EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019CJ0401

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Aibreán 26.
Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Caingean le haghaidh neamhniú – Treoir (AE) 2019/790 – Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine – Airteagail 11 agus 17(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil – Cosaint na maoine intleachtúla – Oibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne – Athbhreithniú uathoibríoch (scagadh) a dhéanamh roimh ré ar inneachar arna chur ar líne ag na húsáideoirí.
Cás C-401/19.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2022:297

Cás C-401/19

Poblacht na Polainne

v

Parlaimint na hEorpa
agus
Comhairle an Aontais Eorpaigh

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 26 Aibreán 2022

(Caingean le haghaidh neamhniú – Treoir (AE) 2019/790 – Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine – Airteagail 11 agus 17(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil – Cosaint na maoine intleachtúla – Oibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne – Athbhreithniú uathoibríoch (scagadh) a dhéanamh roimh ré ar inneachar arna chur ar líne ag na húsáideoirí)

1.        Caingean le haghaidh neamhniú – Cuspóir – Páirt-neamhniú – Coinníoll – Cineál inscartha na bhforálacha atá faoi dhíospóid – Critéar Oibiachtúil – Coinníoll nár chomhlíonadh – Neamh-inghlacthacht

(Airt. 263 CFAE; Treoir 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airt. 17)

(féach míreanna 17-21)

2.        Dlíthe a chomhfhogasú – Cóipcheart agus chearta gaolmhara – Treoir 2019/790 – Cearta sa Mhargadh Aonair Digiteach a chomhchuibhiú – Úsáid ábhair chosanta ag soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne – Córas dliteanais a bhaineann go sainiúil leis na soláthraithe sin – Réim

(Treoir 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Aithris 61 agus aithris 66 agus Airt. 2(6) agus (17))

(féach míreanna 29-31, 35)

3.        Dlíthe a chomhfhogasú – Cóipcheart agus chearta gaolmhara – Treoir 2019/790 – Cearta sa Mhargadh Aonair Digiteach a chomhchuibhiú – Úsáid ábhair chosanta ag soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne – Córas dliteanas a bhaineann go sainiúil leis na soláthraithe sin – Oibleagáid ar na soláthraithe sin an t-ábhar arna uaslódáil ag úsáideoirí a athbhreithniú roimh ré – Teorannú cóir ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

[Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airt. 11, 17(2) agus 52(1); Treoir 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airt. 17(4)-(10)]

(féach míreanna 45, 48-58, 72, 76, 80-99)


Achoimre

Bunaíodh sásra dliteanais sonrach nua do sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne (“soláthraithe”) le Treoir 2019/790 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach(1). Leagtar síos le hAirteagal 17 den Treoir sin an prionsabal ar dá réir go bhfuil soláthraithe faoi dhliteanas díreach i gcás ina ndéanann úsáideoirí a gcuid seirbhísí saothair agus ábhar eile a uaslódáil go neamhdhleathach. Mar sin féin, féadfar na soláthraithe lena mbaineann a dhíolmhú ón dliteanas sin. Chuige sin, ceanglaítear orthu, inter alia, i gcomhréir le forálacha an Airteagail sin,(2) faireachán gníomhach a dhéanamh ar an ábhar arna uaslódáil ag na húsáideoirí, d’fhonn cosc a chur ar uaslódáil ábhar cosanta nach mian leis na sealbhóirí cirt a chur ar fáil ar na seirbhísí sin.

Rinne Poblacht na Polainne caingean a thionscnamh ag iarraidh Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790 a chur ar neamhní, go príomha, agus, mar mhalairt rogha, an t-Airteagal sin a chur ar neamhní ina iomláine. Áitíonn sí, go bunúsach, go gceanglaítear, leis na forálacha sin, ar sholáthraithe faireachán coisctheach a dhéanamh ar an ábhar ar fad is mian lena n-úsáideoirí a chur ar líne, trí bhíthin scagadh uathoibríoch a dhéanamh ar uirlisí TF, gan foráil a dhéanamh do choimircí lena n-áiritheofaí go n-urramófar an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.(3)

Sa Mhór-Dhlísheomra rialaigh an Chúirt Breithiúnas den chéad uair maidir le léirmhíniú ar Threoir 2019/790. Diúltaíonn sí do chaingean de chuid na Polainne agus í ag rialú maidir le hoibleagáid na soláthraithe dá bhforáiltear leis an treoir sin chun athbhreithniú a dhéanamh roimh ré ar an ábhar arna uaslódáil ag úsáideoirí ar líne, go ngabhann coimircí iomchuí leis an oibleagáid sin, chun a áirithiú go bhfuil cearta na n-úsáideoirí sin chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil chomh maith leis an gcothromaíocht cheart idir na cearta sin agus an ceart chun maoine intleachtúla á n-urramú.

Breithniú na Cúirte Breithiúnais

Agus inghlacthacht na caingne á scrúdú ar dtús aici, cinneann an Chúirt nach bhfuil Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790 inscartha ón gcuid eile den Airteagal sin agus gur neamh-inghlactha an t-ordú lena bhfuiltear ag iarraidh go gcuirfí na forálacha sin ar neamhní i bpáirt. Go deimhin, tugtar isteach le hAirteagal 17 córas nua dliteanais do sholáthraithe, arb ionann na forálacha éagsúla de agus aon ní iomlán, agus tá sé mar aidhm leo cóimheá a bhaint amach idir cearta agus leasanna na soláthraithe sin, iadsan ar le húsáideoirí a seirbhísí iad, agus iadsan ar leis na sealbhóirí cirt iad. Dá bhrí sin, d’athrófaí substaint an Airteagail sin dá ndéanfaí neamhní i bpáirt dá leithéid sin.

Maidir le substaint an cháis, scrúdaíonn an Chúirt ansin an tsaincheist aonair arna hardú ag an bPolainn, lena n-éilítear go bhfuil teorainn ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a eascraíonn as an gcóras dliteanais a tugadh isteach le hAirteagal 17 de Threoir 2019/790. Mar réamhphointe, tugann an Chúirt chun cuimhne go dtagann comhroinnt faisnéise ar an Idirlíon trí ardáin um chomhroinnt ábhair ar líne faoi raon feidhme Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha agus Airteagal 11 den Chairt. Tugann sí dá haire, d’fhonn gan a bheith faoi dhliteanas i gcás ina ndéanann úsáideoirí ábhar neamhdhleathach a uaslódáil ar a n-ardáin nach bhfuil údarú ag na soláthraithe dó ó shealbhóirí na gceart, go gcaithfidh na soláthraithe sin a léiriú go gcomhlíonann siad na coinníollacha díolúine ar fad dá bhforáiltear in Airteagal 17(4)(a), (b) agus (c) de Threoir 2019/790, eadhon go ndearna siad:

–      sárdhícheall chun údarú a fháil [mír (a)]; agus

–      gníomhú go tapa chun deireadh a chur le sáruithe nithiúla ar chóipcheart ar a n‑ardáin tar éis dóibh tarlú agus tar éis do na soláthraithe fógra leor-réasúnaithe a fháil ina dtaobh ó na sealbhóirí cirt [mír c)]; agus

–      “lándícheall [a dhéanamh] i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal” chun tarlú nó atarlú [míreanna (b) agus (c)] de shárú a sheachaint, tar éis dóibh a leithéid d’fhógra a fháil nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha agus riachtanach tugtha ag na sealbhóirí cirt dóibh sula dtarlaíonn an sárú ar chóipcheart.

Uime sin, forchuirtear de facto leis na hoibleagáidí deireanacha sin ar na soláthraithe sin athbhreithniú a dhéanamh roimh ré ar an inneachar ar mian le húsáideoirí a uaslódáil ar a n‑ardáin, ar an gcoinníoll go bhfuil an fhaisnéis nó na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 17(4)(b) agus (c) den Treoir sin faighte acu ó shealbhóirí cirt. Chuige sin, tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe uirlisí aitheantais agus scagtha uathoibríoch a úsáid. Chuige sin, tá athbreithniú agus scagadh roimh ré dá leithéid sin de chineál lena gcuirtear srian suntasach ar scaipeadh inneachar ar líne agus, mar sin, is éard atá iontu ná teorannú ar an gceart arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt. Ina theannta sin, tá an teorannú sin inchurtha i leith reachtas an Aontais, ós rud é go bhfuil sé ina iarmhairt dhíreach ar an gcóras dliteanais sonrach sin. Uime sin, baineann an Chúirt de thátal go bhfuil teorainn ar fheidhmiú cheart na n-úsáideoirí lena mbaineann chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ag gabháil leis an gcóras sin.

Ar deireadh, maidir leis an gceist an bhfuil údar maith leis an teorannú lena mbaineann i bhfianaise Airteagal 52(1) den Chairt, tugann an Chúirt dá haire, ar dtús, go bhforáiltear don teorannú sin le dlí, ós rud é gur toradh é ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe na seirbhísí sin le foráil ghníomh de chuid an Aontais, eadhon Airteagal 17(4) (b) agus (c), in fine, de Threoir 2019/790, agus go n-urramaíonn sé inneachar sár-riachtanach an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil d’úsáideoirí idirlín. Ina theannta sin, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar chomhréireacht, cinneann an Chúirt go bhfuil an teorannú sin ag teacht leis an ngá chun maoin intleachtúil a chosaint arna ráthú in Airteagal 17(2) den Chairt, go bhfuil cuma riachtanach air ar mhaithe leis an ngá sin a chomhlíonadh agus nach gcuirtear srian díréireach mar thoradh ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis ar na soláthraithe ar cheart na n-úsáideoirí chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

Go deimhin, ar an gcéad dul síos, leag reachtas an Aontais teorainn shoiléir mhionsonraithe síos ar bhearta atá inghlachta agus na hoibleagáidí sin á gcur chun feidhme, ag cur as an áireamh, go háirithe, na bearta lena ndéantar inneachar dleathach a scagadh nó rochtain air a dhíchumasú agus iad á n‑uaslódáil. Ar an dara dul síos, cuirtear de cheangal le Treoir 2019/790 ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cead ag úsáideoirí inneachar arna ghiniúint acu a uaslódáil agus a chur ar fáil go sonrach ar mhaithe le hathlua, critic, léirmheas, scigmhagadh, scigaithris nó paistís a dhéanamh. Déanfaidh na soláthraithe a n-úsáideoirí a chur ar an eolas gur féidir leo saothair agus ábhar cosanta eile a úsáid faoi eisceachtaí nó teorainneacha ar chóipcheart agus cearta gaolmhara dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.(4) Ar an tríú dul síos, ní féidir leis na soláthraithe dliteanas a thabhú ach amháin ar choinníoll go ndéanann na sealbhóirí cirt lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha agus riachtanach i leith an inneachair sin a thraschur dóibh. Ar an gceathrú dul síos, ciallaíonn Airteagal 17 den Treoir sin, nach n-eascraíonn aon oibleagáid ghinearálta faireacháin as a chur i bhfeidhm, nach féidir ceangal a chur ar sholáthraithe cosc a chur le hábhar a uaslódáil agus a chur ar fáil don phobal a mbeadh measúnú neamhspleách ar an inneachar ag teastáil uathu lena chinneadh go bhfuil sé neamhdhleathach.(5) Chuige sin, d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí inneachar neamhúdaraithe a sheachaint i gcásanna áirithe ach amháin ar fhógra ina thaobh a bheith faighte ag na sealbhóirí cirt. Ar an gcúigiú dul síos, tugtar isteach le Treoir 2019/790 roinnt coimircí nós imeachta, go háirithe an deis d’úsáideoirí gearán a thaisceadh i gcás ina measann siad go bhfuiltear i ndiaidh díchumasú mícheart a dhéanamh ar rochtain ar ábhar uaslódáilte chomh maith le rochtain ar shásraí sásaimh lasmuigh den chúirt agus ar leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha.(6) Ar an séú dul síos, cuirtear leis an Treoir seo de cheangal ar an gCoimisiún idirphléite a eagrú leis na geallsealbhóirí chun dea-chleachtais don chomhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt a phlé, agus chun treoraíocht a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an chórais seo. (7)

Dá réir sin, cinneann an Chúirt, maidir le hoibleagáid na soláthraithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an inneachar is mian le húsáideoirí a uaslódáil ar a n‐ardáin roimh a scaipthe i measc an phobail, a eascraíonn as an gcóras dliteanais a chruthaítear le hAirteagal 17 de Threoir 2019/790, go ngabhann coimircí iomchuí leis an oibleagáid sin, chun a áirithiú go bhfuil cearta na n-úsáideoirí sin chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil chomh maith leis an gcothromaíocht cheart idir na cearta sin, ar thaobh amháin, agus an ceart chun maoine intleachtúla á n-urramú, ar an taobh eile. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú, agus Airteagal 17 den Treoir sin á thrasuí acu ina ndlí náisiúnta, go mbeidh an méid sin bunaithe ar léirmhíniú ar an bhforáil sin lena gceadaítear cothromaíocht cheart idir na cearta bunúsacha éagsúla atá faoi chosaint na Cairte. Ina theannta sin, agus bearta á gcur chun feidhme lena ndéantar an tAirteagal sin a thrasuí, is faoi údaráis agus cúirteanna na mBallstát atá sé ní hamháin a ndlí náisiúnta a léirmhíniú ar bhealach atá i gcomhréir leis an Airteagal sin, ach a áirithiú chomh maith nach bhfuil siad ag brath ar léirmhíniú ar an bhforáil sin a bheadh ar neamhréir leis na cearta bunúsacha sin nó le prionsabail ghinearálta eile dhlí an Aontais, amhail prionsabal na comhréireachta.


1      Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoir 96/9/CE agus Treoir 2001/29/CE (IO 2019 L 130, lch. 92).


2      Féach Airteagal 17(4)(b) agus (c), in fine, de Threoir 2019/790.


3      Mar a ráthaítear in Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).


4      Airteagal 17(7) agus (9) de Threoir 2019/790/AE.


5      Airteagal 17(7) agus (8) de Threoir 2019/790/AE.


6      An chéad agus an dara fomhír d’Airteagal 17(9) de Threoir 2019/790/AE.


7      Airteagal 17(10) de Threoir 2019/790/AE.

Top