Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0484

Breithiúnas na Cúirte (An Naoú Dlísheomra) 2024 Aibreán 25.
F C C agus M A B v Caixabank SA, anciennement Bankia SA.
Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí, – Conradh iasachta morgáiste – Téarma lena bhforáiltear do tháillí an chonartha a chur ar an tomhaltóir – Cinneadh breithiúnach críochnaitheach lena gcinntear téarmaí éagóracha an chonartha agus é a neamhniú – Caingean chun suimeanna a íocadh de bhun an téarma éagóraigh a aisíoc – Pointe óna dtosaíonn an tréimhse teorann.
Cás C-484/21.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:360

Cás C-484/21

F C C
agus
M A B

v

Caixabank SA

(iarraidh ar réamhrialú,
ó Juzgado de Primera Instancia de Barcelona)

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 25 Aibreán 2024

(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí, – Conradh iasachta morgáiste – Téarma lena bhforáiltear do tháillí an chonartha a chur ar an tomhaltóir – Cinneadh breithiúnach críochnaitheach lena gcinntear téarmaí éagóracha an chonartha agus é a neamhniú – Caingean chun suimeanna a íocadh de bhun an téarma éagóraigh a aisíoc – Pointe óna dtosaíonn an tréimhse teorann)

  1. Cosaint tomhaltóirí – Téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí, – Treoir 93/13 – Modhanna chun bac a chur ar úsáid na dtéarmaí éagóracha – Conradh iasachta morgáiste – Téarma lena gcuirtear an tomhaltóir faoi dhliteanas na muirir a bhaineann le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe a íoc – Caingean maidir le haisíocaíocht – Tréimhse teorann – Túsphointe – Dáta íocaíochta na gcostas a íocadh faoi théarma a dearbhaíodh a bheith éagórach le cinneadh breithiúnach críochnaitheach tar éis na híocaíochta sin – Mainneachtain maidir le heolas an tomhaltóra ar éagóracht an téarma a chur san áireamh – Do-ghlacthacht

    (Treoir 93/13 ón gComhairle, Airteagail 6(1) agus 7(1))

    (féach míreanna 31-38, agus an chuid oibríochtúil 1)

  2. Cosaint tomhaltóirí – Téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí, – Treoir 93/13 – Modhanna chun bac a chur ar úsáid na dtéarmaí éagóracha – Conradh iasachta morgáiste – Téarma lena gcuirtear an tomhaltóir faoi dhliteanas na muirir a bhaineann le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe a íoc – Caingean maidir le haisíocaíocht – Tréimhse teorann – Túsphointe – Cinneadh breithiúnach críochnaitheach lena gcinntear go bhfuil an téarma sin éagórach – Dáta cinnidh níos luaithe ó chúirt uachtarach a tugadh i gcás eile ar leith agus lena ndearbhaítear go bhfuil téarma caighdeánach a fhreagraíonn don téarma sin éagórach – Do-ghlacthacht

    (Treoir 93/13 ón gComhairle, Airteagail 6(1) agus 7(1))

    (féach míreanna 41-47, agus an chuid oibríochtúil 2)

Féach téacs an Bhreithiúnais.

Top