Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R0924-20190418

    Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/924/2019-04-18

    02009R0924 — GA — 18.04.2019 — 002.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 924/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 16 Meán Fómhair 2009

    maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    (IO L 266 9.10.2009, lch. 11)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 260/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Márta 2012

      L 94

    22

    30.3.2012

    ►M2

    RIALACHÁN (AE) 2019/518 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Márta 2019

      L 91

    36

    29.3.2019




    ▼B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 924/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 16 Meán Fómhair 2009

    maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.  Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí trasteorann laistigh den Chomhphobal, lena n-áirítear go bhfuil na muirir ar na híocaíochtaí trasteorann laistigh den chomhphobal mar an gcéanna leis na cinn ar íocaíochtaí san airgeadra céanna laistigh de Bhallstát.

    2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí trasteorann, i gcomhréir le forálacha Threoir 2007/64/CE, atá ainmnithe in euro nó in airgeadra náisiúnta na mBallstát a bhfuil fógra tugtha acu maidir lena gcinneadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú go dtí a n-airgeadra féin, i gcomhréir le hAirteagal 14.

    3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí a dhéanann soláthraithe seirbhíse íocaíochta dá gcuntas féin nó thar ceann soláthraithe eile seirbhíse íocaíochta.

    4.  Leagann Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 síos rialacha maidir le hidirbhearta dochair dhírigh atá ainmnithe in euro idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus an íocóra.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    1. ciallaíonn ‘íocaíocht trasteorann’ idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstáit dhifriúla.

    2. ciallaíonn ‘íocaíocht náisiúnta’ idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna.

    3. ciallaíonn ‘íocóir’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta.

    4. ciallaíonn ‘íocaí’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ceaptha mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta.

    5. ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse íocaíochta’ aon cheann de chatagóirí de dhuine dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Treoir sin, ach déanann sé na hinstitiúidí sin a eisiamh atá liostaithe in Airteagal 2 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin ( 1 ) a thairbhíonn de tharscaoileadh Ballstáit arna fheidhmiú faoi Airteagal 2(3) de Threoir 2007/64/CE.

    6. ciallaíonn ‘úsáideoir seirbhíse íocaíochta’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó mar íocaí, nó sa dá cháil.

    7. ciallaíonn ‘idirbheart íocaíochta’ gníomh, arna thionscnamh ag íocóir nó ag íocaí nó trí íocaí, lena gcuirtear, lena n-aistrítear nó lena n-aistarraingítear cistí, is cuma faoi aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí.

    8. ciallaíonn ‘ordú íocaíochta’ treoir a thugann íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ag iarraidh go ndéanfar idirbheart íocaíochta.

    9. ciallaíonn ‘muirear’ muirear a ghearrann soláthraí seirbhíse íocaíochta ar an úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus ag a bhfuil baint dhíreach nó indíreach le hidirbheart íocaíochta.

    ▼M1

    10. ciallaíonn ‘cistí’ nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air ( 2 ).

    ▼B

    11. ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine dlítheanach atá ag gníomhú chun críocha eile seachas a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm.

    12. ciallaíonn ‘micreaghnóthas’ gnóthas ar gnóthas é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiúin an 6 Bealtaine 2003 maidir le sainmhíniú micreaghnóthas, gnóthas beag agus meánmhéide ( 3 ).

    13. ciallaíonn ‘táille idirmhalartaithe’ táille a íoctar idir soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí do gach idirbheart dochair dhírigh.

    14. ciallaíonn ‘dochar díreach’ seirbhís íocaíochta ina gcuirtear cuntas íocaíochta íocóra do dhochar, i gcás ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn chomhthoil an íocóra, comhthoil do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí nó do sholáthraí seirbhíse íocaíochta féin an íocóra.

    15. ciallaíonn ‘scéim dochair dhírigh’ sraith choiteann rialacha, cleachtas agus caighdeán arna n-aontú idir na soláthraithe seirbhíse íocaíochta maidir le hidirbhearta dochair dhírigh a fhorghníomhú.

    Airteagal 3

    Muirir ar íocaíochtaí trasteorann agus íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha

    ▼M1

    1.  Beidh na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin ar úsáideoirí seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha den luach céanna agus san airgeadra céanna laistigh den Bhallstát óna dtagann an íocaíocht trasteorann.

    ▼B

    2.  Agus measúnú á dhéanamh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta ar leibhéal na muirear ar íocaíocht trasteorann déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht náisiúnta chomhfhreagrach a aithint.

    Eiseoidh na húdaráis inniúla treoirlínte chun íocaíochtaí comhfhreagracha a aithint nuair a mheasann siad go bhfuil sé riachtanach. Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach laistigh den Choiste um Íocaíochta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85(1) de Threoir 2007/64/CE chun comhsheasmhacht treoirlínte maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha náisiúnta a áirithiú.

    3.  I gcás ina bhfuil Ballstát tar éis fógra a thabhairt maidir lena chinneadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú maidir lena airgeadra náisiúnta fógartha ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 14, féadfar íocaíocht náisiúnta atá ainmnithe in airgeadra an Bhallstáit sin a mheas a bheith comhfhreagrach d’íocaíocht trasteorann atá ainmnithe in euro.

    4.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le muirir chomhshó airgeadra.

    Airteagal 4

    Bearta chun uathoibriú íocaíochtaí a éascú

    1.  Déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta, i gcás inarb infheidhme, IBAN úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus BIC an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta a chur in iúl d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta.

    Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, léireoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta IBAN úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus BIC an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta ar ráitis chuntais, nó in iarscríbhinn a ghabhann leo.

    Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis a cheanglaítear faoin mír seo ar fáil saor in aisce d’úsáideoir na seirbhíse íocaíochta.

    ▼M1 —————

    ▼M1

    3.  Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta muirir a thobhach sa bhreis ar na muirir a toibhíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) maidir le húsáideoir na seirbhíse íocaíochta i gcás ina dtreoraíonn an t-úsáideoir sin don soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht trasteorann a dhéanamh gan IBAN a chur in iúl agus i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ( 4 ), an BIC gaolmhar le haghaidh an chuntais íocaíochta sa Bhallstát eile. Beidh na muirir sin iomchuí agus i gcomhréir leis na costais. Beidh siad aontaithe idir an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus úsáideoir na seirbhíse íocaíochta. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta úsáideoir na seirbhíse íocaíochta ar an eolas maidir le méid na muirear breise in am agus i dtráth sula mbeidh úsáideoir na seirbhíse íocaíochta faoi cheangal ag comhaontú den chineál sin.

    ▼B

    4.  I gcás inarb iomchuí, maidir leis an gcineál idirbhirt íocaíochta atá i gceist, le haghaidh sonraisciú earraí agus seirbhísí sa Chomhphobal, cuirfidh soláthróir earraí agus seirbhísí a ghlacann le híocaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a IBAN féin agus BIC a sholáthraí seirbhíse íocaíochta in iúl dá chustaiméirí.

    Airteagal 5

    Oibleagáidí tuairiscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí

    ▼M1

    1.  Le héifeacht ón 1 Feabhra 2016, cuirfidh Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscthe náisiúnta atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí.

    ▼B

    2.  Gan dochar do mhír 1, féadfaidh Ballstáit leanúint de shonraí comhiomlánaithe a bhailiú nó faisnéis ábhartha eile atá ar fáil go héasca, ar choinníoll nach mbeidh aon tionchar ag an mbailiúchán sin ar phróiseáil dhíreach íocaíochtaí agus gur féidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta é a uathoibriú go hiomlán.

    Airteagal 6

    Táille idirmhalartaithe d’idirbhearta dochair dhírigh trasteorann

    D’uireasa comhaontaithe dhéthaobhaigh idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus an íocóra, beidh táille idirmhalartaithe iltaobhaigh de EUR 0,088 ar a mhéid iníoctha ag soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí le soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra infheidhme maidir le gach idirbheart dochair dhírigh trasteorann a dhéantar roimh an 1 Samhain 2012, mura raibh táille idirmhalartaithe iltaobhaigh níos ísle arna comhaontú idir na soláthróirí seirbhíse íocaíochta lena mbaineann.

    Airteagal 7

    Táille idirmhalartaithe d’idirbhearta dochair dhírigh náisiúnta

    1.  Gan dochar do mhír 2 ná do mhír 3, i gcás feidhm a bheith ag táille idirmhalartaithe iltaobhaigh nó comhaontú eile luacha saothair d’idirbheart dochair dhírigh náisiúnta a fhorghníomhaítear roimh an 1 Samhain 2009 idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus an íocóra, beidh táille idirmhalartaithe iltaobhaigh nó comhaontú eile luacha saothair infheidhme i gcás aon idirbhirt dochair dhírigh náisiúnta roimh an ►M1  1 Feabhra 2017 ◄ .

    2.  I gcás táille idirmhalartaithe iltaobhaigh nó comhaontú luacha saothair eile a bheith laghdaithe nó curtha ar ceal roimh an ►M1  1 Feabhra 2017 ◄ , beidh an laghdú nó an cealú sin forghníomhaithe roimh an an dáta sin.

    3.  I gcás comhaontú déthaobhach a bheith ann idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra d’idirbheart dochair dhírigh náisiúnta, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir leis na hidirbhearta dochair dhírigh náisiúnta sin a fhorghníomhaítear roimh an ►M1  1 Feabhra 2017 ◄ .

    ▼M1 —————

    ▼B

    Airteagal 9

    Na hÚdaráis inniúla

    Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

    Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla faoin 29 Aibreán 2010. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na n-údarás sin.

    Féadfaidh Ballstáit comhlachtaí atá cheana ann a ainmniú chun gníomhú mar údaráis inniúla.

    Iarrfaidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú.

    Airteagal 10

    Nósanna imeachta gearáin do sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo

    1.  Déanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú chun go bhféadfaidh úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus páirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le cásanna ina gcuirfear i leith soláthraithe seirbhísí íocaíochta gur sháraigh siad an Rialachán seo.

    Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta atá ann cheana a úsáid nó a leathnú chun na críche sin.

    2.  I gcás inarb iomchuí agus gan dochar don cheart chun imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte i gcomhréir le dlí náisiúnta nós imeachta, cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl don pháirtí a chuir an gearán isteach go bhfuil nósanna imeachta ann um ghearán agus sásamh a fháil lasmuigh den chúirt arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11.

    Airteagal 11

    Nósanna imeachta ghearán agus sásamh lasmuigh den chúirt

    1.  Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo idir úsáideoirí seirbhísí íocaíochta. Chun na críche sin déanfaidh na Ballstáit comhlachtaí atá ann cheana a ainmniú nó, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad comhlachtaí nua a bhunú.

    2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla sin faoin 29 Aibreán 2010. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na gcomhlachtaí sin.

    3.  Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo ach amháin i gcás úsáideoirí seirbhíse íocaíochta ar thomhaltóirí nó micreaghnóthais iad. I gcás den sórt sin, cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

    Airteagal 12

    Comhar trasteorann

    Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí atá freagrach as nósanna imeachta um ghearán agus sásamh lasmuigh den chúirt sna Ballstáit dhifriúla, dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 11, go gníomhach agus go pras chun díospóidí trasteorann a réiteach. Áiritheoidh na Ballstáit go dtarlóidh an comhar sin.

    Airteagal 13

    Pionóis

    Gan dochar d’Airteagal 17, leagfaidh Ballstáit síos na rialacha, faoin 1 Meitheamh 2010, maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin 29 Deireadh Fómhair 2010 agus cuirfidh siad in iúl dó gan mhoill aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

    Airteagal 14

    Cur i bhfeidhm maidir le hairgeadraí eile seachas an euro

    1.  Cuirfidh Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige agus a chinneann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 6, d’Airteagal 7 agus d’Airteagal 8, a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta fógra chuig an gCoimisiún dá réir sin. Foilseofar an fógra sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht ag cur i bhfeidhm leathnaithe an Rialacháin seo 14 lá tar éis an fhoilseacháin sin.

    2.  Cuirfidh Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige agus a chinneann cur i bhfeidhm Airteagal 6, Airteagal 7 nó Airteagal 8 nó aon teaglaim de na hAirteagail sin a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta fógra chuig an gCoimisiún. Foilseofar an fógra sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht ag cur i bhfeidhm leathnaithe Airteagal 6, Airteagal 7 nó Airteagal 8 14 lá tar éis an fhoilseacháin sin.

    3.  Ní cheanglófar ar na Ballstáit a mbeidh, ar an 29 Deireadh Fómhair 2009 an nós imeachta fógartha de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 comhlíonta acu, an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt.

    ▼M2

    Airteagal 15

    Athbhreithniú

    1.  Faoin 19 Aibreán 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe:

    (a) meastóireacht ar an gcaoi a gcuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta Airteagal 3 den Rialachán seo, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) i bhfeidhm;

    (b) meastóireacht ar fhorbairt líon na n-íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann agus na muirear ar na híocaíochtaí sin in airgeadraí náisiúnta na mBallstát agus in euro ó glacadh Rialachán (AE) 2019/518;

    (c) meastóireacht ar thionchar Airteagal 3 den Rialachán seo, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/518, maidir le forbairt na muirear comhshó airgeadra agus muirear eile a bhaineann le seirbhísí íocaíochta, d'íocóirí agus d'íocaithe araon;

    (d) meastóireacht ar thionchar measta Airteagal 3(1) den Rialachán seo a leasú ionas go gcumhdófaí airgeadraí uile na mBallstát;

    (e) meastóireacht ar an gcaoi a ndéanann seirbhísí comhshó airgeadra na ceanglais faisnéise a chur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 3a agus Airteagal 3b den Rialachán seo agus sa reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 45(1), Airteagal 52(3) agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, agus cibé an bhfuil na rialacha sin tar éis feabhas a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra;

    (f) meastóireacht ar cibé an raibh ar sheirbhísí comhshó airgeadra aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 3a agus Airteagal 3b den Rialachán seo agus na reachtaíochta náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52(3) agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus, más rud é go raibh orthu, cá mhéad;

    (g) anailís chostais-tairbhe ar na bealaí agus na teicneolaíochtaí cumarsáide atá in úsáid ag soláthraithe seirbhísí comhshó airgeadra, nó atá ar fáil dóibh, agus ar féidir leo feabhas breise a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra, lena n-áirítear meastóireacht ar cibé an bhfuil bealaí áirithe ar cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta iad a thairiscint i gcomhair sheoladh na faisnéise dá dtagraítear in Aireagal 3a; ba cheart go n-áireofaí san anailís sin freisin measúnú ar a indéanta atá sé go teicniúil an fhaisnéis in Airteagal 3a(1) agus (3) den Rialachán seo a nochtadh go comhuaineach, roimh thús gach idirbhirt, le haghaidh na roghanna comhshó airgeadra go léir atá ar fáil ag an UMB nó ag an díolphointe;

    (h) anailís chostais-tairbhe ar thabhairt isteach na féidearthachta le haghaidh íocóirí an rogha a bhlocáil glacadh le comhshó airgeadra a thairgeann páirtí seachas soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ag UMB nó ag an díolphointe agus a roghanna ina leith sin a athrú;

    (i) anailís chostais-tairbhe ar cheanglas a thabhairt isteach ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, go gcuirfidís i bhfeidhm, agus iad ag soláthar seirbhísí comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbheart indibhidiúil íocaíochta, an ráta comhshó is infheidhme tráth a chuirtear tús le hidirbheart agus an t-idirbheart á imréiteach agus á ghlanadh.

    2.  Cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar a laghad an tréimhse ón 15 Nollaig 2019 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2021. Cuirfidh sé san áireamh sainiúlachtaí na n-idirbheart éagsúil íocaíochta, ag idirdhealú go háirithe idir idirbhearta a tosaíodh ag UMB agus ag an díolphointe.

    Agus a thuarascáil á ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as sonraí arna mbailiú ag Ballstáit i ndáil le mír 1.

    ▼B

    Airteagal 16

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001, le héifeacht ón 1 Samhain 2009.

    Forléireofar tagairtí a dhéanfar don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 17

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2009.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



    ( 1 ) IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

    ( 2 ) IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.

    ( 3 ) IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

    ( 4 ) IO L 94, 30.3.2012, lch. 22.

    ( 5 ) Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 maidir le muirir áirithe ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas agus muirir comhshó airgeadra (IO L 91, 29.3.2019, lch. 36).

    Top