Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0632

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Eanáir 17.
    Ríocht na Spáinne v An Coimisiún Eorpach.
    Achomharc – Caidreamh seachtrach – Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile – Cumarsáid leictreonach – Rialachán (AE) 2018/1971 – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Airteagal 35(2) – Rannpháirtíocht údarás rialála na Cosaive sa chomhlacht sin – Coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” – Inniúlacht an Choimisiúin Eorpaigh.
    Cás C-632/20 P.

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:28

    Cás C-632/20 P

    Ríocht na Spáinne

    v

    an Coimisiún Eorpach

    Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Eanáir 2023

    (Achomharc – Caidreamh seachtrach – Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile – Cumarsáid leictreonach – Rialachán (AE) 2018/1971 – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Airteagal 35(2) – Rannpháirtíocht údarás rialála na Cosaive sa chomhlacht sin – Coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” – Inniúlacht an Choimisiúin Eorpaigh)

    1. Achomharc – Saincheisteanna dlí – Earráid dlí – Cinneadh an Choimisiúin lena n‑údaraítear rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Coincheapa “tríú tír” agus “tríú Stát” – Léirmhíniú – Neamhréireachtaí idir na leaganacha teanga difriúla – Réasúnaíocht neamhleor

      (Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 36; Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2018/1971, Airteagal 35(2))

      (féach míreanna 37-41, 43-47)

    2. Achomharc – Saincheisteanna dlí – Forais le haghaidh breithiúnais arna chur ó bhail le sárú ar dhlí an Aontais – Cuid oibríochtúil a bunaíodh ar fhorais dlí eile – Diúltú

      (Airteagal 256(1), dara mír, CFAE; Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airteagal 58, an chéad mhír)

      (féach mír 48)

    3. Comhaontuithe idirnáisiúnta – Comhar teicniúil – Cumarsáid leictreonach – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Rannpháirtíocht údaráis rialála tríú tíortha – Tríú tír – Coincheap – Eintiteas críche lasmuigh den Aontas – Stádas an Stáit neamhspleách nach bhfuil aitheanta ag an Aontas – an Chosaiv – Cuimsiú

      (Airteagail 212, 216 go 218 CFAE; Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2018/1971, Airteagal 35(2))

      (féach míreanna 50-53, 64)

    4. Comhaontuithe idirnáisiúnta – Comhar teicniúil – Cumarsáid leictreonach – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Rannpháirtíocht údaráis rialála tríú tíortha sa chomhlacht sin – Comhaontú leis an Aontas chuige sin – Coincheap – Comhaontú idir an tAontas agus ábhar eile de chuid an dlí idirnáisiúnta poiblí – Comhaontú ina bhfuil forálacha a fheidhmíonn mar bhonn comhoibrithe idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann i réimse na cumarsáide leictreonaí – Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Chosaiv – Cuimsiú

      (Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile, AirtEagal 111; Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2018/1971, Airteagal 35(2))

      (féach míreanna 54-57, 59-61, 80-85, 87, 93)

    5. Comhaontuithe idirnáisiúnta – Comhar teicniúil – Cumarsáid leictreonach – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Rannpháirtíocht údaráis rialála tríú tíortha sa chomhlacht sin – Tríú tír – Coincheap – Eintitis faoi réir an dlí idirnáisiúnta, a bhféadfadh cearta agus oibleagáidí a bheith acu – an Chosaiv – Cuimsiú – Aitheantas intuigthe ag an Aontas don Chosaiv mar Stát neamhspleách – Éagmais

      (Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile, Airteagal 111; Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2018/1971, Airteagal35(2), dara mír)

      (féach míreanna 69-72, 86)

    6. Comhaontuithe idirnáisiúnta – Comhar teicniúil – Cumarsáid leictreonach – Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Rannpháirtíocht údaráis rialála tríú tíortha – Socruithe oibre maidir leis an rannpháirtíocht sin – Nós imeachta cinnidh – Ceanglas i leith comhréireachta le forálacha na gcomhaontuithe a tugadh chun críche leis an Aontas maidir leis an rannpháirtíocht sin – Inniúlacht an Choimisiúin chun socruithe den sórt sin a bhunú go haontaobhach – Éagmais

      (Airteagal 17 CFAE; Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2018/1971, Airteagal 35(2), dara mír)

      (féach míreanna 109-125)

    7. Caingean le haghaidh neamhniú – Breithiúnas lena ndéantar neamhniú – Éifeachtaí – Teorainn ag an gCúirt – Cinneadh an Choimisiúin lena n-údaraítear rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) – Cothabháil éifeachtaí an chinnidh sin go dtí go ndéanfar é a ionadú laistigh d’am réasúnta – Údar bunaithe ar chúiseanna a bhaineann le hiarmhairtí díobhálacha tromchúiseacha

      (Airteagal 264, dara mír, CFAE; Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2018/1971, Airteagal 35(2))

      (féach míreanna 133-137)

    Résumé

    Idir 2001 agus 2015, shínigh an tAontas Eorpach comhaontuithe Ccbhsaíochta agus comhaontuithe (CCCanna) le sé thír de chuid na mBalcán Thiar, an Chosaiv san áireamh. Sa chomhthéacs sin, d’iarr an Coimisiún Eorpach gníomhartha chun go ndéanfar, inter alia, reachtaíocht na dtíortha seo a ailíniú le reachtaíocht an Aontais agus na Balcáin Thiar a chomhtháthú i gcomhlachtaí rialála a bhí ann cheana féin, amhail Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) a bunaíodh le Rialachán 2018/1971 ( 1 ). D’fhonn caidreamh níos dlúithe a chruthú idir údaráis náisiúnta rialála (ÚNRanna) an Aontais agus na mBalcán Thiar, ghlac an Coimisiún, an 18 Márta 2019, sé chinneadh maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thíortha na mBalcán Thiar in BEREC. Ina measc siúd, tá cinneadh faoinar cheadaigh an Coimisiún do ÚNR na Cosaive páirt a ghlacadh i mBord Rialtálaithe agus meithleacha BEREC agus i mBord Bainistíochta Oifig BEREC (“an cinneadh faoi chonspóid”) ( 2 ).

    Bhí caingean tugtha ag Ríocht na Spáinne chun an cinneadh faoi chonspóid a neamhniú ar an bhforas gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971 ( 3 ). Mhaígh sí, go bunúsach, gur sháraigh an cinneadh sin an coincheap “tríú tír” a úsáideadh san fhoráil sin, agus nach féidir leis an gCosaiv teacht faoi raon na forála sin ós rud é nach Stát ceannasach í. Dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean sin ina hiomláine ina breithiúnas an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn v an Coimisiún ( 4 ) (“an breithiúnas faoi achomharc”).

    In achomharc a thug Ríocht na Spáinne, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, breithiúnas na Cúirte Ginearálta agus an cinneadh faoi chonspóid ón gCoimisiún ar neamhní, ar an bhforas go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í den tuairim ( 5 ) gur leis an Coimisiún amháin, faoi Airteagal 17 CAE, an inniúlacht chun na socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha in BEREC a bhunú, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971.

    Breithniú na Cúirte

    Sa chéad áit, maidir leis an gcoincheap “tríú tír” a úsáidtear in Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971, measann an Chúirt, ar dtús, nach féidir a bhrí a chinneadh le léirmhíniú litriúil ar na Conarthaí. Thairis sin, ní úsáideann gach leagan teanga de Chonarthaí AE agus FAE na téarmaí “tríú Stát” agus “tríú tír” le chéile. Mar sin féin, ní mór forálacha dhlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, i bhfianaise na leaganacha a dréachtaíodh i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh agus, i gcás éagsúlacht idir na leaganacha éagsúla sin, ní mór an fhoráil atá i gceist a léirmhíniú trí thagairt a dhéanamh do scéim ghinearálta agus do chuspóir na reachtaíochta ar cuid di í. Ní féidir leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i gceann amháin de na leaganacha teanga de fhoráil de dhlí an Aontais feidhmiú mar an t‑aon bhunús amháin le léirmhíniú na forála sin. Sa chás seo, chinn an Chúirt Ghinearálta, agus í den tuairim go gceadaítear le forálacha Chonradh FAE a bhaineann le “tríú Stát” comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích le heintitis “nach Stáit iad”, gur bhain scóip an choincheapa “tríú tír”, de réir bhrí Airteagal 35(2), le níos mó ná Stáit cheannasacha amháin. Cinneadh sin, áfach, gan an Chúirt Ghinearálta ag cur san áireamh na difríochtaí idir na leaganacha teanga de Chonarthaí AE agus FAE, cé nach dtacaíonn an fhoclaíocht leis an gconclúid go bhfuil difríocht brí idir na téarmaí “tríú tír” agus “tríú Stát”. Thairis sin, ós rud é nach bhfuil an téarma “tríú tír” le feiceáil sna leaganacha teanga go léir de Rialachán 2018/1971, agus nach n‑úsáidtear ach coibhéis an téarma “tríú Stát” i gcuid acu, cinneann an Chúirt go bhfuil hearráid dlí déanta ag an gCúirt Ghinearálta ina réasúnaíocht.

    Ós rud é go raibh an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas atá faoi achomharc, áfach, bunaithe ar fhorais dhlíthiúla eile, scrúdaíonn an Chúirt Bhreithiúnais ansin an raibh an Chúirt Ghinearálta i dteideal teacht ar an gconclúid nár sháraigh an Coimisiún Airteagal 35 de Rialachán 2018/1971 agus í ag caitheamh leis an gCosaiv mar “thríú tír” de réir bhrí na forála sin. Maidir leis sin, d’fhonn éifeachtacht Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 a chinntiú, ní mór a bheith in ann caitheamh le heintiteas críche atá suite lasmuigh den Aontas Eorpach nach bhfuil aitheanta ag an Aontas Eorpach mar Stát neamhspleách ar an mbealach céanna le “tríú tír” de réir bhrí na forála sin, agus gan an dlí idirnáisiúnta á shárú. I gcás na Cosaive, mheas an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta nár sáraíodh, agus dearbhú neamhspleáchais na Cosaive an 17 Feabhra 2008 á ghlacadh, an dlí idirnáisiúnta ginearálta, Rún Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 1244 (1999) ná an creat bunreachtúil is infheidhme ( 6 ). Thairis sin, mar a deirtear sa chéad nóta bun leathanaigh leis an gcinneadh faoi chonspóid, ní chuireann an comhshamhlú sin thuasluaite isteach ar sheasaimh aonair na mBallstát maidir le cibé an bhfuil stádas mar Stát neamhspleáchag an gCosaiv, mar a éilíonn a údaráis. Measann an Chúirt, mar sin, gur féidir caitheamh leis an gCosaiv mar “thríú tír” de réir bhrí Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 gan an dlí idirnáisiúnta a shárú.

    Thairis sin, maidir le “tríú tíortha” a chomhtháthú sa chóras rannpháirtíochta dá bhforáiltear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, meabhraíonn an Chúirt go bhfuil, de réir na forála sin, rannpháirtíocht ÚNRanna ó thíortha den sórt sin faoi réir dhá choinníoll charnacha, agus iad sin go bhfuil ann do “chomhaontú” leis an Aontas Eorpach, de pháirt amháin, agus gur tugadh an comhaontú sin i gcrích “chuige sin”, den pháirt eile. Tá roinnt comhaontuithe curtha i gcrích ag an Aontas leis an gCosaiv, rud a aithníonn a chumas comhaontuithe den sórt sin a thabhairt chun críche. Ina measc, tá CCC na Cosaive ( 7 ), lena bhforáiltear in Airteagal 111 go mbainfidh an comhar maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí go príomha leis na réimsí tosaíochta de acquis an Aontais san earnáil seo agus go neartóidh na páirtithe an comhar sin. Dá bhrí sin, ní mór a mheas gur tugadh CCC na Cosaive i gcrích chun rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive i gcomhlachtaí BEREC a chumasú, ós rud é go bhfuil Airteagal 111 den chomhaontú sin dírithe ar ghlacadh acquis an Aontais agus ar an gcomhar idir na páirtithe i réimse na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a neartú. Ar deireadh, tugann an Chúirt dá haire, de réir chuspóir an chomhair a shaothraítear, go n-osclaíonn Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 comhlachtaí áirithe BEREC do rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha atá inniúil go príomha i réimse na cumarsáide leictreonaí. I bhfianaise na dtosca sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh nár sháraigh an Coimisiún, leis an gcinneadh faoi chonspóid, Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, agus í á mheas go bhféadfaí caitheamh leis an gCosaive mar “thríú tír” de réir bhrí na forála sin.

    Sa dara háit, maidir le léirmhíniú na Cúirte Ginearálta ar na hiarmhairtí atá ann toisc nach bhfuil seasamh ag an Aontas Eorpach maidir le stádas na Cosaive faoin dlí idirnáisiúnta, ní sháraítear leis an gcinneadh faoi chonspóid CCC na Cosaive ná Rialachán 2018/1971 toisc amháin go mbunaítear comhoibriú le ÚNRA na Cosaive leis trí na gníomhartha sin a chur i bhfeidhm agus nach dtugann sé aitheantas don Chosaiv mar thríú Stát. Dá bharr sin, ní féidir glacadh an chinnidh faoi chonspóid ag an gCoimisiún a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go bhfuil aitheantas intuigthe tugtha ag an Aontas do stádas na Cosaive mar Stát neamhspleách.

    Sa tríú háit, maidir leis an bpléadáil ina líomhnaítear go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart agus í ag breithniú go bhfreagraíonn an comhar dá dtagraítear in Airteagal 111 de CCC na Cosaive don rannpháirtíocht a shamhlaítear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, measann an Chúirt nach bhfuil bunús leis sin, agus í den tuairim go háirithe gurb ionann an fhoráil sin de CCC na Cosaive agus comhaontú “chuige sin”, de réir bhrí Rialachán 2018/1971. Samhlaítear le hAirteagal 35(1) den Rialachán sin céimeanna agus cineálacha éagsúla comhoibrithe, go háirithe trí shocruithe oibre le ÚNRanna ó thríú tíortha. Ar an taobh eile, ní féidir rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive i gcomhlachtaí BEREC a ionannú le comhtháthú an ÚNR sin sa chomhlacht sin de chuid an Aontais. Ina theannta sin, ní cheadaíonn rannpháirtíocht ÚNR na Cosaive in BEREC don Chosaiv cur le forbairt rialacha earnála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach.

    Mar sin féin, sa cheathrú háit, seasann an Chúirt le hachomharc Ríocht na Spáinne sa mhéid is go mbaineann sé, go bunúsach, le heaspa inniúlachta an Choimisiúin. Tugann sí faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhféadfaí an cinneadh faoin chonspóid a ghlacadh ar bhonn Airteagal 17 CAE mar chuid d’fheidhmeanna feidhmiúcháin nó ionadaíochta seachtracha an Choimisiúin, ós rud é nár iarradh ar an gCoimisiún ach amháin, i gcomhthéacs ghlacadh na socruithe oibre atá i gceist, cumhacht athbhreithnithe a fheidhmiú. Go háirithe, leanann sé ó Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971 nach é cuspóir na socruithe oibre ionadaíocht sheachtrach an Aontais a sholáthar mar sin, ach a shonrú, inter alia, cineál, méid agus coinníollacha na rannpháirtíochta in obair chomhlachtaí Aontais maidir le ÚNRanna ó thríú tíortha a chuir comhaontuithe i gcrích leis an Aontas Eorpach chuige sin. Ansin, cé nach luaitear in Airteagal 35(2) de Rialachán 2018/1971, mar a luaitear i mír 1, go mbunóidh BEREC agus Oifig BEREC socruithe oibre, “tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún”, ní chiallaíonn sé sin gur leis an gCoimisiún an inniúlacht chun na socruithe sin a chruthú leis na ÚNRanna ó thríú tíortha. Ní thugtar amhras ar an gcinneadh sin toisc gur cineál comhoibrithe níos dlúithe le ÚNRanna ó thríú tíortha é rannpháirtíocht in obair BEREC agus Oifig BEREC, dá bhforáiltear san fhoráil sin, ná mar a bheidh ann faoi Airteagal 35(1) den Rialachán sin. Ar deireadh, níl an fhíric go bhféadfadh an Coimisiún cinneadh aontaobhach a dhéanamh maidir le socruithe oibre áirithe i ndáil le rannpháirtíocht in obair BEREC agus Oifig BEREC, gan a gcomhaontú, inréitithe le neamhspleáchas BEREC agus sáraíonn sé an fheidhm rialaithe a shanntar leis an Rialachán don Choimisiún. Dá bhrí sin, agus í ag cinneadh gur leis an gCoimisiún an inniúlacht chun na socruithe oibre is infheidhme maidir le rannpháirtíocht ÚNRanna ó thríú tíortha, go háirithe ÚNR na Cosaive a bhunú, theip ar an gCúirt Ghinearálta aird a thabhairt ar leithdháileadh na gcumhachtaí ar roinnt na n‑inniúlachtaí idir, ar thaobh amháin, an Coimisiún agus, ar an taobh eile, BEREC agus Oifig BEREC, agus ar na rialacha lena ráthaítear neamhspleáchas BEREC atá leagtha síos sa Rialachán. Ba cheart socruithe den sórt sin a chomhaontú idir BEREC agus Oifig BEREC, de pháirt amháin, agus údaráis inniúla na dtríú tíortha sin, den pháirt eile, agus ba cheart go mbeadh siad údaraithe i gcomhpháirt, mar a léirítear i Rialachán 2018/1971 ( 8 ), ag an mBord Rialálaithe agus Stiúrthóir Oifig BEREC. Agus an Chúirt ag cinneadh nach leis an gCoimisiún an inniúlacht sin, cinneann sí go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ( 9 ) agus í ag cinneadh go raibh inniúlacht ag an gCoimisiún amháin chun na socruithe sin a bhunú.

    Cé go gcuireann sí an breithiúnas faoi achomharc agus an cinneadh faoi chonspóid ar neamhní, mar sin féin, coimeádann an Chúirt, i bhfianaise riachtanas na socruithe atá i gceist, éifeachtaí an chinnidh neamhnithe ar bun go dtí go gcuirfear gníomh nua ina ionad.


    ( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1211/2009 (IO 2018 L 321, lch. 1).

    ( 2 ) Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Márta 2019 maidir le rannpháirtíocht údarás rialála náisiúnta na Cosaive i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (IO 2019 C 115, lch. 26).

    ( 3 ) Faoin bhforáil sin, dar teideal “Comhar le comhlachtaí de chuid an Aontais, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta”: “ 1. A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach agus chun a chúraimí a chur i gcrích, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais, féadfaidh BEREC agus Oifig BEREC oibriú i gcomhar le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Chuige sin, féadfaidh BEREC agus Oifig BEREC, tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú. Ní chruthófar oibleagáidí dlí de bharr na socruithe sin. 2. Beidh an Bord Rialálaithe, na meithleacha agus an Bord Bainistíochta oscailte do rannpháirtíocht údarás rialála tríú tíortha a bhfuil an phríomhfhreagracht orthu i réimse na cumarsáide leictreonaí, i gcásanna ina bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas. Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, forbrófar socruithe oibre lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta údaráis rialála na dtríú tíortha sin lena mbaineann gan ceart vótála a bheith acu in obair BEREC agus Oifig BEREC, lena n-áirítear forálacha a bhaineann lena rannpháirtíocht i dtionscnaimh a chuireann BEREC i gcrích, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne Oifig BEREC. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne ar aon nós. [...]”

    ( 4 ) Breithiúnas an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn v an Coimisiún (T‑370/19, EU:T:2020:440).

    ( 5 ) Féach míreanna 77 agus 82 de bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn v an Coimisiún (T‑370/19, EU:T:2020:440).

    ( 6 ) Tuairim Chomhairleach na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 22 Iúil 2010, Comhréireacht an dearbhaithe neamhspleáchais aontaobhaigh maidir leis an gCosaiv le dlí idirnáisiúnta (Tuarascálacha CBI 2010, lch. 403).

    ( 7 ) Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (IO 2016 L 71, lch. 3, “CCC na Cosaive”).

    ( 8 ) Airteagail 9(i) agus 20(6)(m) de Rialachán 2018/1971.

    ( 9 ) Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn v an Coimisiún (T-370/19, EU:T:2020:440) míreanna 77 agus 82.

    Top