EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02008R0767-20230803
Regulation (EC) No 767/2008 of the European Parliament and of the Council of 9 July 2008 concerning the Visa Information System (VIS) and the exchange of data between Member States on short-stay visas (VIS Regulation)
Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)
Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)
D’fhéadfadh sé nach bhfuil na leasuithe seo a leanas sa téacs comhdhlúite seo:
Gníomh leasaitheach | Cineál an leasaithe | An fhoroinn lena mbaineann | Teacht i bhfeidhm |
---|---|---|---|
32024R1356 | Arna leasú le | airteagal 6 mír 2 | 12/06/2026 |
32024R1356 | Arna leasú le | airteagal 6 mír 2a | 12/06/2026 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (g) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (m) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (l) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (r) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 48a mír 2 Téacs | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (n) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (j) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (k) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (h) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 48a mír 3 Téacs | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (i) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (q) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (o) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 45 mír 2 pointe (p) | 27/12/2023 |
32023R2667 | Arna leasú le | airteagal 48a mír 6 Téacs | 27/12/2023 |
02008R0767 — GA — 03.08.2023 — 007.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (CE) Uimh. 767/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Iúil 2008 (IO L 218 13.8.2008, lch. 60) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (CE) UIMH. 810/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Iúil 2009 |
L 243 |
1 |
15.9.2009 |
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 610/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Meitheamh 2013 |
L 182 |
1 |
29.6.2013 |
|
RIALACHÁN (AE) 2017/2226 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Samhain 2017 |
L 327 |
20 |
9.12.2017 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2019 |
L 135 |
27 |
22.5.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2021/1134Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Iúil 2021 |
L 248 |
11 |
13.7.2021 |
|
RIALACHÁN (AE) 2021/1152 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Iúil 2021 |
L 249 |
15 |
14.7.2021 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (CE) Uimh. 767/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Iúil 2008
maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Sainmhínítear leis an Rialachán seo feidhm, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) a bunaíodh le hAirteagal 1 de Chinneadh 2004/512/CE. Leagann sé amach na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le sonraí a mhalartú idir Bhallstáit i ndáil le hiarratais ar víosaí gearrfhanachta agus ar na cinntí a rinneadh leis sin, lena n-áirítear an cinneadh an víosa a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú, d'fhonn imscrúdú ar iarratais den sórt sin agus na cinntí a bhaineann leo a éascú.
Trí shonraí céannachta, sonraí an doiciméid taistil agus sonraí bithmhéadracha a stóráil sa stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) arna bhunú le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), rannchuidíonn EES agus cuidíonn sé le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in VIS a éascú faoi na coinníollacha agus chun críocha Airteagal 20 den Rialachán sin.
Airteagal 2
Cuspóir
Is é an cuspóir a bheidh ag an VIS feabhas a chur ar fheidhmiú an chomhbheartais víosaí, ar an gcomhar consalachta agus ar chomhairliúchán idir údaráis víosaí láir trí mhalartú sonraí idir Bhallstáit maidir leis na hiarratais agus na cinntí lena mbaineann a éascú, d'fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh:
an nós imeachta um iarratais a dhéanamh ar víosaí a éascú;
seachaint na gcritéar lena gcinntear an Ballstát freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar an iarratas a chosc;
an comhrac i gcoinne na calaoise a éascú;
seiceálacha ag láithreacha trasnaithe na dteorainneacha seachtracha agus laistigh de chríoch na mBallstát a éascú;
cuidiú le haon duine a aithint a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha iontrála, na coinníollacha fanachta ná na coinníollacha cónaithe i gcríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó a bhféadfadh sé nach mbeadh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige;
cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a éascú;
cuidiú le bagairtí ar shlándáil inmheánach aon Bhallstáit a chosc.
Airteagal 3
Fáil ar shonraí chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha eile coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “víosa”:
“víosa aonfhoirmeach” faoi mar a shainítear é in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear cód Comhphobail maidir le Víosaí (“Cód Víosaí”) ( 3 );
▼M1 —————
“víosa idirthurais aerfoirt” faoi mar a shainítear é in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;
“víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige” faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;
▼M1 —————
ciallaíonn “greamán víosa” an fhormáid aonghnéitheach do víosaí mar a shainmhínítear le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 í;
ciallaíonn “údaráis víosaí” na húdaráis sin i ngach Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar víosaí agus as cinntí a dhéanamh ina dtaobh nó atá freagrach as cinntí víosaí a neamhniú, a chúlghairm nó a fhadú, lena n-áirítear na húdaráis víosaí láir agus na húdaráis atá freagrach as víosaí a eisiúint ag an teorainn i gcomhréir le Rialachán (CE) 415/2003 ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le víosaí a éisiúint ag an teorainn, lena n-áirítear víosaí den sórt sin a éisiúint chuig mairnéalaigh atá faoi bhealach ( 4 );
ciallaíonn “foirm iarratais” an fhoirm aonghnéitheach iarratais i gcomhair víosaí atá in Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha;
ciallaíonn “iarratasóir” aon duine atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (CE) 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin ( 5 ), agus a mbeidh iarratas ar víosa taiscthe aige nó aici;
ciallaíonn “comhaltaí de ghrúpa” iarratasóirí a mbíonn iallach orthu ar chúiseanna dlíthiúla dul isteach le chéile i gcríoch na mBallstát agus críoch na mBallstát a fhágáil le chéile;
ciallaíonn “doiciméad taistil” pas nó a chomhionann de dhoiciméad, a thugann teideal don sealbhóir dul trasna teorainneacha seachtracha agus ar féidir víosa a ghreamú dó;
ciallaíonn “an Ballstát atá freagrach” an Ballstát a d'iontráil na sonraí sa VIS;
ciallaíonn “fíorú” an próiseas ina ndéanfar comparáid idir thacair sonraí chun bailíocht céannachta a maíodh a shuíomh (seiceáil sonra ar shonra);
ciallaíonn “aithint” an próiseas ina gcinnfear céannacht duine trí chuardach ar bhunachar sonraí i gcomparáid le hiliomad tacar sonraí (seiceáil sonra ar shonraí);
ciallaíonn “sonraí alfa-uimhriúla” sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le comharthaí spáis agus le comharthaí poncaíochta;
ciallaíonn “sonraí VIS” na sonraí uile a stóráiltear i VIS Láir agus in CIR i gcomhréir le hAirteagal 9 go hAirteagal 14;
ciallaíonn “sonraí céannachta” na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(a) agus (aa);
ciallaíonn “sonraí méarlorg” na sonraí a bhaineann leis na cúig mhéarlorg ón deasóg agus ón gciotóg — méarlorg na corrmhéire, na méire láir, mhéar an fháinne, an lúidín agus na hordóige — nuair is ann dóibh.
Airteagal 5
Catagóirí sonraí
Ní dhéanfar ach na catagóirí sonraí seo a leanas a thaifeadadh in VIS:
sonraí alfa-uimhriúla maidir leis an iarratasóir agus maidir leis na víosaí a iarradh, a eisíodh, a diúltaíodh, a neamhníodh, a cúlghaireadh nó a fadaíodh dá dtagraítear i bpointí (1) go (4) d’Airteagal 9 agus in Airteagail 10 go 14;
grianghraif dá dtagraítear i bpointe (5) d’Airteagal 9;
sonraí méarloirg dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9;
naisc le hiarratais eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4).
Airteagal 5a
Liosta de dhoiciméid taistil aitheanta
Airteagal 6
Rochtain chun sonraí a iontráil, a leasú, a scriosadh, nó a cheadú
Forchoimeádfar rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú go heisiach d’fhoireann chuí-údaraithe na n-eintiteas seo a leanas:
údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus comhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil chun críocha Airteagail 15 go 22, Airteagail 22g go 22m, agus Airteagal 45e den Rialachán seo;
Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS, arna n-ainmniú de bhun Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2018/1240, chun críoch Airteagail 18c agus 18d den Rialachán seo agus chun críocha Rialachán (AE) 2018/1240; agus
údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus comhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil chun críocha Airteagail 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/817.
Beidh rochtain den sórt sin teoranta do rochtain ar na sonraí is gá le haghaidh feidhmiú chúraimí na n-údarás sin agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir leis na críocha sin agus i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú.
Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla a mbeidh rochtain ag a bhfoireann chuí-údaraithe ar shonraí sa VIS d'fhonn iad a iontráil, a leasú, a scriosadh nó a cheadú. Cuirfidh gach Ballstát liosta de na húdaráis sin in iúl don Choimisiún gan mhoill, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 41(4) agus aon leasuithe ar an liosta. Sonrófar sa liosta sin an chríoch a bhféadfaidh gach údarás sonraí sa VIS a phróiseáil chuici.
Laistigh de 3 mhí tar éis don VIS a bheith i mbun oibríochta i gcomhréir le hAirteagal 48(1), foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar leasuithe air, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite nuashonraithe uair sa bhliain.
Airteagal 7
Prionsabail Ghinearálta
CAIBIDIL II
IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AG NA hÚDARÁIS VÍOSAÍ
Airteagal 8
Nósanna imeachta chun sonraí a iontráil ar an iarratas
Airteagal 9
Sonraí le cur isteach ar iarratas
Déanfaidh an t-údarás víosaí na sonraí seo a leanas a iontráil sa chomhad iarratais:
uimhir an iarratais;
faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur iarradh víosa;
an t-údarás a ndearnadh an t-iarratas a thaisceadh leis, lena n-áirítear a shuíomh, agus cé acu ar taisceadh an t-iarratas leis an údarás sin agus ionadú á dhéanamh aige ar Bhallstát eile.
na sonraí seo a leanas a thógfar ón bhfoirm iarratais:
sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; inscne;
sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); áit agus tír bhreithe; Náisiúntacht faoi láthair agus náisiúntacht bhreithe;
cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil agus cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil;
an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag;
an t-údarás a d'eisigh an doiciméad taistil agus dáta a eisiúna;
láthair agus dáta an iarratais;
▼M1 —————
sonraí an duine a d’eisigh cuireadh agus/nó a bheidh dlite costais chothaithe an iarratasóra a íoc le linn na tréimhse cónaithe, arb iad:
i gcás duine nádúrtha, sloinne agus céadainm agus seoladh an duine;
i gcás cuideachta nó eagraíochta eile, ainm agus seoladh na cuideachta nó na heagraíochta eile, sloinne agus céadainm an duine teagmhála sa chuideachta nó san eagraíocht sin;
Ballstát nó Ballstáit chinn scríbe agus ré an fhanachta bheartaithe nó an idirthurais;
príomhchuspóir nó príomhchuspóirí an turais;
an dáta atá beartaithe teacht isteach i limistéar Schengen agus an dáta atá beartaithe imeacht as limistéar Schengen;
Ballstát na chéad iontrála;
seoladh baile an iarratasóra;
slí bheatha agus fostóir faoi láthair; i gcomhair mac léinn: ainm ►M1 an bhunachais oideachais ◄ ;
i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm nó céadainmneacha ►M1 athair agus máthair ◄ an iarratasóra.
grianghraf den iarratasóir, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95;
méarloirg an iarratasóra, i gcomhréir le forálacha iomchuí na dTeagasc Coiteann Consalach.
Léireoidh an t-iarratasóir a shlí bheatha reatha nó a slí bheatha reatha (grúpa poist) ar liosta réamhshocraithe.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an liosta réamhshocraithe de shlite beatha reatha (grúpaí poist) a leagan síos.
Airteagal 9h
Cur chun feidhme agus lámhleabhar
Airteagal 9j
Táscairí riosca sonracha
Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun rioscaí sonracha a bhaineann leis an tslándáil nó le hinimirce neamhdhlíthiúil nó ardriosca eipidéime a shainiú tuilleadh ar bhonn na nithe seo a leanas:
staidreamh arna ghiniúint ag EES lena léirítear rátaí neamhghnácha rófhanachta agus diúltuithe teacht isteach i ndáil le grúpa sonrach sealbhóirí víosa;
staidreamh arna ghiniúint ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a lena léirítear rátaí neamhghnácha diúltuithe d'iarratais ar víosaí mar gheall ar riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime a bhaineann le grúpa sonrach sealbhóirí víosa;
staidreamh arna ghiniúint ag VIS i gcomhréir le hAirteagal 45a agus ag EES lena léirítear comhghaolú idir faisnéis a bhailítear tríd an bhfoirm iarratais agus rófhanacht sealbhóirí víosa nó diúltuithe teacht isteach;
faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit i dtaobh táscairí riosca sonracha maidir le slándáil nó bagairtí sonracha slándála a shainaithin Ballstát;
faisnéis, dar bunús eilimintí fíorasacha agus eilimintí bunaithe ar fhianaise, arna soláthar ag na Ballstáit maidir le rátaí neamhghnácha rófhanachta nó diúltuithe teacht isteach i ndáil le grúpa sonrach sealbhóirí víosa i leith Ballstáit;
faisnéis arna soláthar ag Ballstáit maidir le hardrioscaí sonracha eipidéime chomh maith le faisnéis um fhaireachas eipidéimeolaíochta agus measúnuithe riosca arna soláthar ag an Lárionad Eorpach chun Galair a Chosc agus a Rialú agus ráigeanna galair arna dtuairisciú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Déanfar athbhreithniú ar na rioscaí sonracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo gach 6 mhí ar a laghad agus, i gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme nua a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).
Airteagal 10
Sonraí breise i gcás víosa a eisíodh
I gcás inar cinneadh víosa a eisiúint, cuirfidh an t-údarás víosaí a d'eisigh an víosa na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:
faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur eisíodh víosa;
an t-údarás a d'eisigh an víosa, lena n-áirítear a shuíomh agus cibé ar eisighan t-údarás sin an víosa thar ceann Ballstáit eile;
láthair agus dáta an chinnidh chun an víosa a eisiúint;
an cineál víosa;
i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis lena dtugtar le fios gur le bailíocht chríochach theoranta a eisíodh an víosa de bhun Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;
uimhir an ghreamáin víosa;
an chríoch ina bhfuil cead ag sealbhóir an víosa taisteal a dhéanamh, i gcomhréir le forálacha iomchuí na dTeagasc Coiteann Consalach;
dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga thréimhse bailíochta an víosa;
an líon iontrálacha a údaraíonn an víosa sa chríoch sin a bhfuil sé bailí ina leith;
fad na tréimhse fanachta a údaraíonn an víosa;
más infheidhme, an fhaisnéis ag cur in iúl gur eisíodh an víosa ar bhileog ar leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid aonghnéitheach d’fhoirmeacha chun víosa a ghreamú arna eisiúint ag na Ballstáit chuig daoine a bhíonn i seilbh doiciméad taistil nach n-aithníonn an Ballstát atá ag tarraingt suas na foirme ( 6 );
más infheidhme, an fhaisnéis lena léirítear gur comhlánaíodh an greamán víosa de láimh;
i gcás inarb infheidhme, stádas an duine lena dtugtar le fios gur ball teaghlaigh le saoránach den Aontas an náisiúnach tríú tír, ball a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) maidir leis nó léi nó gur ball teaghlaigh é nó í le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile.
Airteagal 11
Sonraí breise i gcás ina scoirfear d'iarratas a scrúdú
I gcúinsí ina scoirfidh an t-údarás víosaí a mbeidh ionadaíocht á déanamh aige ar Bhallstát den iarratas a scrúdú, cuirfidh sé na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:
faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur scoireadh den iarratas a scrúdú;
an t-údarás a scoir den iarratas a scrúdú, lena n-áirítear a shuíomh;
láthair agus dáta an chinnidh chun scor den iarratas a scrúdú;
an Ballstát a bheidh inniúil leis an iarratas a scrúdú.
Airteagal 12
Sonraí breise i gcás víosa a diúltaíodh
I gcás ina gcinntear víosa a dhiúltú, cuirfidh an t-údarás víosaí a dhiúltaigh an víosa na sonraí seo a leanas sa chomhad iarratais:
faisnéis stádais lena léirítear gur diúltaíodh an víosa agus cibé acu ar dhiúltaigh an t-údarás sin é thar ceann Ballstáit eile;
an t-údarás a dhiúltaigh an víosa, lena n-áirítear a shuíomh;
láthair agus dáta an chinnidh an víosa a dhiúltú.
Cuirfear in iúl sa chomhad iarratais an foras nó na forais ar diúltaíodh an víosa, ar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheidh ann:
Maidir leis an iarratasóir:
go dtíolacann sé nó sí doiciméad atá bréagach, góchumtha nó brionnaithe;
nach dtugann sé bonn cirt maidir le cuspóir agus maidir le coinníollacha an fhanachta atá beartaithe;
nach gcuireann sé ar fáil fianaise ar chóir leordhóthanach mhaireachtála a bheith aige don ré fanachta atá beartaithe aige agus don turas abhaile chuig a thír thionscnaimh nó chuig a tír thionscnaimh nó chuig an tír a bhfuil cónaí air nó uirthi ann, nó don idirthuras chuig triú tír a bhfuil sé nó sí deimhin go ligfear isteach ann é, nó nach bhfuil sé i riocht an chóir mhaireachtála sin a fháil go dlíthiúil;
d'fhan sé nó sí cheana féin ar feadh 90 lá i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmigh nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;
gur duine é ar eisíodh foláireamh ina leith sa SIS chun críche cead dul isteach a dhiúltú;
go meastar gur bagairt é do bheartas poiblí, do shlándáil inmheánach nó do shláinte phoiblí a shainítear in Airteagal 2(19) de Chód Theorainneacha Schengen nó do chaidreamh idirnáisiúnta aon cheann de na Ballstáit, go háirithe i gcás inar eisíodh foláireamh i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát chun críche cead dul isteach a dhiúltú ar na forais chéanna.
nach gcuireann sé nó sí cruthúnas ar fáil go bhfuil árachais liachta taistil leordhóthanach agus bailí aige, i gcás inarb infheidhme;
ní raibh an fhaisnéis a tíolacadh, maidir le bonn cirt an chuspóra agus maidir le coinníollacha an fhanachta a bhí beartaithe iontaofa
nach bhféadfaí a fhionnadh go raibh rún ag an iarratasóir críoch na mBallstát a fhágáil sula rachadh an víosa in éag;
nár cuireadh ar fáil an fhianaise leordhóthanach nach raibh an t-iarratasóir i riocht cur isteach ar víosa roimh ré, rud a thabharfadh bonn cirt maidir le hiarratas a dhéanamh ag an teorainn;
Airteagal 13
Sonraí atá le cur leis an gcomhad do víosa a neamhníodh nó a cúlghaireadh
I gcás ina ndearnadh cinneadh víosa a neamhniú nó a chúlghairm, cuirfidh an t-údarás a rinne an cinneadh na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:
faisnéis stádais lena léirítear go ndearnadh an víosa a neamhniú nó a chúlghairm;
an t-údarás a rinne an víosa a neamhniú nó a chúlghairm, agus an áit a bhfuil sé lonnaithe;
an dáta a ndearnadh an cinneadh, agus an áit ina ndearnadh é.
Cuirfear in iúl freisin sa chomhad iarratais an foras nó na forais a bheidh le neamhniú nó le cúlghairm, arb éard a bheidh iontu:
ceann amháin nó níos mó de na forais a liostaítear in Airteagal 12(2);
an iarraidh ón sealbhóir víosa an víosa a chúlghairm.
Airteagal 14
Sonraí breise i gcás ina ndéanfar víosa ar cuireadh síneadh leis
I gcás ina ndearnadh cinneadh síneadh a chur leis an tréimhse bailíochta agus/nó tréimhse fanachta víosa atá eisithe, cuirfidh an t-údarás víosa a chuir síneadh leis an víosa an fhaisnéis seo a leanas leis an gcomhad iarratais:
faisnéis maidir le stádas, ag cur in iúl gur cuireadh síneadh leis an víosa;
an t-údarás a chuir síneadh leis an víosa, lena n-áirítear a shuíomh;
láthair agus dáta an chinnidh;
uimhir ghreamán víosa an víosa a bheidh á fhadú;
dáta tosaigh agus dáta éaga na tréimhse fadaithe;
tréimhse fhadú na fanachta a bheidh údaraithe;
an chríoch a bhfuil an sealbhóir víosa i dteideal taisteal ann, má tá bailíocht chríochach an víosa a bheidh á fhadú éagsúil le bailíocht an víosa bhunaidh;
an cineál víosa ar cuireadh síneadh leis.
Airteagal 15
An VIS a úsáid chun iarratais a scrúdú
Chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, tabharfar rochtain don údarás inniúil víosaí chun cuardach a dhéanamh le sonra amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas:
uimhir an iarratais;
sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne;
cineál agus uimhir an doiciméid taistil; cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag;
sloinne, céadainm agus seoladh an duine nádúrtha nó ainm agus seoladh na cuideachta nó na heagraíochta eile, dá dtagraítear i bpointe (f) de phointe (4) d’Airteagal 9;
méarloirg;
uimhir an ghreamáin víosa agus dáta eisithe aon víosa a eisíodh roimhe sin.
Airteagal 16
Úsáid an VIS le haghaidh comhairliúcháin agus chun doiciméid a iarraidh
Tarchuirfidh an Ballstát atá freagrach as an iarratas a scrúdú an iarraidh ar chomhairliúchán, mar aon le huimhir an iarratais, chuig an VIS agus sonrófar an Ballstát nó na Ballstáit a mbeifear le dul i gcomhairle leo.
Tarchuirfidh an VIS an iarraidh chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann.
Tarchuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit a rachfar i gcomhairle leis nó leo freagra chuig an VIS, agus déanfaidh an VIS an freagra a tharchur chuig an mBallstát a rinne an iarraidh.
Airteagal 17
Úsáid sonraí chun críocha tuairiscithe agus staidrimh
Chun críocha tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla víosaí ar na sonraí seo a leanas, d'fhonn iad a cheadú, ach gan ligean do chéannacht iarratasóirí aonair a bheith nochtaithe:
faisnéis maidir le stádas;
an t-údarás inniúil víosaí, lena n-áirítear a shuíomh;
náisiúntacht an iarratasóra faoi láthair;
Ballstát na chéad iontrála;
dáta agus áit an iarratais nó an chinnidh maidir leis an víosa;
an cineál víosa a eisíodh;
an cineál doiciméid taistil;
na forais a tugadh maidir le haon chinneadh i leith an víosa nó an iarratais ar víosa;
an t-údarás inniúil víosaí, lena n-áirítear a shuíomh, a dhiúltaigh an t-iarratas ar víosa agus dáta an diúltaithe;
na cásanna ina ndearna an t-iarratasóir céanna iarratas ar víosa ó bhreis agus údarás amháin, ina luaitear na húdaráis víosaí sin, a suíomh agus dátaí na ndiúltuithe;
príomhchuspóir(í) an turais;
na cásanna nárbh fhéidir na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9 a sholáthar go fíorasach, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);
na cásanna nár ghá na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9 a sholáthar ar chúiseanna dlíthiúla, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5);
na cásanna inar diúltaíodh víosa do dhuine, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 8(5), nach raibh in ann na sonraí dá dtagraítear i bpointe (6) d’Airteagal 9 a sholáthar go fíorasach.
CAIBIDIL III
ROCHTAIN AR SHONRAÍ AG ÚDARÁIS EILE
Airteagal 17a
Idir-inoibritheacht le EES
Cuirfidh idir-inoibritheacht ar chumas na n-údarás víosa EES a cheadú as VIS tráth a mbeidh VIS á úsáid acu chun na nithe seo a dhéanamh:
agus iarratais ar víosa á scrúdú agus cinneadh á dhéanamh maidir leo mar a thagraítear dó in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus in Airteagal 15(4) den Rialachán seo;
d’fhonn na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil agus a easpórtáil go díreach ó VIS isteach in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus le hAirteagal 13 agus Airteagal 14 den Rialachán seo.
Trí idir-inoibritheacht, cuirfear ar chumas na n-údarás teorann sin a úsáideann EES VIS a cheadú as EES chun:
na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil go díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES ionas gur féidir taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach de chuid sealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14, le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 18a den Rialachán seo;
na sonraí a bhaineann le víosaí a aisghabháil go díreach ó VIS agus iad a iompórtáil isteach in EES i gcás ina ndéantar víosa a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14 den Rialachán seo;
barántúlacht agus bailíocht na víosa a fhíorú agus a fhíorú cé acu a bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), nó iad araon, á gcomhlíonadh, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 18(2) den Rialachán seo;
seiceáil a dhéanamh ar cláraíodh cheana náisiúnaigh tríú tír, ar náisiúnaigh iad atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus nach bhfuil sainchomhad ar taifead in EES ina leith in VIS i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 19a den Rialachán seo;
a fhíorú, i gcás gur le méarloirg atá céannacht an tsealbhóra víosa le fíorú, céannacht an tsealbhóra víosa le méarloirg in VIS i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus le hAirteagal 18(6) den Rialachán seo.
Airteagal 18
Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES
Chun céannacht sealbhóirí víosa a fhíorú, chun barántúlacht, bailíocht ama, bailíocht chríochach, agus stádas na víosa a fhíorú, agus chuige sin amháin, nó chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399, agus chuige sin amháin, nó iad araon, beidh rochtain ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES ar VIS chun cuardach a dhéanamh leis na sonraí seo a leanas:
sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; cineál agus uimhir an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil; cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil nó na doiciméid taistil; agus an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil nó na ndoiciméad taistil in éag; nó
an uimhir atá ar an ngreamán víosa.
Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir le sealbhóir an víosa taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil um rialú teorainneacha chun na sonraí seo a leanas den chomhad agus de chomhad nó de chomhaid iarratais a bheidh nasctha leis de bhun Airteagal 8(4) a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus chun na gcríoch sin amháin:
faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, ►C4 dá dtagraítear i bpointí (2) agus (4) d'Airteagal 9; ◄
grianghraif;
na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14 agus a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní nó a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena tréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.
Ina theannta sin, i gcás sealbhóirí víosa nach gá sonraí áirithe a thabhairt ina leith ar chúiseanna dlí nó nach féidir a thabhairt, ar chúiseanna fíorasacha, tabharfar fógra don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES i dtaobh an réimse shonraigh sonraí nó na réimsí sonracha sonraí lena mbaineann agus cuirfear “neamhbhainteach” sa réimse nó sna réimsí sin.
Má léiríonn an cuardach sin leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí maidir leis an duine ar taifead in VIS ach nach bhfuil aon víosa bailí ar taifead, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES d’fhonn na sonraí seo a leanas a cheadú, ar sonraí iad atá sa chomhad iarratais nó sna comhaid iarratais, agus atá i gcomhad iarratais nó i gcomhaid iarratais arna nascadh de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:
faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, ►C4 dá dtagraítear i bpointí (2) agus (4) d'Airteagal 9; ◄
grianghraif;
na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní nó a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena thréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.
De bhreis ar an gceadú a dhéanfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES céannacht an duine a fhíorú in VIS i gcás ina léiríonn an cuardach a rinneadh leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo go bhfuil sonraí faoin duine sin ar taifead in VIS agus go gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
ní féidir céannacht an duine a dheimhniú in EES i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, toisc:
nach bhfuil an sealbhóir víosa cláraithe fós in EES;
go ndéantar an chéannacht a fhíorú, ag an bpointe trasnaithe teorann lena mbaineann, le méarloirg i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2017/2226;
go bhfuil amhras ann i dtaobh chéannacht an tsealbhóra víosa;
cúis éigin eile;
is féidir céannacht an duine a fhíorú in EES ach tá feidhm ag Airteagal 23(5) de Rialachán (AE) 2017/2226.
Na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES, fíoróidh siad méarloirg an tsealbhóra víosa leis na méarloirg atá ar taifead in VIS. I gcás sealbhóirí víosa nach féidir leas a bhaint as a gcuid méarlorg, is leis na sonraí alfa-uimhriúla amháin, dá bhforáiltear i mír 1, a dhéanfar an cuardach dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 18a
Sonraí VIS a aisghabháil chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach an tsealbhóra víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES
Chun taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú cead isteach do shealbhóir víosa a chruthú nó a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus Airteagal 16 agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, agus chun na críche sin amháin, tabharfar rochtain don údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES na sonraí atá stóráilte in VIS agus a liostaítear i bpointe (c) go pointe (f) d’Airteagal 16(2) den Rialachán sin a aisghabháil ó VIS agus a iompórtáil isteach in EES.
Airteagal 18b
Idir-inoibritheacht le ETIAS
Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (i), de Rialachán (AE) 2018/1240, le Lárchóras ETIAS úsáidfear ESP chun na sonraí a stóráiltear in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí a stóráiltear in VIS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, ag baint úsáid as na sonraí a liostaítear sa tábla comhfhreagrais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 18c
Rochtain ar shonraí VIS ag Láraonad ETIAS
Airteagal 18d
Úsáid VIS ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun próiseáil láimhe a dhéanamh ar iarratais
Airteagal 19
Rochtain ar shonraí chun críocha fíoraithe laistigh de chríoch na mBallstát
Chun céannacht shealbhóir an víosa agus/nó barántúlacht an víosa a fhíorú agus/nó chun a fhíorú go gcomhlíontar, nó nach gcomhlíontar coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe i gcríoch na mBallstát agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla chun seiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát cibé an gcomhlíontar na coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe, d’fhonn cuardach a dhéanamh trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa, agus fíorú a dhéanamh ar mhéarloirg shealbhóir an víosa, nó trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa.
Maidir le sealbhóirí víosa nach bhféadfar a gcuid méarlorg a úsáid, déanfar an cuardach trí bhíthin uimhir an ghreamáin víosa amháin.
Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir le sealbhóir an víosa taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil chun na sonraí seo a leanas den chomhad iarratais agus de chomhad nó de chomhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(4) a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 amháin:
an fhaisnéis maidir le stádas agus na sonraí ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (2) agus (4) d’Airteagal 9;
grianghraif;
na sonraí atá iontráilte maidir leis an víosa nó na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht nó a mbailíocht a fhadú ►M1 ————— ◄ , dá dtagraítear in Airteagail 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14.
Airteagal 19a
VIS a úsáid sula gcruthaítear in EES sainchomhaid do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa
Má léiríonn an cuardach leis na sonraí atá liostaithe i mír 2 den Airteagal seo agus an fíorú a rinneadh faoi mhír 4 den Airteagal seo go bhfuil ar taifead in VIS sonraí faoin duine, beidh rochtain ag an údarás atá inniúil ar sheiceálacha a dhéanamh ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES d’fhonn na sonraí seo a leanas a cheadú atá sa chomhad nó sna comhaid iarratais lena mbaineann agus i gcomhad iarratais nó i gcomhaid iarratais arna nascadh de bhun Airteagal 8(4), chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus chun na gcríoch sin amháin:
faisnéis faoin stádas agus na sonraí a baineadh as an bhfoirm iarratais, ►C4 dá dtagraítear i bpointí (2) agus (4) d'Airteagal 9; ◄
grianghraif;
na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10, in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a iontráladh i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó i dtaca leis an víosa nó leis na víosaí ar cuireadh síneadh lena thréimhse nó lena dtréimhse bailíochta.
Airteagal 20
Rochtain ar shonraí chun críocha céannachta
Chun críocha aon duine a shainaithint a d’fhéadfadh gur cláraíodh é nó í cheana in VIS nó nach gcomhlíonann sé nó sí, nó nach gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, le fanacht nó le cónaí a dhéanamh ar chríoch na mBallstát, agus chucu siúd amháin, beidh ag na húdaráis inniúla d’fhonn seiceálacha a dhéanamh ag ag teorainneacha ag a n-oibrítear EES nó laistigh de chríoch na mBallstát an bhfuil na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, nó fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh nó nach bhfuil, beidh ag na húdaráis sin rochtain d’fhonn cuardach a dhéanamh in VIS le méarloirg an duine sin.
I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus/nó (c) de phointe (4) d’Airteagal 9; féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe (4) d’Airteagal 9.
Má léirítear leis an gcuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil sonraí maidir leis an iarratasóir taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil chun na sonraí seo a leanas den chomhad iarratais agus de chomhad nó de chomhaid iarratais nasctha de bhun Airteagal 8(3) agus (4) a cheadú, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 amháin:
uimhir an iarratais, an fhaisnéis maidir le stádas agus an t-údarás lenar taisceadh an t-iarratas;
na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 9;
grianghraif;
na sonraí atá iontráilte maidir le haon víosa a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht a fhadú ►M1 ————— ◄ , nó maidir le hiarratais i gcás inar éiríodh as an scrúdú, dá dtagraítear in Airteagail 10 go 14.
Airteagal 21
Rochtain ar shonraí chun freagracht as iarratais ar thearmann a chinneadh
I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus/nó (c) de phointe (4) d’Airteagal 9; féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe (4) d’Airteagal 9.
Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil víosa a eisíodh le dáta éaga nach mó ná sé mhí roimh dháta an iarratais ar thearmann, agus/nó go bhfuil víosa fadaithe go dtí dáta éaga nach mó ná sé mhí roimh dháta an iarratais ar thearmann, taifeadta sa VIS, tabharfar rochtain don údarás inniúil tearmainn chun na sonraí seo a leanas den chomhad iarratais agus na sonraí atá liostaithe i bpointe (g) i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí a cheadú de bhun Airteagal 8(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 amháin:
uimhir an iarratais agus an t-údarás a d’eisigh nó a d’fhadaigh an víosa, agus cibé ar eisigh an t-údarás é thar ceann Ballstáit eile;
na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de phointe (4) d’Airteagal 9;
an cineál víosa;
tréimhse bailíochta an víosa;
fad na fanachta atá beartaithe;
grianghraif;
na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de phointe (4) d’Airteagal 9 den chomhad nó de na comhaid iarratais nasctha i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí.
Airteagal 22
Rochtain ar shonraí chun iarratas ar thearmann a scrúdú
Chun iarratas ar thearmann a scrúdú, agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla tearmainn i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 d'fhonn cuardach a dhéanamh le méarloirg an iarrthóra tearmainn.
I gcás nach féidir méarloirg an duine sin a úsáid nó go dteipfidh ar an gcuardach leis na méarloirg, déanfar an cuardach trí bhíthin na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus/nó (c) de phointe (4) d’Airteagal 9; féadfar an cuardach seo a dhéanamh i dteannta na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe (4) d’Airteagal 9.
Má léiríonn an cuardach a dhéantar leis na sonraí atá liostaithe i mír 1 go bhfuil víosa eisithe taifeadta sa VIS, beidh rochtain ag an údarás inniúil tearmainn ar na sonraí seo a leanas, d’fhonn iad a cheadú, sa chomhad iarratais agus i gcomhad nó i gcomhaid iarratais nasctha an iarratasóra de bhun Airteagal 8(3), agus, maidir leis na sonraí atá liostaithe i bpointe (e), i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí de bhun Airteagal 8(4), chun na críche dá dtagraítear i mír 1 amháin:
uimhir an iarratais;
na sonraí a tógadh ón bhfoirm iarratais, dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de phointe (4) d’Airteagal 9;
grianghraif;
na sonraí atá iontráilte maidir le haon víosa a eisíodh, a cuireadh ar neamhní, a cúlghaireadh nó a ndearnadh a bhailíocht a fhadú ►M1 ————— ◄ , dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 13 agus Airteagal 14;
na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de phointe (4) d’Airteagal 9 den chomhad nó de na comhaid iarratais nasctha i dtaca leis an gcéile agus leis na leanaí.
CAIBIDIL IIIa
IONTRÁIL AGUS ÚSÁID SONRAÍ AR VÍOSAÍ FADFHANACHTA AGUS CEADANNA CÓNAITHE
Airteagal 22b
Cuardaigh i gcórais faisnéise agus bunachair sonraí
CAIBIDIL IV
SONRAÍ A CHOINNEÁIL AGUS A LEASÚ
Airteagal 23
Tréimhse coinneála i gcomhair sonraí a stóráil
Stórálfar gach comhad iarratais sa VIS ar feadh cúig bliana ar a mhéad, gan dochar don scriosadh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25 agus gan dochar do choimeád na dtaifead dá dtagraítear in Airteagal 34.
Tosóidh an tréimhse sin:
ar dháta éaga an víosa, má eisíodh víosa;
ar dháta nua éaga an víosa, má tá fadú déanta ar víosa;
ar dháta chruthú an comhaid iarratais sa VIS, má astarraingítear an t-iarratas, má tá deireadh tagtha leis nó gur scoireadh dó;
ar dháta chinneadh an údaráis víosaí má dhiúltaítear víosa nó má tá víosa curtha ar neamhní ►M1 ————— ◄ nó cúlghairthe.
Airteagal 24
Sonraí a leasú
Airteagal 25
Luathscriosadh sonraí
CAIBIDIL V
OIBRÍOCHT AGUS FREAGRACHTAÍ
Airteagal 26
Bainistiú oibríochtiúl
Beidh an tÚdarás Bainistíochta freagrach freisin as na tascanna seo a leanas maidir leis an mBonneagar Cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta:
maoirseacht;
slándáil;
comhordú ar an gcaidreamh idir na Ballstáit agus an soláthraí.
Beidh an Coimisiún freagrach as na tascanna eile go léir a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta, go háirithe:
tascanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;
éadáil agus athnuachan;
nithe conarthacha.
Sásóidh gach comhlacht earnála poiblí náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 na critéir roghnúcháin seo a leanas:
caithfidh sé a léiriú go bhfuil taithí fhorleathan aige i bhfeidhmiú ollchórais faisnéise;
caithfidh sé cuid mhór saineolais a bheith aige maidir leis na riachtanais seirbhíse agus slándála a bhaineann le hollchóras faisnéise;
caithfidh sé foireann leordhóthanach a bhfuil taithí aici a bheith aige, agus ar foireann í a mbeidh an saineolas gairmiúil agus na scileanna teanga cuí aici chun oibriú i dtimpeallacht chomhoibrithe idirnáisiúnta faoi mar a éilíonn an VIS;
caithfidh sé bonneagar saoráidí slán, saincheaptha a bheith aige a bheidh in ann, go háirithe, cúltaca de na hollchórais TE a dhéanamh agus feidhmiú leanúnach na gcóras sin a áirithiú; agus
caithfidh go gcuirfidh a thimpeallacht riaracháin ar a chumas a chuid tascanna a chur i ngníomh i gceart agus aon choimhlint leasa a sheachaint.
Airteagal 27
Suíomh an Chórais Faisnéise Víosaí Láir
Beidh an príomhVIS Láir, a dhéanfaidh an mhaoirseacht theicniúil agus an riarachán, suite in Strasbourg (An Fhrainc) agus beidh cúltaca don VIS Láir, a mbeidh ar a chumas feidhmiúlachtaí uile an phríomhVIS Láir a áirithiú i gcás go gclisfeadh an córas, suite in Sankt Johann im Pongau (An Ostair).
Airteagal 28
Gaol leis na Córais Náisiúnta
Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:
an Córas Náisiúnta a fhorbairt agus/nó a oiriúnú don VIS de réir Airteagal 2(2) de Chinneadh 2004/512/CE;
a Chóras Náisiúnta féin a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil;
bainistiú agus socruithe a dhéanamh chun go mbeidh rochtain ag comhaltaí foirne cuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta ar an VIS i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;
na costais a thabhaíonn na Córais Náisiúnta a sheasamh mar aon le costais a cheangal leis an gComhéadan Náisiúnta, lena n-áirítear costais infheistíochta agus costais oibríochtúla an bhonneagair chumarsáide idir an Comhéadan Náisiúnta agus an Córas Náisiúnta.
Airteagal 29
Freagracht maidir le sonraí a úsáid
Áiritheoidh gach Ballstát go bpróiseálfar na sonraí go dleathach, agus go háirithe gurb í an fhoireann chuí-údaraithe amháin a mbeidh rochtain aici ar shonraí a phróiseáiltear sa VIS chun a dtascanna a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach, go háirithe:
go mbaileofar na sonraí go dleathach;
go dtarchuirfear na sonraí go dleathach chuig an VIS;
go mbeidh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta nuair a tharchuirfear chuig an VIS iad.
Áiritheoidh an tÚdarás Bainistíochta go ndéanfar an VIS a oibriú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir lena rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 45(2). Déanfaidh an tÚdarás Bainistíochta, go háirithe:
na bearta is gá a ghlacadh chun slándáil an VIS Láir a áirithiú mar aon leis an mbonneagar cumarsáide idir an VIS Láir agus na Comhéadain Náisiúnta, gan dochar do fhreagrachtaí gach Ballstáit;
a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag an bhfoireann chuí-údaraithe ar na sonraí a phróiseáiltear sa VIS chun tascanna an Údaráis Bhainistíochta a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 29a
Rialacha sonracha maidir le sonraí a iontráil
Airteagal 30
Sonraí VIS a choimeád i gcomhaid náisiúnta
Airteagal 31
Sonraí a pháirtiú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta
De mhaolú ar mhír 1, féadfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (k) agus (m) de phointe (4) d’Airteagal 9 a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta atá liostaithe san Iarscríbhinn, nó a chur ar fáil dóibh, más gá é sin a dhéanamh i gcásanna aonair chun céannacht náisiúnach tríú tíortha a chruthú, lena n-áirítear chun náisiúnaigh a chur ar ais, ar an gcuntar amháin go sásaítear na coinníollacha seo a leanas amháin:
go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta sa tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE, nó go mbeidh comhaontú maidir le daoine a athghlacadh i bhfeidhm idir an Comhphobal agus an tríú tír sin, nó go mbeidh feidhm ag forálacha Airteagal 26(1)(d) de Threoir 95/46/CE;
go gcomhaontóidh an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta gan na sonraí a úsáid ach amháin chun na críche ar chuici a tugadh iad;
go n-aistrítear na sonraí, nó go gcuirtear ar fáil iad, i gcomhréir leis na forálacha iomchuí de dhlí an Chomhphobail, go háirithe comhaontuithe maidir le daoine a athghlacadh, agus de dhlí náisiúnta an Bhallstáit a d'aistrigh na sonraí, nó a chuir na sonraí ar fáil, lena n-áirítear na forálacha dlí is ábhartha do shlándáil sonraí agus do chosaint sonraí; agus
go mbeidh a thoiliú nó a dtoiliú tugtha ag an mBallstát nó ag na Ballstáit a chuir na sonraí sa VIS.
Airteagal 32
Slándáil sonraí
Glacfaidh gach Ballstát, i ndáil lena Chóras Náisiúnta, na bearta is gá, lena n-áirítear plean slándála, chun:
sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha a dhéanamh d'fhonn bonneagair chriticiúil a chosaint;
rochtain a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe ar shuiteálacha náisiúnta ina ndéanann an Ballstát oibríochtaí i gcomhréir le cuspóirí an VIS (seiceálacha ag an mbealach isteach chuig an tsuiteáil);
cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar bhaint amach neamhúdaraithe meán sonraí (rialú meán sonraí);
cosc a chur ar ionchur neamhúdaraithe sonraí agus ar iniúchadh, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);
cosc a chur ar phróiseáil neamhúdaraithe sonraí sa VIS agus ar aon mhodhnú nó scriosadh neamhúdaraithe ar shonraí sa VIS (rialú iontráil sonraí);
a chinntiú nach mbeidh de rochtain ag daoine a bheidh údaraithe chun rochtain a bheith acu ar an VIS ach ar na sonraí a bheidh folaithe ag a n-údarú rochtana, trí aitheantais úsáideora aonair agus uathúla agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);
a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a mbeidh ceart rochtana ar an VIS acu próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí na ndaoine a bheidh údaraithe chun rochtain a bheith acu ar na sonraí, agus a mbeidh údarú acu sonraí a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta, a scriosadh agus a chuardach, agus a chinntiú go gcuirfear na próifílí seo ar fáil do na húdaráis maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41 gan mhoill arna iarraidh sin dóibh (próifílí pearsanra);
a áirithiú go bhféadfar a fhíorú agus a shuíomh cad iad na comhlachtaí a bhféadfar sonraí pearsanta a tharchur chucu trí threalamh cumarsáide sonraí a úsáid (rialú cumarsáide);
a áirithiú go bhféadfar a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí a bheidh próiseáilte sa VIS, cathain a rinneadh agus cé a rinne an phróiseáil agus cén cuspóir atá leis (rialú taifeadta sonraí);
cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn tarchur sonraí pearsanta chuig an VIS nó ón VIS nó le linn iompar meán sonraí, go háirithe trí theicnící criptithe cuí (rialú iompair);
monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagraíochtúla is gá a ghlacadh maidir le monatóireacht inmheánach lena chinntiú go gcomhlíontar an Rialachán seo (féin-iniúchóireacht).
Airteagal 33
Dliteanas
Airteagal 34
Taifid a choimeád
Coinneoidh gach Ballstát agus an tÚdarás Bainistíochta taifid ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS. Léireofar sna taifid sin:
cuspóir na rochtana dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus in Airteagal 15 go hAirteagal 22;
an dáta agus an t-am;
cineál na sonraí a tharchuirtear dá dtagraítear in Airteagal 9 go hAirteagal 14;
cineál na sonraí a úsáidtear i gcomhair iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2), Airteagal 17 agus Airteagail 18(1) agus (6), 19(1), 19a(2) agus (4), 20(1), 21(1) agus 22(1); agus
ainm an údaráis a iontrálann nó a aisghabhann na sonraí.
Chomh maith leis sin, coinneoidh gach Ballstát taifid den fhoireann atá cuí-údaraithe chun na sonraí a iontráil nó a aisghabháil.
Airteagal 34a
Logaí a choinneáil chun críoch idir-inoibritheachta le ETIAS
Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS agus in ETIAS de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán seo agus le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240.
Airteagal 35
Féinmhonatóireacht
Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh gach údarás a bheidh i dteideal rochtain a bheith aige ar shonraí VIS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, i gcás inar gá, leis an Údarás Maoirseachta Náisiúnta.
Airteagal 36
Pionóis
Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, a fhorchur as aon mhí-úsáid a bhaint as sonraí a iontráladh sa VIS, lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
CAIBIDIL VI
CEARTA AGUS MAOIRSEACHT AR CHOSAINT SONRAÍ
Airteagal 36a
Cosaint sonraí
Airteagal 37
Ceart chun faisnéise
Gan dochar don cheart chun faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680, déanfaidh an Ballstát freagrach iarratasóirí agus na daoine dá dtagraítear i bpointe (4)(f) d’Airteagal 9 den Rialachán seo a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:
céannacht an rialaitheora dá dtagraítear in Airteagal 29(4), lena n-áirítear sonraí teagmhála an rialaitheora;
cuspóirí phróiseáil na sonraí laistigh den VIS;
na catagóirí d’fhaighteoirí na sonraí, lena n-áirítear na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 22l agus Europol;
go bhféadfaidh rochtain a bheith ag na Ballstáit agus ag Europol ar VIS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;
tréimhse choinneála na sonraí;
go bhfuil bailiú na sonraí éigeantach chun an t-iarratas a scrúdú;
go bhféadfar sonraí pearsanta a stóráiltear in VIS a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán seo agus chuig Ballstáit i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle ( 12 );
gurb ann don cheart rochtain a iarraidh ar shonraí a bhaineann leo, don cheart chun a iarraidh go ndéanfaí sonraí míchruinne a bhaineann leo a cheartú, go ndéanfaí sonraí neamhiomlána a bhaineann leo a chomhlánú, go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leo agus a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh nó go gcuirfí srian le próiseáil na sonraí sin, agus don cheart faisnéis a fháil maidir leis na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás maoirseachta, nó an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, más infheidhme, a éistfidh gearáin maidir le cosaint sonraí pearsanta.
In éagmais foirm den sórt sin a bheidh sínithe ag na daoine sin, soláthrófar an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679.
Airteagal 38
Ceart rochtana ar shonraí pearsanta, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú, a chomhlánú nó a léirscriosadh agus go gcuirfí srian le próiseáil sonraí pearsanta
I gcás ina ndírítear an iarraidh chuig an mBallstát freagrach agus ina bhfaightear amach go bhfuil sonraí VIS míchruinn ó thaobh fíoras de nó gur taifeadadh go neamhdhleathach iad, déanfaidh an Ballstát freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 24(3), na sonraí sin in VIS a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill agus laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, ar a dhéanaí. Dearbhóidh an Ballstát freagrach gan mhoill i scríbhinn don duine lena mbaineann go bhfuil beart déanta aige chun na sonraí a bhaineann leis nó léi a cheartú nó a léirscriosadh.
I gcás ina ndírítear an iarraidh chuig Ballstát seachas an Ballstát freagrach, rachaidh údaráis an Bhallstáit ar chuige a díríodh an iarraidh i dteagmháil le húdaráis an Bhallstáit fhreagraigh laistigh de thréimhse 7 lá. Leanfaidh an Ballstát freagrach ar aghaidh i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Cuirfidh an Ballstát a chuaigh i dteagmháil le húdarás an Bhallstáit fhreagraigh don duine lena mbaineann ar an eolas gur cuireadh a iarraidh nó a hiarraidh ar aghaidh, faoin mBallstát ar cuireadh chuige í agus faoin gcuid eile den nós imeachta.
De mhaolú ar mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, agus a mhéid a bhaineann le sonraí atá sna tuairimí réasúnaithe atá ar taifead in VIS i gcomhréir le hAirteagail 9e(6), Airteagal 9g(6) agus Airteagal 22b(14) agus (16) mar thoradh ar na cuardaigh de bhun Airteagail 9a agus 22b, agus sa mhéid sin amháin, déanfaidh Ballstát cinneadh gan faisnéis a sholáthar don duine lena mbaineann, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, a mhéid is gá, agus fad a bheidh páirtshrian nó srian iomlán den sórt sin ina bheart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach agus aird cuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
bac ar fhiosrúcháin oifigiúla nó dhlíthiúla, imscrúduithe oifigiúla nó dlíthiúla nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;
dochar do chosc, do bhrath, d'imscrúdú nó d'ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d'fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;
an tslándáil phoiblí a chosaint;
an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó
cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.
Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Ballstát an duine lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi aon diúltú nó srianadh rochtana agus faoi na cúiseanna a bhí leis an diúltú nó leis an srianadh sin. Féadfar faisnéis den sórt sin a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn d'aon cheann de na cúiseanna a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír. Cuirfidh an Ballstát an duine lena mbaineann ar an eolas go bhféadfaí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg.
Déanfaidh an Ballstát doiciméadú ar na cúiseanna fíorasacha nó dlíthiúla ar a mbunaítear an cinneadh gan faisnéis a sholáthar don duine lena mbaineann. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta.
I gcásanna den sórt sin, beidh an duine lena mbaineann in ann a chearta nó a cearta a fheidhmiú trí na húdaráis mhaoirseachta inniúla freisin.
Airteagal 39
Comhar chun cearta cosanta sonraí a áirithiú
Chun na haidhmeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhaint amach, comhoibreoidh údarás maoirseachta an Bhallstáit fhreagraigh agus údarás maoirseachta an Bhallstáit ar chuige a seoladh an iarraidh le chéile.
Airteagal 40
Leigheasanna
Airteagal 41
Maoirsiú arna dhéanamh ag na húdaráis mhaoirseachta
Airteagal 42
Maoirseacht arna déanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Airteagal 43
Comhar idir na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
▼M5 —————
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 45
Cur chun feidhme ag an gCoimisiún
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach d'fhorbairt Lárchóras VIS, na NUInna i ngach Ballstát agus an bhonneagair cumarsáide idir Lárchóras VIS agus na NUInna maidir leis an méid seo a leanas:
dearadh ailtireacht fhisiciúil Lárchóras VIS lena n-áirítear a líonra cumarsáide;
gnéithe teicniúla a mbeidh tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta;
gnéithe teicniúla a mbeidh impleachtaí airgeadais tromchúiseacha acu do bhuiséid na mBallstát nó a mbeidh impleachtaí teicniúla tromchúiseacha acu do na córais náisiúnta;
forbairt ceanglas slándála, lena n-áirítear gnéithe bithmhéadracha.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun bearta a leagan síos a bheidh riachtanach le haghaidh chur chun feidhme teicniúil fheidhmiúlachtaí Lárchóras VIS, go háirithe:
chun na sonraí a iontráil agus chun iarratais a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagail 10 go 14, Airteagal 22a agus Airteagail 22c go 22f;
chun rochtain a fháil ar na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 15, Airteagail 18 go 22, Airteagail 22g go 22k, Airteagail 22n go 22r agus Airteagail 45e agus 45f;
chun sonraí a cheartú, a léirscriosadh agus a luath-léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagail 23, 24 agus 25;
chun na logaí a choimeád agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagal 34;
don sásra ceadaithe agus do na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16;
chun rochtain a fháil ar na sonraí chun críoch tuairiscithe agus staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 45a.
Airteagal 45c
Rochtain ag iompróirí ar shonraí ar mhaithe le fíorú
Airteagal 45d
Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta ag iompróirí na sonraí a rochtain ar chúiseanna teicniúla
Airteagal 45e
Rochtain ar shonraí VIS ag foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach
Airteagal 45f
Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí VIS ag foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach
Chun an rochtain a thabhairt, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:
tabharfaidh an Ballstát óstach údarás do na baill den fhoireann den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach VIS a cheadú chun na haidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh a chomhlíonadh; agus
tá sé riachtanach VIS a cheadú chun na cúraimí sonracha a chuireann an Ballstát óstach ar an bhfoireann a dhéanamh.
Déanfaidh baill de na foirne sonraí VIS a cheadú mar a leanas:
agus na cúraimí a bhaineann le seiceálacha teorann de bhun Rialachán (AE) 2016/399 á bhfeidhmiú, beidh rochtain ag na baill de na foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach ar shonraí VIS chun fíorú a dhéanamh ag pointí trasnaithe teorann seachtraí i gcomhréir le hAirteagal 18 nó 22g den Rialachán seo, faoi seach;
agus fíorú á dhéanamh an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát, beidh rochtain ag baill de na foirne ar shonraí VIS chun fíorú a dhéanamh, laistigh den chríoch, ar náisiúnaigh tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 19 nó 22h den Rialachán seo, faoi seach;
agus aithint á déanamh ar aon duine nach bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh aige nó aici nó nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh aige nó aici, beidh rochtain ag na baill de na foirne ar shonraí VIS chun críoch aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 20 agus 22i den Rialachán seo.
Airteagal 46
Lánpháirtiú fheidhmiúlachtaí teicniúla Líonra Comhairliúcháin Schengen
Tiocfaidh an mheicníocht chomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 in áit Líonra Comhairliúcháin Schengen ón dáta a chinnfear i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(3) tráth a mbeidh na socruithe dlíthiúla agus na socruithe teicniúla i gcomhair úsáid an VIS chun críche comhairliúcháin idir údaráis víosaí láir maidir le hiarratais ar víosaí i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Choinbhinsiún Schengen, curtha in iúl ag na Ballstáit uile a bheidh ag úsáid Líonra Comhairliúcháin Schengen ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
Airteagal 47
Tarchur a thosú
Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá déanta aige chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a tharchur chuig an VIS Láir tríd an gComhéadan Náisiúnta.
Airteagal 48
Oibríochtaí a thosú
Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna dtosóidh an VIS, tráth a mbeidh:
na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(2) glactha;
críoch rathúil ar thástáil chuimsitheach ar an VIS fógartha ag an gCoimisiún, an tástáil sin déanta ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit;
an Coimisiún curtha ar an eolas ag na Ballstáit, tar éis bailíocht na socruithe teicniúla a chinntiú, go mbeidh na socruithe teicniúla agus na socruithe dlíthiúla is gá déanta acu chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhailiú agus a tharchur chuig an VIS maidir le gach iarratas a dhéantar sa chéad réigiún a chinnfear de réir mhír 4, lena n-áirítear socruithe i gcomhair bailiú agus/nó tarchur sonraí thar ceann Ballstáit eile.
Airteagal 48a
Tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 49
Nós imeachta coiste
Airteagal 50
Monatóireacht agus meastóireacht
Cuirfear réiteach teicniúil ar fáil do na Ballstáit chun bailiú na sonraí sin de bhun Chaibidil IIIb a éascú chun críche staidreamh a ghiniúint dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí an réitigh theicniúil a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(2).
Airteagal 51
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN
Liosta de na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 31(2)
1. Eagraíochtaí NA (amhail UNHCR);
2. An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII);
3. Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.
IARSCRÍBHINN II
Tábla Comhfhreagrais
Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS |
Sonraí comhfhreagracha VIS dá dtagraítear in Airteagal 9(4) den Rialachán seo, ar cheart sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leo. |
sloinne (ainm teaghlaigh) |
sloinnte |
sloinne breithe |
sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin); |
céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste) |
céadainm/céadainmneacha |
dáta breithe |
dáta breithe |
áit bhreithe; |
áit bhreithe; |
tír bhreithe |
tír bhreithe |
gnéas |
gnéas |
náisiúntacht reatha |
náisiúntacht nó náisiúntachtaí reatha agus náisiúntacht bhreithe |
náisiúntachtaí eile (más ann dóibh) |
náisiúntacht nó náisiúntachtaí reatha agus náisiúntacht bhreithe |
cineál an doiciméid taistil |
cineál an doiciméid taistil |
uimhir an doiciméid taistil |
uimhir an doiciméid taistil |
tír eisiúna an doiciméid taistil |
an tír a d’eisigh an doiciméad taistil |
( 1 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726, agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
( 2 ) Féach leathanach … den Iris Oifigúil seo.
( 3 ) IO L 243, 15.9.2009, lch. 1
( 4 ) IO L 64, 7.3.2003, lch. 1.
( 5 ) IO L 81, 21.3.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 (IO L 405, 30.12.2006, lch. 23).
( 6 ) IO L 53, 23.2.2002, lch. 4.
( 7 ) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
( 8 ) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnaigh tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, Ich. 20).
( 9 ) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
( 10 ) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 (IO L 343,27.12.2007, lch. 9).
( 11 ) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 337/2007 (IO L 90, 30.3.2007, lch. 1).
( 12 ) Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le forálacha áirithe d'acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).
( 13 ) Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Cinneadh an 16 Meán Fómhair 1998 ón gCoiste Feidhmiúcháin lena mbunaítear Buanchoiste um mheastóireacht a dhéanamh ar Schengen agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
( 14 ) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
( 15 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).