Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32006R1987

    An dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (CFS II)

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Córas faisnéise Schengen neartaithe' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

    An dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (CFS II)

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 — Córas Faisnéise Schengen (CFS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid

    Cinneadh 2007/533/CGB — an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (CFS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid

    CAD IAD NA HAIDHMEANNA LEIS AN RIALACHÁN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

    • Leis an rialachán agus leis an gcinneadh soláthraítear an bonn dlíthiúil le haghaidh CFS II ina bhfuil foláirimh* oifigiúla maidir le daoine aonair agus maidir le réada. Leagtar amach leo ailtireacht an chórais agus freagrachtaí agus cearta na ndaoine lena mbaineann.
    • Cumhdaítear sa rialachán iontráil in AE le haghaidh náisiúnaigh neamh-AE agus próiseáil foláireamh maidir le náisiúnaigh neamh-AE.
    • Cumhdaítear sa chinneadh foláirimh maidir le daoine agus maidir le réada a bhaineann leis an gcomhar póilíneachta agus leis an gcomhar coiriúil breithiúnach.
    • Cé go bhfuil dhá bhonn reachtacha le CFS II, oibrítear é mar chóras faisnéise aonair. Tá a lán de na hairteagail sa rialachán agus sa chinneadh mar an gcéanna.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Ailtireacht Cuimsítear an méid seo a leanas sa CFS II.

    • Lárchóras (CFS II Láir) ina bhfuil:
      • feidhm tacaíochta teicniúla agus riaracháin (LC-CFS) lena bhfuil bunachar sonraí (bunachar sonraí CFS II) atá lonnaithe in Strasbourg agus cúltaca, i gcás go dteipfeadh ar an gcóras, gar do Salzburg (an Ostair);
      • comhéadan náisiúnta aonfhoirmeach (CN-CFS).
    • Córas náisiúnta (CFS II N) i ngach tír i limistéar Schengen ina ndéantar sonraí a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach agus trína ndéantar cumarsáid le Lárchóras CFS II.
    • Bonneagar cumarsáide idir LC-CFS agus CN-CFS lena soláthraítear líonra fíorúil criptithe.

    Costais

    • Íoctar as buiséad AE na costais a bhaineann le CFS II Láir agus leis an mbonneagar cumarsáide a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil.
    • Íocann tíortha limistéar Schengen na costais a bhaineann le gach CFS II N a bhunú, a oibriú agus a chothabháil.

    Rialacha nós imeachta

    • Sula n–eiseoidh siad foláireamh, ní mór do thíortha AE a chinneadh cibé an bhfuil an cás dóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor chun iontráil in CFS II a thuilleamh.
    • Ní chuimsítear sa CFS II ach na catagóirí sonraí a theastaíonn chun an aidhm shonrach leis an bhfoláireamh a bhaint amach. Áirítear leo sin míreanna amhail ainm, inscne, áit bhreithe agus dáta breithe duine, grianghraif, méarloirg agus an chúis leis an bhfoláireamh.
    • Ní mór do na ghrianghraif agus do na méarloirg seiceáil speisialta cháilíochta a shásamh lena áirithiú go gcomhlíonann siad íoschaighdeáin um cháilíocht sonraí.
    • Níor cheart foláirimh maidir le daoine agus réada a choinneáil ach ar feadh an ama is gá chun a gcuspóir a bhaint amach.
    • Déantar foláirimh maidir le daoine a scriosadh i ndiaidh 3 bliana mura gcinneann an tír eisiúna, i ndiaidh di athbhreithniú a dhéanamh, é a shíneadh.
    • Féadfar foláirimh maidir le réada, amhail feithiclí, báid, aerárthaí agus coimeádáin a choinneáil ar feadh suas le 5 bliana agus féadfar na réada sin atá le hurghabháil nó le húsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla a choinneáil ar feadh suas le 10 mbliana — féadfar iad ar fad a shíneadh.
    • Na bearta a dhéanfar chun mearbhall a sheachaint nó chun cásanna d’aitheantas ar baineadh mí-úsáid as a cheartú.
    • Ní aistreofar sonraí a phróiseáiltear sa CFS II chuig tíortha neamh-AE nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ní chuirfear na sonraí sin ar fáil dóibh.
    • Má mheasann tír nach n–oireann an gníomh atá le déanamh mar fhreagairt ar fholáireamh dá dlí náisiúnta, féadfaidh sí a léiriú nach ndéanfaidh gníomh ar bith ar a críoch trí bhratach a chur leis an bhfoláireamh.

    Catagóirí foláirimh

    Cumhdaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 foláirimh (agus na coinníollacha a ghabhann leo) maidir le saoránaigh neamh-AE chun a n–iontráil nó a bhfanacht a dhiúltú ar na forais go mbaineann bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil náisiúnta leo. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás go mbaineann an méid seo a leanas leis an duine aonair:

    • ciontaíodh é nó í i gcion i dtír AE as cion a ngabhann téarma príosúnachta 1 bhliain ar a laghad leis;
    • ceaptar go ndearna sé nó sí cion coiriúil tromchúiseach, nó go bhfuil sé beartaithe aige nó aici cion coiriúil tromchúiseach a dhéanamh;
    • cuireadh é nó í faoi réir ordú díbeartha, diúltú ligean isteach nó ordú aistrithe atá fós i bhfeidhm.

    Le Cinneadh 2007/533/JHA leagtar amach na foláirimh a úsáidtear chun tacú le comhar oibriúcháin idir na póilíní agus na húdaráis bhreithiúnacha i gcúrsaí coiriúla agus na nósanna ábhartha atá le cur isteach agus gníomhú dá réir. Cumhdaítear an méid seo a leanas iontu:

    • daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena n–eiseachadadh, nó lena ngabháil chun críocha géillte ar bhonn barántas gabhála Eorpach;
    • daoine atá ar iarraidh ar gá iad a chur faoi chosaint agus/nó nach mór an áit a bhfuil siad a fháil amach;
    • daoine, amhail finnéithe nó duine a bhfuil toghairm á seirbheáil orthu nó a bhfuiltear á lorg chun cúnamh a thabhairt le himeacht breithiúnach;
    • daoine nó feithiclí, báid, aerárthaí agus coimeádáin a lorgaítear le haghaidh seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha chun cionta coiriúla a ionchúiseamh nó bagairtí ar an tslándáil phoiblí a chosc agus, i gcás na réad, i gcás gur léir go mbaineann siad le cionta coiriúla tromchúiseacha;
    • réada (amhail mótarfheithiclí, leantóirí, airm thine, doiciméid oifigiúla bhána, páipéir aitheantais agus nótaí bainc) a lorgaítear lena ngabháil nó lena n–úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla.

    Leis an gcinneadh go sonrach is féidir sonraí (uimhir, tír eisiúna agus cineál an doiciméid) maidir le pasanna goidte, mí-leithghafa, caillte nó neamhbhailí a mhalartú le baill Interpol.

    Tá rochtain ag na heintitis seo a leanas ar shonraí sa CFS II:

    • Údaráis náisiúnta atá freagrach as:
      • rialuithe teorann;
      • seiceálacha na bpóilíní agus seiceálacha custaim;
      • ionchúisimh phoiblí in imeachtaí coiriúla agus i bhfiosrúcháin bhreithiúnacha sula ndéanfar cúiseamh;
      • údaráis víosaí agus ceadanna cónaithe.
    • Féadfaidh an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) cuardach a dhéanamh go díreach ar shonraí, ach chun an fhaisnéis a gheofar sa chuardach sin a úsáid teastaíonn toiliú na tíre de chuid limistéar Schengen lena mbaineann.
    • Baill náisiúnta Eurojust agus a chúntóirí, ach ní baill foirne Eurojust féin. Ní fhéadfaidh úsáideoirí ach na sonraí a theastaíonn uathu lena sainchúraimí a chur i gcrích a rochtain.

    Freagrachtaí

    Déanann gach tír de chuid limistéar Schengen an méid seo a leanas.

    • A CFS II N agus a cheangal leis an lárchóras a chur ar bun, a oibriú agus a chothabháil.
    • Údarás a ainmniú mar an oifig náisiúnta CFS II (Oifig CFS II N). Beidh an fhreagracht lárnach aige sin as a thionscadal náisiúnta CFS II agus as oibriú rianúil agus slándáil a chórais náisiúnta.
    • Údaráis náisiúnta, an Biúró Sirene a cheapadh, chun malartú faisnéise forlíontaí* a áirithiú trí úsáid a bhaint as an mbonneagar cumarsáide. Déanann an biúró fíorú cháilíocht na faisnéise a iontráiltear in CFS II a chomhordú.
    • Na prótacail agus nósanna imeachta teicniúla a chur i bhfeidhm lena n–áireofar comhoiriúnacht a CFS II N le LC-CFS chun seoladh pras agus éifeachtach na sonraí a áirithiú.
    • Tá sé freagrach as a áirithiú go bhfuil na sonraí beacht, cothrom le dáta agus go ndearna iad a iontráil go dleathach sa CFS II. Ní fhéadfaidh sé ach na sonraí a d’iontráil sé a athrú, cur leo, a nuashonrú nó a scriosadh.
    • Plean slándála a ghlacadh chun sonraí a chosaint agus rochtain neamhúdaraithe a chosc.
    • A rialacha um rúndacht ghairmiúil agus rúndacht a chur i bhfeidhm;
    • Gach malartú sonraí pearsanta laistigh de LC-CFS a thaifeadadh ina CFS II N nuair nach bhfuil a cóipeanna náisiúnta á n–úsáid aici.
    • A áirithiú go gcloíonn gach údarás atá i dteideal an CFS II a rochtain leis an rialachán agus leis an gcinneadh.
    • Oiliúint riachtanach maidir le rialacha slándála agus cosanta sonraí a sholáthar dá baill foirne.
    • Beidh sí freagrach as dochar ar bith a dhéanfar do dhuine aonair trí úsáid an CFS II N.
    • A áirithiú go gcuirfear mí-úsáid sonraí ar bith a iontrálfar sa CFS II, nó malartú faisnéise forlíontaí ar bith faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

    údarás bainistíochta (eu-LISA) freagrach as:

    • bainistíocht oibriúcháin CFS II Láir ionas go bhfeidhmeoidh sé 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain;
    • an bonneagar cumarsáide (a mhaoirseacht, slándáil agus comhordú an chaidrimh le tíortha AE);
    • plean slándála, lena n–áiritear bearta teagmhasacha, chun sonraí agus bonneagar criticiúil a chosaint agus rochtain nó úsáid neamhúdaraithe a chosc (déanann an Coimisiún an rud céanna don bhonneagar cumarsáide);
    • rialacha iomchuí um rúndacht ghairmiúil agus rúndacht a chur i bhfeidhm.
    • gach rochtain ar shonraí pearsanta agus gach malartú sonraí pearsanta laistigh de LC-CFS a thaifeadadh;
    • nósanna imeachta maidir le monatóireacht a dhéanamh ar CFS II maidir le haschur, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht na seirbhíse;
    • staidreamh bliantúil a fhoilsiú maidir le catagóirí na bhfoláireamh agus maidir le chomh minic agus a dhéanann tíortha AE CFS II a rochtain.

    Cosaint sonraí

    • Tá cosc ar phróiseáil catagóirí íogaire sonraí (bunús ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnachta, ballraíocht i gceardchumann, sláine nó saol gnéis).
    • Tá an ceart ag duine aonair go gceartófaí nó go scriosfaí sonraí fúthu atá míchruinn ó thaobh na bhfíricí de má bhíonn siad stóráilte go neamhdhleathach agus go gcuirfí an beart a rinneadh in iúl dóibh.
    • Ní chuirfear faisnéis atá riachtanach le haghaidh caingean dlí nó le haghaidh cearta agus saoirsí tríú páirtithe a chosaint in iúl don ábhar sonraí*.
    • Féadfaidh duine aonair caingean dlí a thionscnamh chun faisnéis a rochtain, a cheartú, a scriosadh nó a fháil nó cúiteamh a fháil maidir le foláireamh a bhaineann leo.
    • Déanann údaráis mhaoirseachta náisiúnta monatóireacht ar dhlíthiúlacht agus ar tharchur sonraí pearsanta CFS II agus faisnéise forlíontaí ina gcríoch. Déanann siad iniúchadh gach 4 bliana ar a laghad.
    • Seiceálann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) gníomhaíochtaí próiseála sonraí an údaráis bhainistíochta agus áirithíonn sé go ndéanfar iniúchadh gach 4 bliana ar a laghad. Seoltar an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an údarás bainistíochta, chuig an gCoimisiún agus chuig údaráis mhaoirseachta náisiúnta.
    • Comhoibríonn na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus MECS go dlúth lena chéile, malartaíonn siad faisnéis ábhartha agus tagann siad le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad.
    • Leagtar síos i gCinneadh 2007/533/CGB go bhfuil sonraí a phróiseáiltear faoina chuimsiú clúdaithe i gComhdháil 1981 Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN AGUS AN CHINNIDH?

    Tá an rialachán i bhfeidhm ón 17 Eanáir 2007.

    Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 28 Lúnasa 2007.

    CÚLRA

    Athbhreithniú ar chreat dlíthiúil CFS II

    Ar an 19 Samhain 2018 ghlac an Chomhairle trí rialachán maidir le húsáid Chóras Faisnéise Schengen a thiocfaidh in ionad an rialacháin agus an chinnidh reatha de réir a chéile chun dul i ngleic le heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith sa chóras agus roinnt athruithe riachtanacha a thabhairt isteach maidir leis na cineálacha foláirimh a chuirtear isteach (féach an achoimre ar Córas Faisnéise Schengen neartaithe, Córas Faisnéise Schengen). Cuirfidh sé sin leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus in aghaidh na coiriúlachta tromchúisí, rud a áireoidh ardleibhéal slándála ar fud AE, agus a chuideoidh leis an imirce a bhainistiú.

    Cuimsítear sa chreat dlíthiúil úr na rialacháin:

    • sa réimse um chomhar póilíneachta agus um chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (Rialachán 2018/1862);
    • sa réimse um sheiceálacha teorann (Rialachán 2018/1861);
    • maidir le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (Rialachán 2018/1860).

    Leis na rialacháin úra, a chuirfear i bhfeidhm de réir a chéile go dtí mí na Nollag 2021, tugtar isteach catagóirí foláireamh sa chóras, amhail:

    • foláirimh a eisítear chun críocha seiceálacha fiosrúcháin, céim idirthréimhseach idir na seiceálacha discréideacha agus na seiceálacha sonracha, lenar féidir agallamh a chur ar dhaoine aonair;
    • foláirimh maidir le hamhrastaigh anaithnide nó daoine a bhfuiltear sa tóir orthu, lena ndéantar soláthar i leith méarloirg nó loirg a fhaightear ag láithreacha coireanna tromchúiseacha nó teagmhais sceimhlitheoireachta agus a mheastar gur le coireach iad a thabhairt isteach sa CFS;
    • foláirimh choisctheacha do leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe ag tuismitheoir, chomh maith le leanaí agus daoine leochaileacha ar gá iad a chosc ó bheith ag taisteal dá gcosaint féin (mar shampla, i gcás go bhféadfadh pósadh éigeantais; ciorrú ball giniúna ban nó gáinneáil ar dhaoine a bheith mar thoradh ar an taisteal);
    • foláireamh chun críocha fillte, foláireamh i ndáil le cinntí um fhilleadh arna n–eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach, agus ar an tslí sin feabhas a chur ar an malartú faisnéise i ndáil le cinntí um fhilleadh.

    Déantar an liosta réad ar féidir foláirimh a eisiúint ina leith a leathnú chomh maith, lena n–áirítear doiciméid bhréige agus réad ardluacha in-sainaitheanta, chomh maith le trealamh TF.

    Lena chois sin, beidh tabhairt isteach foláireamh sa chóras CFS maidir le toirmisc iontrála do náisiúnaigh tríú tíortha éigeantach.

    Leis na rialacháin tugtar isteach an deis chun úsáid a bhaint as íomhánna aghaidhe chun críocha aitheantais, go háirithe chun comhsheasmhacht i nósanna imeachta um rialú teorann a áirithiú. Féadfar próifíl DNA a chur san áireamh leis chomh maith chun aitheantas daoine a bhfuiltear sa tóir orthu a éascú i gcásanna nach bhfuil sonraí, grianghraif nó íomhánna aghaidh ar fáil nó nach bhfuil siad oiriúnach chun críocha aitheantais.

    Tá Europol ábalta gach catagóir sonraí sa CFS a rochtain agus faisnéis fhorlíontach a mhalartú le Biúró náisiúnta Sirene AE. Lean chois sin, ní mór do thíortha AE Europol a chur ar an eolas faoi amais ar bith nuair atá duine á lorg i ndáil le cion sceimhlitheoireachta. Chun na críocha atá leagtha amach ina sainordú, beidh rochtain ag an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ar na catagóirí foláirimh sa CFS chomh maith.

    Tuilleadh faisnéise

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Foláireamh: Tacar sonraí lenar féidir le húdaráis duine nó réad a aithint agus gníomhú dá réir sin.
    Faisnéis fhorlíontach: Faisnéis nach bhfuil ina cuid de shonraí an fholáirimh sa CFS, ach atá bainteach leo.
    Ábhar sonraí: duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta.

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid (CFS II) (IO L 381, 28.12.2006, lgh. 4-23)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lgh. 63-84)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99-137)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 1-13)

    Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 14-55)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56-106)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1345 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2016 maidir le caighdeáin íosta um cháilíochta sonraí le haghaidh taifid mhéarlorg laistigh den dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (CFS II) (IO L 213, 6.8.2016, lgh. 15-20)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/115/AE ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2013 maidir le Lámhleabhar Sirene agus bearta cur chun feidhme eile don dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (CFS II) (IO L 71, 14.3.2013, lgh. 1-36)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lgh. 1-17)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh 2007/171/CE ón gCoimisiún an 16 Márta 2007 lena leagtar síos na ceanglais líonra le haghaidh Chóras Faisnéise Schengen II (3ú colún) (IO L 79, 20.3.2007, lgh. 29-37)

    Nuashonraithe 28.12.2020

    Barr