Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0887

    Líona Eorpach cibearshlándála agus lárionad inniúlachta

    Líona Eorpach cibearshlándála agus lárionad inniúlachta

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2021/887 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    • Cuireann sé an Lárionad um Inniúlachtaí Cibearshlándála (ECCC) agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (an “líonra”) ar bun.
    • Leagann sé rialacha síos do lárionaid náisiúnta comhordúcháin (NCCanna) agus do bhunú Pobal Inniúlachta Cibearshlándála.

    Tá ról ríthábhachtach ag an ECCC sa chlár Eorpach digiteach (curtha ar bun faoin Rialachán (AE) 2021/694 — féach an achoimre) agus cuireann sé le Fís Eorpach. Cruthaíonn sé creat chun infheistíochtaí sa chibearshlándáil a mhéadú agus a chomhordú idir an tAontas Eorpach (AE), Ballstáit den Aontas Eorpach agus, go hindíreach, earnáil na tionsclaíochta.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Misean

    Is é misean ECCC agus an líonra ná cabhrú le AE seo a leanas a dhéanamh:

    • Ceannaireacht AE sa chibearshlándáil* a neartú trí chur le hiontaoibh agus le slándáil, rúndacht, sláine agus inrochtaineacht sonraí san áireamh;
    • athléimneacht is iontaofacht líonra tacaíochta agus córais faisnéise, lena n-áirítear bonneagar criticiúil agus crua-earraí is bogearraí coiteanna; agus
    • iomaíochas domhanda agus ardchaighdeáin thionscail a mhéadú maidir le cibearshlándáil AE, an chibearshlándáil a iompú ina bhuntáiste iomaíoch d’earnáil na tionsclaíochta in AE.

    Cuspóirí

    Is ionann sainchuspóirí ECCC agus cúraimí straitéiseacha agus cúraimí a bhaineann le cur i bhfeidhm:

    • feabhas a chur ar chumas cibearshlándála, inniúlachtaí, eolas agus bonneagar;
    • athléimneacht chibearshlándála a chur chun cinn, dea-chleachtais, slándáil trí dhearadh agus deimhniú slándála ar tháirgí agus ar sheirbhísí;
    • cur le héiceachóras cibearshlándála Eorpach láidir agus geallsealbhóirí á dtabhairt le chéile.

    Críochnófar na tascanna seo tríd an méid seo a leanas:

    • treoshuíomhanna straitéiseacha a shocrú maidir le taighde, nuálaíocht agus soláthar, agus tosaíochtaí a leagadh amach;
    • codanna a chur i bhfeidhm de chláir mhaoinithe ábhartha AE;
    • comhoibriú agus comhordúchán a spreagadh ag leibhéal náisiúnta agus leibhéal na hEorpa; agus
    • infheistiú comhpháirteach a éascú.

    Lárionaid náisiúnta comhordúcháin (NCCanna)

    • Ainmníonn gach Ball Stáit NCC amháin agus cuirtear an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoin gcinneadh.
    • Caithfidh rochtain a bheith ag gach NCC ar thaighde cibearshlándála agus ar shaineolas teicneolaíochta.
    • Féadann NCCanna, faoi chúinsí áirithe, deontais dhíreacha AE a fháil agus féadann siad tacaíocht airgid a thabairt do thriú páirtithe.

    I measc phíomhfheidhmeanna NCCanna tá:

    • feidhmiú mar phointí teagmhála ag an leibhéal náisiúnta;
    • saineolas a sholáthar agus cur le tascanna straitéiseacha;
    • rannpháirtíocht i dtograí trasteorann a éascú agus i ngníomhaíochtaí cibearshlándála maoinithe ag AE;
    • cúnamh teicniúil a sholáthar do gheallsealbhóirí i dtograí bainistithe ag an ECCC;
    • sineirgí a lorg le gníomhachtaí ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, amhail beartais náisiúnta maidir le taighde, forbairt agus nuálaíocht;
    • gníomhachtaí faoi leith a chur i bhfeidhm a bhfuil deontais bronnta orthu ag an ECCC;
    • cur le cláir oideachais.

    Pobal Inniúlachta Cibearshlándála

    • Cuireann an Pobal Inniúlachta Cibearshlándála leis an ECCC agus le misin ghréasáin chomh maith le saineolas cibearshlándála a roinnt agus a scaipeadh.
    • An earnáil tionsclaíochta atá i gceist, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, eagraíochtaí acadúla agus taighde, comhlachais na sochaí sibhialta, eagraíochtaí caighdeán, eintitis phoiblí ábhartha agus geallsealbhóirí ag iarraidh dul i ngleic le dúshláin chibearshlándála.

    Struchtúr an ECCC

    Faoi struchtúr riaracháin agus rialachais ECCC tá:

    • Bord Rialaithe a sholáthraíonn treoshuíomhanna straitéiseacha agus a dhéanann maoirseacht ar ghníomhaíochtaí;
    • stiúrthóir feidhmiúcháin, ionadaí dlíthiúil ECCC agus an té atá freagrach as bainistíocht laethúil; agus
    • Grúpa Comhairleach Straitéiseach a chinntíonn plé idir an Pobal Inniúlachta Cibearshlándála agus ECCC.

    Bord Rialaithe

    • Ionadaí ó gach Ballstát agus beirt ón gCoimisiún, a bhfuil eolas cibearshlándála agus scileanna bainistíochta acu.
    • Breathnóirí, lena n-áirítear breathnóir buan ón nGníomhaireacht Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil arna bhunú faoin Rialachán (AE) 2019/881.
    • Cathaoirleach agus leaschathaoirleach tofa ag baill an Bhord Rialaithe.

    Glacann an stiúrthóir feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe ach ní féidir leis/léi vóta a chaitheamh.

    Grúpa Comhairleach Straitéiseach

    • Fiche ball ceaptha ag an mBord Rialaithe.
    • Buaileann siad le chéile faoi thrí sa bhliain.
    • Tugann siad comhairle don Bhord Rialaithe maidir le meithleacha a bhunú.
    • Eagraíonn siad comhairliúcháin phoiblí chun ionchur a bhailiú do chlár oibre ECCC agus cláir oibre.

    Maoiniú

    Tá an ECCC maoinithe ag an AE, fad is atá gníomhaíochtaí comhpháirteacha maoinithe ag an AE agus ag ranníocaíochtaí deonacha ó Bhaill Stáit:

    • suas le EUR 1 649 566 000 ó chlár digiteach na hEorpa, lena n-áirítear EUR 32 000 000 i gcomhair riaracháin;
    • suim airgid ó Fhís Eorpach i gcomhair gníomhaíochtaí comhpháirteacha, atá cothrom le ranníocaíochtaí na mBallstát agus ag teacht le pleanáil Fhís Eorpach;
    • suim airgid ó chláir eile de chuid AE, mar is gá chun cuspóirí ECCC a chur i bhfeidhm.

    Faoin rialachán tugtar cead agus, go deimhin, beidh fáilte roimh Bhallstáit a chuireann a n-acmhainní féin isteach ann. Má chuireann Baill Stáit le hacmhainní atá bainistithe ag an ECCC, caithfidh siad cuid de na costais riaracháin a íoc freisin.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ó 28 Meitheamh 2021.

    CÚLRA

    Féach chomh maith:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Cibearshlándáil: na gníomhaíochtaí is gá chun córais líonra agus faisnéise a chosaint, mar aon le húsáideoirí na gcóras sin agus daoine eile a dtéann cibearbhagairtí* i bhfeidhm orthu.
    Cibearbhagairt: imthoisc, imeacht nó gníomh féideartha lena bhféadfaí damáiste a dhéanamh do chórais líonra agus faisnéise nó lena bhféadfaí cur isteach orthu nó lena bhféadfaí drochthionchar a imirt orthu, dá n-úsáideoirí agus do dhaoine eile.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Déardaoin 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (IO L 202, 8.6.2021, lgh. 1-31)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lgh. 1-34)

    Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis Straitéis Slándála Aontais AE (COM(2020) 605 final, 24.7.2020)

    Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (OJ L 194, 19.7.2016, lgh. 1-30)

    Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151 7.6.2019, lgh. 15-69)

    Nuashonraithe 27.07.2021

    Barr