Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 32023R1530
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1530 of 6 July 2023 approving Chrysanthemum cinerariaefolium extract from open and mature flowers of Tanacetum cinerariifolium obtained with hydrocarbon solvents as an active substance for use in biocidal products of product-type 18 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1530 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2023 lena bhformheastar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1530 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2023 lena bhformheastar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/4455
IO L 186, 25.7.2023., 16—18. o.
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Hatályos
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1530 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Iúil 2023
lena bhformheastar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin. |
(2) |
Rinneadh meastóireacht ar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin i dtaca lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar cineál táirge é a chomhfhreagraíonn do chineál táirge 18 mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(3) |
Ainmníodh an Spáinn mar an Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnaithe mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin an 1 Meán Fómhair 2010. Agus an tuarascáil mheasúnaithe curtha isteach, tionóladh pléití i gcruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Coimisiún agus, tar éis an 1 Meán Fómhair 2013, i gcruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘An Ghníomhaireacht’). |
(4) |
Fágann Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 gur cheart measúnú a dhéanamh ar shubstaintí a bhfuil meastóireacht na mBallstát curtha i gcrích ina leith faoin 1 Meán Fómhair 2013 i gcomhréir le forálacha Threoir 98/8/CE. |
(5) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, Airteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir leis na hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. An 22 Samhain 2022, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, Airteagal 7(2), ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht (4), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta. |
(6) |
Sa tuairim sin uaithi, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go bhféadfar coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 ina bhfuil eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointí (b), (c) agus (d) de Threoir 98/8/CE, ar choinníoll go gcomhlíonfaí ceanglais maidir lena n-úsáid. |
(7) |
Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, is iomchuí eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe. |
(8) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).
(3) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).
(4) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin; Cineál táirge 18; ECHA/BPC/365/2022, arna glacadh an 22 Samhain 2022.
IARSCRÍBHINN
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Aitheantais |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
Cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
||||||||||
Eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó thuaslagóirí hidreacarbóin |
Eastóscán Chrysanthemum cinerariaefolium ó bhláthanna oscailte agus aibí Tanacetum cinerariifolium a fuarthas le tuaslagóirí hidreacarbóin Uimh. CE: 289-699-3 Uimh. CAS: 89997-63-7 |
100 % w/w |
1 Feabhra 2025 |
31 Eanáir 2035 |
18 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(1) Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith comhionann nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).