Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Doiciméad 62021CJ0470

Breithiúnas na Cúirte (Dlísheomra Iomlánach) 2024 Aibreán 30.
La Quadrature du Net e.a. v Premier ministre agus Ministère de la Culture.
Tarchur chun réamhrialú – Próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58/CE – Rúndacht na cumarsáide leictreonaí – Cosaint – Airteagal 5 agus Airteagal 15(1) – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8, 11 agus Airteagal 52(1) – Reachtaíocht náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aici sárú cóipchirt a rinneadh ar an Idirlíon a chomhrac trí ghníomh údaráis phoiblí – Nós imeachta ‘freagartha céimnithe’ – Bailiú réamhtheachtach seoltaí IP ag eagraíochtaí sealbhóirí cirt a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí lena sáraítear cóipcheart nó cearta gaolmhara – Rochtain iartheachtach ag an údarás poiblí atá freagrach as cosaint cóipchirt agus ceart gaolmhar ar shonraí aitheantais sibhialta a fhreagraíonn do na seoltaí IP sin arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Próiseáil uathoibríoch – Oibleagáid athbhreithnithe roimh ré ó chúirt nó údarás riaracháin neamhspleách – Coinníollacha substainteacha agus nós imeachta – Coimircí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid as sonraí den sórt sin agus go mbainfí úsáid neamhdhleathach astu.
Cás C-470/21.

Aitheantóir ECLI: ECLI:EU:C:2024:370

Cás C‑470/21

La Quadrature du Net
agus
Fédération des fournisseurs d’accès à Internet associatifs
agus
Franciliens.net agus French Data Network

v

Premier ministre
agus
Ministère de la Culture

[iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc)]

Breithiúnas na Cúirte (an Chúirt Iomlán) an 30 Aibreán 2024

(Tarchur chun réamhrialú – Próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58/CE – Rúndacht na cumarsáide leictreonaí – Cosaint – Airteagal 5 agus Airteagal 15(1) – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8, 11 agus Airteagal 52(1) – Reachtaíocht náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aici sárú cóipchirt a rinneadh ar an Idirlíon a chomhrac trí ghníomh údaráis phoiblí – Nós imeachta ‘freagartha céimnithe’ – Bailiú réamhtheachtach seoltaí IP ag eagraíochtaí sealbhóirí cirt a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí lena sáraítear cóipcheart nó cearta gaolmhara – Rochtain iartheachtach ag an údarás poiblí atá freagrach as cosaint cóipchirt agus ceart gaolmhar ar shonraí aitheantais sibhialta a fhreagraíonn do na seoltaí IP sin arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Próiseáil uathoibríoch – Oibleagáid athbhreithnithe roimh ré ó chúirt nó údarás riaracháin neamhspleách –Coinníollacha substainteacha agus nós imeachta – Coimircí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid as sonraí den sórt sin agus go mbainfí úsáid neamhdhleathach astu)

  1. Daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán 2016/679 – Coincheap próiseála sonraí pearsanta – Seoltaí IP úsáideoirí líonra idir piaraí a bhailiú ag eagraíochtaí sealbhóirí cirt chun críocha a n-úsáide in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha – Cuimsiú

    [Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 4(2) agus 6(1), an chéad fhomhír, mír (f)]

    (féach míreanna 54, 60 go 62)

  2. Comhfhogasú reachtaíochta – Earnáil teileachumarsáide – Próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58 – Raon feidhme – Seoltaí IP bailithe ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mheaitseáil le sealbhóirí na seolaithe sin, chun críocha úsáid na sonraí sin in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha – Cuimsiú

    (Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2002/58, arna leasú le Treoir 2009/136, Airteagal 3)

    (féach míreanna 55, 63)

  3. Comhfhogasú reachtaíochta – Earnáil teileachumarsáide – Próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58 – Féidearthacht do na Ballstáit raon feidhme ceart agus oibleagáidí áirithe a theorannú – Rialachán náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil ginearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta seoltaí IP – Críocha cionta coiriúla a chomhrac i gcoitinne – Inghlacthacht – Coinníollacha – Oibleagáid ar Bhallstát diancheanglais a leagan síos maidir le coinneáil na sonraí sin

    (An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1); Treoir 2002/58 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Treoir 2009/136, Airteagal 15(1))

    (féach míreanna 65 go 70, 73 go 93)

  4. Comhfhogasú reachtaíochta – Earnáil teileachumarsáide – Próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58 – Féidearthacht do na Ballstáit raon feidhme ceart agus oibleagáidí áirithe a theorannú – Rialachán náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil ginearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta seoltaí IP – Reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun sáruithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara a dhéantar ar an idirlíon a chomhrac – Inghlacthacht – Coinníollacha

    (An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1); Treoir 2002/58 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Treoir 2009/136, Airteagal 15(1))

    (féach míreanna 95 go 104, 110, 114, 116 go 119, 122, 164 agus an chuid oibríochtúil)

  5. Comhfhogasú reachtaíochta – Earnáil teileachumarsáide – Próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58 – Féidearthacht do na Ballstáit raon feidhme ceart agus oibleagáidí áirithe a theorannú – Rialachán náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil ginearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta seoltaí IP – Reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun sáruithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara a dhéantar ar an idirlíon a chomhrac – Ceanglas go ndéanfaidh cúirt nó comhlacht riaracháin neamhspleách athbhreithniú roimh ré sula bhféadfar rochtain a fháil ar na sonraí sin – Raon feidhme – Nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú roimh ré

    (An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1); Treoir 2002/58 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Treoir 2009/136, Airteagal 15(1))

    (féach míreanna 124 go 143, 145, 60 go 146, 148 go 151, 164 agus an chuid oibríochtúil.)

  6. Comhfhogasú reachtaíochta – Daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil in ábhair choiriúla – Treoir 2016/680 – Raon feidhme – An coincheap ‘údarás poiblí’ – Údarás náisiúnta gan cumhacht chinnteoireachta atá freagrach as rabhaidh a sheoladh chuig daoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad cionta coiriúla – Cuimsiú – Infheidhmeacht coimircí substainteacha agus nós imeachta

    (Treoir 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 3)

    (féach míreanna 157 go 163)

Résumé

Le blianta beaga anuas, iarradh ar an gCúirt, roinnt uaireanta, rialú a thabhairt maidir le sonraí pearsanta a choinneáil agus rochtain a fháil orthu i réimse na cumarsáide leictreonaí agus, dá bhrí sin, tá corpas leathan cásdlí aici ar an ábhar seo. ( 1 ) Trí chinneadh a dhéanamh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc), forbraíonn an Chúirt, ina suí di mar an Chúirt iomlán, an cásdlí sin trí shoiléirithe a thabhairt maidir leis na coinníollacha, ar dtús, nach féidir a mheas gur cur isteach tromchúiseach iad coinneáil ghinearálta seoltaí IP ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar na cearta ar shaol príobháideach, ar chosaint sonraí pearsanta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a ráthaítear leis an gCairt ( 2 ), agus, ansin, an fhéidearthacht d’údarás poiblí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta áirithe a choinnítear i gcomhréir leis na coinníollacha sin, i gcomhthéacs sáruithe ar chearta maoine intleachtúla a dhéantar ar líne a chomhrac.

Sa chás seo, chuir ceithre chomhlachas iarratas faoi bhráid an Premier ministre (Príomh-Aire, an Fhrainc) ag iarraidh go ndéanfaí an fhoraithne maidir le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta a aisghairm.. ( 3 ) Toisc nár gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin, thug na comhlachais sin caingean os comhair an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) ag iarraidh go gcuirfí an cinneadh diúltaithe intuigthe sin ar neamhní. Dar leo, sáraíonn an fhoraithne seo agus na forálacha ar a bhfuil sí bunaithe ( 4 ) dlí an Aontais.

Faoi dhlí na Fraince, údaraítear Haute Autorité pour la diffusion des œuvres et la protection des droits sur internet (an tArd-Údarás um Scaipeadh na Saothar agus um Chearta a Chosaint ar an Idirlíon) (‘Hadopi’), chun iad siúd atá freagrach as sáruithe ar chóipcheart nó ar chearta gaolmhara arna ndéanamh ar líne a shainaithint, rochtain a fháil ar shonraí áirithe a cheanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choinneáil. Baineann na sonraí sin le haitheantas sibhialta duine lena mbaineann atá bainteach lena sheoladh IP nó lena seoladh IP a bhailigh eagraíochtaí sealbhóirí cirt roimhe sin. Nuair a shainaithnítear sealbhóir an tseolta IP a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí ar sáruithe den sórt sin iad, leanann Hadopi an nós imeachta ‘freagairt chéimnithe.’ Go sonrach, tugtar de chumhacht dó dhá mholadh a sheoladh chuig an duine sin, atá cosúil le rabhaidh, agus, má leanann na gníomhaíochtaí ar aghaidh, litir lena gcuirtear in iúl dó nó di go bhfuil na gníomhaíochtaí sin faoi réir ionchúiseamh coiriúil. Ar deireadh, tá sé i dteideal an t-ábhar a tharchur chuig an tseirbhís ionchúisimh phoiblí d’fhonn an duine sin a ionchúiseamh. ( 5 )

Sa chomhthéacs sin, tharchuir an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit) ceisteanna chuig an gCúirt maidir le léiriú na Treorach maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach, arna léamh i bhfianaise na Cairte. ( 6 )

Measúnú na Cúirte

Ar an gcéad dul síos, maidir le sonraí a bhaineann le céannacht shibhialta agus seoltaí IP gaolmhara a choinneáil, sonraíonn an Chúirt nach gá gurb ionann coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP, i ngach cás, agus cur isteach tromchúiseach ar na cearta chun measa ar an saol príobháideach, ar chosaint sonraí pearsanta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a ráthaítear leis an gCairt.

D’fhéadfadh bonn cirt a bheith leis an oibleagáid chun coinneáil den sórt sin a áirithiú tríd an gcuspóir cionta coiriúla a chomhrac i gcoitinne, i gcás ina gcuirtear as an áireamh i ndáiríre go bhféadfadh cur isteach tromchúiseach ar shaol príobháideach an duine lena mbaineann a bheith mar thoradh ar an gcoinneáil sin toisc go bhféadfaí teacht ar thátail beachta maidir leis an duine sin, go háraithe, trí na seoltaí IP sin a nascadh le tacar sonraí tráchta nó suímh.

Dá réir sin, ní mór do Bhallstát a bhfuil sé beartaithe aige oibleagáid den sórt sin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú go gcuirtear as an áireamh, leis na socruithe maidir leis na sonraí sin a choinneáil, an fhéidearthacht go bhféadfaí teacht ar thátail beachta maidir le saol príobháideach na ndaoine lena mbaineann.

Sonraíonn an Chúirt, chuige sin, nach mór baint a bheith ag na socruithe coinneála leis an gcaoi a ndéantar an choinneáil a struchtúrú; go bunúsach, ní mór an choinneáil sin a eagrú ar bhealach a áiritheoidh go ndéanfar na catagóirí éagsúla sonraí a choinnítear a dheighilt go héifeachtach. Dá réir sin, ní mór a áirithiú leis na rialacha náisiúnta a bhaineann leis na socruithe sin go ndéanfar gach catagóir sonraí, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le céannacht shibhialta agus seoltaí IP, a choinneáil go hiomlán ar leithligh ó chatagóirí eile sonraí coinnithe agus go mbeidh an deighilt sin dosháraithe, trí bhíthin córas ríomhaireachta atá slán agus iontaofa. Ina theannta sin, a mhéid a fhoráiltear leis na rialacha sin go bhféadfaí na seoltaí IP a choinnítear a nascadh le haitheantas sibhialta an duine lena mbaineann chun sáruithe a chomhrac, ní mór dóibh nascadh den sórt sin a cheadú trí phróiseas teicniúil éifeachtach a úsáid, agus trí sin amháin, rud nach mbaineann an bonn d’éifeachtacht dheighilt dosháraithe na gcatagóirí sonraí sin. Ní mór éifeachtacht na deighilte sin a bheith faoi réir athbhreithniú rialta ag údarás poiblí tríú páirtí. A mhéid a fhoráiltear leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme na diancheanglais den sórt sin, ní féidir an cur isteach a eascraíonn as coinneáil seoltaí IP den sórt sin a aicmiú mar chur isteach ‘tromchúiseach.’

Dá bhrí sin, chinn an Chúirt, i bhfianaise creat reachtach lena n-áirithítear nach bhféadfar tátail bheachta maidir le saol príobháideach na ndaoine a gcoinnítear a gcuid sonraí a bhaint amach, nach gcuirtear cosc leis an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach, arna léamh i bhfianaise na Cairte, ar Bhallstát oibleagáid a fhorchur seoltaí IP a choinneáil, ar bhealach ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach, laistigh de theorainneacha an méid a bhfuil fíorghá leis, chun críocha cionta coiriúla a chomhrac i gcoitinne.

Ar an dara dul síos, maidir le rochtain ar shonraí a bhaineann le céannacht shibhialta a bhaineann le seoltaí IP, measann an Chúirt nach gcuirtear cosc, i bprionsabal, leis an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach, arna léamh i bhfianaise na Cairte, ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear d’údarás poiblí rochtain a fháil ar na sonraí sin a choinníonn soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar leithligh agus ar bhealach fíor-uisceach, chun cur ar chumas an údaráis sin sealbhóirí na seoltaí sin a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad freagrach as sáruithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara ar an idirlíon a shainaithint agus chun bearta a dhéanamh ina gcoinne agus chun na críche sin amháin. Sa chás sin, ní mór don reachtaíocht náisiúnta toirmeasc a chur ar na hoifigigh a bhfuil an rochtain sin acu, ar an gcéad dul síos, faisnéis a nochtadh i bhfoirm ar bith maidir le hábhar na gcomhad a cheadaigh na sealbhóirí sin seachas chun an t-ábhar a tharchur chuig an tseirbhís ionchúisimh phoiblí, agus chun na críche sin amháin, ar an dara dul síos, sruth cliceála na sealbhóirí sin a rianú ar bhealach ar bith agus, ar an tríú dul síos, na seoltaí IP sin a úsáid chun críocha seachas na bearta sin a ghlacadh.

Sa chomhthéacs sin, tugann an Chúirt dá haire, go háraithe, cé gur príomhbhreithnithe iad an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus rúndacht sonraí pearsanta, ní cearta iomlána iad na cearta bunúsacha sin. Le linn na cearta agus na leasanna atá i gceist á gcothromú, ní mór do na cearta bunúsacha sin cearta bunúsacha eile nó riachtanais leasa phoiblí eile a bhaint amach ó am go chéile, amhail an t-ord poiblí a choinneáil agus coireacht a chosc nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás ina bhfuil an tábhacht a thugtar do na príomhbhreithnithe sin de chineál a chuirfeadh bac ar éifeachtacht imscrúdaithe choiriúil, go háirithe trína dhéanamh dodhéanta nó ródheacair déantóir ciona choiriúil a shainaithint go héifeachtach agus pionós a fhorchur air nó uirthi.

Sa chomhthéacs céanna, tagraíonn an Chúirt freisin dá cásdlí ar dá réir, maidir leis na cionta coiriúla lena sáraítear cóipcheart nó cearta gaolmhara arna ndéanamh ar líne a chomhrac, go bhféadfadh sé gurb é rochtain ar sheoltaí IP an t-aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine lena mbaineann a shainaithint agus gur gnách leis sin a léiriú go bhfuil géarghá leis na seoltaí sin a choinneáil agus rochtain a fháil orthu chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann sé ceanglas na comhréireachta. Thairis sin, mura gceadófaí rochtain den sórt sin, bheadh fíorbhaol ann go mbeadh saoirse ó phionós sistéamach ann maidir le cionta coiriúla a dhéantar ar líne nó a n-éascaítear a ndéanamh nó a n-ullmhú le saintréithe sonracha an idirlín. Is toisc ábhartha é riosca den sórt sin a bheith ann chun a mheas, agus na cearta agus na leasanna éagsúla atá i gceist á gcothromú, an beart comhréireach é cur isteach ar na cearta chun measa ar an saol príobháideach, ar chosaint sonraí pearsanta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i bhfianaise an chuspóra cionta coiriúla a chomhrac.

Ar an tríú dul síos, agus rialú á dhéanamh aici an gcaithfidh rochtain an údaráis phoiblí ar shonraí a bhaineann leis an gcéannacht shibhialta a bhaineann le seoladh IP a bheith faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó ag údarás riaracháin neamhspleách, measann an Chúirt go bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le hathbhreithniú roimh ré den sórt sin i gcás, faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta, ina bhfuil an baol ann go gcuirfí isteach go tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine lena mbaineann leis an rochtain sin sa chaoi go bhféadfadh an t-údarás poiblí sin teacht ar thátail beachta faoi shaol príobháideach an duine sin agus, de réir mar a bheidh, próifíl mhionsonraithe an duine sin a bhunú. Os a choinne sin, níl sé i gceist go mbeadh feidhm ag an gceanglas sin maidir le hathbhreithniú roimh ré i gcás nach féidir an cur isteach ar chearta bunúsacha a aicmiú mar chur isteach tromchúiseach.

I ndáil leis sin, cuireann an Chúirt in iúl, i gcás ina gcuirtear creat coinneála i bhfeidhm lena n-áirithítear deighilt dosháraithe idir na catagóirí éagsúla sonraí a choinnítear, nach bhfuil rochtain ag an údarás poiblí ar na sonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta a bhaineann leis na seoltaí IP, i bprionsabal, faoi réir an cheanglais maidir le hathbhreithniú roimh ré. Mar riail ghinearálta, ní hionann rochtain den sórt sin chun sealbhóir seoladh IP a shainaithint, agus chun na críche sin amháin, agus cur isteach tromchúiseach ar na cearta thuasluaite.

Ní chuireann an Chúirt Bhreithiúnais as an áireamh, áfach, go bhféadfadh, i gcásanna neamhghnácha, baol a bheith ann, i gcomhthéacs nós imeachta amhail an nós imeachta freagartha céimnithe atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bhféadfadh an t-údarás poiblí a bheith in ann teacht ar thátail beachta maidir le saol príobháideach an duine lena mbaineann, go háirithe i gcás ina mbíonn an duine sin ag gabháil do ghníomhaíochtaí lena sáraítear cóipcheart nó cearta gaolmhara ar líonraí idir piaraí arís agus arís eile, nó ar mhórscála, i ndáil le saothair chosanta de chineálacha áirithe is féidir a ghrúpáil le chéile ar bhonn na bhfocal ina dteideal, lena nochtar faisnéis a d’fhéadfadh a bheith íogair faoi ghnéithe de shaol príobháideach an duine sin.

Sa chás seo, d’fhéadfadh sealbhóir seolta IP a bheith neamhchosanta go háirithe ar riosca den sórt sin nuair nach mór don údarás poiblí cinneadh a dhéanamh an ndéanfar nó nach ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an tseirbhís ionchúisimh phoiblí d’fhonn an duine sin a ionchúiseamh. Is dócha go dtiocfaidh méadú ar dhéine an tsáraithe ar an gceart chun measa ar an saol príobháideach de réir mar a théann an nós imeachta freagartha céimnithe, ar próiseas seicheamhach é, ar aghaidh trí na céimeanna éagsúla. Le rochtain an údaráis inniúil ar na sonraí go léir a bhaineann leis an duine lena mbaineann a bailíodh le linn chéimeanna éagsúla an nós imeachta sin, d’fhéadfaí teacht ar thátail beachta faoi shaol príobháideach an duine sin. Dá réir sin, ní mór foráil a dhéanamh sa reachtaíocht náisiúnta maidir le hathbhreithniú roimh ré nach mór a dhéanamh sular féidir leis an údarás poiblí na sonraí céannachta sibhialta agus tacar sonraí den sórt sin a nascadh, agus sula seolfar litir fógra ina ndearbhaítear go raibh an duine sin ag gabháil d’iompar atá faoi réir ionchúiseamh coiriúil. Thairis sin, ní mór don athbhreithniú sin éifeachtacht an nós imeachta um fhreagairt chéimnithe a chaomhnú trína chumasú, go háirithe, cásanna a shainaithint ina ndearnadh an t-iompar neamhdhleathach atá i gceist arís. Chuige sin, ní mór an nós imeachta sin a eagrú agus a struchtúrú ar bhealach nach féidir leis na daoine atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar na fíorais laistigh den údarás poiblí inniúil sonraí céannachta sibhialta duine atá bainteach le seoltaí IP a bailíodh roimhe sin ar an idirlíon a nascadh go huathoibríoch le faisnéis atá ag an údarás poiblí inniúil cheana féin agus lena bhféadfaí teacht ar thátail beachta faoi shaol príobháideach an duine sin.

Ina theannta sin, maidir le cuspóir an athbhreithnithe roimh ré, tugann an Chúirt dá haire, i gcás ina bhfuil amhras ann go ndearna an duine lena mbaineann cion a thagann faoi raon feidhme cionta coiriúla i gcoitinne, nach mór don chúirt nó don chomhlacht riaracháin neamhspleách atá freagrach as an athbhreithniú sin rochtain a dhiúltú i gcás ina gceadófaí leis an rochtain sin don údarás poiblí a d’iarr é teacht ar thátail beachta faoi shaol príobháideach an duine sin. Mar sin féin, ba cheart rochtain fiú lenar féidir teacht ar thátail beachta den sórt sin a údarú i gcásanna ina bhfuil amhras ann go ndearna an duine cion a mheasann an Ballstát lena mbaineann go mbaineann sé an bonn de leas bunúsach na sochaí agus, dá bhrí sin, gur coir thromchúiseach é.

Deir an Chúirt freisin nach féidir athbhreithniú roimh ré a uathoibriú go hiomlán i gcás ar bith ós rud é, i gcás imscrúdú coiriúil, go gceanglaítear le hathbhreithniú den sórt sin cothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, na leasanna dlisteanacha a bhaineann le coireacht a chomhrac agus, ar an taobh eile, an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint. Éilíonn an comhardú sin idirghabháil ó dhuine nádúrtha, go háirithe i gcás ina mbaineann rioscaí príobháideachais le cineál uathoibríoch agus scála mór na próiseála sonraí atá i gceist.

Dá bhrí sin, chinn an Chúirt go bhfuil an fhéidearthacht, do na daoine atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar na fíorais laistigh den údarás poiblí sin, sonraí den sórt sin a bhaineann le céannacht shibhialta duine atá bainteach le seoladh IP a nascadh le comhaid ina bhfuil faisnéis lena nochtar teideal na saothar cosanta ar thug a gcur ar fáil ar an idirlíon údar maith le bailiú seoltaí IP ag eagraíochtaí sealbhóirí cirt faoi réir, i gcásanna ina ndéanann an duine céanna gníomhaíocht athuair lena sáraítear cóipcheart nó cearta gaolmhara, athbhreithniú ag cúirt nó ag údarás riaracháin neamhspleách. Ní féidir an t-athbhreithniú sin a uathoibriú go hiomlán agus ní mór é a dhéanamh sula ndéanfar aon nascadh den sórt sin, ós rud é gur féidir, in imthosca den sórt sin, teacht ar thátail beachta maidir le saol príobháideach an duine ar úsáideadh a sheoladh IP le haghaidh gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cóipcheart nó cearta gaolmhara a shárú.

Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, tugann an Chúirt dá haire nach mór an córas próiseála sonraí a úsáideann an t-údarás poiblí a bheith faoi réir athbhreithniú rialta ag comhlacht neamhspleách a ghníomhaíonn mar thríú páirtí i ndáil leis an údarás poiblí sin. Is é cuspóir an rialaithe sin sláine an chórais a fhíorú, lena n-áirítear na coimircí éifeachtacha i gcoinne na rioscaí a bhaineann le rochtain mhí-úsáideach nó neamhdhleathach ar na sonraí sin nó le húsáid na sonraí sin, agus a éifeachtacht agus a iontaofacht maidir le hiompar ciontaithe féideartha a bhrath.

Sa chomhthéacs sin, tugann an Chúirt faoi deara, sa chás seo, gur dócha go mbeidh líon áirithe de na sonraí pearsanta i gceist le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta arna déanamh ag an údarás poiblí ar bhonn na faisnéise a bhaineann le cásanna góchumtha arna mbrath ag na sealbhóirí cóipchirt agus, thar aon ní eile, an riosca go bhféadfadh tríú páirtithe mí-úsáid a bhaint as méid an-suntasach sonraí pearsanta chun críocha neamhdhleathacha nó mí-úsáideacha, rud a mhíníonn an gá atá le hathbhreithniú den sórt sin.

Ina theannta sin, luaitear ann nach mór don phróiseáil sin na rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos le Treoir 2016/680 ( 7 ) a chomhlíonadh. Sa chás seo, fiú mura bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta dá chuid féin ag an údarás poiblí i gcomhthéacs an nós imeachta ‘freagairt chéimnithe,’ ní mór é a aicmiú mar ‘údarás poiblí’ a bhfuil baint aige le cionta coiriúla a chosc agus a bhrath agus, dá bhrí sin, tagann sé faoi raon feidhme na Treorach sin. Dá bhrí sin, ní mór do na daoine atá rannpháirteach i nós imeachta den sórt sin leas a bhaint as sraith coimircí substainteacha agus nós imeachta dá dtagraítear i dTreoir 2016/680; is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fháil amach an bhforáiltear do na coimircí sin sa reachtaíocht náisiúnta.


( 1 ) Féach, go háraithe, breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970); an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:788); an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791); an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach) (C-746/18, EU:C:2021:152); an 17 Meitheamh 2021, M.I.C.M. (C-597/19, EU:C:2021:492); agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C-140/20, EU:C:2022:258).

( 2 ) Airteagal 7, 8 agus 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

( 3 ) Foraithne Uimh. 2010-236 an 5 Márta 2010 maidir le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta arna n-údarú le hAirteagal L. 331-29 den Chód Maoine Intleachtúla ar a dtugtar ‘Système de gestion des mesures pour la protection des œuvres sur internet’ (Córas Bainistíochta le haghaidh bearta chun saothair ar an idirlíon a chosaint) (JORF Uimh. 56 an 7 Márta 2010, téacs Uimh. 19), arna leasú le Foraithne Uimh. 2017-924 an 6 Bealtaine 2017 maidir le bainistiú cóipchirt agus cearta gaolmhara ag eagraíocht um bainistiú cearta agus lena leasaítear an Cód um Maoin Intleachtúil (JORF uimh. 109 an 10 Bealtaine 2017, JORF Uimh. 176).

( 4 ) Go háirithe, idir an tríú agus an cúigiú mír d'Airteagal L. 331-21 den Chód Maoine Intleachtúla.

( 5 ) Ón 1 Eanáir 2022, rinneadh Hadopi a chumasc leis an Conseil supérieur de l’audiovisuel (CSA), údarás poiblí neamhspleách eile, chun an Autorité de régulation de la communication audiovisuelle et numérique (ARCOM) a chruthú. Mar sin féin, níl aon athrú ar an nós imeachta céimnithe freagartha go bunúsach.

( 6 ) Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), arna leasú ag Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 11) (‘Treoir 2002/58’), arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

( 7 ) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (OI L 119, 2016, lch. 89).

Barr