EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CJ0430

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Feabhra 22.
Imeachtaí arna dtionscnamh ag RS.
Tarchur chun réamhrialú – An smacht reachta – Neamhspleáchas na mbreithiúna – Airteagal 19(1) CFAE – Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Tosaíocht dhlí an Aontais – Easpa dlínse cúirte náisiúnta chun scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht le dlí an Aontais maidir le reachtaíocht náisiúnta a mheastar a bheith i gcomhréir leis an mBunreacht ag cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann – Imeachtaí araíonachta.
Cás C-430/21.

Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:99

Cás C430/21

RS

(iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Craiova)

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra), an 22 Feabhra 2022

“Tarchur chun réamhrialú – An smacht reachta – Neamhspleáchas na mbreithiúna – Airteagal 19(1) CFAE – Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Tosaíocht dhlí an Aontais – Easpa dlínse cúirte náisiúnta chun scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht le dlí an Aontais maidir le reachtaíocht náisiúnta a mheastar a bheith i gcomhréir leis an mBunreacht ag cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann – Imeachtaí araíonachta»

1.        Ballstáit – Oibleagáidí – Leigheasanna a bhunú a bheidh leordhóthanach chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a áirithiú – Urraim do phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh – Cásdlí le stádas bunreachtúil ina cheangal ar na gnáthchúirteanna – Incháilitheacht – Coinníollacha – Urraim do phrionsabal scaradh na gcumhachtaí – Neamhspleáchas na cúirte bunreachtúla

(Airteagail 2 agus 19 (1) an 2ú fomhír de CAE; Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Cinneadh 2006/928 ón gCoimisiún)

(féach míreanna  42-45)

2.        Ballstáit – Oibleagáidí – Leigheasanna a bhunú a bheidh leordhóthanach chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a áirithiú – Urraim do phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh – Tosaíocht agus éifeacht dhíreach dhlí an Aontais – Oibleagáidí na gcúirteanna náisiúnta –– Reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta lena dtugtar le tuiscint nach bhfuil sé de chumhacht ag gnáthchúirteanna Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht le dlí an Aontais maidir le reachtaíocht náisiúnta a mheastar a bheith i gcomhréir leis an mBunreacht ag cúirt bhunreachtúil an Stáit sin – Neamhcháilitheacht – An bonn a bhaint d’éifeachtacht an chomhair faoin sásra réamhrialaithe – Dlínse eisiach na Cúirte chun léirmhíniú cinntitheach a sholáthar ar dhlí an Aontais

(Airteagail 2, 4(2) agus (3), agus an 2ú fomhír de CAE; Airteagal 267 CFAE; Cinneadh 2006/928 ón gCoimisiún)

(féach míreanna  46-55, 57-59, 62-78, cuid oibríochtúil 1)

3.        Ballstáit – Oibleagáidí – Leigheasanna a bhunú a bheidh leordhóthanach chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a áirithiú – Urraim do phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh  – Dliteanas araíonachta breithiúna – Raon feidhme – Reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta lena gceadaítear do chúirt náisiúnta dliteanas araíonachta a thabhú i gcás ina gcuireann an chúirt sin dlí an Aontais i bhfeidhm gan aird a thabhairt ar chásdlí chúirt bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann, nach bhfuil ag luí le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais – Neamhcháilitheacht

(Airteagail 2, 4(2) agus (3), agus an 2ú fomhír d’Airteagal 19(1) CAE; Airteagal 267 CFAE)

(féach míreanna 81-89, 93, cuid oibríochtúil 2)


Résumé

Cuirtear cosc le dlí an Aontais ar riail náisiúnta, nach mbeidh sé de chumhacht ag cúirteanna náisiúnta faoin riail sin scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht dhlí an Aontais le reachtaíocht náisiúnta a fuarthas a bheith comhsheasmhach leis an mBunreacht le breithiúnas ó chúirt bhunreachtúil an Bhallstáit

Dá gcuirfí riail den sórt sin i bhfeidhm, bhainfí an bonn de phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais agus d’éifeachtacht an tsásra réamhrialaithe

Iarrtar ar an gCúirt rialú a thabhairt ar phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, a chumhdaítear sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh in éineacht, inter alia, le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, i gcomhthéacs nach bhfuil sé de chumhacht ag gnáthchúirt de chuid Ballstáit, de bhun an dlí náisiúnta, scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na reachtaíochta náisiúnta le dlí an Aontais ar cinneadh go raibh an reachtaíocht sin i gcomhréir leis an mbunreacht ag cúirt bhunreachtúil an Bhallstáit sin, agus na breithiúna náisiúnta gan cosaint ar imeachtaí araíonachta agus smachtbhannaí má chinneann siad scrúdú den sórt sin a dhéanamh.

Sa chás seo, ciontaíodh RS tar éis imeachtaí coiriúla sa Rómáin. Rinne a bhean chéile gearán ansin i gcoinne, inter alia, roinnt breithiúna maidir le cionta a líomhnaítear a rinneadh le linn na n-imeachtaí coiriúla sin. Ina dhiaidh sin, thionscain RS caingean os comhair an Curtea de Apel Craiova (an Chúirt Achomhairc, Craiova, an Rómáin), ag iarraidh agóid a dhéanamh i gcoinne fhad iomarcach na n-imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh tar éis an ghearáin sin.

D’fhonn rialú a dhéanamh ar an achomharc sin, chinn Cúirt Achomhairc Craiova gur gá measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá an reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear rannóg speisialaithe d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar chionta arna ndéanamh laistigh den chóras breithiúnach, amhail sa chás seo, ag luí le dlí an Aontais.(1) I bhfianaise bhreithiúnas an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil, an Rómáin),(2) áfach, arna thabhairt tar éis bhreithiúnas na Cúirte in Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ agus Eile, (3) ní bheadh Cúirt Achomhairc Craiova i dteideal scrúdú comhréireachta den sórt sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Lena breithiúnas, dhiúltaigh an Chúirt Bhunreachtúil an phléadáil i leith neamh-bhunreachtúlachta a ardaíodh i ndáil le roinnt forálacha den reachtaíocht sin, ós phléadáil gan bhunús a bhí ann dar léi, agus chuir sí in iúl, ag an am céanna, nuair a dhearbhaíonn sí go bhfuil reachtaíocht náisiúnta comhsheasmhach le foráil an Bhunreachta lena gceanglaítear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais  a urramú, (4) nach dtugtar de chumhacht do ghnáthchúirt scrúdú a dhéanamh ar chomhréireacht na reachtaíochta náisiúnta sin le dlí an Aontais.

Sa chomhthéacs sin, chinn Cúirt Achomhairc Craiova an t-ábhar a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais chun soiléiriú a fháil, go bunúsach, ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear le dlí an Aontais cosc ar easpa dlínse gnáthchúirte náisiúnta chun scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht reachtaíocht an Aontais, in imthosca amhail imthosca an cháis reatha, agus ar fhorchur beart araíonachta ar an mbreitheamh sin, ar an bhforas go gcinneann an chúirt sin scrúdú den sórt sin a dhéanamh.

Cinneann an Chúirt, ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, go bhfuil reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta den sórt sin ag teacht salach ar dhlí an Aontais (5).

Breithniú na Cúirte

Ar an gcéad dul síos, rialaíonn an Chúirt nach gcuirtear cosc leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE ar reachtaíocht ná ar chleachtas náisiúnta lena bhforáiltear go mbeidh gnáthchúirteanna de chuid Ballstáit, faoin dlí bunreachtúil náisiúnta, faoi cheangal cinneadh ó chúirt bhunreachtúil an Bhallstáit sin a chinneann an reachtaíocht náisiúnta sin a bheith i gcomhréir le bunreacht an Bhallstáit sin, ar choinníoll go ráthaítear leis an dlí náisiúnta neamhspleáchas na cúirte bunreachtúla sin, go háirithe maidir leis an reachtas agus leis an bhfeidhmeannas. Mar sin féin, ní hamhlaidh atá i gcás ina n-eisiatar, le cur i bhfeidhm reachtaíochta nó cleachtais den sórt sin, dlínse uile na ngnáthchúirteanna sin chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht reachtaíocht náisiúnta le dlí an Aontais a fuair cúirt bhunreachtúil den sórt sin a bheith comhsheasmhach le foráil bhunreachtúil náisiúnta lena bhforáiltear do thosaíocht dhlí an Aontais.

Ar an dara dul síos, cuireann an Chúirt in iúl go bhfuil comhlíonadh na hoibleagáide atá ar an gcúirt náisiúnta aon fhoráil de dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach aici a chur i bhfeidhm go hiomlán, riachtanach, go háirithe, d’fhonn a áirithiú go n-urramófar comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, lena cuirtear cosc ar an bhféidearthacht go dtabharfaí tosaíocht do bheart aontaobhach in aghaidh dhlíchóras an Aontais, is cuma cén cineál bearta a bheidh ann, agus gurb ionann é agus léiriú ar phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE, lena gceanglaítear nach féidir aon fhoráil de reachtaíocht náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith contrártha dó sin a chur i bhfeidhm, is cuma cé acu atá sin roimh éifeacht dhíreach a bheith leis an riail dlí de chuid an Aontais nó ina dhiaidh sin.

Sa chomhthéacs sin, cuireann an Chúirt in iúl gur chinn sí cheana féin, ar an gcéad dul síos, go dtagann an reachtaíocht atá i gceist faoi raon feidhme Chinneadh 2006/928 (6) agus nach mór di, dá bhrí sin, na ceanglais a eascraíonn as dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe, Airteagail 2 agus 19(1) CAE. (7) Ar an dara dul síos, déantar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus na tagarmharcanna sonracha le haghaidh an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2006/928 a fhoirmliú i dtéarmaí soiléire agus beachta agus níl siad faoi réir aon choinníollacha, agus dá bhrí sin tá éifeacht dhíreach acu (8). Dá réir sin, mura féidir forálacha náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis an bhforáil sin nó leis na cuspóirí sin, ní mór do ghnáthchúirteanna na Rómáine neamhaird a thabhairt ar na forálacha náisiúnta sin as a stuaim féin.

I ndáil leis sin, tugann an Chúirt dá haire go bhfuil dlínse ag gnáthchúirteanna na Rómáine, i bprionsabal, measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht forálacha reachtacha náisiúnta leis na forálacha sin de dhlí an Aontais, agus nach gá dóibh iarraidh chuige sin a tharchur chuig an gCúirt Bhunreachtúil. Mar sin féin, baintear an dlínse sin de na gnáthchúirteanna sa chás gur chinn an Chúirt Bhunreachtúil go gcomhlíonann na forálacha reachtacha sin foráil bhunreachtúil náisiúnta lena bhforáiltear do thosaíocht dhlí an Aontais, a mhéid a cheanglaítear ar na cúirteanna sin an cinneadh ón gCúirt Bhunreachtúil sin a chomhlíonadh. Chuirfeadh riail nó cleachtas náisiúnta den sórt sin bac ar éifeachtacht iomlán rialacha dhlí an Aontais i gceist, a mhéid a chuirfí cosc ar an ngnáthchúirt a áirithiú go gcuirfí dlí an Aontais i bhfeidhm agus comhoiriúnacht na bhforálacha reachtacha sin le dlí an Aontais a mheas í féin.

Ina theannta sin, bhainfeadh cur i bhfeidhm riail nó cleachtas náisiúnta den sórt sin an bonn d’éifeachtacht an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta arna mbunú leis an sásra réamhrialaithe, tríd an ngnáthchúirt n-iarrtar uirthi rialú ar an díospóid a dhíspreagadh ó iarraidh ar réamhrialú, chun cinntí chúirt bhunreachtúil an Bhallstáit lena mbaineann a chomhlíonadh.

Cuireann an Chúirt i bhfios go láidir go bhfuil an méid sin níos ábhartha fós i gcás ina ndiúltaítear le breithiúnas ó chúirt bhunreachtúil an Bhallstáit i dtrácht éifeacht a thabhairt do bhreithiúnas ar réamhrialú arna thabhairt ag an gCúirt, ag brath, inter alia, ar fhéiniúlacht bhunreachtúil an Bhallstáit sin agus ar an mbreithniú gur sháraigh an Chúirt a dlínse. Tugann an Chúirt dá haire go bhféadfar a iarraidh uirthi, faoi Airteagal 4(2) CAE, a chinneadh nach ndéantar le hoibleagáid faoi dhlí an Aontais neamhaird ar fhéiniúlacht náisiúnta Bhallstáit. Os a choinne sin, níl sé de chuspóir ná d’éifeacht ag an bhforáil sin go n-údarófaí do chúirt bhunreachtúil de chuid Ballstáit, de shárú ar a hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais, diúltú do riail dhlí de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm, ar an bhforas go mbaintear leis an riail sin an bonn ó fhéiniúlacht náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann arna sainmhíniú ag an gcúirt bhunreachtúil náisiúnta. Dá bhrí sin, má mheasann cúirt bhunreachtúil Bhallstáit go sáraítear le foráil de dhlí tánaisteach an Aontais, arna léirmhíniú ag an gCúirt, an oibleagáid i leith fhéiniúlacht náisiúnta an Bhallstáit sin a urramú, ní mór di tarchur chun réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt chun bailíocht na forála sin a mheas i bhfianaise Airteagal 4(2) CAE, ós rud é nach bhfuil dlínse ach ag an gCúirt a dhearbhú go bhfuil gníomh de chuid an Aontais neamhbhailí.

Ina theannta sin, cuireann an Chúirt in iúl, ós rud é go bhfuil an dlínse eisiach aici léirmhíniú cinntitheach a thabhairt ar dhlí an Aontais, ní féidir le cúirt bhunreachtúil Bhallstáit, ar bhonn a léirmhínithe féin ar fhorálacha de dhlí an Aontais, a chinneadh go bailí go bhfuil breithiúnas tugtha ag an gCúirt a théann lasmuigh dá dlínse agus, dá bhrí sin, diúltú d’éifeacht a thabhairt do réamhrialú arna tabhairt ag an gcúirt sin.

Thairis sin, bunaithe ar a cásdlí roimhe, (9) dearbhaíonn an Chúirt go gcuirtear cosc le hAirteagal 2 agus leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE ar reachtaíocht náisiúnta nó cleachtas faoina bhféadfadh cúirt náisiúnta dliteanas araíonachta a thabhú mar gheall ar aon mhainneachtain cinntí na cúirte bunreachtúla náisiúnta a chomhlíonadh agus, go háirithe, cur i bhfeidhm cinneadh lenar dhiúltaigh an chúirt sin éifeacht a thabhairt do réamhrialú arna thabhairt ag an gCúirt a chur as feidhm.


1      Go sonrach, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (IO L 354, 14.12.2006, lch. 56).


2      Breithiúnas Uimh. 390/2021 an 8 Meitheamh 2021.


3      Breithiúnas an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia ‘Forumul judecătorilor Din România’ agus Daoine Eile (C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-291/19, C-355/19 agus C-397/19, EU:C:2021:393), inar chinn an Chúirt, inter alia, go bhfuil an reachtaíocht atá i gceist contrártha do dhlí an Aontais i gcás nach bhfuil údar maith le cruthú roinne speisialaithe den sórt sin le ceanglais oibiachtúla infhíoraithe a bhaineann le dea-riarachán an cheartais agus nach bhfuil ráthaíochtaí sonracha ag gabháil leis a shainaithin an Chúirt (féach pointe 5 den chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin).


4      Ina breithiúnas Uimh. 390/2021, chinn an Chúirt Bhunreachtúil gur chomhlíon an reachtaíocht atá i gceist Airteagal 148 den Constituția României (Bunreacht na Rómáine).


5      I bhfianaise an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4(2) agus (3) CAE, le hAirteagal 267 CFAE agus le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais.


6      Féach fonóta 1 maidir le tagairt iomlán Chinneadh 2006/928.


7      Breithiúnas Asociaţia ‘Forumul judecătorilor din România’ agus Eile, a luaitear thuas, míreanna 183 agus 184.


8      Breithiúnas Asociaţia ‘Forumul judecătorilor din România’ agus Eile, míreanna 249 agus 250, agus Breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 253.


9      Breithiúnas Euro Box Promotion agus Eile, a luaitear thuas.

Top