EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1969

Rún (AE) 2023/1969ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

IO L 242, 29.9.2023, p. 559–565 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1969/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/559


RÚN (AE) 2023/1969Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa (roimh an 30 Samhain 2021 an Comhghnóthas Shift2Rail) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0090/2023),

A.

de bhrí gur ghlac an Chomhairle i mí na Samhna 2021 Rialachán (AE) 2021/2085 (an Bunghníomh Aonair) (1), lena mbunaítear an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa chun teacht in ionad an Chomhghnóthais Shift2Rail faoin gclár Fís Eorpach don tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031;

B.

de bhrí gur comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é an Comhghnóthas atá tiomnaithe do bhainistiú agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta miseandírithe ar mhaithe le claochlú mór i gcórais iarnróid san Eoraip; de bhrí go n-áirítear ar phríomhchuspóirí an Chomhghnóthais rannchuidiú leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a bhaint amach, aistriú tapa chuig córas iarnróid Eorpach níos tarraingtí, níos áisiúla don úsáideoir, níos iomaíche, níos inacmhainne, níos fusa le cothabháil, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe a áirithiú, a bheidh comhtháite sa chóras soghluaisteachta trí chéile agus chun tacú le forbairt tionscail iarnróid Eorpaigh atá láidir agus iomaíoch ar fud an domhain;

C.

de bhrí gurb iad na baill bhunaidh an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht air, agus comhpháirtithe an tionscail iarnróid (príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear monaróirí trealaimh iarnróid, cuideachtaí iarnróid, bainisteoirí bonneagair agus ionaid taighde) agus go bhféadfadh eintitis eile a bheith rannpháirteach sa Chomhghnóthas mar bhaill chomhlachaithe; de bhrí nár cheart ranníocaíochtaí na mball seachas an tAontas a bheith teoranta do na costais riaracháin agus an cómhaoiniú is gá chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh, agus dóibh sin amháin, a chumhdach, ach gur cheart baint a bheith acu freisin le gníomhaíochtaí breise;

D.

de bhrí nach mór d’institiúidí uile an Aontais an Rialachán Airgeadais agus na hardchaighdeáin bhainistíochta a urramú;

Ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi go dtugann na cuntais bhliantúla léargas fíorcheart, ar gach slí ábharthach, ar staid airgeadais an Chomhghnóthais amhail an 31 Nollaig 2021, ar thorthaí a chuid oibríochtaí, ar a shreabha airgid, agus ar na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain dar críoch an dáta céanna, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil na hidirbhearta bunaidh sna cuntais, ó thaobh na ngnéithe ábhartha uile de, dlíthiúil rialta;

2.

á aithint go mbeartaítear le Fís Eorpach spriocanna uaillmhianacha don Chomhghnóthas, spriocanna nach féidir a bhaint amach ach amháin má dhéantar réitigh éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh agus lena n-ullmhaítear do na dúshláin a bheidh ann amach anseo a eascróidh as freagrachtaí méadaithe, e.g. i réimse na bainistíochta agus na pleanála acmhainní daonna; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur riosca suntasach earráide atá i ríomhanna agus ceanglais tuairiscithe atá an-chasta agus a bhfuil ualach mór ag baint leo agus á iarraidh, dá bhrí sin, chun féachaint ar na féidearthachtaí atá ann simpliú a dhéanamh nuair is féidir agus ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

3.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, don tréimhse a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2085, gur suas le EUR 600 milliún, lena n-áirítear EUR 50 milliún ar a laghad le haghaidh an Cholúin Chórasaigh agus suas le EUR 24 mhilliún le haghaidh costais riaracháin, a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa, lena n-áirítear leithreasuithe de chuid LEE, chun costais riaracháin agus costais oibriúcháin a chumhdach; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh baill an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa, seachas an tAontas, ranníocaíocht iomlán a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht iomlán EUR 600 milliún ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 24 mhilliún le haghaidh costais riaracháin;

4.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sainmhíniú comhchuibhithe ar ‘chostais riaracháin’ i measc na gComhghnóthas, ar téarma é chun ranníocaíochtaí airgeadais a chomhaltaí a ríomh agus ar réamhchoinníoll é chun críche figiúirí inchomparáide; á iarraidh, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí treoirlínte comhchoiteanna le haghaidh gach Comhghnóthais ionas go mbeidh siad in ann cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh maidir le haicmiú catagóirí áirithe caiteachais riaracháin, amhail caiteachas ar chomhairliúcháin, staidéir, anailís, meastóireachtaí, agus cúnamh teicniúil;

5.

á mheabhrú, chun aeráidneodracht a bhaint amach, gur cheart cuid shuntasach den 75 % den lasta intíre a iompraítear de bhóthar sa lá atá inniu ann a aistriú chuig an iarnród agus chuig uiscebhealaí intíre; ag tabhairt dá haire go mbeidh ról méadaitheach ag an tsoghluaisteacht ilmhódach uathoibrithe agus nasctha, mar aon le córais chliste bainistithe tráchta arna gcumasú ag an digitiú;

6.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Chomhghnóthais, bunaithe ar a fhreagraí ar urscaoileadh Pharlaimint na hEorpa in 2020, chun sineirgí a fhorbairt tuilleadh idir an chomhpháirtíocht nua agus sásraí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear tionscadail arna gcistiú faoi chláir an Aontais amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Plean don Eoraip Dhigiteach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, chomh maith le InvestEU; ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na hiarrachtaí sin gníomhaíochtaí atá beartaithe chun naisc a d’fhéadfadh a bheith ann le cláir eile de chuid an Aontais a chur chun cinn, oibriú leis na Ballstáit i nGrúpa Ionadaithe na mBallstát, agus Grúpa Imscartha a bhunú chun tacú le pleananna imlonnaithe agus infheistíochta a shainaithint agus a ailíniú le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint den obair sin chun córas iarnróid níos inbhuanaithe, níos iontaofa agus níos tarraingtí a bhaint amach;

7.

ag moladh na Straitéise nua um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ón gCoimisiún, a seoladh i mí na Nollag 2020, lena n-áirítear garspriocanna níos nithiúla don earnáil iarnróid chun todhchaí chliste agus inbhuanaithe a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go leagtar síos le Plean Gníomhaíochta 82 thionscnamh an bunús don chaoi ar féidir le córas iompair AE a chlaochlú glas agus digiteach a bhaint amach agus a bheith níos athléimní i gcoinne géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo;

8.

ag tabhairt chun suntais gur cheart don chlár Fís Eorpach rannchuidiú leis an méadú 50 % ar thrácht iarnróid ardluais faoi 2030; á chur i bhfáth gur cheart an taisteal comhchoiteann sceidealta de níos lú ná 500 km a bheith neodrach ó thaobh carbóin de laistigh den Aontas, gur cheart soghluaisteacht uathoibrithe a imlonnú ar mhórscála agus gur cheart an trácht lasta iarnróid a dhúbailt faoi 2050; á mheabhrú gur cheart go mbeadh trácht iarnróid ardluais faoi thrí agus gur cheart an Gréasán Tras-Eorpach Iompair ilmhódach (TEN-T) a fheistiú le haghaidh iompar inbhuanaithe agus cliste le nascacht ardluais a bheith oibríochtúil don chroíghréasán faoi 2030; á chur i bhfáth go bhfuil imscaradh iomlán ERTMS faoi 2030 ina ábhar tosaíochta is airde;

9.

ag tabhairt dá haire gur féidir leis an gclaochlú digiteach feabhas a chur ar na héiceachórais a bhaineann le soghluaisteacht agus iompar; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an digitiú feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil agus costais agus, ag an am céanna, leibhéil sábháilteachta a mhéadú a chuireann le cáilíocht saoil níos airde; á iarraidh go mbeadh leibhéil níos airde uathoibrithe ann, go mbeadh nascacht níos tapúla agus níos iontaofa ann agus go ndéanfaí mórathrú ar bhainistiú na seirbhíse soghluaisteachta ó thaobh TF de; á chreidiúint go bhféadfadh an pobal tairbhe a bhaint freisin as nascacht idirlín thapa do phaisinéirí ar fhormhór na stáisiún agus na línte, teileamaitice atá dírithe ar an úsáideoir agus ilmhódúlacht éascaithe;

10.

á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Chomhghnóthais gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a éascú chun gréasán iarnróid Eorpach comhtháite a sheachadadh trí dhearadh, trí dheireadh a chur le bacainní ar idir-inoibritheacht agus trí chóras iarnróid cliste, inbhuanaithe agus athléimneach a sheachadadh chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le héabhlóid an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid chun nascacht ar fud an Aontais a áirithiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú leis an gComhghnóthas i bhfianaise bhuntáistí an iarnróid i dtéarmaí feidhmíochta agus sábháilteachta comhshaoil;

11.

ag tréaslú leis an gComhghnóthas as tuairisciú leanúnach, gníomhach a dhéanamh ar rannchuidiú an Chomhgnóthais le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith lena rannchuidiú leis na spriocanna a leagtar amach i Straitéis an Choimisiúin um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus sa Deacáid Dhigiteach, agus, ar an gcaoi sin, a ailíniú féideartha le spriocanna straitéiseacha an Aontais a uasmhéadú;

12.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar an Chomhghnóthais leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid chun idir-inoibritheacht a áirithiú do na tionscadail fhorbartha;

13.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús oifigiúil leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa an 30 Samhain 2021;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

14.

á chur i bhfios go láidir nach n-áirítear i mbuiséad an Chomhghnóthais 2021 aon leithreasuithe ioncaim nó gealltanais/íocaíochta i ndáil le hacmhainní an Chomhghnóthais a thagann ó Fís Eorpach nó óna bhaill phríobháideacha agus nach bhfuil ann ach leithreasuithe a bhaineann le Comhghnóthas Shift2Rail agus le baill de Chomhghnóthas Shift2Rail;

15.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh in 2021, maidir le buiséad an Chomhghnóthais, mar a glacadh é ar deireadh, lena n-áirítear leithreasuithe blianta roimhe sin nár úsáideadh, a d’athiontráil an Comhghnóthas i mbuiséad na bliana reatha, ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí go dtí an chéad bhliain eile, gurbh ionann an buiséad sin agus EUR 13,625 milliún (EUR 84,1 milliún in 2020) i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 68,440 milliún (EUR 75,8 milliún in 2020) i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

16.

á chur in iúl gur geal léi, ag deireadh na bliana 2021, go raibh 100 % dá leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a cuireadh ar fáil ina bhuiséad gníomhach curtha chun feidhme ag an gComhghnóthas, lena n-áirítear caiteachas foirne agus riaracháin, agus go ndearna na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a chur chun feidhme i gcás 85 % de na cistí gníomhacha; ag tabhairt dá haire go raibh an cur chun feidhme i gcomparáid le buiséad iomlán an Chomhghnóthais, lena n-áirítear leithreasuithe nár úsáideadh sa bhliain reatha, ar leibhéal 100 % ó thaobh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de agus ar leibhéal 63 % ó thaobh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí de;

17.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ag deireadh 2021, a ranníoc na baill phríobháideacha EUR 189,6 milliún bailíochtaithe san iomlán, arb éard a bhí ann EUR 10,5 milliún d’airgead tirim, EUR 179,1 milliún de ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe, agus ina theannta sin EUR 208,8 milliún san iomlán de ranníocaíochtaí comhchineáil le gníomhaíochtaí breise, i gcomparáid le EUR 339,2 milliún de ranníocaíocht iomlán airgid thirim ón Aontas;

18.

ag tabhairt dá haire gur sheol an Comhghnóthas glao deiridh i leith an chláir Fís 2020 i mí Aibreáin 2021; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, leis an nglao sin, ag deireadh 2021, a bhí beagnach EUR 385,5 milliún de ranníocaíocht uasta an Aontais geallta ag an gComhghnóthas le haghaidh comhaontuithe deontais sínithe de chuid Fís 2020, agus go bhfuil thart ar EUR 96,4 milliún (25 %) de sin fós le híoc sna blianta seo romhainn; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh gealltanas dlíthiúil tugtha ag na baill phríobháideacha ranníocaíochtaí comhchineáil EUR 572,6 milliún a sholáthar;

19.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas 100 % dá bhuiséad gealltanas a bhí ar fáil do thionscadail Fís 2020 a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur thit an ráta cur chun feidhme i ndáil le buiséad íocaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais a bhí ar fáil in 2021, lena n-áirítear leithreasuithe oibríochtúla nár úsáideadh agus leithreasuithe ath-leithdháilte, go 61 % (2020: 76 %); á chur in iúl gur eol di gurb éard ba chúis leis an staid sin den chuid is mó droch-cháilíocht thuarascálacha teicniúla na dtairbhithe nó gur ghá fianaise bhreise lena ndearbhaítear gur baineadh amach torthaí an tionscadail a iarraidh ar na tairbhithe; á iarraidh ar an gComhghnóthas féachaint ar aon mhodhanna breise chun na rialacha tuairiscithe a éascú maidir le torthaí tionscadail a bhaint amach chun moilleanna a sheachaint amach anseo; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurb éard atá i mbunáite íocaíochtaí an Chomhghnóthais cnapshuimeanna a íoctar le haghaidh pacáistí oibre tionscadail arna gcur chun feidhme i gceart ag tairbhithe iolracha; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, dá bhrí sin, mar gheall ar an moill a bhaineann le tairbhí aonair, go ndéantar difear d’íoc mhéid iomláin na cnapshuime a bhaineann leis an bpacáiste oibre;

20.

ag tabhairt dá haire gur éirigh leis an gComhghnóthas breis agus 70 íocaíocht a bhaineann le tairiscintí oibríochtúla agus le comhaontuithe deontais a dhéanamh agus gurbh é EUR 39,3 milliún luach iomlán na n-íocaíochtaí sin; ag tabhairt dá haire gur chuir an Comhghnóthas chun suntais don bhord rialaithe a thábhachtaí atá cáilíocht thuairisciú na dtairbhithe agus a riachtanaí atá sé go gcomhlíonfadh tairbhithe agus/nó conraitheoirí spriocdhátaí agus gur chuir sé in iúl don bhord rialaithe i mí na Samhna 2021 go bhfanfadh thart ar EUR 17,5 milliún de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí gan úsáid ag deireadh na bliana de bharr na tairbhithe a bheith mall ag tíolacadh iarrataí íocaíochta agus doiciméid bhunúsacha; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh ar an gComhghnóthas an méid sin a aistriú chuig na leithreasuithe nár úsáideadh chun iad a athscríobh sna leithreasuithe íocaíochta i leith 2022: ag tabhairt dá haire gurb é tuairim an Chomhghnóthais gur bhain sé amach, leis an ath-leithdháileadh sin, ráta cur chun feidhme 84 % le haghaidh íocaíochtaí oibríochtúla (caiteachas oibríochtúil);

Feidhmíocht

21.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, le linn 2021, atá tuilleadh dul chun cinn déanta ag an gComhghnóthas maidir leis an gClár Shift2Rail a thabhairt i gcrích, cé go ndearna paindéim COVID-19 difear do na gníomhaíochtaí oibríochtúla, agus moill bhreise tuairim is sé mhí bhreise á cur ar aschuir an chláir i gcomparáid le moilleanna 2020, mar gheall, go háirithe, ar an méadú a tháinig ar líon na ngníomhaíochtaí taispeána ar an láthair a bhí gníomhach in 2021; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil bainistiú fónta airgeadais éifeachtach éifeachtúil á áirithiú de thoradh an chórais rialúcháin inmheánaigh atá i bhfeidhm;

22.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2021, a rinne an Comhghnóthas dhá dheontas ar luach iomlán EUR 2,34 milliún a dhámhachtain agus a shíniú, i réimsí ‘tionchar agus tairbhí taighde agus nuálaíochta chun an t-iarnród a dhéanamh tarraingteach do gheallsealbhóirí’ agus ‘nuálaíocht um chúplaire digiteach Uathoibrithe don Chlár Seachadta Eorpach’;

23.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, faoi dheireadh 2021, a bhain an Clár Shift2Rail garspriocanna ríthábhachtacha amach i dtéarmaí chur chun feidhme an Chláir agus go ndearnadh beagnach gach acmhainn de chuid an Chomhghnóthais Shift2Rail a ghealladh do ghníomhaíochtaí an Chláir agus go raibh na gníomhaíochtaí beartaithe uile a bhaineann le Clár Nuálach/Gníomhaíochtaí Trasearnálacha á reáchtáil i dtionscadail ar deonaíodh cistiú dóibh; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil, ar an meán, beagnach 75 % den Chlár tugtha i gcrích d’fhonn go mbainfí amach na taispeántais oibríochtúla ar leibhéal ullmhachta teicneolaíochta 6/7 (2) atá beartaithe a chur i gcrích le linn 2023; ag tabhairt dá haire go meastar gurb é EUR 123,5 milliún luach iomlán na ngníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích in 2021, agus go ndearna na baill eile, seachas an tAontas Eorpach, luach EUR 113,6 milliún de sin a chur i gcrích;

24.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, le linn 2021, a rinne an Chomhghnóthas measúnú ar a chuid taighde agus gníomhaíochtaí nuálaíochta trí chleachtadh tríú geata rialaithe; ag tabhairt dá haire gur cuireadh san áireamh sa chleachtadh sin na táirgí insoláthartha agus na tuarascálacha a tíolacadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe bhliantúil ar na tionscadail ghníomhacha arna gcomhordú ag an mball eile de chuid Shift2Rail (an tAontas agus na baill chomhlachaithe). D’áirithigh an Comhghnóthas freisin trí bhíthin an phróisis sin gur cuireadh i bhfeidhm i gceart na moltaí a rinneadh sa mheasúnú geata rialúcháin roimhe sin; ag tabhairt dá haire gurb é an toradh foriomlán gur bhain an clár tairbhe as an aiseolas sin, a bhí bunaithe freisin ar shaineolas seachtrach;

Foireann agus soláthar

25.

ag tabhairt dá haire go raibh 19 mball foirne, lena n-áirítear 1 saineolaí náisiúnta ar iasacht, ar fáil an 31 Nollaig 2021 de bharr earcaíocht a bhí ar siúl/ar feitheamh; ag tabhairt dá aire gurb amhlaidh, de réir Phlean Bunaíochta Foirne an Chomhghnóthais, gur cheart go mbeadh 23 phost ann faoi dheireadh na bliana 2021;

26.

ag tabhairt dá haire, mar gheall ar sheoladh an Chomhghnóthais nua um Iarnród na hEorpa ón 30 Samhain 2021, gurb é an plean a glacadh i gcomhthéacs an Chomhghnóthais Shift2Rail, go fóill féin, an Plean Bunaíochta Foirne; ag tabhairt dá haire nár ghlac an bord rialaithe an plean bunaíochta foirne nua go dtí an 1 Márta 2022;

27.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, gur úsáideadh an caiteachas foirne go príomha le haghaidh thuarastail fhoireann an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur bhain an Comhghnóthas úsáid freisin as tacaíocht sheachtrach, chun bearnaí a líonadh le linn an phróisis earcaíochta de dhroim iomlaoid foirne agus chun déileáil leis an ualach oibre suntasach a bhain le gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais;

28.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh meánráta bliantúil na foirne eatramhaí fós ard, arbh ionann é agus 18 % den fhoireann reachtúil; á mheabhrú gur gnách méadú suntasach ar ráta athraithe foirne Chomhghnóthas IHI a bheith mar thoradh ar ardleibhéal na foirne conarthaí agus go ndéanann sé an staid foirne a dhíchobhsú tuilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart fós gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhaintear as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht an Chomhghnóthais ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta, díospóidí féideartha breithiúnacha agus éifeachtúlacht foirne níos ísle; á mheabhrú, áfach, gur cheart don Chomhghnóthas samhail nó treoraíocht fhoirmiúil a fhorbairt faoin gcaoi le riachtanais foirne (lena n-áirítear inniúlachtaí bunriachtanacha) a mheas, agus é mar chuspóir leis sin an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní foirne;

29.

á chur in iúl gur oth léi, in 2021, go raibh iomlaoid foirne fós ard agus gur fhág roinnt baill foirne agus saineolaí náisiúnta ar iasacht amháin an Comhghnóthas; ag tabhairt dá haire gurb éard ba chúis leis sin, i measc gnéithe eile, go bhfuil Comhghnóthais eile de chuid an Aontais in ann poist mar Ghníomhaire Sealadach a thairiscint in ionad poist mar ghníomhaire ar Conradh; á iarraidh go ndéanfadh acmhainní daonna iarrachtaí breise chun iomlaoid foirne a íoslaghdú;

30.

á chur in iúl gur geal léi, mar a bhí amhlaidh cheana féin in 2020, gur lean an Comhghnóthas ar aghaidh freisin in 2021 de chur chuige an Choimisiúin a leanúint mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 trí bhearta speisialta, a ceapadh chun baill foirne a chosaint, a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur áirithíodh é sin trí shocruithe teilea-oibre a chur i bhfeidhm, agus, nuair a bhíothas ag obair ar an láthair, trí theagmhálacha fisiciúla idir comhghleacaithe a laghdú agus trí úsáid a bhaint as bearta cosanta; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Comhghnóthas a dhícheall dul i ngleic le héifeachtaí diúltacha na paindéime ar mheabhairshláinte na foirne trí chlár folláine a thabhairt isteach cheana féin in 2020;

31.

ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021, ó thaobh cothromaíocht inscne de, go bhfuil céatadán níos ísle ban sa bhord rialála ag an gComhghnóthas ná mar a bhí sa bhliain roimhe sin, eadhon 10 % agus 13 % faoi seach, agus na comhaltaí boird a bhíonn ag malartú á gcur san áireamh, agus 33 % mar chéatadán na mban sa ghrúpa ionadaithe agus sa choiste eolaíoch, amhail in 2019 agus 2020; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil laghdú tagtha ar na figiúirí sin nó go bhfuil siad gan athrú i gcomparáid le blianta roimhe sin agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe ó thaobh cothromaíocht inscne de;

32.

ag tabhairt dá haire, maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí soláthair, gur chomhlíon an Comhghnóthas prionsabail Rialachán Airgeadais an Aontais agus an treoraíocht a thugtar i dTreoir an Choimisiúin Eorpaigh maidir le soláthar; ag tabhairt dá haire go bhfuarthas, dá thoradh sin, an luach is fearr ar airgead ó thaobh cur chun feidhme gníomhaíochtaí de; na luachanna arna mbunú do na nósanna imeachta éagsúla soláthair, atá faoi bhun aon leibhéal ábharthachta i bhfianaise luach iomlán na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus an chláir, is toradh iad ar chomheolas na mball foirne lena mbaineann agus ar a dtaithí in eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí roimhe seo;

33.

ag tabhairt dá haire, tar éis bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), go gcomhaontaíonn an Comhghnóthas ranníocaíochtaí pinsin a fhostóra a íoc i gcomhréir leis an ríomh atá le soláthar ag seirbhísí an Choimisiúin, a luaithe a dheimhneofar gnéithe dlíthiúla agus á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun saincheisteanna comhchosúla a sheachaint amach anseo; á iarraidh ar an gComhghnóthas gan fanacht ar ríomh deiridh na ranníocaíochtaí gan íoc, ach an oibleagáid sin a bhreithniú nuair a dhéantar a bhuiséad amach anseo a phleanáil, amhail trí fhabhrú comhfhreagrach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin;

34.

ag moladh an Chomhghnóthais as príomhspriocanna a shainiú chun ról an iarnróid sa chóras iompair a neartú ina Chlár Gníomhaíochta Ilbhliantúil, chun a rannchuidiú a uasmhéadú chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

35.

ag moladh, don bhliain 2021, na maoirseachta leanúnaí atá á déanamh ag an gClároifig ar chur chun feidhme 105 thionscadal agus chonradh oibríochtúla de chuid an Chláir Shift2Rail, a bronnadh agus a síníodh ó 2016 i leith, as luach iomlán taighde agus nuálaíochta arb ionann é agus EUR 805,1 milliún;

36.

ag tabhairt dá haire go raibh ról gníomhach ag an gComhghnóthas maidir le hinfheictheacht na hearnála le linn Bhliain an Iarnróid 2021;

37.

ag moladh tuairisciú leanúnach an Chomhghnóthais, ó 2018 i leith, maidir lena rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach;

38.

ag cur sonrú in éifeacht leanúnach phaindéim COVID-19 ar ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais, a réamhtheachtaí, agus na hearnála iarnróid i gcoitinne agus na moilleanna breise a eascraíonn as sin i gcuid d’aschur an chláir, mar a thuairiscítear i dtuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais; á iarraidh go ndéanfaí aird a thabhairt ar an bhfíric atá curtha i bhfios go láidir ag an gComhghnóthas, go leanfaidh an phaindéim de thionchar a imirt ar oibríochtaí áirithe san earnáil iarnróid fiú tar éis do na héifeachtaí is tromchúisí a bheith ag dul ar gcúl; ag moladh agus ag spreagadh, dá bhrí sin, an Chomhghnóthais leanúint leis an anailís riosca mhionsonraithe agus leis na pleananna maolaithe atá curtha i gcrích ag a chlárfhoireann agus a chomhordaitheoirí tionscadail ó thús phaindéim COVID-19;

Iniúchadh Inmheánach

39.

ag tabhairt dá haire gur dheimhnigh seirbhís um iniúchadh inmheánach an Choimisiúin nach raibh aon lagú ar an oibiachtúlacht aonair in 2021, go háirithe trí choinbhleacht leasa, trí theorainneacha raoin feidhme, trí shrianta ar rochtain ar thaifid, ar phearsanra agus ar airíonna, nó trí theorainneacha acmhainní;

40.

ag tabhairt dá haire, tar éis dó measúnú riosca a dhéanamh sa Chomhghnóthas le linn 2020, gur dhréachtaigh an t-iniúchóir inmheánach an plean um iniúchadh inmheánach straitéiseach le haghaidh 2021-2023; ag tabhairt dá haire, in R4 2021, gur chuir an Comhghnóthas nuashonrú ar fáil don tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach maidir leis na forbairtí inmheánacha agus seachtracha a raibh tionchar acu ar a ghnó, chomh maith lena leagan nuashonraithe den chlár rioscaí; ag tabhairt dá haire go gcuirfidh an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach an t-ionchur sin san áireamh agus pleanáil á déanamh aige ar an obair iniúchta le haghaidh 2022 agus chun an chéad mheasúnú riosca domhain eile agus an plean straitéiseach iniúchta inmheánaigh i leith EU-Rail a bhunú;

41.

ag tabhairt dá haire gur sheol an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach, in 2021, ‘Iniúchadh ar chur chun feidhme agus dúnadh na ndeontas faoi Fís 2020’ agus é mar chuspóir leis an iniúchadh sin measúnú a dhéanamh ar leormhaitheas dhearadh agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm sa Chomhghnóthas chun comhaontuithe deontais faoi Fís 2020 a chur chun feidhme agus a dhúnadh; á iarraidh ar an gComhghnóthas freagra a thabhairt ar an údarás um urscaoileadh maidir le torthaí an iniúchta;

Rialú inmheánach

42.

ag tabhairt dá haire, in 2020, gur ghlac an Comhghnóthas creat rialaithe inmheánaigh athbhreithnithe agus go ndearnadh an chéad fhéinmheasúnú bliantúil ar an gcreat rialaithe inmheánaigh athbhreithnithe i Ráithe 1, 2021 chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht agus éifeachtacht na rialuithe inmheánacha, ag féachaint siar go 2020, agus léiriú a thabhairt ar an staid reatha i ngníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh a bhí ann an tráth sin;

43.

ag tabhairt dá haire, ar an gcaoi chéanna leis sin, go ndearnadh measúnú bliantúil nua faoi chuimse creat rialaithe inmheánaigh i Ráithe 1, 2022, ina ndearnadh meastóireacht ar an staid in 2021 ar leibhéal na 17 bprionsabal aonair dá chuid, na gcúig chomhchuid dá chuid, agus ó thaobh an chreata ina iomláine; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an measúnú sin ar bhonn 53 tháscaire agus an fhaisnéis ábhartha uile a bhí le fáil an tráth sin á cur san áireamh, lena n-áirítear na torthaí ó iniúchtaí inmheánacha/seachtracha roimhe sin agus na taifid i gclár na n-eisceachtaí agus na dteagmhas neamhchomhlíontachta a choimeádann an Comhghnóthas; ag tabhairt dá haire, tar éis measúnú cuí a dhéanamh, nár sainaithníodh aon easnaimh ábhartha sna rialuithe inmheánacha; ag tabhairt dá haire go bhfuarthas amach gur ann do phrionsabail uile agus comhpháirteanna aonair an chreata rialaithe inmhéanaigh agus go bhfuil siad ag feidhmiú go maith;

44.

ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, maidir le híocaíochtaí Fís 2020, go bhfuil an Chomhsheirbhís Iniúchta in AS RDT sa Choimisiún freagrach as an iniúchadh ex post; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na torthaí iniúchta ex post a bhí le fáil ag deireadh 2020, gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 2,3 % (2,9 % in 2020) agus ráta earráide iarmharach 1,6 % (1,99 % in 2020) i leith thionscadail Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh);

45.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh randamach ar shampla d’íocaíochtaí Fís 2020 a rinneadh in 2021, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun na rátaí earráidí san iniúchadh ex post a chomhthacú; ag tabhairt dá haire nár aimsigh an Chúirt aon earráidí ná laigí rialúcháin ag tairbhithe an Chomhghnóthais a sampláladh;

46.

á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh na Comhghnóthais uile in 2022 ar ghníomhaíochtaí le haghaidh laghduithe ar an ráta earráide a chur chun feidhme i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, lena n-áirítear féachaint ar na roghanna maidir le foirmeacha simplithe costas amhail costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, lenar díríodh ar chineálacha tairbhithe ar gnách leo earráidí a dhéanamh amhail FBManna agus tairbhithe nua;

47.

ag tabhairt dá haire, ar an gcaoi chéanna leis an gcaoi a ndéileáiltear le coinbhleachtaí leasa féideartha, agus chun na ceanglais a eascraíonn as a chomhghníomh maidir leis an ábhar sin a chur chun feidhme, gur ghlac an Comhghnóthas na rialacha faoi seach trína chreat dlíthiúil inmheánach i ndáil lena Bhaill, lena fhoireann, agus le comhaltaí a bhoird rialaithe, agus go bhfuil dearbhuithe bliantúla leasanna chomhaltaí a bhoird rialaithe le fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil an Chomhghnóthais.

(1)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(2)  Leibhéal Ullmhachta Teicneolaíochta a shroicheann 6 ar a laghad – teicneolaíocht arna cur ar taispeáint sa timpeallacht ábhartha;


Top