This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CJ0453
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Bealtaine 3.
CityRail a.s. v Správa železnic, státní organizace.
Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – An coincheap “cúirt nó binse” – Critéir struchtúracha agus fheidhmiúla – Cúraimí bhreithiúnacha agus riaracháin a fheidhmiú – Treoir 2012/34/AE – Airteagail 55 agus 56 – Comhlacht náisiúnta aonair um fhaireachán ar an earnáil iarnróid – Udarás maoirseachta earnála atá neamhspléach – Cumhacht chun ghníomhú ar a thionscnamh féin – Cumhacht chun pionóis a fhorchur – Cinntí atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach – Do-ghlachtacht na hiarrata ar réamhrialú.
Cás C-453/20.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Bealtaine 3.
CityRail a.s. v Správa železnic, státní organizace.
Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – An coincheap “cúirt nó binse” – Critéir struchtúracha agus fheidhmiúla – Cúraimí bhreithiúnacha agus riaracháin a fheidhmiú – Treoir 2012/34/AE – Airteagail 55 agus 56 – Comhlacht náisiúnta aonair um fhaireachán ar an earnáil iarnróid – Udarás maoirseachta earnála atá neamhspléach – Cumhacht chun ghníomhú ar a thionscnamh féin – Cumhacht chun pionóis a fhorchur – Cinntí atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach – Do-ghlachtacht na hiarrata ar réamhrialú.
Cás C-453/20.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:341
Cás C‑453/20
CityRail a.s.
v
Správa železnic, státní organizace
(iarraidh ar réamhrialú ón Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře)
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 3 Bealtaine 2022
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – An coincheap “cúirt nó binse” – Critéir struchtúracha agus fheidhmiúla – Cúraimí bhreithiúnacha agus riaracháin a fheidhmiú – Treoir 2012/34/AE – Airteagail 55 agus 56 – Comhlacht náisiúnta aonair um fhaireachán ar an earnáil iarnróid – Udarás maoirseachta earnála atá neamhspléach – Cumhacht chun ghníomhú ar a thionscnamh féin – Cumhacht chun pionóis a fhorchur – Cinntí atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach – Do-ghlachtacht na hiarrata ar réamhrialú)
Ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú – Cás a thabhairt os comhair na Cúirte – Cúirt nó binse náisiúnta de réir bhrí Airteagal 267 CFAE – Coincheap – Cinneadh ar bhonn critéir struchtúracha agus fheidhmiúla – Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře (Oifig um Rochtain ar Bhonneagar Iompair, Poblacht na Seice) – Comhlacht a chomhlíonann feidhmeanna nach feidhmeanna de chineál breithiúnach iad, ach ar feidhmeanna de chineál riaracháin iad – Toirmeasc
(Airt. 267 CFAE)
(féach míreanna 41 - 50, 53, 60 - 63, 67 - 69, 71 agus an chuid oibríochtúil.)
Résumé
Tá Správa železnic, comhlacht poiblí arna chruthú leis an dlí, freagrach as gréasán iarnróid a bhainistiú agus as saoráidí seirbhíse lena mbaineann i bPoblacht na Seice. Rinne sé ráiteas gréasáin, de réir bhrí Threoir 2012/34, lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid, a dhréachtú agus a fhoilsiú ( 1 ), ina leagtar amach, inter alia, na coinníollacha lena rialaítear rochtain ar shaoráidí áirithe ón 1 Aibreán 2020 ar aghaidh.
Rinne an gnóthas iarnróid CityRail na coinníollacha sin a chonspóid, ar bhonn an Ghnímh maidir le hIarnróid, ( 2 ) os comhair na hOifige um Rochtain ar Bhonneagar Iompair (“an Oifig”), ( 3 ) ina cáil mar chomhlacht rialála náisiúnta don earnáil iarnróid, ar an bhforas go dtagann siad salach ar na rialacha dá bhforáiltear le Treoir 2012/34.
Agus amhras uirthi an bhfuil na coinníollacha sin i gcomhréir le Treoir 2012/34 agus leis na coinníollacha sin den dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí leis an Treoir sin, chinn an Oifig ceisteanna a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú.
I mbreithiúnas arna thabhairt ag an Mór-Dhlísheomra, diúltaíonn an Chúirt, toisc í a bheith do-ghlactha, don iarraidh ar réamhrialú a rinne an Oifig, ar an bhforas, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, go bhfuil an Oifig i mbun feidhmeanna nach bhfuil de chineál breithiúnach, ach de chineál riaracháin. Dá bhrí sin, ní féidir a mheas gur de chineál “cúirt nó binse” í an Oifig de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.
Breithniú na Cúirte Breithiúnais
Thosaigh an Chúirt amach leis an gcásdlí comhsheasmhach san ábhar a thabhairt chun cuimhne, ( 4 ) ar dá réir, lena mheasúnú an bhfuil an comhlacht a rinne an tarchur ina “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, ceist a thagann faoi dhlí an Aontais amháin, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais roinnt tosca san áireamh, amhail ar bunaíodh an comhlacht le dlí, an bhfuil sé buan, an bhfuil a dhlínse éigeantach, an bhfuil a nós imeachta sáraitheach, an gcuireann an comhlacht sin riail dlí i bhfeidhm agus an bhfuil sé neamhspleách. Thairis sin, ní fhéadfaidh cúirteanna náisiúnta ceist a tharchur chuig an gCúirt ach amháin má tá cás ar feitheamh os a gcomhair agus má iarrtar orthu breithiúnas a thabhairt in imeachtaí a raibh sé i gceist leo breith de chineál breithiúnach a thabhairt. ( 5 )
Uime sin, cinntear údarás comhlachta chun cás a thabhairt os comhair na Cúirte bunaithe ar chritéir struchtúracha agus fheidhmiúla araon. Mar sin, féadfar comhlacht náisiúnta a aicmiú mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, i gcás ina bhfuil cúraimí bhreithiúnacha á bhfeidhmiú aige, cé nach féidir an stádas sin a aithint agus cúraimí eile, á bhfeidhmiú. Tugtar le tuiscint uaidh sin, dar leis an gCúirt, gur gá cineál sonrach na gcúraimí éagsúla arna gcur leis an dlí ar chomhlacht náisiúnta, a bhíonn á bhfeidhmiú aige i gcomhthéacs dlí ar leith ina n‑iarrtar air cás a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais, a fhíorú lena fhionnadh an gcaithfear é a aicmiú mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE. ( 6 )
Cuireann an Chúirt i dtreis go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bhfíorú sin i gcás údarás riaracháin a bhfuil a neamhspleáchas ina iarmhairt dhíreach ar na ceanglais a eascraíonn as forálacha dhlí an Aontais lena dtugtar cumhachtaí rialála earnála agus faireacháin margaidh dóibh. Bíodh is gur dócha gur féidir leis na húdaráis sin na critéir dá dtagraítear thuas a chomhlíonadh, critéir a eascraíonn as an mbreithiúnas in Vaassen‑Göbbels, is de chineál riaracháin go bunúsach earnáil a ghrinnscrúdú agus faireachán a dhéanamh ar na margaí, a mhéid atá baint aige le hinniúlachtaí a fheidhmiú nach luíonn leo a thugtar do na cúirteanna.
Ina dhiaidh sin féin, sa bhreithiúnas in Westbahn Management, ( 7 ) a bhfuil an Oifig ag brath air, níor scrúdaigh an Chúirt ach na critéir a d’eascair as breithiúnas Vaassen‑Göbbels agus ceist le haghaidh réamhrialú de chuid Schienen‑Control Kommission (Coimisiún Rialála Iarnróid, an Ostair) os a comhair, agus mar sin mar sin mhainnigh sí scrúdú a dhéanamh ar fheidhmigh an comhlacht sin feidhmeanna breithiúnacha i gcomhthéacs an nós imeachta ina ndearnadh an iarraidh sin.
Chuige sin, sonraíonn an Chúirt is tásca iad an chumhacht chun tús a chur le himeachtaí ar a tionscamh féin agus an chumhacht chun pionóis a fhorchur, ar a tionscnamh féin chomh maith, in ábhair a thagann faoina inniúlacht nach bhfuil feidhmeanna breithiúnacha ach feidhmeanna riaracháin á bhfeidhmiú ag an gcomhlacht atá i gceist. Ina theannta sin, ní bhaineann tábhacht chinntitheach leis an gceist i dtaobh i dtaobh arbh é páirtí leasmhar a rinne na himeachtaí as ar eascair iarraidh ar réamhrialú a thionscnamh, sa chás ina bhfhéadfaí an nós imeachta seo a thionscnamh ex officio. Sonraíonn an Chúirt chomh maith go bhfuil ról agus áit comhlachta sa dlíchóras náisiúnta ábhartha agus cineál feidhmeanna comhlachta á mheasúnú.
Sa chás seo, déanann an Chúirt scrúdú ar dtús, go bunúsach, ar chineál agus ar fheidhm comhlachta rialála, amhail an Oifig, sa chóras bainistíochta agus rialaithe ar ghníomhaíochtaí iarnróid a bunaíodh le Treoir 2012/34. ( 8 )
I ndáil leis sin, tugtar le tuiscint ó na forálacha ábhartha de Threoir 2012/34, ( 9 ) go gceanglaítear, le bainistiú éifeachtúil agus úsáid chothrom agus neamh-idirdhealaitheach an bhonneagair iarnróid, dá bhforáiltear leis an Treoir sin, údarás a bhunú atá freagrach as faireachán a dhéanamh, ar a thionscnamh féin, ar chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos san earnáil iarnróid ag oibreoirí san earnáil sin agus as gníomhú mar chomhlacht athbhreithnithe. Fágann an carnadh feidhmeanna sin, i gcás ina ndéanfar achomharc os comhair comhlacht rialála ( 10 ) go bhfuil an fíoras sin gan dochar d’inniúlacht an chomhlachta sin bearta iomchuí a dhéanamh, más gá ar a thionscnamh féin, chun aon sárú ar an reachtaíocht is infheidhme a leigheas agus chun pionóis a fhorchur, má mheasann sé gur gá sin, ar tásca iad sin lena ndeimhnítear cineál riaracháin a fheidhmeanna. Thairis sin, foráiltear le Treoir 2012/34 ( 11 ) go n‑áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí a dhéanfaidh an comhlacht rialála faoi réir athbhreithniú breithiúnach, arb ionann é arís agus fianaise ar chineál riaracháin na gcinntí sin.
I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, scrúdaíonn an Chúirt ina dhiaidh sin, d’ainneoin chineál riaracháin comhlachta rialála, amhail an Oifig, an gá an comhlacht sin a mheas mar “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE i gcomhthéacs sonrach a fheidhmeanna sna príomhimeachtaí.
Chuige sin, tugann an Chúirt chun cuimhne gur tásca fíor-ábhartha iad go bhfuil an Oifig féin údaraithe chun na himeachtaí ina ndearnadh an iarraidh ar réamhrialú seo a thionscnamh agus go bhfuil sé de chumhacht aici mírialtachtaí a aimsiú ar a tionscnamh féin le linn na n-imeachtaí sin mar thaca leis an gcinneadh nach bhfuil cúraimí breithiúnacha ach cúraimí riaracháin á bhfeidhmiú ag an gcomhlacht sin sna príomhimeachtaí.
Ina theannta sin, is léir ón bhfaisnéis a sholáthraíonn an Oifig a sholáthair an Oifig go bhféadfar cinntí an chomhlachta sin a chur faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Sa chás, i gcomhréir leis na rialacha maidir le leithroinnt na dlínse a leagtar síos sna cóid nós imeachta shibhialta agus ceartais riaracháin, ina bhfuil dlínse ag na cúirteanna riaracháin chun caingean i gcoinne chinneadh na hOifige a éisteacht agus a chinneadh, tá stádas cosantóra ag an Oifig. Ina theannta sin, is léir ón gCód Nós Imeachta Sibhialta ( 12 ) go bhfuil an ceart ag an Oifig, os comhair na gcúirteanna sibhialta, a bhfuil dlínse acu inter alia, dar leis an Oifig, chun caingne i gcoinne cinntí a glacadh i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34 den Ghníomh maidir le hIarnróid a éisteacht agus a chinneadh, faoi mar atá sna príomhimeachtaí, chun barúlacha a thaisceadh., gan bheith ina páirtí sna himeachtaí. Mar sin féin, is léiriú í rannpháirtíocht den sórt sin ag an Oifig in imeachtaí achomhairc a bhaineann lena cinneadh féin nach bhfuil stádas tríú páirtí ag an Oifig maidir leis na leasanna atá i nuair a ghlacann sí an cinneadh sin agus, dá bhrí sin, nach bhfuil cúramaí breithiúnacha á bhfeidhmiú aici.
I bhfianaise na dtosca sin, cinneann an Chúirt, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, go bhfuil an Oifig i mbun feidhmeanna nach bhfuil de chineál breithiúnach, ach de chineál riaracháin. Ní féidir a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil sí ina “c[h]úirt nó binse” de réir bhrí Airteagal 267 CFAE, agus, dá thoradh sin, níl an iarraidh ar réamhrialú atá déanta aici inghlactha.
( 1 ) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO 2012 L 343, lch. 32), arna leasú le Treoir (AE) 2016/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 (IO 2016 L 352, lch. 1) (“Treoir 2012/34”), Airteagal 3(26).
( 2 ) Airteagal 34e de Dhlí Uimh. 266/1994 maidir le hiarnróid.
( 3 ) I bPoblacht na Seice, tá an Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře (Oifig um Rochtain ar Bhonneagar Iompair) ina chuid d’údaráis lárnacha riarachán an Stáit. Bunaíodh é le Dlí Uimh. 320/2016 maidir leis an Oifig um Rochtain ar Bhonneagar Iompair.
( 4 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Meitheamh 1966, Vaassen‑Göbbels (61/65, EU:C:1966:39, lch. 395; “an breithiúnas in Vaassen‑Göbbels”).
( 5 ) Ordú an 26 Samhain 1999, ANAS (C‑192/98, EU:C:1999:589, mír 21), agus breithiúnas an 31 Eanáir 2013, Belov (C‑394/11, EU:C:2013:48, mír 39).
( 6 ) Ordú an 26 Samhain 1999, ANAS (C‑192/98, EU:C:1999:589, míreanna 22 agus 23), agus breithiúnas an 31 Eanáir 2013, Belov (C‑394/11, EU:C:2013:48, míreanna 40 agus 41).
( 7 ) Breithiúnas an 22 Samhain 2012, Westbahn Management (C‑136/11, EU:C:2012:740).
( 8 ) Foráiltear le hAirteagail 55 agus 56 de Threoir 2012/34 go mbeidh, i ngach Ballstát, comhlachtaí náisiúnta rialála don earnáil iarnróid, bunaítear prionsabail a n‑eagraíochta leo agus cinntitear leo na cumhachtaí nach mór a bheith acu.
( 9 ) Airteagail 55 agus 56 de Threoir 2012/34, arna léamh i bhfianaise aithris 76 den Treoir sin.
( 10 ) Arna thionscnamh de bhun Airteagal 55 de Threoir 2012/34.
( 11 ) Airteagal 56(10) de Threoir 2012/34.
( 12 ) Airteagal 250c(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta.