EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52021IE3668

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le “Straitéis le haghaidh na chéad ghlúine eile de FBManna — Cur le seachadadh éifeachtach agus tapa” (tuairim féintionscnaimh)

EESC 2021/03668

IO C 194, 12.5.2022, p. 7–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

12.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 194/7


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le “Straitéis le haghaidh na chéad ghlúine eile de FBManna — Cur le seachadadh éifeachtach agus tapa”

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 194/02)

Rapóirtéir:

Milena ANGELOVA

Comhrapóirtéir:

Panagiotis GKOFAS

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.3.2021

Bunús dlí

Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

13.12.2021

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

19.1.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

566

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

235/1/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma gheilleagar an Aontais Eorpaigh agus is é sin an fáth go mbraitheann an téarnamh eacnamaíoch cuid mhór ar cé chomh maith agus a bheidh FBManna in oiriúint don saol a bheidh ann tar éis na paindéime agus mar a bheidh siad in ann feidhmiú ann, saol a bheidh faoi anáil athruithe ollmhóra ón aistriú glas agus aistriú digiteach. Chun go mbeidh siad in ann maireachtáil agus ráthú, fás agus forbairt a dhéanamh, rud a chabhróidh le geilleagar an Aontais a bhrú chun cinn, fostaíocht ardcháilíochta a chruthú agus cur le dea-bhail na saoránach, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit iarrachtaí breise a dhéanamh maidir le dea-thimpeallacht ghnó a chruthú do FBManna agus cistiú iomchuí agus bearta tacaíochta a chur ar fáil dóibh.

1.2.

Le beartas agus creat rialála a bheidh in oiriúint don todhchaí, caithfear cinnteacht, comhsheasmhacht, soiléire agus cothrom iomaíochta a chur ar fáil do FBManna, agus prionsabail na dea-rialála (1) agus seiceálacha iomaíochta a urramú agus aon bhearta nua beartais á dtabhairt isteach nó aon bhearta beartais atá ann cheana á n-athbhreithniú agus, ag an am céanna, ardchaighdeán cosanta comhshaoil agus sóisialta a áirithiú. Tá nósanna imeachta riaracháin sruthlínithe á n-iarraidh ag CESE chun nach mbeifear ag díriú acmhainní ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac ar iarrachtaí chun gnó a fhorbairt.

1.3.

Molann CESE an athuair líonra d’ombudsmain airgeadais agus chistiúcháin a chruthú agus a fhorbairt a dhéanfadh faireachán ar chur chun feidhme na mbeart a bheadh dírithe ar leachtacht ghearrthéarmach FBManna a fheabhsú. Dhéanfadh líonra den sórt sin an méid seo a leanas: rochtain FBManna ar chistí a chur chun cinn; sonraí cáilíochtúla a bhailiú agus a anailísiú chun fáil amach an mbaineann bainc idirghabhála leas as ionstraimí airgeadais chun freastal ar na FBManna is mó atá i ndíth acmhainní airgeadais, faoin gcaoi a ndéanann na bainc é sin agus faoin bhfáth nach dtugtar creidmheas do FBManna áirithe; agus dhéanfaí idirghabháil freisin ar dhíospóidí níos uileghabhálaí idir FBManna agus soláthraithe eile maoiniúcháin agus cistiúcháin. Molann CESE don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit próiseas iarratais aon bhileoige amháin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme go pras do FBManna le go mbeidh teacht níos éasca agus níos tapa acu ar chistí an Aontais.

1.4.

Feictear do CESE gur beart beartais gearrthéarmach tábhachtach é oibriú réidh margaí inmheánacha agus seachtracha agus tá sé á iarraidh aige ar na Ballstáit iarracht ar leith a dhéanamh chun deiseanna a chur ar fáil le go mbeidh FBManna in ann tairiscintí a dhéanamh ar chonarthaí poiblí agus iad a bhuachan, agus dlús a chur le hinfheistíochtaí poiblí i gcoitinne chun láimhdeachas cuideachtaí a mhéadú, mar aon le feidhmiú éifeachtach ar an Treoir maidir le hÍocaíochtaí Déanacha (2). Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach síneadh go dtí Meitheamh 2022 a chur le Creat Sealadach an Choimisiúin maidir le bearta státchabhrach, agus nasc a chruthú le dálaí margadhbhunaithe iar-COVID-19.

1.5.

Cuireann CESE i bhfáth go mbeidh neartú inniúlachtaí agus scileanna ríthábhachtach do FBManna, lena n-áirítear scileanna digiteacha agus glasa. Is é an dála céanna é ag fiontraithe, bainisteoirí fiontar agus oibrithe araon. Leis an éileamh ar scileanna nua, beidh coigeartú le déanamh ar an ngairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar uasghrádú scileanna agus athsciliú araon. Bíonn ról tábhachtach ag an idirphlé sóisialta san fhorbairt scileanna, agus ba cheart dea-chleachtais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a chur chun cinn agus a mhalartú trí thionscnaimh ábhartha Eorpacha idir eagraíochtaí FBManna, na comhpháirtithe sóisialta agus na Ballstáit.

1.6.

Go háirithe, tá gá ag micrifhiontair agus fiontair bheaga, gnólachtaí teaghlaigh agus gnólachtaí traidisiúnta agus fiontair an gheilleagair shóisialta le tacaíocht phraiticiúil ar leibhéal an phobail, le feachtais shonracha, le huirlisí agus le comhairle. Ba cheart i bhfad níos mó a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí comhairleacha leordhóthanacha agus infheidhme ar fáil agus iad inrochtana agus go mbeidh an tacaíocht ó eagraíochtaí FBManna ar fáil, tacaíocht nach féidir déanamh dá huireasa. Is díol sásaimh do CESE gur sheol an Coimisiún Eorpach an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta (3).

1.7.

Trí fheabhas a chur ar an líonrú, ar an gcomhar agus ar chomhpháirtíochtaí le gnólachtaí agus geallsealbhóirí eile, cuirtear freisin le hacmhainn téarnaimh, digiteála agus ghlasaithe FBManna, lena n-áirítear trí ról lárnach a bheith ag FBManna in ullmhú an aistrithe d’éiceachórais thionsclaíocha. Cé gur fhág paindéim COVID-19 gur cuireadh le glacadh na digiteála i measc ceannródaithe digiteacha na FBManna, mhéadaigh an deighilt dhigiteach freisin i gcás na FBManna sin nach bhfuil an dul chun cinn céanna déanta acu. Tá béim leagtha freisin ar an ngá atá le hobair níos críochnúla chun measúnú a dhéanamh ar na deiseanna agus na dúshláin atá roimh FBManna mar gheall ar an aistriú glas, go háirithe na FBManna sin is leochailí nach bhfuil an oiread céanna acmhainní acu, agus chun tacú leo an méid sin a dhéanamh. Is féidir le heagraíochtaí ionadaíochta FBManna cuidiú leis an bpróiseas sin agus é a éascú — agus ba cheart bearta tacaíochta agus cistiúcháin speisialta le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhearadh agus a thairiscint dóibh chuige sin.

1.8.

Cuireann CESE i bhfios go láidir an ról cinniúnach atá ag Líonra Toscairí na FBManna, an Líonra Fiontar Eorpach agus ag eagraíochtaí FBManna chun faisnéis maidir leis na bearta tacaíochta uile a fhoilsiú agus a scaipeadh ar an líon is leithne is féidir de FBManna. Tá sé á iarraidh aige ar na líonraí agus na heagraíochtaí sin na struchtúir agus na modhanna oibre atá acu a chur in oiriúint le go bhféadfaidh siad na riachtanais sin a chomhlíonadh níos fearr. Molann CESE an caidreamh idir eagraíochtaí FBManna ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta agus Líonra Toscairí na FBManna a neartú tuilleadh, d’fhonn samhail níos idirghníomhaí a chruthú ina mbeadh nasc buan díreach comhsheasmhach le FBManna agus eagraíochtaí ionadaíochta FBManna, nasc a bheadh chomh gar do na FBManna agus a n-eagraíochtaí ionadaíochta agus is féidir agus a bheadh chomh cuimsitheach agus is féidir, agus tuiscint níos fearr ar ról Thoscaire na FBManna agus aitheantas don ról sin. Is iad Toscairí FBManna a dhéanfaidh bearta sonracha agus scéimeanna tacaíochta de bheartais an Aontais Eorpaigh ina mBallstáit féin agus socróidh siad na bearta praiticiúla le gur féidir déileáil leis an gcás ar leith atá ag gach aon FBM, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár. Tá súil ag CESE go gceapfar Toscaire FBManna go luath ar leibhéal an Aontais chun an próiseas sin a stiúradh.

2.   Cúlra

2.1.

D’iarr CESE straitéis le haghaidh na chéad ghlúine eile de FBManna a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar an saol nua atá againn (4), tharla gur díreach roimh phaindéim COVID-19 a theacht chun cinn a sheol an Coimisiún straitéis FBManna an Aontais (5). Thairis sin, beidh sé tábhachtach, agus an obair ar CAI 2021-2027 agus ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoin Ionstraim Théarnaimh NextGenerationEU á tabhairt i gcrích, measúnú a dhéanamh féachaint an ndearnadh an sprioc faoina gcuirfí bearta tacaíochta do FBManna i gcroílár na gclár sin uile a bhaint amach i ndáiríre. Tá an méid sin thar a bheith práinneach agus tábhachtach ós rud é go bhfuil comhtháthú níos fearr le déanamh ar neart moltaí agus tograí ó eagraíochtaí ionadaíochta FBManna go fóill ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.

2.2.

Díríonn an tuairim féintionscnaimh seo ó CESE, trí thógáil ar an tuairim roimhe seo (6), agus gan na moltaí inti a athlua, ar an tslí le freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais cur chun cinn agus tacaíochta FBManna. Ní hamháin de thoradh an tsaoil nua i ndiaidh COVID-19 na riachtanais sin; is ann dóibh freisin toisc go mbíonn ar FBManna an Aontais, a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le téarnamh agus athléimneacht an gheilleagair agus na sochaí ar leibhéal AE agus na mBallstát, ceann de na creataí reachtacha is casta atá ann a chomhlíonadh. Déantar plé sa tuairim ar an tslí a gcuidíonn cistí AE agus bearta beartais tacaíochta eile chun sochar a bhaint as an acmhainn atá in FBManna agus ar an méid is féidir a dhéanamh chun dlús a chur le cur chun feidhme na straitéise maidir le FBManna agus chun a ráthú go mbeidh toradh rathúil agus pras uirthi, lena n-áirítear coigeartuithe féideartha bunaithe ar an taithí agus na hathruithe is déanaí.

3.   Dúshláin, deiseanna agus éagsúlachtaí maidir le hacmhainní FBManna

3.1.

Tá dúshláin mhóra roimh FBManna ní hamháin maidir leis an téarnamh eacnamaíoch ón bpaindéim agus leis an oiriúnú do na dálaí nua atá ann tar éis na paindéime, ach maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus an t-athrú déimeagrafach freisin. Fágann an saol nua seo freisin go bhfuil deiseanna ann do FBManna, go háirithe más leor na bearta tacaíochta atá ann agus iad in oiriúint do na difríochtaí suntasacha i saintréithe FBManna agus dá n-acmhainneachtaí téarnaimh, digiteála agus glasaithe (7).

3.2.

De thoradh na paindéime, athraíodh go mór an timpeallacht ina bhfeidhmíonn FBManna, rud a tharla de bharr na n-athruithe suntasacha a d’fhág an phaindéim ar na margaí domhanda agus de bharr an mhéadaithe ar chostais fuinnimh agus lasta, rud a d’éirigh níos measa le deireanas de bharr méadú ar an mboilsciú agus rátaí úis diúltacha. Ina theannta sin, baineadh stangadh as FBManna: tá titim ar an éileamh ó chustaiméirí agus ar an ioncam, rud a chuireann isteach ar an sreabhadh airgid thirim agus ar infhaighteacht caipitil, tharla suaitheadh sna slabhraí soláthair (ganntanais amhábhar agus praghsanna méadaithe), agus tá dúshláin ann a bhaineann le cothromaíocht a aimsiú idir acmhainneacht fostaithe, leas sóisialta agus mímheaitseáil scileanna. Is dúshláin mhóra iad ganntanais leachtachta, moill ar íocaíochtaí agus éileamh breise ar airgeadas, ar dúshláin iad a chuaigh in olcas le linn na paindéime freisin.

3.3.

Is grúpa ilchineálach agus ilghnéitheach iad FBManna agus éagsúlacht eatarthu freisin maidir lena gcumas téarnamh agus forbairt, ag brath ar cibé acu táirgeoirí earraí agus seirbhísí le haghaidh margaí tomhaltóirí nó soláthróirí earraí idirmheánacha do ghnólachtaí níos mó is ea iad. Thairis sin, bíonn téarnamh FBManna a oibríonn go príomha ar an leibhéal náisiúnta, nó fiú ar an leibhéal áitiúil, ag brath go mór ar athbheochan an mhargaidh náisiúnta, agus déanfaidh oibriú réidh an Mhargaidh Aonair difear do na FBManna sin a bhíonn ag trádáil ann; beidh na FBManna a oibríonn ar bhonn idirnáisiúnta ag brath ar shlabhraí luacha suaite a bheith á ndeisiú, á n-athbhunú in aice leis an mbaile nó á n-éagsúlú agus ar chomhaontuithe saorthrádála a chur chun feidhme go pras.

3.4.

Ar an drochuair, áfach, tá leibhéal na digiteála in AE-27 ar gcúl i gcomparáid le leibhéal a bpiaraí sa Ríocht Aontaithe, san Iorua, in SAM agus san Áise. Cé gur chuidigh an phaindéim cur leis an bhfeasacht faoina thábhachtaí atá an digiteáil, tháinig méadú freisin ar an deighilt dhigiteach idir na FBManna sin atá chun cinn i ngné na teicneolaíochta agus na FBManna nach bhfuil. Tá fadhb ann i gcónaí le saineolas easnamhach agus acmhainní easnamhacha in FBManna chun tairbhiú den digiteáil, i.e. ar na cúiseanna seo a leanas:

easpa feasachta, infhaighteachta agus forbartha scileanna maidir le teicneolaíocht agus uirlisí digiteacha a theastaíonn don digiteáil;

easpa dea-nascachta, uirlisí agus seirbhísí digiteacha;

easpa ama agus cistiúcháin;

easpa cumais maidir leis an straitéis dhigiteach a chumasc le samhail ghnó shonrach (lena n-áirítear gan a bheith in ann an nua-theicneolaíocht a chomhtháthú i bpróisis teicneolaíochta agus ghnó atá ann cheana nó aistriú ó chórais a bhí ann cheana/seanteicneolaíochtaí a dhíchoimisiúnú).

3.5.

Léiríonn torthaí suirbhé de chuid FBManna a bhailí a bhí na tátail a rinne CESE roimhe seo (8), óir tá 72 % de na FBManna den tuairim go bhfónfadh rochtain níos fearr ar scéimeanna tacaíochta poiblí chun deis a thabhairt dóibh dul leis an digiteáil, mar aon le tacaíocht chun teacht ar na scileanna nó ar an saineolas a theastaíonn agus rochtain a fháil ar líonraí (i gcás 61 % agus 62 %) agus cuidiú le tiomsú airgid (50 %). Is mó a thairbheodh na FBManna uile de dheontais agus de chistí poiblí fóirdheonaithe seachas d’ionstraimí airgeadais.

3.6.

Tá ag méadú i gcónaí ar a thábhachtaí atá sócmhainní doláimhsithe gnó do FBManna, amhail a n-íomhá agus a gcaidreamh gnó fadtéarmach le custaiméirí, chun freastal ar riachtanais a bhíonn ag athrú agus ag dul i méid agus ar leibhéal breise iomaíochta de bharr na hinbhuanaitheachta. Téann an digiteáil agus an glasú le chéile sa mhéid go gcuidíonn an digiteáil chun úsáid acmhainní a bharrfheabhsú agus laghdú ar iarmhairtí comhshaoil, agus go gcaithfear dul i ngleic le drochiarmhairtí na digiteála ar an aeráid agus ar an gcomhshaol freisin ar leibhéal níos leithne, leibhéal córasach, den chuid is mó.

3.7.

Bíonn ar a lán FBManna déileáil le héiginnteacht agus bíonn easpa eolais agus tuisceana acu ar na beartais shonracha aeráide agus chomhshaoil atá ann, lena n-áirítear ceanglais na n-uirlisí nua airgeadais uile. D’fhéadfadh an Comhaontú Glas agus an pacáiste “Oiriunach do 55”, i measc nithe eile, difear a dhéanamh do FBManna go díreach trí cheanglais bhreise nó go hindíreach trí chostas breise ar acmhainní. Lena chois sin, d’fhéadfadh coigilteas costais a bheith ann de thoradh breis éifeachtúlachta maidir le fuinneamh, úsáid ábhar agus lóistíocht, agus d’fhéadfaí sochair a chruthú sna margaí mar thoradh ar tháirgí níos inbhuanaithe, ag brath ar ionchais na gcustaiméirí. Gnólachtaí a sholáthraíonn réitigh do ghnólachtaí eile nó don earnáil phoiblí, is deis dóibh atá sa mhéadú ar an éileamh intíre agus domhanda araon ar theicneolaíochtaí agus réitigh chomhshaoil agus aeráide. Is léir freisin go bhfuil claonadh soiléir ann go mbíonn infheisteoirí agus airgeadóirí ag súil le breis inbhuanaitheachta.

3.8.

Thairis sin, déanann an méid seo a leanas difear don chaoi a rachaidh FBManna i ngleic leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas:

méid an FBM, rud a dhéanann difear d’infhaighteacht agus inrochtaineacht acmhainní. Cé go bhfuil cosúlachtaí idir micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide ó thaobh an chéatadáin de bhreisluach atá á ghiniúint acu, is mór eatarthu ó thaobh líon na bhfiontar sna trí chatagóir (93,3 %, 5,7 % agus 0,9 % faoi seach, in 2020). Micrifhiontair is ea a bhformhór, agus is acusan a bhíonn an méid is lú acmhainní, rud atá ina léiriú ar chineál agus ar mhéid na ndúshlán;

difríochtaí maidir lena suíomh ar an margadh agus na hearnálacha ina bhfeidhmíonn siad, e.g. ní hionann an suíomh atá ag fiontair a fhorbraíonn agus a sholáthraíonn teicneolaíochtaí agus réitigh don digiteáil agus don ghlasú agus an suíomh atá ag fiontair a ghlacann agus a úsáideann na réitigh sin;

aois an fhiontair agus déine a fháis. Is mó an seans go mbeidh fiontair nuathionscanta agus fiontair atá i mbun fáis ag baint leas as teicneolaíochtaí digiteacha ardfhorbartha ná FBManna eile;

an timpeallacht ghnó i gcoitinne, a chaithfidh a bheith tarraingteach agus tacúil don fhiontraíocht, nuálaíocht, infheistíocht agus trádáil;

difríochtaí idir na Ballstáit — maidir leis an aistriú digiteach, is bonneagar digiteach agus scileanna digiteacha is mó a bhíonn i gceist, agus maidir leis an aistriú glas is difríochtaí i dtaobh dhéine acmhainní nádúrtha an gheilleagair agus traidisiúin agus cultúir éagsúla ó thaobh bhainistiú comhshaoil de a bhíonn i gceist;

suíomhanna éagsúla — ní mar a chéile na dálaí i gcás FBManna, e.g. idir cathracha agus limistéir thuaithe.

3.9.

Ós rud é go bhfuil na fiontraithe san Aontas Eorpach ag dul in aois, ba cheart don Choimisiún aistrithe gnó a chur chun cinn agus a éascú mar go dtairbhíonn an geilleagar uile díobh sa mhéid go gcosnaítear fostaíocht agus gnólachtaí. Ba cheart dó freisin cuidiú le FBManna freastal ar na riachtanais amach anseo, toisc go bhféadfadh ullmhacht agus scileanna níos fearr maidir leis an digiteáil, glasú agus athnuachan gnólachtaí a bheith i gceist. Le haistriú gnó rathúil, d’fhéadfaí an tsamhail ghnó a uasghrádú agus a chlaochlú chun go mbeadh sí digiteach agus inbhuanaithe ach i gcás aistrithe gnó a dteipeann orthu nó nach dtarlaíonn is cailleadh fostaíochta agus easpa fáis eacnamaíoch an toradh ar deireadh thiar. Mar thoradh ar an ilchineálacht a chur chun cinn san fhiontraíocht, e.g. mná agus náisiúnaigh tríú tíortha a bheith san áireamh, is féidir luach breise a thabhairt agus dlús a chur faoi fhás earnálacha éagsúla i dtionscail agus earnálacha gnó straitéiseacha. Tá ról le himirt freisin ag eintitis an gheilleagair shóisialta amhail comharchumainn atá faoi úinéireacht oibrithe.

4.   Na príomhphrionsabail maidir le straitéis rathúil le haghaidh na chéad ghlúine eile de FBManna

4.1.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le cur chun feidhme na straitéise le haghaidh FBManna agus coigeartú a dhéanamh uirthi de réir na ndálaí, na n-acmhainní agus na riachtanas éagsúil atá i gceist i gcás FBManna, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach thíos.

4.2.

Maidir le haon bhearta a chuireann borradh faoi théarnamh agus athléimneacht ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart forbairt a chur chun cinn atá inbhuanaithe go heacnamaíoch, go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de. Cé go mbeidh ról bunriachtanach ag infheistíocht agus cistiú poiblí, níor cheart neamhaird a dhéanamh ar thábhacht na hinfheistíochta príobháidí agus ar a riachtanaí a bheidh timpeallacht fhabhrach gnó, go háirithe tráth nár mhór rialú iomchuí a dhéanamh ar phróisis shuaiteacha. Mar riail ghinearálta, ba cheart bearta beartais an Aontais a bheith dírithe ar gheilleagar inbhuanaithe a bhaint amach tar éis na paindéime, geilleagar a bheadh bunaithe ar an nuálaíocht, ar scileanna agus ar an iomaíocht seachas ar státchabhair agus an chaomhnaitheacht.

4.3.

Tharla go n-imríonn gnólachtaí ról ríthábhachtach eacnamaíoch agus sochaíoch trí fhostaíocht a ghiniúint agus an dea-bhail i gcoitinne a fheabhsú, caithfidh bearta tacaíochta a chuireann ar a gcumas dul chun cinn a dhéanamh a bheith i gcroílár bhearta an Aontais. Údar eile leis an iarraidh seo is ea go bhfuil ról tábhachtach ag gnólachtaí maidir leis an dá aistriú, maille le cuspóir an gheilleagair iomaíoch, dhigitigh, aeráidneodraigh agus chiorclaigh a bhaint amach. Tá níos mó agus níos mó den fhorbairt sin á stiúradh ag sásraí margaidh, le tacaíocht ó idirphlé sóisialta freagrach.

4.4.

Ag cur san áireamh gurb ionann FBManna agus 53 % den bhreisluach agus 65 % den fhostaíocht a ghintear i ngnólachtaí uile an Aontais (in 2020), níl aon amhras faoi ach go mbeidh ríthábhacht lena ról i ngeilleagar an Aontais agus i dtéarnamh rathúil an gheilleagair. Níor mhór aird ar leith a thabhairt ar riachtanais shonracha na micrifhiontar (93 % de na FBManna uile) agus cur lena ról mar phríomhspreagthóir an gheilleagair shóisialta. Ós rud é go bhfuil an iliomad nasc idir FBManna agus cuideachtaí móra, rachaidh comhtháthú níos éifeachtaí FBManna sna héiceachórais agus sna slabhraí luacha ábhartha chun leasa don dá thaobh.

4.5.

Ón uair nach ar an dul céanna a théarnaíonn FBManna agus nach mar a chéile a n-acmhainní maidir le digiteáil agus glasú, níl a leithéid ann agus réiteach amháin a oireann do gach cás. Caithfear a chur san áireamh sna bearta tacaíochta go mbraitheann acmhainní foriomlána FBManna ar chineál agus ar mhéid na gcaillteanas a d’fhulaing fiontar le linn na paindéime agus ar an gcúis a bhí leis na caillteanais sin (earnáilshonrach go minic); suíomh an fhiontair sna margaí, slabhraí luacha agus éiceachórais ghnó; ról agus leibhéal an fhiontair san aistriú digiteach agus aistriú glas; acmhainní airgeadais, fisiceacha agus daonna an fhiontair; agus an timpeallacht oibre sa Bhallstát atá i gceist.

4.6.

Ó nach ndeachthas i ngleic go fóill le himpleachtaí na paindéime sa ghearrthéarma, tá sé tábhachtach i gcónaí cuidiú le gnólachtaí fónta teacht as an riocht ina bhfuil siad. Ag an am céanna, ní mór feabhas a chur láithreach ar na dálaí trína bhféadfar an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas ar bhonn níos fadtéarmaí a éascú agus tacú leis an aistriú sin. Dá réir sin, ba cheart ról lárnach a bheith ag FBManna i gcur chun feidhme bhearta cistiúcháin agus bhearta beartais eile an Aontais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

4.7.

Léiríodh le géarchéim COVID-19 gur gá tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus d’fhiontraithe a bhfuil fadhbanna móra airgeadais acu le go bhféadfaidh siad féimheachtaí nach bhfuil gá leo a sheachaint agus poist a shábháil. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit leanúint dá gcuid oibre maidir le deireadh a chur leis na bacainní atá ann an dara seans a thabhairt d’fhiontraithe le go bhféadfaidh siad tosú as an nua. Tá sé ag iarraidh orthu freisin an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht (9) a chur chun feidhme go pras agus go ceart, treoir lena spreagtar na Ballstáit córais réamhrabhaidh a chruthú chun gur féidir cabhair thráthúil a thabhairt d’fhiontraithe atá in anás.

5.   Timpeallacht ghnó fhónta a éascú

5.1.

Tá dlúthnasc idir an straitéis le haghaidh FBManna agus an straitéis tionsclaíochta, agus ní mór iad a fhorbairt agus a chur chun feidhme go comhuaineach ó thaobh dálaí fabhracha a chruthú chun gnó a dhéanamh, lena n-áirítear margadh aonair dea-fheidhmiúil earraí, seirbhísí, caipitil, sonraí agus daoine, aistriú réidh glas agus digiteach, agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais sna príomhearnálacha tionsclaíocha agus sna slabhraí luacha a bhfuil baint acu le FBManna. Ní mór ról lárnach a bheith ag FBManna in ullmhú an aistrithe d’éiceachórais thionsclaíocha.

5.2.

D’fhéadfadh na Ballstáit cuidiú chun dlús a chur le forbairt FBManna trí dheiseanna breise a chur ar fáil dóibh chun tairiscintí a dhéanamh ar chonarthaí poiblí agus iad a bhuachan, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus trí dhlús a chur le hinfheistíochtaí poiblí i gcoitinne ionas go dtreiseofar níos sciobtha le láimhdeachas na gcuideachtaí i gceist. Beidh forfheidhmiú níos déine le déanamh ar na rialacha a leagtar síos sa Treoir maidir le hÍocaíochtaí Déanacha chomh fada agus a bhaineann sé le híocaíochtaí ó údaráis phoiblí le gnólachtaí, agus caithfear smaoineamh ar leigheasanna nua, lena bhféadfar idirbhearta níos tapa a dhéanamh freisin idir cuideachtaí príobháideacha. D’fhéadfaí leachtacht FBManna a fheabhsú tuilleadh ach íocaíochtaí a dhéanamh níos sciobtha.

5.3.

Cé go n-áirithítear saorghluaiseacht earraí san Aontas Eorpach trí aitheantas frithpháirteach earraí, bíonn deacrachtaí fós ag roinnt mhaith FBManna dul isteach ar an margadh i mBallstáit eile mar gheall ar nósanna imeachta riaracháin náisiúnta a bhfuil ualach trom ag baint leo. Tá CESE ag tarraingt aird ar thábhacht an chaighdeánaithe chun bacainní margaidh a bhaint agus gníomhaíochtaí trasteorann a éascú. Ba cheart rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí amhail FBManna a chur chun cinn tuilleadh sna próisis chaighdeánaithe, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. Ba cheart na caighdeáin a dhréachtú i bhfoirm a chabhróidh le FBManna agus ba cheart tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán sin in FBManna.

5.4.

Tá tábhacht le ról na trádála idirnáisiúnta maidir le fás agus forbairt ghnólachtaí agus gheilleagar an Aontais a threisiú. De bhreis ar aghaidh a thabhairt ar bhacainní a bhain leis an bpaindéim, ní mór leanúint den idirbheartaíocht dhéthaobhach agus iltaobhach san fhadtéarma ar son trádáil oscailte agus riailbhunaithe chun rochtain FBManna ar an margadh a fheabhsú agus chun cur lena n-idirnáisiúnú agus a bhfás.

5.5.

Chun go mbeifear in ann cuspóirí na straitéise le haghaidh na chéad ghlúine eile de FBManna a bhaint amach, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na dúshláin iomadúla maidir le costas agus trédhearcacht, caithfear creat rialála cumasúcháin agus spreagthach a chur léi chun téarnamh éifeachtach agus sciobtha FBManna, agus a bhforbairt agus a gcumas fostaíocht a chur ar fáil, a chur chun cinn. Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór don chreat beartais agus rialála cinnteacht, comhsheasmhacht agus soiléireacht a chur ar fáil do FBManna, an clár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a chomhlíonadh (10), lena n-áirítear seiceálacha iomaíochais agus measúnú ar an tionchar carnach a bhíonn ag tionscnaimh éagsúla, agus an tAcht um Ghnólachtaí Beaga agus an prionsabal “aonuaire” a chur chun feidhme ina iomláine, agus, ag an am céanna, ardchaighdeán cosanta comhshaoil agus sóisialta a chothabháil agus an chothroime iomaíochta a áirithiú. Caithfear méid pháirc na himeartha a mheas sa rialachán freisin, agus measúnú a dhéanamh faoinar cheart rialacha sonracha áirithe a bheith mar an gcéanna do na cuideachtaí uile, nó a shaincheapadh de réir mhéid na cuideachta. Tá CESE á iarraidh freisin go ndéanfar na nósanna imeachta riaracháin a shruthlíniú ionas nach gá acmhainní a dhíriú ar ghníomhaíochtaí nach gcuireann le hiarrachtaí chun gnó a fhorbairt ach a dhéanann a mhalairt, is é sin bac a chur orthu.

5.6.

Tá gá le comhordú níos fearr ar bhearta idir na Ballstáit sa mhargadh aonair le linn imthosca gan choinne, amhail an phaindéim, chun saorshreabhadh earraí, seirbhísí agus oibrithe, chomh maith le leanúnachas gnó FBManna, a áirithiú. Is bunús tábhachtach don obair sin é an tionscnamh atá le teacht maidir leis an Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair.

5.7.

Tá CESE den tuairim i gcás FBManna a mbíonn ardleibhéal neamhshiméadrachta faisnéise iontu idir an soláthraí seirbhíse agus an cliant agus le haghaidh seirbhísí ina bhfeidhmíonn an soláthraí seirbhíse mar choimeádaí an chliaint (e.g. sna gairmeacha liobrálacha) go bhféadfar sábháilteacht, neamhspleáchas agus cáilíocht seirbhísí a chosaint tríd an rialáil ghairmiúil ach go gcaithfear cur i gcoinne saobhadh margaidh freisin, lena n-áirítear bacainní trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann.

5.8.

Chun an glacadh le réitigh dhigiteacha agus ghlasa a éascú, beidh bonneagar fisiceach iomchuí ar phraghas inacmhainne ag teastáil ar na suíomhanna gnó uile, lena n-áirítear faoin tuath agus in áiteanna iargúlta. Cé gur rud úsáideach ar chaoi ar bith atá san infheistíocht i naisc dhigiteacha éifeachtacha agus i gcórais iompair agus fuinnimh inbhuanaithe, cuireann sí leis an téarnamh freisin.

6.   Tacaíocht airgeadais agus eile

6.1.

Is mar thoradh, go príomha, ar an gcumas laghdaithe atá in FBManna téarnamh agus dul leis an digiteáil agus leis an nglasú, toisc acmhainní teoranta a bheith acu, a mbíonn riachtanais bhreise acu maidir le tacaíocht airgeadais agus eile. Tá an ghéarchéim arbh é COVID-19 ba chúis léi imithe in olcas anois de bharr méadú ar an mboilsciú, agus tá ardú ar phraghsanna fuinnimh ina chúis leis sin freisin. Dá réir sin, tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheidh sé tacaíocht airgeadais agus neamhairgeadais ábhartha a sholáthar agus súil aige go ndéanfaidh na Ballstáit, ainneoin a éagsúla atá siad maidir le hacmhainní agus cumais chun tacú le cuideachtaí, an togra chun síneadh a chur leis an gCreat Sealadach maidir le Bearta Státchabhrach (11) a fhormheas gan mhoill, ar togra é a fheidhmeoidh mar nasc le dálaí margadhbhunaithe iar-COVID-19.

6.2.

Agus tacaíocht airgeadais phoiblí á leithdháileadh, caithfear cúram a dhéanamh le nach buaiteoirí amháin a roghnófar nó nach le gnólachtaí nach bhfuil inmharthana a bheifear ag tacú, mar gurb iad an iomaíocht agus na margaí ba cheart na gnólachtaí a n-éireoidh leo a chinneadh. Ina ionad sin, ba cheart a chur san áireamh sa leithdháileadh cistí na dálaí éagsúla ina mbíonn FBManna, agus na cineálacha éagsúla FBManna atá ann, agus an tacaíocht a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe sa tslí sin chun freastal ar na riachtanais a bheidh i gceist.

6.3.

Molann CESE an athuair líonra d’ombudsmain airgeadais agus chistiúcháin a chruthú agus a fhorbairt sna Ballstáit, líonra arna chomhordú ag AE, agus molann sé go gcuirfí le raon feidhme an líonra chun na foinsí cistiúcháin uile a áirithiú ann. Mhol CESE freisin tascfhórsa a bhunú maidir le leachtacht FBManna, tascfhórsa a d’oibreodh i ndlúthchomhar leis an líonra d’ombudsmain chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart nua de chuid an Choimisiúin atá dírithe ar leachtacht ghearrthéarmach na micrifhiontar, rud a moladh ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát. Chomh maith le cabhrú le FBManna teacht ar chistí, d’fhéadfadh an líonra cuidiú leis an gCoimisiún Eorpach sonraí cáilíochtúla a bhailiú agus a anailísiú freisin chun foghlaim faoin leas a bhaineann bainc idirghabhála as ionstraimí airgeadais chun freastal ar na FBManna is mó atá i ndíth acmhainní airgeadais agus faoin bhfáth nach dtugtar creidmheas dóibh, i gcomhréir leis na prionsabail lena rialaítear aiseolas ó bhainc. Agus ba cheart don líonra a bheith in ann díospóidí níos ginearálta idir FBManna agus na bainc, soláthraithe eile seirbhísí airgeadais agus leachtachta agus comhlachtaí cistithe eile, a réiteach.

6.4.

Is cinnte go mbaineann tairbhe leis an infheistíocht sa nuálaíocht, óir rannchuidíonn sí chun gnólachtaí atá ann cheana féin a fhorbairt agus cinn nua a chruthú agus leis an rath fadtéarmach a fheabhsú. Chomh maith le díriú ar éiceachórais nuálaíochta áirithe, ba cheart an cistiú don nuálaíocht cur le forbairt teicneolaíochtaí agus réiteach a d’fhéadfadh réimse leathan FBManna a uas-scálú agus a ghlacadh. Chun beart a dhéanamh de réir smaointe a bhfuil baol ag baint leo ach atá nuálach, bíonn gá le rannpháirtíocht gníomhaithe éagsúla: taighdeoirí, fiontraithe agus úsáideoirí deiridh nó cliaint. I gcás scéimeanna tacaíochta áirithe de chuid AE a fhaigheann maoiniú ó na cláir Fís Eorpach agus InvestEU, tá siad i bhfad róchasta le gur féidir le FBManna áirithe cur isteach orthu, cé go mb’fhéidir nach mbeidís incháilithe dóibh i gcásanna áirithe. Is féidir leis an Aontas an dúshlán sin a shárú trí laghdú ar na hualaí agus na bacainní a bhíonn ar FBManna agus iad ag cur a smaointe i láthair agus trí mheantóireacht agus tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do na hiarratasóirí rathúla i gcaitheamh an phróisis uile. Molann CESE don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit próiseas iarratais aon bhileoige amháin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme go pras do FBManna le go mbeidh teacht níos éasca agus níos tapa acu ar chistí an Aontais.

6.5.

Baineann a lán de na cláir faoin mBeartas Comhtháthaithe leas as na rialacha nuathionscanta agus as solúbthacht bhreise chun athstruchtúrú a dhéanamh ar a leithdháiltí leis na hearnálacha agus na réigiúin is mó a bhí thíos leis an bpaindéim. Níor mhór don Choimisiún a ráthú nach dtiocfaidh laghdú ar leithdháiltí atá nasctha leis an nuálaíocht agus leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, rud a dhéanfadh difear d’infheistíochtaí FBManna i mbonneagar, acmhainneacht dhigiteach agus athléimneacht chomhshaoil.

6.6.

Is réimse eile d’infheistíochtaí atá dírithe ar an todhchaí é feabhsú inniúlachtaí agus scileanna, agus ba cheart tosaíocht a thabhairt dó. Bíonn na riachtanais chéanna maidir le forbairt scileanna ag fiontraithe, bainisteoirí fiontar agus oibrithe araon. Caithfear a áirithiú go mbeidh na scileanna gairme iomchuí ann chun freastal ar riachtanais reatha FBManna agus ar a riachtanais amach anseo. Chun go bhféadfar freastal ar riachtanais an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, ba cheart na scileanna digiteacha agus glasa a áireamh mar bhunscileanna don uile dhuine. Chun freastal ar an éileamh ar scileanna nua beidh coigeartú le déanamh ar an ngairmoideachas agus gairmoiliúint agus beidh uasghrádú scileanna agus athsciliú le heagrú. Bíonn ról tábhachtach ag an idirphlé sóisialta san fhorbairt scileanna san ionad oibre, agus ba cheart dea-chleachtais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a chur chun cinn agus a mhalartú trí thionscnaimh ábhartha Eorpacha idir eagraíochtaí FBManna, na comhpháirtithe sóisialta agus na Ballstáit.

6.7.

Beidh tacaíocht agus comhairle phraiticiúil ar an leibhéal áitiúil de dhíth ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga go háirithe agus beidh gá an tacaíocht agus an chomhairle sin a nascadh go dlúth le cumais an fhiontair i bhfianaise a chuid acmhainní. Ba cheart i bhfad níos mó a dhéanamh chun infhaighteacht agus inrochtaineacht seirbhísí comhairleacha leordhóthanacha agus infheidhme a áirithiú, san fhadtéarma agus ó lá go lá araon, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua-aimseartha a ghlacadh, scileanna a fhorbairt agus feidhmíocht ghnó fheabhasithe. Tá CESE á iarraidh freisin go ndéanfar feachtais agus uirlisí sonracha a fhorbairt go speisialta le haghaidh micrifhiontar, an líon is mó agus is leochailí de na FBManna.

6.8.

Chun bheith in ann riachtanais phraiticiúla FBManna a thuiscint agus bearta a spriocdhíriú ar bhealach iomchuí, is den riachtanas é bunachar sonraí fónta a bheith ann faoi na dálaí ar an leibhéal áitiúil. Beidh sé tábhachtach freisin do lucht ceaptha beartas ar an uile leibhéal nasc a bheith acu le saol praiticiúil agus imthosca FBManna. Molann CESE don Choimisiún Líonra Toscairí na FBManna a neartú a thuilleadh i dtreo samhail níos idirghníomhaí, samhail a chruthódh nasc buan díreach le FBManna agus le heagraíochtaí ionadaíochta FBManna agus líonraí tacaíochta amhail comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí geallsealbhóirí ábhartha, agus an nasc sin a bheith chomh gar dóibh agus is féidir agus chomh cuimsitheach agus is féidir. Rud eile de, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Toscaire FBManna an Aontais Eorpaigh a cheapadh gan mhoill agus obair an toscaire a lainseáil, ar toscaire é nár mhiste stádas feidhmiúil seachas stádas fáthchiallach amháin a bheith aige sna hinstitiúidí. Cuireann CESE i bhfios go láidir an ról cinniúnach atá ag Líonra Toscairí na FBManna, ag an Líonra Fiontar Eorpach agus ag eagraíochtaí FBManna chun na bearta tacaíochta uile a phoibliú chomh forleathan agus is féidir, ar mhaithe leis an bhfaisnéis a scaipeadh ar an líon is leithne is féidir de FBManna.

6.9.

Is bealaí eile fós iad an líonrú, an comhar agus comhpháirtíochtaí le gnólachtaí agus le geallsealbhóirí eile chun cur le hacmhainn téarnaimh, digiteála agus ghlasaithe FBManna. Ba cheart é sin a bheith ar cheann de na príomhchuspóirí maidir leis na héiceachórais nuálaíochta agus ghnó a neartú, agus cuireann CESE i bhfáth nach mór ról agus líonra na Mol Nuálaíochta Digití agus ardáin ar líne a neartú le go mbeidh FBManna in ann teacht orthu go héasca agus tacaíocht a fháil uathu. Tá ríthábhacht leis an digiteáil i ngnáthchúrsaí gnó freisin, ós rud é go n-éascaíonn sí an líonrú agus go gcuireann sí ar chumas FBManna idirghníomhú níos forleithne a bheith eatarthu agus a bheith i ndlúth-theagmháil le custaiméirí, infheisteoirí, comhpháirtithe gnó, comhpháirtithe sóisialta, taighdeoirí, oideachasóirí agus údaráis phoiblí.

6.10.

Shainaithin CESE na prionsabail seo a leanas le cur san áireamh agus aon chláir dhigiteála nua le haghaidh FBManna á bhforbairt — agus d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm maidir leis na bearta tacaíochta uile do FBManna freisin:

a áirithiú gur clár spriocdhírithe é, go n-oireann sé do na riachtanais agus gur fusa do na tairbhithe é a thuiscint, cur isteach air agus a chur chun feidhme – trí dhul i gcomhairle leis na príomh-gheallsealbhóirí agus saineolaithe roimh ré;

príomhphointe fócais don chlár a eagrú maidir le faisnéis agus acmhainní, a mbeidh FBManna in ann teacht air chun tacú lena ngníomhaíochtaí digiteála agus chun cuidiú leo saineolas a fhorbairt maidir leis na teicneolaíochtaí sin a cheannach agus a úsáid;

scileanna digiteacha na bhfiontraithe féin a fhorbairt óir bíonn comhghaol idir an méid sin agus leibhéal na digiteála sa ghnólacht, agus ardófar leibhéal ginearálta na scileanna digiteacha sa ghnólacht;

rochtain ar airgeadas seachtrach a éascú agus eisíocaíochtaí tapa a áirithiú;

an comhar le comhpháirtithe agus le geallsealbhóirí a chur chun cinn;

ba cheart na cláir dhigiteála a dhearadh i gcaoi is gur féidir sonraí agus aiseolas a bhailiú ó FBManna — agus gur féidir na seirbhísí agus na cláir atá ann faoi láthair agus atá beartaithe don todhchaí a fheabhsú.

An Bhruiséil, 19 Eanáir 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 45, pointe 3.6.3.

(2)  IO L 48, 23.2.2011, lch. 1.

(3)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=en&catId=89&newsId=10117&furtherNews=yes#navItem-1

(4)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 210.

(5)  COM(2020) 103 final.

(6)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 210.

(7)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 1.

(8)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 210 agus tuairimí roimhe sin.

(9)  IO L 172, 26.6.2019, lch. 18.

(10)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 45, pointe 3.6.3.

(11)  Arna dhéanamh an 30.9.2021 — síneadh breise 6 mhí a chur leis.


Top