EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0939

Rialachán (AE) 2015/939 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, a fheidhmiú (códú)

IO L 160, 25.6.2015, p. 62–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/939/oj

25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 160/62


RIALACHÁN (AE) 2015/939 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, a fheidhmiú

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 (2) a leasú go substaintiúil (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

An 12 Meitheamh 2006, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile (4) (“CCC”) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2009.

(3)

Is gá na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de chuid an CCC a leagan síos.

(4)

Ordaítear sa CCC go bhféadfar táirgí iascaigh de thionscnamh na hAlbáine a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialaítear bainistiú na gcuótaí taraife sin.

(5)

I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagadh amach i Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) nó, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (8) de réir mar a bheidh.

(6)

I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chalaois a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoi mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (9).

(7)

Chun na forálacha iomchuí den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

(8)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile nach iad a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta an CCC a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(9)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí Airteagal 39(4) den CCC, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos nósanna imeachta áirithe maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile (“an CCC”).

Airteagal 2

Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 28(1) den CCC, maidir leis na taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Laghduithe taraife

1.   Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2.   Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

(a)

1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem; nó

(b)

EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i gcás dleachtanna sonracha.

Airteagal 4

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a thig as comhaontuithe, prótacail, malartuithe litreacha nó gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Albáin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 5

Clásal cosanta ginearálta

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 38 den CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 38 den CCC.

Airteagal 6

Clásal ganntanais

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 39 den CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcásanna ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 39(4) den CCC, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha atá infheidhme láithreach a ghlacadh mar a fhoráiltear in Airteagal 39 den CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Glacfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den Rialachán seo.

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

1.   D'ainneoin na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás inar gá don Aontas beart cosanta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ó Bhallstat nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, más infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:

(a)

laistigh de thrí lá oibre ón iarraidh sin a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC; nó

(b)

laistigh de thrí lá roimh dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bointe (a) d'Airteagal 38(5) den CCC, i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta a cinneadh in iúl do na Ballstáit.

2.   Glacfaidh an Coimisiún bearta den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3), nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4).

Airteagal 9

Nós imeachta coiste

1.   Chun críocha Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 12 den Rialachán seo déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   Chun críocha Airteagail 5 go 8 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 10

Dumpáil agus fóirdheontas

I gcás cleachtais ar dóchúil gur gá don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 37(2) den CCC a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar tabhairt isteach bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus/nó i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 faoi seach.

Airteagal 11

Iomaíocht

1.   I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 71 den CCC ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis an CCC.

Na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 71(9) den CCC glacfar iad i gcásanna cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 agus, i gcásanna eile nach iad, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 207 den Chonradh.

2.   I gcás cleachtais lena bhféadfadh Poblacht na hAlbáine bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 71 den CCC, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail a leagtar síos sa CCC. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 12

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 den CCC, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

an Chomhairle a chur ar an eolas; agus

(b)

fógra faoina chinntí a thabhairt don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar aon leis an bhfaisnéis oibiachtúil, agus rachaidh sé i gcomhairle laistigh den Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.

Aon rud a fhoilseofar faoi Airteagal 43(5) den CCC, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 43(4) den CCC, a chur ar fionraí go sealadach.

Airteagal 13

Fógra a thabhairt

Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as fógra a thabhairt don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar a cheanglaítear faoin CCC.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine a fheidhmiú (IO L 300, 31.10.2006, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)  IO L 107, 28.4.2009, lch. 166.

(5)  Rialachán (AE) 2015/478 an 11 Márta 2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún lena áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle

(IO L 300, 31.10.2006, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Iarscríbhinn, pointe 13 amháin.


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 8

Airteagail 1 go 8

Airteagal 8a

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


Top