Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1290

    Fís 2020: rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh (2014-20)

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Fís Eorpach — an clár réime um thaighde agus um nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

    Fís 2020: rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh (2014-20)

    Leagtar síos sa rialachán seo na rialacha maidir le rannpháirtíocht i gclár um thaighde agus nuálaíocht an Aontais Eorpaigh (AE), Fís 2020. Leagtar amach ann freisin na rialacha a bhaineann le scaipeadh torthaí agus le feidhm a bhaint astu.

    GNÍOMH

    Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i Fís 2020 - an Clár réimse um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014 - 20) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006

    ACHOIMRE

    Cuimsítear sa rialachán:

    • rannpháirtíocht i ngníomhaíocht indíreach taighde agus nuálaíochta a dtugtar fúithi de réir Rialacháin (AE) Uimh. 1291/2013, .i. gníomhartha rannpháirtithe a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach. Ní chuimsítear sa rialachán an taighde díreach a bhíonn ar siúl ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin;
    • conas a bhaintear feidhm as na torthaí agus conas a scaiptear iad.

    Cineálacha cistiúcháin

    Áirítear le cineálacha cistiúcháin:

    • deontais (ranníocaíochtaí airgeadais díreacha ó bhuiséad AE le rogha rannpháirtithe trí mheán gairmeacha),
    • duaiseanna (cistiúchán i bhfoirm duaise i ndiaidh comórtais),
    • soláthar (mar shampla, soláthar ag údaráis phoiblí taighde agus forbartha (T&F), a chuireann ar a gcumas taighde a dhíriú ar riachtanais shonracha earnála poiblí),
    • ionstraimí airgeadais (mar shampla, caipiteal gnáthscaireanna nó infheistíochtaí cuasachothromais, iasachtaí nó ráthaíochtaí, nó ionstraimí eile um chomhroinnt riosca, a d’fhéadfadh a bheith curtha le chéile le deontais).

    Eintitis atá incháilithe chun deontais a fháil

    Is í an bhunriail ná go bhféadfaidh eintiteas ar bith, cibé an duine aonair nó eintiteas dlíthiúil atá ann (beag beann ar a áit ghnó), nó eagraíocht idirnáisiúnta páirt a ghlacadh i ngníomh faoi na coinníollacha a leagtar síos sa rialachán seo, sa chlár oibre cuí agus sa ghairm. Go sonrach, ní mór trí eintiteas ar leith, atá bunaithe i mBallstáit AE dhifriúla nó i dtíortha comhlachaithe, páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht, de réir coinníollacha íosta, ach d’fhéadfaí maoluithe nó coinníollacha breise a fhorchur freisin.

    Tograí deontas

    Iarrtar tograí i bprionsabal tar éis do ghairmeacha a bheith foilsithe ina sonraítear na teorainneacha ama agus na spriocdhátaí faoinar gá d’iarrthóirí a bheith curtha ar an eolas maidir le toradh an phróisis mheasúnaithe agus le dáta táscach i ndáil le síniú comhaontuithe deontais (bronntar deontas laistigh d’ocht mí ón dáta taiscthe deiridh, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar maith leis). Is féidir comhghairmeacha a iarraidh freisin i gcás tionscadal arna gcómhaoiniú ag tíortha neamh-AE nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimsí tosaíochta comhleasa agus comhshocair ionchasaigh, réimsí lena mbaineann luach breise don Aontas Eorpach. Ina theannta sin, tugtar tacaíocht shonrach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) trí mheán gairmeacha a eisítear faoin ionstraim FBM thiomnaithe.

    Measúnú deontas

    Déanann saineolaithe neamhspleácha, a thagann ón bpobal taighde agus ón bpobal acadúil den chuid is mó, measúnú ar aighneachtaí bunaithe ar na tosca seo a leanas: sármhaitheas, tionchar agus cáilíocht agus éifeachtacht an chuir i bhfeidhm. Cuireann na saineolaithe rangú le chéile agus déantar roghanna bunaithe ar an rangú sin. Ní mór painéil a bheith ann ina bhfuil éagsúlacht scileanna, taithí, náisiúntachta agus inscne. Déanann an Coimisiún athbhreithniú de réir eagair ar thograí lena mbaineann saincheisteanna eiticiúla.

    Deontais a chomhaontú agus a chur i bhfeidhm

    Na rannpháirtithe a roghnaítear chun cistiúchán a thabhairt dóibh, bíonn orthu dul i mbun chomhaontú deontais lena mbunaítear cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe go léir. Déantar teagmháil le rannpháirtithe, cur i gcrích an chomhaontú deontais san áireamh, trí chóras um malartú leictreonach a bhunaítear ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht cistiúcháin cuí.

    Cuireann rannpháirtithe gníomhartha i bhfeidhm de réir an chomhaontú deontais, ag úsáid na n-acmhainní agus na meán cuí, lena n-áirítear cúram a iarraidh ar thríú páirtithe agus ar fhochonraitheoirí nuair is gá. I gcás cuibhreannais, ceaptar ball amháin mar chomhordaitheoir agus mar phríomhdhuine teagmhála idir an cuibhreannas agus an Coimisiún.

    Gníomhartha a mhaoiniú

    I gcás deontas, sonraítear sa rialachán nach féidir ach cistiúchán a chur ar fáil nach sáraíonn iomlán na gcostas incháilithe lúide fháltais an ghnímh, mar a shainmhínítear sa Rialachán Airgeadais AE (Airteagal 126). Cuireann an EU ranníocaíochtaí éagsúla ar fáil arb ionann iad agus suas le 70-100 % de na costais iomlána incháilithe.

    Feidhm a bhaint as na torthaí

    • is leis na rannpháirtithe na torthaí a ghineann siad. Ní mór na torthaí a chosaint má úsáidtear chun críocha tráchtála nó tionsclaíocha iad. Cuirtear rialacha sonracha i bhfeidhm mura bhfuil sé beartaithe ag na rannpháirtithe cosaint a chur i bhfeidhm nó má tá sé beartaithe acu cosaint a gcuid torthaí a thréigean.
    • Iarrtar ar na rannpháirtithe a fhaigheann cistiúchán AE feidhm a bhaint as a gcuid torthaí, trí bhíthin aistrithe agus ceadúnaithe den chuid is mó. Iarrtar orthu freisin a gcuid torthaí a scaipeadh a luaithe is féidir. Sonrófar aon oibleagáidí breise sa chomhaontú deontas.
    • Bíonn rochtain saor ó dhleachtanna ag rannpháirtí ar thorthaí rannpháirtí eile a bhaineann leis an ngníomh céanna, má tá sé seo riachtanach chun a chuid oibre a dhéanamh faoin ngníomh nó chun feidhm a bhaint as a thorthaí féin. Bíonn rochtain ag institiúidí, ag comhlachtaí nó ag gníomhaireachtaí AE ar thorthaí na rannpháirtithe a fhaigheann cistiúchán AE má tá sé seo riachtanach chun beartais agus chun cláir AE a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus chun faireachán a dhéanamh orthu. Is chun críocha neamh-thráchtála agus neamh-iomaí amháin a dhéanann AE rochtain ar na torthaí sin agus ní bhíonn air íoc as an rochtain.

    TAGAIRTÍ

    Gníomh

    Teacht i bhfeidhm

    Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013

    23.12.2013

    -

    IO L 347, 20.12.2013, lgh. 81-103

    GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

    Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 104-173).

    Cinneadh ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-20) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (2013/743/AE) (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 965-1041).

    Nuashonrú is déanaí: 25.06.2014

    Barr