Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62018TJ0065(01)

    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (Mór-Dhlísheomra) 2023 Méan Fómhair 13.
    République bolivarienne du Venezuela v Comhairle an Aontais Eorpaigh.
    An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Toirmeasc ar earraí agus seirbhísí ar leith a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú – An ceart chun éisteacht a fháil – Oibleagáid cúiseanna a lua – Míchruinneas ábhartha na bhfíoras – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Dlí idirnáisiúnta poiblí.
    Cás T-65/18 RENV.

    ECLI identifier: ECLI:EU:T:2023:529

    Cás T-65/18 RENV

    Poblacht Bholavarach Veiniséala

    v

    Comhairle an Aontais Eorpaigh

    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Mór-Dhlísheomra) an 13 Meán Fómhair 2023

    ( An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Toirmeasc ar earraí agus seirbhísí ar leith a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú – An ceart chun éisteacht a fháil – Oibleagáid cúiseanna a lua – Míchruinneas ábhartha na bhfíoras – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Dlí idirnáisiúnta poiblí )

    1. An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Acht lena dtoirmisctear earraí áirithe a dhíol a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh le haghaidh brú faoi chois inmheánach i Veiniséala chomh maith le seirbhísí áirithe a sholáthar – Athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht – Raon feidhme – Foráil de raon feidhme ginearálta

      (Airteagal 215 (1), CFAE ; Rialachán 2017/2063 ón gComhairle, Airteagail 2, 3, 6 agus 7)

      (féach míreanna 30-34)

    2. Dlí an Aontais Eorpaigh – Prionsabail – Cearta cosanta – An ceart chun éisteacht a fháil – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Acht lena dtoirmisctear earraí áirithe a dhíol a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh le haghaidh brú faoi chois inmheánach i Veiniséala chomh maith le seirbhísí áirithe a sholáthar – An ceart chun éisteacht a fháil sula nglacfar na bearta sin – Éagmais

      (Airteagal 24 (1), an dara mír, agus Airteagal 29 CAE; Airteagal 215 (1) CFAE; Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 41 (2) (a); Rialachán 2017/2063 ón gComhairle, Airteagail 2, 3, 6 agus 7)

      (féach míreanna 39, 40, 42-44)

    3. Gníomhartha na n-institiúidí – Ráiteas ar chúiseanna – Oibleagáidí – Raon feidhme – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Achtanna lena dtoirmisctear earraí áirithe a dhíol a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh le haghaidh brú faoi chois inmheánach i Veiniséala chomh maith le seirbhísí áirithe a sholáthar – Oibleagáid a léiriú, sa ráiteas ar chúiseanna, an staid ina hiomláine agus na cuspóirí ginearálta a thugann údar leis an mbeart

      (Airteagal 296 CFAE; Rialachán 2017/2063 ón gComhairle, Airteagail 2, 3, 6 agus 7)

      (féach míreanna 49-57)

    4. An tAontas Eorpach – Athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na n-institiúidí – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Acht lena dtoirmisctear earraí áirithe a dhíol a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh le haghaidh brú faoi chois inmheánach i Veiniséala chomh maith le seirbhísí áirithe a sholáthar – Raon feidhme an athbhreithnithe – Rialú teoranta ar rialacha ginearálta – Athbhreithniú a leathnaíonn go measúnú na bhfíoras agus fíorú na fianaise

      (Airteagal 29 CFAE; Rialachán 2017/2063 ón gComhairle, Airteagail 2, 3, 6 agus 7)

      (féach míreanna 63-67, 72, 76, 78)

    5. An tAontas Eorpach – Athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na n-institiúidí – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Acht lena dtoirmisctear earraí áirithe a dhíol a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh le haghaidh brú faoi chois inmheánach i Veiniséala chomh maith le seirbhísí áirithe a sholáthar – Raon feidhme an athbhreithnithe – Anailís ag an gComhairle ar an staid pholaitiúil i Veiniséala – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Éagmais

      (Rialachán 2017/2063 ón gComhairle, Airteagail 2, 3, 6 agus 7)

      (féach míreanna 80, 81)

    6. Dlí idirnáisiúnta poiblí – Prionsabail – Freagracht Stát as ghníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta – Rialacha dhlí idirnáisiúnta an ghnáis a bhaineann le cuspóir agus teorainneacha na bhfrithbheart – Féidearthacht do dhaoine aonair brath ar na prionsabail sin chun agóid a dhéanamh i gcoinne bailíocht rialacháin lena bhforchuirtear bearta sriantacha i gcomhthéacs an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – Inghlacthacht – Athbhreithniú breithiúnach – Teorainneacha – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Éagmais

      (Airteagal 3 (5) CFAE; Rialachán 2017/2063 ón gComhairle, Airteagail 2, 3, 6 agus 7)

      (féach míreanna 87-94)

    7. An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Bunús dlí – Bearta sriantacha dá bhforáiltear le cinneadh agus le rialachán a glacadh, faoi seach, ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE – Inniúlacht na Comhairle chun gníomhartha a ghlacadh ina bhfuil bearta sriantacha uathrialaitheacha, ar bearta iad atá ar leith ó na bearta arna moladh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe

      (Airteagal 29 CAE; Airteagal 215 CFAE; Rialachán Uimh. 2017/2063 ón gComhairle, Airteagail 2, 3, 6 agus 7)

      (féach míreanna 95, 98)

    8. An tAontas Eorpach – Athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht ghníomhartha na n-institiúidí – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i Veiniséala – Acht lena dtoirmisctear earraí áirithe a dhíol a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh le haghaidh brú faoi chois inmheánach i Veiniséala chomh maith le seirbhísí áirithe a sholáthar – Raon feidhme an athbhreithnithe – Rialú teoranta – Critéir maidir le bearta sriantacha a ghlacadh – Raon feidhme – Prionsabal na comhréireachta a urramú

      (Airteagal 29 CFAE; Rialachán 2017/2063 ón gComhairle, Airteagail 2, 3, 6 agus 7)

      (féach míreanna 99-103)

    9. Imeachtaí breithiúnacha – Saincheisteanna dlí nua a tharraingt anuas i gcúrsa na n-imeachtaí – Coinníollacha – Saincheist dlí bunaithe ar ábhair a tháinig chun solais le linn an nós imeachta – Éagmais – Forbairt ar shaincheist dlí atá ann – Easpa fhorbairt – Do-ghlachtacht

      (Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, Airteagal 84(1))

      (féach míreanna 116-119)

    Résumé

    De bharr an mheatha ar an staid maidir le cearta an duine, leis an smacht reachta agus leis an daonlathas, in 2017 ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Bholavarach Veiniséala (“Veiniséala”). Leagtar síos, go bunúsach, le h Airteagail 2, 3, 6 agus 7 de Rialachán 2017/2063 ( 1 ) toirmeasc ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánach agus na seirbhísí a bhaineann leis an trealamh sin agus leis an trealamh míleata a dhíol, a aistriú a sholáthar nó a onnmhairiú chuig aon duine nádúrtha nó dhlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht i Veiniséala nó chun go n-úsáidfí sa tír sin iad.

    In 2018, thionscain Veiniséala caingean os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh lenar iarr sí go gcuirfí Rialachán 2017/2063 ar neamhní, a mhéid a bhain forálacha an Rialacháin sin léi. Ina dhiaidh sin, rinne Veiniséala a caingean a leasú ionas go gcumhdófar leis an gcaingean, ina theannta sin, Cinneadh 2018/1656 ( 2 ) agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1653, ( 3 ) lenar chuir an Chomhairle síneadh ar, agus lenar leasaigh an Chomhairle na bearta sriantacha a glacadh, faoi seach. Le breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2019, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta an chaingean sin mar chaingean do-ghlactha ar an bhforas nach raibh tionchar díreach ag na forálacha atá faoi chonspóid staid dhlíthiúil Veiniséala. ( 4 ) Ar achomharc, chuir an Chúirt Bhreithiúnais, le breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, ( 5 ) cinneadh na Cúirte Ginearálta ar neamhní, agus chinn sí go raibh locus standi ag Veiniséala imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Airteagail 2, 3, 6 agus 7 de Rialachán 2017/2063. ( 6 ) Rinne sí an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ginearálta chun rialú a dhéanamh ar an tsubstaint.

    Ina breithiúnas a thug an Mór-Dhlísheomra agus lena ndearnadh an chaingean a dhiúltiú, rialaigh an Chúirt Ghinearálta, i gcás nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, i gcaingean arna tabhairt ag tríú Stát i réimse na mbeart sriantach, ar cheart Veiniséala éisteacht a fháil agus ar na sáruithe líomhnaithe ar an dlí idirnáisiúnta ar a bhfuil an Stát sin ag brath.

    Breithniú na Cúirte Ginearálta

    Mar réamhphointe, measann an Chúirt gur bearta sriantacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo iad na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den rialachán atá faoi chonspóid, toisc gurb ionann iad, i gcomhréir le hAirteagal 215(1) CFAE, agus bearta lena mbristear nó lena laghdaítear an caidreamh eacnamaíochta le tríú tír maidir le hearraí agus le seirbhísí ar leith. Ní dhírítear leis na bearta sin ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanach aitheanta, ach tá feidhm acu i leith staideanna arna gcinneadh go hoibiachtúil agus i leith catagóir daoine a shamhlaítear ar bhealach ginearálta agus teibí.

    Ar an gcéad dul síos, maidir leis an tsaincheist dlí ina líomhnaítear go ndearnadh sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta, ní fhéadfaí an ceart chun éisteacht a fháil a thrasuí i gcomhthéacs, mar atá sa chás seo, bearta a ghlacadh a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus nach gceanglaítear le haon fhoráil ar an gComhairle aon duine ar a bhféadfaí díriú le critéar nua de raon feidhme ginearálta a chur ar an eolas faoi ghlacadh an chritéir sin Ina theannta sin, tá feidhm ag Airteagal 41(2)(a) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i leith “beart[a] indibhidiú[la]” a glacadh i gcoinne duine, sa chaoi nach bhféadfaí í a agairt i gcomhthéacs glacadh bearta de raon feidhme ginearálta. Ina theannta sin, cuireann an Chúirt Ghinearálta in iúl gurbh ionann an Rialachán atá faoi chonspóid agus gníomh de raon feidhme ginearálta a léiríonn rogha de chuid an Aontais sa bheartas idirnáisiúnta. Tá briseadh nó laghdú an chaidrimh eacnamaíoch le tríú tír, de bhun Airteagal 215(1) CFAE, mar chuid den sainmhíniú fiú ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) ( 7 ) glacadh bearta ag údaráis an Aontais a bhaineann le staid idirnáisiúnta ar leith, agus an rogha sin ag na húdaráis sin, d’fhonn tionchar a imirt ar staid den sórt sin. Is ionann héisteacht a thabhairt roimh ré don tríú tír lena mbaineann, de réir na Cúirte Ginearálta, agus oibleagáid a chur ar an gComhairle roimh ghlacadh Rialacháin lena gcuirtear rogha den sórt sin maidir le beartas seachtrach chun feidhme, chuirfí de cheangal ar an gComhairle plé a reáchtáil a bhaineann le caibidlíocht idirnáisiúnta leis an tír sin, agus leis sin bhainfí an tsubstaint ón éifeacht atá á lorg le bearta eacnamaíocha a fhorchur i leith na tíre sin, eadhon brú a chur ar an tír sin d’fhonn athrú ar a hiompar a bhaint amach. Ar deireadh, ós rud é go mbaineann Veiniséala go díreach le hAirteagail 2, 3, 6 agus 7 den rialachán atá faoi chonspóid, ní féidir, ann féin, an ceart chun éisteacht a fháil a dheonú uirthi. I bhfianaise na ngnéithe éagsúla sin, is é conclúid na Cúirte Ginearálta nach bhféadfadh le Veiniséala an ceart sin a agairt maidir leis na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle sa rialachán atá faoi chonspóid.

    Maidir leis an tsaincheist dlí, ar an dara dul síos, lena n-éilítear míchruinneas ábhartha na bhfíoras agus earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis an staid pholaitiúil i Veiniséala, measann an Chúirt Ghinearálta go bhfuil lánrogha leathan ag an gComhairle maidir leis na gnéithe atá le cur san áireamh agus bearta den sórt sin á nglacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE, agus go bhfuil an t-athbhreithniú a rinne breithiúnas an Aontais ina leith fíorú a dhéanamh an urramaítear na rialacha nós imeachta agus maidir le cúiseanna a lua, cruinneas ábhartha na bhfíoras chomh maith le heaspa earráid fhollasach i measúnú na bhfíoras agus saobhadh na cumhachta. Tá feidhm ag an rialú teoranta seo, go háirithe, i leith an mheasúnaithe ar na breithnithe i leith oiriúnachta ar a bhfuil bearta den sórt sin bunaithe. Tugann an Chúirt Ghinearálta faoi deara, sa chás seo, go ndéantar athrá in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid, go bunúsach, ar chur chuige polaitiúil an Aontais arna chur in iúl i gCinneadh 2017/2074. I ndáil leis sin, tugann sí dá haire gur léir ó aithrisí 1 agus 8 den Chinneadh sin go bhfuil na bearta sriantacha dá bhforáiltear sna hAirteagail sin bunaithe ar an meath leanúnach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine i Veiniséala agus ar theacht chun cinn nár mhór úsáid iomarcach fornirt agus sáruithe ar chearta an duine nó dochar dóibh sin, nárbh mhór, trí na bearta sriantacha sin, cosc a chur le hatarlú an mhéid sin.

    Maidir leis na gnéithe fianaise a chuir an Chomhairle chun cinn, ar an gcéad dul síos, chun cruinneas ábhartha na bhfíoras ar a bhfuil na bearta sin bunaithe a shuíomh, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire go dtagann na gnéithe fianaise sin ó fhoinsí inchreidte agus go dtagraítear go mion leo, inter alia, don chos ar bolg brúidiúil arna dhéanamh ag an réimeas ar easaontóirí agus daoine den fhreasúra. ina leith, agus don bhrú a chuirtear ar Phríomh-Ionchúisitheoir Veiniséala a bhfuil imscrúdú á dhéanamh aige ar iompar na bhfórsaí slándála.

    Ina dhiaidh sin, maidir leis na gnéithe fianaise a thug Veiniséala ar aird, mar fhreagra ar sin, is é conclúid na Cúirte Ginearálta nár léirigh an stát deiridh sin go bhfuil míchruinneas ábhartha ag baint leis na fíoras ar bhraith an Chomhairle chun na bearta sriantacha atá i gceist a ghlacadh curtha ó bhail ag míchruinnis ábhartha, ós rud é nach mbaineann beagnach gach ceann de na míreanna fianaise sin le Veiniséala agus go bhfuil siad bunaithe ar dhá thuarascáil inmheánacha rialtais, nach dtacaíonn gnéithe fianaise de thionscnamh foinsí lasmuigh den rialtas sin leo.

    Ar deireadh, maidir le measúnú na Comhairle ar an staid pholaitiúil i Veiniséala, cuireann an Chúirt Ghinearálta in iúl go ndealraíonn sé gur dóigh iad na gnéithe fianaise a chuir an t-iarratasóir chun cinn ina leith sin chun a iomchuí atá sé na bearta sriantacha atá i gceist a ghlacadh. Mar sin féin, ní faoin gCúirt Ghinearálta atá sé a measúnú féin a chur in ionad mheasúnú na Comhairle ar an gceist sin, a bhfuil lánrogha leathan aici de chineál polaitiúil maidir le cur chuige an Aontais a shainiú maidir le hábhar a bhaineann le CBES, i gcomhréir le hAirteagal 29 CAE.

    Ar an dtríú dul síos agus ar deireadh, Maidir leis an tsaincheist dlí lena n-éilítear forchur frithbheart mídhleathach agus sárú ar an dlí idirnáisiúnta, tosaíonn an Chúirt Ghinearálta trí fhoclaíocht Airteagal 49 — a bhaineann le cuspóir agus teorannacha na bhfrithbheart, de na dréacht-Airteagail maidir le dliteanas an Stáit i leith gníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta, mar a ghlac Choimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe. ( 8 ) Tugann an Chúirt Ghinearálta le fios, i ndáil leis sin, gur glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid i gcomhthéacs freagairt ar an meath leanúnach ar an staid i Veiniséala leis an gcuspóir cosc a chur, inter alia, ar an riosca go mbeadh tuilleadh foréigin agus sáruithe ar cheart an duine sa sír sin. Tugann an Chúirt Ghinearálta le fios freisin nach raibh sé mar chuspóir leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3, 6 agus 7 den Rialachán atá faoi chonspóid freagairt a thabhairt ar ghníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta a d’fhéadfaí a chur i leith Veiniséala le neamhchomhlíonadh sealadach oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Deanann sí conclúid nach ionann na bearta sriantacha agus frithbhearta de réir bhrí Airteagal 49 de na dréacht-Airteagail Choimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe agus diúltaíonn sí, mar thoradh ar sin, leis an sárú líomhainte ag Veiniséala a bhaineann leis an gComhairle ar an bprionsabal nach gcuirfí isteach ar ghnóthaí inmheánacha Veiniséala.

    Ar an gcaoi chéanna, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta don argóint maidir leis na bearta sriantacha atá i gceist a ghlacadh gan údarú roimh ré ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Meabhraíonn sí go dtugann leis na Conarthaí an inniúlacht don Chomhairle chun gníomhartha a ghlacadh ina bhfuil bearta sriantacha uathrialaitheacha, ( 9 ) ar bearta iad atá ar leith ó na bearta arna moladh go sonrach ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire nár léirigh Veiniséala gurb ann do “cleachtas ginearálta a ghlactar leis mar bheith an dlí”, i gcomhréir le hAirteagal 38(1)(b) de Reacht na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, lena gceanglaítear údarú den sórt sin roimh don Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh.

    Ina theannta sin, maidir leis an sárú líomhainte ar phrionsabal na comhréireachta, measann an Chúirt Ghinearálta gurb ann do chaidreamh réasúnta idir na bearta sriantacha atá i gceist agus an cuspóir atá á shaothrú lena ndírítear ar an riosca go mbeadh tuilleadh foréigin, úsáid iomarcach fornirt agus sáruithe ar cheart an duine nó dochar dóibh sin a chosc. Measann sí, i bhfianaise chineál teoranta na mbeart dá bhforáiltear in Airteagail 2, 6, 7 agus 3 den rialachán atá faoi chonspóid agus i bhfianaise na maoluithe dá bhforáiltear iontu, na bearta sin mí-oiriúnach go follasach, agus ní théann siad thar an méid is gá chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach agus nár sáraíodh prionsabal na comhréireachta dá bhrí sin.

    Dá bhrí sin, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta d’argóintí Veiniséala lena n-éilítear sárú ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis i bhfianaise forchur frithbhearta a líomhnaítear a bheith mídhleathach.

    Ar deireadh, maidir le hargóint Veiniséala go bhfuil feidhmiú dlínse seach-chríochach ar thaobh an Aontais Eorpaigh i gceist leis na bearta a ghlac an Chomhairle, atá, dá réir sin, neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta arís an inniúlacht a thugtar don Chomhairle leis na Conarthaí ( 10 ) bearta sriantacha a ghlacadh, lena bhforáiltear, inter alia, “an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach”. I ndáil leis sin, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire go ndírítear leis na bearta sriantacha atá i gceist ar dhaoine agus ar staideanna a chumhdaítear faoi dhlínse na mBallstát ratione lociratione personae. Cumhdaítear cumhacht na Comhairle chun bearta sriantacha a ghlacadh faoi bhearta uathrialaitheacha an Aontais a ghlactar i gcomhthéacs CBES gcomhréir le cuspóirí agus luachanna an Aontais, cumhacht na Comhairle chun bearta sriantacha a ghlacadh faoi bhearta uathrialaitheacha an Aontais a ghlactar i gcomhthéacs CBES, i gcomhréir le cuspóirí agus luachanna an Aontais, ( 11 ) eadhon, inter alia, an cuspóir atá dírithe ar an daonlathas, an smacht reachta, uilíochas agus doroinnteacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, a chur chun cinn, ar ‘“leas dlíthiúil” coiteann é go gcosnófar na cearta atá i gceist, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta. ( 12 )

    I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta don chaingean.


    ( 1 ) Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO 2017 L 295, lch. 21 (“an Rialachán atá faoi chonspóid”)).

    ( 2 ) Cinneadh (CBES) 2018/1656 ón gComhairle an 6 Samhain 2018 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala (IO 2018 L 276, lch. 10).

    ( 3 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1653ón gComhairle an 6 Samhain 2018, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/2063 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (IO 2018, L 276, lch. 1).

    ( 4 ) Breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2019, Veiniséala v anChomhairle (T-65/18, EU:C:2019:649).

    ( 5 ) Breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Veiniséala v an Chomhairle (Tionchar ar thríú Stát) (C-872/19 P, EU:C:2021:507).

    ( 6 ) Chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl sa bhreithiúnas sin, gur tháinig an chéad bhreithiúnas chun bheith críochnaitheach maidir le hinghlacthacht na caingne i leith Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/1653 agus Cinneadh 2018/1656.

    ( 7 ) Mar a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 24(1) CAE.

    ( 8 ) Dréacht arna ghlacadh in 2001 ag ag Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe (“Dréacht-Airteagail CDI”). Foráiltear le hAirteagal 49: “ 1. Ní fhéadfaidh an Stát dá ndearnadh dochar frithbhearta a ghlacadh i leith an Stáit atá freagrach as an ngníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta ach chun a chur ina luí ar an Stát sin na hoibleagáidí atá air de bhun pháirt a dó a chomhlíonadh. 2. Beidh na frithbhearta teoranta do neamhchomhlíonadh sealadach oibleagáidí idirnáisiúnta an Stáit a ghlacann na bearta i leith an Stáit fhreagraigh. 3. Ní mór na frithbhearta a ghlacadh, a mhéid is féidir, ar bhealach lena gceadaítear atosú ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá i gceist.”

    ( 9 ) Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE.

    ( 10 ) Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE.

    ( 11 ) Airteagal 3(5) CAE agus Airteagal 21 21 CAE.

    ( 12 ) Breithiúnais na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an 5 Feabhra 1970, Barcelona Traction, Light and Power Company, Limited (an Bheilg v an Spáinn) (Tuarascálacha CBI 1970, lch. 3, §§33 agus 34), agus an 20 Iúil 2012, Ceisteanna maidir leis an oibleagáid ionchúiseamh agus eiseachadadh a dhéanamh (an Bheilg v an tSeineagáil) Tuarascálacha CBI 2012, lch. 422, míreanna 68 go 70)

    Top