EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Measuring instruments and methods of metrological control — common rules
Uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadreolaíoch — rialacha coiteanna
Uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadreolaíoch — rialacha coiteanna
Uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadreolaíoch — rialacha coiteanna
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leagtar amach inti na rialacha ginearálta maidir le formheas patrúin CE (an Comhphobal Eorpach), tús-fhíorúchán agus modhanna rialaithe méadreolaíoch le haghaidh uirlisí tomhais.
Cumhdaítear na ceanglais theicniúla go mion faoi threoracha chur chun feidhme eile maidir le catagóirí éagsúla uirlisí.
Aisghairtear leis an treoir Treoir 71/316/CEE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Sula mbaintear úsáid as uirlisí tomhais, tá tíortha AE freagrach as a chinntiú go gcloíonn siad leis na ceanglais theicniúla. Baintear é sin amach trí fhormheas patrúin CE agus trí fhíorúchán, a aithnítear ar fud AE. Cumhdaítear faoin treoir:
Formheas patrúin CE
Ní mór an fhaisnéis seo a leanas bheith sna hiarratais:
Cuimsítear sa scrúdú staidéar doiciméid agus scrúdú ar shaintréithe tomhais an phatrúin faoina gcumhdaítear feidhmíocht iomlán na huirlise faoi ghnáthdhálaí úsáide.
Féadfaidh an tír a dheonaigh an formheas patrúin CE é a aistarraingt má deonaíodh go míchuí é, nó má fhaightear locht ina dhiaidh sin ar an trealamh. Ní mór di na tíortha AE eile agus an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas, agus iarracht a dhéanamh díospóidí ar bith a réiteach, i gcomhar leis an gCoimisiún nuair is gá.
I gcás go mbaintear úsáid as teicnící nua nach bhfuil cumhdaithe faoi threoir ar leith, féadfar formheas patrúin CE teoranta ar feadh suas le 2 bhliain (ar féidir é a shíneadh ar feadh suas le 3 bliana) a dheonú le srianta áirithe, lena n-áirítear srian ar líon na n-uirlisí a chumhdófar, agus srianta ar úsáid na teicníce a bheidh á húsáid.
Tús-fhíorúchán
Is ionann tús-fhíorúchán CE agus scrúdú ar uirlis nua nó athchóirithe* lena chinntiú go gcloíonn sé le formheas patrúin CE agus/nó leis na treoracha ábhartha, agus go bhfuil sé deimhnithe le marc tús-fhíorúcháin CE. Áirítear leis an scrúdú measúnú ar na saintréithe méadreolaíocha, an t-uaslíon earráidí incheadaithe, agus measúnú ar iontaofacht na tógála.
I gcás gur éirigh le huirlis sa tús-fhíorúcháin CE, i gcomhréir leis an treoir seo agus leis na treoracha mionsonraithe ar leith, cuirfidh an monaróir marc fíorúcháin CE i bhfeidhm.
Uirlisí atá á n-úsáid a sheiceáil
Cumhdaítear faoi threoracha ar leith ceanglais rialaithe maidir le huirlisí atá á n-úsáid cheana a thomhas.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm leis ón 18 Bealtaine 2009.
Is í Treoir 2009/34/CE an leagan leasaithe de Threoir 71/316/CEE — agus a leasuithe ina dhiaidh sin.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2009/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le forálacha coiteanna i leith uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadreolaíoch araon (Athmhúnlú) (IO L 106, 28.4.2009, lgh. 7-24)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2011/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leasaítear Treoracha 71/317/CEE, 71/347/CEE, 71/349/CEE, 74/148/CEE, 75/33/CEE, 76/765/CEE, 76/766/CCE agus 86/217/CEE maidir le méadreolaíocht (IO L 71, 18.3.2011, lgh. 1-3)
Nuashonraithe 08.12.2017