Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012L0030

    Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta (CPTanna) - scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a chosaint

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí maidir le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

    Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta (CPTanna) - scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a chosaint

    Le Treoir 2012/30/AE an Aontais Eorpaigh (AE) cuirtear ar chomhréim i ngach Ballstát den AE na rialacha maidir le cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a chur ar bun agus a fheidhmiú.

    ACHT

    Treoir 2012/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhordú coimircí, coimircí arna n-éileamh ag Ballstáit ar chuideachtaí, chun leasanna ball agus daoine eile a chosaint, de réir bhrí an dara alt d’Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i leith cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a fhoirmiú agus a gcaipiteal a chothú agus a athrú, chun coimircí dá leithéid a dhéanamh coibhéiseach (Athmhúnlú) (an dara treoir maidir le dlí na gcuideachtaí roimhe seo).

    ACHOIMRE

    Leis an treoir seo féachtar le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithede chuid cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a chosaint, trí bhíthin rialacha náisiúnta a chomhordú maidir le cuideachtaí a chruthú agus a fheidhmiú agus maidir le caipiteal na gcuideachtaí a mhéadú nó a laghdú.

    Ar an chéad dul síos, sainítear sa treoir na cineálacha cuideachtaí a chumhdaítear - a bhfuil ainmneacha éagsúla orthu sna Ballstáit éagsúla.

    Eisceachtaí maidir leis an treoir seo

    Tá cead ag rialtais náisiúnta cuideachtaí infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach acu agus cineálacha áirithe comharchumann a dhíolmhú.

    Rialacha caighdeánacha faoin treoir

    • 1

      Íos-riachtanais eolais.

    Ba chóir go mbeadh an t-eolas seo a leanas sna reachtanna nó in ionstraim chorpraithe de chuid cuideachta poiblí faoi dhliteanas teoranta (CPT):

    • cineál agus ainm na cuideachta;
    • cuspóirí na cuideachta;
    • an méid caipitil atá ag an chuideachta;
    • rialacha lena rialaítear ceapachán na mball, a bheidh freagrach as an chuideachta a bhainistiú, a fheidhmiú agus a mhaoirsiú;
    • ré na cuideachta.

    Ní mór go bhfoilseofaíaon eolas eile sna reachtanna, san ionstraim chorpraithe nó i ndoiciméad ar leith, lena n-áirítear:

    • an oifig chláraithe
    • luach, líon agus foirm na scaireanna suibscríofa (eisithe ag an chuideachta);
    • méid an chaipitil shuibscríofa (eisithe ag an chuideachta);
    • aitheantas na ndaoine a shíníonn an ionstraim chorpraithe nó na reachtanna;
    • méid iomlán na gcostas go léir atá iníoctha ag an chuideachta nó atá inmhuirearaithe uirthi.
    • 2

      Caighdeáin eile ar fud an AE, a chumhdaíonn:

    • an caipiteal íosta atá riachtanach chun CPT a chlárú - EUR 25 000. Déanfar scrúdú ar an tsuim íosta seo agus d’fhéadfaí athrú a dhéanamh uirthi gach 5 bliana bunaithe ar threochtaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta an AE
    • scaireanna a eisiúint agus a fháil
    • díbhinní a dháileadh
    • an chabhair airgeadais a thugann cuideachtaí chun scaireanna a fháil
    • caipiteal a mhéadú agus a laghdú - go háirithe le cinntiú go ráthaíonn dlíthe náisiúnta go gcaitear go cothrom le gach scairshealbhóir lena mbaineann an stádas céanna agus go gcosnaítear creidiúnaithe a mbíonn éilimh acu roimh cinneadh a dhéanamh maidir le laghdú
    • CPT a scaoileadh.

    Leis an treoir seo, cuirtear teorainn chomh maith le CPT a bheith in ann a scaireanna féin a fháil.

    Leis an treoir seo, aisghairtear agus athmhúnlaítear an dara treoir maidir le dlí na gcuideachtaí (Treoir 77/91/LEE), arna leasú go mór ó 1979 i leith.

    TAGAIRTÍ

    Acht

    Teacht i bhfeidhm

    Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    Treoir 2012/30/AE

    4.12.2012

    -

    IO L 315, 14.11.2012, lch. 74

    Nuashonraithe 21.03.2014

    Barr