Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CJ0160

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Feabhra 22.
    Stichting Rookpreventie Jeugd e.a. v Staatssecretaris van Volksgezondheid, Welzijn en Sport.
    Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2014/40/AE – Monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac – Táirgí nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Toirmeasc ar iad a chur ar an margadh – Modh tomhais – Toitíní le scagaire a bhfuil micrea-phoill aerála acu – Tástálacha astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO – Caighdeáin nár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Comhréireacht le ceanglais foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla – Comhréireacht le prionsabal na trédhearcachta.
    Cás C-160/20.

    Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:101

    Cás C-64/20

    Stichting Rookpreventie Jeugd e.a.

    v

    Staatssecretaris van Volksgezondheid, Welzijn en Sport

    (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Rotterdam),

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022

    “Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2014/40/AE – Monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac – Táirgí nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Toirmeasc ar iad a chur ar an margadh – Modh tomhais – Toitíní le scagaire a bhfuil micrea-phoill aerála acu – Tástálacha astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO – Caighdeáin nár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Comhréireacht le ceanglais foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla – Comhréireacht le prionsabal na trédhearcachta”

    1. Comhfhogasú dlíthe – Monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac – Treoir 2014/40 – Comhábhair agus astaíochtaí – Uasleibhéil astaíochta tarra, nicitín, aonocsaíde carbóin agus substaintí eile – Modhanna tomhais – Toitíní nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Tomhas astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO

      (Treoir 2014/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 3(1) agus 4(1))

      (féach míreanna 29-33, cuid oibríochtúil 1)

    2. Comhfhogasú dlíthe – Monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac – Treoir 2014/40 – Comhábhair agus astaíochtaí – Uasleibhéil astaíochta tarra, nicitín, aonocsaíde carbóin agus substaintí eile – Modhanna tomhais – Toitíní nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Tomhas astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO – Gan na caighdeáin sin a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – Neamh-infheidhmeacht i gcoinne daoine aonair – Sárú ar phrionsabal na trédhearcachta – Easpa sáraithe den sórt sin – Bailíocht faoi Rialachán Uimh. 216/2013 agus faoi Airteagal 297(1) CFAE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla

      (Airteagal 297(1) CFAE; Rialachán Uimh. 216/2013 ón gComhairle; Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2014/40, Airteagail 3(1) agus 4(1))

      (Féach míreanna 35-38, 43-49, 51-53, cuid oibríochtúil 2)

    3. Comhfhogasú dlíthe – Monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac – Treoir 2014/40 – Comhábhair agus astaíochtaí – Uasleibhéil astaíochta tarra, nicitín, aonocsaíde carbóin agus substaintí eile – Modhanna tomhais – Toitíní nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Tomhas astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO – Rannpháirtíocht thionscal an tobac i socrú na gcaighdeán sin – Bailíocht faoi Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (CCRT)

      (Treoir 2014/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 3(1) agus 4(1))

      (féach míreanna 59-63, cuid oibríochtúil 3)

    4. Comhfhogasú dlíthe – Monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac – Treoir 2014/40 – Comhábhair agus astaíochtaí – Uasleibhéil astaíochta tarra, nicitín, aonocsaíde carbóin agus substaintí eile – Modhanna tomhais – Toitíní nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Tomhas astaíochtaí bunaithe ar chaighdeáin ISO – Measúnú ar bhailíocht na Treorach i bhfianaise staidéar a rinneadh tar éis dháta a glactha – Do-ghlacthacht – Bailíocht i bhfianaise Airteagal 114(3) CFAE de Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, agus Airteagail 24 agus 35 den Chairt

      (Airteagal 114(3) CFAE; Airteagail 24 agus 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Airteagail 3(1) agus 4(1) de Threoir 2014/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

      (féach míreanna 67-69, cuid oibríochtúil 4)

    5. Comhfhogasú dlíthe – Monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac – Treoir 2014/40 – Comhábhair agus astaíochtaí – Uasleibhéil astaíochta tarra, nicitín, aonocsaíde carbóin agus substaintí eile – Modhanna tomhais – Toitíní nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta – Tomhas na n-astaíochtaí atá curtha in oiriúint d’fhorbairtí eolaíocha agus teicniúla nó do chaighdeáin arna nglacadh ar an leibhéal idirnáisiúnta – Ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a bhreithniú – Fíorú cruinnis tomhais – Freagracht na saotharlann atá formheasta agus a ndéantar faireachán orthu ar an leibhéal náisiúnta

      (Airteagail 3(1), agus 4(1) agus (2) de Threoir 2014/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

      (féach míreanna 74-79, cuid oibríochtúil 5)

    Résumé

    Toitíní le scagaire: tá an modh arna bhunú ag ISO chun uasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a chinneadh, dá dtagraítear i ndlí an Aontais Eorpaigh, bailí agus infheidhmithe i gcoinne táirgeoirí toitíní

    Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil sé foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, níl an modh sin ina cheangal ar dhaoine aonair i gcoitinne, amhail comhlachais chun sláinte tomhaltóirí a chosaint

    I mí Iúil agus i mí Lúnasa 2018, chuir Stichting Rookpreventie Jeugd (Fondúireacht um chosc ar chaitheamh tobac i measc daoine óga, an Ísiltír) agus 14 eintiteas eile (“na hiarratasóirí”) iarratas ar urghaire chuig Nederlandse Voedsel- en Warenautoriteit (Údarás rialaithe táirgí bia agus tomhaltóirí na hÍsiltíre). D’iarr na hiarratasóirí ar an údarás sin, ar an gcéad dul síos, a áirithiú go gcomhlíonfadh toitíní le scagaire a thairgtear do thomhaltóirí san Ísiltír, nuair a úsáidtear iad chun na críche atá beartaithe dóibh, na huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin a leagtar síos le Treoir 2014/40 ( 1 ) agus, ar an dara dul síos, a ordú do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus do dháileoirí táirgí tobac toitíní le scagaire nach gcomhlíonann na huasleibhéil astaíochta sin a tharraingt siar ón margadh.

    Bhí an cinneadh diúltú don iarratas sin ina ábhar d’achomharc riaracháin a chuir na hiarratasóirí faoi bhráid an Státrúnaí. Tar éis an chaingean sin a dhíbhe, thug na hiarratasóirí caingean bhreithiúnach os comhair an Rechtbank Rotterdam (Cúirt Rotterdam, an Ísiltír). D’éiligh siad nach gceanglaítear le hAirteagal 4(1) de Threoir 2014/40 ( 2 ) go n-úsáidfí modh sonrach chun leibhéil astaíochta a thomhas agus gur léir, inter alia, ó staidéir éagsúla, gur chóir modh tomhais eile (ar a dtugtar “Canadian Intense”) a chur i bhfeidhm chun na leibhéil astaíochta beachta a chinneadh do thoitíní le scagaire a úsáidtear chun na críche atá beartaithe dóibh.

    Rinne cúirt Rotterdam tarchur chun réamhrialú chuig an gCúirt a bhain go háirithe le bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 ag féachaint do phrionsabal na trédhearcachta ( 3 ), roinnt forálacha de dhlí an Aontais Eorpaigh ( 4 ) agus do Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac ( 5 ).

    Trína breithiúnas, arna thabhairt ag an Mór-Dhlísheomra, deimhníonn an Chúirt bailíocht na forála sin, ag glacadh leis go gcomhlíontar léi go háirithe prionsabail agus forálacha dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta dá dtagraítear sa tarchur chun réamhrialú ( 6 ).

    Breithniú na Cúirte

    Ar an gcéad dul síos, rialaíonn an Chúirt nach mór, faoi Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, na huasleibhéil astaíochta a leagtar síos leis an Treoir sin do thoitíní a bheartaítear a chur ar an margadh nó a mhonarú i mBallstáit, a thomhas ag baint úsáid as na modhanna tomhais a eascraíonn as caighdeáin ISO dá dtagraíonn an fhoráil sin. Tagraítear san fhoráil sin i dtéarmaí sainordaitheacha do na caighdeáin ISO sin agus ní luaitear aon mhodh tomhais eile.

    Ar an dara dul síos, déanann an Chúirt anailís, ar dtús, ar bhailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise phrionsabal na trédhearcachta. I dtaca leis sin, cuireann sí in iúl, cé go dtagraítear san fhoráil sin do chaighdeáin ISO nár foilsíodh san Iris Oifigiúil, nach ndéantar foráil inti maidir le haon srian a bhaineann le rochtain ar na caighdeáin sin, lena n-áirítear trí iarraidh ar rochtain arna déanamh faoi na forálacha a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na n-institiúidí Eorpacha ( 7 ). Ansin, maidir le bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Rialachán Uimh. 216/2013 ( 8 ), tugann an Chúirt dá haire nach féidir, faoin gcásdlí, dlíthiúlacht inmheánach na treorach sin a scrúdú i bhfianaise an rialacháin sin. Ar deireadh, maidir le bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Airteagal 297(1) CFAE ( 9 ), arna léamh i bhfianaise phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, tugann an Chúirt dá haire go bhféadfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh, i bhfianaise an rogha leathan atá aige maidir leis na cumhachtaí a thugtar dó a fheidhmiú nuair a bhaineann lena ghníomhaíocht roghanna de chineál polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta agus nuair a iarrtar air measúnuithe agus meastóireachtaí casta a dhéanamh, tagairt a dhéanamh, sna gníomhartha a ghlacann sé, do chaighdeáin theicniúla arna mbunú le comhlacht um chaighdeánú, amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO).

    Sonraíonn an Chúirt, áfach, go gceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go mbeidh an tagairt do chaighdeáin den sórt sin soiléir, beacht agus intuartha maidir lena héifeacht, ionas gur féidir leis na daoine lena mbaineann a mbealach a fháil i gcásanna agus i gcaidreamh dlíthiúil a thagann faoi réim chóras dlí an Aontais Eorpaigh. Sa chás sin, measann an Chúirt, ós rud é go gcomhlíontar leis an tagairt a dhéantar in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 do chaighdeáin ISO an ceanglas sin agus gur foilsíodh an Treoir sin san Iris Oifigiúil, de bharr go dtagraítear leis an bhfhoráil sin do chaighdeáin ISO nár foilsíodh, ag an bpointe seo, ní féidir leis an bhfíoras sin amháin bailíocht na forála sin a chur faoi amhras.

    Mar sin féin, maidir le hin-fhorfheidhmitheacht chaighdeáin ISO i gcoinne daoine aonair, cuireann an Chúirt in iúl, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, nach mbeidh na caighdeáin sin, arna ndéanamh éigeantach le gníomh reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh, ina gceangal ar dhaoine aonair i gcoitinne ach amháin má fhoilsítear iad féin san Iris Oifigiúil. Mar sin, in éagmais na gcaighdeán dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, ní bheidh daoine aonair in ann eolas a bheith acu ar na modhanna chun na leibhéil astaíochta a leagtar síos leis an Treoir sin do thoitíní a thomhas. Ar an taobh eile, maidir le hin-fhorfheidhmitheacht chaighdeáin ISO i gcoinne gnóthas, cuireann an Chúirt in iúl, a mhéid atá rochtain ag gnóthais ar na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, tríd an gcaighdeánú náisiúnta, tá na caighdeáin sin ina gceangal orthu.

    Ar an tríú dul síos, maidir le bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise Airteagal 5(3) de CCRT ( 10 ), tugann an Chúirt dá haire nach gcuirtear leis an bhforáil deiridh sin cosc ar rannpháirtíocht thionscal an tobac i sainmhíniú agus i gcur i bhfeidhm rialacha um rialú tobac, ach beartaítear leis an bhforáil sin amháin cosc a chur ar bheartais rialaithe tobac na bpáirtithe sa choinbhinsiún sin dul i bhfeidhm ar leasanna an tionscail sin. Dá bhrí sin, ní fhágann rannpháirtíocht thionscal an tobac i mbunú na gcaighdeán atá i gceist le ISO Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 neamhbhailí.

    Ar an gceathrú dul síos, maidir le bailíocht Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40 i bhfianaise an riachtanais atá le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine ( 11 ) agus Airteagail 24 agus 35 den Chairt ( 12 ), cuireann an Chúirt in iúl, de réir cásdlí socair, nach féidir bailíocht na forála sin de Threoir 2014/40 a mheasúnú ar bhonn staidéar atá luaite ag an gcúirt a rinne an tarchur san iarratas ar réamhrialú. Rinneadh na staidéir sin tar éis an 3 Aibreán 2014, an dáta ar glacadh an Treoir sin.

    Ar an gcúigiú dul síos agus ar deireadh, sonraíonn an Chúirt na saintréithe nach mór a bheith ag an modh tomhais astaíochtaí toitíní a úsáid, chun comhlíonadh na n-uasleibhéal astaíochtaí a leagtar síos le Treoir 2014/40 a fhíorú, i gcás nach mbeadh an tagairt a dhéantar in Airteagal 4(1) do chaighdeáin ISO ina ceangal ar dhaoine aonair. Dá bhrí sin, measann sé nach mór an modh sin a bheith iomchuí, de réir forbairtí eolaíocha agus teicniúla nó caighdeáin arna nglacadh go hidirnáisiúnta, chun leibhéil na n-astaíochtaí a scaoiltear nuair a úsáidtear toitín chun na críche atá beartaithe dó a thomhas, agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine á chur san áireamh, go háirithe do dhaoine óga. Ní mór do shaotharlanna arna bhformheas agus arna maoirsiú ag údaráis inniúla na mBallstát, dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 2014/40, cruinneas na dtomhas a fhaightear tríd an modh sin a fhíorú. Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a mheasúnú an gcomhlíontar leis na modhanna a úsáidtear iarbhír chun leibhéil astaíochta a thomhas Treoir 2014/40, gan Airteagal 4(1) den Treoir sin a chur san áireamh.


    ( 1 ) Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO 2014 L. 127, lch. 1). Leagtar síos in Airteagal 3(1) den Treoir sin na huasleibhéil astaíochta tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin do thoitíní a chuirtear ar an margadh nó a mhonaraítear sna Ballstáit ("na huasleibhéil astaíochtaí a leagtar síos i dTreoir 2014/40").

    ( 2 ) De réir Airteagal 4(1) de Threoir 2014/40, “Déanfar astaíochtaí tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin ó thoitíní a thomhas bunaithe ar chaighdeán ISO 4387 do tharra, ar chaighdeán ISO 10315 do nicitín agus ar chaighdeán ISO 8454 d'aonocsaíd charbóin. Cinnfear cruinneas tomhais tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin de réir chaighdeán ISO 8243.”

    ( 3 ) Dá bhforáiltear in Airteagail 1(2) agus 10(3) CAE, in Airteagail 15(1) agus 298(1) CFAE, agus in Airteagal 42 den Chairt freisin.

    ( 4 ) Airteagail 114(3) agus 297(1) CFAE, Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 ón gComhairle an 7 Márta 2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO 2013 L 69. lch. 1) agus Airteagail 24 agus 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

    ( 5 ) Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (“CCRT”), a tugadh chun críche sa Ghinéiv an 21 Bealtaine 2003, a bhfuil an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ina bpáirtithe ann.

    ( 6 ) Go háirithe, Airteagal 5(3) de CCRT.

    ( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 2001, L 145, lch. 43).

    ( 8 ) Leagtar síos go háirithe i Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 na rialacha a bhaineann le foilsiú gníomhartha de dhlí an Aontais Eorpaigh san Iris Oifigiúil.

    ( 9 ) Faoin bhforáil seo, “foilsítear gníomhartha reachtacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, a mhalairt, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe".

    ( 10 ) Forálann an fhoráil seo go gcinnteoidh na páirtithe sa choinbhinsiún seo, le linn dóibh a mbeartais sláinte poiblí maidir le rialú tobac a shainiú agus a chur chun feidhme, nach mbeidh tionchar ag leasanna thionscal an tobac ar na beartais sin, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

    ( 11 ) Dá bhforáiltear go háirithe in Airteagal 114(3) CFAE.

    ( 12 ) Baineann Airteagal 24 den Chairt le cearta an linbh. Baineann Airteagal 35 den Chairt le cosaint na sláinte.

    Top