Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0411

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Lúnasa 1.
    S v Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit.
    Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais Eorpaigh – Saorghluaiseacht Daoine – Cóir chomhionann – Treoir 2004/38/CE – Airteagal 24, míreanna 1 agus 2 – Sochair slándála sóisialta – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Airteagal 4 – Sochair teaghlaigh – Eisiamh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta le linn na chéad trí mhí dá dtréimhse chónaithe sa Bhallstát óstach.
    Cás C-411/20.

    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:602

    Cás C-411/20

    S

    v

    Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit

    (Iarraidh ar réamhrialú ón Finanzgericht Bremen)

    Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022

    “Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais Eorpaigh – Saorghluaiseacht Daoine – Cóir chomhionann – Treoir 2004/38/CE – Airteagal 24, míreanna 1 agus 2 – Sochair slándála sóisialta – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Airteagal 4 – Sochair teaghlaigh – Eisiamh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta le linn na chéad trí mhí dá dtréimhse chónaithe sa Bhallstát óstach”

    1. Slándáil shóisialta – Sochair teaghlaigh – Coincheap – Sochair teaghlaigh a dheonaítear go huathoibríoch de réir critéir oibiachtúla, gan aon mheasúnú aonair ar na riachtanais phearsanta agus atá beartaithe le costais teaghlaigh a íoc – Raon feidhme

      [Rialachán 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 1(z) agus 3(1)(j)]

      (Féach mír 34)

    2. Slándáil shóisialta – Oibrithe imirceacha – An reachtaíocht is infheidhme – Náisiúnach de Bhallstát atá neamhghníomhach go heacnamaíoch a bhfuil cónaí air go dleathach ar chríoch Ballstáit eile – Cur i bhfeidhm reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe – Coincheap de “áit chónaithe”

      [Rialachán 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 1(j) agus 11(3)(e)]

      (Féach míreanna 36, 37)

    3. Saoránacht an Aontais Eorpaigh – An ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát – Treoir 2004/38 – Prionsabal na córa comhionainne – Oibleagáid an Bhallstáit óstaigh chun teidlíocht ar shochair shóisialta a thabhairt do náisiúnaigh de chuid na mBallstát eile atá neamhghníomhach go heacnamaíoch – Coinníollacha – Cónaí ar chríoch an Bhallstáit óstaigh ag comhlíonadh choinníollacha na Treorach

      (Treoir 2004/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 24(1))

      (Féach míreanna 41, 42)

    4. Slándáil shóisialta – Oibrithe imirceacha – Treoir 2004/38 – Sochair chúnaimh shóisialta – Coincheap – Liúntais teaghlaigh arna ndeonú go neamhspleách ar riachtanais aonair a bhfhaighteora agus nach bhfuil sé i gceist leo a chóir mhaireachtála a áirithiú – Eisiamh

      [Rialachán Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 1(z) agus 3(1)(j); Treoir 2004/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 24(2)]

      (Féach míreanna 45-48)

    5. Slándáil shóisialta – Oibrithe imirceacha – Cóir Chomhionann – Reachtaíocht náisiúnta lena n-eisiatar ó theidlíocht ar liúntais teaghlaigh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile atá neamhghníomhach go heacnamaíoch le linn na chéad trí mhí dá dtréimhse chónaithe sa Bhallstát óstach – Neamh-inghlacthacht – Idirdhealú díreach – Forais – Maolú ar phrionsabal na córa comhionainne do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh maidir le cúram sóisialta – Neamh-infheidhmeacht

      [Rialachán Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 4 agus 11(3)(e); Treoir 2004/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 6(1), 14(1) agus 24(2)]

      (Féach míreanna 49-55, 58-61, 65, 67-69 agus an chuid oibríochtúil)

    6. Slándáil shóisialta – Oibrithe imirceacha – Cóir chomhionann – An deis do shaoránach an Aontais Eorpaigh atá neamhghníomhach go heacnamaíoch a éileamh go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne sa Bhallstát óstach – Coinníoll – Bunú a ghnátháit chónaithe le linn na tréimhse atá i gceist agus teachtadh cead cónaithe sa Bhallstát sin – Coincheap an ghnáthchónaithe

      (Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Uimh. 883/2004, Airteagal 4, agus Uimh. 987/2009 Airteagal 11(1) agus (2); Treoir 2004/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 6(1)agus 14(1))

      (Féach míreanna 70-72)

    Achoimre

    Is saoránaigh de chuid an Aontas Eorpaigh í S agus a baill teaghlaigh, a thagann ó Bhallstát seachas Poblacht Chónaidhme na Gearmáine. I mí Dheireadh Fómhair 2019, rinne S iarratas ar liúntais teaghlaigh dá leanaí sa Ghearmáin, don tréimhse ó Lúnasa go Deireadh Fómhair 2019. Chinn Ciste na Liúntas Teaghlaigh ( 1 ) ar cuireadh an t-iarratas faoina bhráid go ndeachaigh S agus a teaghlach isteach sa Ghearmáin óna mBallstát baile agus gur bhunaigh siad a n-áite cónaithe ann. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuair S ioncam náisiúnta le linn na dtrí mhí tar éis bhunú a háite cónaithe sa Ghearmáin, níor chomhlíon sí na coinníollacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta ( 2 ) le bheith i dteideal na sochar a iarradh. Mar gheall air sin, dhiúltaigh Ciste na Liúntas Teaghlaigh iarratas S a cheadú.

    Thug S caingean os comhair na cúirte a rinne an tarchur ( 3 ) ag iarraidh go gcuirfí an diúltú dá hiarratas ar neamhní.

    Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go ndéantar idirdhealú i bhforáil dhlí na Gearmáine ar a bhfuil an diúltú sin bunaithe, idir náisiúnach de chuid Ballstáit eile a bhunaíonn a ghnátháit chónaithe sa Ghearmáin agus náisiúnach Gearmánach a bhunaíonn a ghnátháit chónaithe ann tar éis cónaí i mBallstát eile. Faoin bhforáil sin, dhiúltófaí do náisiúnach de chuid Ballstáit eile, ar nós S, teidlíocht ar liúntais teaghlaigh a fháil le linn na chéad trí mhí dá thréimhse chónaithe mura gcuireann sé cruthúnas ar fáil go raibh sé fostaithe go sochrach sa Ghearmáin. I gcodarsnacht leis sin, bhainfeadh náisiúnach Gearmánach tairbhe as sin, fiú mura mbeadh sé ag gabháil do ghníomhaíocht den sórt sin.

    D'iarr an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt maidir le cibé an bhfuil an difríocht sin sa chóireáil i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.

    Ina breithiúnas, a tugadh sa Mhór-Dhlísheomra, mheas an Chúirt go bhfuil reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí contrártha le prionsabal na córa comhionainne de réir bhrí Rialachán Uimh. 883/2004 ( 4 ). Cuireann sí leis sin freisin go bhfuil an fhéidearthacht chun maolú ón phrionsabal sin, ar bhonn Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38 ( 5 ), teoranta do shochair cúnaimh shóisialta agus nach féidir sochair slándála sóisialta a chuimsiú léi.

    Breithniú na Cúirte

    Mar réamhphointe, meabhraíonn an Chúirt go mbeidh ceart cónaithe ag saoránaigh de chuid an Aontais ar chríoch Ballstáit eile ar feadh tréimhse suas le trí mhí gan aon choinníollacha ná aon fhoirmiúlachtaí seachas an ceanglas cárta aitheantais nó pas bailí a bheith ina seilbh acu ( 6 ), agus an ceart sin á shuí fad is nach dtiocfaidh siad chun bheith ina n-ualach míréasúnta ar chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit óstaigh ( 7 ). Dá bhrí sin, beidh ceart cónaithe ag saoránach den Aontas, fiú má tá sé neamhghníomhach go heacnamaíoch, ar feadh tréimhse trí mhí i mBallstát nach náisiúnach de é, má chomhlíonann sé an dá choinníoll sin.

    Agus an méid sin meabhraithe, scrúdaíonn an Chúirt, i gcás go bhfuil cónaí air go dleathach ar chríoch an Bhallstáit óstaigh ( 8 ), cibé an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh saoránach den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, chun críocha sochair teaghlaigh a dheonú, brath ar an bprionsabal maidir le cóir chomhionann le náisiúnaigh an Bhallstáit óstaigh atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus a fhilleann ar an mBallstát sin tar éis dóibh a gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse i mBallstát eile a fheidhmiú.

    Chuige sin, cinneann sé, ar dtús, raon feidhme Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38, lena gceadaítear maolú ar phrionsabal na córa comhionainne, agus sochair chúnaimh shóisialta a dhiúltú do náisiúnaigh de Ballstát eile atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, le linn na chéad trí mhí dá dtréimhse chónaithe sa Bhallstát óstach.

    Ós rud é go ndeonaítear na liúntais teaghlaigh atá i gceist go neamhspleách ar riachtanais aonair a dtairbhithe agus nach bhfuil siad ceaptha chun a n-acmhainn chothaithe a áirithiú, ní bhaineann siad le “sochair chúnaimh shóisialta” de réir bhrí na forála sin.

    Dúirt an Chúirt freisin nach féidir an fhoráil sin a léirmhíniú, maidir le deonú sochar seachas “sochair chúnaimh shóisialta”, sa chiall go gceadófar don Bhallstát óstach maolú ar an gcóir chomhionann nach mór, i bprionsabal, a thabhairt do shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a chríoch.

    De mhaolú ar phrionsabal na córa comhionainne dá bhforáiltear in Airteagal 18 CFAE, a bhfuil Airteagal 24(1) de Threoir 2004/38 ina léiriú sonrach air, ní mór mír 2 den Airteagal 24 sin a léirmhíniú go docht agus i gcomhréir le forálacha an Chonartha. Níl aon ní i bhfoclaíocht ná i gcomhthéacs reachtach na forála sin chun tacú le tuairim go raibh sé beartaithe ag reachtóir an Aontais, faoin bhforáil sin, ceadú don Bhallstát óstach maolú ó phrionsabal na córa comhionainne maidir le sochair seachas cúnamh sóisialta.

    Sa dara háit, cinneann an Chúirt raon feidhme Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004.

    De réir an Rialacháin sin ( 9 ), tá saoránach den Aontas, atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus a d’aistrigh a ghnátháit chónaithe chuig an mBallstát óstach, faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit sin, eadhon, sa chás seo, an Ghearmáin, maidir le deonú sochar teaghlaigh. Mar sin féin, ní mór inniúlacht na Gearmáine chun cinneadh a dhéanamh, ina reachtaíocht féin, maidir leis na coinníollacha chun sochair den sórt sin a dheonú a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.

    I ndáil leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, gheobhaidh na lena mbaineann an Rialachán sin na sochair slándála sóisialta chéanna agus atá ag náisiúnaigh den Bhallstát sin agus beidh siad faoi réir na n-oibleagáidí céanna faoi reachtaíocht an Bhallstáit óstaigh. Ní cheadaítear do Bhallstát óstach le haon fhoráil den Rialachán sin idirdhealú a dhéanamh idir náisiúnach de Bhallstát eile a bhfuil cónaí dleathach air ar a chríoch, ar an bhforas go bhfuil an saoránach sin neamhghníomhach go heacnamaíoch, sa chóir a chuirtear ar fáil idir an saoránach sin agus a náisiúnaigh féin maidir leis na coinníollacha chun sochair teaghlaigh a dheonú. Dá bhrí sin, is féidir le saoránach den Aontas a chónaíonn go dleathach ar chríoch Ballstáit seachas an Ballstát ar náisiúnach de é agus a bhfuil gnátháit chónaithe bunaithe aige ansin, brath ar phrionsabal na córa comhionainne sa Bhallstát óstach, dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004, chun go ndeonófar sochair teaghlaigh dó faoi na coinníollacha céanna leis na coinníollacha a leagtar síos do náisiúnaigh den Bhallstát sin.

    Sa chás seo, measann an Chúirt gurb ionann reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist agus idirdhealú díreach i gcoinne saoránach den sórt sin den Aontas. In éagmais aon mhaolú dá bhforáilfí go sainráite i Rialachán Uimh. 883/2004, ní féidir údar a thabhairt le hidirdhealú den sórt sin.

    Tá sé tábhachtach, áfach, go ndearna saoránach den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus a éilíonn, sa Bhallstát óstach, cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne maidir le deonú sochar teaghlaigh, a chruthú, le linn na chéad trí mhí ina bhfuil cead cónaithe á fháil aige faoi Threoir 2004/38 ( 10 ), go bhfuil gnáthchónaí air sa Bhallstát sin agus nach bhfuil cónaí air go sealadach ann. Ciallaíonn an coincheap “áit chónaithe”, de réir bhrí Rialachán Uimh. 883/2004, áit chónaithe “iarbhír”. ( 11 ). Maidir leis an gcoincheap “gnátháit chónaithe”, léiríonn sé ceist fíorais, atá faoi réir measúnú na cúirte náisiúnta i bhfianaise imthosca an cháis. I ndáil leis sin, leis an gcoinníoll nach mór do shaoránach den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch a ghnátháit chónaithe a aistriú chuig an mBallstát óstach, tugtar le tuiscint gur léirigh sé go raibh sé ar intinn aige lárionad a leasanna a bhunú go héifeachtach sa Bhallstát sin agus go dtaispeánann sé go léiríonn a láithreacht go leor cobhsaíochta, rud lena léirítear difríocht idir a láithreacht ann agus cónaí sealadach.


    ( 1 ) Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit (Ciste na Liúntas Teaghlaigh don tSacsain Íochtarach agus do Bremen, de chuid na Gníomhaireachta Fostaíochta Cónaidhme, an Ghearmáin).

    ( 2 ) Airteagal 62(1a) den Einkommensteuergesetz (acht cánach ioncaim), arna leasú ag an Gesetz gegen illegale Beschäftigung und Sozialleistungsmissbrauch (acht um fhostaíocht neamhdhleathach agus mí-úsáid sochair shóisialta, BGBl. 2019 I, lch. 1066).

    ( 3 ) Sa chás seo, an Finanzgericht Bremen (an Chúirt Airgeadais, Bremen, an Ghearmáin).

    ( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, (IO 2004, L 166, lch. 1, agus ceartúchán IO 2004 L 200, lch. 1).

    ( 5 ) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, lch. 77, agus ceartúchán IO 2005, L 197, lch. 34).

    ( 6 ) Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38.

    ( 7 ) Airteagal 14(1) de Threoir 2004/38.

    ( 8 ) Faoi Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) den Treoir sin.

    ( 9 ) Airteagal 11(3)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

    ( 10 ) Faoi Airteagal 6(1) de Threoir 2004/38, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 14(1) de.

    ( 11 ) Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme (IO 2009, L 284, lch. 1).

    Top