Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023HB0025

    Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Deireadh Fómhair 2023 do Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banka Slovenije (BCE/2023/25)

    ECB/2023/25

    IO C, C/2023/427, 19.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/427/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/427/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/427

    19.10.2023

    MOLADH ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

    an 10 Deireadh Fómhair 2023

    do Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banka Slovenije

    (BCE/2023/25)

    (C/2023/427)

    TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

    (2)

    Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Banka Slovenije, PricewaterhouseCoopers, podjetje za revizijo in druge finančno računovodske storitve, d. o. o., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2023. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh don bhliain airgeadais 2024 ar aghaidh.

    (3)

    Roghnaigh Banka Slovenije Mazars, družba za revizijo, d. o. o. o mar iniúchóirí seachtracha do na blianta airgeadais 2024 go 2026,

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    Moltar go gceapadh Mazars, družba za revizijo, d. o. O. mar iniúchóirí seachtracha Banka Slovenije do na blianta airgeadais 2024 go 2026.

    Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 10 Deireadh Fómhair 2023.

    Uachtarán BCE

    Christine LAGARDE


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/427/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top