EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Státchabhair le haghaidh cuideachtaí iarnróid

Státchabhair le haghaidh cuideachtaí iarnróid

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Státchabhair le haghaidh gnóthais iarnróid

Airteagal 93 CFAE — comhordú i dtaobh iompair

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE?

Sna treoirlínte seo ón gCoimisiún Eorpach, déantar soiléiriú ar na rialacha atá leagtha amach i gconarthaí AE maidir le cistiú poiblí ar chuideachtaí iarnróid agus soláthraítear treoir maidir le conas a luíonn státchabhair le haghaidh cuideachtaí iarnróid leis na conarthaí AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialacha AE maidir le státchabhair

  • Tá cosc ar státchabhair lena ndéantar saobhadh ar an iomaíocht i margadh aonair AE nó is baolach a dhéanfadh saobhadh uirthi (Airteagal 107.1 CFAE).
  • Tá eisceachtaí ann, áfach, i gcás státchabhrach lena gcuirtear chun cinn forbairt gheilleagrach AE i gcoitinne (Airteagal 107.3 CFAE).
  • Is amhlaidh go bhfuil an státchabhair ag luí leis na conarthaí freisin má chomhlíonann sí riachtanais i dtaobh comhordú iompair nó más ionann í agus aisíocaíocht as ucht oibleagáidí seirbhíse poiblí áirithe a chomhlíonadh (Airteagal 93 CFAE).

Raon feidhme

Tá feidhm ag na treoirlínte maidir le cuideachtaí iarnróid mar aon le cuideachtaí iompair paisinéirí i limistéir uirbeacha, i limistéir fho-uirbeacha agus i limistéir réigiúnacha i ndáil le cabhair i dtaobh rothstoc a cheannach agus a athnuachan.

Bearta tacaíochta

Clúdaítear sna treoirlínte roinnt cineálacha éagsúla beart tacaíochta:

  • 1.

    Tacaíocht trí mheán cistiú bonneagair

    • D’fhéadfadh sé gur státchabhair atá i gceist má chuireann an cistiú bonneagair ar a gcumas do chuideachtaí tairbhe indíreach a bhaint as buntáiste trína gcuid costas a laghdú.
    • Ní mheasfar gur státchabhair atá i gceist má tá úsáid an bhonneagair arna chistiú go poiblí ar fáil do gach úsáideoir féideartha ar shlí chóir, neamh-idirdhealaitheach, agus má ghearrtar muirear ar an rochtain ar an mbonneagar sin de réir ráta atá i gcomhréir le reachtaíocht AE.
    • Fiú má mheastar go bhfuil státchabhair i gceist le maoiniú den sórt sin, d’fhéadfaí é a údarú má fhreastalaíonn an bonneagar atá i gceist ar riachtanais i dtaobh comhordú iompair.
  • 2.

    Cabhair i dtaobh rothstoc a cheannach agus a athnuachan

Déantar measúnú ar an gcineál sin tacaíochta de réir chuspóir an leasa choitinn lena gcuidíonn an chabhair. Tá rialacha leagtha síos i leith na n-aicmí cabhrach seo a leanas:

  • cabhair maidir le comhordú iompair;
  • cabhair maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar ghnóthais iarnróid atá i gcruachás;
  • cabhair do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide;
  • cabhair i ndáil le cosaint an chomhshaoil;
  • cabhair a bhaineann le hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus cabhair réigiúnach.
  • 3.

    Cealú fiachais ag stáit d’fhonn athstruchtúrú airgeadais a dhéanamh ar ghnóthais iarnróid

I gcúinsí áirithe, féadfar a mheas gurb ionann cealú fiachais agus cabhair a luíonn leis an margadh aonair má tá sé ina chuspóir leis an aistriú i dtreo margadh oscailte iarnróid a éascú, gan saobhadh míchuí a dhéanamh ar an iomaíocht agus ar an trádáil idir tíortha AE.

  • 4.

    Cabhair i dtaobh athstruchtúrú gnóthas iarnróid

Déantar comhoiriúnacht na státchabhrach le haghaidh athstruchtúrú a dhéanamh ar ghnóthais atá i gcruachás sa tionscal iarnróid a mheas ar bhonn threoirlínte na bliana 2014 maidir le cabhair i dtaobh athstruchtúrú.

  • 5.

    Cabhair i dtaobh comhordú iompair

Tá cineálacha éagsúla idirghabhálacha a d’fhéadfadh údaráis phoiblí a dhéanamh d’fhonn forbairt na hearnála iompair a threorú ar mhaithe leis an leas coiteann:

  • cabhair maidir le húsáid bonneagair;
  • cabhair i dtaobh costais sheachtracha a laghdú d’fhonn aistriú córa iompair a spreagadh ó bhóithre chuig an iarnród;
  • cabhair i dtaobh idir-inoibritheacht a chur chun cinn, agus, a mhéid a chomhlíonann sí riachtanais i dtaobh comhordú iompair, cabhair i dtaobh sábháilteacht níos fearr a chur chun cinn, bacainní teicniúla a bhaint agus truailliú ó thorann a laghdú;
  • cabhair le haghaidh taighde agus forbartha mar fhreagra ar riachtanais a bhaineann le comhordú iompair.

Leagtar amach go mion sna treoirlínte an modh chun a chinneadh cé na costais atá incháilithe, chomh maith leis na coinníollacha a d’fhágfadh go gcomhlíonfadh an chabhair sin na coinníollacha comhoiriúnachta a luaitear sna conarthaí.

  • 6.

    Ráthaíochtaí stáit do chuideachtaí iarnróid

Tá na rialacha a bhaineann le státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí, lena n-áirítear i réimse an iompair iarnróid, leagtha amach san fhógra ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE (Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE anois).

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

Teachtaireacht ón gCoimisiún — treoirlínte ón gComhphobal maidir le Státchabhair le haghaidh gnóthais iarnróid (IO C 184, 22.7.2008, lgh. 13-31)

An leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VI — Iompar — Airteagal 93 (sean-Airteagal 73 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 86)

Nuashonraithe 10.11.2016

Top