This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 31978D0923
An Coinbhinsiún Eorpach maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta
An Coinbhinsiún Eorpach maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta
Is é is cuspóir leis an gcoinbhinsiún seo, a síníodh faoi choimirce Chomhairle na hEorpa, comhchaighdeáin íosta a leagan síos le haghaidh cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta sna tíortha sínithe.
Rinneadh an coinbhinsiún a leasú sa bhliain 1992 leis an bprótacal leasaitheach.
Deimhníodh tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta agus an Phrótacail leasaithigh a ghabhann leis le Cinneadh 78/923/CEE agus Cinneadh 92/583/CEE faoi seach.
Baineann an coinbhinsiún seo le hainmhithe a thógtar nó a choinnítear chun bia, olann, craiceann nó fionnadh a tháirgeadh nó chun críocha eile feirmeoireachta, lena n–áirítear ainmnithe atá mar thoradh ar an modhnú géiniteach nó ar mheascáin ghéiniteacha nua. Baineann sé le hainmhithe a choinnítear i gcórais diantógála stoic, ach go háirithe.
Is é is aidhm leis an gcoinbhinsiún ainmhithe feirme a chosaint ar aon fhulaingt nó díobháil gan ghá mar thoradh ar a dtithíocht, an bheatha a thugtar dóibh nó an cúram a fhaigheann siad. D’fhonn an chuspóir sin a bhaint amach, ní mór do na tíortha a shínigh an coinbhinsiún rialacha sonracha maidir le, i measc nithe eile, háitreabh feirme (spás agus an timpeallacht), beatha, sláinte na n–ainmhithe agus an eagraíocht cigireachtaí ar na suiteálacha teicniúla a úsáidtear i gcórais diantógála stoic nua–aimseartha, a chomhlíonadh.
Cruthaítear Buanchoiste leis an gcoinbhinsiún chun monatóireacht a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coiste moltaí do na tíorthasínithe a dhréachtú agus a ghlacadh.
Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 10 Meán Fómhair 1978.
An Coinbhinsiún Eorpach maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta (IO L 323, 17.11.1978, lgh. 14-22)
Prótacal leasaitheach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta (IO L 395, 31.12.1992, lgh. 22-24)
Cinneadh 78/923/CEE ón gComhairle an 19 Meitheamh 1978 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta (IO L 323, 17.11.1978, lgh. 12-13)
Cinneadh 92/583/CEE ón gComhairle an 14 Nollaig 1992 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail leasaithigh a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach ar Chosaint Ainmhithe a choinnítear Chun Críocha Feirmeoireachta (IO L 395, 31.12.1992, lch. 21)
Treoir 2008/119/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos íoschaighdeáin maidir le cosaint laonna (Leagan códaithe) (IO L 10, 15.1.2009, lgh. 7-13)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/119/CE ón gComhairle a chorprú sa bhunthéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2008/120/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos íoschaighdeáin maidir le cosaint muc (Leagan códaithe) (IO L 47, 18.2.2009, lgh. 5-13)
Féach leagan comhdhlúite.
Treoir 1999/74/CE ón gComhairle an 19 Iúil 1999 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun béaróga a chosaint (IO L 203, 3.8.1999, lgh. 53-57)
Féach leagan comhdhlúite.
Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críocha feirmeoireachta (IO L 221, 8.8.1998, lgh. 23-27)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 04.06.2020