EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013D0531

Cúnamh airgeadais don Rómáin

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

Cúnamh airgeadais don Rómáin

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2009/459/CE — cúnamh airgeadais meántéarmach don Rómáin

Cinneadh 2011/288/CE — cúnamh airgeadais réamhchúraim don Rómáin

Cinneadh 2013/531/AE — cúnamh airgeadais réamhchúraim don Rómáin

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ?

  • Is é is aidhm leo cúnamh airgeadais a sholáthar don Rómáin.
  • Chuir an tAontas Eorpach (AE) agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), le tacaíocht ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, cúnamh airgeadais ar fáil don Rómáin idir 2009 agus 2015.
  • Is é is bonn le gníomhaíocht AE Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 faoina gceadaítear don Aontas Eorpach cúnamh airgeadais meántéarmach a thabhairt do thíortha AE nach bhfuil i limistéar an euro agus a bhfuil deacrachtaí acu maidir lena gcomhardú íocaíochtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • In 2009, chomhaontaigh AE go bhfaigheadh an Rómáin €20 billiún i gcúnamh airgeadais do 2009-2011. De réir Rialachán (CE) Uimh. 332/2002, bhain an cúnamh le glacadh na Rómáine le bearta beartais eacnamaíocha a ceapadh chun comhordú inbhuanaithe íocaíochtaí a athbhunú.
  • Soláthraíodh an maoiniú trí:
  • In 2011, chomhaontaigh AE go bhfaigheadh an Rómáin cúnamh airgeadais réamhchúraim suas le €1.4 bhilliún do 2011-2013. Admhaíodh an méid seo a leanas leis an gcinneadh:
    • nach n-iarrfadh an Rómáin go n-íocfaí tráthchuid ar bith den mhaoiniú ach amháin dá mbeadh deacracht aici le comhardú na n-íocaíochtaí reatha nó gluaiseachtaí caipitil;
    • go mbreathnódh an Coimisiún Eorpach ar iarratas ar bith ón Rómáin leis an iasacht iomlán a fháil nó cuid di a fháil de bharr gur chuir an rialtas a chlár athchóirithe eacnamaíoch chun feidhme;
    • iarracht chomhpháirteach le CAI ba ea an cúnamh, inar soláthraíodh thart ar €3.6 bhilliún faoi shocrú teannta réamhchúraim,
    • gheall an Banc Domhanda go dtabharfadh sé tuilleadh tacaíocht airgeadais.
  • In 2013, chomhaontaigh AE clár úr réamhchúraim um chomhardú íocaíochtaí don Rómáin do 2013-2015. Gheall sé €2 bhilliún agus gheall CAI méid comhchosúil. Ceapadh é sin chun tacaíocht a thabhairt don tír le:
    • cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais a chomhdhlúthú;
    • athléimneacht agus acmhainneacht fáis an gheilleagair a mhéadú;
    • an cumas riaracháin a fheabhsú;
    • an riarachán cánach a athchóiriú, feabhas a chur ar an mbainistíocht airgeadais phoiblí agus cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit a athstruchtúrú.
  • Níor tarraingíodh riamh ar an tacaíocht airgeadais faoi chlár 2011-2013 agus clár 2013-2015.
  • Nuair a tháinig deireadh leis an tríú clár um chúnamh airgeadais an 30 Meán Fómhair 2015, chuir AE tús lena fhaireachas iarchláir an 1 Deireadh Fómhair 2015. San fhaireachas seo:
    • dírítear ar chlár um chomhardú íocaíochtaí 2009-2011 faoina bhfuil € 3.5 bhilliún den €5 bhilliún d’iasachtaí a íocadh fós le híoc;
    • baineann sé le cuairteanna rialta a thabhairt ar an Rómáin chun measúnú a dhéanamh ar staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais na tíre;
    • is cosúil go mairfidh sé go dtí mí na Bealtaine 2018 nuair a bheifear ag súil go mbeidh 70 % den bhuniasacht íoctha ar ais.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ?

  • Tháinig Cinneadh 2009/459 ón gComhairle i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2009.
  • Tháinig Cinneadh 2011/288/AE ón gComhairle i bhfeidhm an 13 Bealtaine 2011.
  • Tháinig Cinneadh 2013/531/AE ón gComhairle i bhfeidhm an 25 Deireadh Fómhair 2013.

CÚLRA

  • I mí Feabhra 2002, thug Comhairle AE an chumhacht don Aontas Eorpach chun iasachtaí a dheonú do thíortha AE a raibh deacrachtaí acu i ndáil lena gcomhordú íocaíochtaí nó lena ngluaiseachtaí caipitil, nó a raibh deacrachtaí i ndáil leo sin ag bagairt orthu.
  • Níl an cúnamh airgeadais sin ar fáil ach amháin i gcás tíortha nach n-úsáideann an euro.
  • Rinne an Rómáin iarratas ar chúnamh den chéad uair in 2009 nuair a tháinig laghdú 30 % i gcoinne an euro le linn na 15 mhí roimhe sin agus nuair a tháinig méadú gasta ar na heasnaimh ina buiséad agus ina cuntas reatha i ngeall ar an ngéarchéim airgeadais.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2009/459/CE ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach ón gComhphobal don Rómáin (IO L 150, 13.6.2009, lgh. 8-10)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/459/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2011/288/AE ón gComhairle an 12 Bealtaine 2011 lena soláthraítear cúnamh airgeadais réamhchúraim ó AE don Rómáin (IO L 132, 19.5.2011, lgh. 15-17)

Cinneadh 2013/531/AE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena soláthraítear cúnamh airgeadais réamhchúraim ón Aontas don Rómáin (IO L 286, 29.10.2013, lgh. 1-3)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lgh. 1-3).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 30.01.2017

Barr