EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62017CJ0507

An ceart go ndéanfaí dearmad ort ar an idirlíon

An ceart go ndéanfaí dearmad ort ar an idirlíon

 

ACHOIMRE AR:

Tagairt do réamhrialú – Cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta – Raon feidhme críochach an chirt chun díthagairt a dhéanamh – Cás C-507/17 (2019)

Tagairt do réamhrialú – Daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus sonraí atá ar láithreáin ghréasáin a phróiseáil – Méid oibleagáidí an oibreora sin agus cearta an duine is ábhar do na sonraí – Cás C-131/12 (2014)

CAD IAD AIDHMEANNA NA MBREITHIÚNAS?

Shoiléirigh an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) in 2014 léirmhíniú Threoir 95/46/CE mar seo a leanas:

  • Is ionann torthaí innill cuardaigh a thaispeáint agus sonraí pearsanta a phróiseáil.
  • Tá sé de fhreagracht ar oibreoir an innill cuardaigh naisc chuig faisnéis phearsanta a bhaint ó thorthaí cuardaigh i gcúinsí ar leith, agus an ceart go ndéanfaí dearmad a thabhairt isteach go héifeachtach.

Leis an rialú ó CBAE in 2019, soiléiríodh raon feidhme geografach an chinnidh a rinne sí roimhe sin, i gcomhthéacs nua Rialachán (AE) 2016/679 (an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí), lena ndearnadh rialacha maidir le cosaint sonraí a nuachóiriú agus a aontú ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) agus lenar aisghaireadh Treoir 95/46/CE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Google Spain SL agus Google Inc. v Agencia Española de Protección de Datos (AEPD) agus Mario Costeja González (2014)

  • In 2010, d’iarr Mario Costeja González, saoránach de chuid na Spáinne, ar Google na sonraí pearsanta a bhaineann le fiacha slándála sóisialta arna gcló sa nuachtán La Vanguardia in 1998 a bhaint nó a cheilt sna torthaí cuardaigh.
  • D’áitigh sé gur réitíodh an cás roinnt blianta roimhe sin agus go raibh an tagairt dóibh tagtha chun bheith neamhábhartha.
  • Chinn an Chúirt go bhfuil oibreoir innill cuardaigh idirlín freagrach as próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta atá le feiceáil ar leathanaigh ghréasáin a fhoilsíonn foinsí eile agus go gcaithfidh sé reachtaíocht a chomhlíonadh a thugann cosaint do dhaoine aonair i ndáil leis sin (Treoir 95/46/CE).
  • Rialaigh an Chúirt go bhféadfadh oibleagáid a bheith ar oibreoir an innill cuardaigh, i gcúinsí áirithe, naisc chuig leathanaigh ghréasáin áirithe a bhaint de liosta na dtorthaí a thagann chun solais nuair a dhéantar cuardach d’ainm ar leith (tugtar an ceart go ndéanfaí dearmad nó go ndéanfaí “díthagairt” ar an méid sin), i gcás ina meastar go bhfuil an fhaisnéis míchruinn, neamhleor, neamhábhartha, nach bhfuil sé ábhartha ná iomarcach a thuilleadh chun críoch próiseála sonraí, ach ní díreach toisc go bhfuil sí míchruinn don ábhar sonraí.

Google LLC v Commission nationale de l’informatique et des libertés (CNIL) (2019)

  • Sa chaingean a thionscain Google i gcoinne údarás cosanta sonraí na Fraince, iarradh ar CBAE rialú a thabhairt ar raon feidhme geografach chur i bhfeidhm an chirt chun go ndéanfaí dearmad.
  • Sa bhliain 2016, ghearr rialtóir na Fraince fíneáil EUR 100 000 ar Google as diúltú an ceart go ndéanfaí dearmad a chur i bhfeidhm ar fud an domhain. D’ordaigh sé anuas air sin don chuideachta an ceart go ndéanfaí dearmad a chur i bhfeidhm ar gach ainm fearainn Google, lena n-áirítear google.com. Mar fhreagra, d’áitigh Google nach raibh sé de chumhacht ag údarás cosanta sonraí na Fraince ach ordú a dhéanamh a bhaineann leis an bhfearann google.fr de chuid na Fraince.
  • Ina rialú, chinn an Chúirt nach mbaineann an ceart chun go ndéanfaí dearmad le naisc a thaispeántar i ngach leagan d’inneall cuardaigh ar fud an domhain, ach go mbaineann sé le hinnill chuardaigh le hainmneacha fearainn a bhaineann le Ballstáit AE – i.e. ní hamháin google.fr, ach google.it, google.de, google.nl, etc.
  • Ceanglaítear ar oibreoirí innill cuardaigh freisin úsáid a bhaint, i gcás inar gá, as bearta lena ndéantar úsáideoirí idirlína chosc go héifeachtach nó, ar a laghad, a dhíspreagadh” ó rochtain a fháil ar ábhar díthagartha agus cuardach á dhéanamh acu de réir ainm ó Bhallstát.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 24 Meán Fómhair 2019 – Google LLC, comharba sa dlí ar Google Inc. v Commission nationale de l’informatique et des libertés (CNIL) – Iarraidh ar réamhrialú ó Conseil d’État – Tagairt do réamhrialú – Sonraí pearsanta – Daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin – Treoir 95/46/CE – Rialachán (AE) 2016/679 – Innill chuardaigh idirlín – Próiseáil sonraí ar leathanaigh ghréasáin – Raon feidhme críochach an chirt chun díthagairt a dhéanamh – Cás C-507/17.

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra), an 13 Bealtaine 2014 – Google Spain SL agus Google Inc. v Agencia Española de Protección de Datos (AEPD) agus Mario Costeja González – Iarraidh ar réamhrialú ó Audiencia Nacional – Sonraí pearsanta – Daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin – Treoir 95/46/CE – Airteagail 2, 4, 12 agus 14 – Ábhar agus raon feidhme críochach – Innill chuardaigh idirlín – Sonraí atá ar shuíomhanna gréasáin a phróiseáil – Sonraí den sórt sin a chuardach, a innéacsú agus a stóráil – Freagracht oibreoir an innill chuardaigh – Bunú ar chríoch Bhallstáit – Méid oibleagáidí an oibreora sin agus chearta an duine is ábhar do na sonraí – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7 agus 8 – Cás C 131/12.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/679 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 ar chosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus ar shaorghluaiseacht sonraí den chineál sin (IO L 281, 23.11.1995, Igh. 31-50).

Nuashonraithe 15.03.2022

Top