This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TB0328
Case T-328/21: Order of the General Court of 2 May 2022 — Airoldi Metalli v Commission (Action for annulment — Dumping — Imports of aluminium extrusions originating in China — Act imposing a definitive anti-dumping duty — Importer — Regulatory act entailing implementing measures — Act not of individual concern — Inadmissibility)
Cás T-328/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Bealtaine 2022 – Airoldi Metalli v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Dumpáil – Allmhairí easbhrúite alúmanaim de thionscnamh na Síne – Cinneadh lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach – Allmhaireoir – Gníomh rialaitheach lena bhforáiltear bearta cur chun feidhme – Easpa cúraim aonair – Do-ghlacthacht)
Cás T-328/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Bealtaine 2022 – Airoldi Metalli v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Dumpáil – Allmhairí easbhrúite alúmanaim de thionscnamh na Síne – Cinneadh lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach – Allmhaireoir – Gníomh rialaitheach lena bhforáiltear bearta cur chun feidhme – Easpa cúraim aonair – Do-ghlacthacht)
IO C 284, 25.7.2022, p. 33–34
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 284/33 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Bealtaine 2022 – Airoldi Metalli v an Coimisiún
(Cás T-328/21) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Dumpáil - Allmhairí easbhrúite alúmanaim de thionscnamh na Síne - Cinneadh lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach - Allmhaireoir - Gníomh rialaitheach lena bhforáiltear bearta cur chun feidhme - Easpa cúraim aonair - Do-ghlacthacht)
(2022/C 284/43)
Teanga an cháis: an Bhéarla
Páirtithe
Iarratasóir: Airoldi Metalli SpA (Molteno, an Iodáil) (ionadaithe: M. Campa, M. Pirovano, D. Rovetta, G. Pandey, P. Gjørtler agus V. Villante, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/546 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 109, 30.3.2021, lch. 1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean as bheith do-ghlactha. |
2) |
Ordaítear do Airoldi Metalli SpA na costais a íoc. |