Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0300

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Feabhra 22.
    Bund Naturschutz in Bayern e.V. v Landkreis Rosenheim.
    Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Treoir 2001/42/CE – Measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol – Airteagal 2(a) – Coincheap “pleananna agus ag cláir” – Airteagal 3(2)(a) – Gníomhartha arna dtarraingt suas le haghaidh earnálacha áirithe agus lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Threoir 2011/92/AE a údarú amach anseo – Airteagal 3(4) – Gníomhartha lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal a údarú amach anseo – Rialachán um chosaint tírdhreacha arna ghlacadh ag údarás áitiúil.
    Cás C-300/20.

    Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:102

    Cás C‑300/20

    Bund Naturschutz in Bayern e.V.

    agus

    Landkreis Rosenheim

    (Iarraidh ar réamhrialú, ón Bundesverwaltungsgericht)

    Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022

    (Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Treoir 2001/42/CE – Measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol – Airteagal 2(a) – Coincheap “pleananna agus ag cláir” – Airteagal 3(2)(a) – Gníomhartha arna dtarraingt suas le haghaidh earnálacha áirithe agus lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Threoir 2011/92/AE a údarú amach anseo – Airteagal 3(4) – Gníomhartha lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal a údarú amach anseo – Rialachán um chosaint tírdhreacha arna ghlacadh ag údarás áitiúil)

    1. Comhshaol – Measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol – Treoir 2001/42 – Plean agus clár – Coincheap – Beart náisiúnta dírithe ar an dúlra agus an tírdhreach a chosaint arna ghlacadh ag údarás áitiúil – Cuimsitheacht – Nádúr ginearálta agus teibí an Rialacháin sin – Ní bhaineann le hábhar

      [Treoir 2001/42 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airt. 2(a)]

      (féach pointí 35-41)

    2. Comhshaol – Measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol – Treoir 2001/42 – Raon feidhme – Pleananna agus cláir áirithe ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol – Earnálacha atá leagtha amach in Iarscríbhinní I agus II de Threoir 2011/92 – Beart náisiúnta dírithe ar an dúlra agus an tírdhreach a chosaint agus ina bhfuil rialacha maidir le gníomhaíochtaí ábhartha na n-earnálacha sin – Cuimsitheacht – Coinníollacha – Gníomh lena mbunaítear sraith shuntasach critéar agus nósanna imeachta chun ceann amháin nó níos mó de na tionscadail ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol a údarú agus a chur chun feidhme – Beart lena leagtar síos toirmisc ghinearálta chomh maith le ceanglais údaraithe gan rialacha atá mionsonraithe go leor ar na tionscnaimh sin – Gan a bheith faoi raon feidhme

      [Treoir 2001/42 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airt. 3, § 2(a), agus Treoir 2011/92 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Iarscríbhinní I agus II]

      (féach pointí 47-53, 55-70, cuid oibríochtúil 1)

    3. Comhshaol – Measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol – Treoir 2001/42 – Raon feidhme – Pleananna agus cláir áirithe ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol – Gníomhartha lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal sa todhchaí a údarú – Coincheap – Gníomh lena mbunaítear sraith shuntasach critéar agus nósanna imeachta chun ceann amháin nó níos mó de na tionscadail ar dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol a údarú agus a chur chun feidhme – Beart náisiúnta dírithe ar an dúlra agus an tírdhreach a chosaint lena leagtar síos toirmisc ghinearálta chomh maith le ceanglais údaraithe gan rialacha atá mionsonraithe go leor ar na tionscnaimh sin –Gan a bheith faoi raon feidhme

      (Treoir 2001/42 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airt. 3, § 4)

      (féach pointí 72-74, cuid oibríochtúil 2)

    Achoimre

    In 2013, ghlac Landkreis Rosenheim (ceantar riaracháin tuaithe Rosenheim, an Ghearmáin) Rialachán maidir le limistéar cosanta tírdhreacha (“Rialachán Inntal Süd”) ( 1 ), gan measúnú comhshaoil a dhéanamh roimh ré faoi Rialachán 2001/42 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol. ( 2 ) Chuir Rialachán Inntal Süd limistéar thart ar 4,021 heicteár faoi chosaint, limistéar atá tuairim is 650 heicteár níos lú ná an limistéar a bhí faoi chosaint sna rialacháin roimhe seo.

    Thug Bund Naturschutz in Bayern eV, comhlachas um chosaint an chomhshaoil, agóid i gcoinne an rialacháin seo os comhair Bayerischer Verwaltungsgerichtshof (Ard‑Chúirt Riaracháin na Baváire, an Ghearmáin). Diúltaíodh don éileamh mar éileamh neamh‑inghlactha, thaisc an comhlachas achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair an Bundesverwaltungsgericht (An Chúirt Chónaidhme Riaracháin, an Ghearmáin).

    Measann an chúirt sin gur plean nó clár de réir bhrí Threoir 2001/42 é Rialachán Inntal Süd. Mar sin féin, de bharr amhras na cúirte i dtaobh na hoibleagáide atá ar cheantar riaracháin tuaithe Rosenheim, faoin Treoir seo, measúnú comhshaoil a dhéanamh sula nglacfar an rialachán sin, chinn an chúirt an cheist seo a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú.

    Ina breithiúnas, arna thabhairt ag an Mór-Dhlísheomra, déanann an Chúirt Bhreithiúnais soiléiriú ar an gcoincheap maidir le pleananna agus cláir nach mór a bheith faoi réir measúnú comhshaoil faoi Threoir 2001/42.

    Breithniú na Cúirte Breithiúnais

    Mar réamhphointe, meabhraíonn an Chúirt Bhreithiúnais go gcumhdaíonn Treoir 2001/42 pleananna agus cláir, ar an gcéad dul síos, arna ndréachtú nó arna nglacadh ag údarás ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus, ar an taobh eile, a éilítear le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin.

    Maidir leis an dara coinníoll, is léir ón gcásdlí socraithe nach mór a mheas mar “riachtanach”, de réir bhrí agus chur chun feidhme na Treorach sin, pleananna agus cláir a bhfuil a nglacadh á rialú ag forálacha reachtacha nó rialála náisiúnta, lena gcinntear na húdaráis inniúla lena nglacadh mar aon lena nós imeachta dréachtaithe. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil beart “riachtanach” i gcás ina bhfuil bunús dlí sonrach sa dlí náisiúnta lena n-údaraítear do na húdaráis inniúla dul ar aghaidh lena ghlacadh, fiú mura bhfuil sé éigeantach go ndéanfaidh a leithéid de bheart a ghlacadh.

    Mar sin, ós rud é gur ghlac údarás áitiúil Rialachán Inntal Süd ar bhonn forála de dhlí na Gearmáine, is plean nó clár é de réir bhrí Threoir 2001/42. Ina leith sin, tugann an Chúirt Bhreithiúnais dá haire nach gcuireann nádúr ginearálta an Rialacháin sin, ina bhfuil forálacha ginearálta agus teibí a leagann amach ceanglais ghinearálta, bac ar aicmiú den sórt sin. Go deimhin, más rud é go bhfuil leibhéal áirithe astarraingthe ag gníomh náisiúnta agus go saothraíonn sé cuspóir maidir le limistéar geografach a athrú, is léiriú é ar a ghné phleanála nó chláir agus ní choisceann sé é a áireamh sa choincheap “pleananna agus cláir”.

    Ansin, scrúdaíonn an Chúirt Bhreithiúnais an bhfuil beart náisiúnta amhail Rialachán Inntal Süd, a bhfuil sé d’aidhm aige an dúlra agus an tírdhreach a chosaint agus chuige sin, lena leagtar síos toirmisc ghinearálta agus ceanglais údaraithe, faoi raon feidhme Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42. Déanann an fhoráil seo foráil don oibleagáid measúnú comhshaoil a dhéanamh ar gach plean agus clár a chomhlíonann dhá choinníoll charnacha.

    Ar an gcéad dul síos, ní mór do na pleananna nó na cláir “a bheith bainteach” nó “déileáil le” ceann de na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42. ( 3 ) Sa chás sin, is cosúil go sásaítear an chéad choinníoll seo de réir na Cúirte Breithiúnais, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur, áfach, atá sé é sin a fhíorú.

    I dtaca leis sin, soiléiríonn an Chúirt Bhreithiúnais, cé gur príomhchuspóir plean nó cláir é cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint an tírdhreacha, nach bhfhágann sé sin as an áireamh go bhféadfadh sé “a bheith bainteach” nó “déileáil le” ceann de na hearnálacha a liostaítear sa Treoir sin. Go deimhin, is é bunbhrí na mbeart a bhfuil raon feidhme ginearálta arna ndréachtú d’fhonn an comhshaol a chosaint go sonrach gníomhaíochtaí daonna a bhfuil éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol a rialáil, eadhon iad siúd a thagann faoi na hearnálacha dá dtagraítear.

    Ar an dara dul síos, ní mór do na pleananna nó na cláir creat a shainiú faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Threoir 2011/92 maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol ( 4 ) a údarú amach anseo.

    Tá an ceanglas seo comhlíonta nuair a bhunaítear le plean nó le clár sraith shuntasach critéar agus nósanna imeachta chun ceann amháin nó níos mó de na tionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus II de Threoir 2011/92, go háirithe maidir le suíomh, cineál, méid agus coinníollacha oibriúcháin de chuid tionscadal den sórt sin, nó leithdháileadh acmhainní a bhaineann leis na tionscadail sin a údarú agus a chur chun feidhme. Ar an lámh eile, ní dhéanann plean nó clár, amhail Rialachán Inntal Süd, ach cuspóirí cosanta tírdhreacha a shainiú i dtéarmaí ginearálta agus gníomhaíochtaí nó tionscadail sa limistéar cosanta a chur faoi réir oibleagáide údarúcháin, gan critéir ná nósanna imeachta chun na tionscadail sin a údarú agus a chur chun feidhme a leagan amach, cé gur dócha go n-imreoidh glacadh an rialacháin tionchar áirithe ar shuíomh na dtionscadal.

    I bhfianaise na bpointí sin, baineann an Chúirt Bhreithiúnais de thátal as nach plean nó clár é Rialachán Inntal Süd nach mór a bheith faoi réir measúnú comhshaoil faoi Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42, sa mhéid is nach ndéantar aon fhoráil maidir le rialacha atá mionsonraithe go leor a sholáthar maidir le hinneachar, mionsaothrú agus cur chun feidhme na dtionscadal a luaitear in Iarscríbhinn I agus II de Threoir 2011/92, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur, áfach, atá sé é sin a fhíorú.

    Ar deireadh, tá rialú déanta ag an gCúirt Bhreithiúnais nach dtagann beart náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige an dúlra agus an tírdhreach a chosaint agus chuige sin, lena leagtar síos toirmisc ghinearálta chomh maith le ceanglais údaraithe gan rialacha atá mionsonraithe go leor a sholáthar maidir le hinneachar, mionsaothrú agus cur chun feidhme na dtionscadal faoi Airteagal 3(4) de Threoir 2001/42, faoina bhfuil sé faoi na Ballstáit a chinneadh an mbeidh éifeachtaí suntasacha ag na pleananna agus na cláir, seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin, a shainíonn creat faoina bhféadfar cur chun feidhme tionscadal a údarú amach anseo, ar an gcomhshaol.


    ( 1 ) Verordnung des Landkreises Rosenheim über das Landschaftsschutzgebiet “Inntal Süd”.

    ( 2 ) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001, maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO 2001, L 197, lch. 30).

    ( 3 ) Is iad sin talmhaíocht, foraoiseacht, iascaireacht, fuinneamh, tionscal, iompar, bainistíocht dramhaíola, bainistíocht uisce, teileachumarsáid, turasóireacht, pleanáil uirbeach agus tuaithe nó úsáid talún.

    ( 4 ) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO 2012, L 26, lch. 1), curtha in ionad Threoir 85/337/CEE ón gComhairle, an 27 Meitheamh 1985, maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO 1985, L 175, lch. 40).

    Top