaíochta nó ionstraim airgeadais eile, nó ó eisitheoir ionstraim airgeadais den sórt sin, arna n-eisiúint ag baint úsáid as córas aicmithe sainmhínithe agus bunaithe de chatagóirí rátála;

    (b) 

    ciallaíonn “gníomhaireacht rátála creidmheasa” duine dlítheanach a eisíonn rátálacha creidmheasa ar bhonn gairmiúil mar chuid dá cheird;

    (c) 

    ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe na gníomhaireachta rátála creidmheasa lonnaithe;

    (d) 

    ciallaíonn “anailísí rátála” duine a chomhlíonann feidhmeanna anailíseacha atá riachtanach chun rátáil chreidmheasa a eisiúint;

    (e) 

    ciallaíonn “ceann-anailísí rátála” duine atá freagrach go príomha as rátáil chreidmheasa a dhéanamh nó as cumarsáid a dhéanamh leis an eisitheoir i ndáil le rátáil chreidmheasa ar leithligh nó, go ginearálta, i ndáil le rátáil chreidmheasa ionstraime airgeadais arna eisiúint ag an eisitheoir sin agus, i gcás inarb iomchuí, as moltaí a ullmhú don choiste rátála i ndáil leis sin;

    (f) 

    ciallaíonn “eintiteas rátáilte” duine dlítheanach a bhfuil a acmhainn creidmheasa rátáilte go sainráite nó go hintuigthe sa rátáil chreidmheasa, cibé ar iarr sé an rátáil chreidmheasa sin nó nár iarr nó cibé ar chuir sé faisnéis ar fáil i gcomhair na rátála creidmheasa sin nó nár chuir;

    ▼M3

    (g) 

    ciallaíonn “críocha rialúcháin” rátálacha creidmheasa a úsáid chun go gcomhlíonfaí, mar chríoch shonrach, dlí an Aontais, nó dlí an Aontais faoi mar a chuirtear i bhfeidhm é le reachtaíocht náisiúnta na mBallstát;

    ▼B

    (h) 

    ciallaíonn “catagóir rátála” siombail rátála, amhail siombail litreach nó siombail uimhriúil a bhféadfadh carachtair shainaitheantais a bheith ag gabháil léi, a úsáidtear i rátáil chreidmheasa chun tomhas coibhneasta den riosca a chur ar fáil chun idirdhealú a dhéanamh idir tréithe riosca éagsúla na gcineálacha eintiteas rátáilte, eisitheoirí agus ionstraimí airgeadais nó sócmhainní eile;

    (i) 

    ciallaíonn “tríú páirtí gaolmhar” tionscnóir, socraitheoir, urraitheoir, seirbhíseoir nó páirtí ar bith eile a idirghníomhaíonn le gníomhaireacht rátála creidmheasa thar ceann an eintitis rátáilte, lena n-áirítear duine ar bith a bhfuil baint go díreach nó go hindíreach aige nó aici leis an eintitis rátáilte sin trí bhíthin rialaithe;

    (j) 

    ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthair-ghnóthas agus foghnóthas, mar a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 maidir le cuntais chomhdhlúite ( 1 ), nó dlúthnasc idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;

    (k) 

    ciallaíonn “ionstraimí airgeadais” aon cheann de na hionstraimí atá liostaithe i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaidh in ionstraimí airgeadais ( 2 );

    ▼M5

    (l) 

    ciallaíonn “ionstraim urrúsúcháin” ionstraim airgeadais nó sócmhainní eile a eascraíonn ó idirbheart nó scéim urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2017/2402 [Rialachán urrúsúcháin];

    ▼B

    (m) 

    ciallaíonn “grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa” grúpa gnóthas atá bunaithe sa ►M3  Aontas ◄ atá comhdhéanta de mháthair-ghnóthas agus a chuid fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE, chomh maith le gnóthais atá nasctha le chéile trí chaidreamh de réir bhrí Airteagal 12(1) de Threoir 83/349/CEE agus a n-áirítear eisiúint rátálacha creidmheasa ar a gceird. Chun críocha phointe (a) d’Airteagal 4(3), áireofar gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha ar ghrúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa;

    (n) 

    ciallaíonn “an bhainistíocht shinsearach” duine nó daoine, a stiúrann go héifeachtach gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa mar aon le comhalta nó comhaltaí a bhoird riaracháin nó maoirseachta;

    (o) 

    ciallaíonn “gníomhaíochtaí rátála creidmheasa” anailís sonraí agus faisnéise mar aon le meastóireacht, formheas, eisiúint agus athbhreithniú rátálacha creidmheasa;

    ▼M1

    (p) 

    ciallaíonn “údaráis inniúla” na húdaráis arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22;

    ▼M3

    (pa) 

    ciallaíonn “institiúid chreidmheasa” institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;

    (pb) 

    ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;

    (pc) 

    ciallaíonn “gnóthas árachais” gnóthas árachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) ( 3 );

    (pd) 

    ciallaíonn “gnóthas athárachais” gnóthas athárachais mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE;

    (pe) 

    ciallaíonn “institiúid um chóir ar scor gairme” institiúid um chóir ar scor gairme amhail a shainmhínítear in Airteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE;

    (pf) 

    ciallaíonn “cuideachta bhainistíochta” cuideachta bhainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) a chomhordú ( 4 );

    (pg) 

    ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” cuideachta infheistíochta arna údarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;

    (ph) 

    ciallaíonn “bainisteoir ciste infheistíochta malartach” AIFM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha ( 5 );

    (pi) 

    ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála ( 6 ) atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin;

    (pj) 

    ciallaíonn “réamheolaire” réamheolaire a fhoilsítear faoi Threoir 2003/71/CE agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 809/2004;

    ▼M3

    (q) 

    ciallaíonn “reachtaíocht earnála” gníomhartha reachtacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (pa) go pointe (pj);

    (r) 

    ciallaíonn “údaráis inniúla earnála” na húdaráis inniúla náisiúnta arna sonrú faoin reachtaíocht ábhartha earnála chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais, gnóthais athárachais, institiúidí um chóir ar scor ceirde, cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta, bainisteoirí um chistí infheistíochta malartacha, contrapháirtithe lárnacha agus réamheolairí;

    ▼M3

    (s) 

    ciallaíonn “eisitheoir” eisitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(h) de Threoir 2003/71/CE;

    (t) 

    ciallaíonn “tionscnóir” tionscnóir mar a shainmhínítear i bpointe (41) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;

    (u) 

    ciallaíonn “urraitheoir” urraitheoir mar a shainmhínítear i bpointe (42) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;

    (v) 

    ciallaíonn “rátáil cheannasaigh”:

    (i) 

    rátáil chreidmheasa inar Stát, nó údarás réigiúnach nó áitiúil de chuid Stáit, an t-eintiteas rátáilte;

    (ii) 

    rátáil chreidmheasa inar Stát, nó údarás réigiúnach nó áitiúil de chuid Stáit, nó aonán sainchuspóireach do Stát nó d’údarás réigiúnach nó áitiúil eisitheoir an fhiachais nó na hoibleagáide airgeadais, eisitheoir an urrúis fhiachais nó eisitheoir ionstraime eile airgeadais;

    (iii) 

    rátáil chreidmheasa inar institiúid airgeadais idirnáisiúnta é an t-eisitheoir arna bunú ag dhá Stát nó níos mó, a bhfuil sé mar aidhm aici maoiniú a shlógadh agus cúnamh airgeadais a sholáthar chun sochair chomhaltaí na hinstitiúide airgeadais idirnáisiúnta sin a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe ag bagairt orthu;

    (w) 

    ciallaíonn “tuar rátála” tuairim i leith treochta dóchúla rátála creidmheasa sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó iontu araon;

    (x) 

    ciallaíonn “rátáil chreidmheasa gan iarraidh” agus “rátáil cheannasach gan iarraidh”, faoi seach, rátáil chreidmheasa nó rátáil cheannasach arna sannadh ag gníomhaireacht rátála creidmheasa seachas arna iarraidh sin;

    (y) 

    ciallaíonn “scór creidmheasa” tomhas d’acmhainneacht creidmheasa atá díorthaithe ó achoimriú agus léiriú a dhéanamh ar shonraí atá bunaithe ar chóras nó ar shamhail staidrimh réamhbhunaithe amháin, gan aon ionchur anailíseach, rátáilsonrach, substaintiúil, breise ó anailísí rátála;

    (z) 

    ciallaíonn “margadh rialaithe” margadh rialaithe mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE agus atá bunaithe san Aontas;

    (aa) 

    ciallaíonn “ath-urrúsúchán” ath-urrúsúchán mar a shainmhínítear i bpointe (40a) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE.

    ▼B

    2.  

    Chun críocha phointe (a) de mhír 1, ní mheasfar gur rátálacha creidmheasa iad seo a leanas:

    (a) 

    moltaí de réir bhrí Airteagal 1(3) de Threoir 2003/125/CE ón gCoimisiún ( 7 )

    (b) 

    taighde infheistíochta faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 24(1) de Threoir 2006/73/CE ( 8 ) agus cineálacha eile de mholadh ginearálta, amhail “ceannaigh”, “díol” nó “coinnigh” a bhaineann le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais nó in oibleagáidí airgeadais; nó

    (c) 

    tuairimí faoi luach ionstraime airgeadais d’oibleagáid airgeadais.

    ▼M3

    3.  
    Chun críocha an Rialacháin seo, áireofar sa téarma “scairshealbhóir” úinéirí tairbhiúla, mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 3 de Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí ( 9 ).

    ▼B

    Airteagal 4

    Rátálacha creidmheasa a úsáid

    ▼M3

    1.  
    Ní fhéadfaidh institiúidí creidmheasa, gnóthais athárachais, institiúidí um chóir ar scor gairme, cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta, bainisteoirí um chistí infheistíochta malartacha agus bainisteoirí contrapháirtithe lárnacha rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialúcháin ach amháin más rud é go bhfuil siad eisithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe san Aontas agus cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    I gcás ina mbeadh tagairt do rátáil chreidmheasa nó do rátálacha creidmheasa iréamheolaire, áiritheoidh an tairgeoir, nó an duine a iarrann cead trádála ar mhargadh rialáilte, go mbeidh faisnéis shoiléir fheiceálach ann freisin ar cibé ar gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe san Aontas agus cláraithe faoin Rialachán seo a eisíonn an rátáil chreidmheasa sin, nó nach ea.

    ▼B

    2.  
    Measfar go mbeidh rátáil chreidmheasa eisithe ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa ►M3  Aontas ◄ agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo nuair a bheidh an rátáil chreidmheasa foilsithe ar láithreán gréasáin na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó ar shlí eile, nó nuair a bhíonn sé dáilte trí shuibscríobh agus tugtha ar aird nó nochta i gcomhréir le hoibleagáidí Airteagal 10 agus go léirítear go soiléir go bhfuil an rátáil chreidmheasa formhuinithe.
    3.  

    Ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa ►M3  Aontas ◄ agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo rátáil chreidmheasa, arna heisiúint i dtríú tír, a fhormhuiniú ach amháin nuair a chomhlíonann na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as eisiúint rátála creidmheasa den sórt sin na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    maidir leis na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a eascraíonn as an rátáil chreidmheasa atá le formhuiniú, is í an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an ngrúpa céanna a dhéanann iad go hiomlán nó i bpáirt;

    ▼M3

    (b) 

    tá sé fíoraithe ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, agus tá sí in ann é a léiriú ar bhonn leanúnach don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ), go gcomhlíonann gníomhaíochtaí rátála creidmheasa ghníomhaireacht rátála creidmheasa na tríú tíre, a raibh mar thoradh uirthi eisiúint rátála creidmheasa atá le formhuiniú, ceanglais atá ar a laghad chomh docht céanna leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12 agus in Iarscríbhinn I, cé is moite d’Airteagail 6a, 6b, 8a, ►M5  8b, ◄ 8c agus 11a, pointe (ba) de phointe 3, agus pointe 3a agus pointe 3b de Roinn B d’Iarscríbhinn I.

    ▼M1

    (c) 

    níl teorainn le cumas ÚEUM measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b);

    (d) 

    cuireann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis go léir is gá ar fáil do ÚEUM arna iarraidh sin dó lena chur ar chumas ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an tslí a gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo;

    ▼B

    (e) 

    tá cúis oibiachtúil ann don rátáil chreidmheasa a tharraingt suas i dtríú tír;

    (f) 

    tá an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa tríú tír údaraithe nó cláraithe agus tá sí faoi réir ag maoirseacht sa tríú tír sin;

    (g) 

    cuireann an córas rialúcháin sa tríú tír sin cosc ar na húdaráis inniúla agus ar údaráis phoiblí eile sa tríú tír sin a bheith ag cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa agus na modheolaíochtaí; agus

    ▼M1

    (h) 

    is ann do shocrú iomchuí comhair idir ÚEUM agus údarás maoirseachta ábhartha na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír. Áiritheoidh ÚEUM go sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa socrú comhair sin:

    (i) 

    an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údarás maoirseachta ábhartha na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír; agus

    (ii) 

    na nósanna imeachta a bhaineann le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena chur ar chumas ÚEUM faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa as a leanann eisiúint rátála chreidmheasa ar tugadh tacaíocht di.

    ▼B

    4.  

    Déanfar rátáil chreidmheasa arna formhuiniú faoi mhír 3 a mheas mar rátáil chreidmheasa arna heisiúint ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa ►M3  Aontas ◄ agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Ní bhainfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe sa ►M3  Aontas ◄ agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo úsáid as formhuiniú ar shlí go mbeadh sé ar intinn aici ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.

    5.  
    Beidh an gníomhaireacht rátála creidmheasa a d’fhormhuinigh rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint i dtríú tír i gcomhréir le mír 3 fós freagrach go hiomlán as rátáil chreidmheasa den sórt sin agus as comhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha amach inti.
    6.  
    Más rud é go dtugann an Coimisiún aitheantas, i gcomhréir le hAirteagal 5(6), do chreat dlí agus maoirseachta tríú tír mar chreat atá coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo agus go mbíonn na socruithe comhair dá dtagraítear in Airteagal 5(7) i bhfeidhm, ní bheidh de cheangal a thuilleadh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a fhormhuiníonn rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint sa tríú tír sin a fhíorú ná a léiriú, de réir mar is gá, go bhfuil an coinníoll a leagtar síos i bpointe (g) de mhír 3 den Airteagal seo comhlíonta.

    Airteagal 5

    Coibhéis agus deimhniúchán bunaithe ar choibhéis

    1.  

    Féadfar na rátálacha creidmheasa a bhaineann le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha nó ionstraimí airgeadais a eisítear i dtríú tíortha agus arna n-eisiúint ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír, a úsáid sa ►M3  Aontas ◄ faoi Airteagal 4(1) gan iad a bheith formhuinithe i gcomhréir le hAirteagal 4(3), ar an gcoinníoll:

    (a) 

    go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin agus go bhfuil sí faoi réir ag maoirseacht sa tríú tír sin;

    (b) 

    go bhfuil cinneadh coibhéise glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, lena n-aithnítear réim dlí agus maoirseachta tríú tír sin a bheith coibhéiseach le ceanglais an Rialacháin seo;

    (c) 

    go bhfuil na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo i mbun oibríochta;

    (d) 

    nach bhfuil tábhacht chórasach leis na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus a cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais i gceann nó níos mó de na Ballstáit; agus

    (e) 

    go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa deimhnithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    ▼M1

    2.  
    Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán. Cuirfear an t-iarratas faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir leis na forálacha ábhartha d'Airteagal 15.
    3.  

    Scrúdóidh ÚEUM an t-iarratas ar dheimhniúchán agus déanfaidh sé cinneadh ina thaobh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 16. Beidh an cinneadh ar dheimhniúchán bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo.

    ▼B

    Fógrófar an cinneadh ar dheimhniúchán, agus foilseofar é, i gcomhréir le hAirteagal 18.

    ▼M1

    4.  

    Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 iarratas a dhéanamh freisin ina n-iarrfar í a dhíolmhú:

    (a) 

    ar bhonn gach cáis ar leithligh, ó chuid de na ceanglais nó ó na ceanglais go léir atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus in Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, nach bhfuil na ceanglais comhréireach;

    (b) 

    ón gceanglas a bheith i láthair go fisiceach san Aontas i gcás ina mbeadh ualach rómhór ag gabháil le ceanglas den sórt sin, agus go mbeadh an ceanglas sin díréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa.

    Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar dhíolúine faoi phointe (a) nó faoi phointe (b) den chéad fhomhír a thíolacadh i dteannta an iarratais ar dheimhniúchán. Nuair atá an t-iarratas sin á mheas, breithneoidh ÚEUM méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, ag féachaint do chineál, scála agus castacht a gnó agus do chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, mar aon le tionchar na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar chobhsaíocht airgeadais agus ar shláine na margaí airgeadais i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Ar bhonn na mbreithnithe sin, féadfaidh ÚEUM díolúine den sórt sin a dheonú don ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1.

    ▼M1 —————

    ▼B

    6.  

    Féadfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(3), á lua go n-áirithíonn réim dlí agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a eascraíonn as an Rialachán seo agus atá faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin.

    Féadfar réim dlí agus maoirseachta tríú tír a mheas a bheith coibhéiseach leis an Rialachán seo más rud é go gcomhlíonann an réim sin na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:

    (a) 

    tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe sa tríú tír sin faoi réir ag údarú nó clárú agus tá siad faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach ar bhonn leanúnach;

    ▼M3

    (b) 

    tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa tríú tír sin faoi réir ag rialacha ceangailteacha dlí atá coibhéiseach leo sin atá leagtha amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12 agus in Iarscríbhinn I, amach ó Airteagail 6a, 6b, 8a, ►M5  8b, ◄ 8c agus 11a, pointe (ba) de phointe 3 agus pointe 3a agus pointe 3b de Roinn B d’Iarscríbhinn I; agus

    ▼B

    (c) 

    cuireann an réim rialúcháin sa tríú tír sin cosc ar na húdaráis maoirseachta agus ar údaráis phoiblí eile sa tríú tír sin a bheith ag cur isteach ar a bhfuil sna rátálacha creidmheasa agus na modheolaíochtaí.

    ▼M1

    Chun na forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a, agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c, bearta a ghlacadh chun na critéir a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den dara fomhír den mhír seo a shonrú tuilleadh nó a leasú.

    7.  

    Bunóidh ÚEUM comhaontuithe comhair le húdaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha ar ina leith a meastar go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

    (a) 

    an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis mhaoirseachta ábhartha na dtríú tíortha lena mbaineann; agus

    (b) 

    na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.

    ▼M3

    8.  
    Beidh feidhm ag Airteagal 20, 23b agus 24 i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa arna ndeimhniú i gcomhréir le hAirteagal 5(3) agus i leith rátálacha creidmheasa a eisíonn siad.

    ▼M3

    Airteagal 5a

    Róspleáchas ar rátálacha creidmheasa ag institiúidí airgeadais

    1.  
    Déanfaidh institiúidí creidmheasa dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) a measúnú féin ar riosca creidmheasa agus ní bheidh siad tuilleamaíoch hiomlán ná go meicníoch ar rátálacha creidmheasa chun acmhainneacht creidmheasa eintitis nó ionstraime airgeadais a mheasúnú.
    2.  
    Maidir le húdaráis inniúla earnála a bhfuil sé de chúram orthu maoirsiú a dhéanamh ar na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1), agus aird á tabhairt ar chineál, ar scála agus ar chastacht ghníomhaíochtaí na ngnóthas sin, déanfaidh siad faireachán ar leordhóthanacht a bpróisis mheasúnaithe riosca creidmheasa agus measúnú ar úsáid tagairtí conartha do rátálacha creidmheasa agus, i gcás inarb iomchuí, iad a spreagadh chun tionchar na dtagairtí sin a mhaolú, d’fhonn spleáchas aonair agus meicníoch ar rátálacha creidmheasa a laghdú, ar comhréir le reachtaíocht earnála shonrach.

    Airteagal 5b

    Spleáchas na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach ar rátálacha creidmheasa

    1.  
    Ní dhéanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) (ÚEÁPG) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ) ná ÚEUM tagairt do rátálacha creidmheasa ina gcuid treoirlínte, moltaí ná dréachtchaighdeán teicniúil i gcás ina bhféadfadh tagairtí den sórt sin bheith ina n-údar le spleáchas aonair nó le spleáchas meicníoch ar rátálacha creidmheasa ó na húdaráis inniúla, na húdaráis inniúla earnála nó na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) nó rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais. Dá réir sin, faoin 31 Nollaig 2013, déanfaidh ÚBE, ÚÁPGE agus ÚEUM, athbhreithniú ar na tagairtí uile den sórt sin do rátálacha creidmheasa sna treoirlínte agus sna moltaí atá ann agus, nuair is ábhartha, ar bhonn cás ar chás, bainfidh siad iad.
    2.  
    Maidir leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach ( 13 ), ní dhéanfaidh sé tagairt do rátálacha creidmheasa ina gcuid rabhadh ná moltaí i gcás ina bhféadfadh tagairtí den sórt sin bheith ina n-údar le spleáchas aonair nó le spleáchas meicníoch ar rátálacha creidmheasa.

    Airteagal 5c

    Róspleáchas ar rátálacha creidmheasa i ndlí an Aontais

    Gan dochar dá cheart tionscnaimh, leanfaidh an Coimisiún d’athbhreithniú a dhéanamh an amhlaidh go bhfuil tagairtí do rátálacha creidmheasa i ndlí an Aontais ina n-údar nó an amhlaidh go bhféadfadh siad a bheith ina n-údar le spleáchas aonair nó le spleáchas meicníoch ar rátálacha creidmheasa ag na húdaráis inniúla, ag na húdaráis inniúla earnála, ag na heintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) nó ag rannpháirtithe eile sa mhargadh chun go ndéanfaí forálacha dhlí an Aontais lena n-éilítear nó lena gceadaítear úsáid nó eisiúint rátálacha creidmheasa chun críocha rialúcháin a scriosadh faoin 1 Eanáir 2020, ar choinníoll gur sainaithníodh malairtí iomchuí ar mheasúnú ar riosca creidmheasa agus gur cuireadh chun feidhme iad.

    ▼B

    TEIDEAL II

    RÁTÁLACHA CREIDMHEASA A EISIÚINT

    Airteagal 6

    Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint

    ▼M3

    1.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa gach beart is gá lena áirithiú nach ndéanfaidh aon choinbhleachtaí leasa atá ann cheana nó a d’fhéadfadh bheith ann ná aon chaidreamh gnó a bhaineann leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá ag eisiúint na rátála creidmheasa nó an tuair rátála, lena scairshealbhóirí, bainisteoirí, anailísithe rátála, fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó atá á rialú aici, nó aon duine a bhfuil nasc díreach nó indíreach leis trí rialú, nach ndéanfaidh sin tionchar a imirt ar eisiúint rátála creidmheasa ná ar eisiúint tuair rátála.

    ▼B

    2.  
    Chun a áirithiú go bhfuiltear ag cloí le mír 1, cloífidh gníomhaireacht rátála creidmheasa leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn A agus i Roinn B d’Iarscríbhinn I.

    ▼M3

    3.  

    Arna iarraidh sin do ghníomhaireacht rátála creidmheasa, féadfaidh ÚEUM gníomhaireacht rátála creidmheasa a dhíolmhú ó cheanglais phointí 2, 5, 6 agus 9 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú nach bhfuil na ceanglais sin comhréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna na rátálacha creidmheasa sin, agus:

    ▼B

    (a) 

    gur lú ná 50 fostaí atá ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa;

    (b) 

    go bhfuil bearta cur chun feidhme agus nósanna imeachta, go háirithe córas rialaithe inmheánach, socruithe tuairiscithe agus bearta lena n-áirithítear neamhspleáchas na n-anailísithe rátála agus na ndaoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa, ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, ar bearta agus nósanna imeachta iad a áirithíonn go gcomhlíontar cuspóirí rialúcháin an Rialacháin seo go héifeachtach; agus

    (c) 

    nach gcinntear méid na gníomhaireachta a bhaineann le rátála creidmheasa ar shlí lena bhféadfadh gníomhaireacht rátála creidmheasa nó grúpa de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa ceanglais a ghabhann leis an Rialachán seo a sheachaint.

    ▼M1

    I gcás grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, áiritheoidh ÚEUM gurb ann do cheann amháin ar a laghad de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa nach bhfuil díolmhaithe ó cheanglais phointe 2, phointe 5 agus phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus ó Airteagal 7(4) a chomhlíonadh.

    ▼M3

    4.  
    Déanfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa struchtúr éifeachtach rialaithe inmheánaigh a bhunú, a chothabháil, a fhorghníomhú agus a thaifeadadh i ndoiciméad lena rialaítear cur chun feidhme beartas agus nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus maolú a dhéanamh orthu agus chun neamhspleáchas rátálacha creidmheasa, anailísithe rátála agus foirne rátála a áirithiú maidir le scairshealbhóirí, comhlachtaí riaracháin agus bainistíochta agus gníomhaíochtaí díolacháin agus margaíochta. Déanfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa buan-nósanna imeachta oibríochta a bhunú maidir le rialachas corparáideach, le heagrú agus le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú. Déanfaidh siad faireachán rialta ar na buan-nósanna imeachta oibríochta sin chun meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus chun a mheasúnú ar cheart iad a nuashonrú.

    Airteagal 6a

    Coinbhleachtaí leasa a bhaineann le hinfheistíochtaí i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa

    1.  

    Aon scairshealbhóir nó comhalta de ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag a bhfuil ar a laghad 5 % de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin nó de chuid cuideachta ag a bhfuil an chumhacht rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa cláraithe beidh sé faoi thoirmeasc:

    (a) 

    5 % nó níos mó de chaipiteal aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa eile a bheith ina sheilbh aige;

    (b) 

    an ceart nó an chumhacht a bheith aige níos mó ná 5 % de na cearta vótála a fheidhmiú in aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa eile;

    (c) 

    an ceart nó an chumhacht a bheith aige comhaltaí de bhord riaracháin nó maoirseachta aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa eile a cheapadh ná a bhriseadh as a phost;

    (d) 

    a bheith ina chomhalta de bhord riaracháin nó maoirseachta aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa eile;

    (e) 

    rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa eile nó é a bheith de chumhacht aige an méid sin a fheidhmiú uirthi.

    Níl feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír maidir le sealúchais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, lena n-áirítear cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, ar choinníoll nach bhfágann na sealúchais i scéimeanna den sórt sin go bhfuil sé ar a chumas mórthionchar a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na scéimeanna sin.

    2.  
    Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le hinfheistíochtaí i ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile a bhaineann leis an ngrúpa céanna gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

    Airteagal 6b

    Uasfhad an chaidrimh chonartha le gníomhaireacht rátála creidmheasa

    1.  
    I gcás ina dtéann gníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán, ní eiseoidh sí aon rátálacha creidmheasa i leith ath-urrúsúchán nua a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre bliana.
    2.  

    I gcás ina dtéann gníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh maidir le hath-urrúsúcháin a rátáil, iarrfaidh sé ar an eisitheoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a) 

    líon na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a dhearbhú ag a bhfuil caidreamh conartha chun rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna;

    (b) 

    céatadán líon iomlán na n-ath-urrúsúchán rátáilte gan íoc a ríomh a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna a n-eisíonn gach gníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa ina leith.

    I gcás ina rátálann ceithre ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar a laghad níos mó ná 10 % an ceann de líon iomlán na n-ath-urrúsúchán rátáilte gan íoc, ní bheidh feidhm ag na teorainneacha atá leagtha amach i mír 1.

    Beidh feidhm ag an díolúine a leagtar amach sa dara fomhír go dtí go rachaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh nua ar a laghad maidir le hath-urrúsúcháin rátála a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna. Más rud é nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach sa dara na fomhíre seo nuair a dhéantar an conradh sin, déanfar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ó dháta a chuathas sa chonradh nua.

    3.  
    Ó dháta éaga conartha de bhun mhír 1, ní rachaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh nua chun rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna ar feadh tréimhse ar comhfhad le fad an chonartha atá imithe in éag ach nach faide ná ceithre bliana.

    Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis an méid seo a leanas freisin:

    (a) 

    gníomhaireacht rátála creidmheasa arb ionann an grúpa a mbaineann sí leis agus an grúpa lena mbaineann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1;

    (b) 

    gníomhaireacht rátála creidmheasa ar scairshealbhóir nó comhalta í den ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1;

    (c) 

    gníomhaireacht rátála creidmheasa ar scairshealbhóir nó comhalta dá cuid an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1.

    4.  
    D’ainneoin mhír 1, i gcás ina n-eisítear rátáil chreidmheasa ath-urrúsúcháin roimh dheireadh thréimhse uasta an chaidrimh chonartha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa leanúint d’fhaireachán agus de nuashonrú a dhéanamh ar na rátálacha creidmheasa sin, arna n-iarraidh, ar feadh fhad tréimhse an ath-urrúsúcháin.
    5.  
    Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhfuil baint ag níos lú ná 50 fostaí ar leibhéal grúpa le foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, ná le láimhdeachas bliantúil de níos lú ná EUR 10 milliún ar leibhéal grúpa.
    6.  
    I gcás ina dtéann gníomhaireacht rátála creidmheasa i gconradh chun rátálacha creidmheasa i leith ath-urrúsúchán a eisiúint roimh an 20 Meitheamh 2013, déanfar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ón dáta sin.

    ▼B

    Airteagal 7

    Anailísithe rátála, fostaithe agus duine eile atá páirteach inéisiúintrátálachacreidmheasa

    1.  
    Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go bhfuil an t-eolas agus an taithí oiriúnach ag anailísithe rátála, a fostaithe agus aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa i gcomhair na ndualgas atá sannta dóibh.
    2.  
    Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa nach gceadaítear do na daoine dá dtagraítear i mír 1 caibidlíocht maidir le táillí nó íocaíochtaí a thionscnamh, nó páirt a ghlacadh iontu, le haon eintiteas rátáilte, le tríú páirtí gaolmhar nó le haon duine a bhfuil nasc acu go díreach nó go hindíreach leis an eintiteas rátáilte trí rialú.
    3.  
    Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go ndéanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais a leagtar amach i Roinn C d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
    4.  
    Bunóidh gníomhaireacht rátála creidmheasa meicníocht uainíochta chuí chéimnitheach i ndáil le hanailísithe rátála agus daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa faoi mar a shainítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I. Déanfar an mheicníocht uainíochta i gcéimeanna agus beidh sé bunaithe ar dhaoine aonair seachas ar an bhfoireann iomlán.

    ▼M3

    5.  
    Ní bheidh cúiteamh ná meastóireacht feidhmíochta na bhfostaithe a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa nó leis na tuartha rátála agus na ndaoine a dhéanann na rátálacha creidmheasa nó na tuartha rátála a fhormheas ag brath ar an méid ioncaim a fhaigheann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó na heintitis rátáilte nó ó na tríú páirtithe gaolmhara.

    ▼B

    Airteagal 8

    Modheolaíochtaí, samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana rátála

    1.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana rátála a mbaineann sí úsáid astu ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa faoi mar a shainmhínítear i bpointe 5 de Pháirt I de Roinn E d’Iarscríbhinn I a nochtadh don phobal.

    ▼M3

    2.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa bearta leormhaithe a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú d’fhonn a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa agus na tuartha rátála a eisíonn sí bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil di agus atá ábhartha dá hanailís de réir na modheolaíochtaí rátála is infheidhme. Glacfaidh sí gach beart is gá d’fhonn a áirithiú gur de cháilíocht ard a dóthain agus gur as foinsí iontaofa í an fhaisnéis a úsáideann sí agus í ag sannadh rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a eisiúint á rá gurb ionann an rátáil agus tuairim na gníomhaireachta agus nár cheart brath air ach amháin go feadh méid teoranta.
    2a.  
    Déanfar athruithe ar rátálacha creidmheasa a eisiúint i gcomhréir leis na modheolaíochtaí rátála arna bhfoilsiú ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa.

    ▼B

    3.  
    Úsáidfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa modheolaíochtaí rátála atá docht, córasach agus leanúnach agus a bhíonn faoi réir ag bailíochtú bunaithe ar thaithí stairiúil, lena n-áirítear cúltástáil.
    4.  

    Nuair atá gníomhaireacht rátála creidmheasa ag úsáid rátáil chreidmheasa reatha a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadas struchtúraithe, ní dhiúltóidh sí rátáil chreidmheasa eintitis nó ionstraim airgeadais a eisiúint toisc rátáil a bheith déanta ar chuid den eintiteas nó den ionstraim airgeadais roimhe sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa eile.

    Coinneoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa taifead de na cásanna ar fad ina n-imíonn a próiseas rátála creidmheasa, a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadas struchtúraithe ó na rátálacha creidmheasa reatha agus tabharfaidh sí údar maith don mheasúnú éagsúil sin.

    5.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa faireachán ar rátálacha creidmheasa agus déanfaidh sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha creidmheasa agus ar a cuid modheolaíochtaí féin ar bhonn leanúnach agus gach bliain ar a laghad, go háirithe sa chás go dtarlaíonn athruithe ábhartha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar rátáil chreidmheasa. Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socruithe inmheánacha ar bun chun monatóireacht a dhéanamh ar an iarmhairt a bhíonn ag athruithe ar choinníollacha margaidh maicreacnamaíochta nó airgeadais ar rátálacha creidmheasa.

    ▼M3

    ‘Déanfar rátálacha ceannasacha a athbhreithniú ar a laghad uair amháin gach sé mhí.

    5a.  
    Aon ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bhfuil sé beartaithe aige athrú ábhartha a dhéanamh nó modheolaíochtaí nua rátála, samhlacha rátála nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáid a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar rátáil chreidmheasa foilseoidh sí na hathruithe ábhartha atá beartaithe nó na modheolaíochtaí rátála nua atá beartaithe ar a láithreán gréasáin agus iarrfaidh sí ar gheallsealbhóirí barúlacha a chur faoina bráid go ceann tréimhse míosa, agus beidh ag gabháil leis sin míniú mionsonraithe ar na cúiseanna leis na hathruithe ábhartha nó na modheolaíochtaí rátála nua.

    ▼M3

    6.  

    Nuair a athraítear modheolaíochtaí rátála, samhlacha rátála nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 14(3), déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an méid seo a leanas:

    ▼B

    (a) 

    raon feidhme dóchúlach na rátálacha creidmheasa a n-imreofar tionchar orthu a nochtadh láithreach, agus úsáid á bhaint as an modh cumarsáide céanna agus a bhí in úsáid chun na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á n-imirt orthu a scaipeadh;

    ▼M3

    (aa) 

    ÚEUM a chur ar an eolas láithreach agus torthaí an chomhairliúcháin agus na modheolaíochtaí rátála nua a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin i dteannta le míniú mionsonraithe ina leith agus a ndáta cur i bhfeidhm;

    (ab) 

    na freagairtí ar an gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 5a a fhoilsiú láithreach ar a laithreán gréasáin ach amháin sna cásanna ina n-iarrann an freagróir an comhairliúchán a bheith rúnda;

    ▼B

    (b) 

    athbhreithniú ar na rátálacha creidmheasa a bhfuil tionchar á n-imirt orthu chomh luath agus is féidir agus ag tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh an athraithe, agus súil á choinneáil ar na rátálacha sin idir an dá linn; agus

    (c) 

    athrátáil ar na rátálacha creidmheasa ar fad a bhí bunaithe ar na modheolaíochtaí, samhlacha nó príomh-bhoinn tuisceana sin más rud é, tar éis an athbhreithnithe, go ndéanann éifeacht nasctha fhoriomlán na n-athruithe difear do na rátálacha creidmheasa sin.

    ▼M3

    7.  

    I gcás ina dtugann gníomhaireacht rátála creidmheasa faoi deara botúin ina modheolaíochtaí rátála nó i gcur chun feidhme na modheolaíochtaí, déanfaidh sí an méid seo a leanas láithreach:

    (a) 

    na botúin sin a chur in iúl do ÚEUM agus do gach eintiteas rátáilte a ndéanann sé difear dó, agus míniú a thabhairt faoin tionchar ar a rátálacha lena n-áirítear an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rátálacha eisithe;

    (b) 

    sa chás go n-imríonn botúin tionchar ar a rátálacha creidmheasa, na botúin sin a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin;

    (c) 

    na botúin sin a chur ina gceart sna modheolaíochtaí rátála; agus

    (d) 

    na bearta dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 6 a chur i bhfeidhm.

    Airteagal 8a

    Rátálacha ceannasacha

    1.  
    Déanfar rátálacha ceannasacha a eisiúint ar mhodh a áirithíonn go ndearnadh anailís ar shainiúlacht aonair Ballstáit áirithe. Beidh sé toirmiscthe ráiteas a dhéanamh ina bhfógrófar athbhreithniú ar ghrúpa áirithe tíortha mura mbeidh tuarascálacha tíre aonair ag gabháil leis. Cuirfear tuarascálacha den sórt sin ar fáil go poiblí.
    2.  
    Ní bheidh teachtaireachtaí poiblí seachas rátálacha creidmheasa, tuartha rátála ná na preaseisiúintí nó tuarascálacha a ghabhann leo amhail dá dtagraítear i bpointe 5 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I a bhaineann le hathruithe ionchasacha ar rátálacha ceannasacha bunaithe ar fhaisnéis atá i réimse an eintitis rátáilte a nochtadh gan toiliú an eintitis rátáilte, mura rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ó fhoinsí ginearálta inrochtana nó mura rud é nach bhfuil aon chúiseanna dlisteanacha ag an eintiteas rátáilte sin gan a thoiliú a thabhairt maidir le nochtadh na faisnéise.
    3.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, agus an dara fomhír d’Airteagal 8(5) á cur san áireamh, féilire a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid ÚEUM ar bhonn bliantúil i gcomhréir le pointe 3, de Chuid III, de Roinn D d’Iarscríbhinn I, ag deireadh mhí na Nollag don 12 mhí ina dhiaidh sin, lena leagfar síos trí dháta ar a uasmhéid maidir le foilsiú rátálacha ceannasacha gan iarraidh agus tuartha gaolmhara agus lena leagfar síos dátaí maidir le rátálacha ceannasacha gan iarraidh agus tuartha gaolmhara. An Aoine a bheidh sna dátaí sin.
    4.  
    Ní fhéadfadh foilsiú rátálacha ceannasacha nó tuar rátála gaolmhar imeacht ón bhféilire ach amháin nuair is gá don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 8(2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1) agus beidh míniú mionsonraithe faoi na cúiseanna leis an imeacht ón bhféilire fógartha ag gabháil leo.

    ▼M5 —————

    ▼M3

    Airteagal 8c

    Rátáil dhúbailte chreidmheasa na n- ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄

    1.  
    I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar rátáil chreidmheasa ►M5  ionstraim urrúsúcháin ◄ a iarraidh, déanfaidh siad dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar a laghad a cheapadh chun rátálacha creidmheasa a sholáthar go neamhspleách ar a chéile.
    2.  

    Déanfaidh an t-eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa arna gceapadh na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    nach bhfuil siad sa ghrúpa céanna de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa;

    (b) 

    nach bhfuil siad ina scairshealbhóirí ná ina mbaill d’aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

    (c) 

    nach bhfuil sé de cheart ná de chumhacht acu cearta vótála a fheidhmiú in aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

    (d) 

    nach bhfuil sé de cheart ná de chumhacht acu baill de bhord riaracháin ná cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile a cheapadh ná a scor;

    (e) 

    nach bhfuil aon bhaill dá mbord ina mbaill de bhoird riaracháin ná maoirseachta aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

    (f) 

    nach ndéanann siad, ná nach bhfuil sé de chumhacht acu, rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile.

    Airteagal 8d

    Ilghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a úsáid

    1.  
    I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar laghad a cheapadh do rátáil chreidmheasa na heisiúna nó an eintitis chéanna, déanfaidh an t-eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar breithniú i ndáil le gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin ar a laghad nach bhfuil níos mó ná 10 % de sciar iomlán an mhargaidh aici a cheapadh agus ar féidir leis an eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar meastóireacht a dhéanamh uirthi á rá go bhfuil sí in ann an eisiúint nó an t-eintiteas ábhartha a rátáil, ar choinníoll go bhfuil, bunaithe ar liosta ÚEUM a luaitear i mír 2, gníomhaireacht rátála creidmheasa ar fáil chun an eisiúint nó an t-eintiteas sonrach sin a rátáil. Sa chás nach gceapann an t-eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin ar a laghad nach bhfuil níos mó ná 10 % de sciar iomlán an mhargaidh aici, déanfar é a dhoiciméadú.
    2.  
    D’fhonn an mheastóireacht ag an eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar faoi mhír 1 a éascú, déanfaidh ÚEUM liosta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa cláraithe a fhoilsiú ar a láithreán idirlín go bliantúil, ar a léireofar a sciar iomlán den mhargadh agus na cineálacha rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint, agus ar féidir leis an eisitheoir a úsáid mar phointe tosaigh sa mheastóireacht.
    3.  
    Chun críocha an Airteagail seo, déanfar sciar iomlán den mhargadh a thomhas faoi threoir an láimhdeachais bhliantúil arna ghiniúint ó ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa agus ó sheirbhísí coimhdeacha, ar leibhéal an ghrúpa.

    ▼M1

    Airteagal 9

    Eisfhoinsiú

    Ní dhéanfar eisfhoinsiú ar fheidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar shlí ina ndéanfaí dochar go hábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus do chumas ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Rialachán seo ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa.

    ▼B

    Airteagal 10

    Rátálacha creidmheasa a nochtadh agus a thabhairt ar aird

    ▼M3

    1.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil, aon rátáil chreidmheasa nó tuar rátála, chomh maith le haon chinneadh rátáil chreidmheasa a tharraingt siar, a nochtadh. I gcás ina ndéanfar cinneadh rátáil chreidmheasa a tharraingt siar, beidh na cúiseanna ar fad leis an gcinneadh sin san áireamh san fhaisnéis a nochtfar.

    Beidh feidhm freisin ag an gcéad fhomhír i leith rátálacha creidmheasa a scaiptear trí shuibscríbhinn.

    2.  
    Áiritheoidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa go ndéanfar rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a thíolacadh agus a phróiseáil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn D d’Iarscríbhinn I agus ní thíolacfaidh siad tosca seachas na cinn sin a bhaineann leis na rátálacha creidmheasa.
    2a.  
    Go dtí go nochtar don mhargadh iad, féachfar ar rátálacha creidmheasa, tuartha rátála agus an fhaisnéis a bhaineann leo mar fhaisnéis ón taobh istigh mar a shainmhínítear i dTreoir 2003/6/CE agus i gcomhréir leis an Treoir sin.

    Beidh feidhm ag Airteagal 6(3) den Treoir sin, go háirithe, mutatis mutandis maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chomh fada agus a bhaineann lena ndualgas rúndachta, lena n-oibleagáid liosta daoine a choimeád ag a mbíonn rochtain ar a rátáil chreidmheasa, tuartha rátála nó faisnéis ghaolmhar sula ndéantar nochtadh.

    Déanfar liosta na ndaoine a gcuirfear an rátáil chreidmheasa in iúl dóibh sula nochtfar í a theorannú chuig daoine arna n-ainmniú ag gach eintiteas rátáilte chun na críche sin.

    ▼B

    3.  
    Nuair a eiseoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa i gcomhair ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ , áiritheoidh sí go ndéanfar catagóirí rátála is féidir bheith inchurtha i leith ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ a idirdhealú go soiléir tríd úsáid a bhaint as siombail bhreise lena n-idirdhealaítear iad ó chatagóirí rátála a úsáidtear d’eintitis eile, d’ionstraimí airgeadais nó d’oibleagáidí airgeadais.
    4.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid beartas agus nósanna imeachta i leith rátálacha creidmheasa gan iarraidh a nochtadh.

    ▼M3

    5.  

    I gcás go n-eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa gan iarraidh, luafaidh sé go suntasach sa rátáil chreidmheasa, ag úsáid cód dathanna difriúil atá in-idirdhealaithe go soiléir don chatagóir rátála, ar ghlac an t-eintiteas rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar páirt sa phróiseas rátála creidmheasa agus an raibh rochtain ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa ar na cuntais, ar an mbainistíocht agus ar dhoiciméid ábhartha inmheánacha eile a bhain leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar.

    ▼B

    Déanfar rátálacha creidmheasa gan iarraidh a aithint amhlaidh.

    ▼M1

    6.  
    Ní bhainfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa úsáid as ainm ÚEUM nó ainm aon údaráis inniúil ar shlí ina léireofaí nó ina dtabharfaí le tuiscint gur thacaigh ÚEUM nó aon údarás inniúil leis na rátálacha creidmheasa nó le haon ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó gur fhormheas sé na nithe sin.

    ▼B

    Airteagal 11

    Nochtuithe ginearálta agus tréimhsiúla

    1.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis ar ábhair a leagtar amach i gCuid I de Roinn E d’Iarscríbhinn I a nochtadh go hiomlán don phobal.

    ▼M3

    2.  
    Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó atá deimhnithe faisnéis maidir lena gcuid sonraí feidhmíochta stairiúla, lena n-áirítear minicíocht aistrithe rátálacha, agus faisnéis maidir le rátálacha creidmheasa a eisíodh san am a caitheadh agus maidir le hathruithe orthu ar fáil i stór lárnach arna bunú ag ÚEUM. Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa den sórt sin faisnéis a chur ar fáil don stór sin ar fhoirm chaighdeánaithe dá bhforálann ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal agus foilseoidh sé faisnéis achomair ar na príomhfhorbairtí a tugadh faoi deara ar bhonn bliantúil.

    ▼M1

    3.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis a bhaineann le nithe a leagtar amach i bpointe 2 de Chuid II de Roinn E d'Iarscríbhinn I a sholáthar go bliantúil faoin 31 Márta do ÚEUM.

    ▼M3

    Airteagal 11a

    Ardán rátála Eorpach

    1.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe nó atá deimhnithe, agus rátáil chreidmheasa á heisiúint nó tuar rátála á eisiúint aici, faisnéis rátála a chur faoi bhráid ÚEUM, lena n-áirítear rátáil chreidmheasa agus tuar rátála na hionstraime rátáilte, faisnéis faoin gcineál rátála, faoin gcineál gníomhaíochta rátála creidmheasa agus faoi dháta agus uair an fhoilsithe.

    ▼M6

    2.  
    Foilseoidh ESMA ar láithreán gréasáin (“ardán rátála Eorpach”) na rátálacha indibhidiúla creidmheasa arna gcur faoina bhráid de bhun mhír 1.

    Déanfar an stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a ionchorprú san ardán rátála Eorpach.

    Féadfaidh an pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE)/2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) feidhmeanna an ardáin rátála Eorpaigh a chomhlíonadh.

    ▼M3

    3.  
    Ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme maidir le rátálacha creidmheasa nó tuartha rátála a thairgtear agus a nochtar go heisiach d’infheisteoirí ar a ngearrtar táille.

    ▼B

    Airteagal 12

    Tuarascáil trédhearcachta

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú go bliantúil a chuimsíonn an fhaisnéis a bhaineann le hábhair a leagtar amach i bPáirt III de Roinn E d’Iarscríbhinn I. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú trí mhí i ndiaidh dheireadh gach bliana airgeadais, ar a dhéanaí, agus áiritheoidh sí go mbeidh sé ar fáil ar láithreán gréasáin na gníomhaireachta ar feadh cúig bliana ar a laghad.

    Airteagal 13

    Táillí um nochtadh poiblí

    Ní ghearrfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa táille as an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12.

    ▼M6

    Airteagal 13a

    Inrochtaineacht faisnéise ar ESAP

    1.  
    Ón 10 Eanáir 2028, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1), Airteagal 8(6) agus (7), Airteagal 8a(1) agus (3), Airteagal 10(1) agus (4), Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 den Rialachán seo á poibliú acu, déanfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar ESAP.

    Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

    (a) 

    déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

    (b) 

    beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

    (i) 

    ainmneacha uile na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis;

    (ii) 

    aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na gníomhaireachta rátála creidmheasa, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

    (iii) 

    méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;

    (iv) 

    an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

    (v) 

    léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis;

    (vi) 

    an tír ina bhfuil oifig chláraithe na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis;

    (vii) 

    earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann an fhaisnéis, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin.

    2.  
    Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
    3.  
    Chun críoch an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.
    4.  
    Ón 10 Eanáir 2028, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(3), Airteagal 8d(2), Airteagal 11(2), Airteagal 11a(1) agus (2), Airteagal 18(3), Airteagal 24(5) agus Airteagal 36d(1) den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.

    Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

    (a) 

    déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;

    (b) 

    beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:

    (i) 

    ainmneacha uile na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an eintitis rátáilte lena mbaineann an fhaisnéis;

    (ii) 

    i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an eintitis rátáilte, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

    (iii) 

    an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;

    (iv) 

    léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

    5.  

    Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:

    (a) 

    aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;

    (b) 

    struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;

    (c) 

    cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

    Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.

    Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    6.  
    I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.

    ▼B

    TEIDEAL III

    FAIREACHAS AR GHNÍOHMAÍOCHTAÍ RÁTÁLACHA CREIDMHEASA

    CAIBIDIL I

    an nós imeachta clárúcháin

    Airteagal 14

    Ceanglas maidir le clárúchán

    1.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán chun críocha Airteagal 2(1) ar an gcoinníoll gur duine dlítheanach é atá bunaithe sa ►M3  Aontas ◄ .

    ▼M1

    2.  
    Beidh an clárúchán éifeachtach i gcríoch iomlán an Aontais ón tráth a mbeidh éifeacht ag an gcinneadh gníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú arna ghlacadh ag ÚEUM, ar cinneadh é dá dtagraítear in Airteagal 16(3) nó Airteagal 17(3).

    ▼B

    3.  

    Comhlíonfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa cláraithe na coinníollacha don chlárúchán bunaidh an t-am ar fad.

    ▼M1

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, gan aon mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha a bhaineann le clárúchán tosaigh, lena n-áirítear brainse a oscailt nó a dhúnadh laistigh den Aontas.

    ▼M3

    Gan dochar don dara fomhír, tabharfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa fógra do ÚEUM i leith na n-athruithe ábhartha atá beartaithe a dhéanamh ar na modheolaíochtaí rátála, na samhlacha rátála nó na príomhbhoinn tuisceana rátála nó i leith na modheolaíochtaí rátála, na samhlacha rátála nó na príomhbhoinn tuisceana rátála molta nua nuair a fhoilseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na hathruithe molta nó na modheolaíochtaí rátála molta nua ar a shuíomh idirlín i gcomhréir le hAirteagal 8(5a). I ndiaidh don tréimhse comhairliúcháin dul in éag tabharfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa fógra do ÚEUM i leith aon athruithe a rinneadh de bharr an chomhairliúcháin.

    ▼M1

    4.  
    Gan dochar d’Airteagal 16 ná d’Airteagal 17, déanfaidh ÚEUM an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú má thagann sé ar an gconclúid mar thoradh ar scrúdú an iarratais go gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad, agus Airteagal 4 agus Airteagal 6 á gcur san áireamh aige.
    5.  
    Ní dhéanfaidh ÚEUM aon cheanglais maidir le clárúchán a fhorchur ar ceanglais iad nach ndéantar foráil ina leith sa Rialachán seo.

    Airteagal 15

    Iarratas ar chlárúchán

    1.  
    Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán faoi bhráid ÚEUM. Beidh faisnéis ar na nithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh san iarratas.
    2.  
    I gcás ina ndéanann grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán, tabharfaidh comhaltaí an ghrúpa sainordú do cheann amháin díobh na hiarratais go léir a chur faoi bhráid ÚEUM thar ceann an ghrúpa. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtugtar an sainordú sin faisnéis a sholáthar maidir leis na nithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II i gcomhair gach comhalta den ghrúpa.
    3.  
    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a hiarratas a thíolacadh in aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais. Maidir le forálacha Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ( 15 ), beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir le haon chumarsáid eile idir ÚEUM agus na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus a bhfoireann.
    4.  
    Laistigh de 20 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas iomlán. Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, déanfaidh ÚEUM spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis bhreise a sholáthar.

    Tar éis a mheasúnú go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh ÚEUM fógra dá réir don ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

    Airteagal 16

    ÚEUM do scrúdú an iarratais ar chlárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa

    1.  
    Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 45 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4) a fháil, an t-iarratas ar chlárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa a scrúdú agus beidh an scrúdú sin bunaithe ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
    2.  

    Féadfaidh ÚEUM tréimhse an scrúdaithe a fhadú 15 lá oibre, go háirithe más rud é, maidir leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa:

    (a) 

    go samhlaíonn sé go dtacóidh sé leis na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

    (b) 

    go samhlaíonn sé go mbainfidh sé úsáid as eisfhoinsiú; nó

    (c) 

    go n-iarrann sé díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

    3.  
    Laistigh de 45 lá oibre ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), nó laistigh de 60 lá oibre ón tráth sin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh ÚEUM cinneadh lán-réasúnaithe chun clárúchán a dhéanamh nó chun diúltú clárúchán a dhéanamh.
    4.  
    Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM de bhun mhír 3 ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

    Airteagal 17

    ÚEUM do scrúdú na n-iarratas ar chlárúchán grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

    1.  
    Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 55 lá oibre ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), na hiarratais ar chlárúchán grúpa ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a scrúdú agus beidh an scrúdú sin bunaithe ar an tslí a gcomhlíonann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sin na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
    2.  

    Féadfaidh ÚEUM tréimhse an scrúdaithe a fhadú 15 lá oibre, go háirithe más rud é, maidir le haon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa:

    (a) 

    go samhlaíonn sé go dtacóidh sé leis na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

    (b) 

    go samhlaíonn sé go mbainfidh sé úsáid as eisfhoinsiú; nó

    (c) 

    go n-iarrann sé díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

    3.  
    Laistigh de 55 lá oibre ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), nó laistigh de 70 lá oibre ón tráth sin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh ÚEUM cinneadh lán-réasúnaithe aonair chun clárúchán a dhéanamh nó chun diúltú clárúchán a dhéanamh maidir le gach gníomhaireacht rátála creidmheasa ar leith sa ghrúpa.
    4.  
    Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM de bhun mhír 3 ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

    Airteagal 18

    Fógra maidir le cinneadh chun gníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú, chun diúltú clárúchán a dhéanamh nó chun clárúchán a tharraingt siar agus liosta na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe a fhoilsiú

    1.  
    Laistigh de chúig lá oibre ón tráth a nglactar cinneadh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20, tabharfaidh ÚEUM fógra faoina chinneadh don ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann. I gcás ina ndiúltaíonn ÚEUM an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú nó ina dtarraingíonn sé clárúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa siar, soláthróidh sé cúiseanna iomlána lena chinneadh.

    ▼M3

    2.  
    Cuirfidh ÚEUM in iúl don Choimisiún, do ÚBE, do ÚÁPGE, do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis inniúla earnála, aon chinneadh a dhéanfar faoi Airteagal 16, Airteagal 17 nó Airteagal 20.

    ▼M1

    3.  
    Déanfaidh ÚEUM liosta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta laistigh de chúig lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20. Foilseoidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de 30 lá tar éis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta.

    Airteagal 19

    Táillí clárúcháin agus maoirseachta

    ▼M3

    1.  
    Gearrfaidh ÚEUM táille ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an rialachán ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2. Cumhdófar leis an táille sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le clárúchán, deimhniúchán agus maoirseacht gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus aisíocaíocht aon chostas a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus obair á dhéanamh acu de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 30.

    ▼M1

    2.  
    Glacfaidh an Coimisiún rialachán maidir le táillí. Cinnfear go háirithe leis an rialachán sin cineál na dtáillí agus na nithe a bhfuil na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí, an tslí a n-íocfar iad agus an tslí a dtabharfaidh ÚEUM aisíocaíocht do na húdaráis inniúla maidir le haon chostais a d'fhéadfaidís a thabhú agus iad i mbun oibre de bhua an Rialacháin seo, go háirithe mar gheall ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 30.

    Cumhdóidh méid na táille a ghearrtar ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa na costais riaracháin go léir agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann.

    Déanfaidh an Coimisiún an rialachán maidir le táillí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh trí bhíthin gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c.

    Airteagal 20

    Clárúchán a tharraingt siar

    1.  

    Gan dochar d'Airteagal 24, déanfaidh ÚEUM clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar más rud é, maidir leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa:

    (a) 

    go dtréigeann sí an clárúchán go sainráite nó nach ndearna sí rátálacha creidmheasa ar bith a sholáthar i leith na sé mhí roimhe sin;

    (b) 

    go bhfuair sí an clárúchán trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile; nó

    (c) 

    nach gcomhlíonann sí na coinníollacha faoinar cláraíodh í a thuilleadh.

    2.  
    Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit ina ndéantar na rátálacha creidmheasa arna eisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann a úsáid agus a mheasann go bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta a iarraidh go ndéanfaidh ÚEUM scrúdú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha maidir le clárúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann a tharraingt siar comhlíonta. Má chinneann ÚEUM gan clárúchán na gníomhaireachta rátála lena mbaineann a tharraingt siar soláthróidh sé cúiseanna iomlána ina leith sin.
    3.  
    Gabhfaidh éifeacht láithreach ar fud an Aontais leis an gcinneadh maidir le clárúchán a tharraingt siar, ach sin faoi réir na hidirthréimhse chun rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 24(4) a úsáid.

    CAIBIDIL II

    MAOIRSEACHT AG ÚEUM

    Airteagal 21

    ÚEUM

    1.  
    Gan dochar d'Airteagal 25a, áiritheoidh ÚEUM go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm.
    2.  
    I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 déanfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an gcomhar idir ÚEUM, na húdaráis inniúla agus na húdaráis inniúla earnála chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha na reachtaíochta earnála ábhartha, lena n-áirítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha mionsonraithe i ndáil le cúraimí a tharmligean.
    3.  
    I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, i gcomhar le ÚBE agus le ÚEÁPC treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta faoin 7 Meitheamh 2011 maidir le cur i bhfeidhm na réime tacaíochta faoi Airteagal 4(3) den Rialachán seo.

    ▼M3

    4.  

    Forbróidh ÚEUM dréacht-chaighdeáin theicniúla rialúcháin chun an méid seo a leanas a shonrú:

    ▼M1

    (a) 

    an fhaisnéis atá le soláthar ag gníomhaireacht rátála creidmheasa ina iarratas ar chlárúchán de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

    (b) 

    an fhaisnéis nach mór don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a sholáthar maidir leis an iarratas ar dheimhniúchán agus maidir le measúnú ar a tábhacht shistéamach do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5;

    (c) 

    tíolacadh na faisnéise a nochtfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus le pointe 1 de Chuid II de Roinn E d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus tréimhse an tuairiscithe;

    (d) 

    maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8(3), measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas sin ar thaobh na modheolaíochtaí rátála creidmheasa;

    ▼M3

    (e) 

    ábhar agus formáid tuairiscithe thréimhsiúil ar shonraí rátála atá le hiarraidh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe agus deimhnithe chun críche mhaoirseacht leanúnach ÚEUM.

    ▼M3

    Cuirfidh ÚEUM na dréacht-chaighdeáin theicniúla rialúcháin sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Meitheamh 2014.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4a.  

    Forbróidh ÚEUM dréacht-chaighdeáin theicniúla rialúcháin chun an méid seo a leanas a shonrú:

    (a) 

    ábhar agus cur i láthair na faisnéise, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus uainiú an tuairiscithe a nochtfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa do ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 11a(1); agus

    (b) 

    ábhar agus formáid tuairiscithe thréimhsiúil ar tháillí arna ngearradh ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun críche mhaoirseacht leanúnach ÚEUM.

    Cuirfidh ÚEUM na dréacht-chaighdeáin theicniúla rialúcháin sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Meitheamh 2014.

    Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4b.  

    Tuairisceoidh ÚEUM faoin bhféidearthacht mapáil amháin nó níos mó a shuíomh maidir le rátálacha creidmheasa arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a(1) agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Meitheamh 2015. Déanfaidh an tuarascáil measúnú, go háirithe:

    (a) 

    ar an bhféidearthacht, costas agus tairbhe mapáil amháin nó níos mó a shuíomh;

    (b) 

    maidir le conas mapáil amháin nó níos mó a chruthú gan bréagléiriú a thabhairt ar na rátálacha ó tharla go bhfuil modheolaíochtaí rátála difriúla ann;

    (c) 

    faoi aon éifeachtaí a d’fhéadfadh mapálacha a bheith ar chaighdeáin theicniúla rialúcháin arna bhforbairt go dtí seo i ndáil le hAirteagal 21(4a)(a) agus (b).

    Rachaidh ÚEUM i gcomhairle le ÚBE agus ÚEÁPG maidir le pointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír.

    ▼M3

    5.  
    Foilseoidh ÚEUM tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh measúnú sa tuarascáil seo, go háirithe, ar chur chun feidhme Iarscríbhinn I ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo agus measúnú ar chur i bhfeidhm an tsásra fhormhuinithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

    ▼M1

    6.  
    Déanfaidh ÚEUM tuarascáil a thíolacadh gach bliain do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le bearta maoirseachta a rinne, agus maidir leis na pionóis a d'fhorchuir, ÚEUM faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis.
    7.  
    Comhoibreoidh ÚEUM le ÚBE agus le ÚEÁPC le linn a chúraimí a chomhlíonadh aige agus rachaidh sé i gcomhairle le ÚBE agus le ÚEÁPC sula ndéanfaidh sé treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta agus sula dtíolacfaidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.

    ▼B

    Airteagal 22

    Údaráis Inniúla

    1.  
    Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil chun críche an Rialacháin seo faoin 7 Meitheamh 2010.
    2.  
    Beidh foireann leormhaith, ó thaobh acmhainne agus saineolais de, ag na húdaráis inniúla chun go mbeidh siad in ann an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

    ▼M1

    Airteagal 22a

    ▼M3

    Scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas modheolaíochta

    ▼M1

    1.  
    I bhfeidhmiú na maoirseachta leanúnaí a dhéanann sé ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo, déanfaidh ÚEUM scrúdú tráthrialta maidir le comhlíonadh Airteagal 8(3).
    2.  

    Gan dochar d'Airteagal 23, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas faoi chuimsiú an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1:

    (a) 

    forfheidhmiú cúltástála ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a fhíorú;

    (b) 

    anailís a dhéanamh ar thorthaí na cúltástála sin; agus

    (c) 

    a fhíorú go bhfuil próisis i bhfeidhm ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun torthaí na cúltástála a chur san áireamh ina modheolaíochtaí rátála.

    ▼M1

    “Airteagal 23

    Gan cur isteach ar inneachar rátálacha nó ar mhodheolaíochtaí

    Le linn a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ní chuirfidh ÚEUM, an Coimisiún ná aon údarás poiblí eile de chuid Ballstáit isteach ar inneachar rátálacha creidmheasa nó ar mhodheolaíochtaí.

    Airteagal 23a

    Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23b go hAirteagal 23d

    Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó d'aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d'aon duine eile arna údarú ag ÚEUM le hAirteagal 23b go hAirteagal 23d, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléide dlíthiúla.

    Airteagal 23b

    Iarrataí ar fhaisnéis

    1.  
    Féadfaidh ÚEUM, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a éileamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, ar eintitis rátáilte agus ar thríú páirtithe gaolmhara, ar thríú páirtithe a ndearna gníomhaireachtaí rátála creidmheasa feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí áirithe a eisfhoinsiú chucu agus ar dhaoine atá gaolmhar nó bainteach, thairis sin, go dlúth agus go substainteach le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó le gníomhaíochtaí rátálacha creidmheasa an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar chun a chúraimí a chomhall faoin Rialachán seo.
    2.  

    Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

    (a) 

    déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí leis an iarraidh;

    (b) 

    luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

    (c) 

    sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

    (d) 

    socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

    (e) 

    cuirfidh sé in iúl don duine a n-iarrtar an fhaisnéis air nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis sin a sholáthar, ach, i gcás ina dtugtar freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis, nach ceart go mbeidh sé mícheart nó míthreorach;

    (f) 

    léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 36a, i dteannta phointe 7 de Roinn II d'Iarscríbhinn III, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.

    3.  

    Nuair atá soláthar faisnéise á éileamh faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

    (a) 

    déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí leis an iarraidh;

    (b) 

    luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

    (c) 

    sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

    (d) 

    socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

    (e) 

    sonróidh sé na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás an fhaisnéis a éileofar a bheith neamhiomlán;

    (f) 

    sonróidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 36a, i dteannta phointe 7 de Roinn II d'Iarscríbhinn III, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus

    (g) 

    sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    4.  
    Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
    5.  
    Déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis nó chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis bunaithe.

    Airteagal 23c

    Imscrúduithe ginearálta

    1.  

    Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1). Chuige sin, cumhachtófar d'oifigigh ÚEUM agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a) 

    scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan spleáchas don mheán ina stóráiltear iad;

    (b) 

    cóipeanna a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

    (c) 

    aon duine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;

    (d) 

    agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

    (e) 

    taifid ar thrácht teileafóin agus ar thrácht sonraí a iarraidh.

    2.  
    Déanfaidh oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonróidh an t-údarú sin freisin na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a éilítear nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) nó má tá na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 36a, i dteannta phointe 8 de Roinn II d'Iarscríbhinn III, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) mícheart nó míthreorach.
    3.  
    Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b, na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.
    4.  
    In am trátha sula ndéanfar an t-imscrúdú, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ó ÚEUM, tabharfaidh oifigigh de chuid údaráis inniúil cúnamh do na daoine údaraithe sin le linn dóibh a ndualgais a chur i gcrích. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.
    5.  
    Más rud é, maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, go gceanglaítear údarú a fháil ina leith ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
    6.  
    I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na n-imscrúduithe. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 23d

    Cigireachtaí ar an láthair

    1.  
    Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 23b(1). Féadfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.
    2.  
    Féadfaidh oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó nó ar aon talamh de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinnidh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir atá sonraithe in Airteagal 23c(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
    3.  
    Déanfaidh oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás nach dtéann na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
    4.  
    Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a mbeidh an chigireacht le tosú agus taispeánfar ann na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b, na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Déanfaidh ÚEUM na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.
    5.  
    Arna iarraidh sin ag ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt d'oifigigh ÚEUM agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ÚEUM. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin.
    6.  
    Féadfaidh ÚEUM freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 23c(1) a chur i gcrích thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 23c(1).
    7.  
    I gcás ina bhfaigheann oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM a bheidh á dtionlacan go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
    8.  
    Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
    9.  
    I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 23e

    Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

    1.  
    Más rud é, le linn a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann ÚEUM amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach, ná i bpróiseas clárúcháin, na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
    2.  
    Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna dtíolacadh ag daoine atá faoi réir a n-imscrúduithe á gcur san áireamh agus déanfaidh sé comhad iomlán ina mbeidh a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

    Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 23b agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23c agus le hAirteagal 23d. Nuair atá na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 23a.

    Nuair atá a chuid cúraimí á gcomhall aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM trína ghníomhaíochtaí maoirseachta.

    3.  
    Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir a n-imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní dhéanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí a bhunú ar fhíorais seachas fíorais a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdúcháin barúil a thabhairt ina leith.

    Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.

    4.  
    Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin do na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin. Beidh na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe.
    5.  
    Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 36c, a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúduithe, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 24 agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 36a.
    6.  
    Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
    7.  
    Déanfaidh an Coimisiún rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus déanfaidh sé rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

    Déanfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c.

    8.  
    Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúisimh choiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha más rud é, le linn a chuid dualgas faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann sé amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

    Airteagal 24

    Bearta maoirseachta á ndéanamh ag ÚEUM

    1.  

    Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 23e(5), go bhfaigheann Bord Maoirseoirí ÚEUM amach go ndearna gníomhaireacht rátála creidmheasa ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:

    (a) 

    clárúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar;

    (b) 

    toirmeasc sealadach a chur ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint ar toirmeasc é a bheidh infheidhme ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;

    (c) 

    chun críocha rialála, úsáid na rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a chur ar fionraí, ar fionraí í a bheidh infheidhme ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;

    (d) 

    a cheangal ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa deireadh a chur leis an sárú;

    (e) 

    fógraí poiblí a eisiúint.

    2.  

    Nuair atá na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

    (a) 

    fad agus minicíocht an tsáraithe;

    (b) 

    ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an ghnóthais nó ina chórais bhainistithe nó ina rialuithe inmheánacha;

    (c) 

    ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

    (d) 

    an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

    3.  
    Sula nglacfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM na cinntí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1, cuirfidh sé an méid sin in iúl do ÚBE agus do ÚEÁPC.
    4.  

    Féadfar leanúint de rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialála tar éis ghlacadh na gcinntí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 ar feadh tréimhse nach faide ná:

    (a) 

    10 lá oibre ón dáta a bpoiblítear cinneadh ÚEUM faoi mhír 5 más rud é go bhfuil rátálacha creidmheasa den ionstraim airgeadais chéanna nó den eintiteas céanna arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí eile rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo; nó

    (b) 

    trí mhí ón dáta a bpoiblítear cinneadh ÚEUM faoi mhír 5 más rud é nach bhfuil rátálacha creidmheasa den ionstraim airgeadais chéanna nó den eintiteas céanna arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí eile rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo.

    Féadfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a fhadú trí mhí in imthosca eisceachtúla a bhaineann le cur isteach a d'fhéadfadh a bheith ann maidir leis an margadh nó a bhaineann le héagobhsaíocht airgeadais agus an fadú sin a dhéanamh arna iarraidh sin ag ÚBE nó ag ÚEÁPC.

    5.  
    Déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt don ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann maidir le haon chinneadh arna ghlacadh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé aon chinneadh den sórt sin in iúl do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis inniúla earnála, don Choimisiún, do ÚBE agus do ÚEÁPC. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a phoibliú ar a láithreán gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a nglactar é.

    Nuair atá a chinneadh á phoiblú aige, faoi mar a thagraítear don mhéid sin sa chéad fhomhír, poibleoidh Bord Maoirseoirí ÚEUM freisin go bhfuil an ceart ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, gur taisceadh achomharc den sórt sin, más ábhartha an méid sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag achomharc den sórt sin agus go bhfuil an Bord Achomhairc ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    Airteagal 25

    Éisteacht na ndaoine lena mbaineann

    1.  
    Sula ndéanfar aon chinneadh faoi Airteagal 24(1), déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM an deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil maidir le fionnachtana ÚEUM. Ní dhéanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM a chuid cinntí a bhunú ach amháin ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.

    2.  
    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda.

    ▼M3

    Airteagal 25a

    Na húdaráis inniúla earnála atá freagrach as Airteagal 4(1), agus as Airteagal 5a,

    ▼M5 —————

    Airteagal 8b,

    ▼M3

    Airteagal 8c agus Airteagal 8d a mhaoirsiú agus a fhorghníomhú.
    Beidh na húdaráis inniúla earnála freagrach as Airteagal 4(1), Airteagal 5a,

    ▼M5 —————

    Airteagal 8b, Airteagal 8c agus Airteagal 8d a mhaoirsiú agus a fhorghníomhú i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha earnála.

    ▼M1

    CAIBIDIL III

    COMHOIBRIÚ IDIR ÚEUM, ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA EARNÁLA

    Airteagal 26

    Oibleagáid chun comhoibriú a dhéanamh

    Comhoibreoidh ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC, na húdaráis inniúla agus na húdaráis inniúla earnála i gcás ina bhfuil gá leis sin chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha na reachtaíochta ábhartha earnála.

    Airteagal 27

    Malartú faisnéise

    1.  
    Déanfaidh ÚEUM, na húdaráis inniúla agus na húdaráis inniúla earnála, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis is gá chun a gcuid dualgas a chur i gcrích faoin Rialachán seo agus faoin reachtaíocht ábhartha earnála a sholáthar dá chéile.
    2.  
    Féadfaidh ÚEUM faisnéis rúnda atá beartaithe i gcomhair chomhlíonadh a gcúraimí a tharchur chuig na bainc cheannais, chuig an gCóras Eorpach Banc Ceannais agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach, ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, chuig an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus, i gcás inarb iomchuí, chuig údaráis phoiblí eile atá freagrach as córais íocaíochta agus comhshocraíochta a fhormhaoirsiú. Ar an gcaoi chéanna, ní chuirfear cosc ar údaráis ná ar comhlachtaí den sórt sin faisnéis a chur in iúl do ÚEUM, ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó ÚEUM chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích.”;

    ▼M1 —————

    ▼M1

    Airteagal 30

    ÚEUM do tharmligean cúraimí chuig údaráis inniúla

    1.  
    I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a chomhlíonadh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte arna n-eisiúint ag ÚEUM de bhun Airteagal 21(2). Féadfaidh an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 23b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 23d(6) a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
    2.  

    Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha. Bainfidh an comhairliúchán sin leis na nithe seo a leanas:

    (a) 

    raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

    (b) 

    an tráthchlár chun an cúram a bheidh le tarmligean a chomhlíonadh; agus

    (c) 

    tarchur na faisnéise atá riachtanach, idir tharchur ag ÚEUM agus tharchur chuig ÚEUM.

    3.  
    I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 19(2), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.
    4.  
    Deanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an tarmligean dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean cúraimí a chúlghairm aon tráth.

    Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear do fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn ar chumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a sheoladh agus a fhormhaoirsiú. Ní tharmligfear freagrachtaí maoirseachta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear cinntí clárúcháin, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha maidir le sáruithe.

    Airteagal 31

    Fógraí agus iarrataí ar fhionraíocht ó údaráis inniúla

    1.  
    I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil Ballstáit amach de go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha don Rialachán seo á ndéanamh nó déanta ar chríoch a Bhallstáit féin nó ar chríoch Ballstáit eile, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin do ÚEUM ar an tslí is sonraí agus is féidir. I gcás ina measann an t-údarás inniúil gurb iomchuí sin chun críocha imscrúdúcháin, féadfaidh an t-údarás inniúil a mholadh freisin do ÚEUM measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le leas a bhaint as na cumhachtaí faoi Airteagal 23b agus faoi Airteagal 23c i ndáil leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin.

    Déanfaidh ÚEUM gníomhaíocht iomchuí. Déanfaidh sé an t-údarás inniúil a thug an fógra a chur ar an eolas faoin toradh agus, a mhéid is féidir, faoi aon fhorbairtí suntasacha eatramhacha.

    2.  
    Gan dochar don dualgas fógra a thabhairt mar a leagtar amach i mír 1 é, i gcás ina measann an t-údarás inniúil Ballstáit, arb é an t-údarás a thug an fógra é, go bhfuil na hoibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo á sárú ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe, ar gníomhaireacht í a n-úsáidtear a cuid rátálacha creidmheasa laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, agus go bhfuil na sáruithe sin sách tromchúiseach agus sách seasmhach chun tionchar suntasach a bheith acu ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin, féadfaidh an t-údarás inniúil a thug an fógra a iarraidh ar ÚEUM fionraí a chur, chun críocha rialála, ar úsáid rátálacha creidmheasa na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann ag na hinstitiúidí airgeadais agus ag na heintitis eile dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfaidh an t-údarás inniúil a thug an fógra cúiseanna iomlána lena iarraidh a sholáthar do ÚEUM.

    I gcás ina measann ÚEUM nach bhfuil údar maith leis an iarraidh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn agus leagfaidh sé amach na cúiseanna. I gcás ina measann ÚEUM go bhfuil údar maith leis an iarraidh, déanfaidh sé na bearta iomchuí chun an tsaincheist sin a réiteach.

    Airteagal 32

    Rúndacht ghairmiúil

    1.  
    Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ÚEUM, maidir leis na húdaráis inniúla agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do ÚEUM, do na húdaráis inniúla nó d'aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe le rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine eile nó le húdarás eile ach amháin má tá an nochtadh sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.
    2.  
    Maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaigheann ÚEUM, na húdaráis inniúla, na húdaráis inniúla earnála nó údaráis agus comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 27(2) nó a mhalartaítear eatarthu faoin Rialachán seo, measfar gur faisnéis rúnda í, ach amháin i gcás ina sonraíonn ÚEUM nó an t-údarás inniúil nó údarás eile lena mbaineann nó comhlacht eile lena mbaineann tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó i gcás ina bhfuil nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

    ▼M1 —————

    ▼B

    CAIBIDIL IV

    Comhar le tríú tíortha

    ▼M1

    Airteagal 34

    Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú

    Ní fhéadfaidh ÚEUM comhaontuithe comhair a thabhairt chun críche maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla de chuid tríú tíortha ach amháin má tá an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 32.

    Beidh malartú faisnéise den sórt sin ann ar mhaithe le comhlíonadh chúraimí ÚEUM nó chúraimí na n-údarás maoirseachta sin.

    Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, déanfaidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin ( 16 ) a chur i bhfeidhm.

    Airteagal 35

    Faisnéis ó thríú tíortha a nochtadh

    Ní fhéadfaidh ÚEUM an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta de chuid tríú tíortha a nochtadh ach amháin más rud é go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag ÚEUM nó ag údarás inniúil ón údarás maoirseachta a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, gur chun na gcríoch dár thug an t-údarás maoirseachta sin a chomhaontú amháin a nochtfar an fhaisnéis nó i gcás ina bhfuil nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

    ▼M3

    TEIDEAL IIIa

    DLITEANAS SIBHIALTA NA nGNÍOMHAIREACHTAÍ RÁTÁLA CREIDMHEASA

    Airteagal 35a

    Dliteanas sibhialta

    1.  
    I gcás ina bhfuil sárú déanta ag gníomhaireacht rátála creidmheasa d’aon ghnó nó de dheasca mórfhaillí ar sárú é atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus a mbeidh tionchar aige ar rátáil chreidmheasa, féadfaidh infheisteoir nó eisitheoir damáistí a éileamh ón ngníomhaireacht rátála creidmheasa sin as aon damáiste a ndearnadh dóibh de bharr an tsáraithe sin.

    Féadfaidh infheisteoir damáistí a éileamh faoin Airteagal seo i gcás go suíonn sé gur bhrath sé le réasún, i gcomhréir le hAirteagal 5a(1), nó ar shlí eile le haird chuí, ar rátáil chreidmheasa chun cinneadh a dhéanamh i leith infheistiú in ionstraim airgeadais atá clúdaithe ag an rátáil chreidmheasa sin, nó i leith an ionstraim airgeadais sin a choinneáil nó dífheistiú uaithi.

    Féadfaidh eisitheoir damáistí a éileamh faoin Airteagal seo i gcás go suíonn sé go bhfuil sé féin nó a ionstraimí airgeadais clúdaithe ag an rátáil chreidmheasa sin agus nach faisnéis mhíthreorach agus mhíchruinn ba chúis leis an sárú, ar faisnéis í a chuir an t-eisitheoir ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, go díreach nó go hindíreach nó trí fhaisnéis atá ar fáil go poiblí.

    2.  
    Beidh freagracht ar an infheisteoir nó ar an eisitheoir faisnéis chruinn agus mhionsonraithe a chur ar aghaidh ag léiriú go ndearna an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sárú ar an Rialachán seo agus go raibh tionchar ag an sárú sin ar an rátáil chreidmheasa a eisíodh.

    Déanfaidh an chúirt náisiúnta inniúil measúnú ar cad is faisnéis chruinn agus mhionsonraithe ann, ag cur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh rochtain ag an infheisteoir ná ag an eisitheoir ar fhaisnéis atá ar fáil laistigh de réimse na gníomhaireachta rátála creidmheasa amháin.

    3.  

    Ní fhéadfar dliteanas sibhialta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, amhail dá dtagraítear i mír 1 a theorannú roimh ré ach amháin sa chás ina bhfuil:

    (a) 

    an teorannú sin réasúnach agus comhréireach; agus

    (b) 

    an teorannú sin ceadaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le mír 4.

    Maidir le haon teorainn ar dhliteanas sibhialta nach gcomhlíonfaidh an chéad fhomhír, nó maidir le heisiamh aon dliteanais shibhialta, ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil aige.

    4.  
    Déanfar téarmaí amhail “damáiste”, “intinn dhlíthiúil”, “mórfhaillí”, “i dtuilleamaí go réasúnach”, “aird chuí”, “tionchar”, “réasúnta” agus “comhréireacht” dá dtagraítear san Airteagal seo ach nach sainmhínítear a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme arna chinneadh le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh. Maidir le ceisteanna a bhaineann le dliteanas sibhialta gníomhaireachta rátála creidmheasa nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo, déanfar iad a rialú faoi réir an dlí náisiúnta is infheidhme, arna chinneadh le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh. Is le rialacha ábhartha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a chinnfear cén chúirt atá inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh i leith dliteanais shibhialta arna dhéanamh ag infheisteoir nó ag eisitheoir.
    5.  
    Ní eisiafar leis an Airteagal seo éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
    6.  
    Ní choiscfidh an ceart chun sásaimh a leagtar amach san Airteagal seo ar ÚEUM a chumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 36a a fheidhmiú go hiomlán.

    ▼B

    TEIDEAL IV

    ▼M1

    PIONÓIS, FÍNEÁLACHA, ÍOCAÍOCHTAÍ TRÉIMHSIÚLA PIONÓIS, NÓS IMEACHTA COISTE, CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS TUAIRISCIÚ

    ▼B

    CAIBIDIL I

    Pionóis, an nós imeachta coiste agus tuairisciú

    Airteagal 36

    Pionóis

    ▼M1

    Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 4(1) agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil earnála gach pionós a ghearrtar maidir le sárú ar fhorálacha Airteagal 4(1) a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

    ▼B

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír don Choimisiún faoin 20 Samhain 2010. Tabharfaidh sé fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

    ▼M1

    Airteagal 36a

    Fíneálacha

    1.  
    Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 23e(5), go gcinneann Bord Maoirseoirí ÚEUM go ndearna gníomhaireacht rátála creidmheasa, d'aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil i gcomhréir le mír 2.

    Measfar sárú ag gníomhaireacht rátála creidmheasa a bheith déanta d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar fhachtóirí oibiachtúla lena dtaispeántar gur ghníomhaigh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.

    2.  

    Déanfar méid bunúsach na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

    ▼M3

    (a) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 1 go 5, 11 go 15, 19, 20, 23, 26a go 26d, 28, 30, 32, 33, 35, 41, 43, 50, 51 agus 55 go 62 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 750 000 ;

    (b) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 6, 7, 8, 16, 17, 18, 21, 22, 22a, 24, 25, 27, 29, 31, 34, 37 go 40, 42, 42a, 42b, 45 go 49a, 52, 53 agus 54 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 300 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 450 000 ;

    ▼M1

    (c) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 9, 10, 26, 36, 44 agus 53 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 200 000 ;

    ▼M3

    (d) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 1, pointe 6, pointe 7, pointe 8 agus pointe 9 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 50 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 150 000 ;

    (e) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 2, pointe 3a go pointe 5 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 25 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 75 000 ;

    ▼M1

    (f) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 3 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 10 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 50 000 ;

    (g) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 1 go pointe 3 agus i bpointe 11 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 150 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 300 000 ;

    ▼M3

    (h) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 20a de Roinn I d’Iarscribhinn III, pointe 4 go pointe 4c, pointe 6, pointe 8 agus pointe 10 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 90 000 ar a laghad a bheidh sna fineálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 200 000 ;

    ▼M1

    (i) 

    maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 5, i bpointe 7 agus i bpointe 9 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 40 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 100 000 .

    Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a shocrú ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 10 milliún, beidh sé i lár na teorann i gcás na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhfuil a láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 milliún.

    3.  
    Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

    Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an méid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

    Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an méid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

    4.  
    D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní rachaidh an fhíneáil thar 20 % de láimhdeachas bliantúil na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus, i gcás ina bhfuair an ghníomhaireacht rátála creidmheasa tairbhe airgeadais go díreach nó go neamhdhíreach ón sárú, beidh an fhíneáil comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe airgeadais sin.

    Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh gníomhaireachta rátála creidmheasa, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

    Airteagal 36b

    Íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis

    1.  

    Déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearradh:

    (a) 

    chun iallach a chur ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun pointe (d) d'Airteagal 24(1);

    (b) 

    chun iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í arna héileamh le cinneadh de bhun Airteagal 23b;

    (c) 

    chun iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt ar aird agus aon fhaisnéis eile arna soláthar le linn imscrúdaithe arna sheoladh le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 23c a iomlánú agus a cheartú;

    (d) 

    chun iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) géilleadh do chigireacht ar an láthair arna sainordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 23d.

    2.  
    Beidh íocaíocht thréimhsiúil phionóis éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearradh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
    3.  
    D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid íocaíochta tréimhsiúla pionóis ná 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena ngearrtar an íocaíocht thréimhsiúil phionóis.
    4.  
    Féadfar íocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fógra faoi chinneadh ÚEUM a fháil.

    Airteagal 36c

    Éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí

    1.  
    Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le fíneáil agus/nó le híocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearradh faoi Airteagal 36a nó faoi phointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 36b(1), tabharfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM deis do na daoine sin atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil maidir le fionnachtana ÚEUM. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh Bord Maoirseoirí ÚEUM a chuid cinntí.
    2.  
    Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh na daoine sin i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid ÚEUM.

    Airteagal 36d

    Fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a nochtadh, a fhorfheidhmiú agus a leithdháileadh agus cineál na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí sin

    1.  
    Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearrtar de bhun Airteagal 36a agus Airteagal 36b a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.
    2.  
    Is de chineál riaracháin a bheidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearrtar de bhun Airteagal 36a agus Airteagal 36b.
    3.  
    Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearrtar de bhun Airteagal 36a agus Airteagal 36b infhorfheidhmithe.

    Déanfar forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Maidir leis an ordú chun forfheidhmiú a dhéanamh, déanfar é a chur i gceangal leis an gcinneadh gan aon fhoirmiúlacht eile seachas barántúlacht an chinnidh a fhíorú ag an údarás a bheidh ainmnithe chuige sin ag rialtas gach Ballstáit, ar údarás é a chuirfidh rialtas gach Ballstáit ÚEUM agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an eolas ina leith.

    Nuair atá na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i mbun an fhorfheidhmiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomlachta inniúil.

    Ní fhéadfar forfheidhmiúchán a fhionraí ach amháin trí bhreith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiúchán á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

    4.  
    Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 36e

    Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

    Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht thréimhsiúil phionóis. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht thréimhsiúil phionóis a gearradh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.

    ▼M1

    Airteagal 37

    Leasuithe ar na hiarscríbhinní

    Chun forbairtí, lena n-áirítear forbairtí idirnáisiúnta, ar mhargaí airgeadais, go háirithe i leith ionstraimí airgeadais nua, a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir na gcoinníollacha in Airteagal 38b agus Airteagal 38c, bearta a ghlacadh chun na hiarscríbhinní, seachas Iarscríbhinn III, a leasú.

    ▼B

    Airteagal 38

    An nós imeachta coiste

    1.  
    Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ( 17 ).

    ▼M1 —————

    ▼B

    3.  

    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

    Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    ▼M1

    Airteagal 38a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.  
    Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(6), in Airteagal 19(2), in Airteagal 23e(7) agus in Airteagal 37 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse ceithre bliana ón 1 Meitheamh 2011. Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí, ar a dhéanaí, roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir leis an gcumhacht tharmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 38b.
    2.  
    A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.
    3.  
    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 38b agus in Airteagal 38c a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    Airteagal 38b

    An tarmligean a chúlghairm

    1.  
    Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(6), in Airteagal 19(2), in Airteagal 23e(7) agus in Airteagal 37, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm aon tráth.
    2.  
    Féachfaidh an institiúid a bhfuil tús curtha aici le nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm le fógra a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach ama sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus sonróidh sí an chumhacht tharmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme.
    3.  
    Cuirfidh an cinneadh chun an chúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh láithreach nó ar dháta is déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

    Airteagal 38c

    Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

    1.  
    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta an fhógra.

    Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí.

    2.  
    Mas rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an dáta a bheidh sonraithe ann.

    Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

    3.  
    Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna leis an agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe.

    ▼B

    Airteagal 39

    Tuarascálacha

    ▼M3 —————

    ▼M1 —————

    ▼M3 —————

    ▼M3

    4.  

    Déanfaidh an Coimisiún, i ndiaidh comhairle theicniúil a fháil ó ÚEUM, athbhreithniú ar staid an mhargaidh rátála creidmheasa d’ionstraimí struchtúrtha airgeadais, go háirithe an margadh rátála creidmheasa d’ath-urrúsúcháin. I ndiaidh an athbhreithnithe sin, cuirfidh an Coimisiún, faoin 1 Iúil 2016, tuarascáil i dteannta le togra reachtach más iomchuí, ar aghaidh, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar an méid seo a leanas, go háirithe, a mheasúnú:

    (a) 

    ar rogha leordhóthanach a bheith ar fáil chun na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 6b agus in Airteagal 8b a chomhlíonadh;

    (b) 

    an iomchuí uastréimhse an chaidrimh chonarthaigh dá dtagraítear in Airteagal 6b(1) a laghdú nó a shíneadh agus an íostréimhse sular féidir leis an ngníomhaireacht tástála creidmheasa dul i gconradh le heisitheoir nó le tríú páirtí gaolmhara maidir le heisiúint rátálacha creidmheasa ar ath-urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6b(3);

    (c) 

    an iomchuí é an eisceacht dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6b(2) a leasú.

    5.  

    Déanfaidh an Coimisiún, tar éis comhairle theicniúil a fháil ó ÚEUM, athbhreithniú ar staid an mhargaidh rátála creidmheasa. I ndiaidh an athbhreithnithe sin, cuirfidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2016, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dteannta le togra reachtach más iomchuí, ina ndéanfar an méid seo a leanas, go háirithe, a mheasúnú:

    (a) 

    an bhfuil gá le raon feidhme na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 8b a leathnú chun aon táirgí creidmheasa airgeadais eile a áireamh;

    (b) 

    an bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 6a agus Airteagal 7 tar éis na coinbhleachtaí leasa a mhaolú go leordhóthanach;

    (c) 

    ar cheart raon feidhme na meicníochta uainíochta dá dtagraítear in Airteagal 6b a leathnú go haicmí eile sócmhainní agus an bhfuil sé iomchuí tréimhsí difreáilte a úsáid trasna aicmithe sócmhainne;

    (d) 

    ar oiriúnacht na múnlaí luacha saothair atá cheana ann agus na múnlaí saothair mhalartacha;

    (e) 

    an bhfuil gá bearta eile a chur chun feidhme chun iomaíochas a chothú sa mhargadh rátála creidmheasa;

    (f) 

    ar oiriúnacht tionscnamh breise chun iomaíochas sa mhargadh rátála a chur chun cinn sa mhargadh rátála creidmheasa i gcomhthéacs theacht chun cinn na hearnála sin;

    (g) 

    an bhfuil gá bearta a mholadh chun dul i ngleic le róspleáchas conarthach ar rátálacha creidmheasa;

    (h) 

    ar leibhéil chomhchruinnithe sa mhargadh, ar na rioscaí atá mar thoradh ar chomhchruinniú ard, agus ar an tionchar ar chobhsaíocht fhoriomlán na hearnála airgeadais.

    6.  
    Déanfaidh an Coimisiún, go bliantúil ar a laghad, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le haon chinntí coibhéise nua dá dtagraítear in Airteagal 5(6) arna nglacadh le linn na tréimhse tuarascála.

    ▼M3

    Airteagal 39a

    Foireann agus acmhainní ÚEUM

    Faoin 21 Meitheamh 2014, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as glacadh a chumhachtaí agus a dhualgas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

    ▼M3

    Airteagal 39b

    Oibleagáidí maidir le tuairisciú

    1.  

    Faoin 31 Nollaig 2015, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle ar an méid seo a leanas:

    (a) 

    na céimeanna a glacadh maidir le scriosadh na dtagairtí do rátálacha creidmheasa atá ina n-údar nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar le spleáchas iomlán nó le spleáchas meicníoch; agus

    (b) 

    uirlisí malartacha chun a chumasú d’infheisteoirí measúnuithe riosca creidmheasa a dhéanamh i leith eisitheoirí agus i leith ionstraimí airgeadais,

    chun go ndéanfaí na tagairtí do rátálacha creidmheasa i ndlí an Aontais a scriosadh faoin 1 Eanáir 2020 chun críocha rialúcháin, ar choinníoll go ndéantar malairtí iomchuí don mheasúnú riosca creidmheasa a shainaithint agus a chur chun feidhme. Cuirfidh ÚEUM comhairle theicniúil ar fáil don Choimisiún faoi chuimsiú na míre seo.

    2.  
    Agus staid an mhargaidh á cur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2014, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle maidir leis an oiriúnacht do mheasúnú acmhainneacht creidmheasa Eorpach i gcomhair fiachais cheannasaigh.

    Agus torthaí na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus staid an mhargaidh á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2016, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hoiriúnacht agus le hindéantacht gníomhaireacht rátála creidmheasa Eorpach a bhunú a bheadh tiomnaithe d’acmhainneacht creidmheasa fhiachas ceannasach na mBallstát a mheasúnú agus/nó foras rátála creidmheasa Eorpach a bhunú do na rátálacha creidmheasa uile eile.

    3.  
    Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2013, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hindéantacht líonra gníomhaireachtaí beaga rátála creidmheasa a chruthú chun iomaíocht sa mhargadh a mhéadú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar thacaíocht airgeadais agus neamhairgeadais chun líonra den sórt sin a chruthú, agus na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht as an maoiniú poiblí sin á gcur san áireamh. I bhfianaise thorthaí na tuarascála sin agus tar éis comhairle theicniúil ÚEUM a fháil, féadfaidh an Coimisiún athmheastóireacht a dhéanamh agus a mholadh go leasófaí Airteagal 8d.

    ▼B

    CAIBIDIL II

    Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

    Airteagal 40

    Foráil idirthréimhseach

    Glacfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ag feidhmiú sa Chomhphobal roimh an 7 Meitheamh 2010 (gníomhaireachtaí rátála creidmheasa reatha) agus a bhfuil sé ar intinn acu clárú faoin Rialachán seo na bearta ar fad atá riachtanach chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoin 7 Meán Fómhair 2010.

    Tíolacfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a n-iarratas ar chlárúchán ag tráth nach túisce ná 7 Meitheamh 2010. Tíolacfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa reatha, in aon chás, a n-iarratas ar chlárúchán faoin 7 Meán Fómhair 2010.

    ▼M1

    Féadfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ann cheana leanúint de rátálacha creidmheasa a d’fhéadfadh institiúidí airgeadais agus eintitis eile a úsáid chun críocha rialála dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a eisiúint mura rud é go ndiúltaítear clárúchán a dhéanamh. I gcás ina ndiúltaítear clárúchán a dhéanamh, beidh feidhm ag Airteagal 24(4) agus (5).

    ▼M1

    Airteagal 40a

    Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

    1.  
    Maidir leis na hinniúlachtaí agus leis na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar inniúlachtaí agus dualgais iad a tugadh do na húdaráis inniúla, cibé acu atá, nó nach bhfuil, siad ag gníomhú mar údaráis inniúla an Bhallstáit baile, agus a tugadh do choláistí i gcás inar bunaíodh iad, déanfar iad a fhoirceannadh an 1 Iúil 2011.

    Maidir le hiarratas ar chlárúchán atá faighte ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó ag an gcoláiste ábhartha faoin 7 Meán Fómhair 2010, áfach, ní dhéanfar é a aistriú chuig ÚEUM, agus déanfaidh na húdaráis sin agus an coláiste ábhartha an cinneadh i dtaobh an clárúchán a dhéanamh nó diúltú an clárúchán a dhéanamh.

    2.  
    Gan dochar don dara fomhír de mhír 1, aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.
    3.  
    Áiritheoidh na húdaráis inniúla agus na coláistí dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe agus is féidir agus ar aon chuma faoin 1 Iúil 2011. Tabharfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil, agus dul i mbun, gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa.
    4.  
    Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n-údarás inniúil agus na gcoláistí dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin arna saothrú ag na húdaráis inniúla agus ag na coláistí sin maidir le cúrsaí a thagann faoi réim an Rialacháin seo.
    5.  
    Maidir le haon chlárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa, arna dhéanamh i gcomhréir le Caibidil I de Theideal III ag údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na n-inniúlachtaí chuig ÚEUM.
    6.  
    Faoin 1 Iúil 2014 agus faoi réir raon feidhme a maoirseachta leanúnaí, déanfaidh ÚEUM fíorú amháin ar a laghad ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa go léir a thagann faoi réim a chuid inniúlachtaí maoirseachta.

    ▼B

    Airteagal 41

    Teacht i bhfeidhm.

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, seachas:

    — 
    Airteagal 4(1), a mbeidh feidhm aige ón 7 Nollaig 2010, agus
    — 
    pointe (f), pointe (g) agus pointe (h) d’Airteagal 4(3), a mbeidh feidhm acu ón 7 Meitheamh 2011.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    NEAMHSPLEÁCHAS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA A SHEACHAINT

    Roinn A

    Ceanglais eagraíochtúla

    1.

    Beidh bord riaracháin nó maoirseachta ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa. Déanfaidh bainistíocht shinsearach an bhoird sin an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a) 

    neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear ó gach tionchar nó laincis, idir pholaitiúil agus eacnamaíoch;

    (b) 

    go ndéantar coinbhleachtaí leasa a aithint, a bhainistiú agus a nochtadh i gceart;

    (c) 

    go gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ceanglais eile an Rialacháin seo.

    2.

    Déanfar gníomhaireacht rátála creidmheasa a eagrú ar bhealach lena n-áirithítear nach lagaíonn a leas gnó neamhspleáchas nó cruinneas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

    Beidh dea-chlú ar bhainistíocht shinsearach gníomhaireachta rátála creidmheasa agus beidh a ndóthain scileanna agus taithí acu, agus déanfaidh siad bainistiú slán stuama na gníomhaireachta rátála creidmheasa a áirithiú.

    Is comhaltaí neamhspleácha, nach bhfuil lámh acu i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, a bheidh i dtrian ar a laghad, ach nach lú ná beirt, de chomhaltaí bhord riaracháin nó maoirseachta gníomhaireachta rátála creidmheasa.

    Ní bheidh nasc idir cúiteamh na gcomhaltaí neamhspleácha de bhord riaracháin nó maoirseachta agus feidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, agus déanfar socrú ionas go n-áiritheofar go bhfuil a dtuairim neamhspleách. Is tréimhse a chomhaontófar roimh ré agus nach sáraíonn cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí neamhspleácha den bhord riaracháin nó maoirseachta agus ní dhéanfar é a athnuachan. Ní tharlóidh dífhostú chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta ach amháin i gcás mí-iompair nó tearcfheidhmíochta gairmiúla.

    Beidh a ndóthain saineolais ar sheirbhísí airgeadais ag tromlach na gcomhaltaí ar an mbord riaracháin nó maoirseachta, lena n-áirítear a chuid comhaltaí neamhspleácha. Ar an gcoinníoll go n-eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ , beidh cur amach agus taithí ghrinn ag ar a laghad comhalta neamhspleách amháin agus comhalta amháin eile den bhord seo ar na margaí in ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ ar an leibhéal sinsearach.

    ▼M1

    Déanfar tuairimí chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta arna n-eisiúint i leith na gcúrsaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) a thíolacadh don bhord go tréimhsiúil agus cuirfear ar fáil do ÚEUM iad, arna iarraidh sin.

    ▼B

    (a) 

    forbairt ar an mbeartas rátála creidmheasa, agus ar na modheolaíochtaí a úsáideann gníomhaireacht rátála creidmheasa i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa;

    (b) 

    éifeachtacht an chórais inmheánaigh um rialú cáilíochta na gníomhaireachta rátála creidmheasa maidir le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa;

    (c) 

    éifeachtacht na mbeart agus na nósanna imeachta a thionscnaítear lena áirithiú go ndéanfar aon choinbhleachtaí leasa a shainaithint, a dhíbirt nó a bhainistiú go cuí agus a nochtadh; agus

    (d) 

    na próisis um chomhlíonadh agus rialachas, lena n-áirítear éifeachtacht na feidhme athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe 9 den Roinn seo.

    Cuirfear tuairimí chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta i leith na gcúrsaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) faoi bhráid an bhoird go tréimhsiúil agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad, nuair a iarrtar é.

    3.

    Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa beartais agus nósanna imeachta leormhaithe ar bun lena n-áiritheofar go bhfuil sí ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí faoin Rialachán seo.

    4.

    Beidh nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta slán, meicníochtaí rialaithe inmheánaigh, nósanna imeachta éifeachtacha um measúnú riosca, agus socruithe rialaithe agus cosanta éifeachtacha maidir le córais próiseála faisnéise ag gníomhaireacht rátála creidmheasa.

    Déanfar na meicníochtaí rialaithe inmheánacha sin a cheapadh ar shlí go gcinnteoidh siad go gcomhlíonfar cinntí agus nósanna imeachta ag gach leibhéal den ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

    Déanann gníomhaireacht rátála creidmheasa nósanna imeachta cinnteoireachta agus struchtúr eagraíochtúil a chur chun feidhme agus a chothabháil, lena sonraítear go soiléir agus ar shlí thuairiscithe na línte tuairiscithe agus lena leithdháiltear feidhmeanna agus freagrachtaí.

    5.

    Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa roinn feidhm chomhlíonta (feidhm chomhlíonta) bhuan agus éifeachtach, agus a oibríonn go neamhspleách, ar bun agus déanfaidh sí cothabháil ar an bhfeidhm sin. Déanfaidh an fheidhm chomhlíonta sin faireachán ar an tslí a gcomhlíonfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus a cuid fostaithe oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa faoin Rialachán seo, agus tuairisceofar an comhlíonadh sin de bhíthin na feidhme sin. Beidh an bhfeidhm chomhlíonta:

    (a) 

    faireachán agus, ar bhonn rialta, measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na mbeart agus na nósanna imeachta atá curtha ar bun i gcomhréir le pointe 3, agus ar na gníomhaíochtaí a ghlacfar chun aghaidh a thabhairt ar laigí sa tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid oibleagáidí;

    (b) 

    comhairle a chur ar bhainisteoirí, ar anailísithe rátála, ar fhostaithe agus ar aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil a gcuid seirbhísí faoi rialú na gníomhaireachta sin, nó ar aon duine, atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis trí rialú agus atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh, agus cabhrú leis na daoine sin, chun go gcomhlíonfar oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa faoin Rialachán seo.

    6.

    Ionas go mbeidh an fheidhm chomhlíonta in ann a cuid freagrachtaí a urscaoileadh go cuí agus go neamhspleách, áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    go bhfuil an t-údarás, na hacmhainní agus an saineolas is gá, mar aon le rochtain ar an bhfaisnéis iomchuí go léir, ag an bhfeidhm chomhlíonta;

    (b) 

    go ndéanfar oifigeach um chomhlíonadh a cheapadh agus go bhfuil an duine sin a bheith freagrach as an bhfeidhm chomhlíonta agus as aon tuairisciú i leith an chomhlíonadh sin a cheanglaítear a dhéanamh le pointe 3;

    (c) 

    ní bheidh bainisteoirí, anailísithe rátála, fostaithe agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil a gcuid seirbhísí faoi rialú na gníomhaireachta sin, ná aon duine atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis trí rialú agus atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh, rannpháirteach i bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a ndéanann siad monatóireacht orthu. Áiritheoidh an t-oifigeach um chomhlíonadh go ndéanfar aon choinbhleachtaí leasa a bhaineann leis na daoine a chuirtear ar fáil don fheidhm chomhlíonta a shainaithint go cuí agus go ndíbrítear aon choinbhleacht leasa den sórt sin.

    (d) 

    ní bheidh nasc idir luach saothair an oifigigh um chomhlíonadh agus feidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, agus déanfar socrú ionas go n-áiritheofar go bhfuil a thuairim neamhspleách.

    Cinnteoidh an oifigeach um chomhlíonadh go mbíonn aon coinbhleacht leasa idir na daoine a chuirtear ar fáil don fheidhm comhlíonta aitheanta agus caite amach.

    Déanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh tuairisc ar dhéanamh a chuid nó a cuid dualgas a chur go tráthrialta faoi bhráid na bainistíochta sinsearaí agus faoi bhráid chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó maoirseachta.

    7.

    Bunóidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socruithe eagraíochtúla agus riaracháin atá cuí agus éifeachtach chun aon choinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B a chosc, a shainaithint, a dhíbirt nó a bhainistiú agus déanfar aon choinbhleachtaí leasa den sórt sin a nochtadh. Déanfaidh sé socrú lena gcoimeádfar taifid de gach bagairt shuntasach ar neamhspleáchas na gníomhaireachta rátála creidmheasa, lena n-áirítear bagairtí suntasacha ar na rialacha maidir le hanailíseoirí rátála dá dtagraítear i Roinn C, mar aon leis na cosaintí atá á gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú.

    8.

    Úsáidfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa córais, acmhainní agus nósanna imeachta oiriúnacha chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le feidhmíocht a cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

    9.

    Bunóidh gníomhaireacht rátála creidmheasa feidhm athbhreithnithe a bheidh freagrach as athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na modheolaíochtaí, samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana amhail boinn tuisceana matamaiticiúla agus comhghaoil, agus aon athruithe suntasacha nó modhnuithe dá sin chomh maith le hoiriúnacht na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na príomh-bhoinn tuisceana i gcás go mbaintear úsáid astu, nó go bhfuil sé beartaithe go mbainfí úsáid astu, chun measúnú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais nua.

    Beidh an fheidhm athbhreithnithe sin a bheith neamhspleách ó na línte gnó atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa agus tuairisc a thabhairt do chomhaltaí an bhoird riaracháin nó maoirseachta dá dtagraítear i bpointe 2 den Roinn seo.

    10.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa monatóireacht agus meastóireacht ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht córais na gníomhaireachta sin, meicníochtaí rialaithe inmheánaigh agus socruithe a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sí bearta cuí a ghlacadh chun dul i ngleic le haon easnaimh.

    Roinn B

    Ceanglais oibriúcháin

    ▼M3

    1.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó aon choinbhleachtaí leasa féideartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar anailís nó ar thuairim a cuid anailísithe rátála, a cuid fostaithe, nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus a bhfuil páirt dhíreach acu i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, agus daoine a dhéanann rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a fhormheas, a shainaithint agus deireadh a chur leo nó iad a bhainistiú agus a nochtadh go soiléir feiceálach.

    ▼B

    2.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ainmneacha na n-eintiteas rátáilte nó tríú páirtithe gaolmhara óna bhfaigheann sí níos mó ná 5 % dá hioncam bliantúil a fhoilsiú.

    3.

    ▼M3

    Ní dhéanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa nó tuar rátála a eisiúint in aon cheann de na cásanna seo a leanas nó, i gcás inarb ann do rátáil chreidmheasa nó tuar rátála cheana, déanfaidh sí a nochtadh láithreach go bhféadfadh tionchar a bheith á imirt ar an rátáil chreidmheasa nó ar an tuar rátála ag an méid seo a leanas:

    ▼B

    (a) 

    gur leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa, nó gur le daoine dá dtagraítear i bpointe 1, go díreach nó go hindíreach, ionstraimí airgeadais an eintitis rátáilte nó aon tríú páirtí gaolmhar nó go bhfuil aon leas úinéireachta díreach nó indíreach eile aici san eintiteas nó sa pháirtí sin taobh amuigh de ghabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe nó i gcistí bainistithe lena n-áirítear cistí pinsin nó árachas saoil;

    ▼M3

    (aa) 

    go bhfuil ag scairshealbhóir nó comhalta de ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bhfuil 10 % de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin ina sheilbh aige nó atá in ann, ar bhealach eile, tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, seilbh ar 10 % nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála an eintitis rátáilte, nó go bhfuil leas gaolmhar tríú páirtí nó leas úinéireachta eile aige san eintiteas nó sa pháirtí sin, cé is moite de ghabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe agus cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, nach gcuireann ar a chumas tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na scéime san áireamh;

    ▼B

    (b) 

    go n-eisítear an rátáil chreidmheasa i leith eintitis rátáilte nó aon tríú páirtí gaolmhar a bhfuil nasc acu, go díreach nó go hindíreach, leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa trí rialú;

    ▼M3

    (ba) 

    go n-eisítear an rátáil chreidmheasa i leith eintitis rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar a bhfuil 10 % nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin ina sheilbh aige;

    ▼B

    (c) 

    gur comhalta de bhoird riaracháin nó maoirseachta an eintitis rátáilte nó aon tríú páirtí gaolmhar é an duine dá dtagraítear i bpointe 1; nó

    ▼M3

    (ca) 

    gur comhalta de bhord riaracháin nó maoirseachta an eintitis rátáilte nó thríú pháirtí ghaolmhar é scairshealbhóir nó an comhalta de ghníomhaireacht rátála creidmheasa a bhfuil 10 % nó níos mó de chaipiteal nó de cheart vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin ina sheilbh aige nó atá in ann, ar bhealach eile, tionchar suntasach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa;

    ▼B

    (d) 

    go raibh caidreamh ag anailísí a raibh baint aige nó aici le rátáil chreidmheasa a shocrú, nó ag duine a dhéanann an rátáil chreidmheasa a fhormheas, leis an eintiteas rátáilte nó le haon tríú páirtí gaolmhar de sin, agus go bhféadfadh an caidreamh sin a bheith ina bhonn do choinbhleacht leasa.

    ▼M3

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa measúnú láithreach freisin d’fhonn a dhéanamh amach an bhfuil forais ann chun an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála reatha a ath-rátáil nó a tharraingt siar.

    ▼M3

    3a.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a nochtadh cibé a bhféadfadh tionchar a bheith ag ceann díobh seo a leanas ar an rátáil chreidmheasa nó ar an tuar rátála reatha:

    (a) 

    go bhfuil ag scairshealbhóir nó comhalta de ghníomhaireacht rátála creidmheasa a shealbhaíonn 5 % nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin nó atá in ann, ar bhealach eile, tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, seilbh ar 5 % nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála an eintitis rátáilte nó thríú pháirtí ghaolmhair nó de leas gaolmhar thríú pháirtí nó úinéireachta eile aige san eintiteas rátáilte nó sa tríú páirtí sin. Eisiatar leis sin gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe agus cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, nach gcuireann ar a chumas tionchar suntasach a imirt ar ghníomhaíochtaí gnó na scéime;

    (b) 

    gur comhalta de bhord riaracháin nó maoirseachta an eintitis rátála nó thríú pháirtí ghaolmhar é scairshealbhóir nó an comhalta de ghníomhaireacht rátála creidmheasa a shealbhaíonn 5 % nó níos mó de chaipiteal nó de cheart vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin nó atá in ann, ar bhealach eile, tionchar suntasach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

    3b.

    Ar choinníoll gurb eol an fhaisnéis don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó gur cheart gurb eol an fhaisnéis sin di, bainfidh na hoibleagáidí i bpointe 3(aa), (ba) agus (ca) agus i bpointe 3a freisin leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    scairshealbhóirí indíreacha, a chumhdaítear le hAirteagal 10 de Threoir 2004/109/CE; agus

    (b) 

    cuideachtaí a dhéanann, go díreach nó go hindíreach, gníomhaireacht rátála creidmheasa a rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú uirthi, agus a chumhdaítear le hAirteagal 10 de Threoir 2004/109/CE.

    3c.

    Áiritheoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa nach bhfuil na táillí a ghearrann sí ar a cliaint as seirbhísí rátála creidmheasa agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthar idirdhealaitheach agus go bhfuil siad bunaithe ar chostais iarbhír. Ní bheidh na táillí a ghearrfar as seirbhísí rátála creidmheasa ag brath ar leibhéal na rátála creidmheasa arna heisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa nó ar aon toradh eile ar an obair atá déanta.

    4.

    ▼M3

    Maidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa nó aon duine a shealbhaíonn, go díreach nó go hindíreach, 5 % ar a laghad de chaipiteal nó de cheart vótála na gníomhaireachta rátála nó atá in ann, ar bhealach eile, tionchar suntasach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, ní chuirfidh sí nó sé seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha ar fáil don eintiteas rátáilte nó do thríú páirtí gaolmhar a bhaineann le struchtúr corparáideach nó dlíthiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochtaí an eintitis rátáilte nó an tríú páirtí gaolmhar sin.

    ▼B

    Is féidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa seirbhísí eile a chur ar fáil seachas rátálacha creidmheasa a eisiúint, (seirbhísí coimhdeacha). Níl seirbhísí coimhdeacha mar chuid de ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa; tá siad déanta suas de thuair don mhargadh, de mheastacháin ar threochtaí eacnamaíochta, d’anailís ar phraghsáil agus d’anailísí eile ar shonraí ginearálta chomh maith le seirbhísí dáileacháin gaolmhara.

    Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann lena cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa de bharr seirbhísí coimhdeacha a sholáthar agus nochtfaidh sí ina tuarascála críochnaitheacha rátála eolas faoi aon seirbhísí coimhdeacha a soláthraíodh don eintiteas rátáilte nó d’aon tríú páirtí gaolmhar.

    5.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú nach ndéanfaidh anailísithe rátála nó daoine a fhormheasann rátálacha tograí nó moltaí, go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, maidir le ceapadh na n- ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ ar a bhfuiltear ag súil go n-eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa.

    6.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a cuid bealaí tuairiscithe agus cumarsáide a cheapadh ar shlí a áiritheoidh go bhfuil anailísithe agus daoine dá dtagraítear i bpointe 1 neamhspleách ó ghníomhaíochta eile na gníomhaireachta rátála creidmheasa a dhéantar ar bhonn tráchtála.

    7.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa socrú chun go gcoimeádfar taifid leormhaithe agus, i gcás inarb iomchuí, rianta iniúchta dá cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa. Beidh an méid seo a leanas sna taifid sin:

    ▼M3

    (a) 

    maidir le gach cinneadh um rátáil chreidmheasa agus um thuar rátála, sainaitheantas na n-anailísithe rátála a bheidh páirteach i socrú na rátála creidmheasa nó an tuair rátála, sainaitheantas na ndaoine a d’fhormheas an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála, faisnéis faoi cibé ar iarradh an rátáil chreidmheasa nó ar rátáil chreidmheasa gan iarraidh a bhí ann agus an dáta ar glacadh an ghníomhaíocht rátála creidmheasa;

    ▼B

    (b) 

    na taifid chuntais maidir le táillí a fuarthas ó aon eintiteas rátáilte nó ó aon tríú páirtí gaolmhar nó aon úsáideoir rátálacha;

    (c) 

    taifid chuntais do gach suibscríobhaí don rátáil chreidmheasa nó do sheirbhísí gaolmhara;

    ▼M3

    (d) 

    na taifid a thugann tuairisc ar na nósanna imeachta agus modheolaíochtaí rátála bunaithe a úsáideann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a chinneadh;

    (e) 

    na taifid agus na comhaid inmheánacha, lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon chinneadh rátála creidmheasa nó tuair rátála a ghlactar;

    ▼B

    (f) 

    tuarascálacha ar anailísí creidmheasa, tuarascálacha ar mheasúnuithe creidmheasa agus tuarascálacha ar rátáil chreidmheasa phríobháideach mar aon le taifid inmheánacha, lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal agus páipéir oibre, a úsáidtear mar bhonn d’aon tuairim a thugtar sna tuarascálacha sin;

    (g) 

    taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun feidhme ionas go gcomhlíonfadh an Rialachán seo; agus

    (h) 

    cóipeanna de chumarsáidí inmheánacha agus seachtracha, lena n-áirítear cumasráidí leictreonacha, a fuair an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus a cuid fostaithe, agus a sheol siad, ar cumarsáidí iad a bhaineann le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

    8.

    ▼M1

    Coimeádfar taifid agus rianta iniúchta dá dtagraítear i bpointe 7 ag áitreabh na gníomhaireachta rátála creidmheasa cláraithe ar feadh cúig bliana ar a laghad agus cuirfear ar fáil do ÚEUM iad, arna iarraidh sin.

    ▼B

    I gcás go dtarraingítear clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa siar, coimeádfar na taifid ar feadh tréimhse bhreise de thrí bliana ar a laghad.

    9.

    Coimeádfar taifid a leagann amach cearta agus oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus an eintitis rátáilte nó a tríú páirtithe gaolmhara faoi seach faoi chomhaontú chun seirbhísí rátála creidmheasa a chur ar fáil ar feadh tréimhse ar ionann é agus an t-achar a mhaireann an caidreamh leis an eintiteas rátáilte sin nó lena tríú páirtithe gaolmhara ar a laghad.

    Roinn C

    Rialacha maidir le hanalaísithe rátála agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa

    1.

    Ní rachaidh anailísithe rátála agus fostaithe na gníomhaireachta rátála creidmheasa mar aon le aon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, ná daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo mar a thuigtear in Airteagal 1(2) de Threoir 2004/72/CE ( 18 ) i mbun ceannacháin nó díolacháin nó i mbun aon idirbheartaíochta in ionstraim airgeadais ar bith atá eisithe, faoi urrús nó tacaithe ar bhealach eile ag eintiteas rátáilte ar bith laistigh de phríomhréimse freagrachta ó thaobh anailíse de na ndaoine sin, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe, cistí bhainistithe lena n-áirítear cistí pinsin agus árachas saoil san áireamh.

    2.

    ▼M3

    Ní bheidh aon duine dá dtagraítear i bpointe 1 páirteach i rátáil chreidmheasa nó i dtuar rátála aon eintitis rátáilte áirithe a shocrú, nó tionchar ar bith a imirt air, más rud é, i gcás an duine sin:

    ▼B

    (a) 

    go bhfuil ionstraimí airgeadais leis an eintiteas rátáilte acu, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe;

    (b) 

    go bhfuil ionstraimí airgeadais le haon eintiteas acu, a bhfuil gaol aige le heintiteas rátáilte, agus go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith i gceist leis an tseilbh sin, nó go bhféadfaí é sin a fheiceáil amhlaidh, seachas gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe;

    (c) 

    go raibh sé nó sí fostaithe le déanaí san eintiteas rátáilte, nó go raibh caidreamh gnó nó caidreamh eile aige nó aici leis an eintiteas rátáilte a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú nó an dearcadh ginearálta a chruthú go bhfuil coinbhleacht leasa ann.

    3.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go ndéanann na daoine dá dtagraítear i bpointe 1 na nithe seo a leanas:

    (a) 

    na bearta oiriúnacha ar fad a ghlacadh chun maoin agus taifid atá i seilbh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a chosaint ó chalaois, ó ghoid agus ó mhí-úsáid, agus aird á thabhairt ar chineál, scála agus castacht a ngnó agus ar chineál agus raon a ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa;

    ▼M3

    (b) 

    gan faisnéis ar bith maidir le rátálacha creidmheasa, rátálacha creidmheasa nó tuartha rátála na gníomhaireachta rátála creidmheasa a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a nochtadh, ach amháin leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar;

    ▼C1

    (c) 

    gan faisnéis atá faoi rún agus atá ar iontaoibh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a roinnt le hanailísithe rátála agus le fostaithe dhuine ar bith a bhfuil nasc aige nó aici léi trí rialú, chomh maith le haon duine nádúrtha eile a bhfuil a chuid nó a cuid seirbhísí curtha ar fáil d’aon duine a bhfuil nasc díreach nó indíreach aige leis trí bhíthin rialaithe, nó a bhfuil siad faoina rialú, agus nach bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa; agus

    ▼B

    (d) 

    gan faisnéis atá faoi rún a úsáid nó a roinnt ar mhaithe le hionstraimí airgeadais a thrádáil, nó ar mhaithe le rud ar bith eile ach amháin chun gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh.

    4.

    Ní dhéanfaidh daoine dá dtagraítear i bpointe 1 airgead, bronntanais nó garanna a iarraidh nó a ghlacadh ó dhuine ar bith lena ndéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa gnó.

    5.

    Má mheasann duine dá dtagraítear i bpointe 1 go raibh iompar ar bun ag aon duine eile den sórt sin a mheasann sé nó sí a bheith ina iompar mídhleathach, déanfaidh sé nó sí an fhaisnéis sin a thuairisciú láithreach leis an oifigeach um chomhlíonadh agus ní bheidh aon iarmhairtí diúltacha ann don duine a dhéanfaidh an tuairisciú.

    6.

    I gcás ina gcuireann anailísí rátála deireadh lena chuid fostaíochta nó lena cuid fostaíochta agus go dtéann sé nó sí isteach in eintiteas rátáilte lena raibh baint ag an anailísí rátála i rátáil creidmheasa a dhéanamh air, nó isteach i ngnólacht airgeadais lena raibh déileáil ag an anailísí rátála mar chuid dá dhualgais nó dá dualgais sa ghníomhaireacht rátála creidmheasa, déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa athbhreithniú ar obair ábhartha an anailísí rátála sin don dhá bhliain sular imigh sé nó sí.

    ▼M3

    7.

    Ní rachaidh duine dá dtagraítear i bpointe 1 i mbun príomhphoist bainistíochta leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar taobh istigh de shé mhí ó rinneadh an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála a eisiúint.

    8.

    Chun críocha Airteagal 7(4):

    (a) 

    áiritheoidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nach mbeidh na príomh-anailísithe rátála páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó le tríú páirtí gaolmhar ar feadh tréimhse is mó ná ceithre bliana;

    (b) 

    áiritheoidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa seachas na gníomhaireachtaí arna gceapadh ag eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar agus na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar fad a eisíonn rátálacha ceannasacha an méid seo a leanas:

    (i) 

    ní bheidh na hanailísithe rátála páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó le tríú páirtí gaolmhar ar feadh tréimhse is mó ná cúig bliana;

    (ii) 

    ní bheidh na daoine a fhormheasann rátálacha creidmheasa páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó le tríú páirtí gaolmhar ar feadh tréimhse is mó ná seacht mbliana.

    Ní bheidh na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír bainteach le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar dá dtagraítear sna pointí sin taobh istigh de dhá bhliain ó dheireadh na dtréimhsí a leagtar amach sna pointí sin.

    ▼B

    Roinn D

    ▼M3

    Rialacha maidir le rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a thabhairt ar aird

    ▼B

    I.   Oibleagáidí ginearálta

    ▼M3

    1.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a áirithiú go sonróidh rátáil chreidmheasa agus tuar rátála, go soiléir feiceálach, ainm agus teideal poist an phríomhanailísí rátála in aon ghníomhaíocht rátála creidmheasa ar leith mar aon le hainm agus post an duine a bhfuil an fhreagracht phríomhúil air nó uirthi as an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála a fhormheas.

    ▼B

    2.

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an méid seo a leanas, ar a laghad, a áirithiú:

    ▼M3

    (a) 

    go léirítear na foinsí ar fad atá ábhartha go substaintiúil a úsáideadh chun an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála a ullmhú, lena n-áirítear an t-eintiteas rátáilte nó, nuair is iomchuí, tríú páirtí gaolmhar, chomh maith le cibé acu ar nochtadh an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála leis an eintiteas rátáilte sin nó le tríú páirtí gaolmhar agus an ndearnadh leasú orthu i ndiaidh an nochta sular eisíodh í nó é;

    ▼B

    (b) 

    go léirítear go soiléir an mhodheolaíocht phríomhúil nó an leagan den mhodheolaíocht a úsáideadh chun an rátáil a shocrú, le tagairt do thuairisc chuimsitheach air; más rud é go mbíonn an rátáil chreidmheasa bunaithe ar níos mó ná aon mhodheolaíocht amháin, nó más rud é go bhféadfadh infheisteoirí gnéithe tábhachtacha eile den rátáil chreidmheasa a ligean tharstu trí thagairt a dhéanamh don mhodheolaíocht phríomhúil amháin, lena n-áirítear coigeartuithe agus dialltaí suntasacha, míneoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa é seo sa rátáil chreidmheasa agus tabharfar le fios mar a chuirtear na modheolaíochtaí éagsúla nó na gnéithe eile seo san áireamh sa rátáil chreidmheasa;

    (c) 

    go ndéantar an bhrí atá le gach catagóir rátála agus an sainmhíniú ar mhainneachtain nó aisghabháil nó aon rabhadh riosca iomchuí a mhíniú, lena n-áirítear anailís íogaireachta ar na príomh-bhoinn tuisceana rátála ábhartha, amhail boinn tuisceana matamaiticiúla agus comhghaoil, agus rátálacha creidmheasa maidir leis an gcás is measa chomh maith le rátálacha creidmheasa maidir leis an gcás is fearr ag gabháil leo;

    ▼M3

    (d) 

    go dtugtar an dáta ar ceadaíodh an rátáil chreidmheasa a scaipeadh den chéad uair agus an uair a ndearnadh an nuashonrú is deireanaí air, lena n-áirítear aon tuar rátála, le fios go soiléir feiceálach;

    (e) 

    go dtugtar faisnéis faoi cibé an mbaineann an rátáil chreidmheasa le hionstraim airgeadais nua-eisithe agus cibé an bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag rátáil na hionstraime airgeadais den chéad uair; agus

    (f) 

    i gcás tuair rátála, go dtugtar le fios an tréimhse a mbeifear ag súil le hathrú ar an rátáil chreidmheasa lena linn.

    Nuair a bheidh rátálacha creidmheas nó tuair chreidmheasa á bhfoilsiú acu, cuirfidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar áireamh tagairt do na rátaí mainneachtana stairiúla arna bhfoilsiú ag CESR i stór lárnach i gcomhréir le hAirteagal 11(2), mar aon le ráiteas mínithe maidir le brí na rátaí mainneachtana sin.

    ▼M3

    2a.

    Nuair a nochtfaidh sí modheolaíochtaí rátála, samhlacha rátála agus príomhbhoinn tuisceana rátála, cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa treoir leis ina míneofar na boinn tuisceana, na paraiméadair, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí a bhaineann leis na samhlacha rátála agus na modheolaíochtaí rátála a úsáidtear sna rátálacha creidmheasa, lena n-áirítear ionsamhaltaí na gcásanna struis a rinne an ghníomhaireacht rátála creidmheasa agus í ag bunú na rátálacha creidmheasa, faisnéis rátála creidmheasa ar anailís sreafa airgid atá déanta aici nó a bhfuil sí ag brath uirthi agus, i gcás inarb infheidhme, léiriú ar aon athrú a bhfuiltear ag súil leis sa rátáil chreidmheasa. Beidh an treoir sin soiléir agus éasca le tuiscint.

    ▼M3

    3.

    Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an t-eintiteas rátáilte ar an eolas faoin rátáil chreidmheasa nó faoin tuar rátála le linn uaireanta oibre an eintitis rátáilte, agus lá iomlán oibre ar a laghad sula bhfoilseofar iad. Áireofar san fhaisnéis sin na príomhfhorais ar a bhfuil an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála bunaithe chun deis a thabhairt don eintiteas rátáilte aird na gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt ar aon earráid sna fíricí.

    4.

    Luafaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go soiléir feiceálach aon tréithe agus teorainneacha a ghabhann leis an rátáil chreidmheasa nó leis an tuar rátála nuair a bheidh na rátálacha creidmheasa nó na tuartha rátála á nochtadh aici. Go háirithe, sonróidh gníomhaireacht rátála creidmheasa go feiceálach nuair a bheidh aon rátáil chreidmheasa nó tuar rátála á nochtadh aici an bhfuil sí den tuairim go bhfuil caighdeán na faisnéise atá ar fáil maidir leis an eintiteas rátáilte sásúil nó nach bhfuil agus a mhéid a rinne sí an fhaisnéis a chuir an t-eintiteas rátáilte nó tríú páirtí gaolmhar ar fáil di a fhíorú. Má bhaineann cineál eintitis nó ionstraim airgeadais a bhfuil sonraí stairiúla ina leith teoranta le rátáil chreidmheasa nó le tuar rátála, cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na teorainneacha sin in iúl go soiléir, in áit fheiceálach.

    ▼B

    I gcás ina mbíonn easpa sonraí iontaofa ann nó de bharr castachta i struchtúr chineál nua ionstraime airgeadais nó toisc nach bhfuil cáilíocht na faisnéise atá ar fáil sásúil go leor nó go n-ardaíonn sí ceisteanna tromchúiseacha maidir le cumas na gníomhaireachta rátála creidmheasa rátáil creidmheasa inchreidte a sholáthar, staonfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó rátáil chreidmheasa a eisiúint nó déanfaidh sí rátáil atá ann cheana a tharraingt siar.

    5.

    ▼M3

    Nuair atá rátáil chreidmheasa á fógairt nó tuar rátála á fhógairt, míneoidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ina cuid preaseisiúintí nó tuarascálacha na príomhghnéithe atá mar bhunús ag an rátáil chreidmheasa nó ag an tuar rátála.

    ▼B

    Nuair a bheadh an fhaisnéis a leagtar síos i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointe 4 díréireach i gcomparáid le fad na rátála creidmheasa a scaiptear, is leor tagairt shoiléir fheiceálach a dhéanamh sa rátáil chreidmheasa féin don áit inar féidir rochtain dhíreach éasca a fháil ar na nochtuithe sin, lena n-áirítear nasc idirlín díreach chuig an nochtadh ar láithreán gréasáin oiriúnach na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

    ▼M3

    6.

    Nochtfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa ar a láithreán gréasáin, ar bhonn leanúnach, faisnéis faoi na heintitis nó na hionstraimí fiachais ar fad a chuirtear faoina bráid chun athbhreithniú tosaigh nó réamhrátáil a dhéanamh orthu, agus cuirfidh sí an méid sin i bhfógra chuig ÚEUM. Déanfar an nochtadh sin is cuma cé acu a shíníonn na heisitheoirí conradh leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa le haghaidh rátáil chríochnaitheach nó nach síníonn.

    ▼B

    II.   Oibleagáidí breise maidir le rátálacha creidmheasa ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄

    1.

    I gcás go ndéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa ►M5  ionstraim urrúsúcháin ◄ a rátáil, cuirfidh sí an fhaisnéis go léir maidir le hanailís caillteanais agus sreafa airgid atá curtha i gcrích aici nó a bhfuil sí ag brath air mar aon le tuairim d’aon athrú a bhfuiltear ag súil leis sa rátáil chreidmheasa ar fáil sa rátáil chreidmheasa.

    2.

    Sonróidh gníomhaireacht rátála creidmheasa cén leibhéal measúnaithe a chuir sí i gcrích maidir leis na próisis díchill chuí ar tugadh fúthu ag leibhéal na n-ionstraimí airgeadais nó ar leibhéal sócmhainní ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ is bonn do na próisis sin. Nochtóidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar thug sí faoi mheasúnú ar bith ar na próisis díchill chuí sin nó an ndeachaigh sí i muinín measúnaithe tríú páirtí, ag tabhairt le fios mar a imríonn toradh measúnaithe den sórt sin tionchar ar an rátáil chreidmheasa.

    ▼M3 —————

    ▼M3

    III.   Breisoibleagáidí i ndáil le rátálacha ceannasacha

    1. I gcás ina n-eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar, beidh ag gabháil leis an rátáil nó leis an tuar rátála tuarascáil mhionsonraithe taighde ina míneofar na boinn tuisceana, na paraiméadair, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí agus aon fhaisnéis eile a chuirfear san áireamh agus an rátáil sin á cinneadh nó an tuar sin á chinneadh. Beidh an tuarascáil sin ar fáil go poiblí agus beidh sí soiléir agus éasca le tuiscint.

    2. Áireofar i dtuarascáil taighde a bheidh ar fáil go poiblí agus a ghabhann le hathrú ar an rátáil cheannasach a bhí ann roimhe sin nó leis an tuar rátála gaolmhar, ar a laghad, na nithe seo a leanas:

    (a) 

    meastóireacht mhionsonraithe ar na hathruithe ar an toimhde chainníochtúil atá ina bonn cirt leis na cúiseanna don athrú ar rátáil agus le hualú coibhneasta na n-athruithe sin. Ba cheart tuairsc ar na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sa mheastóireacht mhionsonraithe: ioncam per capita, fás ar OTI, boilsciú, iarmhéid fioscach, iarmhéid seachtrach, fiachas seachtrach, táscaire le haghaidh forbartha eacnamaíche, táscaire le haghaidh mainneachtana agus aon toisc ábhartha eile a chuirfear san áireamh. Ba cheart ualú coibhneasta gach toisce a bheith mar chomhlánú leis sin;

    (b) 

    meastóireacht mhionsonraithe ar na hathruithe ar an toimhde cháilíochtúil atá ina bonn cirt leis na cúiseanna don athrú ar rátáil agus le hualú coibhneasta na n-athruithe sin;

    (c) 

    tuairisc mhionsonraithe ar na rioscaí, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an athrú ar rátáil; agus

    (d) 

    achoimre ar mhiontuairiscí de chruinniú an choiste rátála a rinne cinneadh maidir leis an athrú ar rátáil.

    3. Gan dochar do phointe 3 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I, i gcás ina n-eisíonn gníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha ceannasacha nó tuartha rátála gaolmhara, foilseoidh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 8a, tar éis am scoir uaireanta gnó na margaí rialáilte agus ar a laghad uair an chloig amháin sula n-osclófar iad.

    4. Gan dochar do phointe 5 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I, dá bhforáiltear i gcomhréir leis an bpointe sin go bhfuil míniú le tabhairt ina preaseisiúintí nó ina tuarascálacha ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, nuair a bhíonn rátáil chreidmheasa á fógairt aici, ar na príomhthosca is bonn don rátáil chreidmheasa agus cé go bhféadfadh sé go bhfónfadh beartais náisiúnta mar thoisc is bonn do rátáil cheannasach, ní bheidh moltaí beartais, réamhthuair nó treoirlínte d’eintitis rátála, lena n-áirítear Stáit nó údaráis réigiúnacha nó áitiúil Stát, ina gcuid de rátálacha cheannasacha nó de thuartha rátála.

    ▼B

    Cuid E

    Nochtuithe

    I.   Nochtuithe ginearálta

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fíoras go bhfuil sé cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo mar aon leis an bhfaisnéis seo a leanas a nochtadh go ginearálta:

    1.

    aon choinbhleachtaí leasa iarbhíre nó féideartha dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B;

    2.

    liosta de na seirbhísí coimhdeacha;

    ▼M3

    3.

    beartas na gníomhaireachta rátála creidmheasa maidir le rátálacha creidmheasa agus cumarsáid ghaolmhar eile, lena n-áirítear tuartha rátála, a fhoilsiú;

    ▼B

    4.

    an tréith ghinearálta atá lena socruithe cúitimh;

    5.

    na modheolaíochtaí, agus tuairiscí ar na samhlacha agus príomh-bhoinn tuisceana rátála, amhail boinn tuisceana matamaiticiúla agus comhghaoil, a úsáidtear ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa chomh maith le hathruithe ábhartha orthu;

    6.

    aon mhodhnú ábhartha ar a córais, acmhainní nó nósanna imeachta; agus

    7.

    i gcás inar iomchuí, a cód iompair.

    II.   Nochtuithe thréimhsiúla

    Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh go tréimhsiúil:

    1.

    gach sé mhí, sonraí maidir leis na rátaí mainneachtana stairiúla ar a cuid catagóirí rátála, lena ndéantar idirdhealú idir príomhlimistéir gheografacha na n-eisitheoirí, agus cibé ar tháinig athrú ar rátaí mainneachtana na gcatagóirí seo le himeacht ama nó nár tháinig;

    2.

    ▼M1

    go bliantúil, an fhaisnéis seo a leanas:

    ▼M3

    (a) 

    liosta na dtáillí a ghearrfar ar gach cliant as rátálacha creidmheasa aonair agus as aon seirbhísí coimhdeacha;

    (aa) 

    a beartas praghsála, lena n-áirítear struchtúr na dtáillí agus na critéir phraghsála i ndáil le rátálacha creidmheasa le haghaidh aicmí sócmhainne éagsúla;

    ▼M1

    (b) 

    liosta na gcliant sin de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar cliant iad ar mhó a rannchuidiú leis an ráta fáis ó thaobh ghiniúint ioncam na gníomhaireachta rátála creidmheasa sa bhliain airgeadais roimhe sin ná 1,5 uaire ráta fáis ioncam iomlán na gníomhaireachta rátála creidmheasa an bhliain sin. Ní áireofar aon chliaint den sórt sin ar an liosta ach amháin i gcás ina bhfuil sé freagrach as níos mó ná 0,25 % d'ioncaim iomlána dhomhanda na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar an leibhéal domhanda an bhliain sin; agus

    (c) 

    liosta de na rátálacha creidmheasa a eisíodh i rith na bliana, ar liosta é lena léirítear an cion de rátálacha creidmheasa gan iarraidh atá ina measc..

    ▼B

    Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn “cliant” eintiteas, a fhochuideachtaí agus eintitis chomhlachaithe ina bhfuil gabháltas os cionn 20 % ag an eintiteas, chomh maith le heintiteas ar bith eile a ndearna sí caibidlíocht ina leith maidir le saincheist fiachais a struchtúrú thar ceann cliaint agus ar íocadh táille, go díreach nó go hindíreach, leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa chun rátáil a dhéanamh ar an tsaincheist fiachais sin.

    III.   Tuarascáil trédhearcachta

    Cuirfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go bliantúil:

    1.

    faisnéis mhionsonraithe maidir le struchtúr dlíthiúil agus úinéireacht na gníomhaireachta rátála creidmheasa, lena n-áirítear faisnéis maidir le gabháltais de réir bhrí Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a nglactar lena gcuid urrús chun críche a dtrádála ar mhargadh rialaithe ( 19 );

    2.

    tuairisc ar an meicníocht rialaithe inmheánaigh lena n-áirithítear cáilíocht gníomhaíochtaí rátála creidmheasa;

    ▼M3

    3.

    staidreamh maidir le leithdháileadh na foirne chuig rátálacha creidmheasa nua, le hathbhreithnithe ar rátáil chreidmheasa, le meastóireacht ar mhodheolaíocht nó ar shamhlacha agus le bainistíocht shinsearach, agus maidir le leithdháileadh na foirne ar gníomhaíochtaí rátála i ndáil leis na haicmí sócmhainne éagsúla (corparáideach — airgeadas struchtúraithe — ceannasach);

    ▼B

    4.

    tuairisc ar a beartas coimeádta taifead;

    5.

    toradh an athbhreithnithe inmheánaigh bhliantúil maidir leis a feidhm um chomhlíonadh neamhspleáchais;

    6.

    tuairisc ar bheartas uainíochta a bainistíocht agus a hanailís;

    ▼M3

    7.

    faisnéis airgeadais ar ioncam na gníomhaireachta rátála creidmheasa, lena n-áirítear an láimhdeachas iomlán, roinnte de réir táillí ó rátáil chreidmheasa agus seirbhísí coimhdeacha mar aon le tuairisc chuimsitheach ar gach ceann faoi seach, lena n-áirítear ioncaim a ghintear ó sheirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear do chliaint seirbhísí rátála creidmheasa agus leithdháileadh na dtáillí ar rátálacha creidmheasa aicmí sócmhainne éagsúla. Áireofar freisin san fhaisnéis maidir le láimhdeachas iomlán leithdháileadh geografach an láimhdeachais sin ar ioncaim a ghintear san Aontas agus ioncaim ar fud an domhain;

    ▼B

    8.

    ráiteas rialachais de réir bhrí Airteagal 46a(1) de Threoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 a bhaineann le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí ( 20 ); chun críche an ráitis sin, cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 46a(1)(d) den Treoir sin ar fáil is cuma an bhfuil sí faoi réir Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail nó nach bhfuil ( 21 ).




    IARSCRÍBHINN II

    FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR SAN IARRATAS AR CHLÁRÚCHÁN

    1.

    Ainm iomlán na gníomhaireachta rátála creidmheasa, seoladh na hoifige cláraithe laistigh den ►M3  Aontas ◄

    2.

    Ainm agus sonraí teagmhála duine ar féidir dul i dteagmháil leis nó léi agus ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh um chomhlíonadh

    3.

    Stádas dlíthiúil

    4.

    Aicme na rátálacha creidmheasa dá bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag déanamh iarratais ar é a chlárú

    5.

    An struchtúr úinéireachta

    6.

    An struchtúr eagraíochta agus rialachas corparáideach

    7.

    Acmhainní airgeadais chun gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a dhéanamh

    8.

    Leibhéal foirne na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus saineolas na foirne sin

    9.

    Faisnéis maidir le fochuideachtaí na gníomhaireachta rátála creidmheasa

    10.

    Tuairisc ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochta a úsáidtear chun rátálacha creidmheasa a eisiúint agus a athbhreithniú

    11.

    Beartais agus nósanna imeachta maidir le haon choinbhleachtaí leasa a shainaithint, a bhainistiú agus maidir le haon choinbhleachtaí leasa a nochtadh

    12.

    Faisnéis maidir le hanalaísithe rátála

    13.

    Socruithe cúitimh agus meastóireachta feidhmíochta

    14.

    Seirbhísí eile seachas gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhfuil sé i gceist ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a dhéanamh

    15.

    Clár oibríochtaí, lena n-áirítear an áit a bhfuiltear ag súil go rachfar i mbun na bpríomhghníomhaíochtaí gnó a thabhairt le fios, mar aon leis na brainsí atá le bunú, chomh maith leis an gcineál gnó atá beartaithe a leagan amach

    16.

    Doiciméid agus faisnéis mhionsonraithe a bhaineann le húsáid ionchasach fhormhuinithe

    17.

    Doiciméid agus faisnéis mhionsonraithe a bhaineann le socruithe ionchasacha eisfhoinsithe, lena n-áirítear faisnéis maidir le heintitis a ghlacfaidh na feidhmeanna eisfhoinsithe chucu féin.

    ▼M1




    IARSCRÍBHINN III

    Liosta na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus in Airteagal 36a(1)

    I.    Sáruithe a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, le ceanglais eagraíochtúla nó le ceanglais oibríochtúla

    1. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 4(3) má thugann sí tacaíocht do rátáil chreidmheasa arna heisiúint i dtríú tír gan na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin a chomhlíonadh, ach amháin má tá an chúis leis an sárú sin taobh amuigh d'eolas nó de smacht na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

    2. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 4(4) má bhaineann sí úsáid as tacaíocht a thugtar do rátáil chreidmheasa arna heisiúint i dtríú tír agus é de rún aici ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.

    3. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 1 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí bord riaracháin nó bord maoirseachta.

    4. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach lagaíonn a leas gnó neamhspleáchas ná cruinneas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

    5. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2) i dteannta an dara mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí lucht bainistíochta sinsearach a cheapadh nach bhfuil dea-chlú orthu, nach bhfuil dóthain scileanna ná taithí acu nó nach féidir leo bainistíocht fhónta stuama na gníomhaireachta rátála creidmheasa a áirithiú.

    6. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an tríú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gceapann sí an líon comhaltaí neamhspleácha is gá ar a bord riaracháin nó ar a bord maoirseachta.

    7. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an ceathrú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí córas cúitimh do chomhaltaí neamhspleácha a boird riaracháin nó a boird maoirseachta a leagan amach, ar córas é a bhfuil nasc aige le feidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó nach bhfuil socraithe d’fhonn neamhspleáchas a dtuairimí a áirithiú; nó má dhéanann sí téarma oifige is faide ná cúig bliana nó téarma oifige inathnuaite a leagan amach do chomhaltaí neamhspleácha a boird riaracháin nó a boird maoirseachta; nó má dhéanann sí comhalta neamhspleách den bhord riaracháin nó den bhord maoirseachta a dhífhostú seachas i gcás mí-iompair nó tearcfheidhmíochta gairmiúla.

    8. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an cúigiú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí comhaltaí nach bhfuil dóthain saineolais acu ar sheirbhísí airgeadais a cheapadh ar a bord riaracháin nó ar a bord maoirseachta; nó, i gcás ina n-eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ , mura gceapann sí comhalta neamhspleách amháin ar a laghad agus comhalta amháin eile den bhord ag a mbeidh cur amach agus taithí ghrinn ar na margaí in ionstraimí struchtúrtha airgeadais ar an leibhéal sinsearach.

    9. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an séú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go gcomhlíonann comhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta na cúraimí maidir le faireachán a dhéanamh ar aon cheann de na hábhair dá dtagraítear sa séú mír den phointe sin.

    10. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an seachtú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéanann comhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta a dtuairimí i leith na gcúrsaí dá dtagraítear sa séú mír den phointe sin a thíolacadh don bhord go tréimhsiúil nó mura ndéanann na comhaltaí sin a dtuairimí a chur ar fáil do ÚEUM, arna iarraidh sin.

    11. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 3 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí beartais nó nósanna imeachta leordhóthanacha lena áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá aici faoin Rialachán seo.

    12. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 4 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach bhfuil nósanna imeachta fónta riaracháin nó cuntasaíochta, sásraí rialaithe inmheánaigh, nósanna imeachta éifeachtacha um measúnú riosca, nó socruithe rialaithe nó socruithe cosanta éifeachtacha aici maidir le córais phróiseála faisnéise; nó mura ndéanann sí nósanna imeachta cinnteoireachta nó struchtúir eagraíochtúla a chur chun feidhme agus a chothabháil, mar a cheanglaítear leis an bpointe sin.

    13. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 5 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí roinn feidhme chomhlíonta (feidhm chomhlíonta) bhuan agus éifeachtach, agus a oibríonn go neamhspleách, a chur ar bun nó más rud é nach ndéanann sí roinn den chineál sin a chothabháil.

    14. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 6 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go gcomhlíontar na coinníollacha lena gcumasaítear na freagrachtaí a ghabhann leis an bhfeidhm chomhlíonta a chomhall go cuí nó go neamhspleách, mar a leagtar amach sa chéad mhír den phointe sin.

    15. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 7 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí socruithe eagraíochtúla nó riaracháin atá iomchuí agus éifeachtach chun aon choinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B d'Iarscríbhinn I a chosc, a shainaithint, a dhíbirt nó a bhainistiú, agus a nochtadh, nó más rud é nach ndéanann sí socrú lena gcoimeádtar taifid i leith gach bagartha suntasaí ar neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear bagairtí suntasacha ar na rialacha maidir le hanailísithe rátála ar rialacha iad dá dtagraítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I, mar aon leis na coimircí arna gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú.

    16. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 8 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-úsáideann sí córais iomchuí, acmhainní iomchuí nó nósanna imeachta iomchuí chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le comhlíonadh a cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

    17. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 9 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí feidhm athbhreithnithe:

    (a) 

    ar feidhm í lena ngabhann freagracht as athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a modheolaíochtaí, a samhlacha agus a príomhbhoinn tuisceana rátála, nó ar aon athruithe suntasacha nó ar aon mhodhnuithe suntasacha ar na nithe sin chomh maith le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oiriúnacht na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na bpríomhbhonn tuisceana i gcás go mbaintear úsáid astu, nó go bhfuil sé beartaithe go mbainfí úsáid astu, chun measúnú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais nua;

    (b) 

    ar feidhm í atá neamhspleách ar na línte gnó atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa; nó

    (c) 

    ar feidhm í ar dá réir a thugtar tuairiscí do chomhaltaí an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta.

    18. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 10 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí faireachán nó meastóireacht ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht a cuid córas, a sásraí rialaithe inmheánaigh agus a socruithe arna mbunú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó más rud é nach ndéanann sí bearta iomchuí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh.

    ▼M3

    19. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 1 de Roinn B d’Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó aon choinbhleachtaí leasa féideartha a d’fhéadfadh tionchar a fheidhmiú ar anailísí nó ar thuairimí a cuid anailísithe rátála, a cuid fostaithe, nó ar thuairimí aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a chuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó ar seirbhísí iad atá faoina rialú, agus a bhfuil páirt dhíreach acu i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa nó daoine a dhéanann rátálacha creidmheasa agus tuartha rátála a fhormheas, a shainaithint agus a dhíbirt nó iad a bhainistiú agus a nochtadh go soiléir nó go feiceálach.

    20. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 3 de Roinn B d’Iarscríbhinn I, má dhéanann sí rátáil chreidmheasa nó tuar rátála a eisiúint in aon cheann de na himthosca a leagtar amach sa chéad mhír den phointe sin nó, i gcás rátála creidmheasa atá ann cheana nó tuar rátála, más rud é nach nochtann sí láithreach go bhféadfadh na himthosca sin difear a dhéanamh don rátáil chreidmheasa nó don tuar rátála.

    20a. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 3a de Roinn B d’Iarscríbhinn I, i gcás rátála creidmheasa atá ann cheana nó tuar rátála, más rud é nach nochtann sí láithreach go bhféadfadh aon cheann de na himthosca a leagtar amach i litir (a) agus litir (b) den phointe sin difear a dhéanamh do rátáil chreidmheasa nó do thuar rátála.

    21. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara mír de phointe 3 de Roinn B d’Iarscríbhinn I, mura ndéanann sí measúnú láithreach i dtaobh an bhfuil forais ann chun an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála atá ann cheana a athrátáil nó a tharraingt siar.

    22. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 4 de Roinn B d’Iarscríbhinn I, trí eintitis a rátáil i gcás ina bhfuil seilbh ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa í féin nó ag aon duine a bhfuil 5 % ar a laghad de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála ina sheilbh go díreach nó go hindíreach aige nó atá in ann, ar shlí eile, tionchar suntasach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa, má dhéanann sí seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha a sholáthar don eintiteas rátáilte sin ná d’aon tríú páirtí gaolmhar maidir le struchtúr corparáideach nó dlithiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochtaí an eintitis rátáilte sin nó tríú páirtí gaolmhar.

    ▼M3

    22a. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6a(1) nuair a sháraíonn duine dá scairshealbhóirí nó dá comhaltaí, a bhfuil seilbh aige ar 5 % ar a laghad de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta rátála creidmheasa sin nó i gcuideachta atá in ann rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa sin, ceann de na toirmisc arna leagan amach i bpointí (a) go (e) den mhír sin, nó go bhfuil leas gaolmhar tríú páirtí nó leas úinéireachta eile aige san eintiteas nó sa pháirtí sin, cé is moite den toirmeasc arna leagan amach i bpointe (a) i dtaca le gabháltais i scéimeanna comhinfheistíochta éagsúlaithe lena n-áirítear cistí bainistithe amhail cistí pinsin nó árachas saoil, ar an gcoinníoll nach gcuireann na gabháltais sin ar cumas an scairshealbhóra nó an chomhalta den ghníomhaireacht rátála creidmheasa tionchar suntasach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí gnó na scéimeanna sin.

    ▼M1

    23. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad choda den tríú mír de phointe 4 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil coinbhleacht leasa ann lena gníomhaíocht rátála creidmheasa de bharr seirbhís choimhdeach a sholáthar.

    24. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 5 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann anailísithe rátála nó daoine a fhormheasann rátálacha tograí nó moltaí maidir le ceapadh na n- ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ ar ina leith a bhfuiltear ag súil go n-eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa.

    25. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 6 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gceapann sí a cuid bealaí tuairiscithe nó cumarsáide ionas go n-áiritheofar go bhfuil na daoine dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B neamhspleách maidir le gníomhaíochtaí eile na gníomhaireachta rátála creidmheasa a dhéantar ar bhonn tráchtála.

    26. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara mír de phointe 8 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí na taifid ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad ón tráth a dhéantar clárúchán na gníomhaireachta sin a tharraingt siar.

    ▼M3

    26a. 

    An ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chuaigh i gconradh maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán nua, sáraíonn sí Airteagal 6b(1) má eisíonn sí, ar feadh tréimhse níos faide ná ceithre bliana, rátálacha creidmheasa i leith ath-urrúsúchán a bhfuil bunsócmhainní acu ón tionscnóir céanna.

    26b. 

    Maidir leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a chuaigh i gconradh maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán, sáraíonn sí Airteagal 6b(3) trí dhul i gconradh nua chun rátálacha creidmheasa a eisiúint i leith ath-urrúsúchán le bunsócmhainní ón tionscnóir céanna ar feadh tréimhse ar comhfhad le fad an chonartha atá imithe in éag dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 d’Airteagal 6b, ach ar tréimhse í nach faide ná ceithre bliana.

    ▼M1

    27. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(1) más rud é nach n-áirithíonn sí go bhfuil eolas agus taithí iomchuí i gcomhair na ndualgas atá sannta dóibh ag anailísithe rátála, ag a cuid fostaithe agus ag aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a chuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil a chuid seirbhísí faoi rialú na gníomhaireachta sin, agus ar daoine iad sin ag a bhfuil baint dhíreach le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

    28. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(2) más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann aon duine dá dtagraítear in Airteagal 7(1) caibidlíocht ar tháillí nó ar íocaíochtaí a thionscnamh le haon eintiteas rátáilte, le tríú páirtí gaolmhar nó le duine ar bith ag a bhfuil nasc díreach nó neamhdhíreach leis an eintiteas rátáilte trí rialú,nó nach nglacann an duine sin páirt i gcaibidlíocht den sórt sin.

    29. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 3(a) de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéanann aon duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin gach beart réasúnach chun maoin nó taifid atá i seilbh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a chosaint ar chalaois, ar ghadaíocht nó ar mhí-úsáid, agus aird á tabhairt ar chineál, ar scála agus ar chastacht a gnó agus ar chineál agus ar raon a gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

    30. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 5 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí iarmhairtí diúltacha a fhorchur ar dhuine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin i gcás ina ndéanann an duine sin faisnéis a thuairisciú don oifigeach um chomhlíonadh á rá go raibh iompar ar bun ag aon duine eile den sórt sin a mheasann sé nó sí a bheith ina iompar mídhleathach.

    31. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 6 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí athbhreithniú ar obair ábhartha anailísí rátála don dá bhliain sular imigh sé nó sí, i gcás ina gcuireann anailísí rátála deireadh lena fhostaíocht nó lena fostaíocht agus ina dtéann sé nó sí isteach in eintiteas rátáilte lena raibh baint ag an anailísí rátála ó thaobh rátáil chreidmheasa a dhéanamh, nó i ngnólacht airgeadais lena raibh déileálacha ag an anailísí rátála mar chuid dá dhualgais nó dá dualgais sa ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

    32. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 1 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear sa phointe sin aon ionstraim airgeadais dá dtagraítear sa phointe sin a cheannach nó a dhíol nó nach ngabhann an duine sin d'idirbheart i leith ionstraime den chineál sin.

    ▼M3

    33. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 2 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin páirteach i rátáil chreidmheasa nó i dtuar rátála dá dtagraítear i bpointe 2 den Roinn sin a chinneadh, nó nach n-imríonn sé aon tionchar eile air sin.

    ▼M1

    34. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) de phointe 3 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin faisnéis a nochtadh, a úsáid nó a roinnt, ar nithe iad sin dá dtagraítear sna pointí sin.

    35. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 4 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin airgead, bronntanais nó garanna a iarraidh ar dhuine ar bith lena ndéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa gnó nó airgead, bronntanais nó garanna a ghlacadh ó dhuine den sórt sin.

    ▼M3

    36. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 7 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach dtéann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin i mbun príomhphoist bainistíochta leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar taobh istigh de shé mhí ón tráth a ndéantar an rátáil chreidmheasa nó an tuar rátála a eisiúint.

    ▼M1

    37. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (a) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil baint ag an bpríomhanailísí rátála le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse is faide ná ceithre bliana.

    ▼M3

    38. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (i) de phointe (b) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí, i gcás ina soláthraíonn sí rátálacha creidmheasa nó rátálacha ceannasacha gan iarraidh, nach bhfuil baint ag anailísí rátála le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó le tríú páirtí gaolmhar ar feadh tréimhse is faide ná cúig bliana.

    39. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (ii) de phointe (b) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí, i gcás ina soláthraíonn sí rátálacha creidmheasa nó rátálacha ceannasacha gan iarraidh, nach bhfuil duine a fhormheasann rátálacha creidmheasa páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó le tríú páirtí gaolmhar ar feadh tréimhse níos is faide ná seacht mbliana.

    40. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta an dara mír de phointe 8 de Roinn C d’Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil baint ag duine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad mhír den phointe sin le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte nó le tríú páirtí gaolmhar dá dtagraítear sna pointí sin taobh istigh de dhá bhliain ó dheireadh na dtréimhsí a leagtar amach sna pointí sin.

    ▼M1

    41. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(5) má dhéanann sí cúiteamh nó meastóireacht feidhmíochta a thabhairt isteach atá ag brath ar an méid ioncaim a fhaigheann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó na heintitis rátáilte nó ó na tríú páirtithe gaolmhara.

    ▼M3

    42. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(2) más rud é nach ndéanann sí bearta leordhóthanacha a ghlacadh, a chur chun feidhme nó a fhorghníomhú d’fhonn a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa agus na tuartha rátála a eisíonn sí bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil di agus atá ábhartha dá hanailís de réir na modheolaíochtaí rátála is infheidhme.

    ▼M3

    42a. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(2) má úsáideann sí faisnéis atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 8(2) nó toisc nach gcomhlíonann a cuid athruithe rátála na modheolaíochtaí atá foilsithe aici.

    42b. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(2a) má eisíonn sí athruithe ar a cuid rátálacha creidmheasa nach gcomhlíonann na modheolaíochtaí rátála atá foilsithe aici.

    ▼M1

    43. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(3) más rud é nach n-úsáideann sí modheolaíochtaí rátála atá docht, córasach agus leanúnach agus nach dtagann faoi réir a mbailíochtaithe ar bhonn taithí stairiúla, lena n-áirítear cúltástáil.

    44. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad fhomhír d'Airteagal 8(4) má dhiúltaíonn sí rátáil creidmheasa eintitis nó rátáil creidmheasa ionstraime airgeadais a eisiúint toisc rátáil a bheith déanta ar chuid den eintiteas nó den ionstraim airgeadais roimhe sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa eile.

    45. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 8(4) más rud é nach gcoinníonn sí taifead ar na cásanna ar fad ina n-imíonn a próiseas rátála creidmheasa ó na rátálacha creidmheasa atá ann cheana agus a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ nó más rud é nach ndéanann sí údar maith á thabhairt maidir leis an measúnú éagsúil.

    ▼M3

    46. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 8(5) más rud é nach ndéanann sí faireachán ar a rátálacha creidmheasa seachas na rátálacha ceannasacha nó nach ndéanann sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha creidmheasa seachas na rátálacha ceannasacha nó a cuid modheolaíochtaí rátála ar bhonn leanúnach nó uair amháin sa bhliain ar a laghad.

    ▼M3

    46a. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d’Airteagal 8(5), i dteannta na chéad abairte den chéad fhomhír d’Airteagal 8(5), mura ndéanann sí faireachán ar a rátálacha ceannasacha nó mura ndéanann sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha ceannasacha ar bhonn leanúnach nó uair amháin gach sé mhí ar a laghad.

    ▼M1

    47. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara habairt d'Airteagal 8(5) más rud é nach mbunaíonn sí socruithe inmheánacha chun faireachán a dhéanamh ar an tionchar a imrítear ar rátálacha creidmheasana de bharr athruithe ar choinníollacha margaidh maicreacnamaíocha nó airgeadais.

    48. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (b) d’Airteagal 8(6), i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, más rud é nach ndéanann sí athbhreithniú ar na rátálacha creidmheasa a ndéantar difear dóibh i gcomhréir leis an bpointe sin nó más rud é nach gcuirtear na rátálacha sin faoi bhreathnadóireacht san idirlinn.

    49. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d’Airteagal 8(6) más rud é nach ndéanann sí athrátáil ar rátáil chreidmheasa a bhí bunaithe ar mhodheolaíochtaí, ar shamhlacha nó ar phríomhbhoinn tuisceana a athraítear i gcás ina ndéanann éifeacht chomhcheangailte fhoriomlán na n-athruithe sin difear don rátáil chreidmheasa sin.

    ▼M3

    49a. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d’Airteagal 8(6), i dteannta phointe (c) d’Airteagal 8(7), mura ndéanann sí athrátáil ar rátáil chreidmheasa i gcás ina ndéanann earráidí sna modheolaíochtaí rátála nó ina gcur i bhfeidhm difear donn rátáil chreidmheasa sin.

    ▼M1

    50. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 9 má dhéanann sí eisfhoinsiú ar fheidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar shlí a dhéanfadh dochar go hábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó do chumas ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa oibleagáidí faoin Rialachán seo.

    51. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta an dara mír de phointe 4 de Chuid I de Roinn D d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí rátáil chreidmheasa a eisiúint nó más rud é nach ndéanann sí rátáil a bhí ann cheana a tharraingt siar i gcás ina mbeidh easpa sonraí iontaofa ann nó de bharr chastacht an struchtúir a bhaineann le cineál nua ionstraime airgeadais nó toisc nach bhfuil cáilíocht na faisnéise atá ar fáil sásúil go leor nó go n-ardaíonn sí ceisteanna tromchúiseacha maidir le cumas na gníomhaireachta rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa inchreidte a sholáthar.

    52. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(6) má bhaineann sí úsáid as ainm ÚEUM nó as ainm aon údaráis inniúil ar shlí a léireodh nó a thabharfadh le tuiscint go ndearna ÚEUM nó aon údarás inniúil tacaíocht nó formheas a thabhairt maidir leis na rátálacha creidmheasa nó maidir le haon ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

    53. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 13 má ghearrann sí táille ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12.

    54. 

    I gcás inar duine dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal é an ghníomhaireacht rátála creidmheasa, sáraíonn sí Airteagal 14(1) más rud é nach ndéanann sí iarratas ar chlárúchán chun críocha Airteagal 2(1).

    ▼M3

    55. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8a(3) mura ndéanann sí ar bhonn bliantúil, i gcomhréir le pointe 3 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, féilire a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin nó a chur faoi bhráid ÚEUM ag deireadh mhí na Nollag don 12 mhí ina dhiaidh sin lena leagtar síos trí dháta ar a mhéid, ar Aoine gach dáta díobh sin, chun go ndéanfaí rátálacha cheannasacha gan iarraidh agus tuartha rátála gaolmhara a fhoilsiú agus lena leagtar síos dátaí ar Aoine gach dáta díobh sin, chun go ndéanfaí rátálacha ceannasacha a iarradh agus tuartha rátála gaolmhara a fhoilsiú.

    56. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8a(4) má imíonn sí ón bhféilire fógartha nuair nach gá sin a dhéanamh chun a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 8(2), Airteagal 10(1) nó Airteagal 11(1) a chomhlíonadh nó mura soláthraíonn sí míniú mionsonraithe ar na cúiseanna a bhí aici le himeacht ón bhféilire fógartha.

    57. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 3 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, má fhoilsíonn sí rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar le linn uaireanta gnó na margaí rialáilte nó laistigh d’uair an chloig sula n-osclaíonn margaí den sórt sin.

    58. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 4 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, má dhéanann sí moltaí beartais, réamhthuair beartais nó treoirlínte beartais d’eintitis rátáilte, lena n-áirítear Stáit nó údaráis réigiúnacha nó áitiúla Stát, a áireamh mar chuid de rátáil cheannasach nó de thuartha rátála.

    59. 

    Nuair a dhéanann gníomhaireacht rátála creidmheasa cumarsáidí poiblí a bhaineann le hathruithe ar rátálacha ceannasacha, agus nach rátálacha creidmheasa, tuartha rátála nó preaseisiúintí a ghabhann leo iad, mar a thagraítear dóibh i bpointe 5 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I, sáraíonn sí Airteagal 8a(2) mura mbunaíonn sí na cumarsáidí sin ar fhaisnéis laistigh de réimse an eintitis rátáilte, i gcás ina mbíonn an fhaisnéis sin nochta gan toiliú an eintitis rátáilte, mura rud é go mbeadh sí ar fáil ó fhoinsí a bhfuil rochtain ghinearálta orthu nó mura rud é nach bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann le nach dtabharfadh an t-eintiteas rátáilte a thoiliú an fhaisnéis sin a nochtadh.

    60. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8a(1) mura ndéanann sí tuarascálacha tíre aonair a bhfuil fáil go poiblí orthu a eisiúint nuair a bhíonn athbhreithniú ar ghrúpa tíortha ar leith á fhógairt aici.

    61. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe 1 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I má eisíonn sí rátáil cheannasach nó tuar rátála gaolmhar gan tuarascáil mhionsonraithe taighde a chur isteach i gcomhthráth ina mínítear na boinn tuisceana, na paraiméadair, na teorainneacha agus na neamhchinnteachtaí agus aon fhaisnéis eile a chuirtear san áireamh agus an rátáil cheannasach sin á cinneadh nó an tuar rátála sin á chinneadh nó mura ndéanann sí an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí agus a áirithiú go bhfuil sí soiléir agus éasca le tuiscint.

    62. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe 2 de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I mura n-eisíonn sí tuarascáil taighde a bhfuil fáil go poiblí uirthi a bhíonn ag gabháil le hathrú a rinneadh i gcomparáid le rátáil cheannasach roimhe sin nó le tuar rátála gaolmhar nó mura ndéanann sí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2(a) go (d) de Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, ar a laghad, a áireamh sa tuarascáil sin.

    ▼M1

    II.    Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta

    1. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 7 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí socrú chun go gcoimeádfaí taifid nó rianta iniúchta ar a gníomhaíochtaí rátála creidmheasa mar a éilítear leis na forálacha sin.

    2. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 8 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí na taifid nó rianta iniúchta dá dtagraítear i bpointe 7 den Roinn sin ag a háitreabh ar feadh cúig bliana ar a laghad nó más rud é nach gcuireann sí na taifid nó na rianta iniúchta sin ar fáil do ÚEUM, arna iarraidh sin dó.

    3. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 9 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí taifid lena leagtar amach cearta agus oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó an eintitis rátáilte nó a thríú páirtithe gaolmhara faoi seach faoi chomhaontú chun seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar ar feadh na tréimhse a mhaireann an ghaolmhaireacht leis an eintiteas rátáilte sin nó lena thríú páirtí gaolmhar.

    ▼M3

    3a. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an tríú fomhír d’Airteagal 14(3) mura dtugann sí fógra do ÚEUM maidir leis na hathruithe ábhartha atá beartaithe i ndáil leis na modheolaíochtaí rátála, na samhlacha rátála nó na príomhbhoinn tuisceana rátála atá cheana ann nó na modheolaíochtaí rátála nua, na samhlacha rátála nua nó na príomhbhoinn tuisceana rátála nua atá beartaithe nuair a fhoilsíonn sí na modheolaíochtaí creidmheasa ar a láithreán gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 8(5a).

    3b. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad fhomhír d’Airteagal 8(5a), mura ndéanann sí na modheolaíochtaí rátála nua nó na hathruithe beartaithe ar na modheolaíochtaí rátála a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar rátáil chreidmheasa, mar aon le míniú ar na cúiseanna atá leis na hathruithe agus na himpleachtaí atá ag na hathruithe, nó mura ndéanfaidh sí na nithe sin a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin.

    3c. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d’Airteagal 8(7) mura dtugann sí fógra do ÚEUM maidir le hearráidí a fuarthas sna modheolaíochtaí rátála nó ina gcur i bhfeidhm nó mura míníonn sí an tionchar ar a rátálacha creidmheasa lena n-áirítear an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar a cuid rátálacha creidmheasa eisithe.

    ▼M1

    4. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(2) más rud é nach gcuireann sí an fhaisnéis is gá ar fáil nó más rud é nach soláthraíonn sí an fhaisnéis sin san fhormáid a éilítear agus dá dtagraítear sa mhír sin.

    ▼M3

    4a. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11a(1) mura gcuireann sí an fhaisnéis is gá ar fáil nó mura soláthraíonn sí an fhaisnéis sin san fhormáid a éilítear agus dá dtagraítear sa mhír sin.

    ▼M1

    5. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(3), i dteannta phointe 2 de Chuid I de Roinn E d'Iarscríbhinn I, más rud é ngach soláthraíonn sí liosta dá seirbhísí coimhdeacha do ÚEUM.

    6. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 14(3) más rud é nach dtugann sí fógra do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha don chlárúchán bunaidh, i gcomhréir leis an bhfomhír sin.

    ▼M3

    7. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 23b(1) mura dtugann sí eolas mar fhreagairt ar chinneadh lena n-éilítear faisnéis de bhun Airteagal 23b(3), nó má chuireann sí faisnéis mhícheart nó mhíthreorach ar fáil, mar fhreagairt ar iarraidh simplí ar fhaisnéis nó ar chinneadh.

    8. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d’Airteagal 23c(1) má mhainníonn sí míniú a thabhairt, nó má thugann sí míniú mícheart nó míthreorach ar fáil, i dtaca le fíorais nó le doiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta.

    ▼M1

    III.    Sáruithe a bhaineann le forálacha maidir le nochtadh

    1. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 2 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach nochtann sí don phobal ainmneacha na n-eintiteas rátáilte nó ainmneacha tríú páirtithe gaolmhara óna bhfaigheann sí níos mó ná 5 % dá hioncam bliantúil.

    2. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara cuid den tríú mír de phointe 4 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí seirbhís choimhdeach a sholáthraítear don eintiteas rátáilte nó d’aon tríú páirtí gaolmhar a nochtadh sa tuarascáil chríochnaitheach rátála.

    3. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(1) más rud é nach nochtann sí don phobal na modheolaíochtaí, na samhlacha nó na príomhbhoinn tuisceana rátála a mbaineann sí úsáid astu ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa faoi mar a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 5 de Chuid I de Roinn E d’Iarscríbhinn I.

    4. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d’Airteagal 8(6) i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, más rud é nach ndéanann sí raon feidhme dóchúlach na rátálacha creidmheasa a ndearnadh difear dóibh a nochtadh láithreach nó má dhéanann sí an méid sin a nochtadh gan úsáid á bhaint as an modh cumarsáide céanna agus a úsáideadh chun na rátálacha creidmheasa a ndearnadh difear dóibh a dháileadh.

    ▼M3

    4a. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (aa) d’Airteagal 8(6), i gcás ina bhfuil sé beartaithe aici modheolaíochtaí nua a úsáid, mura gcuireann sí ÚEUM ar an eolas maidir le torthaí an chomhairliúcháin agus leis na modheolaíochtaí rátála nua mar aon le míniú mionsonraithe fúthu agus a ndáta chur i bhfeidhm, nó mura bhfoilsíonn sí láithreach ar a láithreán gréasáin iad.

    4b. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d’Airteagal 8(7) mura dtugann sí fógra do na heintitis rátáilte lena mbaineann maidir le hearráidí ina modheolaíochtaí rátála nó ina gcur i bhfeidhm, nó mura míníonn sí an tionchar atá acu ar a rátálacha creidmheasa, lena n-áirítear an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar a cuid rátálacha creidmheasa eisithe.

    4c. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (b) d’Airteagal 8(7) mura bhfoilsíonn sí ar a láithreán gréasáin earráidí ina modheolaíochtaí rátála nó ina gcur i bhfeidhm nuair a bhíonn tionchar ag na hearráidí sin ar rátálacha creidmheasa na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

    ▼M1

    5. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(1) más rud é nach nochtann sí na cinntí gan leanúint ar aghaidh le rátáil chreidmheasa lena n-áirítear na cúiseanna ar fad atá leis an gcinneadh ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil.

    ▼M3

    6. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 1 nó phointe 2, na chéad mhíre de phointe 4 nó de phointí 5 nó 6, de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I nó i dteannta Chuid II nó Chuid III de Roinn D d’Iarscríbhinn I, mura soláthraíonn sí an fhaisnéis a cheanglaítear leis na forálacha sin nuair a bhíonn rátáil chreidmheasa á tíolacadh nó tuar rátála á thíolacadh.

    7. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 3 de Chuid I de Roinn D d’Iarscríbhinn I, mura ndéanann sí, le linn uaireanta oibre an eintitis rátáilte agus mura ndéanann sí amhlaidh lá iomlán oibre ar a laghad sula bhfoilsítear rátáil chreidmheasa nó tuar rátála, an t-eintiteas rátáilte a chur ar an eolas faoin rátáil chreidmheasa nó faoin tuar rátála.

    ▼M1

    8. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(3) más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéantar catagóirí rátála a chuirtear i leith ►M5  ionstraimí urrúsúcháin ◄ a idirdhealú go soiléir trí úsáid a bhaint as siombail bhreise lena n-idirdhealaítear iad ó chatagóirí rátála a úsáidtear d’aon eintitis eile, d’aon ionstraimí airgeadais eile nó d'aon oibleagáidí airgeadais eile.

    9. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(4) más rud é nach nochtann sí a cuid beartas nó nósanna imeachta i leith rátálacha creidmheasa gan iarraidh.

    10. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(5) más rud é nach soláthraíonn sí an fhaisnéis a éilítear faoin mír sin agus rátáil chreidmheasa gan iarraidh á heisiúint aici nó más rud é nach sainaithníonn sí rátáil chreidmheasa gan iarraidh mar an gcéanna.

    11. 

    Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(1) más rud é nach nochtann sí go hiomlán an fhaisnéis ar na hábhair a leagtar amach i gCuid I de Roinn E d'Iarscríbhinn I nó mura dtugann sí an fhaisnéis sin cothrom le dáta láithreach.




    IARSCRÍBHINN IV

    Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le fachtóirí géaraitheacha agus le fachtóirí maolaitheacha chun Airteagal 36a(3) a chur i bhfeidhm

    Beidh feidhm ag na comhéifeachtaí seo a leanas ar bhealach carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 36a(2) ar bhonn gach ceann de na fachtóirí géaraitheacha agus de na fachtóirí maolaitheacha seo a leanas:

    I.    Comhéifeachtaí coigeartuithe atá nasctha le fachtóirí géaraitheacha

    1. 

    I gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair.

    2. 

    I gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

    3. 

    I gcás inar nocht an sárú laigí sistéamacha i ndáil le heagrúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa, go háirithe i ndáil lena cuid nósanna imeachta, lena cuid córais bhainistíochta nó lena cuid rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2.

    4. 

    I gcás ina raibh tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht na rátálacha a ndearna an ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann rátáil ina leith, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

    5. 

    I gcás ina ndearnadh an sárú d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2.

    6. 

    I gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7.

    7. 

    I gcás nár chomhoibrigh ardbhainistíocht na gníomhaireachta rátála creidmheasa le ÚEUM le linn dó a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

    II.    Comhéifeachtaí coigeartuithe atá nasctha le fachtóirí maolaitheacha

    1. 

    I gcás ina mbaineann an sárú le sárú atá liostaithe i Roinn II nó i Roinn III d'Iarscríbhinn III agus go ndearnadh é ar feadh tréimhse is giorra ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9.

    2. 

    I gcás ina bhfuil ardbhainistíocht na gníomhaireachta rátála creidmheasa in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7.

    3. 

    I gcás inár chuir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an sárú in iúl do ÚEUM ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4.

    4. 

    I gcás ina ndearna an ghníomhaireacht rátála creidmheasa bearta dá dheoin féin chun a áirithiú nach bhféadfar sárú den chineál céanna a dhéanamh sa todhchaí, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.



    ( 1 )  IO L 193, 18.7.1983, lch. 1.

    ( 2 )  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

    ( 3 )  IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.

    ( 4 )  IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

    ( 5 )  IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.

    ( 6 )  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

    ( 7 )  IO L 339, 24.12.2003, lch. 73.

    ( 8 ) Treoir 2006/73/CE ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téármaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 26).

    ( 9 )  IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.

    ( 10 )  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

    ( 11 )  IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

    ( 12 )  IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

    ( 13 )  IO L 331, 15.12.2010, lch. 1.

    ( 14 ) Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (OJ L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

    ( 15 )  IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58.

    ( 16 )  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

    ( 17 )  IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.

    ( 18 ) Treoir 2004/72/CE an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cleachtais mhargaidh a ghlactar leo, an sainmhíniu atá ar fhaisnéis ón taobh istigh i ndáil le díorthaigh ar thráchtearraí, liostaí daoine ar an taobh istigh a tharraingt suas, idirbhearta bainisteoirí a thabhairt ar aird agus idirbhearta amhrasacha a thabhairt ar aird (IO L 162, 30.4.2004, lch. 70).

    ( 19 )  IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

    ( 20 )  IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

    ( 21 )  IO L 142, 30.4.2004, lch. 12.

    Top