An Creat–chomhaontú Idir–réigiúnach Comhair idir an tAontas Eorpach agus Mercosur
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 1999/279/CE ón gComhairle — lena dtugtar i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an creat–chomhaontú idir–réigiúnach comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha
An Creat–chomhaontú Idir–réigiúnach Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?
- Cuirtear an comhaontú i gcrích leis an gcinneadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).
- Féachtar leis an gcomhaontú, atá bunaithe ar phrionsabail dhaonlathacha agus ar chearta bunúsacha, leis an gcaidreamh idir na páirtithe a neartú agus chun an bhunchloch a leagan le haghaidh Comhlachas Idir-réigiúnach idir AE agus an Cómhargadh Theas (Mercosur).
PRÍOMHPHOINTÍ
- Chomh maith le sraith comhaontuithe déthaobhacha, thug AE an Creat-chomhaontú Idir-réigiúnach le Mercosur i gcrích.
- Cuimsítear in Mercosur an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua.
- Clúdaítear sa chomhaontú cúrsaí trádála agus eacnamaíocha, comhar agus réimsí eile comhleasa.
- Maidir le trádáil, tá idirphlé rialta maidir le cúrsaí trádála agus eacnamaíocha ceaptha chun ullmhú le haghaidh léirscaoileadh cómhalartach trádála de réir a chéile, agus áirítear iad seo a leanas leis na príomhréimsí comhair:
- rochtain ar an margadh, léirscaoileadh trádála agus disciplíní trádála;
- comhoiriúnacht na trádála le rialacha EDT;
- aithint táirgí íogaire agus tosaíochta;
- comhar agus malartuithe faisnéise maidir le seirbhísí.
- Cé nach bhfágtar earnáil ar bith as an gcomhar eacnamaíoch, clúdaítear an méid seo a leanas go sonrach sa chomhaontú:
- fuinneamh;
- iompar;
- teileachumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise;
- cosaint an chomhshaoil;
- eolaíocht agus teicneolaíocht;
- comhar gnó; agus
- infheistíocht a chur chun cinn.
- Áirítear ar réimsí eile comhair:
- oiliúint agus oideachas;
- cumarsáid, faisnéis agus cultúr, i gcás gurb é an aidhm comhthuiscint a chur chun cinn agus ceangail chultúrtha a neartú;
- gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac.
Maoiniú
- Comhaontaíonn na páirtithe go soláthróidh siad na hacmhainní a theastaíonn agus spreagann siad an Banc Eorpach Infheistíochta le níos mó cabhrach a thabhairt do Mercosur chun cuspóirí an chomhaontaithe a bhaint amach.
Tacaíocht institiúideach
- Tagann Comhairle Comhair a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme an chomhaontaithe le chéile go rialta ar leibhéal na n–airí.
Comhlachas Idir-réigiúnach
- Cuirtear ar bun leis an gcomhaontú plé polaitiúil rialta chun cur leis an dul chun cinn i dtreo Comhlachas Idir-réigiúnach.
- I mí an Mheithimh 2019, thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le Comhaontú Comhlachais idir na páirtithe.
DÁTA TEACHT I BHFEIDHM
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 1 Iúil 1999 agus tá tréimhse bhailí éiginnte leis.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Cinneadh 1999/279/CE ón gComhairle an 22 Márta 1999 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an chreat–chomhaontaithe idir–réigiúnaigh comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha, den pháirt eile (IO L 112, 29.4.1999, lgh. 65-84)
Creat–chomhaontú Idir–réigiúnach Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha, den pháirt eile — Dearbhú Comhpháirteach maidir le hidirphlé polaitiúil idir an tAontas Eorpach agus Mercosur (IO L 69, 19.3.1996, lgh. 4-22)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Faisnéis maidir le dáta theacht i bhfeidhm an Creat–chomhaontaithe Idir–réigiúnaigh Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha, den pháirt eile (IO L 175, 10.7.1999, lch. 62)
Nuashonraithe 06.03.2020