This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0192
Decision No 3/2023 of the Eu-Ukraine Association Committee in Trade Configuration of 30 November 2023 on the positive assessment of phase 2 as set out in Annex XXI-A to Chapter 8 of the Association Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community and their Member States, of the one part, and Ukraine, of the other part [2024/192]
Cinneadh Uimh. 3/2023 ón gCoiste Comhlachais AE-An Úcráin i gCumraíocht Trádála an 30 Samhain 2023 maidir leis an measúnú dearfach ar Chéim 2 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI-A a ghabhann le Caibidil 8 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile [2024/192]
Cinneadh Uimh. 3/2023 ón gCoiste Comhlachais AE-An Úcráin i gCumraíocht Trádála an 30 Samhain 2023 maidir leis an measúnú dearfach ar Chéim 2 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI-A a ghabhann le Caibidil 8 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile [2024/192]
PUB/2023/1792
IO L, 2024/192, 5.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/192/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/192 |
5.1.2024 |
CINNEADH Uimh. 3/2023 ón gCOISTE COMHLACHAIS AE-AN ÚCRÁIN I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA
an 30 Samhain 2023
maidir leis an measúnú dearfach ar Chéim 2 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI-A a ghabhann le Caibidil 8 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile [2024/192]
TÁ AN COISTE COMHLACHAIS I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 153 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), síníodh é an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
(2) |
Aithnítear sa Bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú tiomantas na hÚcráine a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais, de réir mar a leagtar amach sa Chomhaontú, agus í a chur chun feidhme go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch de réir a chéile agus le comhlachas polaitiúil na hÚcráine leis an Aontas a dhoimhniú. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 154 den Chomhaontú, comhaontaíonn na Páirtithe gur de réir a chéile agus go comhuaineach a bhainfear amach oscailt éifeachtach chómhalartach a margaí féin i réimse an tsoláthair phoiblí faoi seach. |
(4) |
De bhun Airteagal 153(1) agus (2) den Chomhaontú, áiritheoidh an Úcráin go mbeidh a reachtaíocht reatha agus an reachtaíocht a bheidh aici amach anseo maidir le soláthar poiblí i gcomhréir, de réir a chéile, le acquis soláthair phoiblí an Aontais. Déanfar an comhfhogasú reachtach sin i gcéimeanna leantacha mar a leagtar amach sa sceideal in Iarscríbhinn XXI-A (Sceideal Ama Táscach maidir le hAthchóiriú Institiúideach, Comhfhogasú Reachtach agus Rochtain ar an Margadh) a ghabhann le Caibidil 8 den Chomhaontú(‘Iarscríbhinn XXI-A’). |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 153(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála meastóireacht ar chur chun feidhme gach céime a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI-A a ghabhann le Caibidil 8. D’fhéadfadh measúnú dearfach ar chur chun feidhme céime a bheith mar thoradh ar an meastóireacht sin trí bhíthin Cinneadh ón gCoiste sin. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 153(3) den Chomhaontú, ní dhéanfaidh an Coiste Comhlachais i gCumraíocht Trádála meastóireacht ar chéim ina dhiaidh sin go dtí go mbeidh na bearta chun an chéim roimhe sin a chur chun feidhme déanta agus formheasta. Le Cinneadh 2/2023 ón gCoiste Comhlachais AE-an Úcráin i gcumraíocht Trádála tugadh measúnú dearfach ar chur chun feidhme chéim 1, rud a d’fhág gurbh fhéidir meastóireacht agus measúnú dearfach a dhéanamh ar chur chun feidhme chéim 2 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI-A. |
(7) |
In Iarscríbhinn XXI-A, leagtar síos na ceanglais atá le comhlíonadh ag an Úcráin maidir le céim 2 a chur chun feidhme. |
(8) |
Tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar bhonn an dlí airm atá i bhfeidhm san Úcráin agus ar feadh ré an dlí sin, tá eisceachtaí sealadacha tugtha isteach ag an Úcráin óna reachtaíocht soláthair phoiblí trí bhíthin rún. Tá an measúnú ar chur chun feidhme chéim 2 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI-A bunaithe ar thiomantas na hÚcráine na heisceachtaí sealadacha ón reachtaíocht soláthair phoiblí a tharraingt siar laistigh de 90 lá ó dháta foirceanta nó cealaithe chóras dlíthiúil an dlí airm san Úcráin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tugtar measúnú dearfach maidir le cur chun feidhme chéim 2 ag an Úcráin mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI-A , bunaithe ar na cúiseanna a thugtar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Glacadh an cinneadh seo sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Úcráinis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na teangacha sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Samhain 2023.
Thar ceann an Choiste Comhlachais i gcumraíocht naTrádála
An Cathaoirleach
Leon DELVAUX
Na rúnaithe
Thar ceann na hÚcráine
Oleksandra NECHYPORENKO
Thar ceann an Aontas Eorpaigh
Fredrik BECKVID TRANCHELL
IARSCRÍBHINN
I gcomhréir le hIarscríbhinn XXI-A , is ceanglas maidir le Céim 2 a chur chun feidhme é ‘comhfhogasú agus cur chun feidhme bhuneilimintí Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Threoir 89/665/CEE ón gComhairle (2).
Buneilimintí Threoir 2014/24/AE an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí
Leagtar amach buneilimintí Threoir 2014/24/AE in Iarscríbhinn XXI-B (Buneilimintí Threoir 2014/24/AE an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí) a ghabhann le Caibidil 8 den Chomhaontú.
Dlí Uimh. 114-IX na hÚcráine ‘Maidir le Leasuithe ar Dhlí na hÚcráine “Maidir le soláthar poiblí” agus le gníomhartha reachtacha áirithe eile de chuid na hÚcráine maidir le feabhas a chur ar sholáthar poiblí’ (‘Dlí Soláthair Phoiblí’) a ghlac Parlaimint na hÚcráine an 19 Meán Fómhair 2019 agus lena modhnaítear Dlí Uimh. 922-VIII na hÚcráine an 25 Nollaig 2015 ‘I ndáil le Soláthar Poiblí’, arb é is aidhm dóibh comhfhogasú le buneilimintí Threoir 2014/24/AE a áirithiú.
Sainítear sa Dlí Soláthair Phoiblí raon feidhme a chur i bhfeidhm lena gcumhdaítear ceannach earraí, seirbhísí agus oibreacha ag údaráis chonarthacha. Déantar sainmhíniú breise ar údaráis chonarthacha sa Dlí Soláthair Phoiblí lena n-áirítear formhór na n-eilimintí a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE. Thairis sin, áirítear sa Dlí Soláthair Phoiblí sainmhínithe éagsúla a d’fhéadfaí a mheas, i gcoitinne, a bheith comhoiriúnach le Treoir 2014/24/AE. Tá feidhm ag an Dlí Soláthair Phoiblí maidir le ceannach earraí, seirbhísí, oibreacha ar mó a luach ná an luach tairsí, mar a leagtar amach in Airteagal 3 den dlí sin agus atá níos ísle ná an luach tairsí a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE. San Ordú ó Aireacht na hÚcráine um Fhorbairt Eacnamaíoch, Trádála agus Talmhaíochta Uimh. 275 an 18.2.2020 ‘Maidir le modh comhfhogasaithe a fhormheas chun luach ionchasach an ábhair soláthair a chinneadh’, áirítear roinnt forálacha maidir leis na modhanna chun luach ionchasach an tsoláthair a ríomh.
De bhun an Dlí Soláthair Phoiblí, cuirtear nósanna imeachta soláthair phoiblí san Úcráin i gcrích i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
(1) |
iomaíocht chóir i measc tairgeoirí; |
(2) |
an choigilt costais, an éifeachtúlacht agus an chomhréireacht is mó is féidir; |
(3) |
oscailteacht agus trédhearcacht ag gach céim den phróiseas soláthair; |
(4) |
neamh-idirdhealú tairgeoirí agus cóir chomhionann leo; |
(5) |
meastóireacht oibiachtúil neamhchlaonta ar thairiscintí agus dámhachtain oibiachtúil neamhchlaonta; |
(6) |
cleachtais agus mí-úsáid éillitheach a chosc. |
Foráiltear leis an Dlí Soláthair Phoiblí go mbeidh tairgeoirí intíre agus eachtrannacha, gan beann ar a gcineál úinéireachta agus a struchtúr dlíthiúil gnó, rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair ar choinníollacha comhionanna.
Leis an leasú ar an Dlí Soláthair Phoiblí trí bhíthin an Dlí ‘Maidir le Leasuithe ar Dhlí na hÚcráine ‘i ndáil le Soláthar Poiblí’ chun Réamhchoinníollacha a chruthú don Fhorbairt Inbhuanaithe agus don Nuachóiriú ar an Tionscal Intíre’ Uimh. 1977-IX, a glacadh an 16 Nollaig 2021, tugadh isteach ceanglais shealadacha maidir le hábhar sealadach intíre le haghaidh soláthar poiblí ar feadh tréimhse 10 mbliana. Níl feidhm ag na ceanglais sin maidir le soláthairtí a thagann faoi fhorálacha Dhlí Uimh. 1029-VII na hÚcráine an 16 Márta 2016 ‘Maidir le hAontachas na hÚcráine leis an gComhaontú maidir le Soláthar Poiblí’, ná leis na forálacha maidir le soláthar poiblí conarthaí idirnáisiúnta eile de chuid na hÚcráine a d’fhormheas Verkhovna Rada na hÚcráine. Dá bhrí sin, níl feidhm ag ceanglais na n-ábhar intíre sin maidir le tairiscintí arna moladh ag oibreoirí eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh – bídís bunaithe san Úcráin nó ná bídís – ná maidir le táirgí, seirbhísí nó oibreacha de thionscnamh an Aontais Eorpaigh.
Rialaíonn an Dlí Soláthair Phoiblí na nósanna imeachta soláthair seo a leanas: tairiscint oscailte; tairiscint shrianta agus; idirphlé iomaíoch. Tá na prionsabail ghinearálta díobh sin comhoiriúnach leis na prionsabail a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE. Áirítear freisin sa Dlí Soláthair Phoiblí gur féidir an nós imeachta idirbheartaithe a chur i bhfeidhm; Tá na coinníollacha a bhaineann lena úsáid comhoiriúnach, ar go leor bealaí, leis na coinníollacha atá i dTreoir 2014/24/AE.
Tá na forálacha maidir le lipéid, prótacail tástála, deimhniúchán agus modhanna eile cruthúnais ailínithe le Treoir 2014/24/AE.
De réir an Dlí Soláthair Phoiblí foilsíonn na húdaráis chonarthacha fógraí maidir le nósanna imeachta tairisceana iomaíche, lena n-áirítear doiciméid tairisceana agus dréachtchonarthaí, ar an gcóras ríomhsholáthair. Cuirtear an fhaisnéis go léir a bhaineann le dámhachtain soláthar ar fáil ar an gcóras ríomhsholáthair.
Taispeántar faisnéis faoin tairgeoir ar éirigh leis sa chóras ríomhsholáthair. Féadfaidh tairgeoirí nár éirigh leo a iarraidh ar an údarás conarthach tríd an gcóras ríomhsholáthair faisnéis a sholáthar faoin tairiscint a chuireann an tairgeoir rathúil isteach, lena n-áirítear faisnéis faoina buntáistí i gcomparáid lena thairiscint féin, agus tá sé de cheangal ar an údarás conarthach freagra a thabhairt ar an iarraidh sin laistigh de chúig lá.
Leagtar na prionsabail ghinearálta maidir le roghnú na rannpháirtithe amach sa Dlí Soláthair Phoiblí, lena n-áirítear freisin forais eisiaimh, critéir roghnúcháin, chomh maith leis na critéir dhámhachtana agus measúnú. Forálacha maidir le conas aghaidh a thabhairt ar thairiscintí atá thar a bheith íseal.
Airítear forálacha ginearálta maidir le cur chun feidhme conarthaí sa Dlí Soláthair Phoiblí.
In éagmais forálacha sonracha le haghaidh seirbhísí sóisialta agus seirbhísí sonracha eile, tá na nósanna imeachta soláthair is infheidhme maidir le gach seirbhís eile infheidhme maidir leis seo.
Tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar bhonn an dlí airm atá i bhfeidhm san Úcráin agus ar feadh a ré, tugadh isteach eisceachtaí sealadacha ón reachtaíocht soláthair phoiblí trí bhíthin rún, lena n-áirítear i ndáil leis na nósanna imeachta soláthair phoiblí, na ceanglais a leagtar síos do thairgeoirí agus soláthar cosanta. Tá an measúnú ar chur chun feidhme chéim 2 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI-A bunaithe ar thiomantas na hÚcráine na heisceachtaí sealadacha ón reachtaíocht soláthair phoiblí a tharraingt siar laistigh de 90 lá ó dháta foirceanta nó cealaithe chóras dlíthiúil an dlí airm san Úcráin.
Buneilimintí Threoir 89/665/CEE
Leagtar amach buneilimintí Threoir 89/665/CEE in Iarscríbhinn XXI-C (Buneilimintí Threoir 89/665/CEE an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú a dhéanamh ar na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le nósanna imeachta athbhreithnithe a chur i bhfeidhm ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (Treoir 89/665/CEE) arna leasú le Treoir 2007/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena leasaítear Treoir 89/665/CEE ón gComhairle agus Treoir 92/13/CEE ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar éifeachtacht na nósanna imeachta athbhreithnithe a bhaineann le conarthaí poiblí a dhámhachtain (Treoir 2007/66/CE) agus le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (Treoir 2014/23/AE)) a ghabhann le Caibidil 8 den Chomhaontú.
I gcomhréir leis an leasú ar an dlí speisialta ‘Maidir le Coiste Frith-Mhonaplachta na hÚcráine’ (‘Dlí AMCU’) Uimh. 1219-IX an 5 Feabhra 2021, mar is é an tÚdarás um Athbhreithniú ar Ghearáin é, cuirfidh AMCU Coimisiún (Coimisiúin) um Athbhreithniú ar Ghearáin maidir le Sáruithe ar an Reachtaíocht Soláthair Phoiblí (‘Coimisiún’) ar bun agus feidhmeoidh sé cumhachtaí eile a leagtar amach sa Dlí Soláthair Phoiblí, i nDlí na hÚcráine Uimh. 2210-III an 11 Eanáir 2001 ‘Maidir le Cosaint Iomaíochta Eacnamaíoch’ mar a athbhreithníodh é, agus i ndlí AMCU.
Ba cheart do gach Coimisiún a bheith comhdhéanta de thriúr coimisinéirí le haghaidh Athbhreithniú ar Ghearáin maidir le Sáruithe ar an Reachtaíocht Soláthair Phoiblí a gceapfaidh Ceann AMCU iad. Mar gheall ar thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022, chuir AMCU stop sealadach le hathbhreithniú a dhéanamh ar ghearáin maidir le sáruithe ar an reachtaíocht soláthair phoiblí. Rinneadh an comhlacht achomhairc a athbhunú go hiomlán i mí Aibreáin 2022.
An 13 Feabhra 2023, fógraíodh nós imeachta earcaíochta le haghaidh poist fholmha do na Coimisinéirí le hOrdú ó Chathaoirleach AMCU Uimh. 79-ВК, atá ar siúl faoi láthair, i bhfianaise riachtanais an Nós Imeachta maidir le roghnú iomaíoch agus ceapadh chuig poist an Choimisinéara um athbhreithniú a dhéanamh ar ghearáin maidir le sáruithe ar an reachtaíocht soláthair phoiblí.
Áirítear sa Dlí Soláthair Phoiblí agus i ndlí AMCU an oibleagáid atá ar AMCU mar chomhlacht a fheidhmíonn rialú i réimse an tsoláthair phoiblí laistigh de theorainneacha a chumhachtaí chun cinntí i scríbhinn a ghlacadh, chomh maith leis an bhféidearthacht achomharc a dhéanamh chun na cúirte i gcoinne a chinntí.
Tá na forálacha maidir le raon feidhme agus infhaighteacht na nósanna imeachta athbhreithnithe mar a leagtar amach sa Dlí Soláthair Phoiblí i gcomhréir go ginearálta le Treoir 89/665/CEE. Áirítear sa Dlí Soláthair Phoiblí forálacha maidir le tréimhse neamhghníomhaíochta chomh maith le teorainneacha ama chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar ghearáin maidir le sáruithe ar an reachtaíocht soláthair phoiblí. Déantar foráil sa Dlí Soláthair Phoiblí maidir le neamhbhailíocht conarthaí nuair a thugtar i gcrích iad de shárú ar an Dlí Soláthair Phoiblí agus tá liosta ann de na forais ar ar a mbonn atá conarthaí a thugtar i gcrích neamhbhailí.
(1) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(2) Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (IO AE L 395, 30.12.1989, lch. 33).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/192/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)