EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Údaruithe iascaireachta do shoithí AE agus neamh-AE

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha' for an updated information about the subject.

Údaruithe iascaireachta do shoithí AE agus neamh-AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhartha iascaireachta shoithí iascaireachta AE lasmuigh d’uiscí AE agus rochtain soithí neamh-AE ar uiscí AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tugtar isteach leis córas ginearálta AE maidir le húdarú ghníomhaíochtaí uile iascaireachta shoithí iascaireachta AE lasmuigh d’uiscí AE, agus cinntítear leis go bhfuil na rialacha maidir le rochtain shoithí neamh-AE in uiscí AE comhsheasmhach leis na rialacha a bhaineann le soithí iascaireachta AE.
  • Is é is cuspóir leis an rialachán na hoibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh a tháinig as comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha iascaigh a glacadh faoi chuimsiú na n-eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh (ERBIanna).
  • Neartaítear leis chomh maith cuspóirí an chomhbheartais iascaigh (CBI) maidir le hiascaigh inbhuanaithe, rialú agus rialacha AE maidir le dul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN).

PRÍOMHPHOINTÍ

Soithí iascaireachta AE lasmuigh d’uiscí AE

Nós imeachta

  • Ní mór d’údaráis inniúla na tíre AE ina bhfuil an soitheach iascaireachta cláraithe na hiarratais a chur chuig an gCoimisiún Eorpach go leictreonach.
  • Ní mór iad a chur nach déanaí ná 5 lá oibre roimh an spriocdháta atá sonraithe sa chomhaontú lena mbaineann nó de réir na rialach dá bhforáiltear sa chomhaontú leis an tír nach tír AE í.
  • Seiceálann an Coimisiún go bhfuil na hiarratais ar údaruithe incháilithe, agus cinntíonn sé go dtarchuirtear iarratais dá leithéid chuig an tír nach tír AE í lena mbaineann.
  • Cuireann an Coimisiún údaráis na tíre AE ábhartha ar an eolas faoi cibé ar chinn nó nár chinn an tír nach tír AE í lena mbaineann an t-údarú iascaireachta do shoitheach faoi leith a dheonú. Cuireann an tír AE úinéir an tsoithigh iascaireachta ar an eolas ansin.

Fionraí nó aistarraingt údarú iascaireachta

  • Má chinneann tír nach tír AE í údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a aistarraingt do shoitheach ar a bhfuil bratach thír AE ar foluain air, ní mór don Choimisiún é sin a chur in iúl don tír AE láithreach.
  • Ní mór don tír AE ansin an t-údarú iascaireachta a deonaíodh a chur ar fionraí ar bhonn sealadach nó a aistarraingt go buan.

Córas faisnéise AE um údaruithe iascaireachta

  • Tá an fhaisnéis a bhaineann leis na húdaruithe a eisítear i gcóras slán leictreonach faisnéise AE.
  • Ní mór do thíortha AE a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta i gcónaí.

Soithí iascaireachta tíortha nach tíortha AE iad in uiscí AE

Nós imeachta

  • Ní mór d’údaráis inniúla na tíre nach tír AE í ina bhfuil an soitheach iascaireachta cláraithe na hiarratais a chur chuig an gCoimisiún go leictreonach.
  • Seiceálann an Coimisiún go bhfuil na hiarratais ar údaruithe incháilithe. Déanann sé measúnú ansin ar na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na tír nach tír AE í agus eisíonn sé cead ar bhonn na mbeart arna nglacadh ag an gComhairle agus na rialacha atá cuimsithe sa chomhaontú lena mbaineann.
  • Cuireann an Coimisiún údaráis inniúla na tíre nach tír AE í agus údaráis inniúla thíortha an údaraithe iascaireachta a eisíodh ar an eolas.

Mainneachtain cloí leis na rialacha

  • Má thaifeadann tír AE sárú i ndáil le soitheach iascaireachta tíre nach tír AE í in uiscí AE faoin gcomhaontú lena mbaineann, ní mór di é sin a chur in iúl don Choimisiún láithreach. Sa chás sin, ní eiseofar údarú iascaireachta eile chuig na soithí iascaireachta ón tír sin nach tír AE í ar feadh tréimhse 12 mhí ar a mhéad.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 18 Samhain 2008.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhartha iascaireachta shoithí iascaireachta an Chomhphobail lasmuigh d'uiscí an Chomhphobail agus rochtain soithí tríú tíortha ar uiscí an Chomhphobail, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3317/94 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 33-44)

Nuashonraithe 05.10.2016

Top