EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R2021

Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh — taispeáintí leictreonacha

Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh — taispeáintí leictreonacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/2021 maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh taispeáintí leictreonacha

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/2013 maidir le lipéadú fuinnimh taispeáintí leictreonacha

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Le Rialachán (AE) 2019/2021 bunaítear ceanglais éicidhearthóireachta* maidir le taispeáintí leictreonacha* a dhíol nó a chur i seirbhís, lena n–áirítear teilifísí, monatóirí agus comharthaí digiteacha. Leis an rialachán, aisghairtear Rialachán (CE) 642/2009 l nach raibh feidhm leis ach maidir le teilifísí agus monatóirí teilifísí.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 lena leagtar síos rialacha maidir le lipéadú agus soláthar faisnéise breise táirge ar na taispeáintí leictreonacha sin. Leis an rialachán, aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 1062/2010 nach raibh feidhm leis ach maidir le teilifísí agus monatóirí teilifísí.

Níl feidhm ag na rialacháin maidir le táirgí taispeánta áirithe, amhail teilgeoirí, taispeáintí leighis, taispeáintí beaga leictreonacha nó córais físchomhdhála chuimsitheacha. Maidir le fearais eile, amhail taispeáintí craolacháin, gairmiúla agus slándála, chláir bhána idirghníomhacha, nó frámaí grianghraif digiteacha, ní chaithfear ach cuid de na ceanglais a chomhlíonadh, amhail na cinn a bhaineann le héifeachtacht ábhair (deisiú agus athchúrsáil a éascú).

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach le Rialachán (AE) 2019/2021:

  • na ceanglais éicidhearthóireachta i gcomhréir le Treoir 2009/125/CE;
  • in Iarscríbhinn II, an dáta (1 Márta 2021) a thiocfaidh na ceanglais éicidhearthóireachta i bhfeidhm. Cuimsítear iontu:
    • éifeachtúlacht fuinnimh
    • ceanglais maidir leis an mód “as” agus an mód fuaireachais
    • éifeachtacht ábhair, lena n–áirítear dearadh díchóimeála, athchúrsáil níos fearr agus aisghabháil ábhair a mhéadú
    • faisnéis do dheisitheoirí agus do sholáthraithe páirteanna spártha, lena n–áirítear infhaighteacht nuashonruithe bogearraí agus dochtearraí
    • infhaighteacht páirteanna spártha;
  • nós imeachta um measúnú comhréireachta, agus in Iarscríbhinn III, na modhanna tomhais agus na ríomhanna nach mór cloí leo.

Ní mór do na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.

In Iarscríbhinn V leagtar amach tagarmharcanna táscacha atá bunaithe ar an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil ar an margadh (le linn ullmhú na reachtaíochta) le haghaidh na ngnéithe comhshaoil a meastar iad a bheith suntasach agus cainníochtúil.

Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déantaagus measúnú a dhéanamh ar roinnt gnéithe 3 bliana ó tháining sé i bhfeidhm.

Le Rialachán Tarmligthe (EU) 2019/2013 forlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le lipéadú fuinnimh agus leagtar amach leis rialacha do sholáthraithe, do dhéileálaithe agus d’ardáin óstála idirlín.

  • Ní mór do sholáthraithe an méid seo a leanas a áirithiú:
    • go soláthrófar lipéad priontáilte ar gach taispeáint leictreonach san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III agus ina bhfuil an fhaisnéis san Iarscríbhinn sin;
    • go ndéanfar an fhaisnéis ar bhileog faisnéise an táirge, arna leagan amach in Iarscríbhinn V, agus ábhair na ndoiciméad teicniúil, arna leagan amach in Iarscríbhinn VI, a iontráil ar bhunachar sonraí an táirge;
    • má iarrann an déileálaithe go sonrach é, go gcuirfear bileog faisnéise an táirge ar fáil i bhfoirm phriontáilte;
    • go mbeidh an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n–aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, ar an lipéad, i bhfógraíocht amhairc nó inábhar teicniúil cur chun cinn ar bith le haghaidh samhail shonrach taispeánta leictreonaí, lena n–áirítearar an idirlíon (féach Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn VIII);
    • go gcuirfear lipéad leictreonach san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, agus an fhaisnéis arna leagan amach san Iarscríbhinn sin, ar fáil do dhéileálaithe do gach taispeáint leictreonach;
    • go gcuirfear bileog leictreonach faisnéise táirge, arna leagan amach in Iarscríbhinn V, ar fáil do dhéileálaithe do gach taispeáint leictreonach;
    • ní foláir go mbeidh an lipéad priontáilte ar an bpacáistí nó greamaithe de.
  • Ní mór do dhéileálaithe an méid seo a leanas a áirithiú:
    • maidir le gach taispeáint leictreonach, ag an bpointe díola, lena n–áirítear ag iontaí, go mbeidh lipéad an soláthraí taispeánta ar éadan an fhearais nó crochta air nó curtha air ionas go mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus gur léir go mbaineann sé leis an tsamhail ar leith;
    • ar an gcoinníoll go gcoinneofar an taispeáint leictreonach sa mhód ’air’ nuair a bheidh sé le feiceáil ag custaiméirí nuair a bheidh sé ar díol, féadfar an lipéad leictreonach a thaispeántar ar an scáileán a chur in ionad an lipéid phriontáilte;
    • i gcás go bhfuil samhail taispeánta leictreonaí ar taispeáint i bpointe díola gan aonad ar bith ar taispeáint lasmuigh den bhosca, go mbeidh an lipéad priontáilte ar an mbosca nó greamaithe de le feiceáil;
    • i gciandíola nó i dteileamhargaíocht, go soláthrófar bileog eolais an táirge i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII;
    • go mbeidh an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus raon na n–aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, ar an lipéad,i bhfógraíocht amhairc nó in ábhar teicniúil cur chun cinn ar bith le haghaidh samhail shonrach taispeánta leictreonaí, lena n–áirítear ar an Idirlíon, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
  • Ní mór d’ardáin óstála idirlín an méid seo a leanas a áirithiú:
    • go mbeidh an lipéad leictreonach agus bileog faisnéise an táirge leictreonaigh a sholáthraíonn an déileálaí ar taispeáint i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, agus ní mór dóibh an oibleagáid maidir lena gcur ar taispeáint a chur in iúl don déileálaí.

Go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.

Tá aicme na héifeachtúlacht fuinnimh bunaithe ar an innéacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déanta 3 bliana ó tháinig sé i bhfeidhm.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

Tá an dá cheann i bhfeidhm ón 1 Márta 2021. Tá an ceanglas, áfach, go soláthrófar taispeáintí leictreonacha le lipéad priontáilte san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 agus ina mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach san Iarscríbhinn sin i bhfeidhm ón 1 Samhain 2020.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Éicidhearthóireacht: Beartas maidir le feabhas, trí dhearadh níos fearr, a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí le linn a saolré, go háirithe a n–éifeachtúlacht fuinnimh.
Taispeáint leictreonach: scáileán taispeánta agus leictreonaic ghaolmhara ar a dtaispeántar, mar a phríomhfheidhm, faisnéis amhairc a fhaightear ó fhoinsí sreangaithe agus ó fhoinsí gan sreang.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh taispeáintí leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 241-266)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar thaispeáintí leictreonacha agus lena n–aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 1-28)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena mbunaítear creat i ndáil le lipéadú fuinnimh lena n–aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 1-23)

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Plean Oibre Éicidhearthóireachta 2016-2019 (COM(2016) 773 final, 30.11.2016)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An lúb a dhúnadh — Plean Gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach (COM(2015) 614 final, 2.12.2015)

Treoir 617/2013 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí (IO L 175, 27.6.2013, lgh. 13-33)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lgh. 38-71)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 1062/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipeádú fuinnimh ar theilifísí (IO L 314, 30.11.2010, lgh. 64-80)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí atá bainteach le fuinneamh (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10-35)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) 1275/2008 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2008 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ídiú cumhachta leictrí sa mhód “as” agus sa mhód fuaireachais maidir le trealamh leictreach agus leictreonach tís agus oifige (IO L 339, 18.12.2008, lgh. 45-52)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 29.01.2020

Barr