Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02009R0401-20210729

    Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (leagan códaithe)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/401/2021-07-29

    02009R0401 — GA — 29.07.2021 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 401/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Aibreán 2009

    maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol

    (leagan códaithe)

    (IO L 126 21.5.2009, lch. 13)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2021/1119 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Meitheamh 2021

      L 243

    1

    9.7.2021




    ▼B

    RIALACHÁN (CE) Uimh. 401/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Aibreán 2009

    maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol

    (leagan códaithe)



    Airteagal 1

    1.  
    Foráiltear leis an Rialachán seo don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta, agus is é is aidhm dó gréasán Eorpach um fhaisnéis agus um fhaire ar an gcomhshaol a chur ar bun.
    2.  

    Chun na haidhmeanna a bhaineann le cosaint agus le feabhsú an chomhshaoil, mar a leagtar síos iad leis an gConradh agus le cláir ghníomhaíochta chomhleanúnacha an Chomhphobail maidir leis an gcomhshaol, mar aon leis na haidhmeanna a bhaineann le forbairt inbhuanaithe, a bhaint amach is é is cuspóir don Ghníomhaireacht agus don Ghréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol na nithe seo a leanas a sholáthar don Chomhphobal agus do na Ballstáit:

    (a) 

    faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide ar an leibhéal Eorpach ar faisnéis í lena gcuirfear ar a gcumas na bearta is gá a ghlacadh chun an comhshaol a chosaint, torthaí beart den sórt sin a mheasúnú agus a áirithiú go gcuirtear an pobal i gcoitinne ar an eolas go cuí faoi staid an chomhshaoil, agus chuige sin;

    (b) 

    an tacaíocht theicniúil agus eolaíoch is gá.

    Airteagal 2

    D’fhonn an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, is iad seo a leanas cúraimí na Gníomhaireachta:

    (a) 

    an gréasán dá dtagraítear in Airteagal 4 a bhunú, i gcomhar leis na Ballstáit, agus an gréasán sin a chomhordú; sa chomhthéacs sin, beidh an Ghníomhaireacht freagrach as sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú, go háirithe sonraí sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 3;

    (b) 

    faisnéis oibiachtúil a sholáthar don Chomhphobal agus do na Ballstáit, arb í an fhaisnéis í is gá chun beartais chomhshaoil fhónta agus éifeachtacha a chruthú agus a chur chun feidhme; chuige sin, go háirithe an fhaisnéis a theastaíonn ón gCoimisiún a sholáthar dó chun go mbeidh sé in ann na cúraimí atá air a chomhall go rathúil maidir le bearta agus le reachtaíocht i réimse an chomhshaoil a shainaithint, a ullmhú agus a mheasúnú;

    (c) 

    cúnamh a thabhairt maidir le faireachán a dhéanamh ar bhearta comhshaoil trí thacaíocht chuí do cheanglais tuairiscithe (lena n-áirítear trí rannpháirtíocht i bhforbairt ceistneoirí, i bpróiseáil tuarascálacha ó Bhallstáit agus i ndáileadh na dtorthaí), i gcomhréir lena clár oibre ilbhliantúil agus ar mhaithe le tuairisciú a chomhordú;

    (d) 

    comhairle a thabhairt do na Ballstáit aonair maidir le forbairt, bunú agus leathnú a gcuid córas chun faireachán a dhéanamh ar na bearta comhshaoil, arna iarraidh sin dóibh agus i gcás ina mbeidh sé sin i gcomhréir le clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta, agus ar choinníoll nach ndéanann gníomhaíochtaí den sórt sin comhlíonadh na gcúraimí eile arna mbunú leis an Airteagal seo a chur i mbaol; féadfaidh athbhreithnithe piaraí ó shaineolaithe a bheith san áireamh i gcomhairle den sórt sin arna iarraidh sin go sonrach do na Ballstáit;

    (e) 

    sonraí faoi staid an chomhshaoil a thaifeadadh, a chóimheas agus a mheasúnú, tuarascálacha saineolaíocha maidir le cáilíocht agus íogaireacht an chomhshaoil, agus maidir leis na brúnna ar an gcomhshaol, laistigh de chríoch an Chomhphobail a tharraingt suas, critéir mheasúnachta aonfhoirmeacha a sholáthar i gcomhair na sonraí comhshaoil a bheidh le cur i bhfeidhm sna Ballstáit go léir, lárionad tagartha faisnéise comhshaoil a fhorbairt tuilleadh agus a chothabháil; úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i gcomhlíonadh a chúraim dó maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Chomhphobail ar an gcomhshaol a áirithiú;

    (f) 

    cuidiú a thabhairt lena áirithiú go bhfuil na sonraí comhshaoil ar an leibhéal Eorpach inchomparáide agus, más gá, comhchuibhiú feabhsaithe modhanna tomhais a spreagadh trí mheán iomchuí;

    (g) 

    cur chun cinn a dhéanamh maidir le hionchorprú na faisnéise Eorpaí comhshaoil i gcláir idirnáisiúnta maidir le faireachán ar an gcomhshaol, amhail na cláir sin arna mbunú ag na Náisiúin Aontaithe agus ag a shainghníomhaireachtaí;

    (h) 

    tuarascáil a fhoilsiú gach cúig bliana ar staid an chomhshaoil, ar chlaontaí sa chomhshaol agus ar na hionchais atá i ndán don chomhshaol, arna forlíonadh le táscthuarascálacha ina ndírítear ar shaincheisteanna sonracha;

    (i) 

    spreagadh a thabhairt maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm teicníochtaí réamhaisnéise comhshaoil ionas gur féidir bearta coisctheacha leordhóthanacha a ghlacadh in am trátha;

    (j) 

    spreagadh a thabhairt maidir le forbairt modhanna chun measúnú a dhéanamh ar chostas an damáiste a dhéantar don chomhshaol agus ar na costais a bhaineann le beartais choisctheacha, cosanta agus aisirithe maidir leis an gcomhshaol;

    (k) 

    spreagadh a thabhairt maidir le malartú faisnéise faoi na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun an damáiste don chomhshaol a chosc nó a laghdú;

    (l) 

    comhoibriú leis na comhlachtaí agus leis na cláir dá dtagraítear in Airteagal 15;

    (m) 

    a áirithiú go scaipfear faisnéis iontaofa agus inchomparáide faoin gcomhshaol go forleathan, go háirithe faisnéis faoi staid an chomhshaoil, i measc an phobail i gcoitinne agus, chuige sin, úsáid na teicneolaíochta nua teileamaitice a chur chun cinn chun na críche sin;

    (n) 

    tacaíocht a thabhairt don Choimisiún sa phróiseas malartaithe faisnéise maidir le forbairt modheolaíochtaí agus dea-chleachtais i dtaca le measúnú comhshaoil;

    (o) 

    cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le dáileadh faisnéise faoi thorthaí taighde ábhartha comhshaoil agus í i bhfoirm a sholáthróidh an cúnamh is fearr i dtaca le forbairt beartais.

    Airteagal 3

    1.  

    Áireofar i bpríomhréimsí gníomhaíochta na Gníomhaireachta, a mhéid is féidir, na heilimintí sin go léir lena gcuirfear ar a cumas faisnéis a bhailiú lena bhféadfar cur síos a dhéanamh ar staid an chomhshaoil mar atá agus mar is intuartha de réir na gceannteideal seo a leanas:

    (a) 

    cáilíocht an chomhshaoil;

    (b) 

    na brúnna atá ar an gcomhshaol;

    (c) 

    íogaireacht an chomhshaoil;

    lena n-áirítear na ceannteidil sin a chur i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe.

    2.  

    Soláthróidh an Ghníomhaireacht faisnéis ar féidir í a úsáid go díreach chun beartas comhshaoil an Chomhphobail a chur chun feidhme.

    Tabharfar tús áite do na réimsí oibre seo a leanas:

    (a) 

    cáilíocht an aeir agus astaíochtaí atmaisféaracha;

    (b) 

    cáilíocht an uisce, truailleáin agus acmhainní uisce;

    (c) 

    staid na hithreach, fauna agus flora, agus biotóp;

    (d) 

    úsáid talún agus acmhainní nádúrtha;

    (e) 

    bainistíocht dramhaíola;

    (f) 

    astaíochtaí fuaime;

    (g) 

    substaintí ceimiceacha atá guaiseach don chomhshaol;

    (h) 

    cosaint chósta agus mhuirí.

    Go háirithe, déanfar feiniméin trasteorann, ilnáisiúnta agus dhomhanda a chumhdach.

    Cuirfear an ghné shocheacnamaíoch san áireamh freisin.

    3.  

    Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú freisin trí fhaisnéis a mhalartú le comhlachtaí eile, lena n-áirítear an Gréasán Eorpach um Chur chun Feidhme agus um Fhorghníomhú Dhlí an Chomhshaoil (Gréasán IMPEL).

    Agus í i mbun a cuid gníomhaíochtaí, seachnóidh an Ghníomhaireacht dúbláil a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá ar bun cheana ag institiúidí agus ag comhlachtaí eile.

    Airteagal 4

    1.  

    Is é a bheidh sa Ghréasán:

    (a) 

    príomh-eilimintí na ngréasán náisiúnta faisnéise;

    (b) 

    na pointí fócasacha náisiúnta;

    (c) 

    na sainionaid téamaí.

    2.  

    Coimeádfaidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi phríomh-eilimintí a gcuid gréasán náisiúnta faisnéise comhshaoil, go háirithe sna réimsí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), lena n-áirítear aon institiúid a d’fhéadfadh, ina dtuairim, rannchuidiú le hobair na Gníomhaireachta, agus an gá lena áirithiú go bhfuil an cumhdach geografach is forleithne is féidir ann ar a gcríoch á chur san áireamh.

    Comhoibreoidh na Ballstáit, de réir mar is cuí, leis an nGníomhaireacht agus rannchuideoidh siad le hobair an Ghréasán Eorpaigh um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol i gcomhréir le clár oibre na Gníomhaireachta trí na sonraí náisiúnta a bhailiú, a chóimheas agus a anailísiú.

    Féadfaidh na Ballstáit teacht le chéile freisin chun comhoibriú a dhéanamh sna gníomhaíochtaí sin ar leibhéal trasnáisiúnta.

    3.  
    Féadfaidh na Ballstáit, go háirithe, ‘pointe fócasach náisiúnta’ a ainmniú as measc na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 2 nó as measc eagraíochtaí eile atá bunaithe ar a gcríoch chun an fhaisnéis atá le soláthar ar an leibhéal náisiúnta don Ghníomhaireacht agus do na hinstitiúidí nó na comhlachtaí ar cuid den Ghréasán iad, lena n-áirítear na sainionaid téamaí dá dtagraítear i mír 4, a chomhordú agus/nó a tharchur.
    4.  

    Féadfaidh na Ballstáit freisin, faoin 30 Aibreán 1994, institiúidí nó eagraíochtaí eile atá bunaithe ar a gcríoch a shainaithint arb iad na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí iad a bhféadfaí é a chur de chúram sonrach orthu comhoibriú leis an nGníomhaireacht maidir le téamaí leasa ar leith.

    Ba cheart go mbeadh institiúid a shainaithneofar amhlaidh in ann comhaontú a thabhairt i gcrích leis an nGníomhaireacht chun go bhfeidhmeoidh sí mar shainionad téamaí de chuid an Ghréasáin maidir le cúraimí sonracha.

    Comhoibreoidh na sainionaid sin le hinstitiúidí eile ar cuid den Ghréasán iad.

    5.  
    Déanfaidh an Bord Bainistíochta, mar a shainítear é in Airteagal 8(1), na sainionaid téamaí a ainmniú ar feadh tréimhse nach faide ná ré gach cláir oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(4). Féadfar gach ainmniúchán a athnuachan áfach.
    6.  
    Déanfar leithdháileadh na gcúraimí sonracha ar na sainionaid téamaí a thaispeáint i gclár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta a luaitear in Airteagal 8(4).
    7.  
    I bhfianaise an chláir oibre ilbhliantúil, go háirithe, déanfaidh an Ghníomhaireacht athscrúdú ar bhonn tréimhsiúil ar eilimintí an Ghréasáin dá dtagraítear i mír 2 agus déanfaidh sí cibé athruithe a chinnfidh an Bord Bainistíochta, agus aon ainmniúcháin nua arna ndéanamh ag na Ballstáit á gcur san áireamh.

    Airteagal 5

    Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhaontú a dhéanamh leis na hinstitiúidí nó leis na comhlachtaí ar cuid den Ghréasán iad agus dá dtagraítear in Airteagal 4, ar comhaontú é ar na socruithe is gá, go háirithe conarthaí, chun na cúraimí a leagfaidh sí faoina gcúram a chomhall.

    Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, maidir leis na hinstitiúidí nó leis na heagraíochtaí náisiúnta atá ar a chríoch, go ndéanfar na socruithe sin leis an nGníomhaireacht a chomhaontú leis an bpointe fócasach náisiúnta.

    Airteagal 6

    1.  
    Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.
    2.  
    Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 195 agus in Airteagal 230 den Chonradh faoi seach.

    Airteagal 7

    Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an nGníomhaireacht. Beidh ag an nGníomhaireacht, i ngach ceann de na Ballstáit, an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoina dhlíthe ag daoine dlítheanacha.

    Airteagal 8

    1.  

    Beidh Bord Bainistíochta ag an nGníomhaireacht ar a mbeidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus dhá ionadaí ón gCoimisiún. Ina theannta sin, féadfaidh ionadaí amháin ó gach tír eile atá rannpháirteach sa Ghníomhaireacht a bheith ann i gcomhréir leis na forálacha ábhartha.

    Ina theannta sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa dhá phearsa eolaíochta atá saincháilithe i réimse chosaint an chomhshaoil a ainmniú mar chomhaltaí den Bhord Bainistíochta, agus roghnófar na pearsana sin ar bhonn an rannchuidithe phearsanta ar dóigh dóibh a dhéanamh i dtaca le hobair na Gníomhaireachta.

    Féadfaidh comhalta malartach ionadaíocht a dhéanamh ar gach comhalta den Bhord Bainistíochta.

    2.  

    Toghfaidh an Bord Bainistíochta a chathaoirleach as measc chomhaltaí an bhoird ar feadh tréimhse trí bliana agus glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta. Beidh vóta ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta.

    Toghfaidh an Bord Bainistíochta biúró chuig a bhféadfaidh sé cinntí feidhmiúcháin a tharmligean de réir na rialacha a ghlacfaidh sé.

    3.  
    Beidh gá le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird chun cinntí an Bhoird Bainistíochta a ghlacadh.
    4.  
    Glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre ilbhliantúil a bheidh bunaithe ar na réimsí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), agus déanfaidh sé dréacht a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9 faoina bhráid a úsáid mar bhonn, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, agus tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil. Áireofar meastachán buiséid ilbhliantúil sa chlár oibre ilbhliantúil, ach sin gan dochar do nós imeachta buiséadach bliantúil an Chomhphobail.
    5.  
    Faoin gclár ilbhliantúil, glacfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre na Gníomhaireachta gach bliain ar bhonn dréachta a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíochta agus tuairim an Choimisiúin a fháil. Féadfar an clár a choigeartú i gcaitheamh na bliana leis an nós imeachta céanna.
    6.  
    Déanfaidh an Bord Bainistíochta an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ghlacadh agus í a chur ar aghaidh, faoin 15 Meitheamh ar a dhéanaí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na Ballstáit.
    7.  
    Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis uile a bhaineann le toradh na nósanna imeachta meastóireachta a chur ar aghaidh, ar bhonn bliantúil, chuig an údarás buiséadach.

    Airteagal 9

    1.  

    Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar an nGníomhaireacht agus is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh é ar thogra ón gCoimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana, ar tréimhse í a bheidh inathnuaite.

    Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta.

    Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

    (a) 

    na cinntí agus na cláir arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a fhorghníomhú go cuí;

    (b) 

    riarachán na Gníomhaireachta ó lá go lá;

    (c) 

    na cúraimí a shainítear in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 a chomhlíonadh;

    (d) 

    na tuarascálacha a shonraítear in Airteagal 2 (h) a ullmhú agus a fhoilsiú;

    (e) 

    na nithe go léir a bhaineann leis an bhfoireann agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus (5) a chomhlíonadh.

    Gheobhaidh sé tuairim an choiste eolaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, chun críocha foireann eolaíochta na Gníomhaireachta a earcú.

    2.  
    Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta as a chuid gníomhaíochtaí.

    Airteagal 10

    1.  

    Tabharfaidh coiste eolaíochta cúnamh don Bhord Bainistíochta agus don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar coiste é a thabharfaidh tuairim uaidh i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis an Rialachán seo agus maidir le haon ábhar eolaíochta a bhaineann le gníomhaíocht na Gníomhaireachta agus a chuirfidh an Bord Bainistíochta nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoina bhráid.

    Foilseofar tuairimí an choiste eolaíochta.

    2.  
    Beidh an coiste eolaíochta comhdhéanta de chomhaltaí atá saincháilithe i réimse an chomhshaoil agus a n-ainmneoidh an Bord Bainistíochta iad ar feadh téarma ceithre bliana a bheidh inathnuaite uair amháin, agus cuirfidh an Bord san áireamh, inter alia, na réimsí eolaíochta nach mór ionadaíocht a dhéanamh orthu ar an gcoiste chun cuidiú leis an nGníomhaireacht ina cuid réimsí gníomhaíochta. Feidhmeoidh sé faoi mar a chinnfear leis na rialacha nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2).

    ▼M1

    Airteagal 10a

    1.  
    Bunaítear leis seo Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide (“an Bord Comhairleach”).
    2.  
    Beidh an Bord Comhairleach comhdhéanta de 15 shaineolaí eolaíocha shinsearacha a chumhdóidh raon leathan disciplíní ábhartha. Comhlíonfaidh comhaltaí an Bhoird Chomhairligh na critéir a leagtar amach i mír 3. Ní bheidh náisiúntacht an Bhallstáit chéanna ag níos mó ná beirt chomhalta den Bhord Comhairleach. Ní bheidh neamhspleáchas chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh inchurtha in amhras.
    3.  

    Ainmneoidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar feadh téarma 4 bliana, a fhéadfar a athnuachan uair amháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin a bheidh oscailte, cothrom agus trédhearcach. Agus comhaltaí an Bhoird Chomhairligh á roghnú aige, féachfaidh an Bord Bainistíochta le saineolas éagsúil ó thaobh disciplín agus earnála de a áirithiú, chomh maith le cothromaíocht inscne agus gheografach. Bunófar an roghnú ar na critéir seo a leanas:

    (a) 

    barr feabhais eolaíoch;

    (b) 

    taithí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a sholáthar sna réimsí saineolais;

    (c) 

    saineolas forleathan i réimse na n-eolaíochtaí aeráide agus comhshaoil nó i réimsí eolaíocha eile atá ábhartha do bhaint amach chuspóirí aeráide an Aontais;

    (d) 

    taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

    4.  
    Déanfar comhaltaí an Bhoird Chomhairligh a cheapadh i gcáil phearsanta agus nochtfaidh siad a dtuairimí go hiomlán neamhspleách ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Toghfaidh an Bord Comhairleach a chathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 4 bliana agus glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.
    5.  
    Comhlánóidh an Bord Comhairleach obair na Gníomhaireachta agus é ag gníomhú go neamhspleách i gcomhlíonadh a chúraimí. Bunóidh an Bord Comhairleach a chlár oibre bliantúil go neamhspleách, agus nuair a bheidh an méid sin á dhéanamh aige rachaidh sé i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta. Cuirfidh cathaoirleach an Bhoird Chomhairligh an Bord Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas faoin gclár sin agus faoina chur chun feidhme.

    ▼B

    Airteagal 11

    1.  
    Tarraingeofar suas meastacháin ioncaim agus caiteachais uile na Gníomhaireachta do gach bliain airgeadais, ar bliain í a chomhfhreagróidh don bhliain féilire, agus taifeadfar na meastacháin sin i mbuiséad na Gníomhaireachta.
    2.  
    Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeántar sa bhuiséad a bheith ar comhardú.
    3.  
    Is é a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar d’aon acmhainní eile, ná fóirdheontas ón gComhphobal arna thaifeadadh i mbuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach agus íocaíochtaí i leith seirbhísí a sholáthraítear.
    4.  
    Áireofar i gcaiteachas na Gníomhaireachta, inter alia, luach saothair na foirne, caiteachais riaracháin agus bonneagair, costais oibriúcháin agus caiteachas a bhaineann le conarthaí a thugtar i gcrích le hinstitiúidí nó le comhlachtaí ar cuid den Ghréasán iad agus le tríú páirtithe.

    ▼M1

    5.  
    Áireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta freisin an caiteachas a bhaineann leis an mBord Comhairleach.

    ▼B

    Airteagal 12

    1.  
    Gach bliain déanfaidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn dréachta arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ráiteas faoi mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta a thabhairt ar aird don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an ráiteas sin faoi mheastacháin, ina gcuimseofar dréachtphlean bunaíochta, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta ar a dhéanaí.
    2.  
    Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas faoi mheastacháin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá ngairtear an t-údarás buiséadach anseo feasta) mar aon leis an réamhdhréacht de bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach.
    3.  
    Ar bhonn an ráitis faoi mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a mhuirearófar ar an mbuiséad ginearálta a thaifeadadh sa réamhdhréacht de bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh sé an réamhdhréacht sin faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh.
    4.  

    Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don fhóirdheontas a thabharfar don Ghníomhaireacht.

    Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

    5.  
    Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh an buiséad. Beidh an buiséad críochnaitheach i ndiaidh ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. Déanfar é a choigeartú dá réir sin i gcás inarb iomchuí.
    6.  

    Cuirfidh an Bord Bainistíochta in iúl don údarás buiséadach, a luaithe is féidir, go bhfuil ar intinn aige aon tionscadal a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige maidir le cistiú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

    I gcás ina mbeidh brainse den údarás buiséadach tar éis a chur in iúl go bhfuil ar intinn aige tuairim a thabhairt uaidh, cuirfidh sé a thuairim ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta laistigh de thréimhse sé seachtaine ón dáta a bhfaigheann sé fógra maidir leis an tionscadal.

    Airteagal 13

    1.  
    Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.
    2.  
    Faoin 1 Márta, ar a dhéanaí, i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach ( 1 ).
    3.  
    Faoin 31 Márta, ar a dhéanaí, i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfar an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin.
    4.  
    Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta faoi Airteagal 129 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta ar a fhreagracht féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.
    5.  
    Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh ar chuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.
    6.  
    Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoin 1 Iúil ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
    7.  
    Déanfar na cuntais chríochnaitheacha a fhoilsiú.
    8.  
    Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar a cuid barúlacha a chur chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.
    9.  
    Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, an fhaisnéis go léir is gá le haghaidh chur i bhfeidhm rianúil an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht, de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, a chur faoi bhráid na Parlaiminte.
    10.  
    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, roimh an 30 Aibreán den bhliain N + 2, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain N.

    Airteagal 14

    Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní fhéadfaidh siad imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach ( 2 ), mura rud é go bhfuil gá sonrach leis an imeacht sin le haghaidh oibriú na Gníomhaireachta agus mura rud é go bhfuil a thoiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

    Airteagal 15

    1.  

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht iarracht ghníomhach chun comhoibriú a fháil ó chomhlachtaí agus ó chláir eile an Chomhphobail, agus go háirithe ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, ó Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (Eurostat) agus ó chláir thaighde agus forbartha comhshaoil an Chomhphobail. Go háirithe:

    (a) 

    áireofar na cúraimí a leagtar amach in Iarscríbhinn I faoi A sa chomhoibriú leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde;

    (b) 

    déanfar an comhordú le Eurostat agus le clár staidrimh na gComhphobal Eorpach a chur i gcrích de réir na dtreoirlínte a dtugtar achoimre orthu in Iarscríbhinn I faoi B.

    2.  
    Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go gníomhach freisin le comhlachtaí eile amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), Comhairle na hEorpa agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh mar aon leis na Náisiúin Aontaithe agus a shainghníomhaireachtaí, go háirithe Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht Mheitéareolaíoch Dhomhanda agus an tÚdarás Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.
    3.  
    Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú i réimsí leasa choitinn leis na hinstitiúidí sin i dtíortha nach baill den Chomhphobal iad, ar institiúidí iad ar féidir leo sonraí, faisnéis agus saineolas, modheolaíochtaí bailithe sonraí, anailíse sonraí agus measúnaithe sonraí a sholáthar, ar nithe leasa fhrithpháirtigh iad a bhfuil gá leo chun obair na Gníomhaireachta a thabhairt chun críche go rathúil.
    4.  
    Ní mór, go háirithe, maidir leis an gcomhoibriú dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, go gcuirfear san áireamh ann an gá le haon dúbailt saothair a sheachaint.

    Airteagal 16

    Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an nGníomhaireacht.

    Airteagal 17

    Beidh foireann na Gníomhaireachta faoi réir ag na Rialacháin agus ag na Rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh agus le seirbhísigh eile de chuid na gComhphobal Eorpach.

    Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht, maidir lena cuid foirne, na cumhachtaí a tugadh don Údarás Ceapacháin.

    Déanfaidh an Bord Bainistíochta, le comhaontú an Choimisiúin, na rialacha cuí cur chun feidhme a ghlacadh.

    Airteagal 18

    1.  
    Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun breithiúnas a thabhairt de bhun clásail eadrána i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.
    2.  

    I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh é an Ghníomhaireacht nó a seirbhísigh ba chúis leis i gcomhlíonadh a ndualgas.

    Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh in aon damáiste den sórt sin.

    3.  
    Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.

    Airteagal 19

    Maidir le tíortha nach baill den Chomhphobal iad ach ar cás leo, mar is cás leis an gComhphobal agus leis na Ballstáit, cuspóirí na Gníomhaireachta, tá an Ghníomhaireacht ar oscailt dóibh faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir iad agus an Comhphobal i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 300 den Chonradh.

    Airteagal 20

    Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90, arna leasú leis na Rialacháin a liostaítear in Iarscríbhinn II.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

    Airteagal 21

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    A. 

    Comhoibriú leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde

    — 
    Comhchuibhiú modhanna tomhais don chomhshaol ( 3 ),
    — 
    Idirchalabrú ionstraimí (3) ,
    — 
    Caighdeánú formáidí sonraí,
    — 
    Forbairt modhanna agus ionstraimí nua tomhais don chomhshaol,
    — 
    Cúraimí eile de réir mar a chomhaontaítear idir Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus Ard-Stiúrthóir an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.
    B. 

    Comhoibriú le Eurostat

    1. 

    Úsáidfidh an Ghníomhaireacht, a mhéid is féidir, faisnéis arna bailiú trí sheirbhísí oifigiúla staidrimh an Chomhphobail. Leanann sé sin as obair Eurostat agus na seirbhísí náisiúnta staidrimh maidir le bailiú, bailíochtú agus scaipeadh staidrimh shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear na cuntais náisiúnta agus faisnéis ghaolmhar.

    2. 

    Déanfar an clár staidrimh i réimse an chomhshaoil a chomhaontú idir Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus Ard-Stiúrthóir Eurostat agus cuirfear é faoi bhráid Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta agus an Choiste um an gClár Staidrimh chun é a fhormheas.

    3. 

    Ceapfar agus cuirfear chun feidhme an clár staidrimh faoi chuimsiú an chreata arna bhunú ag na comhlachtaí idirnáisiúnta staidrimh, amhail Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe, Comhdháil na Staitisteoirí Eorpacha agus an OECD.




    IARSCRÍBHINN II

    An Rialachán Aisghairthe maille le liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

    (dá dtagraítear in Airteagal 20)



    Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90 ón gComhairle

    (IO L 120, 11.5.1990, lch. 1)

    Rialachán (CE) Uimh. 933/1999 ón gComhairle

    (IO L 117, 5.5.1999, lch. 1)

    Rialachán (CE) Uimh. 1641/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 245, 29.9.2003, lch. 1)




    IARSCRÍBHINN III

    TÁBLA COMHGHAOIL



    Rialachán (CEE) Uimh. 1210/90

    An Rialachán seo

    Airteagal 1(1)

    Airteagal 1(1)

    Airteagal 1(2), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 1(2), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 1(2), an chéad fhleasc

    Airteagal 1(2), pointe (a)

    Airteagal 1(2), an dara fleasc

    Airteagal 1(2), pointe (b)

    Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 2, pointe (i)

    Airteagal 2, pointe (a)

    Airteagal 2, pointe (ii), an chéad fhleasc

    Airteagal 2, pointe (b)

    Airteagal 2, pointe (ii), an dara fleasc

    Airteagal 2, pointe (c)

    Airteagal 2, pointe (ii), an tríú fleasc

    Airteagal 2, pointe (d)

    Airteagal 2, pointe (iii)

    Airteagal 2, pointe (e)

    Airteagal 2, pointe (iv)

    Airteagal 2, pointe (f)

    Airteagal 2, pointe (v)

    Airteagal 2, pointe (g)

    Airteagal 2, pointe (vi)

    Airteagal 2, pointe (h)

    Airteagal 2, pointe (vii)

    Airteagal 2, pointe (i)

    Airteagal 2, pointe (viii)

    Airteagal 2, pointe (j)

    Airteagal 2, pointe (ix)

    Airteagal 2, pointe (k)

    Airteagal 2, pointe (x)

    Airteagal 2, pointe (l)

    Airteagal 2, pointe (xi)

    Airteagal 2, pointe (m)

    Airteagal 2, pointe (xii)

    Airteagal 2, pointe (n)

    Airteagal 2, pointe (xiii)

    Airteagal 2, pointe (o)

    Airteagal 3(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 3(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 3(1)(i)

    Airteagal 3(1)(a)

    Airteagal 3(1)(ii)

    Airteagal 3(1)(b)

    Airteagal 3(1)(iii)

    Airteagal 3(1)(c)

    Airteagal 3(1), an fhoclaíocht deiridh

    Airteagal 3(1), an fhoclaíocht deiridh

    Airteagal 3(2), an chéad fhomhír

    Airteagal 3(2), an chéad fhomhír

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an chéad fhleasc

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, pointe (a)

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an dara fleasc

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, pointe (b)

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an tríú fleasc

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, pointe (c)

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an ceathrú fleasc

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, pointe (d)

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an cúigiú fleasc

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, pointe (e)

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an séú fleasc

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, pointe (f)

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an seachtú fleasc

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, pointe (g)

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, an t-ochtú fleasc

    Airteagal 3(2), an dara fomhír, pointe (h)

    Airteagal 3(2), an tríú fomhír

    Airteagal 3(2), an tríú fomhír

    Airteagal 3(2), an ceathrú fomhír

    Airteagal 3(2), an ceathrú fomhír

    Airteagal 3(3)

    Airteagal 3(3)

    Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 4(1), an chéad fhleasc

    Airteagal 4(1), pointe (a)

    Airteagal 4(1), an dara fleasc

    Airteagal 4(1), pointe (b)

    Airteagal 4(1), an tríú fleasc

    Airteagal 4(1), pointe (c)

    Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, ó ‘to’ go ‘networks’

    Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, ó ‘especially’ go ‘territory’

    Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht deiridh

    Airteagal 4(2), an dara fomhír

    Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír

    Airteagal 4(3)

    Airteagal 4(3)

    Airteagal 4(4)

    Airteagal 4(4), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír

    Airteagal 4(5), an chéad fhomhír

    Airteagal 4(5), an dara fomhír

    Airteagal 4(5)

    Airteagal 4(6) agus (7)

    Airteagal 4(6) agus (7)

    Airteagal 5

    Airteagal 5, an chéad fhomhír agus an dara fomhír

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 6(2)

    Airteagal 6(3)

    Airteagal 6(2)

    Airteagal 7 agus Airteagal 8

    Airteagal 7 agus Airteagal 8

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an dara habairt

    Airteagal 9(1), an dara fomhír

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 9(1), an tríú fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

    Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (a)

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an dara fleasc

    Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (b)

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an tríú fleasc

    Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (c)

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an ceathrú fleasc

    Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (d)

    Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, an cúigiú fleasc

    Airteagal 9(1), an tríú fomhír, pointe (e)

    Airteagal 9(1), an dara fomhír

    Airteagal 9(1), an ceathrú fomhír

    Airteagal 9(2)

    Airteagal 9(2)

    Airteagal 10

    Airteagal 10

    Airteagal 11

    Airteagal 11

    Airteagal 12

    Airteagal 12

    Airteagal 13

    Airteagal 13

    Airteagal 14

    Airteagal 14

    Airteagal 15(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 15(1), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 15(1), an chéad fhleasc

    Airteagal 15(1), pointe (a)

    Airteagal 15(1), an dara fleasc

    Airteagal 15(1), pointe (b)

    Airteagal 15(2)

    Airteagal 15(2)

    Airteagal 15(2a)

    Airteagal 15(3)

    Airteagal 15(3)

    Airteagal 15(4)

    Airteagal 16

    Airteagal 16

    Airteagal 17

    Airteagal 17

    Airteagal 18

    Airteagal 18

    Airteagal 19

    Airteagal 19

    Airteagal 20

    Airteagal 20

    Airteagal 21

    Airteagal 21

    Iarscríbhinn

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn III



    ( 1 ) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

    ( 2 ) IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

    ( 3 ) Déanfar an obair arna déanamh ag an Institiúid um Ábhair agus um Thomhais Tagartha a chur san áireamh sa chomhoibriú sna réimsí sin freisin.

    Top