Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0700

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Meitheamh 6.
    O. G. v Presidente del Consiglio dei Ministri.
    Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála Eorpach – Cinneadh Réime 2002/584/CGB – Forais le haghaidh neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh – Airteagal 4, pointe 6 – Cuspóir maidir le hath-imeascadh sóisialta – Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht nó a bhfuil cónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit fhorghníomhaithigh – Cóir chomhionann – Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
    Cás C-700/21.

    Court reports – general

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:444

    Cás C-700/21

    O. G.

    (iarraidh ar réamhrialú ón Corte costituzionale)

    Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 6 Meitheamh 2023

    (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála Eorpach – Cinneadh Réime 2002/584/CGB – Forais le haghaidh neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh – Airteagal 4, pointe 6 – Cuspóir maidir le hath-imeascadh sóisialta – Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht nó a bhfuil cónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit fhorghníomhaithigh – Cóir chomhionann – Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)

    1. Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Cinneadh Réime maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit – Forais le haghaidh neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh – Barántas gabhála arna eisiúint chun críocha pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú – Duine iarrtha atá ag fanacht nó a bhfuil cónaí air sa Bhallstát forghníomhaitheach, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 6, den Chinneadh Réime – Discréid an bhallstáit fhorghníomhaithigh na cásanna a chinneadh ina bhféadfaí diúltú duine a thagann faoi raon feidhme Airteagal 4, pointe 6 a thabhairt suas – Teorainneacha – Urraim do phrionsabal an chomhionannais os comhair an dlí arna ráthú le hAirteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha – An discréid is gá don údarás breithiúnach forghníomhaitheach a choinneáil ionas go mbeadh ar a chumas a chinneadh, i bhfianaise an chuspóra maidir le hath-imeascadh sóisialta, arb iomchuí diúltú d’fhorghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh

      (Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 20 agus 51(1); Cinneadh Réime 2002/584 ón gComhairle, Airteagal 4, pointe 6)

      (Féach míreanna 36-38, 40-53, 55, 56)

    2. Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Cinneadh Réime maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit – Forais le haghaidh neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh – Barántas gabhála arna eisiúint chun críocha pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú – Duine iarrtha atá ag fanacht nó a bhfuil cónaí air sa Bhallstát forghníomhaitheach, de réir bhrí Airteagal 4, pointe 6, den Chinneadh Réime – Coinníollacha um neamhfhorghníomhú an bharántais gabhála – Na coincheapa “fanacht” agus “cónaí” – Gealltanas arna thabhairt ag an mBallstát forghníomhaitheach an phianbhreith a fhorghníomhú – Leas dlisteanach lena dtugtar údar d’fhorfheidhmiú na pianbhreithe sa Bhallstát forghníomhaitheach – Cuspóir an ath-imeascadh sóisialta i ndiaidh fhorghníomhú na pianbhreithe – Tosca atá le cur san áireamh ag an údarás breithiúnach forghníomhaitheach d’fhonn a mheas an bhfuil naisc leordhóthanacha idir an duine iarrtha agus an Ballstát forghníomhaitheach chun údar a thabhairt le diúltú an barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú

      (Treoir 2003/109 ón gComhairle, aithris 12; Cinntí Réime 2002/584 ón gComhairle, Airteagal 4, pointe 6 agus 2008/909, aithris 9 agus Airteagal 25)

      (féach míreanna 46-49, 61-65, 67-68, cuid oibríochtúil 2)

    3. Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Cinneadh Réime maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit – Forais le haghaidh neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh – Neamhfhorghníomhú arna theorannú do náisiúnaigh an Bhallstáit sin agus náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile, agus náisiúnaigh tríú tír á n-eisiamh go hiomlán agus go huathoibríoch – Do-ghlacthacht

      (Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 20; Cinneadh Réime 2002/584 ón gComhairle, Airteagal 4, pointe 6)

      (féach míreanna 51, 57, 58, cuid oibríochtúil 1)

    Résumé

    Gearradh pianbhreith cúig bliana príosúnachta sa Rómáin ar O. G., ar náisiúnach Moldóvach é, mar gheall ar chionta imghabhála cánach agus míleithreasú suimeanna a bhí dlite i ndáil le cáin ioncaim agus CBL a íoc, a rinneadh idir Meán Fómhair 2003 agus Aibreán 2004. An 13 Feabhra 2012, d’eisigh Judecătoria Brașov (an Chúirt Chéadchéime, Brașov, an Rómáin) barántas gabhála Eorpach i gcoinne O. G., atá ag cur faoi san Iodáil ó shin, chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú.

    Leis an gcéad bhreithiúnas an 7 Iúil 2020, d’ordaigh an chúirt achomhairc inniúil ( 1 ) go ndéanfar O. G. a thabhairt suas don údarás breithiúnach eisiúna. Thug O. G. achomharc i leith an bhreithiúnais sin os comhair an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Achomhairc Uachtarach, an Iodáil), a chuir an breithiúnas sin ar leataobh agus a tharchuir an cás ar ais chuig an gcúirt achomhairc.

    I bhfianaise dhlí an Aontais ( 2 ), ní fhéadfaidh na Ballstáit diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú ach amháin ar fhorais a eascraíonn as Cinneadh Réime 2002/584 ( 3 ), lena n‑áirítear forais le haghaidh neamhfhorghníomhú roghnach, eadhon forais a bhfuil an chumhacht ag na Ballstáit - ach gan dualgas orthu - foráil a dhéanamh ina leith, agus an Cinneadh Réime sin á thrasuí. Baineann ceann de na forais seo leis an bhféidearthacht atá ann don údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas dá leithéid a fhorghníomhu más rud é gur eisíodh é chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú i gcás ina bhfuil an duine iarrtha ag fanacht sa Bhallstát forghníomhaitheach nó gur náisiúnach de é nó cónaitheoir ann é agus ina ngabhann an Stát sin air féin an phianbhreith nó an t-ordú coinneála a fhorghníomhú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta ( 4 ).

    Chinn an chúirt achomhairc go dteorainnaítear, leis an reachtaíocht lena dtrasuitear an foras do neamhfhorghníomhú roghnach sin i ndlí na hIodáile, an ceart tabhairt suas a dhiúltú do náisiúnaigh Iodálacha amháin agus do náisiúnaigh Bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh, d’eisiamh náisiúnach tríú tír, fiú i gcás ina gcruthaíonn na náisiúnaigh tríú tír sin go bhfuil naisc láidre eacnamaíocha, ghairmiúla nó mhothúchánacha bunaithe acu san Iodáil.

    Ar ghlacadh di gur bunaíodh buansheasmhacht theaghlach agus fhostaíocht O. G. san Iodáil go leordhóthanach, tharchur an chúirt úd ceisteanna maidir le bunreachtúlacht na reachtaíochta sin go dtí an Corte costituzionale (an Chúirt Bhunreachtúil, an Iodáil), arb é an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo. Iarrann an chúirt a rinne an tarchur, trína cheangal go ndéanfar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go buan san Iodáil a thabhairt suas chun críocha pianbhreith choimeádta a fhorfheidhmiú ar an gcoigríoch, an gcuireann an reachtaíocht sin srian míchuí ar raon feidhme an fhorais le haghaidh neamhfhorghníomhú roghnach a leagtar síos in Airteagal 4, pointe 6 den Chinneadh Réime, arb é is cuspóir dó ath-imeascadh sóisialta an duine ar cuireadh pianbhreith air a áirithiú ag deireadh a phianbhreithe, lena meastar cothabháil a naisc theaghlaigh agus shóisialta.

    Measann an chúirt a rinne an tarchur, sula gcinntear an bhfuil an reachtaíocht náisiúnta atá faoi chaibidil sna príomhimeachtaí ag luí le Bunreacht na hIodáile, gur gá scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na reachtaíochta sin le dlí an Aontais.

    Ar fhiafraí na cúirte a rinne an tarchur di maidir leis an léiriú ar Airteagal 4, pointe 6 den Chinneadh Réime, chinn an Chúirt, ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, go gcuirtear cosc ar reachtaíocht Bhallstáit, lena ndéantar an fhoráil sin a thrasuí, lena n-eisiatar, go hiomlán agus go huathoibríoch, tairbhe an fhorais do neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh a leagtar síos san fhoráil ar aon náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí air i gcríoch an Bhallstáit sin, gan an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar na naisc idir an náisiúnach sin agus an Ballstát sin. Tugann an Chúirt sonraí ann freisin maidir leis an measúnú atá le déanamh ag an údarás sin d’fhonn a chinneadh an bhfuil sé iomchuí diúltú barántas gabhála Eorpach arna eisiúint i gcoinne náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí air sa Bhallstát forghníomhaitheach a fhorghníomhú, agus maidir leis na tosca lena bhféadfaí a léiriú arb ann do naisc idir an náisiúnach tríú tír sin agus an Ballstát forghníomhaitheach lena léirítear go bhfuil sé imeasctha go leordhóthanach sa Stát sin agus go rannchuideoidh forghníomhú na pianbhreithe coimeádta a fhorchuirtear air sa Bhallstát eisiúna sa Bhallstát sin leis an seans go ndéanfar é a ath-imeascadh go sóisialta tar éis don phianbhreith a bheith forghníomhaithe.

    Measúnú na Cúirte

    Ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt chun cuimhne gurb é, i gcomhréir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, forghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh an prionsabal. Is eisceacht é diúltú don fhorghníomhú, nach bhfuil indéanta ach amháin ar fhorais neamhfhorghníomhaithe éigeantacha nó roghnacha faoin gCinneadh Réime, atá le léiriú go docht.

    Maidir leis na forais do neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh atá liostaithe in Airteagal 4 den Chinneadh Réime, is léir ó chásdlí na Cúirte go bhfuil discréid ag na Ballstáit agus an Cinneadh Réime sin á thrasuí ina ndlí náisiúnta. Dá bhrí sin, is fúthu atá sé na forais sin a thrasuí ina ndlí náisiúnta, nó gan amhlaidh a dhéanamh. Féadfaidh siad a roghnú freisin teorainn a chur leis na cásanna ina bhféadfaidh an t-údarás breithiúnach forghníomhaitheach diúltú barántas gabhála Eorpach a fhorghníomhú, agus ar an gcaoi sin tabhairt suas na ndaoine iarrtha a éascú, i gcomhréir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

    Mar sin féin, tá teorainneacha leis an discréid atá ag Ballstát nuair a roghnaíonn sé foras do neamhfhorghníomhú roghnach an bharántais gabhála Eorpaigh, ar nós an ceann dá bhforáiltear in Airteagal 4, pointe 6 den Chinneadh Réime, a thrasuí.

    Sa chéad áit, ní mór don Bhallstát a roghnaíonn go ndéanfaidh sé an foras sin a thrasuí na cearta bunúsacha agus bunphrionsabail de dhlí an Aontais a urramú, lena n-áirítear prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí, a ráthaítear le hAirteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ( 5 ), lena gceanglaítear nach gcaithfear ar bhealach éagsúil le cásanna inchomparáide agus nach gcaithfear le cásanna éagsúla ar an mbealach céanna mura bhfuil údar oibiachtúil leis an gcóir sin.

    Ní mór measúnú a dhéanamh ar an gceanglas nach mór do chásanna a bheith inchomparáide, chun a chinneadh arb ann do shárú ar phrionsabal an chomhionannais os comhair an dlí, go háirithe, i bhfianaise chuspóir agus aidhm an ghnímh lena ndéantar an t-idirdhealú i gceist, agus prionsabail agus cuspóirí an réimse lena mbaineann an gníomh á gcur san áireamh freisin.

    Sonraíonn an Chúirt, maidir leis sin, gur tugadh isteach an difríocht sa chóir arna heascairt ón reachtaíocht náisiúnta atá faoi chaibidil sna príomhimeachtaí idir náisiúnaigh na hIodáile agus náisiúnaigh de chuid Ballstát eile, ar thaobh amháin, agus náisiúnaigh tríú tír, ar an taobh eile, chun Airteagal 4, pointe 6 den Chinneadh Réime a thrasuí, agus nach ndéantar aon idirdhealú ansin maidir leis an duine is ábhar don bharántas gabhála Eorpach, nuair nach náisiúnach den Bhallstát forghníomhaitheach é, ar an ábhar gur náisiúnach de Bhallstát eile é nó nach ea.

    Is léir ó fhoclaíocht na forála sin agus ón gcuspóir a shaothraítear léi nach féidir a thoimhdiú go bhfuil náisiúnach tríú tír is ábhar do bharántas gabhála Eorpach den sórt sin agus a fhanann nó a chónaíonn sa Bhallstát forghníomhaitheach i staid atá difriúil ó staid náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit sin nó náisiúnaigh Ballstáit eile atá ag fanacht nó a bhfuil cónaí air sa Bhallstát forghníomhaitheach, atá ina ábhar do bharántas den sórt sin. Os a choinne sin, gheofaí na daoine sin i staideanna inchomparáide, chun críocha chur i bhfeidhm an fhorais do neamhfhorghníomhú roghnach a leagtar síos san fhoráil sin, i gcás ina bhfuil leibhéal áirithe imeasctha déanta acu sa Bhallstát forghníomhaitheach.

    Dá bhrí sin, níl reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun Airteagal 4, pointe 6 den Chinneadh Réime sin a thrasuí i gcomhréir le hAirteagal 20 den Chairt má chaitear go difriúil lena náisiúnaigh féin agus le saoránaigh eile de chuid an Aontais, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, le náisiúnaigh tríú tír trí thairbhe an fhorais do neamhfhorghníomhú roghnach dá bhforáiltear sa Chinneadh Réime a bhaint, go hiomlán agus go huathoibríoch, uathu, fiú i gcás ina bhfuil na náisiúnaigh tríú tír sin ag fanacht nó ina bhfuil cónaí orthu i gcríoch an Bhallstáit sin agus gan méid a lánpháirtithe i sochaí an Bhallstáit sin a chur san áireamh. Go bunúsach, ní féidir a mheas go bhfuil údar oibiachtúil le difríocht dá leithéid sa chóir sin.

    Ar an taobh eile, ní chuirtear cosc ar an mBallstát atá ag trasuí na forála sin ina dhlí náisiúnta tairbhe an fhorais do neamhfhorghníomhú roghnach a leagtar síos san fhoráil sin, i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ina n-ábhar de bharántas gabhála Eorpach, a chur faoi réir an cheanglais go raibh an náisiúnach sin ag fanacht ann nó go raibh cónaí air ann ar feadh íostréimhse gan bhriseadh, a mhéid is nach dtéann coinníoll den sórt sin thar a bhfuil riachtanach chun a áirithiú go bhfuil méid áirithe imeasctha déanta ag an duine iarrtha sa Bhallstát forghníomhaitheach.

    Sa dara háit, ní féidir a bheith d’éifeacht ag trasuí Airteagal 4, pointe 6 den Chinneadh Réime go gceilfí an discréid is gá ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach ionas go mbeadh ar a chumas a chinneadh, i bhfianaise an chuspóra maidir le hath-imeascadh sóisialta, arb iomchuí diúltú d’fhorghníomhú an bharántais gabhála Eorpaigh.

    Déanann reachtaíocht amhail an reachtaíocht sin atá i gceist an bonn a bhaint de chuspóir an ath-imeascadh shóisialta trí chumhacht a bhaint den údarás breithiúnach forghníomhaitheach chun a mheas an leor na naisc idir an náisiúnach tríú tír is ábhar do bharántas gabhála Eorpach agus an Ballstát forghníomhaitheach chun a chinneadh an rannchuideoidh forghníomhú na pianbhreithe sa Stát sin lena dheiseanna ath-imeasctha a mhéadú ar dhul in éag na pianbhreithe sin.

    Ar an dara dul síos, sonraíonn an Chúirt, d’fhonn a chinneadh an ndiúltófar barántas gabhála Eorpach arna eisiúint ar náisiúnach tríú tír atá ag fanacht nó a bhfuil cónaí air i gcríoch an Bhallstáit fhorghníomhaithe a fhorghníomhú, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach measúnú foriomlán a dhéanamh ar na tosca sonracha go léir a léiríonn staid an nduine iarrtha, a d’fhéadfadh a léiriú arb ann do naisc idir an náisiúnach tríú tír sin agus an Ballstát forghníomhaitheach lena léirítear go bhfuil sé imeasctha go leordhóthanach sa Stát sin. Áirítear ar na tosca sin na naisc theaghlaigh, theanga, chultúrtha, shóisialta nó eacnamaíocha atá ag an náisiúnach tríú tír leis an mBallstát forghníomhaitheach agus cineál, fad agus coinníollacha a fhanachta sa Bhallstát sin.

    Go háirithe, i gcás inar bhunaigh an duine iarrtha croílár a shaoil teaghlaigh agus a leasanna sa Bhallstát forghníomhaitheach, ní mór a chur san áireamh go n-éascaítear ath-imeascadh sóisialta an duine sin tar éis dó a phianbhreith a chur isteach toisc gur féidir leis teagmháil a bheith aige go minic agus go rialta lena theaghlach agus lena ghaolta.


    ( 1 ) La Corte d’appello di Bologna (An Chúirt Achomhairc, Bologna, an Iodáil, “an chúirt achomhairc”).

    ( 2 ) Airteagal 1(2) agus Airteagail 4 agus 4a de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1).

    ( 3 ) “Cinneadh Réime”.

    ( 4 ) Foras do neamhfhorghníomhú roghnach dá bhforáiltear in Airteagal 4, pointe 6 den Chinneadh Réime.

    ( 5 ) “An Chairt”.

    Top