EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0341

Cás T-341/22: Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2022 – Deutsche Bank v EUIPO – Operación y Auditoria (avanza Tu negocio)

IO C 294, 1.8.2022, p. 34–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/34


Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2022 – Deutsche Bank v EUIPO – Operación y Auditoria (avanza Tu negocio)

(Cás T-341/22)

(2022/C 294/49)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Deutsche Bank, SA Española (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: I. Valdelomar Serrano, J. Rodriguez Fuensalida, P. Ramells Higueras agus A. Figuerola Moure, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Operación y Auditoria, SA de CV, SOFOM, ENR (Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh avanza Tu negocio – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 208 813

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Márta 2022 i gcás R 1808/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a rialú gur cuireadh Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i bhfeidhm go mícheart sa chinneadh a chonspóidtear;

rialú a dhéanamh go ndiúltaítear cosaint do na seirbhísí go léir a thagann faoi réim aicme 36 dá dtagraítear in iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 2018 813 avanza Tu negocio (fíortha); agus

a ordú don chosantóir na costais a íoc, lena n-áirítear na costais ionadaíochta arna dtabhú ag an iarratasóir, a bhaineann leis na himeachtaí seo.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top