Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0646

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Samhain 15.
Senatsverwaltung für Inneres und Sport, Standesamtsaufsicht v TB.
Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora – Colscaradh – Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 – Airteagal 2, pointe 4, agus Airteagal 21 – An coincheap “breithiúnas” – Scaoileadh pósta arna chinneadh i gcomhaontú idir na céilí agus arna fhógairt ag oifigeach stádais shibhialta i mBallstát a aithint i mBallstát eile – Critéar lena gceadaítear láithreacht “bhreithiúnais” a mheas.
Cás C-646/20.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:879

Cás C-646/20

Senatsverwaltung für Inneres und Sport, Standesamtsaufsicht

v

TB

(iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof)

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 15 Samhain 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora – Colscaradh – Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 – Airteagal 2, pointe 4, agus Airteagal 21 – An coincheap “breithiúnas” – Scaoileadh pósta arna chinneadh i gcomhaontú idir na céilí agus arna fhógairt ag oifigeach stádais shibhialta i mBallstát a aithint i mBallstát eile – Critéar lena gceadaítear láithreacht “bhreithiúnais” a mheas)

Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora – Rialachán Uimh. 2201/2003 – Aithint agus forghníomhú – An coincheap “breithiúnas” – Raon feidhme – Gníomh colscartha arna dhéanamh ag oifigeach stádais shibhialta de chuid Ballstáit i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit sin – Cur san áireamh

(Coinbhinsiún an 27 Meán Fómhair 1968, Airteagal 25; Rialachán Uimh. 2201/2003 ón gComhairle, Airteagal 2, pointe 4, Airteagail 21, 22 agus 46, agus Rialachán 2019/1111 ón gComhairle, aithris 14 agus Airteagail 30 agus 65)

(féach míreanna 48, 49, 53-55, 59-61, 67 agus an chuid oibríochtúil)

Résumé

Phós TB, a bhí dénáisiúntacht aici ón nGearmáin agus ón Iodáil, RD, náisiúnach Iodálach, i mBeirlín in 2013, áit ar iontráladh a bpósadh ar an gclár póstaí. In 2017, thionscain siad imeachtaí colscartha lasmuigh de na cúirteanna os comhair oifigeach stádais shibhialta Parma (an Iodáil). I gcomhréir le dlí na hIodáile, ( 1 ) tháinig siad os comhair an oifigigh sin roinnt uaireanta chun a dtoil chun a bpósadh a scaoileadh a chur in iúl agus a chinntiú. Ag deireadh na n-imeachtaí sin, d’eisigh an t-oifigeach sin, do TB, an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán IIa na Bruiséile, ( 2 ) lenar aithníodh a colscaradh le RD.

Ina dhiaidh sin, rinne TB iarratas an colscaradh a iontráil ar chlár póstaí Bheirlín. D’eascair díospóid as an iarratas sin maidir le cé acu an raibh nó nach raibh gá le haitheantas roimh ré ó údarás breithiúnach inniúil an chúige chónaidhmigh chun an colscaradh a iontráil, dá bhforáiltear i ndlí na Gearmáine maidir le breithiúnais eachtracha in ábhair maidir le pósadh. Agus achomharc os a chomhair, chinn an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin) ceist a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais maidir leis an gcoincheap “breithiúnas” colscartha de réir bhrí Rialachán IIa na Bruiséile. Go háirithe, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an bhfuil feidhm ag na rialacha aitheanta a leagtar síos leis an Rialachán sin maidir le breithiúnais cholscartha i gcás colscaradh seachbhreithiúnach amhail an colscaradh dá bhforáiltear le dlí na hIodáile, sa chaoi nach bhfuil gá le haon nós imeachta um aitheantas roimh ré sa Ghearmáin.

Cinneann an Chúirt, agus í ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, gurb ionann gníomh colscartha arna dhéanamh ag oifigeach stádais shibhialta de Bhallstát, ina bhfuil comhaontú colscartha arna chur i gcrích ag na céilí agus arna chinntiú acu os comhair an oifigigh sin i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit sin, go háirithe chun críocha cur i bhfeidhm na rialach aitheanta dá bhforáiltear in Airteagal 21(1) de Rialachán IIa na Bruiséile, agus “breithiúnas”, de réir bhrí Airteagal 2, pointe 4 den Rialachán sin.

Measúnú na Cúirte

Sa chéad áit, ag féachaint go háirithe do na sainmhínithe ar “bhreithiúnas” agus ar “chúirt nó binse” in Airteagal 2, pointí 1 agus 4 de Rialachán IIa na Bruiséile, cuireann an Chúirt in iúl go gcumhdaítear leis na breithiúnais cholscartha a thugtar i mBallstát ( 3 ) ag deireadh nós imeachta breithiúnach nó seachbhreithiúnach, chomh fada is a bhronntar le dlí na mBallstát inniúlacht i gcúrsaí colscartha ar na húdaráis sheachbhreithiúnacha freisin. Dá bhrí sin, ní mór gach breithiúnas a thugann údaráis sheachbhreithiúnacha inniúla den sórt sin, i bprionsabal, de bhun Airteagal 21 de Rialachán IIa na Bruiséile, a aithint go huathoibríoch sna Ballstáit eile.

Sa dara háit, maidir le leibhéal an smachta nach mór don údarás inniúil a fheidhmiú in ábhair maidir le colscaradh ionas go bhféadfar an gníomh colscartha a dhéanann sé, go háirithe i gcomhthéacs colscartha trí chomhthoiliú, a aicmiú mar “bhreithiúnas”, sonraíonn an Chúirt, ar bhonn a cásdlí ( 4 ) maidir le breithiúnais a aithint, nach mór do gach údarás poiblí atá air “breithiúnas” a ghlacadh, de réir bhrí Airteagal 2(4) de Rialachán IIa na Bruiséile, smacht a choinneáil ar fhógairt an cholscartha. Tugann an coinníoll sin le tuiscint, i gcomhthéacs colscarthaí trí chomhthoiliú, go bhfuil ar an údarás poiblí scrúdú a dhéanamh ar choinníollacha an cholscartha i bhfianaise an dlí náisiúnta agus réaltacht agus bailíocht thoil na gcéilí atá ag colscaradh.

Cuireann an Chúirt in iúl freisin gur caomhnaíodh an coinníoll sin freisin, chun críocha an leanúnachais, i Rialachán IIb na Bruiséile, ( 5 ) lenar athmhúnlaíodh Rialachán IIa na Bruiséile agus lenar aisghaireadh an Rialachán sin freisin, le héifeacht ón 1 Lúnasa 2022. Eascraíonn sé as bunús Rialachán IIb na Bruiséile gur dhírigh reachtóir an Aontais ní ar rialacha nua a leagan síos, ach, ar thaobh amháin, ar raon feidhme na rialach arna leagan síos cheana féin in Airteagal 46 de Rialachán IIa na Bruiséile maidir le hionstraimí barántúla agus comhaontuithe idir páirtithe a “shoiléiriú” agus, ar an taobh eile, an critéar lena gceadaítear idirdhealú a dhéanamh idir an coincheap “breithiúnas” agus na coincheapa “ionstraim bharántúil” agus “comhaontú idir páirtithe”, eadhon, an critéar maidir le scrúdú ar an tsubstaint.

Dá bhrí sin, nuair a fhormheasann údarás seachbhreithiúnach inniúil comhaontú colscartha, tar éis scrúdú ar an tsubstaint, aithnítear an comhaontú sin mar “bhreithiúnas”, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán IIa na Bruiséile agus Airteagal 30 de Rialachán IIb na Bruiséile Ar an taobh eile, aithnítear comhaontuithe colscartha eile atá éifeacht cheangailteach dhlíthiúil sa Bhallstát tionscnaimh acu, de réir an cháis, mar ionstraimí barántúla nó comhaontuithe, i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán IIa na Bruiséile agus Airteagal 65 de Rialachán IIb na Bruiséile.

I bhfianaise na mbreithnithe sin, cinneann an Chúirt, sa chás seo, go bhfuil “breithiúnas” ann, de réir bhrí Airteagal 2, pointe 4 de Rialachán IIa na Bruiséile.

Faoi dhlí na hIodáile, ( 6 ) ní mór don oifigeach stádais shibhialta glacadh le, go pearsanta agus faoi dhó, laistigh de thréimshe, ar a laghad, tríocha lá, dearbhú gach céile, lena dtugtar le tuiscint go n-áirithíonn sé carachtar bailí, saor agus feasach dá dtoiliú chun colscaradh. Thairis sin, déanann an t-oifigeach sin scrúdú ar ábhar an chomhaontaithe colscartha, ag cinntiú, go háirithe, nach mbaineann an comhaontú sin ach le scaoileadh an phósta nó le deireadh a chur le héifeachtaí sibhialta an phósta, agus nach mbaineann sé le haon aistriú maoine, agus nach bhfuil aon leanaí mionaoiseacha nó lán-aoise le heaspa inniúlacht iomlán, faoi mhíchumas trom nó nach bhfuil neamhspleách go heacnamaíoch ag na céilí. Mura gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dlíthiúla arna leagan síos le dlí na hIodáile, níl an t-oifigeach stádais shibhialta údaraithe chun an colscaradh a fhógairt.


( 1 ) Airteagal 12 de Decreto-legge no 132 – Misure urgenti di degiurisdizionalizzazione ed altri interventi per la definizione dell’arretrato in materia di processo civile (Dlí Foraithne Uimh. 132 lena leagtar síos bearta práinneacha um athstiúradh agus idirghabhálacha eile chun an mhoill maidir le himeachtaí sibhialta a laghdú) an 12 Meán Fómhair (GURI Uimh. 212, an 12 Meán Fómhair 2014), arna thiontú sa dlí, le leasuithe, le Dlí Uimh. 162 an 10 Samhain 2014 (GURI Uimh. 261, an 10 Samhain 2014) (“Dlí Foraithne Uimh. 132/2014”).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 i dtaca le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO 2003 L 338, lch. 1“Rialachán IIa na Bruiséile”).

( 3 ) De bhun Airteagal 2, pointe 3 de Rialachán IIa na Bruiséile, cumhdaítear leis an bhfrása “Ballstát”, Ballstáit uile an Aontais, seachas Ríocht na Danmhairge.

( 4 ) Breithiúnais an 2 Meitheamh 1994, Solo Kleinmotoren (C 414/92, EU:C:1994:221) agus an 20 Nollaig 2017, Sahyouni (C 372/16, EU:C:2017:988).

( 5 ) Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (IO 2019 L 178, lch. 1, “Rialachán IIb na Brúiséile”).

( 6 ) Airteagal 12 de Dhlí Foraithne Uimh. 132/2014.

Top