Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02019R2020-20210901

    Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh — foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leith

    Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh — foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leith

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2019/2020 maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leith

    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/2015 maidir le lipéadú fuinnimh foinsí solais

    CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

    • Le Rialachán (AE) 2019/2020 bunaítear ceanglais éicidhearthóireachta* maidir le díol agus cur i seirbhís foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leith. Aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 244/2009, Rialachán (CE) Uimh. 245/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1194/2012.
    • Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 leagtar síos rialacha maidir le lipéadú fuinnimh foinsí solais. Forlíontar leis Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le lipéadú fuinnimh agus aisghairtear leis Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Is éard is foinse solais ann ná táirge a oibrítear go leictreach a cheaptar chun solas a astú, nó atá ábalta solas a astú, ag baint úsáid as díluchtú ard-déine gealbhruthaíola, fluaraiseachta, nó dé-óidí astaithe solais neamhorgánacha nó orgánacha agus áirítear leis foinsí solais sóidiam ardbhrú.

    Is éard is gléas rialaithe ann gléasanna a oibrítear le foinsí solais chun príomhlíonra a ullmhú le haghaidh riachtanas leictreachais na foinse solais. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh sé sin leis an soláthar agus an voltas tosaigh a chlaochlú, an soláthar sruthanna a theorannú, tosú fuar a sheachaint, an fachtóir cumhachta a cheartú nó trasnaíocht raidió a laghdú. Ní áirítear leis soláthairtí cumhachta.

    Rialachán (AE) 2019/2020:

    • leagtar síos in Iarscríbhinn II an dáta (1 Meán Fómhair 2021) a thiocfaidh na ceanglais éicidhearthóireachta i bhfeidhm, ina gcumhdaítear
      • éifeachtúlacht fuinnimh
      • riachtanais feidhmeanna
      • faisnéis agus lipéadú le haghaidh gairmithe agus úsáideoirí deiridh;
    • leagtar amach díolúintí in Iarscríbhinn III maidir le foinsí solais agus gléas rialaithe a dearadh go sonrach chun oibriú
      • in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach
      • in úsáid éigeandála
      • i suiteálacha raideolaíocha agus i suiteálacha míochaine núicléacha
      • i mbunáiteanna míleata nó cosanta sibhialta nó orthu, i dtrealamh, i bhfeithiclí talún, i dtrealamh muirí nó in aerárthaí
      • i mótarfheithiclí, ina leantóirí, ina gcórais, ina dtrealamh ar tarraingt, ina gcomhpháirteanna agus ina n–aonaid theicniúla ar leith nó orthu.
      • in innealra soghluaiste bóthair nó eisbhóthair nó air
      • i dtrealamh áirithe a cheaptar lena tharraingt nó air
      • in aerárthaí eitlíochta sibhialta nó orthu
      • i soilsiú feithiclí iarnróid
      • i dtrealamh muirí
      • i bhfeistí leighis;
    • leagtar amach díolúintí breise, amhail
      • taispeáintí leictreonacha (e.g. teilifísí, monatóirí ríomhaire, leabhair nótaí, táibléid, gutháin phóca agus consóil chluichí)
      • foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leith i dtáirgí a oibríonn ar chadhnra, lena n-áirítear tóirsí, gutháin phóca ina bhfuil tóirse comhtháite, bréagáin lena n-áirítear foinsí solais, agus lampaí deisce a oibríonn ar chadhnraí amháin
      • foinsí solais le haghaidh feidhmeanna speictreascópachta agus fótaiméadracha
      • foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leith ar rothaí agus ar fheithiclí eile gan inneall
      • foinsí solais áirithe atá liostaithe in Iarscríbhinn III, nach gcaithfidh ach na ceanglais faisnéise sa rialachán a chomhlíonadh.

    Ní mór do na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.

    Ní mór tástáil seasmhachta a dhéanamh ar fhoinsí solais dé-óidí astaithe solais neamhorgánacha nó orgánacha lena gcoinneáil lúmain agus lena dtoisc mharthanachta a dheimhniú.

    Leagtar amach in Iarscríbhinn VI tagarmharcanna maidir leis na gnéithe comhshaoil a meastar iad a bheith suntasach agus inchainníochtaithe, bunaithe ar an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil.

    Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil atá déanta le 5 bliana ó tháinig sé i bhfeidhm agus measúnú a dhéanamh ar roinnt gnéithe ó shin.

    Faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/2015:

    • Ní mór do sholáthraithe foinsí solais an méid seo a leanas a áirithiú:
      • go mbeidh lipéad priontáilte ar phacáistiú gach foinse solais, san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III;
      • go ndéanfar paraiméadair bhileog faisnéise an táirge agus ábhar na doiciméad teicniúil, arna leagan amach in Iarscríbhinn V agus in Iarscríbhinn VI, a iontráil i mbunachar sonraí an táirge;
      • ar iarratas ó dhéileálaithe, go gcuirfear bileoga faisnéise an táirge ar fáil i bhfoirm phriontáilte;
      • go mbeidh aicme éifeachtúlachta fuinnimh na samhla foinse solais agus raon na n–aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, ar fhógraíocht amhairc nó ar ábhar teicniúil cur chun cinn ar bith, lena n–áirítear ábhar teicniúil cur chun cinn ar an idirlíon, de réir Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn VIII;
      • go gcuirfear lipéad leictreonach san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, agus go bhfuil fhaisnéis arna leagan amach in Iarscríbhinn III, ar fáil do dhéileálaithe do gach samhail foinse solais;
      • go gcuirtear bileog leictreonach faisnéise táirge, arna leagan amach in Iarscríbhinn V, ar fáil do dhéileálaithe do gach samhail foinse solais;
      • ar iarratas ó dhéileálaithe, go gcuirfear lipéid táirge athscálaithe* go gcuirfear lipéid táirge ar fáil mar ghreamán den mhéid céanna atá air cheana.
    • Ní mór do dhéileálaithe an méid seo a leanas a áirithiú:
      • ag an bpointe díola, go mbeidh lipéad na haicme fuinnimh a bheidh le feiceáil go soiléir, arna sholáthar ag soláthraithe, ar gach foinse solais;
      • i gcás ciandíola, go soláthrófar an lipéad agus bileog faisnéise an táirge;
      • go mbeidh aicme éifeachtúlachta fuinnimh na samhla foinse solais agus raon na n–aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil ar an lipéad, ar fhógraíocht amhairc nó ábhar teicniúil cur chun cinn ar bith, lena n–áirítear ábhar teicniúil cur chun cinn ar an idirlíon;
      • go mbeidh na lipéid atá ar fhoinsí solais cheana ag na pointí díola cumhdaithe leis na lipéid athscálaithe, 18 mí ar a dhéanaí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm an rialacháin.
    • I gcás go gceadaíonn soláthraí seirbhíse óstála idirlín na foinsí solais a dhíol trína láithreán gréasáin, ní mór don soláthraí seirbhíse an lipéad leictreonach agus bileog leictreonach faisnéise an táirge a sholáthair an déileálaí a thaispeáint agus an déileálaí a chur ar an eolas faoina oibleagáid iad a thaispeáint.
    • Leasaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340 Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 trí:
      • an sainmhíniú ar tháirge foinse solais* a athrú;
      • a cheangal go ndéanfar luachanna na bparaiméadar atá ar bhileog faisnéise an táirge, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2019/2015, a iontráil sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí (beidh feidhm aige ón 1 Márta 2022);
      • a cheadú do dhéileálaithe, arna iarraidh sin, lipéid chlóite a úsáid chun táirgí a athscálú i bhfoirm greamáin, den mhéid céanna leis an gceann atá air cheana;
      • a cheadú do sholáthraithe, agus foinse solais á chur acu ar an margadh acu, é a sholáthar leis an lipéad atá air cheana go dtí an 31 Lúnasa 2021 agus leis an lipéad athscálaithe ón 1 Meán Fómhair 2021 — féadfaidh an soláthraí a roghnú cheana foinsí solais a cuireadh ar an margadh le linn na tréimhse ón 1 Iúil go 31 Lúnasa 2021 leis an lipéad athscálaithe a sholáthar, murar cuireadh aon fhoinsí solais a bhain leis an tsamhail chéanna nó samhlacha coibhéiseacha ar an margadh roimh an 1 Iúil 2021: sa chás sin, ní ceadmhach don déileálaí na foinsí solais sin a thairiscint lena ndíol roimh an 1 Meán Fómhair 2021;
      • a cheadú go gcuirfear na lipéid athscálaithe in ionad lipéad atá ar fhoinsí solais ceana ag pointí díola ar bhealach ina gclúdófar an lipéad atá ann cheana, lena n-áirítear i gcás go bhfuil sé priontáilte ar an bpacáiste nó greamaithe den phacáiste, laistigh de 18 mí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE ) 2019/2015, agus ní thaispeántar lipéid athscálaithe roimh an dáta sin.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

    Tá an dá rialachán i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2021.

    CÚLRA

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Éicidhearthóireacht: beartas chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí a fheabhsú, trí dhearadh níos fearr ar feadh a saolré, go háirithe a n-éifeachtúlacht fuinnimh.
    Lipéid táirge athscálaithe: lipéid éifeachtúlachta fuinnimh a athaicmíodh, ionas go gcuirfí na haicmí “A” go “G” in ionad na n-aicmí “A+++” go “G” a bhíodh ar tháirgí roimh seo chun an líon ard de na haicmí éifeachtúlachta fuinnimh a chothromú.
    Táirge foinse solais: táirge ina bhfuil foinse solais amháin nó níos mó, gléas rialaithe ar leithligh nó an dá rud. Is iad samplaí de tháirgí foinse solais soilse ar féidir iad a bhaint as a chéile chun go bhféadfar deimhniú ar leithligh a dhéanamh ar an bhfoinse solais nó ar na foinsí solais atá sa táirge, fearais tí ina bhfuil foinse solais nó foinsí solais, troscán (seilfeanna, scátháin, caibinéid taispeána) ina bhfuil foinse solais nó foinsí solais. Mura féidir an táirge foinse solais a bhaint as a chéile chun an fhoinse solais agus an gléas rialaithe ar leithligh a dheimhniú, measfar go bhfuil an táirge foinse solais iomlán ina fhoinse solais.

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leith de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 244/2009, Rialachán (CE) Uimh. 245/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 209-240)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/2020 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh foinsí solais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 68-101)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena mbunaítear creat i ndáil le lipéadú fuinnimh lena n–aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 1-23)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10-35)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 05.10.2021

    Barr