EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Maoirseacht Ilchuideachtaí airgeadais

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/87/CE maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Féachtar léi le feabhas a chur ar mhaoirseacht éifeachtúil ilchuideachtaí airgeadais — grúpaí móra airgeadais atá gníomhach in earnálacha airgeadais éagsúla (seirbhísí bancéireachta/infheistíochta agus árachas), thar theorainneacha go minic.
  • Is é is aidhm fhoriomlán léi go mbeidh cobhsaíocht airgeadais agus cosaint tomhaltóirí níos fearr ann.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa treoir ceanglais shonracha:

  • maidir le sócmhainneacht, le ceanglas foriomlán agus na ceanglais shócmhainneachta earnála a ghabhann leis an ngrúpa a chomhtháthú, chomh maith le cosc a chur ar chaipiteal a bheith á úsáid níos mó ná uair amháin mar mhaolán i gcoinne riosca in eintitis éagsúla san ilchuideachta chéanna (“ilghiaráil chaipitil”) agus “iartheachtú” ag máthairchuideachtaí a chosc, sa chás go n–eisíonn siad fiachas agus go n–úsáideann siad na fáltais ansin mar chothromas dá bhfochuideachtaí rialaithe (“giaráil iomarcach”);
  • maidir le hoiriúnacht agus gairmiúlacht bhainistíocht na hilchuideachta;
  • chun bainistíocht riosca agus córais rialaithe inmheánaigh chuí a áirithiú laistigh den ilchuideachta;
  • ina n–ordaítear gur cheart údarás aonair maoirseachta a cheapadh chun comhordú a dhéanamh ar mhaoirseacht fhoriomlán ilchuideachta a d’fhéadfadh a bheith bainteach le mórán údarás éagsúil a dhéileálann le codanna éagsúla de ghníomhaíochtaí na hilchuideachta;
  • le haghaidh comhroinnt faisnéise agus comhair i measc mhaoirseoirí (lena n–áirítear iad siúd i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad) na n–eintiteas rialaithe in ilchuideachta airgeadais.

Leasuithe ar Threoir 2002/87/CE

  • Tugadh isteach le Treoir 2011/89/AE leasuithe lena dtugtar cumhachtaí úra do mhaoirseoirí náisiúnta airgeadais chun maoirseacht níos fearr a dhéanamh ar mháthair–eintitis ilchuideachtaí, amhail cuideachtaí sealbhaíochta. Sa chaoi sin, i gcás go mbeadh an ilchuideachta airgeadais in anchaoi, d’fhéadfadh na maoirseoirí faisnéis níos fearr a fháil ag pointe níos luaithe agus a bheith breá ábalta idirghabháil a dhéanamh.
  • Treoir 2013/36/AE maidir le maoirseacht stuamachta banc agus gnólachtaí infheistíochta lena dtugadh isteach leasuithe chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt ionas go gcuirfidh institiúidí atá mar chuid de ilchuideachta airgeadais na modhanna iomchuí ríomha i dtaobh chinntiúchán an chaipitil riachtanaigh chomhdhlúite i bhfeidhm (féach an achoimre).
  • Le Treoir (AE) 2019/2034 bunaíodh creat stuamachta do ghnólachtaí infheistíochta a bhí, go dtí an treoir sin, faoi réir na rialacha céanna leis na bainc (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir 2002/87/AE ón 11 Feabhra 2003 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 10 Lúnasa 2004.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lgh. 1–27).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/87/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 12.11.2021

Top