Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0936

    Allmhairiú táirgí teicstíle ó thíortha neamh-AE

    Allmhairiú táirgí teicstíle ó thíortha neamh-AE

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2015/936 — allmhairiú táirgí teicstíle ó thíortha áirithe neamh-AE nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile i dtaca le hallmhairiú

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Bunaítear leis rialacha maidir le hallmhairiú cineálacha éagsúla teicstíle ó thíortha áirithe neamh-AE nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile AE i dtaca le hallmhairiú, eadhon an Chóiré Thuaidh.

    Tugtar isteach leis freisin córas faireachais a bhaineann le hallmhairiú táirgí teicstíle de thionscnamh thíortha neamh-AE, seachas an Chóiré Thuaidh.

    Tagann sé in ionad Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Maidir leis an reachtaíocht:

    • dearbhaítear léi gur féidir teicstílí ó gach tír neamh-AE seachas Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré a allmhairiú gan srian ar bith ar na méideanna atá i gceist;
    • leagtar uasteorainneacha léi ar allmhairiú catagóirí éagsúla ón gCóiré Thuaidh — bunaítear na leibhéil ar shruthanna trádála roimhe seo nó ar shruthanna trádála measta;
    • leasaíodh í le Rialachán (AE) 2017/354, lena n-aithnítear na forbairtí dearfacha polaitiúla sa chaidreamh idir AE agus Poblacht na Bealarúise agus féachtar léi le cuidiú le tuilleadh feabhais a dhéanamh ar chaidreamh AE–Bealarúise — féadfaidh AE dul i muinín cuótaí amach anseo má thagann meath tromchúiseach ar staid chearta an duine sa Bhealarúis.

    Ní mór do thíortha AE an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas laistigh de 30 lá faoi mhéid na dteicstílí a allmhairíodh an mhí roimhe sin ón gCóiré Thuaidh agus sonraí bliantúla a sholáthar faoin 31 Márta gach bliain.

    Déanann an Coimisiún iad seo a leanas:

    • imscrúdú, má mheasann sé go bhfuil cúis chóir ann, ar mhéid na n-allmhairí atá á ndéanamh;
    • caitheann sé le gach eolas a fhaigheann sé faoi rún;
    • cuireann sé a thuairisc faoi bhráid an Choiste Teicstíle a chuidíonn leis an reachtaíocht a chur chun feidhme;
    • déanann sé faireachán ar allmhairí má mheasann sé go bhféadfadh a méid díobháil a dhéanamh do tháirgeoirí AE;
    • leagann sé coinníollacha speisialta ar allmhairiú, amhail doiciméad faireachais a éileamh; agus
    • tugann sé isteach bearta cosanta má dhéanann allmhairí mórdhíobháil nó más bagairt iarbhír iad do tháirgeoirí Eorpacha.

    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe* agus gníomhartha cur chun feidhme*a ghlacadh.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2148:

    • leagtar amach ann méideanna na dteicstílí is féidir a allmhairiú ón gCóiré Thuaidh in 2017;
    • liostaítear ann na húdaráis inniúla i ngach tír AE a chuireann an Coimisiún ar an eolas faoi na hiarratais ar allmhairiú a fhaigheann siad.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 15 Iúil 2015. Le Rialachán (AE) 2015/936 rinneadh leasú agus ionadú ar Rialachán (CE) Uimh. 517/94 (agus a leasuithe ina dhiaidh sin).

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Gníomhartha tarmligthe: cuireann siad sin ar chumas an Choimisiúin gníomhartha ginearálta neamhreachtacha a ghlacadh chun cur le gnéithe neamhriachtanacha píosa reachtaíochta nó chun iad a leasú.
    Gníomhartha cur chun feidhme: cuireann siad sin ar chumas an Choimisiúin rialacha nós imeachta a ghlacadh chun cuidiú le cur chun feidhme píosa reachtaíochta, mar shampla spriocdhátaí nó teimpléid.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2015/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi athmhúnluithe sonracha eile an Aontais i dtaca le hallmhairiú (athmhúnlú) (IO L 160, 25.6.2015, lgh. 1-54)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/936 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2148 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le bainistiú agus dáileadh cuótaí teicstíle a bunaíodh don bhliain 2017 faoi Rialachán (AE) 2015/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 333, 8.12.2016, lgh. 32-41)

    Nuashonraithe 22.11.2017

    Barr