Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022PC0068

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí)

    COM/2022/68 final

    An Bhruiséil,23.2.2022

    COM(2022) 68 final

    2022/0047(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí
    (An Ionstraim um Shonraí)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2022) 81 final} - {SWD(2022) 34 final} - {SWD(2022) 35 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tá an meabhrán míniúcháin seo ag gabháil leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chóir sonraí (an Ionstraim um Shonraí).

    Dlúthchuid den gheilleagar digiteach is ea sonraí, agus is acmhainn fhíor-riachtanach iad chun na haistrithe glasa agus digiteacha a dhaingniú. Tá méadú easpónantúil ag teacht ar mhéid na sonraí a ghineann daoine agus meaisíní le blianta beaga anuas. Tá an chuid is mó sonraí gan úsáid, áfach, nó tá a luach comhchruinnithe i lámha líon beag cuideachtaí móra. Cuireann leibhéal íseal iontaoibhe, dreasachtaí eacnamaíocha atá ag teacht salach ar a chéile agus bacainní teicneolaíochta bac ar leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na nuálaíochta sonraíbhunaithe. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, leas a bhaint as an acmhainneacht sin trí dheiseanna a sholáthar maidir le hathúsáid sonraí, agus trí dheireadh a chur le bacainní ar fhorbairt gheilleagar sonraí Eorpach i gcomhréir le rialacha Eorpacha agus luachanna Eorpacha á n‑urramú go hiomlán, agus i gcomhréir leis an misean an deighilt dhigiteach a laghdú ionas go mbainfidh gach duine tairbhe as na deiseanna sin. Tá acmhainneacht ollmhór ann borradh a chur faoi gheilleagar sonraí inbhuanaithe san Eoraip trí chothromaíocht níos fearr a áirithiú i ndáileadh an luacha ó shonraí i gcomhréim leis an rabharta nua sonraí tionsclaíochta neamhphearsanta agus iomadú na dtáirgí a bhaineann le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla.

    Is réamhriachtanas bunúsach é rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a rialáil chun na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an ré dhigiteach atá ann faoi láthair a thapú. Dúirt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ina treoirlínte polaitiúla don Choimisiún 2019-2024, nach mór don Eoraip ‘sreabhadh agus úsáid sonraí a chothromú agus ardchaighdeáin príobháideachais, slándála, sábháilteachta agus eiticiúla á gcaomhnú san am céanna 1 . Leagadh amach i gClár Oibre an Choimisiúin 2020 2 roinnt cuspóirí straitéiseacha, lena náirítear an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí 3 , a glacadh i mí Feabhra 2020. Is é is aidhm don straitéis sin fíormhargadh aonair le haghaidh sonraí a thógáil agus ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip sa gheilleagar atá solúbtha ó thaobh sonraí de. Ar an gcúis sin, is príomhcholún é an Ionstraim um Shonraí agus is é an dara mórthionscnamh é a fógraíodh sa straitéis maidir le sonraí. Go háirithe, rannchuidíonn sé le creat rialachais trasearnálach a chruthú le haghaidh rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí trí reachtaíocht a thabhairt isteach maidir le hábhair a mbíonn tionchar acu ar an gcaidreamh idir gníomhaithe sa gheilleagar sonraí, chun dreasachtaí a sholáthar le haghaidh comhroinnt chothrománach sonraí thar earnálacha.

    Leagadh béim sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21-22 Deireadh Fómhair 2021 ar ‘an tábhacht a bhaineann le dul chun cinn gasta a dhéanamh maidir le tionscnaimh atá ann cheana agus le tionscnaimh a bheidh ann amach anseo, go háirithe trí lán a luacha a thabhairt do shonraí san Eoraip, go háirithe trí chreat rialála cuimsitheach a chuideoidh leis an nuálaíocht agus lena néascaítear iniomparthacht sonraí níos fearr, rochtain chothrom ar shonraí agus lena náirithítear idir-inoibritheacht 4 . Ar an 25 Márta 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach ‘a thábhachtaí atá sé leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht na sonraí agus na dteicneolaíochtaí digiteacha ar mhaithe leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar 5 . Ar an 1-2 Deireadh Fómhair 2020, cuireadh i bhfios go láidir ‘an gá atá ann sonraí ardcháilíochta a chur ar fáil ar bhealach níos fusa agus comhroinnt agus comhthiomsú níos fearr sonraí, chomh maith le hidir-inoibritheacht, a chur chun cinn agus a chumasú 6 . Maidir le néalseirbhísí, an 15 Deireadh Fómhair 2020, ghlac Ballstáit an Aontais d’aon ghuth Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gcéad ghlúin eile den néal a thógáil do ghnólachtaí agus don earnáil phoiblí san Aontas Eorpach. Chuige sin, bheadh gá leis an gcéad ghlúin eile de sheirbhísí néalríomhaireachta AE ina mbeadh na caighdeáin is airde ó thaobh iniomparthachta agus idir-inoibritheachta de, mar shampla 7 .

    Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 i ndáil le Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, áitíodh ar an gCoimisiún ionstraim um shonraí a chur i láthair chun sreabhadh sonraí níos mó agus níos cothroime a spreagadh agus a chumasú i ngach earnáil, gnólacht le gnólacht, gnólacht le rialtas agus rialtas le gnólacht agus rialtas le rialtas 8 . Sa rún uaithi an 25 Márta 2021, chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht freisin an gá atá le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta thar theorainneacha agus ar fud earnálacha agus idir gnólachtaí, an saol acadúil, na páirtithe leasmhara ábhartha agus an earnáil phoiblí. Ó thaobh an méid sin de, mhol sí don Choimisiún cearta úsáide a shoiléiriú, go háirithe i gcomhthéacsanna gnólacht le gnólacht agus gnólacht le rialtas. Cuireadh in iúl go láidir go gcuireann míchothromaíochtaí margaidh a eascraíonn as comhchruinniú sonraí srian le hiomaíocht, go méadaíonn siad bacainní ar dhul isteach sa mhargadh agus go laghdaíonn siad rochtain níos leithne ar shonraí agus úsáid níos leithne sonraí.

    Sa rún uaithi, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl freisin nach gá go ráthófaí le comhaontuithe conarthacha gnólacht le gnólacht rochtain leordhóthanach ar shonraí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Is é is cúis leis sin go bhfuil éagothromaíochtaí i gcumhacht agus saineolas caibidlíochta. Dá bhrí sin, chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht an gá atá le conarthaí chun oibleagáidí soiléire a leagan amach agus dliteanas a chinneadh maidir le rochtain, próiseáil, comhroinnt agus stóráil sonraí chun teorainn a chur le mí‑úsáid na sonraí sin.

    Mar sin de, iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit den Aontas Eorpach scrúdú a dhéanamh ar chearta na ngníomhaithe agus ar a n‑oibleagáidí rochtain a fháil ar shonraí a raibh baint acu lena nginiúint agus a bhfeasacht a fheabhsú, go háirithe maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí, iad a phortáil, páirtí eile a ghríosú gan iad a úsáid, nó iad a cheartú nó a scriosadh, agus sealbhóirí na gceart sin á sainaithint agus cineál na gceart sin á léiriú an tráth céanna.

    Ó thaobh cúrsaí gnólacht le rialtas de, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún na cásanna, na coinníollacha agus na dreasachtaí a leagan amach faoinar cheart go é a bheith d’oibleagáid ar an earnáil phríobháideach sonraí a chur ar fáil lena n‑úsáid ag an earnáil phoiblí, mar shampla, mar go bhfuil gá leo chun seirbhísí poiblí sonraíbhunaithe a eagrú, agus scrúdú a dhéanamh freisin ar scéimeanna éigeantacha comhroinnte sonraí gnólacht le rialtas, mar shampla i gcásanna nach bhfuil daoine in ann iad a rialú.

    Sa chomhthéacs sin, cuireann an Coimisiún an Ionstraim um Shonraí atá beartaithe ar aghaidh agus é d’aidhm aige cothroime a áirithiú i leithdháileadh luacha ó shonraí i measc gníomhaithe sa gheilleagar sonraí agus rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a chothú.

    Beidh an togra ina chuidiú chun na spriocanna beartais níos leithne a bhaint amach, is iad sin a áirithiú go mbeidh gnólachtaí an Aontais Eorpaigh i ngach earnáil in ann nuálaíocht a dhéanamh agus dul san iomaíocht, daoine aonair a chumhachtú go héifeachtach maidir lena sonraí, agus sásra comhréireach intuartha a thabhairt do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí chun dul i ngleic le mórdhúshláin bheartais agus shochaíocha, lena n‑áirítear éigeandálaí poiblí agus cásanna eisceachtúla eile. Beidh gnólachtaí in ann a gcuid sonraí agus sócmhainní digiteacha eile a mhalartú go héasca idir soláthraithe néalríomhaireachta agus seirbhísí próiseála sonraí eile atá in iomaíocht lena chéile. Chun sonraí a chomhroinnt laistigh d’earnálacha den gheilleagar agus eatarthu, tá gá le creat idir-inoibritheachta maidir le bearta nós imeachta agus reachtacha chun iontaobhas a fheabhsú agus chun éifeachtúlacht a fheabhsú. Trí spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú le haghaidh earnálacha straitéiseacha an gheilleagair agus réimsí a bhaineann le leas an phobail, cuirfear le fíormhargadh inmheánach le haghaidh sonraí lena gcumasófar comhroinnt agus úsáid sonraí thar earnálacha. Dá bhrí sin, cuireann an Rialachán seo leis na creataí rialachais agus an bonneagar sin agus le comhroinnt sonraí lasmuigh de spásanna sonraí.

    Tá cuspóirí sonracha an togra leagtha amach thíos.

    Rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí ag tomhaltóirí agus gnólachtaí a éascú, agus dreasachtaí a chaomhnú an tráth céanna chun infheistíocht a dhéanamh ar bhealaí chun luach a ghiniúint trí shonraí. Áirítear leis sin deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú maidir le comhroinnt na sonraí a fhaightear ó tháirgí nó seirbhísí gaolmhara nó a ghintear trí úsáid a bhaint astu, chomh maith le rialacha a chur i bhfeidhm chun cothroime a áirithiú i gconarthaí comhroinnte sonraí. Soiléirítear leis an togra cur i bhfeidhm na gceart ábhartha faoi Threoir 96/9/CE maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (an Treoir maidir le Bunachair Sonraí) 9 dá forálacha.

    Foráil a dhéanamh maidir leis an úsáid a bhaineann údaráis phoiblí agus institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais as sonraí atá i seilbh gnóthas i gcásanna áirithe ina bhfuil gá le sonraí eisceachtúla. Baineann sé sin go príomha le héigeandálaí poiblí, ach freisin le cásanna eisceachtúla eile ina bhfuil údar le comhroinnt sonraí gnólacht le rialtas, chun tacú le beartais agus le seirbhísí poiblí atá fianaise-bhunaithe, éifeachtach, éifeachtúil agus feidhmíochtbhunaithe.

    Malartú a éascú idir néalseirbhísí agus imeallseirbhísí. Is réamhchoinníoll é rochtain ar sheirbhísí próiseála sonraí iomaíocha agus idir-inoibritheacha le go mbeidh geilleagar sonraí faoi bhláth ann, inar féidir sonraí a chomhroinnt go héasca laistigh d’éiceachórais earnálacha agus ar fud na néiceachóras sin. Is leis an leibhéal iontaobhais i seirbhísí próiseála sonraí a chinntear an glacadh na seirbhísí sin ag úsáideoirí ar fud earnálacha an gheilleagair.

    Cosaintí a chur i bhfeidhm i gcoinne aistriú neamhdhleathach sonraí gan fógra a fháil ó sholáthraithe néalseirbhísí. Is é is cúis leis sin gur cuireadh ábhair imní in iúl maidir le rochtain neamhdhleathach ar shonraí ag rialtais nach rialtais de chuid an Aontais Eorpaigh ná an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) iad. Leis na coimircí sin ba cheart iontaobhas a fheabhsú tuilleadh sna seirbhísí próiseála sonraí a chuireann bonn níos mó faoi gheilleagar Eorpach sonraí.

    Foráil a dhéanamh maidir le forbairt caighdeán idir-inoibritheachta le haghaidh sonraí atá le hathúsáid idir earnálacha, agus iarracht á déanamh deireadh a chur le bacainní ar chomhroinnt sonraí thar spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a bhaineann go sonrach le réimse ar leith, i gcomhréir le ceanglais idir-inoibritheachta earnálacha, agus idir sonraí eile nach bhfuil faoi raon feidhme spáis choitinn sonraí Eorpaigh shonraigh. Leis an togra tacaítear freisin le caighdeáin a shocrú le haghaidh ‘conarthaí cliste’. Is ríomhchláir iad sin ar mhórleabhair leictreonacha lena bhforghníomhaítear agus lena socraítear idirbhearta bunaithe ar choinníollacha réamhchinntithe. Tá sé de chumas acu ráthaíochtaí a sholáthar do shealbhóirí sonraí agus d’fhaighteoirí sonraí go bhfuil na coinníollacha maidir le comhroinnt sonraí á nurramú.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra seo comhsheasmhach leis na rialacha atá ann cheana maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil (lena náirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) 10 ), agus maidir leis an saol príobháideach agus an rúndacht chumarsáide a chosaint, chomh maith le haon sonraí (pearsanta agus neamhphearsanta) a stóráiltear i dtrealamh teirminéil agus a bhfuil rochtain orthu ón trealamh sin (an Treoir maidir le ríomhPhríobháideachas 11 , atá le hionadú leis an Rialachán maidir le r-Phríobháideachas atá ina ábhar caibidlíochtaí reachtacha faoi láthair). Comhlánaíonn an togra seo na cearta atá ann cheana, go sonrach na cearta maidir le sonraí a ghineann táirge úsáideora atá nasctha le líonra cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.

    Leis an Rialachán maidir le Saorshreabhadh Sonraí Neamhphearsanta 12 , cuireadh i bhfeidhm bunchloch ríthábhachtach geilleagair Eorpaigh sonraí, trína áirithiú gur féidir sonraí neamhphearsanta a stóráil, a phróiseáil agus a aistriú aon áit san Aontas. Chuir sé cur chuige féinrialaitheach i láthair freisin maidir leis an bhfadhb a bhaineann le ‘gaibhniú in úsáid’ ar leibhéal na soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, trí chóid iompair a thabhairt isteach chun malartú sonraí idir seirbhísí néalríomhaireachta a éascú (na Cóid Iompair atá forbartha ag an tionscal maidir le ‘Soláthraithe Néalríomhaireachta a Mhalartú agus Sonraí a Phortáil’ (SWIPO)). Cuireann an togra seo leis an méid sin, rud a chabhraíonn le gnólachtaí agus le saoránaigh an leas is fearr a bhaint as an gceart maidir le soláthróirí néalríomhaireachta a mhalartú agus sonraí a phortáil. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach freisin leis an Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha a mhéid a bhaineann le dlí na gconarthaí 13 . Maidir le néalseirbhísí, ós rud é gur cosúil nach bhfuil tionchar mór ag an gcur chuige féinrialála ar dhinimic an mhargaidh, cuirtear i láthair leis an togra seo cur chuige rialála maidir leis an bhfadhb a léiríodh sa Rialachán maidir le Saorshreabhadh Sonraí Neamhphearsanta.

    Is le RGCS, le gealltanais trádála na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), leis an gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) agus le comhaontuithe trádála déthaobhacha a rialaítear próiseáil agus stóráil sonraí idirnáisiúnta agus aistrithe sonraí idirnáisiúnta.

    dlí na hiomaíochta 14 infheidhme i gcomhthéacs, i measc nithe eile, rialú cumasc, comhroinnt sonraí ag cuideachtaí nó míúsáid ceannasachta gnólachta.

    Déantar foráil sa Treoir maidir le Bunachair Sonraí 15 maidir le cosaint sui generis bunachair sonraí a cruthaíodh mar thoradh ar infheistíocht shuntasach, fiú mura bunchruthú intleachtúil é an bunachar sonraí féin atá cosanta ag cóipcheart. Ag cur leis an méid suntasach cásdlí lena léirmhínítear forálacha na Treorach maidir le Bunachair Sonraí, tugtar aghaidh sa togra seo ar éiginnteachtaí dlíthiúla leanúnacha maidir le cé acu a bheadh bunachair shonraí ina bhfuil sonraí a ghintear nó a fhaightear trí táirgí nó seirbhísí gaolmhara a úsáid, amhail braiteoirí, nó cineálacha eile sonraí meaisínghinte, i dteideal na cosanta sin nó nach mbeadh.

    Leis an Rialachán maidir le hArdáin le haghaidh Gnó 16 forchuirtear oibleagáidí trédhearcachta, lena gceanglaítear ar ardáin tuairisc a thabhairt d’úsáideoirí gnó ar na sonraí a ghintear ó sholáthar na seirbhíse.

    Leagtar amach sa Treoir maidir le Sonraí Oscailte 17 rialacha íosta maidir le hathúsáid sonraí atá i seilbh na hearnála poiblí agus sonraí taighde arna gcistiú go poiblí a chuirtear ar fáil go poiblí trí stórtha.

    Leis an tionscnamh um Eoraip Idir-inoibritheach féachtar le beartas comhoibritheach idir-inoibritheachta a thabhairt isteach le haghaidh earnáil phoiblí nuachóirithe. D’éirigh an tionscnamh as ISA2, clár cistiúcháin de chuid an Aontais a bhí ann ó 2016 go 2021 agus a thacaigh le forbairt réiteach digiteach chun seirbhísí poiblí idir-inoibritheacha trasteorann agus trasearnálacha a chumasú 18 .

    Comhlánaíonn an togra seo an Gníomh um Rialachas Sonraí a glacadh le déanaí, a bhfuil sé d’aidhm leis comhroinnt dheonach sonraí ag daoine aonair agus ag gnólachtaí a éascú agus na coinníollacha maidir le húsáid sonraí áirithe ón earnáil phoiblí a chomhchuibhiú, gan cearta ábhartha maidir leis na sonraí a athrú ná cearta maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí atá leagtha síos 19 . Comhlánaíonn sé freisin an togra le haghaidh Ionstraim um Margaí Digiteacha, lena gcuirfear de cheangal ar sholáthraithe áirithe croísheirbhísí ardáin a shainaithnítear mar ‘gheatóirí’ inter alia iniomparthacht níos éifeachtaí sonraí a ghintear trí ghníomhaíochtaí úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh a sholáthar 20 .

    Ní dhéanann an togra seo difear do na rialacha atá ann cheana i réimsí na maoine intleachtúla (seachas cur i bhfeidhm cheart sui generis na Treorach maidir le Bunachair Sonraí), na hiomaíochta, an cheartais agus gnóthaí baile agus comhair (idirnáisiúnta) gaolmhair, oibleagáidí a bhaineann le trádáil, ná na cosanta dlíthiúla rún trádála.

    Tá gá le hoiriúnuithe reachtacha i roinnt réimsí chun an taistriú digiteach a chur chun cinn. Faoin bPas Eorpach Táirgí Digiteacha (atá ina chuid den Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe), bunófar rialacha soiléire maidir le rochtain ar shonraí sonracha is gá le haghaidh ciorclaíocht agus inbhuanaitheacht táirgí áirithe le linn a saolré agus i gcásanna neamheisceachtúla 21 . Is príomhghné den chreat foriomlán iad rialacha an dlí phríobháidigh. Dá bhrí sin, déantar dlí na gconarthaí agus rialacha eile a oiriúnú leis an Rialachán seo chun feabhas a chur ar choinníollacha maidir le hathúsáid sonraí sa Mhargadh Inmheánach, agus chun cosc a chur ar pháirtithe conarthaí míúsáid a bhaint as míchothromaíochtaí i gcumhacht chaibidlíochta chun aimhleas na bpáirtithe atá níos laige.

    Mar thogra cothrománach, beartaítear leis an Ionstraim um Shonraí rialacha bunúsacha le haghaidh gach earnála a mhéid a bhaineann leis na cearta chun sonraí a úsáid, amhail i réimsí an innealra chliste nó na n‑earraí tomhaltais. Mar sin féin, rinneadh na cearta agus na hoibleagáidí maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a rialáil go leibhéil éagsúla ar leibhéal na hearnála. Ní athróidh an Ionstraim um Shonraí aon reachtaíocht den sórt sin atá ann cheana, ach ba cheart reachtaíocht a bheidh ann amach anseo sna réimsí sin a ailíniú i bprionsabal le prionsabail chothrománacha na hIonstraime um Shonraí. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chóineasú rialacha cothrománacha na hIonstraime um Shonraí nuair a dhéanfar athbhreithniú ar ionstraimí earnálacha. Fágann an togra seo gur féidir rialacha níos mionsonraithe a leagan síos le reachtaíocht ingearach chun cuspóirí rialála earnáilsonracha a bhaint amach.

    I bhfianaise na reachtaíochta earnálaí atá ann cheana, a mhéid a bhaineann le spás sonraí don Chomhaontú Glas a chruthú, cumasófar tuilleadh infhaighteachta agus athúsáide sonraí spásúlachta agus comhshaoil tríd an athbhreithniú 22 ar an Treoir INSPIRE 23 . Is é is aidhm don tionscnamh seo é a dhéanamh níos éasca d’údaráis phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh AE tacú leis an aistriú chuig geilleagar atá níos glaise agus neodrach ó thaobh carbóin de agus an tualach riaracháin a laghdú. Tá coinne leis go dtacóidh sé le seirbhísí sonraí inathúsáidte ar mhórscála chun cabhrú le bailiú, comhroinnt, próiseáil agus anailís méideanna móra sonraí ábhartha chun comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil a áirithiú agus gníomhaíochtaí tosaíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Leis an togra freisin, déanfar an tuairisciú agus an laghdú ualaigh a chuíchóiriú trí athúsáid níos fearr na sonraí atá ann cheana, trí ghiniúint thuairiscithe uathoibríoch trí bhíthin mianadóireacht sonraí agus trí éirim ghnó.

    Le Rialachán Leictreachais 24 an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar na hoibreoirí córas tarchurtha sonraí a sholáthar do rialtóirí agus sonraí le haghaidh pleanáil leormhaitheasa acmhainní a sholáthar, agus le Treoir Leictreachais 25 an Aontais Eorpaigh déantar foráil maidir le rochtain thrédhearcach neamhidirdhealaitheach ar shonraí agus tugtar sainordú don Choimisiún ceanglais agus nósanna imeachta idir-inoibritheachta gaolmhara a fhorbairt chun é sin a éascú. Osclaítear leis an Treoir um Sheirbhísí Íocaíochta 2 26 roinnt cineálacha faisnéise idirbheartaíochta íocaíochta agus faisnéis cuntas faoi choinníollacha áirithe, rud a chumasaíonn comhroinnt sonraí gnólacht le gnólacht i réimse na teicneolaíochta airgeadais. In earnáil na soghluaisteachta agus an iompair, tá réimse leathan de rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus comhroinnt sonraí. Tá faisnéis deisithe agus chothabhála ó mhótarfheithiclí agus ó mheaisíní talmhaíochta faoi réir oibleagáidí sonracha rochtana/comhroinnte faoin reachtaíocht maidir le cineálcheadú 27 . Tá gá le rialacha nua, áfach, chun a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht atá ann cheana maidir le cineálcheadú feithiclí oiriúnach don ré dhigiteach agus go gcuirfidh chun cinn forbairt feithiclí glana, nasctha agus uathoibrithe léi. Ag cur leis an Ionstraim um Shonraí mar chreat chun sonraí a rochtain agus a úsáid, tabharfaidh na rialacha seo aghaidh ar dhúshláin earnáilsonracha, lena náirítear rochtain ar fheidhmeanna agus ar acmhainní feithiclí.

    Faoi chuimsiú na Treorach maidir le Córais Chliste Iompair 28 , forbraíodh roinnt rialachán tarmligthe agus leanfar d’fhorbairt a dhéanamh orthu, go háirithe chun inrochtaineacht sonraí d’iompar de bhóthar agus d’iompar ilmhódach paisinéirí a shonrú, go háirithe trí Phointí Rochtana Náisiúnta. Maidir le bainistiú aerthráchta, tá sonraí neamhoibríochtúla tábhachtach chun idirmhódúlacht agus nascacht a fheabhsú. Bheadh sonraí oibríochtúla a bhaineann le bainistíocht aerthráchta faoi réir an chórais shonraigh a shainítear i gcreat an Aerspáis Eorpaigh Aonair 29 . Maidir le faireachán um thrácht árthach, tá sonraí a bhaineann le árthaí (rianú agus rianú) tábhachtach chun idirmhódúlacht agus nascacht a fheabhsú: tagann na sonraí sin faoin gcóras sonrach a shainítear sa Treoir VTMIS 30 . Tagann sé faoi shainchúram an Chórais Mhuirí Dhigitigh agus na Seirbhísí Muirí Digiteacha freisin 31 . An togra le haghaidh Rialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla 32 , sonraítear na cineálacha sonraí ábhartha atá le cur ar fáil, i sineirge leis an gcreat ginearálta a bhunaítear sa Treoir maidir le Córais Chliste Iompair.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin chun an Eoraip a chur in oiriúint don ré dhigiteach agus chun geilleagar a thógáil atá réidh don todhchaí agus a fhóireann do dhaoine 33 , geilleagar ina bhfuil ardleibhéal iontaobhais, slándála, sábháilteachta agus rogha do thomhaltóirí ina bpríomhthréith de dhigitiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá digitiú an mhargaidh inmheánaigh aniomaíoch a bhuí le creat atá i bhfabhar na trédhearcachta, na hiomaíochta agus na nuálaíochta, agus atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Tacaíonn sé leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 34 ,  agus ceachtanna á bhfoghlaim ó phaindéim COVID-19 agus na buntáistí a bhaineann le sonraí a bhfuil rochtain níos éasca orthu i gcás inar gá.

    Tacaíonn an togra seo leis an ról ríthábhachtach atá ag sonraí maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar bhealaí éagsúla. Ar an gcéad dul síos, trí thuiscint níos fearr a fháil ar rialtais, ar ghnólachtaí agus ar dhaoine aonair maidir leis an tionchar a bhíonn ag táirgí, seirbhísí agus ábhair ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar ar fud na slabhraí soláthair ar fad. Ar an dara dul síos, tríd an saibhreas sonraí ábhartha ón earnáil phríobháideach atá ann cheana a shlogadh chun dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht, leis an truailliú 35 agus le hacmhainní nádúrtha i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 36 , leis na conclúidí ábhartha ón gComhairle 37 agus leis na seasaimh ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa 38 . Ar an tríú dul síos, trí bhearnaí eolais a dhúnadh agus géarchéimeanna gaolmhara a bhainistiú trí ghníomhaíochtaí feabhsaithe maidir le maolú, ullmhacht, freagairt agus téarnamh.

    I gcomhréir leis an Straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht 39 , sa togra pléitear teicneolaíochtaí anstraitéiseach amhail néalríomhaireacht agus córais intleachta saorga: limistéir nach bhfuil leas iomlán á bhaint ag an Aontas as a nacmhainneacht go fóill, agus an chéad rabharta sonraí tionsclaíocha eile ar leac an dorais againn. Cuirtear chun feidhme leis sprioc na Straitéise Eorpaí maidir le Sonraí 40 is é sin go mbeadh gnólachtaí in ann nuálaíocht a dhéanamh agus dul san iomaíocht ar bhonn luachanna AE, agus ar bhonn phrionsabal an tsaorshreabhaidh sonraí laistigh den mhargadh inmheánach. Tá sé ag teacht leis an bPlean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil 41 chomh maith inar gheall an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Bunachair Sonraí.

    Leis an togra seo, ba cheart na prionsabail faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 42 a chomhlíonadh agus ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí a chomhlíonadh freisin 43 .

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é an bunús dlí leis an togra seo Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arb é is cuspóir dó an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú trí bhearta a fheabhsú chun rialacha náisiúnta a chomhfhogasú.

    Tá sé beartaithe leis an togra seo cur le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh sonraí ina mbaintear an úsáid is fearr is féidir as sonraí ón earnáil phoiblí, ó ghnólachtaí agus ó dhaoine aonair, agus cearta i ndáil leis na sonraí sin agus na hinfheistíochtaí a rinneadh chun iad a bhailiú á n‑urramú san am céanna. Is é is aidhm do na forálacha maidir le malartú idir seirbhísí próiseála sonraí dálaí margaidh cothroma agus iomaíocha a bhunú don mhargadh inmheánach i néalseirbhísí, imeallseirbhísí agus seirbhísí gaolmhara.

    Is gné thábhachtach de dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh é sonraí rúnda gnó agus rúin trádála a chosaint, mar is amhlaidh i gcás comhthéacsanna eile ina malartaítear seirbhísí agus ina ndéantar earraí a thrádáil. Áirithítear leis an togra seo go n‑urramaítear rúin trádála i gcomhthéacs úsáid sonraí idir gnólachtaí nó ag tomhaltóirí. Leis an tionscnamh, cuirfear ar chumas an Aontais tairbhe a bhaint as scála an mhargaidh inmheánaigh, ós rud é gur minic a dhéantar táirgí nó seirbhísí gaolmhara a fhorbairt trí úsáid sonraí ó Bhallstáit éagsúla, agus go ndéantar iad a thráchtálú ina dhiaidh sin ar fud an Aontais.

    Tá gníomhaíocht reachtach déanta ag roinnt Ballstát chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhfuil tuairisc orthu thuas, i gcásanna gnólacht le gnólacht agus gnólacht le rialtas, ach níl beart reachtach déanta ag Ballstáit eile. D’fhéadfadh ilroinnt reachtach sa mhargadh inmheánach agus rialacha agus cleachtais éagsúla ar fud an Aontais a bheith ina dtoradh air sin agus costais ghaolmhara le haghaidh cuideachtaí a mbeadh orthu córais éagsúla a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear na bearta atá beartaithe i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát.

    Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

    Ós rud é gur de chineál trasteorann úsáid na sonraí agus go leor réimsí tionchair na hIonstraime um Shonraí, ní féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa togra seo ar leibhéal na mBallstát. Ba cheart an ilroinnt a eascraíonn as difríochtaí idir rialacha náisiúnta a sheachaint, ós rud é go mbeadh costais níos airde idirbheartaíochta ann dá bharr, easpa trédhearcachta, éiginnteacht dhlíthiúil agus siopadóireacht dlínse neamh‑inmhianaithe. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an méid sin a sheachaint i ngach cás a bhaineann leis na gnéithe sonraí den chaidreamh gnólacht le gnólacht, lena n‑áirítear téarmaí conarthacha cothroma agus oibleagáidí mhonaróirí tháirgí nó sheirbhísí gaolmhara Idirlín na Rudaí Nithiúla, gnéithe dá dteastaíonn aonchineálacht an chreata ar fud an Aontais.

    Ina theannta sin, léiríodh i measúnú ar na gnéithe trasteorann de shreafaí sonraí i réimse chomhroinnt sonraí gnólacht le rialtas gur gá gníomhú ar leibhéal an Aontais. Is cuideachtaí ilnáisiúnta iad go leor gníomhaithe príobháideacha a shealbhaíonn sonraí ábhartha. Níor cheart go mbeadh ar na cuideachtaí sin dul i ngleic le córas dlíthiúil ilroinnte.

    Is annamh nach dtairgtear seirbhísí néalríomhaireachta ach in aon Bhallstát amháin. I gcomhréir le RGCS agus leis an Rialachán maidir le Saorshreabhadh Sonraí Neamhphearsanta lena gcuirtear ar a gcumas do thomhaltóirí agus gnólachtaí sonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta a phróiseáil áit ar bith san Aontas, tá próiseáil trasteorann sonraí laistigh den Aontas ríthábhachtach chun gnó a sheoladh sa mhargadh inmheánach. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí forálacha maidir le malartú seirbhísí próiseála sonraí i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, chun ilroinnt dhíobhálach a sheachaint i margadh le haghaidh seirbhísí próiseála sonraí atá aontaithe seachas sin.

    Is le comhghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais amháin a fhéadfar na cuspóirí a leagtar síos sa togra seo a bhaint amach, lena n‑áirítear cothroime iomaíochta nuálach agus iomaíoch a chruthú le haghaidh gnólachtaí sonraíbhunaithe agus saoránaigh a chumhachtú. Is céim mhuiníneach chun tosaigh í an chomhghníomhaíocht sin chun an fhís a bhaint amach d’fhonn fíormhargadh inmheánach le haghaidh sonraí a chruthú.

    Comhréireacht

    Freastalaíonn an togra seo ar chearta agus ar leasanna na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann agus an cuspóir ginearálta aige úsáid níos leithne sonraí a éascú le haghaidh réimse leathan gníomhaithe. Cruthaítear leis creat cumasúcháin nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach. Tugtar aghaidh ann ar bhacainní atá ann cheana maidir le leas as an luach féideartha sonraí a bhaint amach ar bhealach níos iomláine i measc gnólachtaí, tomhaltóirí agus na hearnála poiblí. Leagtar amach ann freisin creat le haghaidh rialacha earnálacha a bheidh ann amach anseo chun ilroinnt agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint. Soiléirítear ann na cearta atá ann cheana agus, i gcás inar gá, déantar foráil ann maidir le cearta rochtana ar shonraí, rud a chuidíonn le margadh inmheánach le haghaidh comhroinnt sonraí a fhorbairt. Leis an tionscnamh, fágtar méid suntasach solúbthachta maidir le cur i bhfeidhm ar an leibhéal earnáilsonrach.

    Eascróidh costais airgeadais agus riaracháin as an togra seo. Is iad na húdaráis náisiúnta, monaróirí agus soláthraithe seirbhíse is mó a sheasfaidh iad, ionas go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo. Mar sin féin, féachadh ar roghanna éagsúla agus na costais ionchasacha a bhaineann leo, agus is é is toradh air sin dearadh cothrom na hionstraime. Ar an mbealach céanna, déanfar na costais ar úsáideoirí sonraí agus ar shealbhóirí sonraí a chúiteamh leis an luach atá le baint as rochtain agus úsáid níos leithne na sonraí mar aon le glacadh na seirbhísí núíosacha sa mhargadh.

    An rogha ionstraime

    Roghnaíodh rialachán mar gurb é an sásra is fearr é chun freastal ar na spriocanna beartais níos leithne, is é sin a áirithiú go mbeidh gach gnólacht san Aontas in ann nuálaíocht a dhéanamh agus dul san iomaíocht, is fearr is féidir le tomhaltóirí rialú a dhéanamh ar a gcuid sonraí, agus is fearr a bheidh institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais in ann dul i ngleic le dúshláin mhóra beartais, lena n‑áirítear éigeandálaí poiblí. Tá gá le rialachán i bhfianaise sprioc an chomhchuibhithe chuimsithigh atá á saothrú leis an togra, chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, lena n‑áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus chun an leibhéal céanna de chearta agus d’oibleagáidí atá in‑fhorfheidhmithe le dlí a chur ar fáil do dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha i ngach Ballstát, chun forfheidhmiú comhsheasmhach a áirithiú i ngach Ballstát, chomh maith le comhar éifeachtach idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil.

    Leis an togra neartófar an margadh inmheánach le haghaidh sonraí trí dheimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach, cothrománach agus comhleanúnach a ráthú.

    3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Cuireann an togra seo go páirteach leis an meastóireacht is déanaí ar an Treoir maidir le Bunachair Sonraí agus leis an staidéar ón gCoimisiún a thacaíonn le hathbhreithniú na Treorach 44 . Leis an Treoir maidir le Bunachar Sonraí, tugadh isteach, i measc nithe eile, ceart sonrach sui generis chun bunachair sonraí a chosaint má infheistíonn táirgeoir bunachair sonraí go mór chun na sonraí a fháil, a fhíorú agus a chur i láthair. Ón uair a glacadh an Treoir den chéad uair, rinneadh meastóireacht uirthi faoi dhó. Forlíontar an dá mheastóireacht le teachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir le beartas don gheilleagar sonraí 45 .

    Tá géarú curtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an tuiscint ar infheistíochtaí suntasacha i mbunachar sonraí, rud a shoiléiríonn go bhfuil sé d’aidhm ag an gceart sui generis infheistíochtaí sa bhailiúchán a chosaint, seachas sonraí a chruthú 46 mar fhotháirge ó ghníomhaíocht eacnamaíoch eile. Mar sin féin, tá neamhchinnteacht ann fós maidir le feidhmiú an chirt sui generis, bíodh sé tionóisceach nó neamhbheartaithe, ar bhunachair sonraí ina bhfuil sonraí meaisínghinte, i.e. na sonraí a fhaightear ó tháirgí nó seirbhísí gaolmhara nó a ghintear trí úsáid a bhaint astu. Is gá cothromaíocht a bhaint amach idir na cuspóirí beartais maidir le cosaint maoine intleachtúla na mbunachar sonraí sin i gcomhthéacs an gheilleagair sonraí, i gcás ina meastar i gcoitinne gur bac ar nuálaíocht é eisiachas sonraí mar earra nach mbaineann iomaíocht leis. Chun comhsheasmhacht leis na hidirghabhálacha rialála atá beartaithe sa togra seo a áirithiú, leis an idirghabháil maidir leis an gceart sui generis, tugtar aghaidh go sonrach ar chur i bhfeidhm fadhbach an chirt sui generis i gcomhthéacs Idirlíon na Rudaí Nithiúla. Tá an Coimisiún ag ullmhú na meastóireachta ar Rialachán (AE) 2018/1807 faoi láthair, a mheastar a bheidh ann faoi mhí na Samhna 2022. I dtuarascálacha tosaigh ó chonraitheoirí seachtracha léiríodh éifeacht theoranta na gCód Iompraíochta SWIPO ar néalmhalartú.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Cuireadh tús le hobair fhairsing le linn shainordú an Choimisiúin a bhí ann roimhe seo maidir le sainaithint na bhfadhbanna lena gcuirtear cosc ar an Aontas leas iomlán na nuálaíochta sonraíbhunaithe sa gheilleagar a bhaint amach. Cuireann an togra le gníomhaíochtaí comhairliúcháin a rinneadh roimhe seo, amhail an comhairliúchán poiblí 2017 lena dtacaítear leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Building a European data economy 47 [Geilleagar Sonraí Eorpach a chur ar bun], an comhairliúchán poiblí 2017 maidir leis an meastóireacht ar an Treoir maidir le Bunachair Sonraí, an comhairliúchán poiblí 2018 maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, comhairliúchán painéil 2018 FBM maidir le prionsabail agus treoir i ndáil le comhroinnt sonraí gnólacht le gnólacht, agus comhairliúchán oscailte ar líne an Choimisiúin maidir leis an Straitéis Sonraí 48 ó mhí Feabhra go mí na Bealtaine 2020.

    Foilsíodh Measúnú ar Thionchar Tionscanta ar an tairseach um Rialáil Níos Fearr an 28 Bealtaine 2021 agus fágadh ar oscailt é le haghaidh aiseolais ar feadh 4 seachtaine. Fuair an Coimisiún 91 aighneacht ar an Tairseach um Rialáil Níos Fearr 49 , ó ghnólachtaí den chuid is mó.

    Foilsíodh comhairliúchán poiblí ar líne maidir leis an Ionstraim um Shonraí ina dhiaidh sin, ar an 3 Meitheamh 2021. Tháinig deireadh leis ar an 3 Meán Fómhair 2021. Sa chomhairliúchán, díríodh ar na nithe a cuimsíodh sa tionscnamh le rannóga agus ceisteanna ábhartha. Díríodh ann ar gach cineál páirtí leasmhair, agus bailíodh ionchuir maidir le comhroinnt sonraí, rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí i gcomhthéacsanna gnólacht le gnólacht agus gnólacht le rialtas, maidir le cumhachtú agus iniomparthacht sonraí tomhaltóirí, ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag bearta teicniúla amhail conarthaí cliste, cumas an úsáideora malartú idir néalseirbhísí, cearta maoine intleachtúla (rud a chiallaíonn bunachair sonraí a chosaint), agus coimircí le haghaidh sonraí neamhphearsanta sa chomhthéacs idirnáisiúnta. Tar éis don Choimisiún mionanailís a dhéanamh ar na freagraí, d’fhoilsigh sé tuarascáil achomair ar a shuíomh gréasáin 50 .

    San iomlán, fuarthas 449 aighneacht ó 32 thír. Is ó eintitis ghnó a fuarthas an líon is mó aighneachtaí, 122 ó chomhlachais ghnó agus 105 ó chuideachtaí/eagraíochtaí gnó. Sa bhreis air sin, ba údaráis phoiblí iad 100 fhreagróir agus ba bhaill aonair den phobal iad 58 acu. Go ginearálta, deimhníodh leis na freagraí go bhfuil go leor bacainní ar chomhroinnt éifeachtach éifeachtúil sonraí i ngach cineál caidrimh sonraí.

    Sa chomhthéacs gnólacht le gnólacht, d’ainneoin gur cleachtas coiteann é comhroinnt sonraí idir gnólachtaí, shainaithin freagróirí a raibh deacrachtaí acu constaicí, mar shampla, constaicí de chineál teicniúil (formáidí, easpa caighdeán – 69 %); diúltú glan rochtain a dheonú nach mbaineann le hábhair imní iomaíochta (55 %) nó mí‑úsáid míchothromaíochta conarthaí (44 %). Maidir le saincheisteanna conarthacha, bhí beagnach leath na bhfreagróirí i bhfabhar measúnú éagóra a thabhairt isteach (46 %), agus san am céanna ní raibh 21 % na bhfreagróirí i bhfabhar. Léirigh FBManna tacaíocht láidir (50 %) do mheasúnú éagóra, agus bhí líon suntasach cuideachtaí móra i bhfabhar an mheasúnaithe sin (41 %) freisin. Ar an gcaoi chéanna, léirigh 46 % de na páirtithe leasmhara ar fud na n‑earnálacha go raibh siad i bhfách le rialacha ginearálta rochtana bunaithe ar théarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh‑idirdhealaitheacha (46 %). D’aontaigh 60 % de na freagróirí, FBManna agus micrifhiontair go háirithe (78 %), go bhféadfadh téarmaí conarthacha eiseamláireacha rannchuidiú le méadú ar chomhroinnt sonraí. Chuir 70 % de na páirtithe leasmhara in iúl go bhfuil fadhb chothroime ann maidir le sonraí a ghintear i gcomhthéacs Idirlíon na Rudaí Nithiúla, agus nár cheart go mbeadh monaróirí táirgí bainteacha nó seirbhísí gaolmhara in ann cinneadh aontaobhach a dhéanamh maidir le céard a dhéantar leis na sonraí a ghintear leis na táirgí sin. Mheas 79 % de na freagróirí go bhféadfadh conarthaí cliste a bheith ina n‑uirlis éifeachtach chun rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a chur chun feidhme go teicniúil i gcomhthéacs sonraí Idirlíon na Rudaí Nithiúla a chomhghintear.

    Bhí éiginnteacht dhlíthiúil agus bacainní, dídhreasachtaí tráchtála, agus easpa bonneagair iomchuí i measc na bpríomhthosca a chuir bac ar chomhroinnt sonraí gnólacht le rialtas arna sainaithint ag freagróirí. Measann beagnach gach údarás poiblí gur gá (don Aontas nó don Bhallstát) gníomhú maidir le comhroinnt sonraí gnólacht le rialtas, i gcomparáid le 80 % d’institiúidí acadúla/taighde agus 38 % de chuideachtaí/eagraíochtaí gnó/comhlachais. Chomh maith leis sin, chuir tromlach mór na bpáirtithe leasmhara (go háirithe saoránaigh agus údaráis riaracháin phoiblí) tuairim in iúl gur cheart comhroinnt sonraí gnólacht le rialtas a bheith éigeantach, le cosaintí soiléire do chásanna sonracha úsáide a bhfuil leas poiblí soiléir acu in éigeandálaí agus chun críoch bainistithe géarchéime, le haghaidh staidreamh oifigiúil, le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus le haghaidh sochaí níos sláintiúla i gcoitinne.

    Dhearbhaigh freagróirí freisin a úsáidí atá an ceart maidir le malartú d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí néalríomhaireachta. Maidir le coimircí le haghaidh sonraí neamhphearsanta i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta, braitheann 76 % de na freagróirí go bhféadfadh rochtain a bheith ag údaráis eachtracha ar shonraí ar bhonn reachtaíocht eachtrach mar riosca dá n‑eagraíocht, agus léiríonn 19 % díobh gur riosca mór atá ann.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Tacaíodh leis an togra le roinnt staidéar, ceardlann agus ionchur eile ó shaineolaithe:

    Staidéar chun tacú leis an Measúnú Tionchair seo maidir le feabhas a chur ar úsáid sonraí san Eoraip , lena náirítear agallaimh le páirtithe leasmhara spriocdhírithe. Áiríodh leis sin dhá cheardlann thrasearnálacha ar chomhroinnt sonraí gnólacht le gnólacht agus gnólacht le rialtas, agus ceardlann bhailíochtaithe deiridh a eagraíodh in earrach 2021.

    Staidéar ar théarmaí conarthacha eiseamláireacha, rialú cothroime i ndáil le comhroinnt sonraí agus néalchonarthaí agus ar chearta maidir le rochtain ar shonraí ina ndearnadh measúnú, go háirithe, ar ghnéithe cothroime sa chaidreamh comhroinnte gnólacht le gnólacht agus áiríodh ann agallaimh spriocdhírithe le páirtithe leasmhara agus ceardlann bailíochtaithe.

    Staidéar ar an dochar eacnamaíoch ó chonarthaí néalríomhaireachta éagóracha agus neamhchothromaithe. Áiríodh leis sin suirbhé ar líne ar shampla de FBManna agus de ghnólachtaí nuathionscanta a úsáideann néalríomhaireacht chun a ngnó a sheoladh.

    Staidéar ar mhalartú soláthraithe néalseirbhísí, lena náirítear ceardlann thrasearnálach sa dara ráithe de 2017.

    Staidéar chun tacú leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Bunachair Sonraí, lena náirítear agallaimh le páirtithe leasmhara spriocdhírithe. Chuidigh sí leis an gCoimisiún an Measúnú Tionchair seo a ullmhú a bheidh ag gabháil leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Bunachair Sonraí, i gcomhthéacs na hIonstraime um Shonraí agus chun a gcuspóirí atá fite fuaite ina chéile a bhaint amach.

    Tacaíocht ó thaobh modheolaíochta de le measúnú tionchair maidir le húsáid sonraí atá á sealbhú go príobháideach de réir staidrimh oifigiúil. Leis an gcleachtadh sin faightear ionchur leis an measúnú ar an tionchar a bhíonn ag athúsáid sonraí gnólacht le rialtas i staidreamh oifigiúil trí chur chuige modheolaíochta a fhorbairt agus trí chur síos a dhéanamh ar thairbhí agus ar chostais athúsáide sonraí agus ar chásanna úsáide roghnaithe do réimsí staidrimh éagsúla agus do chineálacha éagsúla sonraí ón earnáil phríobháideach. Sa bhreis air sin, cuireann sé le taighde leanúnach agus le pléití leanúnacha d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar chomhroinnt sonraí gnólacht le rialtas.

    Seimineáir ghréasáin ar ardáin sonraí pearsanta agus ardáin sonraí tionsclaíocha. Eagraíodh trí sheimineáir ghréasáin ar 6, 7 agus 8 Bealtaine 2020. Thug siad le chéile na tionscadail ábhartha ardáin sonraí sa phunann Comhpháirtíocht PhríobháideachPhoiblí ar Luach Mórshonraí.

    An Tuarascáil ón Sainghrúpa Ardleibhéil maidir le comhroinnt sonraí gnólacht le rialtas. Tá anailís sa tuarascáil ar na fadhbanna a bhaineann le comhroinnt sonraí gnólacht le rialtas san Aontas agus cuirtear sraith moltaí ar fáil léi chun comhroinnt sonraí gnó le rialtas atá inscálaithe, freagrach agus inbhuanaithe a áirithiú ar mhaithe le leas an phobail. Chomh maith leis an moladh don Choimisiún féachaint ar an rogha creata dlí sa réimse sin, cuirtear i láthair inti bealaí éagsúla chun cuideachtaí príobháideacha a spreagadh chun a gcuid sonraí a chomhroinnt. Áirítear leo sin dreasachtaí airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta, mar shampla dreasachtaí cánach, infheistíocht cistí poiblí chun tacú le forbairt uirlisí teicniúla iontaofa agus scéimeanna aitheantais le haghaidh comhroinnt sonraí. 

    Ceardlann ar lipéid le haghaidh deimhniú soláthraithe réiteach teicniúil le haghaidh malartú sonraí.. D’fhreastail thart ar chéad rannpháirtí ó ghnólachtaí (lena náirítear FBManna), institiúidí Eorpacha agus lucht léinn ar an seimineár gréasáin sin an 12 Bealtaine 2020. Bhí sé d’aidhm aige scrúdú a dhéanamh an bhféadfadh scéim lipéadaithe nó deimhniúcháin borradh a chur faoi ghlacadh gnó idirghabhálaithe sonraí trí iontaobhas san éiceachóras sonraí a fheabhsú.

    Eagraíodh deich gceardlann idir mí Iúil agus mí na Samhna 2019 a ghlac níos mó ná 300 páirtí leasmhar páirt iontu, agus cumhdaíodh leo earnálacha éagsúla. Pléadh sna ceardlanna conas a d’fhéadfadh eagrú comhroinnte sonraí i réimsí áirithe,, amhail an comhshaol, talmhaíocht, fuinneamh nó cúram sláinte, dul chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine, rud lena gcabhrófaí le gníomhaithe poiblí beartais níos fearr a cheapadh agus seirbhísí poiblí a fheabhsú, chomh maith le gníomhaithe príobháideacha chun seirbhísí a tháirgeadh a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha.

    Comhairliúchán an phainéil fiontar beag agus meánmhéide. Sa chomhairliúchán painéil sin, a mhair ó Dheireadh Fómhair 2018 go mí Eanáir 2019, iarradh tuairimí ó FBManna faoi phrionsabail agus treoir an Choimisiúin maidir le comhroinnt sonraí idir gnólachtaí agus a eisíodh sa Teachtaireacht ‘Towards a common European data space’ [I dtreo spáis choitinn sonraí Eorpaigh] agus a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre an 25 Aibreán 2018 51 .

    An Eorabharaiméadar is déanaí maidir le tionchar an digitithe. Áirítear sa suirbhé ginearálta sin ar shaol laethúil mhuintir na hEorpa ceisteanna faoi smacht daoine ar fhaisnéis phearsanta agus faoi chomhroinnt na faisnéise sin. Arna fhoilsiú an 5 Márta 2020, tugann sé faisnéis faoi thoilteanas shaoránaigh na hEorpa a gcuid faisnéise pearsanta a chomhroinnt, lena náirítear na coinníollacha faoina bhfuil siad toilteanach sin a dhéanamh.

    An Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) maidir leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí 52 . An 16 Meitheamh 2020, ghlac MECS Tuairim 3/2020 faoin Straitéis Eorpach maidir le Sonraí. Is díol sásaimh do MECS an straitéis, agus é á bhreithniú aige gur deis atá ina cur chun feidhme chun eiseamláir a leagan amach le haghaidh samhail mhalartach de gheilleagar sonraí.

    Measúnú tionchair

    Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo 53 , a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 29 Meán Fómhair 2021 agus an 13 Nollaig 2021. An 21 Eanáir 2022, d’eisigh an Bord tuairim dhearfach faoi réir forchoimeádas.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Trína shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag an gceart sui generis faoin Treoir maidir le Bunachair Sonraí (Treoir 96/9/CE) maidir le bunachair sonraí ina bhfuil sonraí a ghintear nó a fhaightear trí tháirgí nó seirbhísí gaolmhara a úsáid, áirithítear leis an togra nach gcuirfidh an ceart sui generis isteach ar na cearta atá ag gnólachtaí agus tomhaltóirí sonraí a rochtain agus a úsáid agus sonraí a chomhroinnt dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Leis an soiléiriú, déanfar cur i bhfeidhm cheart sui generis a ailíniú le haidhm an togra reachtaigh agus beidh tionchar dearfach aige ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha sa mhargadh inmheánach agus ar an ngeilleagar sonraí.

    Trí rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a éascú, ba cheart go laghdófaí ualaí leis an Ionstraim um Shonraí, san earnáil phoiblí agus i measc gnólachtaí araon, go príomha mar thoradh ar chostais idirbheart a ísliú agus i dtéarmaí gnóthachain éifeachtúlachta. Faoi raon feidhme an phrionsabail ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ 54 , a bhfuil sé d’aidhm aige an tualach ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí a bhaineann leis na himpleachtaí agus na costais atá i gceist le cur i bhfeidhm reachtaíochta a íoslaghdú, i gcás ualach riaracháin measta na hIonstraime um Shonraí, bunaithe ar an Measúnú Tionchair, bheadh sochair i gceist ar dócha go gcúiteoidh siad costais riaracháin ghaolmhara agus ina theannta sin, gurbh mhó i bhfad na sochair ná iad.

    Cearta bunúsacha

    Tá an togra i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas cumarsáide agus trealamh teirminéil agus tá sé beartaithe coimircí breise a bheith ann ina bhféadfadh rochtain ar shonraí pearsanta a bheith i gceist, agus i gcásanna atá faoi réir cearta maoine intleachtúla chomh maith.

    I gCaibidil II, treisítear ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí leis an gceart nua chun rochtain a fháil ar shonraí a ghineann úsáideoirí i gcásanna nár cumhdaíodh faoi dhlí an Aontais roimhe sin. Le ceart chun rochtain a fháil ar shonraí a ghintear ó úsáid réad Idirlíon na Rudaí Nithiúla, treisítear an ceart sealúchais a fhaightear go dleathach a úsáid agus a dhiúscairt. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh an t‑úinéir tairbhe a bhaint as taithí níos fearr ar úsáideoirí agus as raon níos leithne de sheirbhísí deisithe agus cothabhála, mar shampla. I gcomhthéacs chosaint tomhaltóirí, ní cheart aird ar leith a thabhairt ar chearta leanaí leochaileacha mar thomhaltóirí leochaileacha agus cuirfidh rialacha na hIonstraime um Shonraí le soiléire maidir le cásanna rochtana agus úsáide sonraí.

    Leis an ceart atá ag tríú páirtithe maidir le rochtain ar shonraí Idirlíon na Rudaí Nithiúla a fháil, cuirtear teorainn leis an tsaoirse fiontraíochta agus leis an tsaoirse chonarthach atá ag an monaróra nó an dearthóra táirge nó seirbhíse gaolmhaire. Tá bonn cirt leis an teorannú chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú, go háirithe chun leasanna eacnamaíocha an tomhaltóra a chur chun cinn. Is iondúil go mbíonn rialú eisiach ag monaróir nó dearthóir táirge nó seirbhíse gaolmhaire ar úsáid na sonraí a ghintear trí úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire, rud a chuireann le héifeachtaí glasála agus a chuireann bac ar iontráil sa mhargadh le haghaidh gníomhaithe a thairgeann seirbhísí iarmhargaidh. Leis an gceart maidir le rochtain ar shonraí Idirlíon na Rudaí Nithiúla tugtar aghaidh ar an gcás sin trí thomhaltóirí a úsáideann táirgí nó seirbhísí gaolmhara a chumhachtú a thuilleadh rialú fóinteach a dhéanamh ar an mbealach a n‑úsáidtear na sonraí a ghintear trína n‑úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire agus trí nuálaíocht a dhéanfaidh níos mó gníomhaithe sa mhargadh a chumasú. Dá bhrí sin, is féidir le tomhaltóirí tairbhe a bhaint as rogha níos leithne i seirbhísí iarmhargaidh, amhail deisiú agus cothabháil, agus ní bheidh siad ag brath a thuilleadh ar sheirbhísí an mhonaróra amháin. Leis an togra, éascaítear iniomparthacht shonraí an úsáideora do thríú páirtithe agus dá bhrí sin déantar foráil maidir le tairiscint iomaíoch seirbhísí iarmhargaidh, chomh maith le nuálaíocht sonraíbhunaithe níos leithne agus forbairt táirgí nó seirbhísí nach bhfuil gaolmhar leis na cinn a cheannaigh an t‑úsáideoir nó a raibh sé ina rannpháirtí iontu ar dtús.

    Tá teorannú shaoirse chonarthach agus shaoirse fiontraíochta an mhonaróra nó an dearthóra comhréireach agus maolaítear é mar nach ndéantar difear don chumas atá ag an monaróir nó ag an dearthóir na sonraí a úsáid freisin, sa mhéid is atá sé i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis an gcomhaontú leis an úsáideoir. Thairis sin, bainfidh an monaróir nó an dearthóir tairbhe as an gceart cúiteamh a éileamh as rochtain tríú páirtí a chumasú. Tá an ceart rochtana gan dochar do na cearta rochtana agus iniomparthachta atá ann cheana le haghaidh ábhair sonraí faoi RGCS. Áirithítear le coimircí breise go mbainfidh an tríú páirtí úsáid chomhréireach as na sonraí.

    I gCaibidil IV, rannchuideoidh córas cosanta cothrom agus éifeachtach in aghaidh téarmaí éagóracha conartha i gcomhroinnt sonraí le cumas na micrifhiontar, na bhfiontar beag nó na bhfiontar meánmhéide gnó a sheoladh. Leis an bhforáil seo, cuirtear srian teoranta ar shaoirse chonarthach cuideachtaí sa raon feidhme, ós rud é nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le téarmaí éagóracha conartha a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a fhorchuireann páirtí conarthach amháin go haontaobhach ar mhicreafhiontar, ar fhiontar beag nó ar fhiontar meánmhéide. Tá údar leis sin ós rud é go mbíonn FBManna níos laige margála de ghnáth agus nach mbíonn aon rogha eile acu ná glacadh le téarmaí conarthacha ‘rogha an dá dhíogha’. Ní dhéantar difear den chuid is mó don tsaoirse chonarthach ós rud é nach ndéantar ach téarmaí iomarcacha agus míúsáideacha a neamhbhailíochtú, agus go bhfuil an conradh atá tabhartha i gcrích fós bailí, más féidir, gan na téarmaí éagóracha. Ina theannta sin, is féidir leis na páirtithe téarma conarthach sonrach a chaibidliú ar bhonn aonair 55 .

    I gCaibidil V, cuirfidh na forálacha a bhaineann le comhroinnt sonraí gnólacht le rialtas, bunaithe ar riachtanas eisceachtúil, le cumas na n‑údarás poiblí beart a dhéanamh ar mhaithe leis an leas coiteann, amhail freagairt, cosc nó cúnamh a thabhairt i ndáil le téarnamh ó éigeandáil phoiblí. Ina theannta sin, beidh cuíchóiriú na nósanna imeachta maidir le hiarrataí sonraí chun tairbhe na hearnála príobháidí.

    I gCaibidil VI, leis na forálacha maidir le malartú soláthraithe próiseála sonraí feabhsaítear seasamh na gcustaiméirí gnó agus déantar coimirciú ar an rogha atá acu soláthraí a athrú. Tá bonn cirt leis an teorannú ar an gceart gnó a sheoladh i gcás soláthraithe próiseála sonraí mar go dtugtar aghaidh sna rialacha nua ar éifeachtaí glasála sa mhargadh néalríomhaireachta agus imeallríomhaireachta agus feabhsaítear leo rogha na n‑úsáideoirí gnó agus na ndaoine aonair seirbhísí próiseála sonraí.

    I gCaibidil X, ní chuireann an idirghabháil maidir leis an gceart sui generis ar bhunachar sonraí atá sa Treoir maidir le Bunachair Sonraí teorainn leis an gcosaint maoine intleachtúla atá inti. Ina ionad sin, cuireann sí le deimhneacht dhlíthiúil i gcásanna nach raibh cosaint an chirt sui generis doiléir roimhe seo.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal maicreacnamaíoch, leis an staidéar leanúnach maidir le Faireachán ar an Margadh Sonraí cabhrófar le tionchar eacnamaíoch an togra reatha ar fhás an mhargaidh sonraí san Aontas a rianú.

    Déanfar measúnú ar an tionchar ar FBManna, eadhon an tuiscint atá acu ar fhadhbanna a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, trí bhíthin chomhairliúchán painéal FBM 5 bliana tar éis ghlacadh na hIonstraime um Shonraí.

    I bhfianaise ról lárnach na spásanna coiteanna sonraí Eorpacha i gcur chun feidhme na Straitéise Eorpaí maidir le Sonraí, déanfar faireachán ar go leor d’éifeachtaí an tionscnaimh seo ar leibhéal na spásanna sonraí earnála, agus ar na léargais a bhailíonn an Ionad Tacaíochta Spásanna Sonraí a bheidh le cistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach. Ba cheart an t‑idirghníomhú rialta idir seirbhísí an Choimisiúin, an Lárionad Tacaíochta agus an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí (atá le bunú tar éis theacht i bhfeidhm an Ghnímh um Rialachas Sonraí) a bheith ina fhoinse iontaofa faisnéise ar féidir dul chun cinn a mheas léi.

    Ar deireadh, seolfar meastóireacht 4 bliana tar éis ghlacadh na hIonstraime um Shonraí chun an tionscnamh a mheas agus chun bearta breise a ullmhú de réir mar is gá.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    I gCaibidil I, sainmhínítear ábhar agus raon feidhme an rialacháin agus leagtar amach na sainmhínithe a úsáidtear ar fud na hionstraime.

    I gCaibidil II, méadaítear an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh tomhaltóirí agus gnólachtaí maidir le rochtain ar shonraí a ghineann na táirgí nó na seirbhísí gaolmhara ar leo iad, a nglacann siad ar cíos nó atá á léasú acu. Ní mór do mhonaróirí agus do dhearthóirí na táirgí a dhearadh ar bhealach lena mbeidh rochtain éasca ar na sonraí mar réamhshocrú, agus ní mór dóibh a bheith trédhearcach maidir leis na sonraí a bheidh inrochtana agus conas rochtain a fháil orthu. Ní dhéanfaidh forálacha sa Chaibidil seo difear don deis atá ag monaróirí rochtain a fháil ar shonraí ó tháirgí nó ó sheirbhísí gaolmhara a thairgeann siad agus iad a úsáid, i gcás ina gcomhaontaítear sin leis an úsáideoir. Tá oibleagáid ar an sealbhóir sonraí na sonraí sin a sholáthar do thríú páirtithe ar iarraidh ón úsáideoir. Beidh úsáideoirí i dteideal an sealbhóir sonraí a údarú chun rochtain ar na sonraí a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí tríú páirtí, amhail soláthraithe seirbhísí iarmhargaidh. Beidh micrifhiontair agus fiontair bheaga díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin.

    I gCaibidil III, leagtar amach na rialacha ginearálta is infheidhme maidir le hoibleagáidí sonraí a sholáthar. I gcás ina mbeidh sé d’oibleagáid ar shealbhóir sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí mar atá leagtha amach i gCaibidil II nó i ndlí eile de chuid an Aontais nó i reachtaíocht Ballstáit, tugtar aghaidh sa chreat ginearálta ar na coinníollacha faoina gcuirtear sonraí ar fáil agus ar an gcúiteamh as na sonraí a chur ar fáil. Ní mór aon choinníollacha a bheith cóir agus neamh‑idirdhealaitheach, agus ní mór aon chúiteamh a bheith réasúnach, gan bac a chur ar dhlí eile de chuid an Aontais ná ar reachtaíocht náisiúnta eile lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme ó chúiteamh a eisiamh nó cúiteamh níos ísle a sholáthar as sonraí a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh aon chúiteamh a shocraítear do FBManna dul thar na costais a thabhaítear as na sonraí a chur ar fáil, mura sonraítear a mhalairt sa reachtaíocht earnálach. Féadfaidh comhlachtaí um réiteach díospóidí arna ndeimhniú ag na Ballstáit cúnamh a thabhairt do pháirtithe nach n‑aontaíonn leis an gcúiteamh nó maidir leis na coinníollacha ar a dtiocfar ar chomhaontú.

    I gCaibidil IV, tugtar aghaidh ar mhíchothromaíocht téarmaí conarthacha i gconarthaí comhroinnte sonraí idir gnólachtaí, i gcásanna ina bhforchuireann páirtí amháin téarma conarthach go haontaobhach ar mhicreafhiontar, ar fhiontar beag nó ar fhiontar meánmhéide. Ráthaítear leis an gCaibidil seo nach mbaintear leas as míchothromaíochtaí i gcumhacht chaibidlíochta idir na páirtithe conarthacha trí chomhaontuithe conarthacha maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí. Áirítear i measúnú éagóra foráil ghinearálta lena sainítear éagóir téarma chonarthaigh a bhaineann le comhroinnt sonraí agus liosta clásal atá i gcónaí éagórach nó a mheastar a bheith éagórach. I gcásanna ina bhfuil cumhacht mhargála mhíchothrom ann, leis an measúnú sin cosnaítear an páirtí conarthach níos laige chun conarthaí éagóracha a sheachaint. Cuireann an éagóir sin bac ar an dá pháirtí conarthacha sonraí a úsáid. Leis sin, áirithítear leis na forálacha leithdháileadh níos cothroime luacha sa gheilleagar sonraí 56 . Féadfaidh téarmaí conarthacha eiseamláireacha arna moladh ag an gCoimisiún cabhrú le páirtithe tráchtála i gconarthaí a thabhairt i gcrích bunaithe ar théarmaí córa.

    I gCaibidil V, cruthaítear creat comhchuibhithe le haghaidh úsáid sonraí ag údaráis phoiblí agus ag institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, ar sonraí iad atá i seilbh fiontar i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil leis na sonraí atá á n‑iarraidh. Tá an creat bunaithe ar oibleagáid sonraí a chur ar fáil agus ní bheadh feidhm aige ach amháin i gcás éigeandálaí poiblí nó i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ag údaráis phoiblí sonraí áirithe a úsáid, ach nach féidir na sonraí sin a fháil ar an margadh, ar bhealach tráthúil trí reachtaíocht nua a achtú, nó trí bhíthin oibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana. I gcás riachtanais eisceachtúil a bheith ann freagairt d’éigeandáil phoiblí, amhail éigeandálaí sláinte poiblí, nó mórthubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine, chuirfí sonraí ar fáil saor in aisce. I gcásanna eile riachtanais eisceachtúil, lena n‑áirítear éigeandáil phoiblí a chosc nó cabhrú le téarnamh uaidh, ba cheart an sealbhóir sonraí a chuireann na sonraí ar fáil a bheith i dteideal cúitimh ina n‑áirítear costais a bhaineann leis na sonraí ábhartha a chur ar fáil móide corrlach réasúnta. Chun a áirithiú nach mbainfear mí‑úsáid as an gceart chun sonraí a iarraidh agus go mbeidh an earnáil phoiblí fós freagrach as a úsáid, ba ghá go mbeadh na hiarrataí ar shonraí comhréireach, go léireofaí go soiléir an cuspóir atá le baint amach, agus go n‑urramófaí leasanna an fhiontair a bhfuil na sonraí á gcur ar fáil aige. D’áiritheodh na húdaráis inniúla go mbeadh gach iarraidh trédhearcach agus ar fáil don phobal. Láimhseálfadh siad aon ghearáin a d’eascródh as sin freisin.

    I gCaibidil VI, tugtar isteach íoscheanglais rialála de chineál conarthach, tráchtála agus teicniúil, a fhorchuirtear ar sholáthraithe néalseirbhísí, imeallseirbhísí agus seirbhísí próiseála sonraí eile, chun gur féidir malartú idir na seirbhísí sin. Go háirithe, áirithítear leis an togra go gcoinneoidh custaiméirí ar bun coibhéis fheidhmiúil (íosleibhéal feidhmiúlachta) na seirbhíse tar éis dóibh malartú chuig soláthraí seirbhíse eile. Tá eisceacht sa togra maidir le neamh‑indéantacht theicniúil, ach cuirtear an dualgas cruthúnais ina leith sin ar an soláthraí seirbhíse. Ní shainordaítear leis an togra caighdeáin theicniúla shonracha ná comhéadain shonracha. Mar sin féin, ní mór seirbhísí a bheith comhoiriúnach le caighdeáin Eorpacha nó le sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta oscailte más ann dóibh.

    I gCaibidil VII, tugtar aghaidh ar rochtain neamhdhleathach tríú páirtí ar shonraí neamhphearsanta atá á gcoinneáil san Aontas ag seirbhísí próiseála sonraí a thairgtear ar mhargadh an Aontais. Ní dhéanann an togra difear don bhunús dlí atá le hiarrataí rochtana sonraí a dhéantar ar shonraí atá i seilbh shaoránaigh nó ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé gan dochar do chreat an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas. Cuirtear coimircí sonracha ar fáil leis, mar go bhfuil ar sholáthraithe gach beart réasúnta teicniúil, dlíthiúil agus eagraíochtúil a dhéanamh chun an rochtain sin a chosc, ar rochtain í atá ar neamhréir le hoibleagáidí iomaíocha chun chun na sonraí sin a chosaint faoi dhlí an Aontais, mura gcomhlíontar coinníollacha dochta. Comhlíonann an Rialachán gealltanais idirnáisiúnta an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus i gcomhaontuithe déthaobhacha trádála.

    I gCaibidil VIII, déantar foráil maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha a bheidh le comhlíonadh maidir le hidir-inoibritheacht le haghaidh oibreoirí spásanna sonraí agus soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí agus maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh conarthaí cliste chomh maith. Leis an gCaibidil freisin, is féidir sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin Eorpacha le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí a chur chun cinn chun néaltimpeallacht ildíoltóra atá gan uaim a chur chun cinn.

    I gCaibidil IX leagtar síos an creat cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin le húdaráis inniúla i ngach Ballstát, lena n‑áirítear sásra um ghearáin. Molfaidh an Coimisiún téarmaí conarthacha eiseamláireacha deonacha maidir le rochtain ar shonraí agus maidir le húsáid sonraí. I gcás sáruithe ar an Rialachán seo, beidh feidhm ag pionóis ina leith.

    I gCaibidil X, tá foráil faoina mbeidh feidhm ag an gceart sui generis a bunaíodh le Treoir 96/9/CE maidir le bunachair sonraí ina bhfuil sonraí a fuarthas ó tháirge nó seirbhís ghaolmhar a úsáid nó a ghintear trí úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire chun bac a chur ar fheidhmiú éifeachtach cheart na n‑úsáideoirí chun sonraí a rochtain agus a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo nó an chirt chun na sonraí sin a chomhroinnt le tríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo.

    I gCaibidil XI, ceadaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sásra faireacháin a thabhairt isteach maidir le muirir mhalartaithe a ghearradh ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí, na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht a shonrú tuilleadh, agus an tagairt do shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin Eorpacha le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí a fhoilsiú. Déantar foráil ann freisin maidir leis an nós imeachta coiste chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun éascú a dhéanamh ar ghlacadh sonraíochtaí coiteanna le haghaidh idir-inoibritheachta agus conarthaí cliste i gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe nó nach bhfuil na caighdeáin sin leordhóthanach chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a áirithiú. Soiléirítear sa togra freisin an caidreamh le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear cearta agus oibleagáidí comhroinnte sonraí.

    2022/0047 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí
    (An Ionstraim um Shonraí)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 57 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 58 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Le blianta beaga anuas, tá tionchar claochlaitheach á imirt ag teicneolaíochtaí sonraíbhunaithe ar gach earnáil den gheilleagar. An leathadh táirgí a bhaineann le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla go háirithe, tá sé ag cur le méid agus luach féideartha na sonraí le haghaidh tomhaltóirí, gnólachtaí agus na sochaí. Méadaítear ar an iomaíochas agus ar an nuálaíocht mar thoradh ar shonraí ardcháilíochta agus idir-inoibritheacha ó réimsí éagsúla agus áirithítear leis na sonraí sin fás eacnamaíoch inbhuanaithe. D’fhéadfaí an tacar sonraí céanna a úsáid agus a athúsáid le haghaidh cuspóirí éagsúla agus gan teorainn, gan aon chailleadh maidir lena cháilíocht nó a chainníocht.

    (2)Má bhíonn bacainní ar chomhroinnt sonraí, bíonn cosc ar leithdháileadh optamach sonraí chun leas na sochaí. Áirítear leis na bacainní sin easpa dreasachtaí chun sealbhóirí sonraí a chumasú le comhaontuithe maidir le cosaint sonraí a dhéanamh go deonach, neamhchinnteacht faoi chearta agus oibleagáidí i ndáil le sonraí, na costais a bhaineann le comhéadain theicniúla a chur ar conradh agus a chur chun feidhme, an leibhéal ard d’ilroinnt faisnéise i stórais aonraithe sonraí, drochbhainistiú meiteashonraí, easpa caighdeán maidir le hidir-inoibritheacht shéimeantach agus theicniúil, bacainní a chuireann srian leis an rochtain ar shonraí, easpa cleachtais chomhchoiteanna um chomhroinnt sonraí agus míúsáid míchothromaíochtaí conarthacha maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí.

    (3)In earnálacha inar saintréith iad micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, is minic a bhíonn easpa acmhainneachtaí agus scileanna digiteacha ann chun sonraí a bhailiú, a anailísiú agus a úsáid, agus is minic srian leis an rochtain i gcás ina bhfuil na sonraí i seilbh aon ghníomhaí amháin sa chóras nó mar gheall ar easpa idir-inoibritheachta idir sonraí, idir seirbhísí sonraí nó thar theorainneacha.

    (4)Chun freastal ar riachtanais an gheilleagair dhigitigh agus chun fáil réidh leis na bacainní ar mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil le haghaidh sonraí, is gá creat comhchuibhithe a leagan síos lena sonraítear cén duine, seachas an monaróir nó sealbhóir sonraí eile, atá i dteideal na sonraí a bhíonn á nginiúint ag táirgí nó ag na seirbhísí gaolmhara a rochtain, faoi cén coinníollacha agus ar cén bunús. Dá réir sin, níor cheart do na Ballstáit ceanglais náisiúnta bhreise a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir leis na hábhair a thagann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, mura ndéantar foráil shonrach maidir leis sin sa Rialachán seo, mar go ndéanfadh sin difear do chur i bhfeidhm díreach agus aonfhoirmeach an Rialacháin seo.

    (5)Áirithítear leis an Rialachán seo gur féidir le húsáideoirí táirge nó seirbhíse gaolmhaire san Aontas na sonraí a ghintear trí úsáid an táirge sin nó seirbhíse gaolmhaire a rochtain go tráthúil agus gur féidir leis na húsáideoirí sin na sonraí a úsáid, lena náirítear na sonraí a chomhroinnt lena rogha tríú páirtithe. Déanann sé oibleagáid a fhorchur ar an sealbhóir sonraí na sonraí a chur ar fáil d’úsáideoirí agus do thríú páirtithe a bheidh le hainmniú ag na húsáideoirí i gcúinsí áirithe. Áirithítear leis freisin go gcuirfidh na sealbhóirí sonraí na sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí san Aontas faoi théarmaí atá cóir, réasúnta agus neamhidirdhealaitheach agus ar bhealach trédhearcach. Is príomhghné de chreat foriomlán na comhroinnte sonraí é rialacha an dlí phríobháidigh. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo déantar rialacha dhlí na gconarthaí a oiriúnú agus coisctear dúshaothrú na míchothromaíochtaí conarthacha lena gcuirtear bac ar rochtain chothrom ar shonraí agus ar úsáid chothrom sonraí i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE. Áirithítear leis an Rialachán seo freisin go gcuirfidh na sealbhóirí sonraí, i gcás ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann, na sonraí ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí na mBallstát agus d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais, ar gá leo chun cúraimí a dhéanamh a chuirtear i gcrích ar mhaithe leis an leas poiblí. Ina theannta sin, féachtar leis an Rialachán seo an malartú idir seirbhísí próiseála sonraí a éascú agus idir-inoibritheacht sonraí agus sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí san Aontas a fheabhsú. Níor cheart an Rialachán seo a léirmhíniú mar rialachán lena naithnítear ná lena gcruthaítear aon bhunús dlí don sealbhóir sonraí chun sonraí a bheith ina sheilbh aige, a rochtain nó a phróiseáil, ná mar rialachán lena dtugtar aon cheart nua don sealbhóir sonraí úsáid a bhaint as sonraí a ghintear trí úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire. Ina ionad sin, is é atá ina phointe tosaigh aige an smacht atá ag an sealbhóir sonraí go héifeachtach, de factode jure, ar shonraí a ghintear trí tháirgí nó na seirbhísí gaolmhara.

    (6)Is toradh í an ghiniúint sonraí ar ghníomhaíochtaí dhá ghníomhaí ar a laghad, dearthóir nó monaróir táirge agus úsáideoir an táirge sin. Bíonn ceisteanna ann de bharr na giniúna sonraí maidir le cothroime sa gheilleagar digiteach, mar gur ionchur tábhachtach atá sna sonraí a bhíonn á dtaifeadadh ag na táirgí nó na seirbhísí gaolmhara sin le haghaidh seirbhísí iarmhargaidh, seirbhísí coimhdeacha agus seirbhísí eile. Chun tairbhí tábhachtacha eacnamaíocha na sonraí mar earra nach mbaineann iomaíocht leis a fhíorú don gheilleagar agus don tsochaí, is fearr cur chuige ginearálta i leith cearta rochtana agus úsáide sonraí a shannadh ná cearta eisiacha rochtana agus úsáide a dheonú.

    (7)Déantar an ceart bunúsach go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint a choimirciú faoi Rialacháin (AE) 2016/679 agus 2018/1725 go háirithe. Ina theannta sin, le Treoir 2002/58/CE cosnaítear an saol príobháideach agus rúndacht na cumarsáide, lena náirítear coinníollacha a sholáthar maidir le haon stóráil sonraí pearsanta nó neamhphearsanta i dtrealamh teirminéil nó rochtain ar na sonraí pearsanta nó neamhphearsanta sin ó threalamh teirminéil. Tá na hionstraimí sin ina mbunús le próiseáil sonraí inbhuanaithe agus freagrach, lena náirítear cásanna ina gcuimsítear le tacair sonraí teaglaim de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta. Comhlánaíonn an Rialachán seo dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, agus tá sé gan dochar don dlí sin, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Níor cheart aon fhoráil den Rialachán seo a chur i bhfeidhm nó a léirmhíniú ar chaoi a laghdódh nó a theorannódh an ceart chun cosaint sonraí pearsanta nó an ceart chun príobháideachais agus rúndacht na cumarsáide.

    (8)Tá prionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú fíor-riachtanach i gcás ina mbíonn rioscaí móra do chearta bunúsacha an duine ann mar thoradh ar an bpróiseáil. Agus an úrscothacht á cur san áireamh, ba cheart do gach páirtí sa chomhroinnt sonraí, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo san áireamh, bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun na cearta sin a chosaint. Áirítear leis na bearta sin ní hamháin bréagainmniú agus criptiú ach freisin úsáid teicneolaíochta a bhfuil a hinfhaighteacht ag méadú de réir a chéile, lena gcumasaítear algartaim a chur i bhfeidhm i leith na sonraí agus léargais luachmhara a bhaint astu gan aistriú idir páirtithe ná cóipeáil neamhriachtanach na sonraí loma nó struchtúrtha féin.

    (9)Comhlánaíonn an Rialachán seo dlí an Aontais agus tá sé gan dochar don dlí sin, dlí arb aidhm dó leasanna na dtomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosaint tomhaltóirí a áirithiú, chun a sláinte, a sábháilteacht agus a leasanna eacnamaíocha a chosaint, go háirithe Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 , Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 agus Treoir 93/13/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 .

    (10)Tá an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha dlí de chuid an Aontais lena ndéantar foráil maidir le comhroinnt sonraí, rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, nó chun críoch custaim agus cánachais, gan beann ar an mbunús dlí faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar glacadh iad ar a bhonn. Áirítear leis na gníomhartha sin Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, na [tograí r-fhianaise [COM(2018) 225 agus 226] a luaithe a ghlacfar iad], an [Moladh le haghaidh] Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, chomh maith le comhar idirnáisiúnta sa chomhthéacs seo go háirithe ar bhonn Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 2001 maidir le Cibearchoireacht (‘Coinbhinsiún Budapest’). Tá an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, an chosaint agus an tslándáil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, agus maidir le gníomhaíochtaí custaim i dtaca le bainistíocht riosca agus i gcoitinne, fíorú go bhfuil an Cód Custaim á chomhlíonadh ag na hoibreoirí eacnamaíocha.

    (11)Leis an Rialachán seo níor cheart difear a dhéanamh do dhlí an Aontais lena socraítear na riachtanais um dhearadh fisiceach agus um shonraí maidir le táirgí a bheidh le cur ar mhargadh an Aontais.

    (12)Comhlánaíonn an Rialachán seo dlí an Aontais, arb é is aidhm dó riachtanais inrochtaineachta a leagan síos maidir le táirgí agus seirbhísí áirithe, go háirithe Treoir 2019/882, agus tá sé gan dochar don dlí sin 62 .

    (13)Tá an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, an chosaint agus an tslándáil náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, agus maidir le gníomhaíochtaí custaim i dtaca le bainistíocht riosca agus i gcoitinne, fíorú go bhfuil an Cód Custaim á chomhlíonadh ag na hoibreoirí eacnamaíocha.

    (14)Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo táirgí fisiceacha a mbíonn sonraí maidir lena bhfeidhmíocht, a núsáid nó a dtimpeallacht á bhfáil, á nginiúint nó á mbailiú acu, trí bhíthin a gcomhpháirteanna, táirgí atá in ann na sonraí sin a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí (a dtugtar Idirlíon na Rudaí Nithiúla air). Áirítear leis na seirbhísí cumarsáide leictreonaí líonraí teileafóin ar talamh, líonraí teilifíse cábla, líonraí bunaithe ar shatailítí agus líonraí cumarsáide neasréimse. Féadfar a áireamh leis na táirgí sin feithiclí, trealamh tís agus earraí tomhaltóra, feistí leighis agus sláinte, nó innealra talmhaíochta agus tionsclaíoch. Is é atá sna sonraí digitiú na ngníomhaíochtaí agus na dteagmhas úsáideora agus ba cheart iad a bheith inrochtana ag an úsáideoir dá réir, agus maidir le faisnéis a dhíorthaítear nó a thuigtear ó na sonraí sin, i gcás ina sealbhaítear go dleathach iad, níor cheart í a chur san áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. D’fhéadfadh sonraí mar sin a bheith luachmhar don úsáideoir agus tacú leis an nuálaíocht agus le forbairt seirbhísí digiteacha agus seirbhísí eile lena gcosnaítear an comhshaol, an tsláinte agus an geilleagar ciorclach, go háirithe trí choinneáil ar bun agus deisiú na dtáirgí atá i gceist a éascú.

    (15)Os a choinne sin, leis an Rialachán seo níor cheart táirgí áirithe a chumhdach atá ceaptha den chuid is mó chun inneachar a thaispeáint nó a sheinm, nó chun inneachar a thaifeadadh agus a tharchur, i measc táirgí eile atá le húsáid ag seirbhís ar líne. Áirítear leis na táirgí sin, mar shampla, ríomhairí pearsanta, freastalaithe, táibléid agus fóin chliste, ceamaraí, ceamaraí gréasáin, córais taifeadta fuaime agus scanóirí téacs. Éilíonn siad ionchur daonna chun foirmeacha éagsúla ábhair a tháirgeadh, amhail doiciméid téacs, comhaid fuaime, comhaid físe, cluichí, léarscáileanna digiteacha.

    (16)Is gá rialacha a leagan síos a bhaineann le táirgí nasctha a bhfuil seirbhís ionchorpraithe iontu nó atá idirnasctha le seirbhís sa chaoi nach mbeadh ar chumas an táirge a fheidhmeanna a dhéanamh in éagmais na seirbhíse. Seirbhísí gaolmhara den chineál sin, is féidir leo a bheith ina gcuid den chomhaontú díola, cíosa nó léis, nó soláthraítear seirbhísí den chineál sin le haghaidh táirgí den chineál céanna de ghnáth agus d’fhéadfadh an túsáideoir a bheith ag súil go réasúnach go soláthrófaí iad i bhfianaise chineál an táirge agus aon ráiteas poiblí á chur san áireamh arna dhéanamh ag an díoltóir, an cíosaí, an léasóir nó aon duine eile i naisc shlabhra na nidirbheart roimhe seo, lena náirítear an monaróir. D’fhéadfadh na seirbhísí gaolmhara sin sonraí a bhfuil luach don úsáideoir ag baint leo a ghiniúint iad féin go neamhspleách ar chumais bailithe sonraí an táirge a bhfuil siad idirnasctha leis. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le seirbhís ghaolmhar nach soláthraíonn an díoltóir, an cíosaí nó an léasóir féin, ach a bhíonn á soláthar ag tríú páirtí faoin gconradh díolacháin, cíosa nó léis. I gcás ina bhfuil amhras ann faoi cé acu atá nó nach bhfuil an soláthar seirbhíse ina chuid den chonradh díolacháin, cíosa nó léis, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo.

    (17)Ar na sonraí a bhíonn á nginiúint trí úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire áirítear sonraí a dhéanann an túsáideoir a thaifeadadh d’aon ghnó. San áireamh le sonraí mar sin freisin tá sonraí a ghintear mar sheachtháirge ó ghníomhaíocht an úsáideora, amhail sonraí diagnóisice, agus gan aon ghníomhaíocht ón úsáideoir, amhail nuair a bhíonn an táirge sa ‘mhód fuireachais’, agus sonraí a thaifeadtar le linn tréimhsí ina mbíonn an táirge casta as. Leis na sonraí sin, ba cheart sonraí a bheith san áireamh san fhoirm agus san fhormáid ina ngineann an táirge iad, ach níor cheart sonraí a bheith san áireamh a eascraíonn as aon phróiseas bogearraí lena ríomhtar sonraí díorthacha ó shonraí mar sin, mar d’fhéadfadh an próiseas bogearraí sin a bheith faoi réir cearta maoine intleachtúla.

    (18)Ba cheart an túsáideoir táirge a mheas mar dhuine dlítheanach nó nádúrtha, amhail gnólacht nó tomhaltóir a cheannaigh an táirge nó a thóg ar cíos nó ar léas é. Ag brath ar an teideal dlíthiúil faoina núsáideann sé é, is ag an úsáideoir sin atá na rioscaí agus tairbhí a bhaineann le húsáid an táirge nasctha, agus is eisean ba cheart tairbhe a bhaint freisin as an rochtain ar na sonraí a bhíonn á nginiúint ag an táirge. Dá bhrí sin, ba cheart an túsáideoir a bheith i dteideal tairbhe a bhaint as sonraí a bhíonn á nginiúint ag an táirge sin nó aon seirbhís ghaolmhar.

    (19)Níl na sonraí uile a bhíonn á nginiúint ag táirgí nó seirbhísí gaolmhara inrochtana go héasca ag a núsáideoirí, agus is minic a bhíonn teorainn leis na féidearthachtaí maidir le hiniomparthacht sonraí a bhíonn á nginiúint ag táirgí a bhaineann le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla. Ní féidir le húsáideoirí na sonraí is gá a fháil chun úsáid a bhaint as soláthraithe seirbhísí deisiúcháin agus seirbhísí eile, agus ní féidir le gnólachtaí seirbhísí nuálacha a sheoladh atá níos éifeachtúla agus níos áisiúla. In go leor earnálacha, is minic a bhíonn monaróirí in ann a chinneadh, trí a smacht ar dhearadh teicniúil an táirge nó na seirbhísí gaolmhara, cé na sonraí a ghintear agus conas is féidir iad a rochtain, cé nach bhfuil aon cheart dlíthiúil acu ar na sonraí. Dá bhrí sin is gá a áirithiú go ndéantar táirgí a dhearadh agus a mhonarú agus go soláthraítear na seirbhísí gaolmhara sa chaoi go bhfuil an túsáideoir in ann rochtain éasca a fháil i gcónaí ar na sonraí a bhíonn á nginiúint ag a núsáid.

    (20)I gcás ina bhfuil roinnt daoine nó eintiteas ina núinéirí táirge nó i gcás inar comhpháirtithe iad i gcomhaontú léis nó cíosa agus go bhfuil rochtain acu ar sheirbhís ghaolmhar dá bharr, ba cheart iarrachtaí réasúnta a dhéanamh maidir le dearadh an táirge nó seirbhíse gaolmhaire nó an chomhéadain ábhartha ionas gur féidir le gach duine na sonraí a ghineann siad a rochtain. I gcás úsáideoirí táirgí lena ngintear sonraí, éilítear leo go hiondúil cuntas úsáideora a chur ar bun. Cuireann sin ar a chumas don mhonaróir an túsáideoir a shainaithint, agus is bealach é freisin chun cumarsáid a dhéanamh chun iarrataí rochtain ar shonraí a fheidhmiú agus a phróiseáil. Monaróirí nó dearthóirí táirge a bhíonn á úsáid ag roinnt daoine go hiondúil, ba cheart dóibh sásra riachtanach a chur i bhfeidhm lena gcumasófar cuntais úsáideora ar leith do dhaoine aonair, i gcás inarb ábhartha, nó a chuirfidh ar a gcumas do roinnt daoine an cuntas úsáideora céanna a úsáid. Ba cheart rochtain a dheonú don úsáideoir trí shásraí simplí iarrata lena gcumasaítear forghníomhú uathoibríoch, sásraí nach néilíonn imscrúdú nó imréiteach ón monaróir ná ón sealbhóir sonraí. Ciallaíonn sin nár cheart sonraí a chur ar fáil ach amháin i gcás ina dteastaíonn sin ón úsáideoir. I gcás nach féidir an iarraidh rochtain ar shonraí a fhorghníomhú go huathoibríoch, mar shampla, trí chuntas úsáideora nó trí fheidhmchlár móibíleach a sholáthraítear in éineacht leis an táirge nó seirbhís, ba cheart don mhonaróir an túsáideoir a chur ar an eolas faoi conas is féidir na sonraí a rochtain.

    (21)Féadfar táirgí a dhearadh sa chaoi go mbeidh fáil ar shonraí áirithe go díreach ó stóráil sonraí sa ghaireas nó ó fhreastalaí cianda a ndéantar na sonraí a tharchur chuige. Féadfar rochtain ar an stóráil sonraí sa ghaireas a chumasú trí líonraí achair logánta, bídís cáblabhunaithe nó gan sreang, atá nasctha le seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí nó le líonra móibíleach. Féadfaidh acmhainneacht freastalaí áitiúil an mhonaróra féin a úsáid mar fhreastalaí, é sin nó freastalaí tríú páirtí nó soláthraí néalseirbhíse a fheidhmíonn mar shealbhóir sonraí. Féadfaidh siad a bheith deartha sa chaoi go gcuirfidh siad ar a chumas don úsáideoir nó do thríú páirtí na sonraí a phróiseáil maidir leis an táirge nó maidir le hásc ríomhaireachta de chuid an mhonaróra.

    (22)Tá méadú ag teacht de réir a chéile ar ról na gcúntóirí IS maidir le timpeallachtaí tomhaltóra a dhigitiú agus feidhmíonn siad mar chomhéadan atá éasca le húsáid agus lenar féidir ábhar a sheinm, faisnéis a fháil, nó míreanna fisiceacha a ghníomhachtú a bhfuil baint acu le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla. Is féidir le cúntóirí fíorúla feidhmiú mar thairseach aonair, mar shampla, i dtimpeallacht baile chliste, agus méideanna móra sonraí ábhartha a thaifeadadh faoin gcaoi a mbíonn úsáideoirí ag idirghníomhú le táirgí a bhaineann le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla, lena náirítear táirgí a bhíonn á monarú ag páirtithe eile, agus is féidir cúntóirí fíorúla a chur in ionad úsáid comhéadan arna soláthair ag monaróirí amhail scáileáin tadhaill nó aipeanna fóin chliste. D’fhéadfadh sé gur mhian leis an úsáideoir na sonraí sin a chur ar fáil do mhonaróirí tríú páirtí agus seirbhísí foirgnimh chliste núíosacha a chumasú. Ba cheart na cúntóirí IS sin a bheith cumhdaithe ag an gceart maidir le rochtain ar shonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, rud a bhaineann freisin le sonraí a taifeadadh sular gníomhachtaíodh an cúntóir IS tríd an bhfocal dúiseachta agus le sonraí a ghintear nuair a bhíonn úsáideoir ag idirghníomhú le táirge trí chúntóir IS arna sholáthar ag eintiteas seachas monaróir an táirge. Mar sin féin, níl laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo ach na sonraí a eascraíonn as an idirghníomhú idir an túsáideoir agus an táirge tríd an gcúntóir IS. Ní ábhar don Rialachán seo iad sonraí a bhíonn á dtáirgeadh ag an gcúntóir IS nach mbaineann le húsáid táirge.

    (23)Sula dtugtar conradh i gcrích chun táirge a cheannach, a fháil ar cíos nó a fháil ar léas nó chun seirbhís ghaolmhar a sholáthar, ba cheart faisnéis shoiléir leormhaith a sholáthar don úsáideoir faoin gcaoi le rochtain a fháil ar na sonraí a ghintear. Leis an oibleagáid sin soláthraítear trédhearcacht maidir leis na sonraí a bhíonn á nginiúint agus feabhsaíonn sé rochtain éasca don úsáideoir. An oibleagáid sin chun faisnéis a sholáthar, ní dhéanann sé difear don oibleagáid atá ar an rialaitheoir faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí de bhun Airteagail 12, 13 agus 14 de Rialachán 2016/679.

    (24)Leis an Rialachán seo déantar an oibleagáid a fhorchur ar shealbhóirí sonraí na sonraí a chur ar fáil i gcúinsí áirithe. A mhéid a phróiseáiltear sonraí pearsanta, ba cheart an sealbhóir sonraí a bheith ina rialaitheoir faoi Rialachán (AE) 2016/679. I gcás inar ábhair sonraí iad na húsáideoirí, ba cheart ceangal a bheith ar na sealbhóirí sonraí rochtain ar a sonraí a sholáthar dóibh agus na sonraí a chur ar fáil do thríú páirtithe a roghnóidh an túsáideoir i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mar sin féin, ní chruthaítear leis an Rialachán seo bunús dlí faoi Rialachán (AE) 2016/679 don sealbhóir sonraí chun rochtain ar shonraí pearsanta a sholáthar nó na sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí arna iarraidh sin d’úsáideoir nach ábhar sonraí é, agus níor cheart a thuiscint as go dtugtar aon cheart nua don sealbhóir sonraí leis chun úsáid a bhaint as sonraí a ghintear trí úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás gurb é an monaróir an sealbhóir sonraí. Sa chás sin, ba cheart comhaontú conarthach idir an monaróir agus an túsáideoir a bheith ina bhunús don mhonaróir chun sonraí neamhphearsanta a úsáid. Féadfaidh an comhaontú a bheith ina chuid den chomhaontú díolacháin, cíosa nó léis a bhaineann leis an táirge. Aon téarma conartha sa chomhaontú lena sonraítear go bhféadfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a bhíonn á nginiúint ag an úsáideoir táirge nó seirbhíse gaolmhaire a úsáid, is gá an téarma sin a bheith trédhearcach don úsáideoir, agus áirítear leis sin a mhéid a bhaineann leis an gcuspóir atá beartaithe ag an sealbhóir sonraí na sonraí a úsáid lena aghaidh. Níor cheart don Rialachán seo cosc a chur le coinníollacha conarthacha arb é an éifeacht a bhaineann leo úsáid na sonraí, nó catagóirí áirithe de na sonraí, a eisiamh nó a theorannú don sealbhóir sonraí. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart don Rialachán seo cosc a chur ar cheanglais rialála earnáilsonracha faoi dhlí an Aontais, nó faoi dhlí náisiúnta atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, a d’eisiafadh nó a theorannódh úsáid sonraí áirithe mar sin don sealbhóir sonraí ar fhorais dhea-shainithe um beartas poiblí.

    (25)In earnálacha inar saintréith é comhchruinniú de líon beag monaróirí a dhéanann soláthar d’úsáideoirí deiridh, níl ar fáil d’úsáideoirí ach roghanna teoranta maidir le sonraí a chomhroinnt leis na monaróirí sin. I gcúinsí mar sin, d’fhéadfadh nár leormhaith comhaontuithe conarthacha chun cuspóir an chumhachtaithe úsáideoirí a bhaint amach. Is gnách leis na sonraí fanacht faoi smacht na monaróirí, rud a dhéanann deacair d’úsáideoirí é luach a fháil ó na sonraí a bhíonn á nginiúint ag an trealamh a cheannaíonn siad nó a thógann siad ar léas. Dá bhrí sin, is teoranta an acmhainneacht atá ann le haghaidh gnólachtaí beaga nuálacha chun réitigh shonraíbhunaithe a chur ar fáil ar bhealach iomaíoch agus le haghaidh geilleagar ilghnéitheach sonraí san Eoraip. Leis an Rialachán seo, mar sin, ba cheart cur leis na forbairtí le déanaí in earnálacha sonracha, amhail an Cód Iompair maidir le comhroinnt sonraí talmhaíochta trí chomhaontú conarthach. Féadfar reachtaíocht earnálach a thabhairt chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais agus na cuspóirí earnáilsonracha. Thairis sin, níor cheart don sealbhóir sonraí úsáid a bhaint as aon sonraí a bhíonn á nginiúint trí úsáid an táirge nó na seirbhíse gaolmhaire chun léargais a fháil ar sheasamh eacnamaíoch an úsáideora nó a shócmhainní nó modhanna táirgthe, nó trí úsáid an táirge nó na seirbhíse gaolmhaire ar aon bhealach eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do sheasamh tráchtála an úsáideora sna margaí ina bhfuil sé gníomhach. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, úsáid a bhaint as eolas faoi fheidhmíocht fhoriomlán gnólachta nó feirme i gcaibidlíocht chonarthach leis an úsáideoir faoi éadáil fhéideartha táirgí nó táirgí talmhaíochta an úsáideora chun dochair an úsáideora, nó mar shampla, an teolas sin a úsáid lena fhothú i mbunachair mhóra a phléann le margaí áirithe go comhiomlán (e.g. bunachair a bhaineann le táirgeacht barr don séasúr buainte atá le teacht), mar d’fhéadfadh an úsáid sin difear diúltach a dhéanamh don úsáideoir go hindíreach. Ba cheart an comhéadan teicniúil a thabhairt don úsáideoir ar gá leis chun ceadanna a bhainistiú, comhéadan le roghanna ceada gráinneacha más féidir (amhail ‘ceadaigh uair amháin’ nó ‘ceadaigh le linn úsáid na haipe nó seirbhíse seo’), lena náirítear an rogha chun cead a tharraingt siar.

    (26)I gconarthaí idir sealbhóir sonraí agus tomhaltóir mar úsáideoir táirge nó seirbhíse gaolmhaire lena ngintear sonraí, tá feidhm ag Treoir 93/13/CEE maidir le téarmaí an chonartha chun a áirithiú nach bhfuil an tomhaltóir faoi réir téarmaí éagóracha conartha. I gcás téarmaí éagóracha conartha a fhorchuirtear go haontaobhach ar mhicrifhiontar nó ar fhiontar beag nó meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE 63 , foráiltear leis an Rialachán seo nach mbeidh na téarmaí míchothroma sin ina gceangal ar an bhfiontar sin.

    (27)Féadfaidh an sealbhóir sonraí aitheantas úsáideora iomchuí a éileamh chun ceart an úsáideora chun na sonraí a rochtain a fhíorú. I gcás sonraí pearsanta a phróiseálann próiseálaí thar ceann an rialaitheora, ba cheart don sealbhóir sonraí a áirithiú gurb é an próiseálaí a fhaigheann agus a láimhseálann an tiarratas rochtana.

    (28)Ba cheart an tsaoirse a bheith ag an úsáideoir na sonraí a úsáid le haghaidh aon chuspóir dleathach. Áirítear leis sin na sonraí atá faighte ag an úsáideoir lena bhfuil an ceart á chleachtadh aige faoin Rialachán seo chun tríú páirtí a bhfuil seirbhís iarmhargaidh á cur ar fáil aige a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le seirbhís atá á soláthar ag an sealbhóir sonraí, nó iarraidh ar an sealbhóir sonraí amhlaidh a dhéanamh. Ba cheart don sealbhóir sonraí a áirithiú go bhfuil na sonraí a chuirtear ar fáil don tríú páirtí díreach chomh cruinn, iomlán, iontaofa agus cothrom le dáta céanna leis na sonraí a fhéadfaidh an sealbhóir sonraí féin a bheith in ann nó i dteideal a rochtain mar thoradh ar úsáid an táirge nó seirbhíse gaolmhaire. Ba cheart aon rún ceirde nó ceart maoine intleachtúla a urramú agus na sonraí á láimhseáil. Is tábhachtach dreasachtaí a choinneáil chun infheistiú i dtáirgí ag a bhfuil feidhmiúlachtaí atá bunaithe ar úsáid sonraí ó bhraiteoirí atá leabaithe sa táirge sin. Ba ceart dá réir gurbh é an aidhm a thuigfí leis an Rialachán seo forbairt táirgí nua nuálacha nó na seirbhísí gaolmhara a chothú, nuálaíocht a spreagadh in iarmhargaí, ach ina theannta sin, forbairt seirbhísí atá núíosach go hiomlán a spreagadh agus leas á bhaint as na sonraí, lena náirítear leas bunaithe ar shonraí ó tháirgí nó seirbhísí gaolmhara éagsúla. An tráth céanna, is é is aidhm dó gan dochar a dhéanamh do na dreasachtaí infheistíochta don chineál táirge as a bhfaightear na sonraí, mar shampla, trí úsáid sonraí chun táirge iomaíoch a fhorbairt.

    (29)Féadfaidh fiontar, eagraíocht taighde nó eagraíocht sheachbhrabúsach a bheith i gceist le tríú páirtí a gcuirtear sonraí ar fáil dó. Agus na sonraí á gcur ar fáil don tríú páirtí, níor cheart don sealbhóir sonraí míúsáid a bhaint as a staid chun féachaint le buntáiste iomaíoch a fháil i margaí ina bhféadfaidh an sealbhóir sonraí agus an tríú páirtí a bheith in iomaíocht dhíreach le chéile. Dá bhrí sin níor cheart don sealbhóir sonraí aon sonraí a bhíonn á nginiúint ag úsáid an táirge nó seirbhíse gaolmhaire a úsáid chun léargais a fháil ar staid eacnamaíoch an tríú páirtí nó a shócmhainní nó modhanna táirgthe, nó ag úsáid an táirge nó seirbhíse gaolmhaire ar aon bhealach eile a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do staid tráchtála an tríú páirtí sna margaí ina bhfuil sé gníomhach.

    (30)Féadfaidh úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire sonraí a ghiniúint a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta (an tábhar sonraí), go háirithe i gcás inar duine nádúrtha an túsáideoir. Tá próiseáil na sonraí sin faoi réir na rialacha a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/679, lena náirítear cásanna ina bhfuil dlúthbhaint ag sonraí pearsanta agus neamhphearsanta i dtacar sonraí le chéile 64 . Féadfaidh an túsáideoir nó duine nádúrtha eile a bheith mar an tábhar sonraí. Ní fhéadfaidh ach amháin ábhar sonraí nó rialaitheoir sonraí pearsanta a bhailiú. I gcúinsí áirithe, tá an ceart ag úsáideoir arb é an tábhar sonraí é faoi Rialachán (AE) 2016/679 sonraí pearsanta a bhaineann leis a rochtain, agus ní dhéanann an Rialachán seo aon difear do na cearta sin. Faoin Rialachán seo, tá an ceart ag an úsáideoir atá ina dhuine nádúrtha na sonraí uile a bhíonn á nginiúint ag an táirge a rochtain, sonraí pearsanta agus neamhphearsanta araon. I gcás nach é an túsáideoir é an tábhar sonraí ach fiontar, lena náirítear trádálaí aonair, agus ní i gcás úsáid tís chomhroinnte an táirge, beidh an túsáideoir ina rialaitheoir de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679. Dá réir sin, tá ceanglas ar an úsáideoir sin mar rialaitheoir a bhfuil beartaithe aige sonraí pearsanta a bhíonn á nginiúint ag úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire bunús dlí a bheith aige maidir le sonraí a phróiseáil faoi Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679, amhail toiliú an ábhair sonraí nó an leasa dhlisteanaigh. Ba cheart don úsáideoir sin a áirithiú go gcuirtear an tábhar sonraí ar an eolas go hiomchuí faoi na cuspóirí sonraithe, sainráite agus dlisteanacha lena mbaineann próiseáil na sonraí sin, agus faoin gcaoi ar féidir leis an ábhar sonraí a chearta a fheidhmiú go héifeachtach. I gcás ina bhfuil an sealbhóir sonraí agus an túsáideoir ina gcomhrialaitheoirí de réir bhrí Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679, tá ceanglas orthu, ar bhealach trédhearcach trí bhíthin socrú eatarthu, a bhfreagrachtaí ar leith féin a chinneadh maidir le comhlíonadh an Rialacháin sin. Ba cheart a thuiscint go bhféadfaidh an túsáideoir sin, a luaithe a chuirtear na sonraí ar fáil, a bheith ina shealbhóir sonraí dá réir, má chomhlíonann sé na critéir faoin Rialachán seo agus, dá bhrí sin, go mbeidh sé faoi réir na noibleagáidí chun an sonraí a chur ar fáil faoin Rialachán seo.

    (31)Sonraí a ghintear trí úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire, níor cheart iad a chur ar fáil do thríú páirtí ach amháin arna iarraidh sin don úsáideoir. Dá réir sin, comhlánaíonn an Rialachán seo an ceart a bhfuil foráil déanta maidir leis faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2016/679. Déantar foráil san Airteagal sin maidir le fáil sonraí pearsanta a bheith ina ceart ag ábhair sonraí, agus iad a fháil i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín, agus an ceart a bheith acu na sonraí pearsanta sin a phortáil chuig rialaitheoirí eile, i gcás ina bpróiseáiltear na sonraí sin ar bhonn Airteagal 6(1), pointe (a), nó Airteagal 9(2), pointe (a), nó ar bhonn conradh de bhun Airteagal 6(1), pointe (b). I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí go ndéanfaí na sonraí pearsanta a tharchur go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile, ach i gcás inarb infheidhme go teicniúil amháin. Sonraítear in Airteagal 20 go mbaineann sé le sonraí a sholáthraíonn an tábhar sonraí ach ní shonraítear ann cé acu a éilítear leis sin iompraíocht ghníomhach ar thaobh an ábhair sonraí nó a bhaineann sé freisin le cúinsí ina mbíonn táirge nó an tseirbhís ghaolmhar, de réir dearaidh, ag faire ar bhealach éighníomhach ar iompraíocht ábhair sonraí nó ar fhaisnéis eile i ndáil le hábhar sonraí. An ceart faoin Rialachán seo, comhlánaíonn sé an ceart chun sonraí pearsanta a fháil agus a phortáil faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2016/679 ar roinnt bealaí. Tugann sé an ceart d’úsáideoirí aon sonraí a bhíonn á nginiúint ag úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire a rochtain agus a chur ar fáil do thríú páirtí, gan beann ar a gcineál mar shonraí pearsanta, ar an idirdhealú idir sonraí a sholáthraítear go gníomhach nó a ndéantar breathnóireacht orthu go héighníomhach, agus gan beann ar bhunús dlí na próiseála. Murab ionann agus na hoibleagáidí teicniúla dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2016/679, tugann an Rialachán seo sainordú maidir le hindéantacht theicniúil na rochtana tríú páirtí le haghaidh sonraí de gach cineál laistigh dá raon feidhme, bídís pearsanta nó neamhphearsanta, agus áirithítear leis an indéantacht sin. Cuireann sé ar a chumas don sealbhóir sonraí freisin cúiteamh réasúnta a shocrú a bheidh le comhlíonadh ag tríú páirtithe, ach ní ag an úsáideoir, as aon chostas a thabhaítear agus rochtain dhíreach á cur ar fáil ar na sonraí a bhíonn á nginiúint ag táirge an úsáideora. Mura bhfuil sealbhóir sonraí agus tríú páirtí in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an rochtain dhíreach sin, níor cheart aon chosc a chur ar an ábhar sonraí na cearta atá san áireamh i Rialachán (AE) 2016/679 a fheidhmiú, lena náirítear an ceart chun iniomparthachta sonraí, trí bhearta ceartaitheacha a lorg i gcomhréir leis an Rialachán sin. Tá sé le tuiscint sa chomhthéacs sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, nach ndéantar foráil le comhaontú conarthach go mbeidh an sealbhóir sonraí nó an tríú páirtí in ann catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil.

    (32)Rochtain ar aon sonraí a stóráiltear i dtrealamh teirminéil agus a bhfuil rochtain orthu ón trealamh sin, tá sí faoi réir Threoir 2002/58/CE agus éilítear léi cead ón rannpháirtí nó úsáideoir de réir bhrí na Treorach sin ach amháin má tá géarghá leis an rochtain sin chun seirbhís sochaí faisnéise a sholáthar arna héileamh ag an úsáideoir nó an rannpháirtí go sainráite (nó chun teachtaireacht a tharchur agus é sin amháin). Cosnaíonn Treoir 2002/58/CE (‘Treoir r-Phríobháideachais’) (agus an Rialachán r-Phríobháideachais atá beartaithe) sláine threalamh teirminéil an úsáideora a mhéid a bhaineann le cumais phróiseála agus stórála a úsáid agus faisnéis a bhailiú. Meastar gur trealamh teirminéil atá i dtrealamh a bhaineann le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla má tá sé nasctha go díreach nó go hindíreach le líonra cumarsáide poiblí.

    (33)Chun dúshaothrú úsáideoirí a chosc, i gcás tríú páirtithe ar cuireadh sonraí ar fáil dóibh arna iarraidh sin don úsáideoir, níor cheart dóibh na sonraí a phróiseáil ach amháin le haghaidh na gcuspóirí a comhaontaíodh leis an úsáideoir agus níor cheart dóibh iad a chomhroinnt le tríú páirtí eile ach amháin i gcás inar gá sin chun an tseirbhís arna hiarraidh ag an úsáideoir a sholáthar.

    (34)I gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, níor cheart don tríú páirtí faisnéis bhreise a rochtain ach amháin má tá gá léi chun an tseirbhís arna hiarraidh ag an úsáideoir a sholáthar. Agus rochtain faighte ag an tríú páirtí ar na sonraí, níor cheart dó iad a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch a comhaontaíodh leis an úsáideoir, gan chur isteach ón sealbhóir sonraí. Ba cheart é a bheith chomh héasca céanna ar an úsáideoir rochtain an tríú páirtí ar na sonraí a dhiúltú nó deireadh a chur léi is atá sé ar an úsáideoir an rochtain a údarú. Níor cheart don tríú páirtí an túsáideoir a chomhéigniú, a mheabhlú ná a chúbláil ar aon bhealach trí neamhspleáchas, cinnteoireacht nó roghanna an úsáideora a threascairt nó a lagú, lena náirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin comhéadan digiteach leis an úsáideoir. Sa chomhthéacs sin, níor cheart do thríú páirtithe brath ar phátrúin dhorcha, mar a thugtar orthu, agus a gcomhéadain dhigiteacha á ndearadh acu. Is teicnící dearthóireachta iad pátrúin dhorcha a bhrúnn nó a mheabhlaíonn tomhaltóirí chun cinntí a dhéanamh a mbeidh iarmhairtí diúltacha ann dóibh mar thoradh orthu. Is féidir na teicnící cúblála sin a úsáid chun áitiú ar úsáideoirí, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha, dul i mbun iompraíocht neamhinmhianaithe, agus chun úsáideoirí a mheabhlú trí thathant orthu cinntí a dhéanamh faoi idirbhearta nochta sonraí nó chun cinnteoireacht úsáideoirí na seirbhíse a laobhadh go míréasúnach, ar bhealach a threascraíonn agus a chuireann isteach ar a neamhspleáchas, a gcinnteoireacht agus a roghanna. Cleachtais tráchtála chomónta agus dhlisteanacha a chomhlíonann dlí an Aontais, níor chóir iad a mheas iontu féin mar phátrúin dhorcha. Ba cheart do thríú páirtithe a noibleagáidí faoi dhlí ábhartha an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2005/29/CE, Treoir 2011/83/AE, Treoir 2000/31/CE agus Treoir 98/6/CE.

    (35)Ina theannta sin, níor cheart don tríú páirtí na sonraí a úsáid chun daoine a phróifíliú ach amháin má tá géarghá leis na gníomhaíochtaí próiseála sin chun an tseirbhís atá iarrtha ag an úsáideoir a sholáthar. An ceanglas maidir le sonraí a scriosadh nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh le haghaidh an chuspóra a comhaontaíodh leis an úsáideoir, comhlánaíonn sé an ceart chun an tábhar sonraí a scriosadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán 2016/679. I gcás inar soláthraí seirbhís idirghabhála sonraí é an tríú páirtí de réir bhrí [an Ghnímh um Rialachas Sonraí], beidh feidhm ag na bearta coimirce maidir leis an ábhar sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán sin. Féadfaidh an tríú páirtí na sonraí a úsáid chun táirge nua nuálach nó seirbhís ghaolmhar a fhorbairt ach ní chun táirge iomaíoch a fhorbairt.

    (36)Bíonn deacrachtaí ag gnólachtaí nuathionscanta, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus cuideachtaí ó earnálacha traidisiúnta nach bhfuil a gcumais dhigiteacha chomh forbartha sin rochtain a fháil ar shonraí ábhartha. Is é aidhm don Rialachán seo rochtain ar shonraí a éascú le haghaidh na neintiteas sin, agus san am céanna a áirithiú go ndéanfar na hoibleagáidí comhfhreagracha a mheas go comhréireach a mhéad is féidir chun a áirithiú nach bhfuil siad iomarcach. An tráth céanna, tá líon beag cuideachtaí anmhór tar éis teacht chun cinn agus cumhacht mhór eacnamaíoch sa gheilleagar digiteach acu trí mhéideanna ollmhóra sonraí a charnadh agus a chomhiomlánú, agus an bonneagar teicneolaíochta acu freisin chun luach airgid a chur ar na sonraí sin. Áirítear leis na cuideachtaí sin gnóthais a sholáthraíonn croísheirbhísí ardáin lena rialaítear éiceachórais ardáin iomláin sa gheilleagar digiteach, gnóthais nach bhfuil oibreoirí atá sa mhargadh faoi láthair nó oibreoirí nua in ann a ndúshlán a thabhairt dóibh ná dul san iomaíocht leo. Is é aidhm don [Rialachán maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Margaí Digiteacha)] na neamhéifeachtúlachtaí agus míchothromaíochtaí sin a leigheas trí chead a thabhairt don Choimisiún soláthraí a ainmniú mar ‘gheatóir’, agus déanann sé roinnt oibleagáidí a fhorchur ar na geatóirí ainmnithe sin, lena náirítear toirmeasc ar shonraí áirithe a chomhcheangal gan chead, agus oibleagáid chun cearta éifeachtacha ar iniomparthacht sonraí a áirithiú faoi Airteagal 20 de Rialacháin (AE) 2016/679. I gcomhréir leis an [Rialachán maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Margaí Digiteacha)], agus i bhfianaise chumas dosháraithe na gcuideachtaí sin sonraí a ghnóthú, ní bheadh sé riachtanach chun cuspóir an Rialacháin a bhaint amach agus, dá bhrí sin, bheadh sé díréireach i ndáil le sealbhóirí sonraí a bheadh faoi réir na noibleagáidí sin, chun na gnóthais gheatóra sin a áireamh mar thairbhithe an chirt chun sonraí a rochtain. Ciallaíonn sin, i gcás gnóthas a mbíonn croísheirbhísí ardáin á soláthar aige agus é ainmnithe mar gheatóir, nach féidir leis an ngnóthas sin sonraí úsáideoirí a bhíonn á nginiúint ag úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire nó ag cúntóir IS a iarraidh ná ní féidir rochtain ar shonraí den chineál sin a thabhairt dó, bunaithe ar fhorálacha Chaibidil II den Rialachán seo. Gnóthas a mbíonn croísheirbhísí ardáin á soláthar aige agus é ainmnithe mar gheatóir de bhun na hIonstraime um Margaí Digiteacha, ba cheart a thuiscint go náirítear leis an ngnóthas sin gach eintiteas dlítheanach de ghrúpa cuideachtaí i gcás ina soláthraíonn eintiteas dlítheanach amháin croísheirbhís ardáin. Thairis sin, tríú páirtithe a gcuirtear sonraí ar fáil dóibh arna iarraidh sin don úsáideoir, ní fhéadfaidh siad na sonraí a chur ar fáil do gheatóir ainmnithe. Mar shampla, ní fhéadfaidh an tríú páirtí an soláthar seirbhísí a ligean ar fochonradh do gheatóir. Mar sin féin, ní chuireann sin cosc ar thríú páirtithe úsáid a bhaint as seirbhísí próiseála sonraí atá á gcur ar fáil ag geatóir ainmnithe. Na geatóirí ainmnithe a eisiamh ó raon feidhme an chirt rochtana faoin Rialachán seo, ní chuireann sé cosc ar na cuideachtaí sin sonraí a fháil trí mhodhanna dlíthiúla eile.

    (37)I bhfianaise staid reatha na teicneolaíochta, bheadh ualach rómhór ag baint le tuilleadh oibleagáidí dearthóireachta a fhorchur i ndáil le táirgí a bhíonn á monarú nó á ndearadh ag micrifhiontair agus fiontair bheaga, agus na seirbhísí gaolmhara. Ní hamhlaidh atá, áfach, i gcás ina ligtear monarú nó dearadh táirge ar fochonradh do mhicrifhiontar nó d’fhiontar beag. I gcásanna mar sin, tá an fiontar a lig an obair ar fochonradh don mhicrifhiontar nó don fhiontar beag in ann an fochonraitheoir a chúiteamh go hiomchuí. Mar sin féin, d’fhéadfadh micrifhiontar nó fiontar beag a bheith faoi réir na gceanglas a leagtar síos leis an Rialachán seo mar shealbhóir sonraí, i gcás nach é an micrifhiontar nó fiontar beag sin monaróir an táirge nó soláthraí na seirbhísí gaolmhara.

    (38)Áirítear sa Rialachán seo rialacha rochtana ginearálta, i gcásanna ina bhfuil an sealbhóir sonraí faoi cheangal dlí sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí. Ba cheart rochtain mar sin a bheith bunaithe ar choinníollacha cothroma, réasúnta, neamhidirdhealaitheacha agus trédhearcacha chun comhsheasmhacht na gcleachtas comhroinnte sonraí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, thar earnálacha freisin, agus chun cleachtais chomhroinnte sonraí chothroma a spreagadh agus a chur chun cinn, fiú i réimsí nach soláthraítear aon cheart rochtana sonraí iontu. Níl feidhm ag na rialacha rochtana ginearálta sin maidir le hoibleagáidí chun sonraí a chur ar fáil faoi Rialachán (AE) 2016/679. Ní imríonn na rialacha sin aon tionchar ar chomhroinnt dheonach sonraí.

    (39)Bunaithe ar phrionsabal na saoirse conarthaí, ba cheart saoirse a bheith ag na páirtithe fós chun caibidlíocht a dhéanamh maidir leis an coinníollacha beachta a bhaineann le sonraí a chur ar fáil ina gconarthaí, faoi chuimsiú na rialacha rochtana ginearálta i dtaca le sonraí a chur ar fáil.

    (40)Chun a áirithiú go bhfuil cothroime ann don dá chomhpháirtí sna coinníollacha i ndáil le rochtain éigeantach ar shonraí, ba cheart, leis na rialacha ginearálta maidir le cearta rochtain ar shonraí, tagairt a dhéanamh don riail faoi théarmaí éagóracha conartha a sheachaint.

    (41)Chun an easpa faisnéise faoi choinníollacha conarthaí éagsúla a chúiteamh, rud a dhéanann deacair don fhaighteoir sonraí é a mheasúnú cé acu atá nó nach bhfuil na téarmaí a bhaineann leis na sonraí a chur ar fáil neamhidirdhealaitheach, ba cheart gur faoin sealbhóir sonraí a bheadh sé a léiriú nach bhfuil téarma conartha idirdhealaitheach. I gcás ina núsáideann sealbhóir sonraí téarmaí conartha difriúla chun sonraí a chur ar fáil nó cúiteamh difriúil, ní idirdhealú neamhdhleathach é má tá cúiseanna oibiachtúla ina núdar leis na difríochtaí sin. Tá na hoibleagáidí sin gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679.

    (42)Chun an infheistíocht leanúnach i nginiúint sonraí luachmhara a dhreasú, lena náirítear infheistíochtaí in uirlisí teicniúla ábhartha, cuimsítear sa Rialachán seo an prionsabal go bhféadfaidh an sealbhóir sonraí cúiteamh réasúnta a iarraidh i gcás ina bhfuil ceangal air de réir dlí sonraí a chur ar fáil don fhaighteoir sonraí. Níor cheart na forálacha sin a thuiscint mar íocaíocht as na sonraí féin, ach i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, as na costais a tabhaíodh agus an infheistíocht ar ghá léi chun na sonraí a chur ar fáil.

    (43)I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, lena náirítear an gá le coimirce a thabhairt do rannpháirtíocht tomhaltóirí agus don iomaíochas nó chun an nuálaíocht a chur chun cinn i margaí áirithe, féadfaidh dlí an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme cúiteamh rialaithe a fhorchur maidir le cineálacha sonracha sonraí a chur ar fáil.

    (44)Chun micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a chosaint ar ualaigh eacnamaíocha iomarcacha a dhéanfadh ródheacair orthu samhlacha gnó nuálacha a fhorbairt agus a rith, níor cheart go sáródh an cúiteamh atá le híoc acu chun sonraí a chur ar fáil an costas díreach a bhaineann leis na sonraí a chur ar fáil agus na sonraí a bheith neamhidirdhealaitheach.

    (45)Is iad na costais dhíreacha chun sonraí a chur ar fáil na costais ar gá leo chun na sonraí a atáirgeadh, a scaipeadh trí mhodhanna leictreonacha agus a stóráil, ach ní bhaineann siad leis na sonraí a bhailiú nó a tháirgeadh. Ba cheart na costais dhíreacha a bhaineann le sonraí a chur ar fáil a bheith teoranta don sciar atá inchurtha i leith na niarrataí aonair agus é á chur san áireamh go mbeidh ar an sealbhóir sonraí na comhéadain theicniúla riachtanacha nó na bogearraí gaolmhara a chur ar bun go buan. D’fhéadfaí laghdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis na sonraí a chur ar fáil in idirbhearta tráthrialta nó atriallacha i gcaidreamh gnó trí shocruithe fadtéarmacha idir sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí, mar shampla, trí shamhail na suibscríbhinne.

    (46)Ní gá idirghabháil a dhéanamh i gcás ina bhfuil sonraí á gcomhroinnt idir cuideachtaí móra, nó i gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é an sealbhóir sonraí agus inar cuideachta mhór é an faighteoir sonraí. I gcásanna mar sin, meastar é a bheith ar a gcumas do na cuideachtaí caibidlíocht a dhéanamh faoi aon chúiteamh ach é a bheith réasúnta, agus tosca amhail méid, formáid, cineál, nó soláthar na sonraí agus éileamh ar na sonraí á gcur san áireamh, chomh maith leis na costais a bhaineann leis na sonraí a bhailiú agus a chur ar fáil don fhaighteoir sonraí.

    (47)Is prionsabal tábhachtach é an trédhearcacht chun a áirithiú go bhfuil an cúiteamh atá á iarraidh ag an sealbhóir sonraí réasúnta, nó, i gcás inar micrifhiontar nó fiontar beag nó meánmhéide é an faighteoir sonraí, nach sáraíonn an cúiteamh na costais a bhaineann go díreach leis na sonraí a chur ar fáil don fhaighteoir sonraí agus go bhfuil siad inchurtha i leith na hiarrata aonair. Chun cur ar a chumas don fhaighteoir sonraí a mheasúnú agus a fhíorú go gcomhlíonann an cúiteamh na ceanglais faoin Rialachán seo, ba cheart don sealbhóir sonraí an fhaisnéis a sholáthar don fhaighteoir sonraí lenar féidir an cúiteamh a ríomh ag leibhéal mionsonraithe leormhaith.

    (48)Má áirithítear rochtain ar bhealaí malartacha chun díospóidí intíre agus trasteorann a réiteach a thagann aníos i dtaca le sonraí a chur ar fáil, ba cheart é sin a bheith chun tairbhe sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí agus ba cheart go neartófaí an iontaoibh sa chomhroinnt sonraí dá bharr. I gcásanna nach féidir le comhpháirtithe teacht ar chomhaontú faoi théarmaí cothroma, réasúnta agus neamhidirdhealaitheacha maidir le sonraí a chur ar fáil, ba cheart do chomhlachtaí um réiteach díospóidí réiteach simplí, mear agus ísealchostais a chur ar fáil do na comhpháirtithe.

    (49)Chun a chinntiú nach ngabhtar dhá chomhlacht um réiteach díospóidí le haghaidh na díospóide céanna, go háirithe i dtimpeallacht trasteorann, ba cheart comhlacht um réiteach díospóidí a bheith in ann diúltú d’iarraidh chun díospóid a réiteach i gcás inar cuireadh an díospóid sin faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí eile cheana nó faoi bhráid cúirt nó binse Ballstáit.

    (50)Níor cheart cosc a chur ar chomhpháirtithe in imeachtaí um réiteach díospóidí a gcearta bunúsacha chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa a fheidhmiú. Dá bhrí sin, níor cheart, leis an gcinneadh a dhéanann na páirtithe sin chun díospóid a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, an ceart a bhaint díobh sásamh a lorg os comhair cúirt nó binse Ballstáit.

    (51)I gcás ina bhfuil páirtí amháin i suíomh margála níos láidre, tá an baol ann go bhféadfadh an páirtí sin tairbhe a bhaint as an suíomh sin ar bhealach a dhéanfadh dochar don pháirtí conartha eile le linn do chaibidlíocht a bheith á déanamh maidir le rochtain ar shonraí, agus go bhféadfadh sé difear a dhéanamh d’inmharthanacht na sonraí ó thaobh na tráchtála de agus toirmeasc a chur orthu go heacnamaíoch uaireanta. Déanann míchothromaíochtaí conarthacha den sórt sin dochar go háirithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nach bhfuil cumas fóinteach acu caibidlíocht a dhéanamh faoi na coinníollacha a bhaineann le rochtain ar shonraí, fiontair a bhféadfadh nach bhfuil an dara rogha acu ach glacadh le téarmaí conartha nach bhfuil rogha mhalartach orthu. Dá bhrí sin, téarmaí éagóracha conartha lena rialaítear rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, nó an dliteanas agus na leigheasanna maidir le sárú nó foirceannadh na noibleagáidí a bhaineann leis na sonraí, níor cheart do na téarmaí sin a bheith ina gceangal ar mhicrifhiontair nó ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide i gcás ina ndearnadh iad a fhorchur ar na fiontair sin go haontaobhach.

    (52)Leis na rialacha maidir le téarmaí conartha, ba cheart prionsabal na saoirse conarthaí a chur san áireamh mar choincheap fíor-riachtanach den chaidreamh gnólacht le gnólacht. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh gach téarma conartha faoi réir measúnú éagóra, ach díreach na téarmaí sin a fhorchuirtear go haontaobhach ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Baineann sin le cásanna nach bhfuil rogha mhalartach ann i gcás ina soláthraíonn páirtí amháin téarma conartha áirithe agus nach bhfuil ar chumas an mhicrifhiontair ná an fhiontair bhig nó mheánmhéide tionchar a imirt ar ábhar an téarma sin d’ainneoin iarracht caibidlíocht a dhéanamh ina leith. I gcás téarma conartha a dhéanann páirtí amháin a sholáthar agus a nglacann an micrifhiontar nó an fiontar beag nó meánmhéide leis, nó i gcás téarma a ndéantar caibidlíocht ina leith agus a chomhaontaítear ina dhiaidh sin ar bhealach leasaithe idir na páirtithe conartha, níor cheart an téarma sin a mheas mar théarma atá fhorchur go haontaobhach.

    (53)Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le téarmaí éagóracha conartha ach amháin i ndáil leis na heilimintí de chonradh a bhaineann le sonraí a chur ar fáil, is é sin, téarmaí conartha a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, chomh maith le dliteanas nó leigheasanna i leith sárú agus foirceannadh oibleagáidí a bhaineann le sonraí. Níor cheart codanna eile den chonradh céanna, nach mbaineann le sonraí a chur ar fáil, a bheith faoi réir an mheasúnaithe éagóra a leagtar síos sa Rialachán seo.

    (54)Níor cheart feidhm a bheith ag na critéir chun téarmaí éagóracha conartha a shainaithint ach amháin maidir le téarmaí conartha iomarcacha, mar a bhfuil seasamh margála níos láidre á mhíúsáid. Tromlach mór na dtéarmaí conartha atá níos fabhraí do pháirtí amháin ó thaobh na tráchtála de ná do pháirtí eile, lena náirítear téarmaí ar gnách iad a bheith i gconarthaí gnólacht le gnólacht, is gnáthléiriú iad ar phrionsabal na saoirse conarthaí agus beidh feidhm acu fós.

    (55)Mura bhfuil téarma conartha san áireamh sa liosta téarmaí a mheastar i gcónaí iad a bheith éagórach nó a nglactar leis ina leith go bhfuil siad éagórach, tá feidhm ag an bhforáil éagóra ginearálta. Maidir leis sin, ba cheart na téarmaí atá liostaithe mar théarmaí éagóracha a bheith ina slat tomhais chun an fhoráil éagóra ginearálta a léirmhíniú. Ar deireadh, d’fhéadfadh téarmaí conartha samhlacha le haghaidh conarthaí comhroinnte sonraí gnólacht le gnólacht a bheith cabhrach do chomhpháirtithe tráchtála freisin agus caibidlíocht á déanamh acu faoi chonarthaí, téarmaí a bheadh le forbairt agus le moladh ag an gCoimisiún.

    (56)I gcás riachtanas eisceachtúil, féadfaidh gur gá do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sonraí atá i seilbh fiontair a úsáid chun freagairt ar éigeandálaí poiblí nó i gcásanna eisceachtúla eile. Is ceart na heagraíochtaí déanta taighde agus na heagraíochtaí cistithe taighde a eagrú freisin mar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó mar chomhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí. Chun an tualach ar ghnólachtaí a theorannú, ba cheart micrifhiontair agus fiontair bheaga a eisiamh ón oibleagáid chun sonraí a sholáthar do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais i gcúinsí riachtanais eisceachtúil.

    (57)I gcás éigeandálaí poiblí, amhail éigeandálaí sláinte poiblí, éigeandálaí mar thoradh ar dhíghrádú an chomhshaoil agus mórthubaistí nádúrtha, lena náirítear tubaistí atá níos measa de dheasca an athraithe aeráide, chomh maith le mórthubaistí mar gheall ar iompraíocht an duine, amhail mórtheagmhais chibearshlándála, is mó an leas poiblí a eascraíonn as úsáid na sonraí ná leasanna na sealbhóirí sonraí chun na sonraí atá ina seilbh a dhiúscairt gan srian. I gcás mar sin, ba cheart sealbhóirí sonraí a chur faoi oibleagáid na sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais arna iarraidh sin dóibh. Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta sna Ballstáit nó nósanna imeachta na neagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha a chinntear éigeandáil phoiblí a bheith ann.

    (58)Féadfaidh riachtanas eisceachtúil teacht chun cinn freisin i gcás inar féidir le comhlacht de chuid na hearnála poiblí a léiriú go bhfuil gá leis na sonraí chun cosc a chur ar éigeandáil phoiblí nó chun cabhrú le téarnamh ó éigeandáil phoiblí, i gcúinsí atá réasúnta bainteach leis an éigeandáil phoiblí atá i gceist. I gcás nach údar leis an riachtanas eisceachtúil é an gá chun freagairt ar éigeandáil phoiblí, í a chosc nó cabhrú le téarnamh uaithi, ba cheart don chomhlacht de chuid na hearnála poiblí nó don institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais a léiriú go bhfuil cosc air, mar thoradh ar an easpa rochtana tráthúla ar na sonraí agus easpa úsáid na sonraí arna niarraidh, cúram sonrach ar mhaithe leis an leas poiblí a chomhlíonadh go héifeachtach, cúram a ndearnadh foráil shainráite maidir leis de réir dlí. Féadfaidh riachtanas eisceachtúil mar sin a bheith ann i gcúinsí eile, mar shampla, i ndáil le tiomsú tráthúil staitisticí oifigiúla nuair nach bhfuil sonraí ar fáil seachas sin nó nuair a bheidh laghdú suntasach ar an ualach ar na freagróirí staidrimh. An tráth céanna, ba cheart don chomhlacht de chuid na hearnála poiblí nó don institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais, seachas i gcás ina bhfuil sé ag freagairt ar éigeandáil phoiblí, á cosc nó ag cabhrú le téarnamh uaithi, a léiriú nach bhfuil aon mhodh malartach ann chun na sonraí a fháil agus nach féidir na sonraí a fháil go tráthúil trí na hoibleagáidí riachtanacha maidir le soláthar sonraí a leagan síos i reachtaíocht nua.

    (59)Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le socruithe deonacha chun sonraí a mhalartú idir eintitis phríobháideacha agus phoiblí, nó níor cheart dó teacht roimh na socruithe sin. Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh d’oibleagáidí a fhorchuirtear ar shealbhóirí sonraí chun sonraí a sholáthar, agus na hoibleagáidí sin á spreagadh ag riachtanais de chineál neamheisceachtúil, go háirithe i gcás inarb eol raon na sonraí agus na sealbhóirí sonraí agus i gcás ina mbíonn an úsáid sonraí ag tarlú go tráthrialta, mar a tharlaíonn i gcás oibleagáidí tuairiscithe agus oibleagáidí margaidh inmheánaigh. Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh ach oiread do na ceanglais chun sonraí a rochtain chun a fhíorú go gcomhlíonann siad na rialacha is infheidhme, lena náirítear cásanna ina sannann comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí an cúram chun comhlíontacht a fhíorú d’eintitis nach comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí iad.

    (60)Ba cheart don chomhlacht de chuid na hearnála poiblí nó don institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais brath ar a gcumhachtaí faoi reachtaíocht earnálach chun a gcúraimí a fheidhmiú sna réimsí cionta riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, pionóis choiriúla agus riaracháin a fhorghníomhú, agus sonraí a bhailiú chun críoch cánachais nó custaim. Dá réir sin, ní dhéanann an Rialachán seo difear d’ionstraimí chun sonraí a chomhroinnt, a rochtain agus a úsáid sna réimsí sin.

    (61)Tá gá le creat comhréireach, teoranta agus intuartha ar leibhéal an Aontais chun cur ar a gcumas do shealbhóirí sonraí, i gcás riachtanais eisceachtúla, sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus freisin chun na hualaigh riaracháin a bhíonn ar ghnólachtaí a laghdú. Chuige sin, ba cheart iarrataí ar shonraí arna ndéanamh ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus ag institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais a bheith trédhearcach agus comhréireach i dtéarmaí raon feidhme a nábhair agus a ngráinneachta. Ba cheart cuspóir na hiarrata agus úsáid bheartaithe na sonraí arna niarraidh a bheith sonrach agus a bheith sainmhínithe go soiléir, ach ba cheart an tsolúbthacht iomchuí a bheith ann don eintiteas a d’iarr na sonraí chun a chúraimí a dhéanamh ar mhaithe leis an leas poiblí. Leis an iarraidh, ba cheart freisin leasanna dlisteanacha na ngnólachtaí ar cuireadh an iarraidh faoina mbráid a urramú. Ba cheart an tualach ar na sealbhóirí sonraí a laghdú trí cheanglas a chur ar na heintitis a d’iarr na sonraí prionsabal na haonuaire a urramú, lena gcuirtear cosc ar níos mó ná comhlacht amháin de chuid na hearnála poiblí nó níos mó ná institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht amháin de chuid an Aontais na sonraí céanna a iarraidh níos mó uair amháin, i gcás ina bhfuil gá leis na sonraí sin chun freagairt ar éigeandáil phoiblí. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don eintiteas a d’iarr na sonraí iarrataí ar shonraí a dhéanann comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais a chur ar fáil go poiblí gan moill mhíchuí, agus ba cheart a áirithiú go gcuirfear ar fáil go poiblí ar líne na hiarrataí uile a bhfuil éigeandáil phoiblí ina húdar leo.

    (62)Is é is cuspóir don oibleagáid chun na sonraí a sholáthar a áirithiú go bhfuil an teolas is gá ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus ag institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun freagairt ar éigeandálaí poiblí, iad a chosc nó téarnamh uathu nó chun an acmhainneacht a choinneáil ar bun chun cúraimí sonracha a chomhlíonadh dá bhforáiltear go sainráite de réir dlí. D’fhéadfadh na sonraí a fhaigheann na heintitis sin a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 maidir le sonraí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus níor cheart iad a mheas mar shonraí oscailte atá ar fáil do thríú páirtithe le haghaidh a nathúsáide. Mar sin féin, níor cheart dó sin difear a dhéanamh d’infheidhmeacht Threoir (AE) 2019/1024 maidir le hathúsáid staitisticí oifigiúla ar úsáideadh sonraí a fuarthas de bhun an Rialacháin seo chun iad a tháirgeadh, ar choinníoll nach náirítear na bunsonraí leis an athúsáid. Ina theannta sin, níor cheart dó difear a dhéanamh don fhéidearthacht sonraí a chomhroinnt chun taighde a dhéanamh nó chun staitisticí oifigiúla a thiomsú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart cead a a bheith ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí freisin sonraí a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a mhalartú le comhlachtaí eile de chuid na hearnála poiblí chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais eisceachtúla ar iarradh na sonraí ina leith.

    (63)Ba cheart an deis a bheith ag sealbhóirí sonraí modhnú a iarraidh ar an iarraidh a dhéanann comhlacht de chuid na hearnála poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais, é sin nó cealú na hiarrata sin a iarraidh laistigh de thréimhse 5 nó 15 lá oibre, ag brath ar chineál an riachtanais eisceachtúil a agraíodh san iarraidh. I gcás iarrataí arna spreagadh ag éigeandáil phoiblí, ba cheart údar cuí a bheith ann gan na sonraí a chur ar fáil más féidir a thaispeáint go bhfuil an iarraidh cosúil nó comhionann le hiarraidh a chuir comhlacht eile de chuid na hearnála poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht eile de chuid an Aontais isteach roimhe sin le haghaidh an chuspóra chéanna. Má tá sealbhóir sonraí ag diúltú don iarraidh nó ag féachaint lena modhnú, ba cheart dó an bunúdar le diúltú don iarraidh a chur in iúl don chomhlacht de chuid na hearnála poiblí nó don institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais a d’iarr na sonraí. I gcás ina bhfuil feidhm ag na cearta sui generis ar bhunachar sonraí faoi Threoir 96/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 i ndáil leis na tacair sonraí arna niarraidh, ba cheart do na sealbhóirí sonraí a gcearta a fheidhmiú ar bhealach nach gcuireann cosc ar an gcomhlacht de chuid na hearnála poiblí agus na hinstitiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais na sonraí a fháil nó iad a chomhroinnt, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    (64)I gcás ina bhfuil géarghá le sonraí pearsanta a áireamh sna sonraí a chuirtear ar fáil do chomhlacht de chuid na hearnála poiblí nó d’institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais, ba cheart na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus ba cheart a bheith san áireamh le cur ar fáil na sonraí agus a núsáid ina dhiaidh sin coimircí le haghaidh chearta agus leasanna na ndaoine lena mbaineann na sonraí sin. An comhlacht a bhfuil na sonraí á niarraidh aige, ba cheart dó an géarghá a léiriú, chomh maith le cuspóirí sonracha agus teoranta na próiseála. Ba cheart don sealbhóir sonraí iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun na sonraí a dhéanamh anaithnid, nó i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart dó modhanna teicneolaíochta a chur i bhfeidhm amhail bréagainmniú agus comhiomlánú, sula gcuireann sé na sonraí ar fáil.

    (65)Na sonraí a chuirtear ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais ar bhonn riachtanas eisceachtúil, níor cheart iad a úsáid ach amháin le haghaidh an chuspóra ar iarradh iad lena haghaidh, mura bhfuil sé comhaontaithe go sainráite ag an sealbhóir sonraí a chuir na sonraí ar fáil gur féidir iad a úsáid chun críoch eile. Ba cheart na sonraí a scriosadh a luaithe nach gá leo a thuilleadh chun na críche a luadh san iarraidh, murar comhaontaíodh a mhalairt, agus ba cheart an sealbhóir sonraí a chur ar an eolas faoi sin.

    (66)Nuair atá sonraí arna soláthar ag sealbhóirí sonraí á nathúsáid ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó ag institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais, ba cheart dóibh an reachtaíocht is infheidhme atá ann cheana a urramú, chomh maith leis na hoibleagáidí conarthacha a bhfuil an sealbhóir sonraí faoina réir. I gcás ina bhfuil géarghá le rúin cheirde a bhaineann leis an sealbhóir sonraí a nochtadh do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais chun an cuspóir a chomhlíonadh ar iarradh na sonraí lena aghaidh, ba cheart rúndacht an nochta sin a dhearbhú leis an sealbhóir sonraí.

    (67)I gcás inarb é atá i gceist coimirce a thabhairt do leas poiblí nach beag, amhail i gcás freagairt ar éigeandálaí poiblí, níor cheart a bheith ag súil go gcúiteoidh an comhlacht de chuid na hearnála poiblí nó an institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais fiontair as na sonraí arna bhfáil. Is annamh a tharlaíonn éigeandálaí poiblí agus ní éilítear i gcás gach éigeandála mar sin úsáid sonraí atá i seilbh fiontar. Dá bhrí sin, ní móide go ndéanfaí difear diúltach do ghníomhaíochtaí gnó na sealbhóirí sonraí mar thoradh ar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais a bheith in ann dul i muinín an Rialacháin seo. Mar sin féin, ós rud é gur minice a d’fhéadfadh cásanna riachtanais eisceachtúil tarlú nach freagairt ar éigeandáil phoiblí iad, lena náirítear cásanna ina gcuirtear cosc ar éigeandáil phoiblí nó ina dtéarnaítear uaithi, ba cheart na sealbhóirí sonraí i gcásanna mar sin a bheith i dteideal cúiteamh réasúnta nár cheart go sáródh sé na costais theicniúla agus eagraíochtúla a tabhaíodh agus an iarraidh á comhlíonadh agus an corrlach réasúnta ar gá leis chun na sonraí a chur ar fáil don chomhlacht de chuid na hearnála poiblí nó don institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais. Níor cheart an cúiteamh a thuiscint mar íocaíocht as na sonraí féin agus mar íocaíocht éigeantach.

    (68)Féadfaidh an comhlacht de chuid na hearnála poiblí nó an institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais na sonraí atá faighte acu de bhun na hiarrata a chomhroinnt le heintitis nó le daoine eile nuair atá gá leis sin chun gníomhaíochtaí taighde eolaíoch nó gníomhaíochtaí anailíseacha a dhéanamh nach bhfuil ar a gcumas féin. Féadfar na sonraí sin a chomhroinnt freisin sna cúinsí céanna leis na hoifigí staidrimh náisiúnta agus le Eurostat chun staitisticí oifigiúla a thiomsú. Ach ba cheart na gníomhaíochtaí taighde sin a bheith comhréireach leis an gcuspóir ar iarradh na sonraí lena aghaidh agus ba cheart an sealbhóir sonraí a chur ar an eolas faoi chomhroinnt bhreise na sonraí a sholáthair sé. Daoine a bhfuil taighde á dhéanamh acu nó eagraíochtaí taighde lena bhféadfar na sonraí sin a chomhroinnt, ba cheart dóibh gníomhú ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misean leasa phoiblí atá aitheanta ag an Stát. Níor cheart eagraíochtaí a mheas mar eagraíochtaí taighde chun críocha an Rialacháin seo más eagraíochtaí iad a bhfuil tionchar cinntitheach ag gnóthais tráchtála orthu a fhágann gur féidir leis na gnóthais sin rialú a fheidhmiú mar gheall ar chúinsí struchtúrtha, rud a bhféadfadh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith ann mar thoradh air.

    (69)Príomhchoinníoll le haghaidh margadh níos iomaíche ag a bhfuil bacainní iontrála níos ísle le haghaidh soláthraithe seirbhísí is ea custaiméirí na seirbhísí próiseála sonraí, lena náirítear néalseirbhísí agus imeallseirbhísí, a bheith in ann malartú ó sheirbhís próiseála sonraí amháin go ceann eile, agus feidhmiúlacht íosta seirbhíse a choinneáil ar bun san am céanna.

    (70)Le Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, spreagtar soláthraithe seirbhíse chun cóid iompair fhéinrialála a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach, lena gcumhdófar dea-chleachtais maidir le malartú idir soláthraithe seirbhíse próiseála sonraí agus portáil sonraí a éascú, inter alia. I bhfianaise éifeachtúlacht theoranta na gcreataí féinrialála a forbraíodh mar fhreagairt air sin, agus i bhfianaise nach bhfuil fáil go ginearálta ar chaighdeáin agus comhéadain oscailte, is gá tacar oibleagáidí rialála íosta a ghlacadh a mbeidh ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí cloí leo chun fáil réidh leis na bacainní conarthacha, eacnamaíocha agus teicniúla ar malartú éifeachtach idir seirbhísí próiseála sonraí.

    (71)Le seirbhísí próiseála sonraí, ba cheart seirbhísí a chumhdach lena gcumasaítear cianrochtain ar éileamh agus cianrochtain leathan ar linn inscálaithe agus leaisteach d’acmhainní ríomhaireachta inroinnte agus dáilte. Áirítear leis na hacmhainní ríomhaireachta sin acmhainní amhail líonraí, freastalaithe nó bonneagar fíorúil nó fisiceach eile, córais oibriúcháin agus bogearraí, lena náirítear uirlisí forbartha bogearraí, stóras, feidhmchláir agus seirbhísí. An cumas atá ag custaiméir na seirbhíse próiseála sonraí chun cumais ríomhaireachta a fhéinsholáthar go haontaobhach, amhail am freastalaí nó stóras líonra, gan aon idirghníomhaíocht dhaonna ón soláthraí seirbhíse, d’fhéadfaí riarachán ar éileamh a thabhairt air sin. Úsáidtear an téarma ‘cianrochtain leathan’ chun tuairisc a thabhairt ar na cumais ríomhaireachta a sholáthraítear thar an líonra agus go bhfuil rochtain orthu trí shásraí lena gcuirtear úsáid ardán caolchliaint nó méithchliaint ilchineálach chun cinn (lena n‑áirítear brabhsálaithe gréasáin, gairis mhóibíleacha agus stáisiúin oibre). Tagraíonn an téarma ‘inscálaithe’ d’acmhainní ríomhaireachta a dhéanann an soláthraí seirbhíse próiseálaithe sonraí a leithdháileadh go solúbtha, gan beann ar shuíomh geografach na n‑acmhainní, chun luaineachtaí san éileamh a láimhseáil. Úsáidtear an téarma ‘linn leaisteach’ chun tuairisc a thabhairt ar na hacmhainní ríomhaireachta sin a sholáthraítear agus a scaoiltear de réir an éilimh chun na hacmhainní atá ar fáil a mhéadú nó a laghdú go mear ag brath ar an ualach oibre. Úsáidtear an téarma ‘inroinnte’ chun tuairisc a thabhairt ar na hacmhainní ríomhaireachta sin a sholáthraítear d’úsáideoirí iomadúla a chomhroinneann rochtain choiteann ar an tseirbhís, ach go ndéantar an phróiseáil le haghaidh gach úsáideora ar leithligh, bíodh is go bhfuil an tseirbhís á soláthar tríd an trealamh leictreonach céanna. Úsáidtear an téarma ‘dáilte’ chun tuairisc a thabhairt ar na hacmhainní ríomhaireachta sin atá lonnaithe ar ríomhairí nó gairis líonraithe éagsúla agus a dhéanann cumarsáid agus a chomhordaíonn eatarthu féin trí theachtaireachtaí a sheachadadh. Úsáidtear an téarma ‘arddáilte’ chun tuairisc a thabhairt ar sheirbhísí próiseála sonraí lena ndéantar sonraí a phróiseáil níos gaire don áit ina ngintear nó ina mbailítear iad, mar shampla, i ngaireas próiseála sonraí atá nasctha. Le himeall-ríomhaireacht, ar foirm próiseála sonraí arddáilte den chineál sin í, meastar go nginfear samhlacha gnó nua agus samhlacha nua soláthair néalsheirbhísí, ar cheart iad a bheith oscailte agus idir-inoibritheach ón tús.

    (72)Is é aidhm don Rialachán seo an malartú idir seirbhísí próiseála sonraí a éascú, rud a chuimsíonn na coinníollacha agus na gníomhaíochtaí uile a bhfuil gá ag an gcustaiméir leo chun comhaontú conarthach a bhaineann le seirbhís próiseála sonraí a fhoirceannadh, chun conradh nua amháin nó roinnt conarthaí nua le soláthraithe éagsúla seirbhísí próiseála sonraí a thabhairt i gcrích, chun a shócmhainní digiteacha uile a phortáil, lena náirítear sonraí, chuig na soláthraithe bainteacha eile agus chun leanúint dá núsáid sa timpeallacht nua agus tairbhe a bhaint as coibhéis fheidhmiúil ag an am céanna. Le sócmhainní digiteacha tagraítear d’eilimintí i bhformáid dhigiteach a bhfuil an ceart úsáide ag an gcustaiméir lena naghaidh, lena náirítear sonraí, feidhmchláir, meaisíní fíorúla agus léirithe eile ar theicneolaíochtaí fíorúlaithe, amhail árthaí. Ciallaíonn coibhéis fheidhmiúil íosleibhéal feidhmiúlachta seirbhíse a choinneáil ar bun tar éis an mhalartaithe, agus ba cheart a mheas go bhfuil sí indéanta go teicniúil i gcás ina gcumhdaíonn na seirbhísí próiseála sonraí bunaidh agus na seirbhísí próiseála sonraí cinn scríbe araon (go páirteach nó go hiomlán) an cineál céanna seirbhíse. Meiteashonraí a ghintear tríd an úsáid a bhaineann custaiméir as seirbhís, ba cheart iad a bheith iniompartha freisin de bhun fhorálacha an Rialacháin seo maidir le malartú.

    (73)I gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí ina gcustaiméirí a úsáideann seirbhísí próiseála sonraí a sholáthraíonn soláthraí tríú páirtí, tairbheoidh siad féin de mhalartú níos éifeachtaí, ach go comhuaineach, beidh oibleagáidí an Rialacháin seo maidir leis an méid a bhaineann lena seirbhísí féin ina gceangal orthu i gcónaí.

    (74)Ba cheart é a bheith ina cheangal ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí an cúnamh agus tacaíocht ar fad a thairiscint a bhfuil gá leis chun próiseas malartaithe rathúil agus éifeachtach a bhaint amach gan na soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí sin a bheith faoi cheangal catagóirí nua seirbhísí a fhorbairt laistigh de bhonneagar TF soláthraithe éagsúla seirbhísí próiseála sonraí nó ar bhonn an bhonneagair sin chun coibhéis fheidhmiúil a ráthú i dtimpeallacht lasmuigh dá gcórais féin. Mar sin féin, tá ceangal ar sholáthraithe seirbhísí an cúnamh agus tacaíocht ar fad a thairiscint a bhfuil gá leis chun próiseas malartaithe rathúil éifeachtach a bhaint amach. Na cearta atá ann cheana a bhaineann le foirceannadh conarthaí, lena náirítear iad siúd a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2016/679 agus le Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 67  , níor cheart difear a dhéanamh do na cearta sin.

    (75)Chun an malartú idir seirbhísí próiseála sonraí a éascú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí úsáid uirlisí cur chun feidhme agus/nó comhlíontachta a mheas, go háirithe iad siúd a fhoilsíonn an Coimisiún i bhfoirm Leabhair Rialacha i ndáil le néalseirbhísí. Is tairbheach go háirithe iad clásail chonarthacha chaighdeánacha maidir le muinín i seirbhísí próiseála sonraí a mhéadú, caidreamh níos cothroime idir úsáideoirí agus soláthraithe seirbhísí a chruthú, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú maidir leis na coinníollacha is infheidhme chun malartú chuig seirbhísí próiseála sonraí eile. Ina fhianaise sin, ba cheart d’úsáideoirí agus soláthraithe seirbhísí úsáid clásal conarthach caighdeánach a mheas, arna bhforbairt ag comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha a bunaíodh faoi dhlí an Aontais.

    (76)Le sonraíochtaí agus caighdeáin idir-inoibritheachta oscailte a forbraíodh i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 1025/2021 sa réimse idir-inoibritheachta agus iniomparthachta, cumasaítear néal-timpeallacht ildíoltóra gan uaim, rud atá ina príomhriachtanas le haghaidh nuálaíocht oscailte sa gheilleagar sonraí Eorpach. Ós rud é nach bhfuil an acmhainneacht léirithe fós ag próisis atá faoi thionchar an mhargaidh chun sonraíochtaí nó caighdeáin a chur ar bun lena néascaítear néal-idir-inoibritheacht éifeachtach ar na leibhéil PaaS (ardán mar sheirbhís) agus SaaS (bogearraí mar sheirbhís), ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, ar bhonn an Rialacháin seo agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, iarraidh ar chomhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha caighdeáin mar sin a fhorbairt, go háirithe i gcás cineálacha seirbhísí nach bhfuil caighdeáin ann fós ina leith. Ina theannta sin, spreagfaidh an Coimisiún rannpháirtithe sa mhargadh chun sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte ábhartha a fhorbairt. Is féidir leis an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, sainordú a thabhairt maidir le húsáid caighdeán Eorpach idir-inoibritheachta nó sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte le haghaidh cineálacha seirbhísí sonracha trí thagairt i stóras lárnach um chaighdeáin an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí. Ní thagrófar do chaighdeáin Eorpacha agus do shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte ach amháin má chomhlíonann siad na critéir a shonraítear sa Rialachán seo, a bhfuil an chiall chéanna acu is atá ag na ceanglais i míreanna 3 agus 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2021 agus na gnéithe idir-inoibritheachta a shainítear faoi ISO/IEC 19941:2017.

    (77)Féadfaidh tríú tíortha dlíthe, rialacháin agus gníomhartha dlí eile a ghlacadh arb é is aidhm dóibh rochtain rialtais a aistriú nó a sholáthar go díreach ar shonraí neamhphearsanta atá suite lasmuigh dá dteorainneacha, san Aontas san áireamh. I ndáil le breithiúnais ó chúirteanna nó ó bhinsí nó cinntí ó údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin eile, lena náirítear údaráis forghníomhaithe dlí i dtríú tíortha lena gceanglaítear an taistriú sin de shonraí neamhphearsanta nó an rochtain sin orthu, ba cheart na breithiúnais nó na cinntí sin a bheith infhorfheidhmithe i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh ar chúnamh frithpháirteach dlí, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó an Ballstát. I gcásanna eile, d’fhéadfadh cúinsí teacht chun cinn ina ndéantar iarraidh chun rochtain ar shonraí neamhphearsanta a eascraíonn as dlí tríú tír a aistriú nó a sholáthar, agus tá an iarraidh sin ag teacht salach ar oibleagáid chun sonraí mar sin a chosaint faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint chearta bunúsacha an duine, amhail an ceart chun slándála agus an ceart chun leighis éifeachtaigh, nó leasanna bunúsacha Ballstáit i ndáil le slándáil nó cosaint náisiúnta, chomh maith le cosaint sonraí atá leochaileach ó thaobh na tráchtála de, lena náirítear cosaint rún ceirde, agus cosaint ceart maoine intleachtúla, agus lena náirítear a ghealltanais chonarthacha maidir le rúndacht i gcomhréir leis an dlí sin. In éagmais comhaontuithe idirnáisiúnta lena rialáiltear ábhair den sórt sin, níor cheart aistriú ná rochtain a cheadú ach amháin má fíoraíodh go gceanglaítear le córas dlí an tríú tír go leagfar amach na cúiseanna agus an chomhréireacht a bhaineann leis an gcinneadh, gur de chineál sonrach é an tordú cúirte nó an cinneadh, agus go bhfuil agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú arna dhéanamh ag cúirt inniúil sa tríú tír, a bhfuil sé de chumhacht aici aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí sin. I gcás inar féidir faoi théarmaí na hiarratais rochtana sonraí a rinne údarás an tríú tír, ba cheart do sholáthraí na seirbhísí próiseála sonraí a bheith in ann an custaiméir a bhfuil a shonraí á niarraidh a chur ar an eolas chun a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an rochtain sin ag teacht salach ar rialacha an Aontais nó ar rialacha náisiúnta, amhail iad siúd maidir le cosaint sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, lena náirítear cosaint rún ceirde agus ceart maoine intleachtúla agus na gealltanais chonarthacha maidir le rúndacht.

    (78)Chun tuilleadh iontaoibhe sna sonraí a chothú, is tábhachtach coimircí i ndáil le saoránaigh an Aontais, an earnáil phoiblí agus gnólachtaí a chur chun feidhme a mhéid is féidir chun rialú a sonraí a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart cloí le dlí, luachanna agus caighdeáin an Aontais i dtéarmaí slándála, cosaint sonraí agus príobháideachais, agus cosaint tomhaltóirí (ach gan a bheith teoranta dóibh sin). Chun rochtain neamhdhleathach ar shonraí neamhphearsanta a chosc, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí atá faoi réir na hionstraime seo, amhail néalseirbhísí agus imeallseirbhísí, gach beart réasúnta a dhéanamh chun rochtain ar na córais ina stóráiltear sonraí neamhphearsanta a chosc, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, é sin a dhéanamh trí shonraí a chriptiú, iniúchtaí a dhéanamh go minic, cloí – agus é sin fíoraithe - le scéimeanna deimhniúcháin ábhartha um dhearbhú slándála, agus beartais chorparáideacha a mhodhnú.

    (79)Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gcaighdeánú agus an idir-inoibritheacht shéimeantach maidir le réitigh theicniúla a sholáthar chun idir-inoibritheacht a áirithiú. Chun comhréireacht leis na ceanglais le haghaidh hidir-inoibritheacht a éascú, is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta i gcás réitigh idir-inoibritheachta lena gcomhlíontar caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna de na caighdeáin sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh i réimsí nach bhfuil aon chaighdeán comhchuibhithe iontu nó i gcás nach bhfuil caighdeáin leordhóthanacha ann chun an idir-inoibritheacht a fheabhsú a thuilleadh maidir leis na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí, na comhéadain feidhmchláir, an néalmhalartú agus conarthaí cliste. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sonraíochtaí coiteanna sna hearnálacha éagsúla a bheith le glacadh fós, i gcomhréir le dlí an Aontais nó an dlí earnála náisiúnta, bunaithe ar riachtanais shonracha na nearnálacha sin. Ba cheart a bheith san áireamh leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hidir-inoibritheacht shéimeantach, struchtúir agus samhlacha sonraí inathúsáidte (i bhfoirm croístór focal), ointeolaíochtaí, próifíl feidhmchláir meiteashonraí, sonraí tagartha i bhfoirm croístór focal, tacsanamaíochtaí, liostaí cód, táblaí údaráis, teasárais. Thairis sin, ba cheart an Coimisiún a chumasú chun sainordú a thabhairt maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí.

    (80)Chun idir-inoibritheacht na gconarthaí cliste i bhfeidhmchláir comhroinnte sonraí a chur chun cinn, is gá ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos maidir le conarthaí cliste le haghaidh gairmithe a chruthaíonn conarthaí cliste i gcomhair daoine eile nó a chomhtháthaíonn conarthaí cliste mar sin i bhfeidhmchláir a thacaíonn le cur chun feidhme comhaontuithe maidir le comhroinnt sonraí. Chun comhréireacht na gconarthaí cliste sin leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a éascú, is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta i gcás conarthaí cliste lena gcomhlíontar caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna de na caighdeáin sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (81)Chun cur chun feidhme éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú. Má ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ba cheart dó údarás inniúil comhordúcháin a ainmniú freisin. Ba cheart do na húdaráis inniúla oibriú i gcomhar le chéile. Na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chosaint sonraí a chomhlíonadh, agus na húdaráis inniúla arna nainmniú faoin reachtaíocht earnálach, is iad siúd ba cheart a bheith freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ina limistéir inniúlachta.

    (82)Chun a gcearta faoin Rialachán seo a fhorfheidhmiú, ba cheart daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bheith i dteideal sásamh a lorg as sáruithe a gceart faoin Rialachán seo trí ghearáin a chur faoi bhráid na núdarás inniúil. Ba cheart iallach a bheith ar na húdaráis sin dul i mbun comhair lena áirithiú go láimhseáiltear agus go réitítear an gearán de réir mar is iomchuí. Chun úsáid a bhaint as sásra an Ghréasáin um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí agus chun gníomhartha ionadaíocha a chumasú, leasaítear leis an Rialachán seo na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 68 agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 69 .

    (83)Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú go ngearrfar pionóis as sáruithe na noibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh aird a thabhairt ar chineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, i bhfianaise leas an phobail atá i gceist, raon feidhme agus chineál na ngníomhaíochtaí a rinneadh, mar aon le hacmhainn eacnamaíoch an té a rinne an sárú. Ba cheart dóibh aon neamhchomhlíonadh córasach nó athfhillteach a chur san áireamh atá déanta ag an sáraitheoir i dtaca lena oibleagáidí mar thoradh ar an Rialachán seo. Chun cabhrú le fiontair conarthaí a dhréachtú agus caibidlíocht a dhéanamh ina leith, ba cheart don Choimisiún téarmaí conartha eiseamláireacha neamhshainordaitheacha a fhorbairt agus a mholadh i gcás conarthaí comhroinnte sonraí gnólacht le gnólacht, agus aird á tabhairt, i gcás inar gá, ar na coinníollacha in earnálacha sonracha agus na cleachtais sheanbhunaithe i dtaca le sásraí comhroinnte sonraí. Na téarmaí conartha eiseamláireacha sin, ba cheart gurbh uirlis phraiticiúil iad go príomha chun cabhrú le fiontair bheaga go háirithe conradh a thabhairt i gcrích. I gcás ina núsáidtear go forleathan agus go hiomlán iad, ba cheart éifeacht thairbheach a bheith ag na téarmaí conartha eiseamláireacha sin maidir le tionchar a imirt ar dhearadh conarthaí a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, agus ba cheart caidreamh conarthach níos cothroime a bheith ann mar gheall orthu le linn do shonraí a bheith á rochtain agus á gcomhroinnt.

    (84)Chun deireadh a chur leis an riosca, i gcás sealbhóirí sonraí atá i mbunachair arna bhfáil nó arna nginiúint trí bhíthin comhpháirteanna fisiceacha, amhail braiteoirí, a bhaineann le táirge nasctha agus seirbhís ghaolmhar, dá néileodh na sealbhóirí sonraí sin an ceart sui generis faoi Airteagal 7 de Threoir 96/9/CE, i gcás nach bhfuil na bunachair sin i dteideal an chirt sui generis, agus dá gcuirfidís cosc dá bharr ar an gceart atá ag úsáideoirí sonraí a rochtain agus a úsáid agus an ceart chun sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe faoin Rialachán seo, ba cheart don Rialachán seo a shoiléiriú nach mbaineann an ceart sui generis le bunachair mar sin óir ní chomhlíonfaí na ceanglais maidir le cosaint.

    (85)Chun na gnéithe teicniúla de sheirbhísí próiseála sonraí a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an Rialachán seo a chomhlánú chun sásra faireacháin a thabhairt isteach maidir le muirir mhalartaithe arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí sa mhargadh, chun na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh oibreoirí spásanna sonraí agus soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí maidir le hidir-inoibritheacht a shonrú a thuilleadh agus chun an tagairt do shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte a fhoilsiú, chomh maith le caighdeáin Eorpacha maidir le hidir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 70 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a dhéileálann le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (86)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an Rialachán seo a chomhlánú chun sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena náiritheofar idir-inoibritheacht na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí agus an chomhroinnt sonraí, an malartú idir seirbhísí próiseála sonraí, idir-inoibritheacht na gconarthaí cliste, le haghaidh modhanna teicniúla san áireamh, amhail comhéadain feidhmchláir, chun aistriú sonraí idir comhpháirtithe a chumasú - idir aistriú leanúnach agus aistriú fíor-ama – agus le haghaidh croístóir d’idir-inoibritheacht shéimeantach, agus chun sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh le haghaidh conarthaí cliste. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 .

    (87)Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh d’fhorálacha sonracha gníomhartha de chuid an Aontais arna nglacadh sa réimse comhroinnte sonraí idir gnólachtaí, idir gnólachtaí agus tomhaltóirí agus idir gnólachtaí agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí arna nglacadh roimh an dáta a glacadh an Rialachán seo. Chun comhsheasmhacht agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, an staid a mheasúnú maidir leis an gcaidreamh idir an Rialachán seo agus na gníomhartha a glacadh roimh an dáta a glacadh an Rialachán seo lena rialaítear an chomhroinnt sonraí, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leis na forálacha sonracha sin a ailíniú leis an Rialachán seo. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do rialacha lena dtugtar aghaidh ar riachtanais a bhaineann go sonrach le hearnálacha aonair nó réimsí leasa phoiblí. Féadfaidh na rialacha sin ceanglais bhreise maidir le gnéithe teicniúla na rochtana sonraí a áireamh, amhail comhéadain le haghaidh rochtain ar shonraí, nó an chaoi a bhféadfaí an rochtain ar shonraí a sholáthar, mar shampla, díreach ón táirge nó trí sheirbhísí idirghabhála sonraí. Féadfar a áireamh leis na rialacha sin freisin teorainneacha le cearta na sealbhóirí sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí úsáideora nó iad a úsáid, nó le gnéithe eile lasmuigh de shonraí a rochtain agus a úsáid, amhail gnéithe rialachais. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar freisin do rialacha níos sonraí i gcomhthéacs spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a fhorbairt.

    (88)Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, agus go háirithe Airteagail 101 agus 102 den Chonradh. Níor cheart na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a úsáid chun iomaíocht a shrianadh ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gConradh.

    (89)Chun cur ar a gcumas do na gníomhaithe eacnamaíocha oiriúnú do na rialacha nua a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha tar éis bliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

    (90)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad a dtuairimí uathu an [XX XX 2022].

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1
    Ábhar agus raon feidhme

    1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirge nó as seirbhís ghaolmhar a chur ar fáil d’úsáideoir an táirge nó na seirbhíse sin, maidir le sealbhóirí sonraí na sonraí sin a chur ar fáil d’fhaighteoirí sonraí, agus maidir le sealbhóirí sonraí na sonraí sin a chur ar fáil d’údaráis phoiblí nó d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais, i gcás ina bhfuil riachtanas eisceachtúil leis, chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail:

    2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)monaróirí táirgí agus soláthraithe seirbhísí gaolmhara a chuirtear ar an margadh san Aontas agus úsáideoirí na dtáirgí nó na seirbhísí sin;

    (b)sealbhóirí sonraí a chuireann sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí san Aontas;

    (c)faighteoirí sonraí san Aontas a gcuirtear sonraí ar fáil dóibh;

    (d)údaráis phoiblí agus institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais a iarrann ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil i gcás ina bhfuil riachtanas eisceachtúil leis na sonraí sin chun cúram a chur i gcrích ar cúram é a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail agus i gcás ina soláthraíonn sealbhóirí sonraí na sonraí sin mar fhreagra ar iarraidh den sórt sin;

    (e)soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a thairgeann seirbhísí den sórt sin do chustaiméirí san Aontas.

    3.Maidir le sonraí pearsanta a chosaint, príobháideachas agus rúndacht cumarsáide agus sláine trealaimh teirminéil maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an méid sin a chosaint. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’infheidhmeacht dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE, lena náirítear cumhachtaí agus inniúlachtaí na núdarás maoirseachta. A mhéid a bhaineann leis na cearta a leagtar síos i gCaibidil II den Rialachán seo, agus i gcás inarb é atá sna húsáideoirí na hábhair sonraí pearsanta atá faoi réir na gceart agus na noibleagáidí faoin gCaibidil sin, comhlánóidh forálacha an Rialacháin seo an ceart chun iniomparthacht sonraí faoi Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2016/679.

    4.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do ghníomhartha dlí an Aontais ná do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chomhroinnt, d’úsáid agus do rochtain ar shonraí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 72 agus [na tograí r-fhianaise [COM(2018) 225 agus 226] nuair a ghlacfar iad, agus comhar idirnáisiúnta sa réimse sin. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do bhailiú, do chomhroinnt, d’úsáid sonraí ná do rochtain orthu faoi Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí agus Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistriú cistí. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’inniúlachtaí na mBallstát i dtaca le gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil náisiúnta, custam agus riarachán cánach agus sláinte agus sábháilteacht na saoránach i gcomhréir le dlí an Aontais.

    Airteagal 2
    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘sonraí’ aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena náirítear i bhfoirm taifid fuaime, amhairc nó closamhairc;

    (2)ciallaíonn ‘táirge’ earra inláimhsithe inchorraithe, lena náirítear i gcás ina bhfuil sé ionchorpraithe in earra dochorraithe, a fhaigheann, a ghineann nó a bhailíonn sonraí a bhaineann lena úsáid nó lena thimpeallacht, agus atá in ann sonraí a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus nach é a phríomhfheidhm sonraí a stóráil agus a phróiseáil;

    (3)ciallaíonn ‘seirbhís ghaolmhar’ seirbhís dhigiteach, lena náirítear bogearraí, atá ionchorpraithe i dtáirge nó idirnasctha leis ar bhealach a chuirfeadh éagmais na seirbhíse sin cosc ar an táirge ceann dá chuid feidhmeanna a dhéanamh;

    (4)ciallaíonn ‘cúntóirí fíorúla’ bogearraí lenar féidir éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena náirítear éilimh, cúraimí nó ceisteanna atá bunaithe ar ionchur fuaime, ionchur scríofa, gothaí nó gluaisne, agus bunaithe ar na héilimh, na cúraimí nó na ceisteanna sin, a sholáthraíonn rochtain ar a seirbhísí féin agus ar sheirbhísí tríú páirtí nó go rialaíonn siad a gcuid gaireas féin agus gairis tríú páirtí;

    (5)ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach ar leis táirge, a fhaigheann táirge ar cíos nó a léasaíonn é nó a fhaigheann seirbhísí;

    (6)ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ duine dlítheanach nó nádúrtha a bhfuil an ceart nó an oibleagáid air, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le dlí an Aontais is infheidhme nó leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, nó i gcás sonraí neamhphearsanta agus trí dhearadh teicniúil an táirge agus na seirbhísí gaolmhara a rialú, a bhfuil an cumas aige sonraí áirithe a chur ar fáil;

    (7)ciallaíonn ‘faighteoir sonraí’ duine dlítheanach nó nádúrtha, ag gníomhú dó chun críocha a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, seachas úsáideoir táirge nó seirbhíse gaolmhaire, a gcuireann an sealbhóir sonraí na sonraí ar fáil dó, lena náirítear tríú páirtí tar éis iarraidh a fháil ón úsáideoir ar an sealbhóir sonraí nó i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme;

    (8)ciallaíonn ‘fiontar’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, maidir le conarthaí agus cleachtais a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha a bhaineann le ceird, gnó, ealaín nó gairm an duine sin;

    (9) ciallaíonn ‘údarás poiblí’ údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla na mBallstát agus comhlachtaí faoi rialú dhlí poiblí na mBallstát, nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó ag comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin;

    (10)ciallaíonn ‘éigeandáil phoiblí’ staid eisceachtúil a imríonn tionchar diúltach ar dhaonra an Aontais, Ballstáit nó cuid de, agus lena bhfuil riosca go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha marthanacha aici ar dhálaí maireachtála nó ar chobhsaíocht eacnamaíoch, nó ar dhíghrádú substaintiúil sócmhainní eacnamaíocha san Aontas nó sa Bhallstát nó sna Ballstáit ábhartha;

    (11)ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí nó ar thacair sonraí i bhformáid leictreonach, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

    (12)ciallaíonn ‘seirbhís próiseála sonraí’ seirbhís dhigiteach seachas seirbhís inneachair ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) 2017/1128, a chuirtear ar fáil do chustaiméir, lena gcumasaítear riarachán ar éileamh agus cianrochtain leathan ar chomhthiomsú inscálaithe agus leaisteach acmhainní ríomhaireachta inroinnte de chineál láraithe, dáilte nó anleithdháilte;

    (13)ciallaíonn ‘cineál seirbhíse’ tacar de sheirbhísí próiseála sonraí a bhfuil an príomhchuspóir céanna agus an múnla bunúsach céanna seirbhíse próiseála sonraí acu;

    (14)ciallaíonn ‘coibhéis fheidhmiúil’ leibhéal íosta feidhmiúlachta a choinneáil ar bun i dtimpeallacht seirbhíse próiseála sonraí nua tar éis an phróisis mhalartaithe, a mhéid a sholáthróidh an tseirbhís ceann scríbe, mar fhreagra ar ghníomhaíocht ionchuir ag an úsáideoir maidir le buneilimintí na seirbhíse, an taschur céanna ag an bhfeidhmíocht chéanna agus an leibhéal céanna slándála, athléimneachta oibríochtúla agus cáilíochta seirbhíse aici agus atá ag an tseirbhís tionscnaimh tráth fhoirceannadh an chonartha;

    (15)ciallaíonn ‘sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte’ sonraíochtaí teicniúla TFC, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, atá dírithe ar fheidhmíocht maidir le hidir-inoibritheacht a bhaint amach idir seirbhísí próiseála sonraí;

    (16)ciallaíonn ‘conradh cliste’ clár ríomhaireachta atá stóráilte i gcóras mórleabhar leictreonach ina ndéantar toradh fhorghníomhú an chláir a thaifeadadh ar an mórleabhar leictreonach;

    (17)ciallaíonn ‘mórleabhar leictreonach’ mórleabhar leictreonach de réir bhrí Airteagal 3, pointe (53) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

    (18)ciallaíonn ‘sonraíochtaí coiteanna’ doiciméad, seachas caighdeán, ina bhfuil réitigh theicniúla lena gcuirtear modh ar fáil chun ceanglais agus oibleagáidí áirithe arna mbunú faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

    (19)ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ dhá cheann nó níos mó de spásanna sonraí nó de líonraí, córais, táirgí, feidhmchláir nó comhpháirteanna cumarsáide a bheith in ann sonraí faisnéis a mhalartú agus a úsáid chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh;

    (20)ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

    CAIBIDIL II
    COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT

    Airteagal 3
    Oibleagáid chun rochtain ar shonraí a ghintear trí úsáid táirgí nó trí sheirbhísí gaolmhara a chur ar fáil

    1.Sa chaoi go mbeidh rochtain dhíreach éasca shlán, i gcás inarb ábhartha agus i gcás inarb iomchuí, ar shonraí agus ar sheirbhísí a ghintear trína núsáid agus trí réamhshocrú, déanfar táirgí a dhearadh agus a mhonarú agus cuirfear seirbhísí gaolmhara ar fáil.

    2.Sula dtabharfar i gcrích conradh chun táirge nó seirbhís ghaolmhar a cheannach, a fháil ar cíos nó a léasú, cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don úsáideoir, i bhformáid shoiléir shothuigthe:

    (a)cineál agus méid na sonraí is dócha a ghinfear trí úsáid an táirge nó na seirbhíse gaolmhaire;

    (b)an dóchúlacht go nginfear na sonraí go leanúnach agus i bhfíor-am;

    (c)an bealach is féidir leis an úsáideoir rochtain a fháil ar na sonraí sin;

    (d)an bhfuil sé beartaithe ag an monaróir a sholáthraíonn an táirge nó ag an soláthraí seirbhíse a chuireann an tseirbhís ghaolmhar ar fáil na sonraí a úsáid é féin nó cead a thabhairt do thríú páirtí na sonraí a úsáid agus, má tá, na críocha dá núsáidfear na sonraí sin;

    (e)cé acu más é an sealbhóir sonraí é an díoltóir, an cíosóir nó an léasóir nó murab é agus, murab é, céannacht an tsealbhóra sonraí, amhail a ainm trádála agus an seoladh geografach ag a bhfuil sé bunaithe;

    (f)an modh cumarsáide a chuireann ar chumas an úsáideora teagmháil a dhéanamh leis an sealbhóir sonraí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis an sealbhóir sonraí sin go héifeachtúil;

    (g)an chaoi a bhféadfaidh an túsáideoir a iarraidh go gcomhroinnfear na sonraí le tríú páirtí;

    (h)ceart an úsáideora gearán a thaisceadh lena líomhnaítear sárú ar fhorálacha na Caibidle seo leis an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 31.

    Airteagal 4
    An ceart atá ag úsáideoirí rochtain a fháil ar shonraí a ghintear trí úsáid táirgí nó trí sheirbhísí gaolmhara agus na sonraí sin a úsáid

    1.I gcás nach féidir leis an úsáideoir rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí ón táirge, cuirfidh an sealbhóir sonraí ar fáil don úsáideoir na sonraí a ghintear trí tháirge nó seirbhís ghaolmhar a úsáid gan moill mhíchuí, saor in aisce agus, i gcás inarb infheidhme, go leanúnach agus i bhfíor-am. Déanfar é sin ar bhonn iarraidh shimplí trí mheán leictreonach i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil.

    2.Ní cheanglóidh an sealbhóir sonraí ar an úsáideoir aon fhaisnéis a sholáthar thar a bhfuil riachtanach chun incháilitheacht an úsáideora a fhíorú de bhun mhír 1. Ní choimeádfaidh an sealbhóir sonraí aon fhaisnéis maidir le rochtain an úsáideora ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an úsáideora ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.

    3.Ní nochtfar rúin trádála ach amháin ar choinníoll go ndéanfar gach beart sonrach is gá chun rúndacht rún trádála a chaomhnú, go háirithe i leith tríú páirtithe. Féadfaidh an sealbhóir sonraí agus an túsáideoir bearta a chomhaontú chun rúndacht na sonraí comhroinnte a chaomhnú, go háirithe i ndáil le tríú páirtithe.

    4.Ní úsáidfidh an túsáideoir na sonraí a fuarthas de bhun iarraidh dá dtagraítear i mír 1 chun táirge a fhorbairt a bheidh san iomaíocht leis an táirge as ar tháinig na sonraí.

    5.I gcás nach ábhar sonraí é an túsáideoir, ní chuirfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nó seirbhís ghaolmhar a úsáid ar fáil don úsáideoir ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí faoi Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.

    6.Ní úsáidfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí neamhphearsanta a ghintear trí tháirge nó seirbhís ghaolmhar a úsáid ach amháin ar bhonn comhaontú conarthach leis an úsáideoir. Ní úsáidfidh an sealbhóir sonraí sonraí den sórt sin a ghintear trí úsáid an táirge nó na seirbhíse gaolmhaire chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní agus ar mhodhanna táirgthe an úsáideora nó ar úsáid an úsáideora, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an úsáideora sna margaí ina bhfuil an túsáideoir gníomhach.

    Airteagal 5
    An ceart sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe

    1.Arna iarraidh sin d’úsáideoir, nó do pháirtí atá ag gníomhú thar ceann úsáideora, cuirfidh an sealbhóir sonraí ar fáil do thríú páirtí, gan aon chostas a ghearradh ar an úsáideoir, gan aon mhoill mhíchuí, na sonraí a ghintear trí tháirge nó seirbhís ghaolmhar, ar an gcáilíocht chéanna agus atá ar fáil don sealbhóir sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, go leanúnach agus i bhfíor-am.

    2.Aon ghnóthas a sholáthraíonn croísheirbhísí ardáin ar ainmníodh seirbhís amháin nó níos mó de na seirbhísí sin ina leith mar gheatóir de bhun Airteagal [...] de [Rialachán XXX maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Margaí Digiteacha) 73 ], ní bheidh sé ina thríú páirtí incháilithe faoin Airteagal seo agus, dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)úsáideoir a shireadh nó a dhreasú ar bhonn tráchtála ar aon bhealach, lena náirítear trí chúiteamh airgeadaíochta nó aon chúiteamh eile a sholáthar, chun sonraí a chur ar fáil do cheann dá sheirbhísí a fuair an túsáideoir de bhun iarraidh faoi Airteagal 4(1);

    (b)úsáideoir a shireadh nó a dhreasú ar bhonn tráchtála chun iarraidh ar an sealbhóir sonraí a chur ar fáil do cheann dá sheirbhísí de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

    (c)sonraí a fháil ó úsáideoir a fuair an túsáideoir de bhun iarraidh faoi Airteagal 4(1).

    3.Ní cheanglófar ar an úsáideoir ná ar thríú páirtí aon fhaisnéis a sholáthar thar a bhfuil riachtanach chun an cháilíocht mar úsáideoir nó mar thríú páirtí a fhíorú de bhun mhír 1. Ní choimeádfaidh an sealbhóir sonraí aon fhaisnéis maidir le rochtain an tríú páirtí ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an tríú páirtí ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.

    4.Ní úsáidfidh an tríú páirtí modhanna comhéigneacha ná ní mhíúsáidfidh sé bearnaí follasacha i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí chun na sonraí a chosaint d’fhonn rochtain a fháil ar shonraí.

    5.Ní bhainfidh an sealbhóir sonraí úsáid as aon sonraí neamhphearsanta a ghintear trí úsáid an táirge nó na seirbhíse gaolmhaire chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní agus ar mhodhanna táirgthe an tríú páirtí nó ar úsáid an tríú páirtí, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an tríú páirtí sna margaí ina bhfuil an tríú páirtí gníomhach, murar thoiligh an tríú páirtí leis an úsáid sin agus mura bhfuil an deis theicniúil aige an toiliú sin a tharraingt siar tráth ar bith.

    6.I gcás nach ábhar sonraí é an túsáideoir, ní chuirfear aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nó seirbhís ghaolmhar a úsáid don úsáideoir ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí faoi Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.

    7.Mura dtagann an sealbhóir sonraí agus an tríú páirtí ar chomhaontú maidir le socruithe maidir leis na sonraí a tharchur, ní chuirfidh sé bac, cosc ná cur isteach ar fheidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus, go háirithe, ar an gceart chun iniomparthacht sonraí faoi Airteagal 20 den Rialachán sin.

    8.Ní nochtfar rúin trádála do thríú páirtithe ach sa mhéid a bhfuil géarghá leo chun an cuspóir a comhaontaíodh idir an túsáideoir agus an tríú páirtí a chomhlíonadh, agus chun na bearta sonracha uile is gá a chomhlíonadh arna gcomhaontú idir an sealbhóir sonraí agus an tríú páirtí chun rúndacht na rúin trádála a chaomhnú. I gcás den sórt sin, cineál na sonraí mar rúin trádála agus na bearta chun an rúndacht a chaomhnú, déanfar iad sin a shonrú sa chomhaontú idir an sealbhóir sonraí agus an tríú páirtí.

    9.Ní dhéanfaidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 dochar do chearta cosanta sonraí daoine eile.

    Airteagal 6
    Oibleagáidí tríú páirtithe a fhaigheann sonraí arna iarraidh sin don úsáideoir

    1.Ní dhéanfaidh tríú páirtí na sonraí a chuirfear ar fáil dó de bhun Airteagal 5 a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch agus faoi na coinníollacha a comhaontaíodh leis an úsáideoir agus faoi réir chearta an ábhair sonraí a mhéid a bhaineann leis na sonraí pearsanta, agus scriosfaidh sé na sonraí nuair nach mbeidh gá leo a thuilleadh chun na críche a comhaontaíodh.

    2.Ní dhéanfaidh an tríú páirtí an méid seo a leanas:

    (a)an túsáideoir a chomhéigniú, a mheabhlú nó a chúbláil ar bhealach ar bith, trí neamhpleáchas, trí chinnteoireacht nó trí roghanna an úsáideora a threascairt nó a lagú, lena náirítear trí chomhéadan digiteach leis an úsáideoir;

    (b)úsáid a bhaint as na sonraí a fhaigheann sé chun daoine nádúrtha a phróifíliú de réir bhrí Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/679, ach amháin más gá sin chun an tseirbhís a iarrann an túsáideoir a sholáthar;

    (c)na sonraí a fhaigheann sé a chur ar fáil do thríú páirtí eile, i bhfoirm amh, chomhiomlánaithe nó dhíorthaithe, mura gá sin chun an tseirbhís a iarrann an túsáideoir a sholáthar;

    (d)na sonraí a fhaigheann sé a chur ar fáil do ghnóthas a sholáthraíonn croísheirbhísí ardáin ar ainmníodh seirbhís amháin nó níos mó de na seirbhísí sin ina leith mar gheatóir de bhun Airteagal [...] de [Rialachán maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Margaí Digiteacha)];

    (e)na sonraí a fhaigheann sé a úsáid chun táirge a fhorbairt a théann in iomaíocht leis an táirge as a dtagann na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu nó a chomhroinneann na sonraí le tríú páirtí eile chun na críche sin;

    (f)cosc a chur ar an úsáideoir, lena náirítear trí ghealltanais chonarthacha, na sonraí a fhaigheann sé a chur ar fáil do pháirtithe eile.

    Airteagal 7
    Raon feidhme na hoibleagáide comhroinnte sonraí gnólacht le tomhaltóir agus gnólacht le gnólacht

    1.Ní bheidh feidhm ag oibleagáidí na Caibidle seo maidir le sonraí a ghintear trí úsáid a bhaint as táirgí arna monarú nó as seirbhísí gaolmhara arna soláthar ag fiontair a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, ar choinníoll nach bhfuil fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha ag na fiontair sin mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE nach gcáilíonn mar mhicrifhiontar nó mar fhiontar beag.

    2.I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do tháirgí nó do sheirbhísí gaolmhara, tuigfear go náirítear leis an tagairt sin cúntóirí fíorúla, a mhéid a úsáidtear iad chun táirge nó seirbhís ghaolmhar a rochtain nó a rialú.

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID DHLÍTHIÚIL ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL

    Airteagal 8
    Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí

    1.I gcás ina mbeidh sé d’oibleagáid ar shealbhóir sonraí sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí faoi Airteagal 5 nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta eile lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, déanfaidh sé amhlaidh ar théarmaí cothroma, réasúnacha agus neamhidirdhealaitheacha agus ar bhealach trédhearcach i gcomhréir le forálacha na Caibidle seo agus Chaibidil IV.

    2.Comhaontóidh sealbhóir sonraí le faighteoir sonraí na téarmaí maidir leis na sonraí a chur ar fáil. Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar na sonraí agus úsáid na sonraí ná leis an dliteanas agus na leigheasanna maidir le sárú na noibleagáidí a bhaineann le sonraí, nó maidir le foirceannadh na noibleagáidí sin, ní bheidh an téarma sin ceangailteach má chomhlíonann sé coinníollacha Airteagal 13 nó má eisiatar leis éifeacht chur i bhfeidhm chearta an úsáideora faoi Chaibidil II, nó má mhaolaítear ar an éifeacht sin nó má athraítear í.

    3.Ní dhéanfaidh sealbhóir sonraí idirdhealú idir catagóirí inchomparáide d’fhaighteoirí sonraí, lena náirítear fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, de chuid an tsealbhóra sonraí, agus sonraí á gcur ar fáil aige. I gcás ina measfaidh faighteoir sonraí go bhfuil na coinníollacha faoinar cuireadh sonraí ar fáil dó idirdhealaitheach, is faoin sealbhóir sonraí a bheidh sé a léiriú nach ndearnadh aon idirdhealú.

    4.Ní chuirfidh sealbhóir sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoir sonraí ar bhonn eisiach mura niarrfaidh an túsáideoir sin faoi Chaibidil II.

    5.Ní cheanglófar ar shealbhóirí sonraí ná ar fhaighteoirí sonraí aon fhaisnéis a sholáthar thar a bhfuil riachtanach chun a fhíorú go gcomhlíontar na téarmaí conarthacha a comhaontaíodh chun sonraí a chur ar fáil nó a noibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta is infheidhme lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme.

    6.Mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais, lena náirítear Airteagal 6 den Rialachán seo, nó leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, ní chuirfidh oibleagáid chun sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí oibleagáid ar aon duine rúin trádála a nochtadh de réir bhrí Threoir (AE) 2016/943.

    Airteagal 9
    Cúiteamh as sonraí a chur ar fáil

    1.Aon chúiteamh a chomhaontófar idir sealbhóir sonraí agus faighteoir sonraí as sonraí a chur ar fáil, beidh sé réasúnta.

    2.I gcás inar micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide é an faighteoir sonraí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, ní rachaidh aon chúiteamh a chomhaontófar thar na costais a bhaineann go díreach leis na sonraí a chur ar fáil don fhaighteoir sonraí agus atá inchurtha i leith na hiarrata. Beidh feidhm dá réir sin ag Airteagal 8(3).

    3.Leis an Airteagal seo, ní chuirfear bac ar dhlí eile de chuid an Aontais ná ar reachtaíocht náisiúnta eile lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme maidir le heisiamh a dhéanamh ar chúiteamh as sonraí a chur ar fáil nó as cúiteamh níos ísle a sholáthar.

    4.Soláthróidh an sealbhóir sonraí faisnéis don fhaighteoir sonraí ina leagfar amach an bonn le haghaidh ríomh an chúitimh agus beidh sé sin mionsonraithe go leordhóthanach ionas gur féidir leis an bhfaighteoir sonraí a fhíorú go bhfuil ceanglais mhír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglais mhír 2 á gcomhlíonadh.

    Airteagal 10
    Díospóidí a réiteach

    1.Beidh rochtain ag sealbhóirí sonraí agus ag faighteoirí sonraí ar chomhlachtaí um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach i ndáil le téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamhidirdhealaitheacha a chinneadh le haghaidh sonraí a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 ar bhealach trédhearcach.

    2.Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil an comhlacht um réiteach díospóidí bunaithe, arna iarraidh sin don chomhlacht sin, an comhlacht a dheimhniú, i gcás inar léirigh an comhlacht go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

    (a)go bhfuil sé neamhchlaonta agus neamhspleách, agus eiseoidh sé a chuid cinntí i gcomhréir le rialacha nós imeachta atá soiléir agus cóir;

    (b)go bhfuil an saineolas is gá aige i ndáil le téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamhidirdhealaitheacha a chinneadh maidir leis na sonraí a chur ar fáil agus i ndáil leis an mbealach trédhearcach chun na sonraí sin a chur ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas an chomhlachta na téarmaí sin a chinneadh go héifeachtach;

    (c)go bhfuil rochtain éasca air trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí;

    (d)go bhfuil sé in ann a cinntí a eisiúint ar bhealach tapa éifeachtúil costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad.

    Mura ndeimhneofar aon chomhlacht um réiteach díospóide i mBallstát faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin], bunóidh agus deimhneoidh an Ballstát sin comhlacht um réiteach díospóidí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (d) den mhír seo.

    3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóide arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 2. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

    4.Cuirfidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí na táillí, nó na sásraí a úsáidtear chun na táillí a chinneadh, in iúl do na páirtithe lena mbaineann sula niarrfaidh na páirtithe sin cinneadh.

    5.Diúltóidh comhlachtaí um réiteach díospóidí déileáil le hiarraidh chun díospóid a réiteach a tugadh os comhair comhlachta eile um réiteach díospóidí nó os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit.

    6.Tabharfaidh comhlachtaí um réiteach díospóide an deis do na páirtithe, laistigh de thréimhse réasúnta, a dtuairim a chur in iúl maidir le hábhair a thug na páirtithe sin os comhair na gcomhlachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, soláthróidh comhlachtaí um réiteach díospóidí aighneachtaí an pháirtí eile agus aon ráitis a dhéanfaidh saineolaithe do na páirtithe sin. Tabharfaidh na comhlachtaí sin an deis do na páirtithe barúlacha a thabhairt maidir leis na haighneachtaí agus na ráitis sin.

    7.Eiseoidh comhlachtaí um réiteach díospóidí a gcinneadh maidir le hábhair a chuirtear faoina mbráid tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an iarraidh ar chinneadh a bheith déanta. Is i scríbhinn nó ar mheán marthanach a bheidh na cinntí sin agus beidh ráiteas ar na cúiseanna atáthar ag tacú le gach cinneadh ag gabháil leis an gcinneadh sin.

    8.Ní bheidh cinneadh an chomhlachta um réiteach díospóide ina cheangal ar na páirtithe ach amháin más rud é gur thoiligh na páirtithe go sainráite lena chineál ceangailteach sula gcuirfear tús leis na himeachtaí um réiteach díospóide.

    9.Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do cheart na bpáirtithe leigheas éifeachtach a lorg os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit.

    Airteagal 11
    Bearta teicniúla cosanta agus forálacha maidir le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh sonraí

    1.Féadfaidh an sealbhóir sonraí bearta cosanta teicniúla iomchuí a chur i bhfeidhm, lena náirítear conarthaí cliste, chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí a chosc agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 5, 6, 9 agus 10, chomh maith leis na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil. Ní úsáidfear na bearta cosanta teicniúla sin mar mhodh chun bac a chur ar cheart an úsáideora sonraí a sholáthar go héifeachtach do thríú páirtithe de bhun Airteagal 5 ná d’aon cheart atá ag tríú páirtí faoi dhlí an Aontais nó faoin reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

    2.Maidir le faighteoir sonraí a thug, chun críocha sonraí a fháil, faisnéis mhíchruinn nó bhréagach don sealbhóir sonraí, a d’úsáid modhanna meabhlacha nó comhéigneacha nó a mhíúsáid bearnaí follasacha i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí chun na sonraí a chosaint, a d’úsáid na sonraí a cuireadh ar fáil chun críche neamhúdaraithe nó a rinne na sonraí sin a nochtadh do pháirtí eile gan údarú an tsealbhóra sonraí, déanfaidh sé gan moill mhíchuí, mura dtugann an sealbhóir sonraí nó an túsáideoir treoir dá mhalairt, an méid seo a leanas:

    (a)scriosfaidh sé na sonraí a chuir an sealbhóir sonraí ar fáil agus aon chóipeanna díobh;

    (b)cuirfidh sé deireadh le hearraí, sonraí díorthacha nó seirbhísí a tháirgeadh, a thairiscint, a chur ar an margadh nó a úsáid, ar earraí, sonraí díorthacha nó seirbhísí iad arna dtáirgeadh ar bhonn eolas a fuarthas ó na sonraí sin, nó earraí sáraitheacha a allmhairiú, a onnmhairiú nó a stóráil chun na gcríoch sin, agus déanfaidh sé aon earraí sáraitheacha a scriosadh.

    3.Ní bheidh feidhm ag mír 2, pointe (b) in aon cheann de na cásanna seo leanas:

    (a)nach ndearna úsáid na sonraí dochar suntasach don sealbhóir sonraí;

    (b)go mbeadh sé sin díréireach i bhfianaise leasanna an tsealbhóra sonraí.

    Airteagal 12
    Raon feidhme oibleagáidí do shealbhóirí sonraí a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu sonraí a chur ar fáil

    1.Beidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás ina mbeidh oibleagáid ar an sealbhóir sonraí faoi Airteagal 5, nó faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí.

    2.Aon téarma conarthach i gcomhaontú um chomhroinnt sonraí lena ndéantar, chun aimhleasa páirtí amháin, nó, i gcás inarb infheidhme, chun aimhleasa an úsáideora, cur i bhfeidhm na Caibidle seo a eisiamh, lena ndéantar maolú air nó a éifeacht a athrú, ní bheidh an téarma conarthach sin ina cheangal ar an bpáirtí sin.

    3.Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo ach amháin maidir le hoibleagáidí chun sonraí a chur ar fáil faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin].

    CAIBIDIL IV
    TÉARMAÍ ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR

    Airteagal 13
    Téarmaí éagóracha conarthacha a fhorchuirtear go haontaobhach ar mhicreafhiontar, ar fhiontar beag nó ar fhiontar meánmhéide

    1.Téarma conarthach, maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí nó an dliteanas agus na leigheasanna i leith oibleagáidí a bhaineann le sonraí a shárú nó a fhoirceannadh, ar oibleagáidí iad a d’fhorchuir fiontar go haontaobhach ar mhicreafhiontar, ar fhiontar beag nó ar fhiontar meánmhéide, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, ní bheidh an téarma conarthach sin ina cheangal ar na fiontair dheireanacha sin más rud é go bhfuil sé éagórach.

    2.Tá téarma conarthach éagórach más de chineál é a nimíonn a úsáid go mór ó dhea-chleachtas tráchtála maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, rud a bheadh contrártha le meon macánta agus le cóirdhéileáil. 

    3.Tá téarma conarthach éagórach chun críoch an Airteagail seo más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

    (a)dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach maidir le gníomhartha intinneacha nó le mórfhaillí a eisiamh nó a theorannú;

    (b)maidir leis an bpáirtí ar a ndearnadh an téarma a fhorchur go haontaobhach i gcás neamhchomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, na leigheasanna atá ar fáil don pháirtí sin a eisiamh nó maidir le dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, an dliteanas sin a eisiamh;

    (c)an ceart eisiach a thabhairt don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an gconradh nó aon téarma de chuid an chonartha a léirmhíniú.

    4.Glacfar leis go bhfuil téarma conarthach éagórach chun críoch an Airteagail seo más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

    (a)go gcuirtear teorainn mhíchuí leis na leigheasanna i gcás neamhchomhlíonadh oibleagáidí conarthacha nó i gcás ina sáraítear na hoibleagáidí sin;

    (b)go dtugtar cead don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach sonraí an pháirtí chonarthaigh eile a rochtain agus a úsáid ar bhealach a dhéanfadh dochar suntasach do leasanna dlisteanacha an pháirtí chonarthaigh eile;

    (c)go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach na sonraí a thug an páirtí sin nó a ghin sé a úsáid le linn thréimhse an chonartha, nó úsáid na sonraí sin a theorannú a mhéid nach bhfuil an páirtí sin i dteideal na sonraí sin a úsáid, a ghabháil, a rochtain nó a rialú nó luach na sonraí sin a shaothrú ar bhealach comhréireach;

    (d)go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach cóip de na sonraí a thug an páirtí sin nó a ghin sé a fháil le linn thréimhse an chonartha nó laistigh de thréimhse réasúnta tar éis fhoirceannadh an chonartha;

    (e)maidir leis an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach, a chumasú don pháirtí sin an conradh a fhoirceannadh le fógra míréasúnta gearr agus aird á tabhairt ar fhéidearthachtaí réasúnacha an pháirtí chonarthaigh eile athrú go seirbhís mhalartach inchomparáide agus an dochar airgeadais a dhéanann an foirceannadh sin, ach amháin i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh.

    5.Measfar téarma conarthach a bheith forchurtha go haontaobhach de réir bhrí an Airteagail seo más rud é gur sholáthair páirtí conarthach amháin é agus nach raibh an páirtí conarthach eile in ann tionchar a imirt ar a inneachar in ainneoin iarracht a dhéanamh é a chaibidliú. An páirtí conarthach a sholáthair téarma conarthach, tá sé de dhualgas air a chruthú nach ndearnadh an téarma sin a fhorchur go haontaobhach.

    6.I gcás inar féidir an téarma conarthach éagórach a dhealú ón gcuid eile de théarmaí an chonartha, beidh na téarmaí atá fágtha ceangailteach i gcónaí.

    7.Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le téarmaí conarthacha lena sainítear príomhábhar an chonartha ná le téarmaí conarthacha lena gcinntear an praghas atá le híoc.

    8.Ní fhéadfaidh na páirtithe i gconradh a chumhdaítear le mír 1 cur i bhfeidhm an Airteagail seo a eisiamh, maolú air ná a éifeachtaí a athrú.

    CAIBIDIL V
    SONRAÍ A CHUR AR FÁIL D’ÚDARÁIS PHOIBLÍ AGUS D’INSTITIÚIDÍ, DO GHNÍOMHAIREACHTAÍ NÓ DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS BUNAITHE AR RIACHTANAS EISCEACHTÚIL

    Airteagal 14
    Oibleagáid sonraí a chur ar fáil bunaithe ar riachtanas eisceachtúil

    1.Arna iarraidh sin, cuirfidh an sealbhóir sonraí sonraí ar fáil d’údarás poiblí nó d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais a léiríonn go bhfuil riachtanas eisceachtúil ann na sonraí arna niarradh a úsáid.

    2.Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le fiontair bheaga agus micrifhiontair mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

    Airteagal 15
    Riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid

    Measfar go bhfuil riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid de réir bhrí na Caibidle seo in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

    (a)i gcás ina mbeidh gá leis na sonraí a iarrtar chun freagairt d’éigeandáil phoiblí;

    (b)i gcás ina bhfuil an iarraidh sonraí teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de agus go bhfuil gá léi chun éigeandáil phoiblí a chosc nó chun cuidiú le téarnamh ó éigeandáil phoiblí;

    (c)i gcás ina gcuireann an easpa sonraí infhaighte cosc ar an údarás poiblí nó ar institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais cúram sonrach a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail, ar cúram é dá bhforáiltear go sainráite leis an dlí; agus

    (1)i gcás nach raibh an túdarás poiblí ná institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais in ann na sonraí sin a fháil trí mhodhanna malartacha, lena náirítear trí na sonraí ar an margadh a cheannach ar rátaí margaidh nó trí bhrath ar na hoibleagáidí atá ann cheana sonraí a chur ar fáil, agus ní féidir le glacadh beart reachtach nua a áirithiú go mbeidh na sonraí ar fáil go tráthúil; nó

    (2)i gcás ina laghdófaí go substaintiúil an tualach riaracháin ar shealbhóirí sonraí nó ar ghnóthais eile mar gheall ar na sonraí a fháil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo.

    Airteagal 16
    Gaol le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil d’údaráis phoiblí agus d’institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais

    1.Ní dhéanfaidh an Chaibidil seo difear d’oibleagáidí a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun críche tuairiscithe, chun críocha iarrataí ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na noibleagáidí dlíthiúla a léiriú nó a fhíorú.

    2.Ní fheidhmeoidh údaráis phoiblí agus institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais na cearta atá sa Chaibidil seo chun dul i mbun gníomhaíochtaí chun cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, nó chun custam nó cánachas a riar. Ní dhéanann an Chaibidil seo difear do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó maidir le pionóis choiriúla nó riaracháin a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais.

    Airteagal 17
    Iarrataí ar shonraí a chur ar fáil

    1.Agus sonraí á niarraidh de bhun Airteagal 14(1) aige nó aici, déanfaidh údarás poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

    (a)na sonraí atá ag teastáil a shonrú;

    (b)an riachtanas eisceachtúil dá bhfuil na sonraí á niarraidh a léiriú;

    (c)cuspóir na hiarrata, úsáid bheartaithe na sonraí a iarrtar, agus fad na húsáide sin a mhíniú;

    (d)an bunús dlí atá le hiarraidh na sonraí a lua;

    (e)an spriocdháta a shonrú faoina gcuirfear na sonraí ar fáil nó faoina bhféadfaidh an sealbhóir sonraí iarraidh ar an údarás poiblí, ar institiúid, ar ghníomhaireacht nó ar chomhlacht de chuid an Aontais an iarraidh a mhodhnú nó a tharraingt siar.

    2.Maidir le hiarraidh ar shonraí arna déanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méid seo a leanas i gceist léi:

    (a)cuirfear í in iúl i dteanga shoiléir bheacht shimplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí;

    (b)beidh sí comhréireach leis an riachtanas eisceachtúil atá ann, maidir le gráinneacht agus méid na sonraí a iarrtar agus maidir le minicíocht rochtana na sonraí arna niarraidh;

    (c)urramóidh sí aidhmeanna dlisteanacha an tsealbhóra sonraí, agus cosaint rún trádála á cur san áireamh mar aon leis an gcostas agus leis an iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil;

    (d)bainfidh sí, a mhéid is féidir, le sonraí neamhphearsanta;

    (e)cuirfidh sí an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi na pionóis a fhorchuirfidh údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 33 de bhun Airteagal 31 i gcás neamhchomhlíonadh na hiarrata;

    (f)cuirfear í ar fáil go poiblí ar líne gan moill mhíchuí.

    3.Ní chuirfidh údarás poiblí ná institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo ar fáil lena nathúsáid de réir bhrí Threoir (AE) 2019/1024. Ní bheidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1024 maidir leis na sonraí atá i seilbh údarás poiblí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo.

    4.Ní chuireann mír 3 bac ar údarás poiblí ná ar institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo a mhalartú le comhlacht eile de chuid údaráis phoiblí, le hinstitiúid, gníomhaireacht nó comhlacht eile de chuid an Aontais, d’fhonn na cúraimí in Airteagal 15 a chur i gcrích nó na sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí i gcásanna ina bhfuil eisfhoinsiú déanta aige, trí chomhaontú atá ar fáil go poiblí, trí chigireachtaí teicniúla nó trí fheidhmeanna eile chuig an tríú páirtí sin. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá ar údaráis phoiblí, ar institiúidí, ar ghníomhaireachtaí nó ar chomhlachtaí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 19.

    I gcás ina ndéanann údarás poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí.

    Airteagal 18
    Comhlíonadh na
    niarrataí ar shonraí

    1.Sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar rochtain ar shonraí faoin gCaibidil seo, cuirfidh sé na sonraí ar fáil don údarás poiblí iarrthach nó d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí.

    2.Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear sa reachtaíocht earnálach, féadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú do mhodhnú nó modhnú a iarraidh laistigh de 5 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus laistigh de 15 lá oibre i gcásanna eile ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann, ar cheachtar de na forais seo a leanas:

    (a)níl na sonraí ar fáil;

    (b)ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

    3.I gcás iarraidh ar shonraí atá riachtanach chun freagairt d’éigeandáil phoiblí, féadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg freisin más rud é gur chuir an sealbhóir sonraí na sonraí sin a iarradh ar fáil cheana féin mar fhreagra ar iarraidh a cuireadh isteach roimhe sin chun na críche céanna ó údarás poiblí eile nó ó ghníomhaireacht nó comhlacht eile de chuid institiúidí an Aontais agus murar tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi scriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1), pointe (c).

    4.Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 3, léireoidh sé céannacht an údaráis phoiblí nó céannacht na hinstitiúide, na gníomhaireachta nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach chun na críche céanna.

    5.I gcás inar gá sonraí pearsanta a nochtadh chun an iarraidh maidir le sonraí a chur ar fáil d’údarás poiblí nó d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais a chomhlíonadh, déanfaidh an sealbhóir sonraí iarrachtaí réasúnta chun na sonraí a bhréagainmniú, a mhéid is féidir an iarraidh a chomhlíonadh le sonraí bréagainmnithe.

    6.I gcás inar mian leis an údarás poiblí nó leis an institiúid, leis an ngníomhaireacht nó leis an gcomhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí arna niarraidh a sholáthar, nó modhnú ar an iarraidh a lorg, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata, cuirfear an tábhar faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 31.

    Airteagal 19
    Oibleagáidí údaráis phoiblí agus institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí de chuid an Aontais

    1.Déanfaidh údarás poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais a fuair sonraí de bhun iarraidh arna déanamh faoi Airteagal 14 an méid seo a leanas:

    (a)ní úsáidfidh sé na sonraí ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad;

    (b)cuirfidh sé chun feidhme, a mhéid is gá sonraí pearsanta a phróiseáil, bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na hábhair sonraí;

    (c)scriosfaidh sé sonraí a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh chun na críche sonraithe agus cuirfidh sé in iúl don sealbhóir sonraí gur scriosadh na sonraí.

    2.Ní cheanglófar rúin trádála nó rúin trádála líomhnaithe a nochtadh d’údarás poiblí nó d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais ach amháin a mhéid a bhfuil géarghá leis chun cuspóir na hiarrata a bhaint amach. I gcás den sórt sin, déanfaidh an túdarás poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais bearta iomchuí chun rúndacht na rún trádála sin a chaomhnú.

    Airteagal 20
    Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann

    1.Sonraí a chuirfear ar fáil chun freagairt d’éigeandáil phoiblí de bhun phointe (a) d’Airteagal 15, cuirfear ar fáil saor in aisce iad.

    2.I gcás ina néilíonn an sealbhóir sonraí cúiteamh as sonraí a chur ar fáil i gcomhréir le hiarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 15, pointí (b) nó (c), ní bheidh an cúiteamh sin níos airde ná na costais theicniúla agus eagraíochtúla a tabhaíodh i dtaca leis an iarraidh a chomhlíonadh, lena náirítear, i gcás inar gá, na costais a bhaineann le hanaithnidiú agus oiriúnú teicniúil, móide corrlach réasúnta. Arna iarraidh sin don údarás poiblí nó don institiúid, don ghníomhaireacht nó don chomhlacht de chuid an Aontais a iarrann na sonraí, soláthróidh an sealbhóir sonraí faisnéis ar bhonn ríomh na gcostas agus an chorrlaigh réasúnta.

    Airteagal 21
    Rannchuidiú eagraíochtaí taighde nó comhlachtaí staidrimh i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil

    1.Beidh údarás poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais i dteideal sonraí a fhaightear faoin gCaibidil seo a chomhroinnt le daoine aonair nó le heagraíochtaí d’fhonn taighde eolaíoch nó anailísíocht a dhéanamh atá comhoiriúnach leis an gcuspóir ar iarradh na sonraí ina leith, nó le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus Eurostat chun staidreamh oifigiúil a thiomsú.

    2.Gníomhóidh na daoine aonair nó na heagraíochtaí a gheobhaidh na sonraí de bhun mhír 1 ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misin leasa phoiblí atá aitheanta i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit. Ní áireofar orthu eagraíochtaí a bhfuil tionchar cinntitheach ag gnóthais tráchtála orthu nó a bhféadfadh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh orthu.

    3.Comhlíonfaidh na daoine aonair nó na heagraíochtaí a gheobhaidh na sonraí de bhun mhír 1 forálacha Airteagal 17(3) agus Airteagal 19.

    4.I gcás ina ndéanann údarás poiblí nó institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoi mhír 1, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí.

    Airteagal 22
    Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann

    1.Oibreoidh údaráis phoiblí agus institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais le chéile agus cuideoidh siad le chéile an Chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

    2.Ní úsáidfear aon sonraí a malartaíodh i dtaca leis an gcúnamh a iarradh agus a cuireadh ar fáil de bhun mhír 1 ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad;

    3.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás poiblí sonraí a iarraidh ar shealbhóir sonraí atá bunaithe i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra ar dtús d’údarás inniúil an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 31, faoin rún sin. Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le hiarrataí ó institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais.

    4.Tar éis fógra a bheith tugtha dó i gcomhréir le mír 3, cuirfidh an túdarás inniúil ábhartha in iúl don údarás poiblí iarrthach an gá, más ann dó, atá le comhoibriú le húdaráis phoiblí an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe, d’fhonn an tualach riaracháin atá ar an sealbhóir sonraí an iarraidh a chomhlíonadh, an tualach sin a laghdú. Cuirfidh an túdarás poiblí iarrthach comhairle an údaráis inniúil ábhartha san áireamh.

    CAIBIDIL VI

    AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

    Airteagal 23
    Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach idir soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí

    1.Déanfaidh soláthraithe seirbhíse próiseála sonraí na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 24, 25 agus 26 chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí a seirbhíse aistriú chuig seirbhís próiseála sonraí eile, lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse, arna soláthar ag soláthraí seirbhíse difriúil. Go háirithe, bainfidh soláthraithe seirbhíse próiseála sonraí bacainní tráchtála, teicniúla, conarthacha agus eagraíochtúla a chuireann bac ar chustaiméirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)comhaontú conarthach na seirbhíse a fhoirceannadh tar éis uastréimhse fógartha 30 lá féilire;

    (b)comhaontuithe conarthacha nua a thabhairt i gcrích le soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;

    (c)sonraí, feidhmchláir agus sócmhainní digiteacha eile na soláthraithe a phortáil chuig soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí;

    (d)coibhéis fheidhmiúil na seirbhíse i dtimpeallacht TF an tsoláthraí éagsúil nó na soláthraithe éagsúla seirbhísí próiseála sonraí a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse a choinneáil ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 26.

    2.Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin maidir le bacainní a bhaineann leis na seirbhísí, comhaontuithe conarthacha nó cleachtais tráchtála arna soláthar ag an soláthraí bunaidh.

    Airteagal 24
    Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach idir soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí

    1.Déanfar cearta an chustaiméara agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhíse próiseála sonraí i ndáil le malartú idir soláthraithe na seirbhísí sin a leagan amach go soiléir i gconradh scríofa. Gan dochar do Threoir (AE) 2019/770, áireofar sa chonradh sin an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a)clásail lena ligtear don chustaiméir, arna iarraidh sin dó, aistriú chuig seirbhís próiseála sonraí atá á tairiscint ag soláthraí eile seirbhíse próiseála sonraí nó na sonraí, na feidhmchláir agus na sócmhainní digiteacha uile arna nginiúint go díreach nó go hindíreach ag an gcustaiméir a phortáil go córas ar an láthair, go háirithe idirthréimhse uasta éigeantach 30 lá féilire a bhunú, ar lena linn a dhéanfaidh an soláthraí seirbhíse próiseála sonraí an méid seo a leanas:

    (1)cúnamh a thabhairt agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, an próiseas malartaithe a chur i gcrích;

    (2)leanúnachas iomlán a áirithiú maidir le soláthar na bhfeidhmeanna nó na seirbhísí faoi seach.

    (b)sonraíocht uileghabhálach ar na sonraí agus ar na catagóirí iarratais uile is inonnmhairithe le linn an phróisis mhalartaithe, lena náirítear, ar a laghad, na sonraí uile a d’easportáil an custaiméir tráth tionscanta an chomhaontaithe seirbhíse agus na sonraí agus na meiteashonraí uile a chruthaigh an custaiméir agus a chruthaíodh nuair a úsáideadh an tseirbhís le linn na tréimhse inar cuireadh an tseirbhís ar fáil, lena náirítear, i measc nithe eile, paraiméadair chumraíochta, socruithe slándála, cearta rochtana agus logaí rochtana ar an tseirbhís;

    (c)íostréimhse d’aisghabháil sonraí 30 lá féilire ar a laghad, a thosóidh tar éis fhoirceannadh na hidirthréimhse a comhaontaíodh idir an custaiméir agus an soláthraí seirbhíse, i gcomhréir le mír 1, pointe (a) agus mír 2.

    2.I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil an idirthréimhse éigeantach mar a shainmhínítear i mír 1, pointe (a) agus pointe (c) den Airteagal seo a bheith ann, tabharfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí fógra don chustaiméir laistigh de 7 lá oibre tar éis an iarraidh ar mhalartú a bheith déanta, rud a dhéanfaidh neamhindéantacht theicniúil a ghníomhachtú go cuí trí bhíthin tuarascála mionsonraithe agus léireofar leis idirthréimhse mhalartach, nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná 6 mhí. I gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, áiritheofar leanúnachas iomlán seirbhíse ar feadh na hidirthréimhse malartaí i gcoinne muirir laghdaithe, dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

    Airteagal 25
    Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile

    1.Ón [dáta X+ 3 bliana] ar aghaidh, ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí aon mhuirir ar an gcustaiméir as an bpróiseas malartaithe.

    2.Ón [dáta X, dáta theacht i bhfeidhm na hIonstraime um Shonraí] go dtí [dáta X+ 3yrs], féadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí muirir laghdaithe a fhorchur ar an gcustaiméir as an bpróiseas aistrithe.

    3.Ní rachaidh na muirir dá dtagraítear i mír 2 thar na costais a thabhaíonn an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí a bhfuil nasc díreach acu leis an bpróiseas malartaithe lena mbaineann.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun sásra faireacháin a thabhairt isteach lena bhféadfaidh an Coimisiún faireachán a dhéanamh ar mhuirir mhalartaithe arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí ar an margadh chun a áirithiú go mbainfear siar muirir mhalartaithe mar a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an spriocdháta dá bhforáiltear sa mhír chéanna.

    Airteagal 26
    Gnéithe teicniúla an athraithe

    1.Maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a bhaineann le hacmhainní ríomhaireachta inscálaithe agus leaisteacha atá teoranta do ghnéithe bonneagair amhail freastalaithe, líonraí agus na hacmhainní fíorúla is gá chun an bonneagar a oibriú, ach nach soláthraíonn rochtain ar na seirbhísí oibriúcháin, ar bhogearraí agus ar fheidhmchláir a stóráiltear, a phróiseáiltear nó a úsáidtear ar bhealach eile ar na heilimintí bonneagair, áiritheoidh siad go mbeidh coibhéis fheidhmiúil ag an gcustaiméir ó thaobh na seirbhíse nua de, tar éis athrú go seirbhís lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse a chuireann soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí ar fáil.

    2.I gcás seirbhísí próiseála sonraí seachas na cinn a chumhdaítear le mír 1, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí comhéadain oscailte ar fáil go poiblí agus saor in aisce.

    3.I gcás seirbhísí próiseála sonraí seachas na seirbhísí sin a chumhdaítear le mír 1, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí go mbeidh siad comhoiriúnach leis na sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte nó leis na caighdeáin Eorpacha maidir le hidir-inoibritheacht a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 29(5) den Rialachán seo.

    4.I gcás nach ann do na sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte ná na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear i mír 3 don chineál seirbhíse lena mbaineann, déanfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí, arna iarraidh sin don chustaiméir, na sonraí uile arna nginiúint nó arna gcomhghiniúint, lena náirítear na formáidí sonraí ábhartha agus na struchtúir sonraí ábhartha, a easpórtáil i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín.

    CAIBIDIL VII
    COMHTHÉACSANNA IDIRNÁISIÚNTA COIMIRCÍ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA

    Airteagal 27
    Rochtain agus aistriú idirnáisiúnta

    1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta réasúnta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla uile, lena náirítear socruithe conarthacha, chun aistriú idirnáisiúnta nó rochtain rialtasach ar shonraí neamhphearsanta atá san Aontas a chosc i gcás ina gcruthódh aistriú nó rochtain den sórt sin coinbhleacht le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 nó do mhír 3.

    2.Aon chinneadh nó breithiúnas cúirte nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar sholáthraí seirbhísí próiseála sonraí aistriú ó shonraí neamhphearsanta san Aontas nó na sonraí neamhphearsanta sin a nochtadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ní aithneofar é ná ní bheidh sé infhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú den chineál sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

    3.In éagmais comhaontú idirnáisiúnta den sórt sin, i gcás inarb é soláthraí seirbhísí próiseála sonraí seolaí cinnidh ó chúirt nó binse nó cinneadh ó údarás riaracháin tríú tír aistriú ó shonraí neamhphearsanta laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo atá san Aontas, nó aistriú ó rochtain ar na sonraí sin, agus go mbeadh an baol ann go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha dá gcomhlíonfaí cinneadh den sórt sin, ní dhéanfar ach an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm ag an údarás tríú tír sin:

    (a)i gcás ina gceanglaítear sa chóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais, agus go gceanglaítear leis an cinneadh nó an breithiúnas sin, de réir mar a bheidh, a bheith de chineál sonrach, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó le sáruithe áirithe;

    (b)i gcás ina bhfuil agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil nó ag binse sa tríú tír; agus

    (c)i gcás ina gcumhachtaítear don chúirt nó don bhinse inniúil a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin faoi dhlí na tíre sin aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí an tsoláthraí sonraí a chosnaítear le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

    Féadfaidh seolaí an chinnidh tuairim a iarraidh ó na comhlachtaí nó na húdaráis inniúla ábhartha, de bhun an Rialacháin seo, d’fhonn a chinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha sin, go háirithe nuair a mheasann sé go bhféadfadh baint a bheith ag an gcinneadh le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, nó go bhféadfadh sé cur isteach ar leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát.

    Tabharfaidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí a bunaíodh faoi Rialachán [xxx – DGA] comhairle agus cúnamh don Choimisiún i ndáil le treoirlínte a fhorbairt maidir le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha sin.

    4.Má chomhlíontar na coinníollacha i mír 2 nó 3, soláthróidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an tíosmhéid sonraí is incheadaithe mar fhreagairt ar iarraidh, bunaithe ar léirmhíniú réasúnach ar an iarraidh sin.

    5.Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an sealbhóir sonraí ar an eolas gurb ann d’iarraidh ó údarás riaracháin i dtríú tír rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh sé an iarraidh sin, seachas i gcásanna ina bhfónann an iarraidh chun críocha fhorghníomhú an dlí agus a fhad is gá sin chun éifeachtacht na gníomhaíochta forghníomhaithe dlí a chaomhnú.

    CAIBIDIL VIII
    IDIR-INOIBRITHEACHT

    Airteagal 28
    Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht

    1.Comhlíonfaidh oibreoirí spásanna sonraí na ceanglais fhíor-riachtanacha seo a leanas chun idir-inoibritheacht sonraí, sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí a éascú:

    (a)déanfar cur síos leordhóthanach ar inneachar an tacair sonraí, ar shrianta úsáide, ar cheadúnais, ar mhodheolaíocht bailithe sonraí, ar cháilíocht agus ar neamhchinnteacht sonraí ionas go mbeidh an faighteoir in ann na sonraí a aimsiú, a rochtain agus a úsáid;

    (b)déanfar tuairisc ar struchtúir sonraí, formáidí sonraí, stóir focal, scéimeanna aicmithe, tacsanomaíochtaí agus códliostaí ar bhealach comhsheasmhach atá ar fáil go poiblí;

    (c)déanfar cur síos leordhóthanach ar na modhanna teicniúla lena mbeidh rochtain ar fáil ar na sonraí, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, agus ar a dtéarmaí úsáide agus ar a gcáilíocht seirbhíse le gur féidir sonraí a rochtain agus a tharchur go huathoibríoch idir páirtithe, lena náirítear go leanúnach nó i bhfíor-am i bhformáid meaisíninléite;

    (d)cuirfear na modhanna ar fáil chun idir-inoibritheacht conarthaí cliste laistigh dá seirbhísí agus dá ngníomhaíochtaí a chumasú.

    D’fhéadfadh cineál cineálach a bheith ag baint leis na ceanglais sin nó d’fhéadfadh baint a bheith acu le hearnálacha ar leith, agus an tidirghaol le ceanglais a thagann ó reachtaíocht earnála eile de chuid an Aontais nó ó reachtaíocht earnála náisiúnta á chur san áireamh go hiomlán.

    2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear i mír 1 a shonrú a thuilleadh.

    3.Measfar go bhfuil oibreoirí spásanna sonraí a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh arna bhfoilsiú trí thagairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin sin.

    4.Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha faoi mhír 1 den Airteagal seo.

    5.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh i gcás nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo nó i gcás ina measann sé nach leor na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inar gá, maidir le haon cheann nó gach ceann de na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

    6.Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí idir-inoibritheachta maidir le feidhmiú spásanna coiteanna sonraí Eorpacha, amhail samhlacha ailtireachta agus caighdeáin theicniúla lena gcuirtear chun feidhme rialacha dlíthiúla agus socruithe idir páirtithe a chothaíonn comhroinnt sonraí, amhail maidir le cearta rochtana agus aistriúchán teicniúil ar thoiliú nó ar chead.

    Airteagal 29
    Idir-inoibritheacht le haghaidh seirbhísí próiseála sonraí

    1.Maidir le sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin Eorpacha le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí:

    (a)beidh siad dírithe ar fheidhmíocht chun idir-inoibritheacht a bhaint amach idir seirbhísí éagsúla próiseála sonraí a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;

    (b)cuirfear feabhas ar iniomparthacht na sócmhainní digiteacha idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;

    (c)ráthófar, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, go bhfuil coibhéis fheidhmiúil idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse.

    2.Maidir le sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin Eorpacha le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí, tabharfaidh siad aghaidh ar an méid seo a leanas:

    (a)gnéithe néal-idir-inoibritheachta na hidir-inoibritheachta iompair, na hidir-inoibritheachta comhréirí , na hidir-inoibritheachta sonraí séimeantacha, na hidir-inoibritheachta iompraíochta agus na hidir-inoibritheachta beartas;

    (b)gnéithe iniomparthachta sonraí néil na hiniomparthachta comhréirí sonraí, na hiniomparthachta sonraí séimeantacha agus na hiniomparthachta beartais sonraí;

    (c)gnéithe feidhmchláir néil na hiniomparthachta comhréirí feidhmchláir, na hiniomparthachta treorach feidhmchláir , na hiniomparthachta meiteashonraí feidhmchláir, na hiniomparthachta iompraíochta feidhmchláir agus na hiniomparthachta beartais feidhmchláir.

    3.Comhlíonfaidh sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte míreanna 3 agus 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

    4.Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, iarraidh ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a dhréachtú a bheadh infheidhme maidir le cineálacha seirbhísí sonracha seirbhísí próiseála sonraí.

    5.Chun críocha Airteagal 26(3) den Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 38, chun an tagairt do shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin Eorpacha le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí a fhoilsiú i lárstóras caighdeán an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí, i gcás ina gcomhlíonfaidh na sonraíochtaí sin na critéir a shonraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

    Airteagal 30
    Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le conarthaí cliste do chomhroinnt sonraí

    1.Díoltóir iarratais a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontaithe maidir le sonraí a chur ar fáil, déanfaidh sé na ceanglais fhíor-riachtanacha seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)stóinseacht: a áirithiú go bhfuil an conradh cliste deartha chun leibhéal anard stóinseachta a thairiscint chun earráidí feidhmiúla a sheachaint agus chun ionramháil ag tríú páirtithe a sheasamh;

    (b)foirceannadh agus briseadh sábháilte: a áirithiú go bhfuil sásra ann chun forghníomhú leantach idirbheart a fhoirceannadh: áireofar sa chonradh cliste feidhmeanna inmheánacha lenar féidir an conradh a athshocrú nó a threorú chun an oibríocht a stopadh nó a bhriseadh d’fhonn forghníomhú (de thaisme) amach anseo a sheachaint;

    (c)cartlannú agus leanúnachas sonraí: foráil a dhéanamh, más gá conradh cliste a fhoirceannadh nó a dhíghníomhachtú, maidir le deis sonraí idirbhirt, loighic agus cód an chonartha chliste a chartlannú chun taifead a choinneáil ar na hoibríochtaí a rinneadh ar na sonraí san am a chuaigh thart (ininiúchóireacht); agus

    (d)rialú rochtana: déanfar conradh cliste a chosaint trí bhíthin sásraí rialaithe rochtana diana ag na sraitheanna rialachais agus ag na sraitheanna cliste conartha.

    2.Díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontaithe maidir le sonraí a chur ar fáil, déanfaidh sé measúnú comhréireachta d’fhonn na ceanglais fhíor-riachtanacha faoi mhír 1 a chomhlíonadh agus, ar chomhlíonadh na gceanglas, eiseoidh sé dearbhú comhréireachta AE.

    3.Tríd an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, an díoltóir iarratais a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontaithe maidir le sonraí a chur ar fáil, beidh an díoltóir iarratais sin freagrach as na ceanglais faoi mhír 1 a chomhlíonadh.

    4.Measfar gconradh cliste a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nó na codanna díobh a tharraingítear agus a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha faoi mhír 1 den Airteagal seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin sin.

    5.Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú a chomhlíonann na ceanglais fhíor-riachtanacha faoi mhír 1 den Airteagal seo.

    6.I gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo nó i gcás ina measann an Coimisiún nach leor na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha chun comhréireacht leis na ceanglais riachtanacha i mír 1 den Airteagal seo a áirithiú i gcomhthéacs trasteorann, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

    CAIBIDIL IX
    CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ

    Airteagal 31
    Údaráis inniúla

    1.Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

    2.Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

    (a)beidh na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679. Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na núdarás maoirseachta a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta;

    (b)maidir le saincheisteanna sonracha earnálacha maidir le malartú sonraí a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na núdarás earnála a urramú;

    (c)beidh taithí ag an údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as Caibidil VI den Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí faoi seach na núdarás inniúil arna nainmniú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a shainiú go soiléir agus go náireofar orthu:

    (a)go gcuirtear feasacht chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

    (b)go láimhseáiltear gearáin a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe an Rialacháin seo, agus go nimscrúdaítear, a mhéid is iomchuí, ábhar an ghearáin agus go gcuirtear an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

    (c)go ndéantar imscrúduithe ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena náirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

    (d)go bhforchuirtear pionóis airgeadais athchomhairleacha, trí nósanna imeachta riaracháin, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

    (e)go ndéantar faireachán ar fhorbairtí teicneolaíocha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

    (f)go ndéantar comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát eile chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú, lena náirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí;

    (g)go náirithítear go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí ar rochtain ar shonraí arna ndéanamh ag údaráis phoiblí i gcás éigeandálaí poiblí faoi Chaibidil V;

    (h)go ndéantar comhoibriú leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear oibleagáidí Chaibidil VI i gcomhréir le reachtaíocht agus féinrialáil eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse próiseála sonraí;

    (i)go náirithítear go dtarraingítear siar muirir ar mhalartú idir soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25.

    4.I gcás ina nainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, oibreoidh na húdaráis inniúla i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a sannadh dóibh faoi mhír 3 den Airteagal seo, i gcomhar le chéile, lena náirítear, de réir mar is iomchuí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú. I gcásanna den sórt sin, ainmneoidh na Ballstáit ábhartha údarás inniúil comhordúcháin.

    5.Cuirfidh na Ballstáit ainm na núdarás inniúil ainmnithe agus a gcúraimí agus a gcumhachtaí faoi seach agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an údaráis inniúil comhordúcháin in iúl don Choimisiún. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

    6.Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

    7.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na hacmhainní is gá ar fáil do na húdaráis inniúla ainmnithe chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go leordhóthanach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Airteagal 32
    An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás inniúil

    1.Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a dhéanamh, ina naonar nó, i gcás inarb ábhartha, i dteannta a chéile, leis an údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, ina bhfuil a nionad oibre nó a ngnóthas de ghnáth má mheasann siad gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo.

    2.Cuirfidh an túdarás inniúil ar cuireadh an gearán faoina bhráid an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn na nimeachtaí agus maidir leis an gcinneadh a rinneadh.

    3.Comhoibreoidh na húdaráis inniúla chun gearáin a láimhseáil agus a réiteach, lena náirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí. Ní dhéanfaidh an comhar seo difear don sásra sonrach comhair dá bhforáiltear i gCaibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

    Airteagal 33
    Pionóis

    1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin] agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dó.

    3.Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus V den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a ninniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

    4.Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil V den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2018/1725, laistigh de raon feidhme a ninniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.

    Airteagal 34
    Téarmaí conarthacha eiseamláireacha

    Forbróidh an Coimisiún agus molfaidh sé téarmaí conarthacha eiseamláireacha neamhcheangailteacha maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí chun cabhrú le páirtithe conarthaí lena mbaineann cearta agus oibleagáidí conarthacha cothroma a dhréachtú agus a chaibidliú.

    CAIBIDIL X
    CEART
    SUI GENERIS FAOI THREOIR 1996/9/CE

    Airteagal 35
    Bunachair sonraí ina bhfuil sonraí áirithe

    Chun nach gcuirfear bac ar fheidhmiú cheart na n‑úsáideoirí chun rochtain a fháil ar shonraí den sórt sin agus na sonraí sin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo ná ar an gceart sonraí den sórt sin a chomhroinnt le tríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, níl feidhm ag an gceart sui generis dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 96/9/CE maidir le bunachair sonraí ina bhfuil sonraí a fuarthas ó úsáid táirge nó seirbhíse gaolmhaire nó a ghintear trí úsáid a bhaint as an táirge nó as an tseirbhís sin.

    CAIBIDIL XI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 36
    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘29. [Rialachán (AE) XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Ionstraim um Shonraí]].’

    Airteagal 37
    Leasú ar Threoir(AE) 2020/1828

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    ‘67. [Rialachán (AE) XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Ionstraim um Shonraí]]’

    Airteagal 38
    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

    2.Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 25(4), Airteagal 28(2) agus Airteagal 29(5) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón […].

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 25(4), Airteagal 28(2) agus Airteagal 29(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 25(4), Airteagal 28(2) agus Airteagal 29(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 39
    Nós imeachta coiste

    1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 40
    Gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear cearta agus oibleagáidí maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí

    1.Ní dhéanfar difear do na hoibleagáidí sonracha maidir le sonraí a chur ar fáil idir gnólachtaí, idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, agus ar bhonn eisceachtúil idir gnólachtaí agus údaráis phoiblí, i ngníomhartha dlí an Aontais a tháinig i bhfeidhm an [xx XXX xxx] nó roimhe sin, agus gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme atá bunaithe orthu sin.

    2.Tá an Rialachán seo gan dochar do reachtaíocht an Aontais lena sonraítear, i bhfianaise riachtanais earnála, spás coiteann sonraí Eorpach, nó réimse ar mhaithe le leas an phobail, ceanglais bhreise, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)gnéithe teicniúla a bhaineann le rochtain ar shonraí;

    (b)teorainneacha ar chearta sealbhóirí sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí áirithe arna soláthar ag úsáideoirí, nó chun na sonraí sin a úsáid;

    (c)gnéithe a théann thar rochtain sonraí agus úsáid sonraí.

    Airteagal 41
    Meastóireacht agus athbhreithniú

    Faoin…[dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chomh maith. Sa mheastóireacht, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)catagóirí nó cineálacha eile sonraí a mbeidh rochtain le fáil orthu;

    (b)catagóirí áirithe fiontar a eisiamh mar thairbhithe faoi Airteagal 5;

    (c)cásanna eile a mheasfar mar riachtanais eisceachtúla chun críche Airteagal 15;

    (d)athruithe ar chleachtais chonarthacha soláthraithe seirbhíse próiseála sonraí agus cé acu is leor nó nach leor an méid sin chun Airteagal 24 a chomhlíonadh;

    (e)laghdú ar na muirir arna bhforchur ag soláthraithe seirbhíse próiseála sonraí ar an bpróiseas malartaithe, i gcomhréir le muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile de bhun Airteagal 25.

    Airteagal 42
    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Ursula von der Leyen, I dtreo Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach, Treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún eile (2019-2024) , an 16 Iúil 2019
    (2)    An Coimisiún Eorpach,  Iarscríbhinní a ghabhann le Clár Oibre an Choimisiúin 2021 – Aontas a fhéachann le níos mó a bhaint amach , COM(2020) 37, an 29 Eanáir 2020
    (3)     COM/2020/66 final
    (4)    An Chomhairle Eorpach, Cruinniú den Chomhairle Eorpach (an 21-22 Deireadh Fómhair 2021) – Conclúid EUCO 17/21, 2021 , lch. 2.
    (5)    An Chomhairle Eorpach, Ráiteas ó chomhaltaí chruinniú na Comhairle Eorpaí (an 25 Márta 2021) – Ráiteas SN 18/21 , lch. 4.
    (6)    An Chomhairle Eorpach, Cruinniú den Chomhairle Eorpach (an 1-2 Deireadh Fómhair 2020) – Conclúid EUCO 13/20, 2020 , lch. 5.
    (7)    An Coimisiún Eorpach (2020). Is díol sásaimh don Choimisiún dearbhú na mBallstát maidir le néalchónaidhm AE , Preaseisiúint.
    (8)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 maidir leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí ( 2020/2217(INI) )
    (9)     IO L 77, 27.3.1996, lgh. 20-28
    (10)     IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88 .
    (11)     IO L 201, 31.7.2002, lgh. 37-47
    (12)     IO L 303, 28.11.2018, lgh. 59-68 . SWIPO (2021), féach suíomh gréasáin .        
    (13)     IO L 95, 21.4.1993, lgh. 29-34 .
    (14)     IO L 335, 18.12.2010, lgh. 36-42 .
    (15)     IO L 77, 27.3.1996, lgh. 20-28 .
    (16)     IO L 186, 11.7.2019, lgh. 57-79 .
    (17)     IO L 172, 26.6.2019, lgh. 56-83 .
    (18)     IO L 318, 4.12.2015, lgh. 1-16 .
    (19)     COM/2020/767 final
    (20)     IO L 186, 11.7.2019, lgh. 57-79 .
    (21)     COM/2020/98 final.
    (22)     Tionscanamh GreenData4All (REFIT) | Sceideal na Traenach Reachtaí | Parlaimint na hEorpa (europa.eu)
    (23)     IO L 108, 25.4.2007, lgh. 1-14
    (24)     IO L 158, 14.6.2019, lgh. 54-124 .
    (25)     IO L 158, 14.6.2019, lgh. 125-199 .
    (26)     IO L 337, 23.12.2015, lgh. 35-127   IO L 337, 23.12.2015, lgh. 35-127 .
    (27)     IO L 151, 14.6.2018, lgh. 1-218 . IO L 60, 2.3.2013, lgh. 1-51 .
    (28)     IO L 207, 6.8.2010, lgh. 1-13 .
    (29)     IO L 96, 31.3.2004, lgh. 1-9 . IO L 96, 31.3.2004, lgh. 10-19 ; IO L 96, 31.3.2004, lgh. 20-25 .
    (30)     IO L 308, 29.10.2014, lgh. 82-87 .
    (31)     IO L 96, 12.4.2016, lgh. 46-49 .
    (32)

        COM/2021/559 final

    (33)     COM/2020/67 final
    (34)     IO L 57, 18.2.2021, lch. 17 .
    (35)     COM(2021) 400 final
    (36)     COM/2019/640 final
    (37)     Digitiú ar mhaithe leis an gcomhshaol, an 11 Nollaig 2020 , Conclúidí ón gComhairle maidir leis an bplean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach, an 11 Nollaig 2020 , Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais do 2030, an 16 Deireadh Fómhair 2020 , Conclúidí faoi fheabhas a chur ar cháilíocht an aeir, an 5 Márta 2020
    (38)     Éigeandáil aeráide agus chomhshaoil – Déardaoin, an 28 Samhain 2019 (europa.eu)
    (39)     COM/2021/350 final
    (40)     COM/2020/66 final
    (41)     COM/2020/760 final
    (42)     COM/2021/102 final
    (43)    IO L 151, 7.6.2019
    (44)     COM/2017/09 final ; SWD(2018) 146 final, roinn 5.4.2; Staidéar chun Tacú le Measúnú Tionchair le haghaidh an Athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Bunachair Sonraí.
    (45)     COM/2017/09 final ; COM/2020/66 final ; COM/2020/760 final .
    (46)    Fixtures Marketing Ltd in aghaidh Oy Veikkaus Ab (C-46/02, 9/11/2004), Fixtures Marketing Ltd in aghaidh Svenska Spel Ab (C-338/02, 9/11/2004) British Horseracing Board Ltd in aghaidh William Hill (C-203/02, 9/11/2004) Fixtures Marketing Ltd in aghaidh OPAP (C-444/02, 9/11/2004).
    (47)     COM/2017/09 final .
    (48)    An Coimisiún Eorpach (2020). Toradh an chomhairliúcháin ar líne maidir leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí. .
    (49)     Leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: Cloisimis uait – An Ionstraim um Shonraí agus na rialacha leasaithe maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí
    (50)    An Coimisiún Eorpach (2021). Comhairliúchán poiblí maidir leis an Ionstraim um Shonraí: tuarascáil achomair .
    (51)     COM(2018)232 final ; SWD(2018)125 final an 25.4.2018.
    (52)     Tuairim 3/2020 ó MECS maidir leis an Straitéis Eorpach le haghaidh Sonraí .
    (53)    [Naisc chuig an doiciméad críochnaitheach agus chuig an mbileog achoimre le cur isteach.]
    (54)     SWD(2021) 305 final .
    (55)    Chun tuilleadh mínithe a fháil ar an measúnú éagóra agus ar phrionsabal na saoirse conarthaí féach Measúnú Tionchair, Iarscríbhinn 11.
    (56)    Chun tuilleadh mínithe ar an measúnú éagóra a fháil, lena náirítear ar a feidhmiú praiticiúil, féach Iarscríbhinn 11 den Mheasúnú Tionchair.
    (57)    IO C , , lch. .
    (58)    IO C , , lch. .
    (59)    Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
    (60)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
    (61)    Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra. Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí.
    (62)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí IO L 151, 7.6.2019
    (63)    Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú
    (64)     IO L 303, 28.11.2018, lch. 59–68 .
    (65)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
    (66)    Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).
    (67)    Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).
    (68)    Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
    (69)    Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena naisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
    (70)     IO L 123, 12.5.2016, lch. 1 .
    (71)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
    (72)    Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).
    (73)    IO […].
    Top